8.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 287/63


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2119 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 23(16), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun an inchomparáideacht a áirithiú i measc bileoga faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a bhaineann le tairiscintí sluachistiúcháin éagsúla agus chun a éascú d’úinéirí tionscadail bileoga faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a dhréachtú, ba cheart samhail chomhchoiteann a leagan amach chun an fhaisnéis lena mbaineann a chur i láthair. Leis an tsamhail sin, ba cheart a áirithiú go leanfadh úinéirí tionscadail patrún atá comhchosúil i bhfoirm agus i substaint maidir le cur i láthair agus, an tráth céanna, an tsolúbthacht is gá a cheadú lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí gach tairisceana sluachistiúcháin, agus cineál, scála agus castacht na dtairiscintí sin á gcur san áireamh.

(2)

Chun idir-inoibritheacht na sonraí a áirithiú agus chun go mbeifear in ann crostagairt a dhéanamh idir an fhaisnéis a áirítear sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí agus faisnéis eile, go háirithe an fhaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2120 ón gCoimisiún (2), ba cheart aitheantóir uathúil a bheith i ngach bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí le haghaidh na tairisceana sluachistiúcháin lena mbaineann sí.

(3)

Chun an fhéidearthacht a thabhairt d’úinéirí tionscadail tuilleadh faisnéise ábhartha a sholáthar d’infheisteoirí ionchasacha, ba cheart a bheith in ann hipearnaisc a áireamh, agus ba cheart cloí leis an tsamhail chomhchoiteann iontu siúd. Mar sin féin, leis na hipearnaisc sin, níor cheart dochar a dhéanamh do chuimsitheacht na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí mar dhoiciméad neamhspleách. Dá bhrí sin, trí hipearnaisc a úsáid, níor cheart úinéirí tionscadail a dhíolmhú ón oibleagáid an fhaisnéis ábhartha a áireamh sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar bhealach soiléir agus cuimsitheach.

(4)

Chun é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí ionchasacha cinntí eolasacha infheistíochta a dhéanamh, ba cheart a áireamh sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí tuairisc shonrach neamhchineálach ar na rioscaí ábhartha uile a bhaineann leis an tionscadal sluachistiúcháin, leis an tairiscint sluachistiúcháin agus leis an úinéir tionscadail.

(5)

Chun go mbeidh an inchomparáideacht agus an tsoiléireacht ann maidir le faisnéis airgeadais a áirítear sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí agus, dá bhrí sin, chun go bhfeabhsófar an trédhearcacht d’infheisteoirí ionchasacha, ba cheart ráitis airgeadais agus faisnéis airgeadais a chur i láthair i gcomhréir le caighdeáin agus prionsabail a aithnítear go coitianta.

(6)

Chun go mbeidh faisnéis thrédhearcach ar fáil maidir leis na coimisiúin, na táillí agus na costais idirbheart eile arna dtabhú ag an infheisteoir le linn shaolré an tionscadail sluachistiúcháin, ba cheart miondealú ar na costais dhíreacha agus indíreacha a chur i láthair sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, lena sonraítear costais iontrála, costais scoir, costais arna dtabhú le linn an tionscadail agus costais theagmhasacha.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin.

(8)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4)agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Samhail na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

1.   Agus an fhaisnéis á soláthar acu sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2020/1503, bainfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin úsáid as an tsamhail a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil a luaithe a fhoilseoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an tairiscint sluachistiúcháin ábhartha.

Airteagal 2

Ceanglais formáide agus teanga shamhail na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

1.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur i láthair ar bhealach atá soléite agus cuirfear in iúl í ar bhealach lena bhféadfar í a thuiscint go héasca, lena n-áirítear i measc infheisteoirí ionchasacha neamhshofaisticiúla, agus na deacrachtaí tuisceana a d’fhéadfadh eascairt as cineál, scála agus casacht na tairisceana sluachistiúcháin á gcur san áireamh.

2.   Beidh an teanga a úsáidfear sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí soiléir agus gonta agus seachnófar téarmaí teicniúla i gcásanna inar féidir gnáthfhocail laethúla a úsáid ina n-ionad.

Airteagal 3

Aitheantóir na tairisceana sluachistiúcháin

1.   Áireofar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí aitheantóir caighdeánaithe, buan agus uathúil le haghaidh na tairisceana sluachistiúcháin ábhartha.

2.   Is éard a bheidh san aitheantóir dá dtagraítear i mír 1, an toradh ar comhchaitéiniú na n-eilimintí seo a leanas san ord seo a leanas:

(a)

cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh (LEI) ISO 17442 an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(b)

cód ina bhfuil ocht gcarachtar uimhriúla, a ghinfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin go hinmheánach agus a bheidh uathúil do gach tairiscint sluachistiúcháin a fhoilseoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

3.   An t-aitheantóir a fhoirmeofar i gcomhréir le mír 2, ní athrófar é i gcás ina modhnófar an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a aistriú go teangacha difriúla de bhun Airteagal 23(4) agus (13) de Rialachán (AE) 2020/1503;

(b)

nuashonruithe ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí de bhun Airteagal 23(8) agus (12) de Rialachán (AE) 2020/1503;

(c)

athrú neamhábhartha eile ar an bhfaisnéis a áirítear sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

Airteagal 4

Téarmaí a roghnú i samhail na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

I gcás ina gcumasaítear téarmaí nó nathanna a roghnú le samhail na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a leagtar síos san Iarscríbhinn, déanfar an rogha sin mar a leanas:

(a)

bainfear úsáid as na nathanna “sprioc-chaipiteal” nó “cruinniú caipitil” le haghaidh tairiscintí sluachistiúcháin a bhaineann le hurrúis inaistrithe cothromais nó le hionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin;

(b)

bainfear úsáid as na nathanna “sprioc-chistí” nó “cistí a fháil ar iasacht” le haghaidh tairiscintí sluachistiúcháin a bhaineann le hiasachtaí, le hurrúis inaistrithe neamhchothromais nó le hionstraimí hibrideacha;

(c)

bainfear úsáid as na téarmaí “urrúis inaistrithe” nó “ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin” i gcomhréir leis an gcineál ionstraimí a thairgtear.

Airteagal 5

Hipearnaisc a úsáid i samhail na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

1.   Féadfar hipearnaisc a áireamh sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí mar a leagtar amach sa tsamhail a leagtar síos san Iarscríbhinn.

2.   Beidh na hipearnaisc comhlántach leis an bhfaisnéis a thugtar agus ní chuirfear iad in ionad na faisnéise sin, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa tsamhail.

3.   Beidh na hipearnaisc comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a sholáthraítear in áiteanna eile sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí agus beidh rochtain shaor agus éasca ar na hacmhainní seachtracha dá dtagraítear sna hipearnaisc.

Airteagal 6

Cineálacha príomhrioscaí a bhaineann le tairiscint sluachistiúcháin

1.   Déanfar na cineálacha príomhrioscaí a bhaineann le tairiscint sluachistiúcháin a nochtadh sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a bhaineann leis an tairiscint sin i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach i gCuid C den Iarscríbhinn. I gcás inarb ábhartha, nochtfar rioscaí eile freisin.

2.   Beidh an tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le tairiscint sluachistiúcháin ábhartha maidir leis an tairiscint shonrach sin agus ullmhófar í ar mhaithe le hinfheisteoirí ionchasacha agus ar mhaithe leo siúd amháin, agus ní thabharfar ráitis ghinearálta maidir le rioscaí infheistíochta inti ná ní chuirfear teorainn le dliteanas an úinéara tionscadail ná le dliteanas aon duine atá ag gníomhú thar a gceann.

Airteagal 7

Cóimheasa airgeadais, ráitis airgeadais agus faisnéis airgeadais i samhail na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

Déanfar na ráitis airgeadais agus an fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i samhail na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a leagtar síos san Iarscríbhinn a chur i láthair i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) nó le prionsabail chuntasaíochta áitiúla a bhfuil glactha leo go ginearálta (GAAP), de réir mar is infheidhme.

Airteagal 8

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2120 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin agus formáidí sonraí, teimpléid agus nósanna imeachta chun faisnéis a thuairisciú faoi thionscadail a chistítear trí ardáin sluachistiúcháin (féach leathanach 76 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

SAMHAIL NA BILEOIGE FAISNÉISE INFHEISTÍOCHTA BUNRIACHTANAÍ

Níor fhíoraigh ná níor fhormheas [údaráis inniúla — cuir isteach ainmníocht iomlán an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil] ná an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) an tairiscint sluachistiúcháin seo.

Ní gá gur measadh oiriúnacht do thaithí ná d’eolais sular deonaíodh rochtain ar an infheistíocht seo duit.

Tríd an infheistíocht seo a dhéanamh, glacann tú leis an riosca iomlán a bhaineann leis an infheistíocht seo, lena n-áirítear an riosca go bhféadfaí an t-airgead a infheistítear a chailleadh go páirteach nó ina iomláine.

Rabhadh riosca

Baineann rioscaí le hinfheistíocht a dhéanamh sa tionscadal sluachistiúcháin seo, lena n-áirítear an riosca go bhféadfaí an t-airgead a infheistítear a chailleadh go páirteach nó ina iomláine. Ní chumhdaítear d’infheistíocht leis na scéimeanna ráthaíochta taiscí arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(1). Agus ní chumhdaítear d’infheistíocht leis na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí arna mbunú i gcomhréir le Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(2).

D’fhéadfadh sé nach bhfaighfeá aon toradh ar d’infheistíocht.

Ní haon táirge coigiltis é seo agus molaimid duit gan níos mó ná 10 % de do ghlanfhiúchas a infheistiú i dtionscadail sluachistiúcháin.

D’fhéadfadh sé nach mbeifeá in ann na hionstraimí infheistíochta a dhíol nuair is mian leat. Má tá tú in ann iad a dhíol, féadfaidh tú, mar sin féin, caillteanas a thabhú.

(1)

Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí, (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

(2)

Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí, (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22).

Tréimhse mhachnaimh réamhchonarthach le haghaidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla

Tairbhíonn infheisteoirí neamhshofaisticiúla de thréimhse mhachnaimh, ar féidir leo, tráth ar bith lena linn, a dtairiscint infheistíochta nó a léiriú spéise sa tairiscint sluachistiúcháin a chúlghairm gan cúis a thabhairt agus gan pionós a thabhú. Tosaíonn an tréimhse mhachnaimh an tráth a dhéanann an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach tairiscint infheistíochta nó an tráth léiríonn sé spéis agus téann sí in éag tar éis 4 lá féilire uaidh sin.

[Cuir isteach anseo na módúlachtaí trínar féidir le hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla a gceart cúlghairme a fheidhmiú le linn na tréimhse machnaimh, mar aon le faisnéis faoin bpróiseas sin agus faoina iarmhairtí.]

Forléargas ar an tairiscint sluachistiúcháin

Aitheantóir tairisceana

Aitheantóir na tairisceana mar a leagtar amach in Airteagal 3

Úinéir tionscadail agus ainm an tionscadail

 

Cineál tairisceana agus cineál ionstraime

 

Spriocmhéid

Spriocmhéid agus airgeadra na tairisceana sluachistiúcháin, lena n-áirítear an luach coibhéiseach in euro agus dáta an ráta malairte, má dhéantar foráil sa tairiscint sluachistiúcháin maidir le hairgeadra nach euro é.

Sprioc-am

An dáta a dhúnfar an tairiscint d’infheisteoirí ionchasacha.

Cuid A: Faisnéis faoin úinéir tionscadail nó faoi na húinéirí tionscadail agus faoin tionscadal sluachistiúcháin

(a)

An t-úinéir tionscadail agus an tionscadal sluachistiúcháin  (1)

[Comhlánaigh an Roinn seo tríd an bhfaisnéis a léirítear thíos a áireamh, de réir mar is infheidhme]

Céannacht:

Ainm dlíthiúil an úinéara tionscadail, tír a chorpraithe/a chláraithe agus cláruimhir.

Foirm dhlíthiúil:

Foirm dhlíthiúil.

Sonraí teagmhála:

Suíomh gréasáin, seoladh na hoifige cláraithe, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin.

Úinéireacht:

Dáta an athraithe úinéireachta deiridh agus tuairisc ghairid ar struchtúr úinéireachta an úinéara tionscadail agus, i gcás inarb ábhartha, struchtúr úinéireachta an tionscadail. Féadfar an fhaisnéis sin a chur i láthair mar léaráid (2).

Bainistíocht:

Tuairisc ghairid ar chomhlachtaí bainistíochta an úinéara tionscadail. I gcás ina bhfuil sé ar fáil agus i gcás ina meastar é a bheith iomchuí, féadfar hipearnasc chuig curricula vitae chomhaltaí na gcomhlachtaí bainistíochta a áireamh.

(b)

Freagracht as an bhfaisnéis a sholáthraítear sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí seo

“Dearbhaíonn an t-úinéir tionscadail, chomh fada agus is eol dó, nár fágadh aon fhaisnéis ar lár nó nach bhfuil an fhaisnéis atá ann míthreorach ná míchruinn ar bhealach ábhartha. Is é an t-úinéir tionscadail atá freagrach as an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí seo a ullmhú.”

[Comhlánaigh an Roinn seo trí liosta a dhéanamh de na daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás daoine nádúrtha, amhail comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an úinéara tionscadail, sonraigh a n-ainmneacha agus a bhfeidhmeanna. I gcás daoine dlítheanacha, sonraigh a n-ainmneacha agus a n-oifigí cláraithe.]

“An dearbhú ón duine thuasluaite [ó gach duine thuasluaite] i ndáil lena fhreagracht [bhfreagracht] as an bhfaisnéis a thugtar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí seo de bhun Airteagal 23(9) de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* (3), áirítear é mar [Iarscríbhinn [A] a ghabhann leis seo (4)]”.

(c)

Príomhghníomhaíochtaí an úinéara tionscadail; táirgí nó seirbhísí a thairgeann an t-úinéir tionscadail

Tuairisc ghairid ar chineál phríomhghníomhaíochtaí reatha agus éachtaí gnó an úinéara tionscadail, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cur i láthair gairid ar a straitéis agus ar an mbreisluach a chruthaítear.

(d)

Hipearnasc chuig na ráitis airgeadais is déanaí ón úinéir tionscadail

A mhéid a bheidh sé le fáil, áireofar hipearnasc chuig na ráitis airgeadais is déanaí ón úinéir tionscadail.

Má rinneadh iniúchadh ar na ráitis airgeadais, féadfar hipearnasc chuig an tuarascáil/na tuarascálacha iniúchóireachta ábhartha a áireamh freisin.

Mura bhfuil na ráitis airgeadais is déanaí ar fáil, déanfar an méid sin a lua go sainráite. Féadfar na cúiseanna leis an neamh-infhaighteacht sin a shonrú. I gcás nach bhfuil na ráitis airgeadais is déanaí ar fáil, agus sa chás sin amháin, féadfar hipearnasc chuig clár comhardaithe cothrom le dáta an úinéara tionscadail a áireamh ina n-ionad sin, má tá sé ar fáil.

I gcás ina gcuirtear meán sainchuspóireach idir an t-úinéir tionscadail agus na hinfheisteoirí, féadfar an fhaisnéis thuas a chur ar fáil freisin maidir leis an meán sainchuspóireach.

(e)

Príomhfhigiúirí agus príomhchóimheasa airgeadais bliantúla an úinéara tionscadail le 3 bliana anuas

Cur i láthair na bpríomhfhigiúirí airgeadais bliantúla agus na bpríomhchóimheas airgeadais bliantúil amhail:

(i)

láimhdeachas;

(ii)

glanbhrabús bliantúil;

(iii)

sócmhainní iomlána;

(iv)

ollchorlach, corrlach oibriúcháin agus corrlach an ghlanbhrabúis;

(v)

glanfhiachas; cóimheas fiachais/cothromais;

(vi)

cóimheas fíorthástála; an cóimheas le haghaidh cumhdach maidir le fónamh a dhéanamh ar fhiacha;

(vii)

tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (EBITDA);

(viii)

toradh ar chothromas;

(ix)

an cóimheas idir sócmhainní seasta doláimhsithe agus sócmhainní iomlána.

(f)

Tuairisc ar an tionscadal sluachistiúcháin, lena n-áirítear an cuspóir atá leis agus na príomhghnéithe a bhaineann leis

Tuairisc ar an tionscadal sluachistiúcháin, lena n-áirítear an cuspóir atá leis agus na príomhghnéithe a bhaineann leis agus an úsáid atá beartaithe a bhaint as na cistí a chruinneofar.

Cuid B: Príomhghnéithe an phróisis sluachistiúcháin agus coinníollacha le haghaidh [an chruinnithe caipitil] nó [cistí a fháil ar iasacht]

(a)

[Sprioc-chaipiteal íosta atá le cruinniú] nó [sprioc-chistí atá le fáil ar iasacht] i dtairiscint aonair sluachistiúcháin

[Méid agus airgeadra]

An líon tairiscintí (poiblí nó neamhphoiblí) atá tugtha chun críche cheana ag an úinéir tionscadail nó ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i leith an tionscadail sluachistiúcháin seo

Cineál tairisceana agus ionstraimí a thairgtear

Dáta críochnaithe

Méid [a cruinníodh / a fuarthas ar iasacht] agus spriocmhéid (lena n-áirítear an luach coibhéiseach in euro agus dáta an ráta malairte i gcás airgeadraí nach euro iad)

Aon fhaisnéis ábhartha eile, más ann di

 

 

 

 

(b)

Sprioc-am chun an [sprioc-chaipiteal atá le cruinniú] nó na [sprioc-chistí atá le fáil ar iasacht] a bhaint amach:

[An dáta a dhúnfar an tairiscint d’infheisteoirí féideartha.]

(c)

Faisnéis maidir leis na hiarmhairtí [mura gcruinnítear an sprioc-chaipiteal] nó [mura bhfaightear na sprioc-chistí ar iasacht] faoin sprioc-am

Faisnéis maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann leis an bpróiseas sluachistiúcháin agus le rannpháirtíocht na n-infheisteoirí, mura mbaineann an tairiscint sluachistiúcháin an spriocmhéid íosta amach, lena n-áirítear:

(i)

an gcuirfí an tairiscint sluachistiúcháin agus gealltanais na n-infheisteoirí ar ceal;

(ii)

an aisíocfaí aon mhéid a d’íoc infheisteoirí agus, dá n-aisíocfaí iad, cé hiad na módúlachtaí faoina ndéanfaí sin agus cathain a dhéanfaí sin;

(iii)

an dtabhódh infheisteoirí aon táille nó aon chostas toisc nár bhain an tairiscint an spriocmhéid amach.

(d)

Uasmhéid na tairisceana nuair nach ionann sin agus an [sprioc-chaipiteal] nó na [sprioc-chistí] dá dtagraítear i bpointe (a)

Uasmhéid na tairisceana agus an t-airgeadra (lena n-áirítear an luach coibhéiseach in euro i gcás airgeadra nach euro é), más rud é nach ionann an méid sin agus an [sprioc-chaipiteal] nó na [sprioc-chistí].

(e)

Méid na gcistí dílse arna ngealladh ag an úinéir tionscadail don tionscadal sluachistiúcháin

I gcás scairshealbhóirí móra nó comhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an úinéara tionscadail, léiriú ar cé acu a rinne siad nó nach ndearna siad infheistíocht sna hionstraimí a thairgtear, cé acu a rinne siad nó nach ndearna siad suibscríobh lena n-aghaidh nó cé acu a thug siad nó nár thug siad gealltanas go ndéanfaidís infheistíocht iontu nó go suibscríobhfaidís lena n-aghaidh, agus léiriú maidir leis an méid de na hionstraimí sin, lena n-áirítear mar chéatadán i ndáil le spriocmhéid na tairisceana.

(f)

Athrú ar chomhdhéanamh chaipiteal nó iasachtaí an úinéara tionscadail a bhaineann leis an tairiscint sluachistiúcháin

Tuairisc ar na hathruithe as a dtiocfaidh comhdhéanamh chaipiteal agus féichiúnas an úinéara tionscadail mar thoradh ar an tairiscint sluachistiúcháin.

Cuid C: Fachtóirí riosca

Cur i láthair na bpríomhrioscaí

Comhlánaigh an Roinn seo trí thuairisc a thabhairt ar na príomhrioscaí a bhaineann leis an tionscadal sluachistiúcháin de réir na gcineálacha príomhrioscaí a shainaithnítear thíos.

Is liosta neamh-uileghabhálach é an liosta seo a leanas de na cineálacha príomhrioscaí. Tabharfar tuairisc freisin sa Chuid seo ar aon phríomhriosca eile atá ábhartha maidir leis an tionscadal sluachistiúcháin, an tairiscint sluachistiúcháin, an t-úinéir tionscadail, na hurrúis inaistrithe, agus na hionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin nó iasachtaí.

Cineál 1 — Riosca tionscadail

Rioscaí a bhaineann go sonrach leis an tionscadal agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cliseadh ar an tionscadal. D’fhéadfadh baint a bheith ag na rioscaí sin leis na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(i)

spleáchais an tionscadail, amhail spleáchais chistiúcháin, dhlíthiúla, cheadúnúcháin, cóipcheart;

(ii)

cásanna díobhálacha a bhfuil tionchar diúltach acu;

(iii)

forbairt theicneolaíoch iomaitheoirí nó táirgí iomaíocha;

(iv)

rioscaí a dhíorthaíonn ón úinéir tionscadail.

Cineál 2 — Riosca earnála

Rioscaí a bhaineann go dlúth leis an earnáil shonrach. Mar shampla, d’fhéadfadh athrú ar na himthosca maicreacnamaíocha, laghdú ar an éileamh san earnáil ina n-oibríonn an tionscadal sluachistiúcháin agus spleáchais ar earnálacha eile a bheith ina gcúis leis na rioscaí sin.

Tabharfar tuairisc ar earnáil an tionscadail trí úsáid a bhaint as an aicmiú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

Cineál 3 — Riosca mainneachtana

An riosca go bhféadfadh tionscadal nó an t-úinéir tionscadail a bheith faoi réir imeachtaí féimheachta nó imeachtaí dócmhainneachta eile, agus teagmhais eile a bhaineann leis an tionscadal nó leis an úinéir tionscadail a bhféadfadh sé go gcaillfeadh infheisteoirí a n-infheistíocht mar gheall orthu.

D’fhéadfadh fachtóirí éagsúla a bheith ina gcúis leis na rioscaí sin, lena n-áirítear:

(a)

athrú (mór) ar imthosca maicreacnamaíocha;

(b)

míbhainistíocht;

(c)

easpa taithí;

(d)

calaois;

(e)

an maoiniú gan a bheith in oiriúint don chuspóir gnó;

(f)

seoladh táirge nár éirigh leis;

(g)

easpa sreabhaidh airgid.

Cineál 4 — Riosca torthaí níos ísle, torthaí moillithe nó torthaí nialasacha

An riosca go mbeidh an toradh níos ísle ná mar a measadh, go mbeidh moill air nó go mainneoidh an tionscadal ar íocaíochtaí caipitil nó úis.

Cineál 5 — Riosca go gclisfeadh ar an ardán

An riosca nach mbeidh an t-ardán sluachistiúcháin in ann a sheirbhísí a sholáthar go sealadach nó go buan.

Cineál 6 — Riosca neamhleachtacht na hinfheistíochta

An riosca nach féidir le hinfheisteoirí a n-infheistíocht a dhíol.

Cineál 7 — Rioscaí eile

Rioscaí, inter alia, nach bhfuil neart ag an úinéir tionscadail orthu, amhail rioscaí polaitiúla agus rialála.

Cuid D: Faisnéis a bhaineann le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin a thairiscint

(a)

Méid iomlán agus cineál [na n-urrús inaistrithe] nó [na n-ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin] atá le tairiscint

Sonrófar an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

tuairisc ar chineál agus ar aicme na n-ionstraimí atá le tairiscint;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, an líon ionstraimí atá le tairiscint, a n-ainmníocht, a n-airgeadra agus a dtéarmaí;

(iii)

sinsearacht choibhneasta na n-ionstraimí i struchtúr caipitil an eisitheora i gcás dócmhainneachta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le rangú agus fo-ordú na n-urrús.

(b)

Praghas suibscríbhinne

An praghas ar a dtairgfear [na hurrúis inaistrithe] nó [na hionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin]. I gcás inarb infheidhme, léireofar sa Roinn seo freisin an t-íosmhéid suibscríbhinne in aghaidh an infheisteora.

(c)

Cé acu a ghlactar nó nach nglactar le ró-shuibscríbhinní agus an chaoi a leithdháiltear iad

(d)

Téarmaí suibscríbhinne agus íocaíochta

Áireofar sa Roinn seo tuairisc shoiléir ar na téarmaí suibscríbhinne, lena n-áirítear aistriú an phraghais suibscríbhinne, agus tuairisc shoiléir ar an bpróiseas íocaíochta, lena n-áirítear an t-uainiú agus an modh.

Féadfar hipearnasc chuig tuairisc ar an bpróiseas suibscríbhinne agus treoracha a áireamh sa Roinn seo freisin.

(e)

[Urrúis inaistrithe] nó [ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin] a chumhdach agus a sheachadadh chuig infheisteoirí

Sonrófar sa Roinn seo an dáta seachadta (nó i gcás nach féidir aon ghealltanas daingean den sórt sin a dhéanamh, an dáta seachadta is déanaí is féidir) agus próiseas seachadta na n-ionstraimí ábhartha (lena n-áirítear aon chomhthaobhacht a bhaineann leis na hionstraimí), agus tabharfar ainm agus sonraí teagmhála (lena n-áirítear seoladh ríomhphoist) an eisitheora nó a ghníomhaire.

I gcás nach soláthraíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí cumhdaigh, déanfar ráiteas soiléir chuige sin.

Áireofar sa Roinn seo céannacht, cláruimhir agus sonraí teagmhála an choimeádaí. Luafar cé acu a bheidh nó nach mbeidh aon táille dlite ag an infheisteoir don choimeádaí.

(f)

Faisnéis a bhaineann leis an ráthaíocht nó leis an gcomhthaobhacht lena n-urraítear an infheistíocht (i gcás inarb infheidhme)

(i)

An duine dlítheanach é an [ráthóir] nó an [soláthraí comhthaobhachta]?

(ii)

Céannacht, foirm dhlíthiúil agus sonraí teagmhála an [ráthóra] nó an [tsoláthraí comhthaobhachta]

(iii)

Faisnéis maidir le cineál agus téarmaí na [ráthaíochta] nó na [comhthaobhachta] (lena n-áirítear a rangú)

(g)

Faisnéis a bhaineann le gealltanas daingean [urrúis inaistrithe] nó [ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin] a aischeannach (i gcás inarb infheidhme)

Tuairisc ar an socrú aischeannaigh

Soláthrófar sa Roinn seo faisnéis shoiléir bheacht maidir le haon ghealltanas aischeannaigh. I gcás inarb iomchuí, féadfar faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil trí bhíthin hipearnaisc.

Tréimhse ama le haghaidh an aischeannaigh

Tuairisc ar na coinníollacha chun páirt a ghlacadh san aischeannach (lena n-áirítear aon sprioc-am is infheidhme).

(h)

Faisnéis faoin ráta úis agus faoin aibíocht

Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hurrúis inaistrithe neamhchothromais (amhail bannaí) nó ionstraimí hibrideacha (amhail bannaí atá in-chomhshóite ina scaireanna).

Ráta úis ainmniúil:

Sonrófar go soiléir an ráta úis ainmniúil in aghaidh na bliana. Thairis sin, áireofar sa Roinn seo míniú gairid ar an modh a úsáidtear chun é a ríomh nó hipearnasc chuig suíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin lena n-áirítear an míniú sin.

Nochtfar an ráta úis bliantúil agus beachtas dhá dheachúil aige san fhormáid tosaíochta seo a leanas:

[•] % in aghaidh na bliana (arna ríomh trí [áirigh an modh ríofa a cuireadh i bhfeidhm]); nó i gcás ina bhfuil an ráta úis athraitheach, faisnéis ghairid faoi na príomhthosca lena gcinntear an ráta úis (e.g. Ráta Tairgthe Idirbhainc an euro, EURIBOR, móide X %) agus a ríomh.

Dáta óna mbeidh an t-ús iníoctha:

Dátaí dlite le haghaidh íocaíochtaí úis:

Dáta aibíochta (lena n-áirítear aisíocaíochtaí idirmheánacha i gcás inarb infheidhme):

Toradh is infheidhme:

Ríomhfar an toradh mar ráta bliantúil agus i gcomhréir leis an modh a úsáidtear chun an ráta úis ainmniúil bliantúil a ríomh agus cuirfear ar fáil é agus beachtas dhá dheachúil aige. Nochtfar go hachomair freisin na príomhthoimhdí ar a bhfuil ríomh an toraidh bunaithe.

Cuid E: Faisnéis maidir le meáin sainchuspóireacha (MSC)

(a)

An gcuirtear meán sainchuspóireach idir an t-úinéir tionscadail agus an t-infheisteoir?

Cuirtear/ní chuirtear

(b)

Sonraí teagmhála an mheáin shainchuspóirigh

Más é “cuirtear” an freagra a thugtar ar an gceist thuas, sonrófar sa Roinn seo céannacht, foirm dhlíthiúil agus oifig chláraithe an mheáin shainchuspóirigh.

Cuid F: Cearta infheisteoirí

[I gcomhréir le hAirteagal 23(7) de Rialachán (AE) 2020/1503, i gcás ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin, maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Chuid F den Iarscríbhinn seo, i gcás inar mó an fhaisnéis sin ná aon taobh amháin de leathanach i bhformáid A4 má chuirtear i gcló é, cuirfear an chuid eile ar fáil in iarscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.]

(a)

Na príomhchearta a ghabhann leis [na hurrúis inaistrithe] nó leis [na hionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin]

Tuairisc ghairid ar na príomhchearta a ghabhann leis na hionstraimí, agus iad grúpáilte de réir cineálacha, amhail:

(i)

cearta díbhinne;

(ii)

cearta vótála;

(iii)

cearta rochtana ar fhaisnéis;

(iv)

cearta réamhcheannaigh i dtairiscintí le haghaidh suibscríobh ionstraimí den aicme chéanna;

(v)

ceart chun sciar a fháil i mbrabúis an eisitheora;

(vi)

ceart chun sciar a fháil in aon bharrachas i gcás leachtaithe;

(vii)

cearta fuascailte;

(viii)

cearta comhshó;

(ix)

cearta comhscoir i gcás teagmhas oibríochtúil (i.e. athrú ar rialú, cearta um dheis chomhdhíola).

Féadfar hipearnasc chuig doiciméid bhunreachtúla an úinéara tionscadail nó chuig aon doiciméad dlíthiúil ábhartha eile a áireamh, mar aon le tagairtí do na hairteagail ábhartha nó d’uimhreacha na ranna ábhartha.

(b) agus (c)

Srianta a bhfuil [na hurrúis inaistrithe] nó [na hionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin] faoina réir agus srianta ar aistriú na n-ionstraimí.

Áireofar sa Roinn seo tuairisc ar aon chomhaontú scairshealbhóirí nó ar aon socrú eile lena gcoisctear nó in aon chás lena dteorannaítear inaistritheacht na n-ionstraimí, amhail clásail lena gcuirtear srian ar an gceart chun na hionstraimí a dhíol (mar shampla clásail formheasa nó clásail maidir le doshanntacht shealadach).

Áireofar sa Roinn seo freisin tuairisc ar shrianta eile a bhfuil na hionstraimí faoina réir, amhail aon chlásal maidir le diúscairt éigeantach (mar shampla clásail eisiaimh, clásail athcheannaigh, oibleagáid chomhscoir i gcás athrú ar rialú, cearta um éigeantas díola), lena sonraítear go háirithe coinníollacha airgeadais na ndiúscairtí sin.

(d)

Deiseanna don infheisteoir scor den infheistíocht

(e)

I gcás ionstraimí cothromais, dáileadh na gceart caipitil agus vótála roimh an méadú ar chaipiteal atá mar thoradh ar an tairiscint agus ina dhiaidh sin (ag glacadh leis go suibscríobhfar [na hurrúis inaistrithe] uile nó [na hionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin] uile)

Maidir le dáileadh na gceart caipitil agus vótála roimh an méadú ar chaipiteal atá mar thoradh ar an tairiscint agus ina dhiaidh sin, agus an dáileadh sin á chur i láthair, áireofar a fhaisnéis seo a leanas maidir le gach aicme scairchaipitil:

(i)

méid iomlán scairchaipiteal údaraithe an eisitheora;

(ii)

an líon scaireanna a eisíodh agus a íocadh go hiomlán agus an líon scaireanna a eisíodh ach nár íocadh go hiomlán; agus

(iii)

an parluach in aghaidh na scaire, nó léiriú nach bhfuil aon pharluach ag na scaireanna.

Má tá scaireanna ann nach caipiteal iad, luaigh líon agus príomhthréithe na scaireanna sin.

Cuid G: Nochtaí a bhaineann le hiasachtaí

(a)

Cineál, fad agus téarmaí ábhartha eile na hiasachta

(b)

Na rátaí úis is infheidhme nó, i gcás inarb infheidhme, cúiteamh eile don infheisteoir

Sonrófar go soiléir na rátaí úis is infheidhme in aghaidh na bliana. Thairis sin, áireofar sa Roinn seo míniú gairid ar an modh a úsáidtear chun iad a ríomh nó nasc chuig suíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin lena n-áirítear an míniú sin.

Nochtfar na rátaí úis bliantúla agus beachtas dhá dheachúil acu san fhormáid tosaíochta seo a leanas:

[•] % in aghaidh na bliana (arna ríomh trí [áirigh an modh ríofa a cuireadh i bhfeidhm]); nó i gcás ina bhfuil an ráta úis athraitheach, faisnéis ghairid faoi na príomhthosca lena gcinntear an ráta úis (e.g. EURIBOR móide X %) agus a ríomh.

(c)

Bearta maolaithe riosca, lena n-áirítear soláthraithe comhthaobhachta nó ráthóirí comhthaobhachta a bheith ann, nó cineálacha eile ráthaíochtaí

(d)

An sceideal chun an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc

I gcás ina gceadaítear réamh-aisíocaíocht a dhéanamh, ar thionscnamh an úinéara tionscadail nó an iasachtóra, tabharfar tuairisc uirthi ina leagfar síos téarmaí agus coinníollacha aisíocaíochta.

(e)

Aon mhainneachtain i gcomhaontuithe creidmheasa a rinne an t-úinéir tionscadail le 5 bliana anuas

[Chun críocha na Ranna seo, beidh feidhm ag an sainmhíniú ar mhainneachtain mar a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115 ón gCoimisiún  (6)

(f)

Seirbhísiú na hiasachta (lena n-áirítear i gcásanna nach gcomhlíonann an t-úinéir tionscadail a oibleagáidí)

Sonrófar sa Roinn seo an t-eintiteas (lena n-áirítear a ainm dlíthiúil, a chláruimhir agus a áit chláraithe, a oifig chláraithe agus a shonraí teagmhála) atá freagrach as an iasacht a sheirbhísiú agus cuirfear faisnéis ghairid ar fáil inti maidir lena bheartas seirbhísithe, ina mbeidh faisnéis faoi na nósanna imeachta a rinneadh ar fhaitíos nach gcomhlíonfaí na hoibleagáidí faoin iasacht. Féadfar hipearnasc a chur ar fáil chuig an leathanach ábhartha nó chuig an doiciméad ábhartha ina bhfuil an beartas seirbhísithe mionsonraithe.

Cuid H: Táillí, faisnéis agus sásamh dlíthiúil

(a)

Táillí agus costais a bhaineann leis an infheistíocht a thabhaíonn an t-infheisteoir (lena n-áirítear costais riaracháin a thagann as ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin a dhíol)

Beidh cur i láthair sa Roinn seo i bhformáid tábla maidir leis na táillí, na coimisiúin, na costais agus na muirir uile, idir dhíreach agus indíreach, arna dtabhú ag an infheisteoir i ndáil lena infheistíocht agus i ndáil lena scor den infheistíocht.

I gcás ina luaitear méideanna in euro (nó in airgeadra eile is infheidhme) agus luachanna céatadáin, ríomhfar iad le haghaidh infheistíocht hipitéiseach EUR 10 000 agus ar bhonn bliantúil.

 

Táillí, Muirir agus Costais eile

in euro

(nó in airgeadra eile is infheidhme)

mar chéatadán de mhéid iomlán na hinfheistíochta

Samplaí

(neamh-uileghabhálacha)

Aonuaire

Costais iontrála (tabhair mionsonraí)

EUR […]

[…] %

Na costais a íocann an t-infheisteoir agus é ag tabhairt faoin infheistíocht. Is é atá sna costais sin costais a bhaineann le suibscríobh an infheisteora (amhail táillí nótaire, ualaigh iontrála, agus dleachtanna stampála), agus costais a bhaineann leis an tsócmhainn fholuiteach (amhail táillí an aimsitheora agus an ghníomhaire, táillí nótaire, cánacha réadmhaoine agus cánacha éadála eile)

Costais scoir

(tabhair mionsonraí)

EUR […]

[…] %

Na costais a íocann an t-infheisteoir agus é ag scor den infheistíocht tráth a haibíochta (amhail táillí an aimsitheora agus an ghníomhaire, táillí nótaire, cánacha réadmhaoine agus cánacha éadála eile, costais foirceanta)

Leanúnacha

 

EUR […]

[…] %

Na costais a thabhaíonn an t-infheisteoir le linn thréimhse shealbhaíochta na hinfheistíochta (amhail táillí cumhdaigh agus bainistíochta, táillí iniúchóra agus dlíthiúla, cánacha leanúnacha a bhaineann le d’infheistíocht nó leis an tsócmhainn fholuiteach)

Teagmhasacha

Táillí feidhmíochta/

Ús iompartha (tabhair mionsonraí)

EUR […]

[…] %

Táillí a íocann an t-infheisteoir leis an úinéir tionscadail nó leis na húinéirí tionscadail má chomhlíontar paraiméadair rathúlachta áirithe

Táillí teagmhasacha eile (tabhair mionsonraí)

EUR […]

[…] %

Táillí an aimsitheora, táillí athmhaoiniúcháin, táillí idirbhirt (sa mhéid nach n-áirítear cheana sna táillí aonuaire)

(b)

An áit agus an chaoi ar féidir teacht ar fhaisnéis bhreise, saor in aisce, faoin tionscadal sluachistiúcháin, faoin úinéir tionscadail [agus, i gcás inarb infheidhme, faoin meán sainchuspóireach]

(c)

An chaoi agus cé leis a bhféadfaidh an t-infheisteoir gearán a dhéanamh faoin infheistíocht nó faoi iompar an úinéara tionscadail nó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin

Soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas go hachomair:

(i)

céimeanna atá le leanúint chun gearán a dhéanamh faoin infheistíocht nó faoi iompar an úinéara tionscadail nó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(ii)

nasc chuig an suíomh gréasáin ábhartha agus foirm le haghaidh gearáin den sórt sin;

(iii)

suíomh gréasáin cothrom le dáta nó seoladh ríomhphoist trína bhféadfar gearáin den sórt sin a chur isteach.


(1)  Gan dochar don oibleagáid an fhaisnéis a leagtar amach sa Roinn seo a sholáthar, féadfaidh an t-úinéir tionscadail a lógó a áireamh sa Roinn seo freisin.

(2)  I gcás ina bhfuil an t-úinéir tionscadail ina chuid de ghrúpa mar shampla, d’fhéadfaí struchtúr an ghrúpa agus seasamh an úinéara tionscadail laistigh den ghrúpa a léiriú sa léaráid.

(3)  Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937, (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).

(4)  Beidh an dearbhú ó gach duine freagrach i gcomhréir le hAirteagal 23(9) de Rialachán (AE) 2020/1503.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun rátaí mainneachtana iasachtaí a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin a ríomh (féach leathanach 33 den Iris Oifigiúil seo).