28.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 280/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2073 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Deireadh Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle an 4 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le seachtar a scriosadh mar aon leis an bhfaisnéis a bhaineann lena gcearta chun cosanta agus lena gcearta chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 31, 5.2.2011, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I rinn A agus B den Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

“4.

Mohamed Ben Moncef Ben Mohamed TRABELSI”;

“36.

Kaïs Ben Slaheddine Ben Haj Hamda BEN ALI”;

“37.

Hamda Ben Slaheddine Ben Haj Hamda BEN ALI”;

“38.

Najmeddine Ben Slaheddine Ben Haj Hamda BEN ALI”;

“39.

Najet Bent Slaheddine Ben Haj Hamda BEN ALI”;

“43.

Imed Ben Habib Ben Bouali LTAIEF”;

“44.

Naoufel Ben Habib Ben Bouali LTAIEF”.