8.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 287/76


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2120 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2022

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin agus formáidí sonraí, teimpléid agus nósanna imeachta chun faisnéis a thuairisciú faoi thionscadail a chistítear trí ardáin sluachistiúcháin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 an 7 Deireadh Fómhair 2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 16(3), an tríú fomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun go ndéanfaidh na húdaráis inniúla comhiomlánú éifeachtach agus comparáid éifeachtach ar an bhfaisnéis maidir le tionscadail sluachistiúcháin, ba cheart comhsheasmhacht a bheith sna caighdeáin agus sna formáidí a úsáideann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus an fhaisnéis sin á tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2020/1503. Dá bhrí sin, ba cheart teimpléad a leagan amach lena bhforáiltear maidir le caighdeáin choiteanna agus formáidí coiteanna chun an fhaisnéis sin a thuairisciú.

(2)

Chun go mbeidh údaráis inniúla in ann faisnéis a bhailiú go tráthúil agus í a chur faoi bhráid ESMA ina dhiaidh sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis le haghaidh bliain féilire a thuairisciú do na húdaráis inniúla tráth nach déanaí ná deireadh mhí Feabhra den bhliain dár gcionn. Chun faisnéis chuimsitheach a sholáthar d’údaráis inniúla agus do ESMA, ar faisnéis í atá riachtanach chun feabhas a chur ar chumas na n-údarás inniúil maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis éagsúla agus chun a chumasú do ESMA staitisticí iomlána a bhaineann leis an margadh sluachistiúcháin san Aontas a fhorbairt agus a fhoilsiú, ba cheart a áireamh san fhaisnéis a thuairiscíonn soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis faoi na tionscadail uile a chistítear ar ardán soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, lena n-áirítear tionscadail nár bailíodh aon airgead ina leith sa bhliain ábhartha. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a thugann siad iomlán agus cruinn.

(3)

I bhfianaise íogaireacht na faisnéise atá le tuairisciú ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ba cheart rúndacht na faisnéise arna tuairisciú a áirithiú leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis sin a thuairisciú.

(4)

Chun sainaithint chinnte éifeachtúil úinéirí tionscadail a áirithiú, ba cheart aitheantóirí a úsáidtear go coitianta a thuairisciú. I gcás inar eintiteas dlíthiúil é an t-úinéir tionscadail, ba cheart cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh ISO 17442 (LEI) an úinéara tionscadail a thuairisciú. Ós rud é nach bhfuil aon chaighdeán coiteann idirnáisiúnta ann chun daoine nádúrtha a shainaithint agus i bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar úinéirí tionscadail, ar daoine nádúrtha iad, a shainaithint go soiléir, ba cheart an t-aitheantóir a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún (2) a thuairisciú i gcás na n-úinéirí tionscadail sin. Thairis sin, chun idir-inoibritheacht sonraí a áirithiú agus chun go mbeifear in ann an fhaisnéis arna tuairisciú a fhorlíonadh le sonraí eile atá ar fáil sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2020/1503, ba cheart aitheantóir na tairisceana sluachistiúcháin arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2119 (3) a thuairisciú.

(5)

Chun a chumasú do ESMA comhiomlánú trasteorann éifeachtach a dhéanamh agus comparáid éifeachtach a dhéanamh ar fhaisnéis agus chun staitisticí a fhorbairt i ndáil leis an margadh sluachistiúcháin san Aontas, ba cheart comhsheasmhacht a bheith sna caighdeáin agus sna formáidí a úsáidtear agus faisnéis maidir le tionscadail sluachistiúcháin á soláthar ag údaráis inniúla do ESMA. Dá bhrí sin, ba cheart teimpléad a leagan amach lena bhforáiltear maidir le caighdeáin choiteanna agus formáidí coiteanna chun an fhaisnéis sin a thuairisciú. Ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis iomlán agus chruinn a sholáthar do ESMA, agus sainaithint an úinéara tionscadail á hanaithnidiú trí úsáid a bhaint as modh coiteann.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Rinne ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caighdeáin agus formáidí sonraí, teimpléid agus nósanna imeachta chun faisnéis a thuairisciú d’údaráis inniúla

1.   Áireofar san fhaisnéis a thuairiscítear de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2020/1503 na mionsonraí iomlána agus cruinne dá dtagraítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na caighdeáin agus na formáidí a shonraítear sa Tábla sin, trí úsáid a bhaint as foirm leictreonach i dteimpléad coiteann CSV nó i bhformáid mhalartach eile arna glacadh ag an údarás inniúil a bhfuil an fhaisnéis le tuairisciú dó.

2.   Áireofar sna nósanna imeachta chun faisnéis a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo sásraí chun rúndacht na faisnéise a thuairiscítear a áirithiú.

3.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú le haghaidh gach bliana féilire faoi dheireadh mhí Feabhra den bhliain féilire dár gcionn.

4.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraíteari mír 1 na mionsonraí seo a leanas:

(a)

le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, an cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh ISO 17442;

(b)

le haghaidh an úinéara tionscadail:

(i)

cód LEI, i gcás inar duine dlítheanach é an t-úinéir tionscadail;

(ii)

an t-aitheantóir a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590, i gcás inar duine nádúrtha é an t-úinéir tionscadail;

(c)

le haghaidh gach tionscadail aonair, aitheantóir na tairisceana sluachistiúcháin arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe 2022/2119.

Airteagal 2

Caighdeáin agus formáidí sonraí, teimpléid agus nósanna imeachta chun faisnéis a thuairisciú do ESMA

1.   Áireofar san fhaisnéis a thuairiscítear de bhun Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2020/1503 na mionsonraí iomlána agus cruinne dá dtagraítear i dTábla 3 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na caighdeáin agus na formáidí a shonraítear sa Tábla sin, trí úsáid a bhaint as foirm leictreonach i dteimpléad coiteann CSV.

2.   An fhaisnéis lena gceadaítear an t-úinéir tionscadail a shainaithint, déanfar í a anaithnidiú trí úsáid a bhaint as algartam cripteagrafach haiseála coiteann.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun idirbhearta a thuairisciú d’údaráis inniúla (IO L 87, 31.3.2017, lch. 449).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2119ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí. (Féach leathanach 63 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch 39).


IARSCRÍBHINN

Tábla 1

Gluais le haghaidh Tháblaí 2 agus 3

SIOMBAL

CINEÁL SONRAÍ

SAINMHÍNIÚ

{ALFA-UIMHIR-n}

Suas le n carachtar alfa-uimhriúla

Réimse saorthéacs.

{CÓD TÍRE_2}

2 charachtar alfa-uimhriúla

Cód tíre 2 litir, mar a shainítear le cód tíre alfa-2 ISO 3166-1

{CÓD_TÍRE_3}

3 charachtar alfa-uimhriúla

Cód airgeadra 3 litir, mar a shainítear le cóid airgeadra ISO 4217

{DEACHÚIL-n/m}

Uimhir dheachúlach suas le n digit san iomlán a bhféadfaidh suas le m digit di sin a bheith ina ndigití codáin

Réimse uimhriúil le haghaidh luachanna dearfacha agus diúltacha araon.

is é an deighilteoir deachúlach “.” (lánstad);

ní úsáidtear deighilteoir míle;

déantar ‘-’ (lúide) a chur roimh uimhreacha diúltacha;

déantar luachanna a chothromú agus ní chiorraítear iad.

{SLÁNUIMHIR-n}

Slánuimhir suas le n digit san iomlán

Réimse uimhriúil le haghaidh luachanna slánuimhreach dearfacha agus diúltacha araon.

ní úsáidtear deighilteoir míle;

déantar ‘-’ (lúide) a chur roimh uimhreacha diúltacha.

{LEI}

20 carachtar alfa-uimhriúil

An cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh (LEI) ISO 17442

{AITHEANTAS_NÁISIÚNTA}

35 charachtar alfa-uimhriúla

Díorthaítear an t-aitheantóir i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590.


Tábla 2

Faisnéis atá le tuairisciú do na húdaráis inniúla

N

RÉIMSE

ÁBHAR ATÁ LE TUAIRISCIÚ

FORMÁID AGUS CAIGHDEÁIN ATÁ LE HÚSÁID LE HAGHAIDH TUAIRISCITHE

1

Cód aitheantais an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin

An cód a úsáidtear chun an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin atá freagrach as an tuarascáil a chur isteach a shainaithint.

{LEI}

2

An tréimhse tuairiscithe

An bhliain a gcuirtear an tuarascáil isteach ina leith.

BBBB

Faisnéis maidir leis na tionscadail a ndearna an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin tairiscint sluachistiúcháin ina leith le linn na tréimhse tuairiscithe.

Comhlánófar réimsí 3 go 6 arís le haghaidh gach tionscadail. Má shloinntear an méid arna thiomsú i níos mó ná airgeadra amháin, comhlánófar réimsí 5 go 6 arís le haghaidh gach airgeadra faoi seach.

3

Aitheantóir na tairisceana sluachistiúcháin

Aitheantóir uathúil na tairisceana sluachistiúcháin mar a shonraítear in Airteagal 3 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2119.

{ALFA-UIMHIR-28}

4

Earnáil

Earnáil an tionscadail mar a shonraítear sa chéad leibhéal aicmiúcháin a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

{ALFA-UIMHIR-1}

5

An méid arna thiomsú

An méid arna thiomsú le haghaidh an tionscadail.

An fhaisnéis a thuairiscítear sa réimse seo, beidh sí comhsheasmhach leis na luachanna a sholáthraítear i réimse 12.

{DEACHÚIL-18/5}

6

Airgeadra an mhéid arna thiomsú

An t-airgeadra ina sloinntear an méid arna thiomsú.

{CÓD_AIRGEADRA_3}

Faisnéis maidir leis an úinéir tionscadail nó leis na húinéirí tionscadail le haghaidh gach tionscadail.

Comhlánófar réimse 7 arís le haghaidh gach tionscadail.

7

Aitheantóir an úinéara tionscadail/na n-úinéirí tionscadail

An cód a úsáidtear chun an t-úinéir tionscadail a shainaithint:

(a)

i gcás inar eintiteas dlítheanach é an t-úinéir tionscadail, cód LEI;

(b)

i gcás inar duine nádúrtha é an t-úinéir tionscadail, an t-aitheantóir arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590.

{LEI}

{AITHEANTAS_NÁISIÚNTA}

Faisnéis maidir leis na hinfheisteoirí agus na huirlisí arna n-eisiúint le haghaidh gach tionscadail.

I gcás ina bhfuil cineálacha éagsúla ionstraimí, cineálacha éagsúla infheisteoirí, tíortha éagsúla infheisteoirí nó airgeadraí éagsúla le tuairisciú, comhlánófar réimsí 8 go 13 arís an méid uaireanta is gá le haghaidh gach meascáin de chineál ionstraime, de chineál infheisteora, de thír infheisteora agus d’airgeadra.

8

Cineál ionstraime

Cineálacha na n-ionstraimí arna n-eisiúint.

LOAN — Iasachtaí

ICFP — Ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin

EQUI — Ionstraimí cothromais is urrúis inaistrithe de bhun Airteagal 4(1), pointe (44), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) de

DEBT — Ionstraimí fiachais is urrúis inaistrithe de bhun Airteagal 4(1), pointe (44), de Threoir 2014/65/AE, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) de

OTHR — Urrúis inaistrithe eile, de bhun Airteagal 4(1), pointe (44), de Threoir 2014/65/AE, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (c) de

9

Cineál infheisteora

Cineál nó cineálacha na n-infheisteoirí lena léirítear an bhfuil an t-infheisteoir ina cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

duine nádúrtha nó duine dlítheanach is cliant gairmiúil de bhua Roinn I, pointí (1) go (4), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(b)

duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil formheas an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin chun go gcaithfí leis mar infheisteoir sofaisticiúil i gcomhréir leis na critéir agus leis an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1503;

(c)

infheisteoir neamhshofaisticiúil;

(d)

an t-úinéir tionscadail.

I gcás ina dtagraíonn an méid a thuairiscítear i réimse 12 don méid a infheistíodh sa tionscadal ag an úinéir tionscadail, áireofar sa chineál infheistíochta a thuairiscítear sa réimse seo an t-úinéir tionscadail mar a thagraítear i bpointe (d).

PROF — cliant gairmiúil i gcomhréir le Roinn I, pointí (1) go (4), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE

SOPH — infheisteoir sofaisticiúil i gcomhréir leis na critéir agus an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1503

RETL — infheisteoir neamhshofaisticiúil

OTHR — Úinéirí tionscadail

10

Tír infheisteora

Tír chónaithe na n-infheisteoirí chun críoch cánach.

{CÓD_TÍRE_2}

11

Líon infheisteoirí

An líon infheisteoirí aonair le haghaidh an chineáil infheistíochta ar leith agus le haghaidh na tíre infheisteora.

{SLÁNUIMHIR-9}

12

Méid arna infheistiú

An méid iomlán arna infheistiú le haghaidh an chineáil infheistíochta ar leith agus le haghaidh na tíre infheisteora arna shloinneadh san airgeadra a úsáidtear le haghaidh na híocaíochta.

{DEACHÚIL-18/5}

13

Airgeadra an mhéid arna infheistiú

An t-airgeadra ina sloinntear an méid arna infheistiú.

{CÓD_AIRGEADRA_3}


Tábla 3

Faisnéis atá le tuairisciú do ESMA

N

RÉIMSE

ÁBHAR ATÁ LE TUAIRISCIÚ

FORMÁID AGUS CAIGHDEÁIN ATÁ LE HÚSÁID LE HAGHAIDH TUAIRISCITHE

1

Cód aitheantais an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin

An cód a úsáidtear chun an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin atá freagrach as cur isteach na tuarascála a shainaithint.

{LEI}

2

An tréimhse tuairiscithe

An bhliain a gcuirtear an tuarascáil isteach ina leith.

BBBB

Faisnéis maidir leis na tionscadail a ndearna an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin tairiscint sluachistiúcháin ina leith le linn na tréimhse tuairiscithe.

Comhlánófar réimsí 3 go 6 arís le haghaidh gach tionscadail. Má shloinntear an méid arna thiomsú i níos mó ná airgeadra amháin, comhlánófar réimsí 5 go 6 arís le haghaidh gach airgeadra faoi seach.

3

Aitheantóir na tairisceana sluachistiúcháin

Aitheantóir uathúil na tairisceana sluachistiúcháin mar a shonraítear in Airteagal 3 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2119.

{ALFA-UIMHIR-28}

4

Earnáil

Earnáil an tionscadail mar a shonraítear sa chéad leibhéal aicmiúcháin a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

{ALFA-UIMHIR-1}

5

An méid arna thiomsú

An méid arna thiomsú le haghaidh an tionscadail.

An fhaisnéis a thuairiscítear sa réimse seo, beidh sí comhsheasmhach leis na luachanna a sholáthraítear i réimse 12.

{DEACHÚIL-18/5}

6

Airgeadra an mhéid arna thiomsú

An t-airgeadra ina sloinntear an méid arna thiomsú.

{CÓD_AIRGEADRA_3}

Faisnéis maidir leis an úinéir tionscadail nó leis na húinéirí tionscadail le haghaidh gach tionscadail.

Comhlánófar réimse 7 arís le haghaidh gach tionscadail.

7

Aitheantóir anaithnidithe an úinéara tionscadail nó na n-úinéirí tionscadail

Aitheantóir an úinéara tionscadail arna anaithnidiú i gcomhréir le hAirteagal 2(2).

{ALFA-UIMHIR}

Faisnéis maidir leis na hinfheisteoirí agus na huirlisí arna n-eisiúint le haghaidh gach tionscadail.

I gcás ina bhfuil cineálacha éagsúla ionstraimí, cineálacha éagsúla infheisteoirí, tíortha éagsúla infheisteoirí nó airgeadraí éagsúla le tuairisciú, comhlánófar réimsí 8 go 13 arís an méid uaireanta is gá le haghaidh gach meascáin de chineál ionstraime, de chineál infheisteora, de thír infheisteora agus d’airgeadra.

8

Cineál ionstraime

Cineálacha na n-ionstraimí arna n-eisiúint.

LOAN — Iasachtaí

ICFP — Ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin

EQUI — Ionstraimí cothromais is urrúis inaistrithe de bhun Airteagal 4(1), pointe (44), de Threoir 2014/65/AE, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) de

DEBT — Ionstraimí fiachais is urrúis inaistrithe de bhun Airteagal 4(1), pointe (44), de Threoir 2014/65/AE, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) de

OTHR — Urrúis inaistrithe eile, de bhun Airteagal 4(1), pointe (44), de Threoir 2014/65/AE, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (c) de

9

Cineál infheisteora

Cineál infheisteora lena léirítear an bhfuil an t-infheisteoir ina cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

duine nádúrtha nó duine dlítheanach is cliant gairmiúil de bhua Roinn I, pointí (1) go (4), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(b)

duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil formheas an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin chun go gcaithfí leis mar infheisteoir sofaisticiúil i gcomhréir leis na critéir agus leis an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1503;

(c)

infheisteoir neamhshofaisticiúil;

(d)

an t-úinéir tionscadail.

I gcás ina dtagraíonn an méid a thuairiscítear i réimse 12 don méid a infheistíodh sa tionscadal ag an úinéir tionscadail, áireofar sa chineál infheistíochta a thuairiscítear sa réimse seo an t-úinéir tionscadail mar a thagraítear i bpointe (d).

PROF — cliant gairmiúil i gcomhréir le Roinn I, pointí (1) go (4), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE

SOPH — infheisteoir sofaisticiúil i gcomhréir leis na critéir agus an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1503

RETL — infheisteoir neamhshofaisticiúil

OTHR — Úinéirí tionscadail

10

Tír infheisteora

Tír chónaithe na n-infheisteoirí chun críoch cánach.

{CÓD_TÍRE_2}

11

Líon infheisteoirí

An líon infheisteoirí aonair le haghaidh an chineáil infheistíochta ar leith agus le haghaidh na tíre infheisteora.

{SLÁNUIMHIR-9}

12

Méid arna infheistiú

An méid iomlán arna infheistiú le haghaidh an chineáil infheistíochta ar leith agus le haghaidh na tíre infheisteora arna shloinneadh san airgeadra a úsáidtear le haghaidh na híocaíochta.

{DEACHÚIL-18/5}

13

Airgeadra an mhéid arna infheistiú

An t-airgeadra ina sloinntear an méid arna infheistiú.

{CÓD_TÍRE_3}


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(2)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).