14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 268/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1941 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Deireadh Fómhair 2022

maidir le toirmeasc ar lotnaidí áirithe a thabhairt isteach, a ghluaiseacht, a choinneáil, a iolrú nó a scaoileadh de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In 2021, maidir le lotnaidí nach liostaítear mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, mar lotnaid choraintín de chuid na gcriosanna cosanta nó mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais, thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún go raibh na lotnaidí sin deimhnithe i gcoinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile de thionscnamh tríú tíortha, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) agus nach rialaítear faoi Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

(2)

Ar bhonn sonraí ó mheasúnuithe réamh-riosca nó ó anailísí riosca arna ndéanamh go dtí seo ag údaráis agus eagraíochtaí inniúla, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na lotnaidí sin na critéir a leagtar amach i bhForoinn 2 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031.

(3)

Chloridea virescens, Leucinodes orbonalis, Leucinodes pseudorbonalis, Resseliella citrifrugis agus Spodoptera ornithogalli i measc na lotnaidí a bhfuil gníomhaíochtaí faoi Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 déanta ina leith ag na húdaráis inniúla. Tagadh roimh na lotnaidí sin roinnt uaireanta ag teorainneacha an Aontais agus ní heol an ann dóibh i gcríoch an Aontais.

(4)

Rinne an Ísiltír réamh-mheasúnú riosca i gcás Chloridea virescens (3) agus anailís riosca lotnaidí le haghaidh chríoch an Aontais i gcás speicis Mheiriceánacha Spodoptera, lena n-áirítear Spodoptera ornithogalli (4),. Is é an chonclúid ar ar thángthas sa mheasúnú agus san anailís araon go gcomhlíonann na lotnaidí sin na critéir le haghaidh lotnaidí coraintín a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031, a mhéid a bhaineann le críoch an Aontais. Mar sin féin, ní mór measúnú riosca breise a dhéanamh chun tacú lena gcuimsiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(5)

Ar bhonn catagóirithe lotnaidí arna ndéanamh ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcás Leucinodes orbonalis (5) agus Leucinodes pseudorbonalis (6), comhlíonann na lotnaidí sin na critéir le haghaidh lotnaidí coraintín a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031, a mhéid a bhaineann le críoch an Aontais. Mar sin féin, tugadh éiginnteachtaí maidir lena dtionchar le fios i ngeall ar oiriúnacht aeráide. Tá measúnú breise ar an oiriúnacht aeráide, is é sin measúnú ar éifeacht an athraithe aeráide ar bhunú na lotnaidí sin san Aontas agus a dtionchar ina dhiaidh sin ar siúl faoi láthair.

(6)

Ar bhonn catagóiriú lotnaidí arna dhéanamh ag an Údarás comhlíonann Resseliella citrifrugis (7) na critéir le haghaidh lotnaidí coraintín a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031, a mhéid a bhaineann le críoch an Aontais. Faoi láthair, tá measúnú riosca breise ar siúl maidir le conairí isteach agus leata na lotnaide sin.

(7)

Tagadh roimh na lotnaidí sin roinnt uaireanta ag teorainneacha an Aontais agus táthar fós ag allmhairiú méideanna móra dá bplandaí óstacha ó thíortha arb eol go bhfuil na lotnaidí sin iontu, agus tá ardriosca fíteashláintíochta ag baint leo le haghaidh chríoch an Aontais. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil garchontúirt ann go dtiocfaidh na lotnaidí sin isteach i gcríoch an Aontais. Dá bhrí sin, is iomchuí an beart maidir le toirmeasc sealadach a chur ar a dteacht isteach san Aontas go dtí go mbeidh a n-anailísí riosca iomlána déanta. Ba cheart na lotnaidí sin a bheith faoi réir suirbhéanna rioscabhunaithe freisin maidir lena gcomharthaí nó lena siomptóim mar a leagtar amach in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

(8)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh tréimhse leordhóthanach chun gur féidir na measúnuithe riosca agus na hanailísí sin a chur i gcrích.

(9)

Tá forálacha an Rialacháin seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Toirmeasc ar lotnaidí

Na lotnaidí a liostaítear san Iarscríbhinn, ní thabharfar isteach iad, ní ghluaisfear iad laistigh de chríoch an Aontais agus ní dhéanfar iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, a iolrú ann, nó a scaoileadh ann.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Bealtaine 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lgh. 4-104).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  Quickscan Chloridea virescens | Publication | NVWA-English

(4)  American Spodoptera species risk assessment | Publication | NVWA-English

(5)  EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí]. Tuairim eolaíoch ar chatagóiriú lotnaidí Leucinodes orbonalis.EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6890, 28 pp.https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6890.

(6)  EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí]. Tuairim Eolaíochta ar chatagóiriú lotnaide Leucinodes pseudorbonalis. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6889, 21 lgh. https://doi.org/ 10.2903/j.efsa.2021.6889.

(7)  EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí]. Tuairim Eolaíoch maidir le catagóiriú lotnaidí Resseliella citrifrugis. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6802, 19 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6802.


IARSCRÍBHINN

Liosta lotnaidí agus a gcóid arna sannadh ag an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí

1.

Chloridea virescens Fabricius [HELIVI]

2.

Leucinodes orbonalis Guenée [LEUIOR]

3.

Leucinodes pseudorbonalis Mally et al. [LEUIPS]

4.

Resseliella citrifrugis Jiang [RESSCI]

5.

Spodoptera ornithogalli Guenée [PRODOR]