12.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 265/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1925 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meán Fómhair 2022

maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról tábhachtach ag seirbhísí digiteacha i gcoitinne agus ag ardáin ar líne go háirithe, sa gheilleagar, ról atá ag méadú, go háirithe sa mhargadh inmheánach, trí ghnólachtaí a chumasú chun teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí ar fud an Aontais, tríd an trádáil trasteorann a éascú agus deiseanna gnó atá go hiomlán nua a oscailt do líon mór cuideachtaí san Aontas chun leasa thomhaltóirí san Aontas.

(2)

Ag an am céanna, i measc na seirbhísí digiteacha sin, tá roinnt saintréithe ag croísheirbhísí ardáin ar féidir leis na gnóthais a bhfuil siad á gcur ar fáil acu teacht i dtír orthu. Sampla amháin de shaintréithe den sórt sin atá ag na croísheirbhísí ardáin is ea barainneachtaí scála ollmhóra, a eascraíonn go minic as na himeallchostais a bhaineann le húsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh a chur leis a bheith chomh híseal sin gur ar éigean is ann dóibh in aon chor. Saintréithe eile den sórt sin a bhaineann le croísheirbhísí ardáin is ea éifeachtaí líonra atá an-láidir, an cumas mórán úsáideoirí gnó a nascadh le mórán úsáideoirí deiridh trí iltaobhacht na seirbhísí sin, úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh a bheith an-spleách orthu, éifeachtaí glasála, easpa ilfhrithinge chun na críche céanna a bheith ag úsáideoirí deiridh, comhtháthú ingearach, agus buntáistí sonraíbhunaithe. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh mar éifeacht ag na saintréithe sin go léir in éineacht le cleachtais éagóracha arna ndéanamh ag gnóthais a bhfuil na croísheirbhísí ardáin á soláthar acu, go ndéanfaí dochar d’inchoimhlinteacht na gcroísheirbhísí ardáin, agus go n-imreófaí tionchar freisin ar chothroime an chaidrimh tráchtála idir gnóthais a bhfuil seirbhísí den sórt sin á soláthar acu agus a n-úsáideoirí gnó agus a n-úsáideoirí deiridh. Mar thoradh air sin is éard a tharlaíonn go dtagann laghdú tapa, laghdú a d’fhéadfadh a bheith forleathan, ar an rogha a bhíonn ag úsáideoirí gnó agus ag úsáideoirí deiridh, agus d’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, go mbeadh suíomh geatóra, faoi mar a thugtar air, á bhronnadh ar sholáthraí na seirbhísí sin. Ag an am céanna, chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart a aithint nár cheart a mheas gur croísheirbhísí ardáin iad seirbhísí atá á bhfeidhmiú chun críche neamhthráchtála, mar shampla tionscadail chomhoibríocha.

(3)

Tá líon beag gnóthas mór a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu tagtha chun cinn a bhfuil cumhacht eacnamaíoch mhór acu a d’fhéadfadh iad a cháiliú le bheith ainmnithe mar gheatóirí de bhun an Rialacháin seo. De ghnáth, bíonn sé de chumas acu mórán úsáideoirí gnó a nascadh le mórán úsáideoirí deiridh trína gcuid seirbhísí agus, rud a chuireann ar a gcumas na buntáistí atá acu, mar shampla an rochtain atá acu ar mhéideanna móra sonraí, a ghiaráil ó réimse amháin gníomhaíochta go dtí réimse eile. Déanann roinnt de na gnóthais sin rialú ar éiceachórais iomlána ardáin sa gheilleagar digiteach agus ó thaobh struchtúir de tá sé thar a bheith deacair ar oibreoirí reatha nó ar oibreoirí nua sa mhargadh iad a cheistiú nó dul á gcoimhlint, gan beann ar chomh nuálach nó chomh héifeachtúil agus a d’fhéadfadh na hoibreoirí margaí sin a bheith. Déantar laghdú ar an inchoimhlinteacht, go háirithe, de bhrí go bhfuil bacainní an-ard ar dhul isteach nó ar fhágáil, lena n-áirítear costais arda infheistíochta, ar costais iad nach féidir a fháil ar ais, nó nach féidir a fháil ar ais go héasca, i gcás fágála, agus gan fáil ar phríomhionchuir sa gheilleagar digiteach amhail sonraí, nó rochtain laghdaithe orthu. Dá bharr sin, is mó an seans nach bhfuil na margaí bunaidh ag feidhmiú go maith, nó gur gearr nach mbeidh siad ag feidhmiú go maith.

(4)

I mórán cásanna, is dóichí ná a mhalairt go mbeidh an-mhíchothromaíochtaí i gceist i dtaca leis an gcumhacht mhargaíochta mar thoradh ar an teaglaim seo de ghnéithe a bhaineann leis an ngeatóir agus, ag eascairt as sin, beidh cleachtais agus coinníollacha éagóracha i bhfeidhm d’úsáideoirí gnó, agus d’úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin arna soláthar ag geatóirí, rud a mbeidh tionchar diúltach aige ar phraghsanna, ar cháilíocht, ar an iomaíocht chóir, ar an rogha agus ar an nuálaíocht san earnáil dhigiteach.

(5)

Fágann sin nach mbíonn próisis an mhargaidh ábalta, go minic, torthaí cothroma eacnamaíocha a áirithiú i dtaca le croísheirbhísí ardáin. Cé go bhfuil feidhm ag Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le hiompar geatóirí, tá raon feidhme na bhforálacha sin teoranta do chásanna áirithe de chumhacht mhargaidh, mar shampla do cheannas ar mhargaí sonracha agus d’iompraíocht fhrithiomaíoch, agus go dtarlaíonn forfheidhmiú ar bhonn ex post agus go dteastaíonn imscrúdú forleathan ina leith ar bhonn cás ar chás i dtaca le fíorais ar minic casta iad. Ina theannta sin, ní thugtar aghaidh, le dlí reatha an Aontais, nó ní thugtar aghaidh go héifeachtach leis, ar na dúshláin a bhaineann le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh de bharr iompar geatóirí nach gá gur geatóirí ceannasacha iad i dtéarmaí dlí na hiomaíochta.

(6)

Tá tionchar suntasach ag geatóirí ar an margadh inmheánach, agus soláthraíonn siad tairseacha do líon mór úsáideoirí gnó le go mbeidh rochtain acu sin ar úsáideoirí deiridh i ngach áit san Aontas agus ar mhargaí éagsúla. Mar thoradh ar an tionchar diúltach atá ag cleachtais éagóracha ar an margadh aonair agus ag inchoimhlinteacht thar a bheith lag na gcroísheirbhísí ardáin, lena n-áirítear na himpleachtaí diúltacha sochaíocha agus eacnamaíocha a bhaineann le cleachtais éagóracha den sórt sin, tá reachtóirí náisiúnta agus rialálaithe earnálacha tar éis gníomhú. Táthar tar éis roinnt réiteach rialála a ghlacadh nó a mholadh cheana féin ar an leibhéal náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha agus ar inchoimhlinteacht seirbhísí digiteacha, nó chun aghaidh a thabhairt ar roinnt acu ar aon nós. Chruthaigh sin éagsúlacht sna réitigh rialála, rud a chothaíonn ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, agus ar mó an baol dá réir sin go dtiocfadh ardú ar chostais chomhlíonta de bharr tacair éagsúla de cheanglais rialála náisiúnta a bheith ann.

(7)

Dá bhrí sin, is é cuspóir an Rialacháin seo rannchuidiú le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha a leagan síos chun inchoimhlinteacht agus cothroime a áirithiú do na margaí san earnáil dhigiteach go ginearálta, agus d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin arna soláthar ag geatóirí go háirithe. Ba cheart coimircí rialála iomchuí ar fud an Aontais a thabhairt d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin arna soláthar ag geatóirí in aghaidh cleachtais éagóracha geatóirí, ar mhaithe le gnó trasteorann laistigh den Aontas a éascú agus ar an mbealach sin dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus deireadh a chur leis an ilroinnt atá ann cheana nó ar dócha go dtiocfaidh sí chun cinn sna réimsí sonracha arna gcumhdach leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, cé go bhfuil sé de chlaonadh ag geatóirí samhlacha gnó agus struchtúir algartaim dhomhanda nó ar a laghad uile-Eorpach a ghlacadh, féadann siad coinníollacha gnó éagsúla agus cleachtais ghnó éagsúla a ghlacadh i mBallstáit éagsúla agus é sin déanta acu i roinnt cásanna, rud a d’fhéadfadh difríochtaí a chruthú idir na coinníollacha iomaíochta d’úsáideoirí na gcroísheirbhísí ardáin arna soláthar ag geatóirí, ar rud é a mbeadh comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh thíos leis.

(8)

Trí na dlíthe náisiúnta éagsúla a chomhfhogasú, is féidir deireadh a chur, laistigh den mhargadh inmheánach, leis na bacainní atá ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus a fháil, lena n-áirítear seirbhísí miondíola. Dá bhrí sin, ba cheart tacar spriocdhírithe d’oibleagáidí dlíthiúla comhchuibhithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh, laistigh den mhargadh inmheánach, margaí digiteacha inchoimhlinte agus cothroma ina mbeadh geatóirí i láthair, rud a rachaidh chun tairbhe gheilleagar an Aontais ina iomláine agus chun tairbhe thomhaltóirí an Aontais ag deireadh thiar.

(9)

Ní fhéadfar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint ar bhealach éifeachtach ach amháin má tá cosc ar na Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar rialacha iad atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus lena saothraítear na cuspóirí céanna atá á saothrú leis an Rialachán seo. Ní chiallaíonn sé sin nach féidir rialacha náisiúnta eile a chur i bhfeidhm maidir le geatóirí de réir bhrí an Rialacháin seo a bhfuil cuspóirí dlisteanacha eile maidir le leas an phobail á saothrú leo mar a leagtar amach iad in CFAE nó a bhfuil cúiseanna sáraitheacha á saothrú leo a bhaineann le leas an phobail mar a aithnítear i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”).

(10)

Ag an am céanna, ó tharla gurb é is aidhm don Rialachán seo forfheidhmiú dhlí na hiomaíochta a chomhlánú, ba cheart feidhm a bheith aige gan dochar d’Airteagail 101 agus 102 CFAE, maidir leis na rialacha iomaíochta náisiúnta comhfhreagracha agus do rialacha náisiúnta iomaíochta eile maidir le hiompraíocht aontaobhach atá bunaithe ar mheasúnú, ar bhonn aonair, ar shuíomhanna agus ar iompraíocht mhargaidh, lena n-áirítear na héifeachtaí iarbhír nó féideartha ag an iompar toirmiscthe agus a raon feidhme beacht, agus lena bhforáiltear go bhféadfaidh gnóthais argóintí a bhaineann le héifeachtúlacht agus le dlisteanacht oibiachtúil a dhéanamh i leith an iompair atá i gceist, agus maidir leis na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc. Mar sin féin, níor cheart cur i bhfeidhm na rialacha sin difear a dhéanamh do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar gheatóirí faoin Rialachán seo ná dá gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach sa mhargadh inmheánach.

(11)

Maidir le hAirteagail 101 agus 102 CFAE agus na rialacha iomaíochta náisiúnta comhfhreagracha a bhaineann le hiompar frithiomaíoch déthaobhach agus aontaobhach agus le rialú cumasc, is é atá mar chuspóir acu an iomaíocht neamhshaofa sa mhargadh a chosaint. Leis an Rialachán seo, déantar cuspóir a shaothrú a chomhlánaíonn an cuspóir a bhaineann le hiomaíocht neamhshaofa ar aon mhargadh ar leith a chosaint ach nach ionann é agus an cuspóir sin, mar a shainítear i dtéarmaí dhlí na hiomaíochta, is é sin, a áirithiú go bhfuil agus go mbeidh margaí a bhfuil geatóirí i láthair iontu inchoimhlinte agus cothrom, neamhspleách ar na héifeachtaí iarbhír, féideartha nó toimhdithe a bheadh ag iompar geatóra ar leith atá cumhdaithe leis an Rialachán seo ar iomaíocht ar margadh ar leith. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo cosaint a thabhairt do leas dlíthiúil atá éagsúil leis an leas atá á chosaint ag na rialacha sin agus ba cheart feidhm a bheith aige gan dochar dá gcur i bhfeidhm.

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a eascraíonn as gníomhartha eile de dhlí an Aontais lena rialaítear gnéithe áirithe de sholáthar na seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 (4) agus (AE) 2019/1150 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán maidir le margadh aonair do sheirbhísí digiteacha, agus Treoracha 2002/58/CE (6), 2005/29/CE (7), 2010/13/AE (8), (AE) 2015/2366 (9), (AE) 2019/790 (10) agus (AE) 2019/882 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 93/13/CEE ón gComhairle (12), chomh maith leis na rialacha náisiúnta arb é is aidhm dóibh gníomhartha dlí sin an Aontais a fhorfheidhmiú nó a chur chun feidhme.

(13)

Tá inchoimhlinteacht lag agus cleachtais éagóracha san earnáil dhigiteach níos coitianta agus níos soiléire do sheirbhísí digiteacha áirithe ná do chinn eile. Tá an méid sin amhlaidh, go háirithe i gcás seirbhísí digiteacha a úsáidtear go forleathan agus go coitianta agus arb é is minice idirghabháil dhíreach á déanamh acu idir úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh agus arb iad na gnéithe is suntasaí iontu, mar shampla, barainneachtaí scála ollmhóra, éifeachtaí líonra atá an-láidir, an cumas mórán úsáideoirí gnó a nascadh le mórán úsáideoirí deiridh trí iltaobhacht na seirbhísí sin, éifeachtaí glasála, easpa ilfhrithinge nó an comhtháthú ingearach. Ina lán cásanna, ní bhíonn na seirbhísí digiteacha sin á soláthar ach ag gnóthas mór amháin nó ag líon an-bheag gnóthais mhóra. Is é is minice gur tháinig na gnóthais sin chun cinn mar gheatóirí le haghaidh úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh, rud a bhfuil tionchair fhorleathana aige. Go háirithe, tá sé de chumas acu anois coinníollacha agus téarmaí tráchtála a leagan síos go héasca ar bhealach aontaobhach a dhéanann dochar dá n-úsáideoirí gnó agus dá n-úsáideoirí deiridh. Dá réir sin, ní gá díriú ach amháin ar na seirbhísí digiteacha sin is mó a mbaineann úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh feidhm astu agus i gcás inar suntasaí agus inar práinní ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de an imní faoin inchoimhlinteacht a bheith lag agus faoi chleachtais éagóracha a bheith in úsáid ag geatóirí.

(14)

Go sonrach, tá sé de chumas ag seirbhísí idirghabhála ar líne, innill chuardaigh ar líne, córais oibriúcháin, líonrú sóisialta ar líne, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, seirbhísí néalríomhaireachta, cúntóirí fíorúla, brabhsálaithe gréasáin agus seirbhísí fógraíochta ar líne, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhála fógraíochta, éifeacht a bheith acu go léir ar líon mór úsáideoirí deiridh agus gnólachtaí, rud a fhágann go bhfuil baol ann gur ann do chleachtais éagóracha ghnó. Dá bhrí sin, ba cheart iad a chur san áireamh sa sainmhíniú ar chroísheirbhísí ardáin agus ba cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is féidir le seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith gníomhach freisin i réimse na seirbhísí airgeadais, agus is féidir leo idirghabháil a dhéanamh nó is féidir iad a úsáid chun seirbhísí den sórt sin a sholáthar mar a liostaítear go neamh-uileghabhálach iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an sainmhíniú ar chroísheirbhísí ardáin a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ba cheart a thuiscint go gcumhdaíonn sé na seirbhísí sin a chuirtear ar fáil ar mhodhanna nó feistí éagsúla nó tríothu, amhail teilifís nasctha nó seirbhísí digiteacha leabaithe i bhfeithiclí. In imthosca áirithe, úsáideoirí a meastar go traidisiúnta gur úsáideoirí gnó iad ach i gcás ar leith nach n-úsáideann siad na croísheirbhísí ardáin chun earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh eile amhail, mar shampla, gnólachtaí atá ag brath ar sheirbhísí néalríomhaireachta chun a gcríoch féin, ba cheart iad a chuimsiú i gcoincheap na n-úsáideoirí deiridh.

(15)

Má cháilíonn seirbhís dhigiteach mar chroísheirbhís ardáin ní chiallaíonn sé sin, ann féin, go bhfuil díol imní ann atá sách tromchúiseach i dtaca le hinchoimhlinteacht nó cleachtais éagóracha. Ní thagann imní mar sin i gceist ach amháin i gcás inar tairseach thábhachtach an chroísheirbhís ardáin agus ina bhfuil sí á feidhmiú ag gnóthas a imríonn tionchar suntasach ar an margadh inmheánach agus suíomh daingnithe marthanach aige, nó ag gnóthas a bhfuil sé intuartha go mbeidh suíomh mar sin aige go luath. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an tacar spriocdhírithe rialacha comhchuibhithe sa Rialachán seo ach amháin maidir le gnóthais arna n-ainmniú ar bhonn na dtrí chritéar oibiachtúla sin, agus níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir leis na croísheirbhísí ardáin dá gcuid ar tairseach thábhachtach iad astu féin d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh. Gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, is féidir leis idirghabháil a dhéanamh idir úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh agus freisin idir úsáideoirí deiridh agus úsáideoirí deiridh, mar shampla i gcás seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, ach ní fhágann sé sin nach féidir a mheas go bhfuil an gnóthas sin ina thairseach thábhachtach nó go bhféadfadh sé a bheith ina thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh.

(16)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú maidir le gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu agus ar dóichí go sásóidh siad na ceanglais oibiachtúla sin, agus i gcásanna inar suntasaí agus inar mó tionchar cleachtais éagóracha lena lagaítear an inchoimhlinteacht, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann na gnóthais sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu a shásaíonn tairseacha cainníochtúla áirithe a ainmniú go díreach mar gheatóirí. Ba cheart gnóthais den sórt sin a bheith faoi réir próiseas tapa ainmnithe ar aon nós a thosódh a luaithe a thiocfaidh an Rialachán seo chun bheith infheidhme.

(17)

Má tá láimhdeachas an-suntasach san Aontas ag gnóthas agus croísheirbhís ardáin á soláthar aige i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad, is comhartha láidir é sin go bhfuil tionchar suntasach ag an ngnóthas sin ar an margadh inmheánach. Tá sin chomh fíor céanna i gcás ina bhfuil caipitliú margaidh an-mhór nó margadhluach cothrom coibhéiseach ag gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis go bhfuil tionchar suntasach ag gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige ar an margadh aonair i gcás ina bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad agus i gcás inar comhionann a láimhdeachas grúpa arna réadú san Aontas agus tairseach ard shonrach, nó ar mó é ná sin, nó inar comhionann caipitliú margaidh an ghrúpa agus dearbhluach ard áirithe, nó ar mó é ná sin. I gcás gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu a bhaineann le gnóthais nach bhfuil liostaithe go poiblí, ba cheart an margadhluach cothrom cóibhéiseach a úsáid mar thagairt. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann feidhm a bhaint as a chuid cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun modheolaíocht oibiachtúil a fhorbairt chun an luach sin a ríomh.

Léiríonn láimhdeachas grúpa ard arna réadú san Aontas in éineacht le líon tairsí na n-úsáideoirí croísheirbhísí ardáin san Aontas cumas réasúnta láidir luach airgid a chur ar na húsáideoirí sin. Léiríonn caipitliú margaidh ard i gcoibhneas leis an líon tairsí céanna d’úsáideoirí san Aontas cumas réasúnta mór luach airgid a chur ar na húsáideoirí sin go luath. Dá réir sin, léiríonn an cumas luach airgid a chur orthu, i bprionsabal, suíomh tairsí na ngnóthas lena mbaineann. Ina theannta sin, léiríonn an dá tháscaire acmhainneacht airgeadais na ngnóthas lena mbaineann, lena n-áirítear an cumas atá acu a rochtain ar mhargaí airgeadais a ghiaráil chun a suíomh a dhaingniú. Is féidir leis sin tarlú, mar shampla, nuair a bhaintear feidhm as an rochtain ardleibhéil sin chun gnóthais eile a fháil, ar cumas é a bhfuil sé léirithe ina leith go bhféadfadh sé éifeachtaí diúltacha a bheith aige ar an nuálaíocht. Is féidir freisin go léireoidh caipitliú margaidh an suíomh ionchasach sa todhchaí agus éifeacht na ngnóthas lena mbaineann ar an margadh inmheánach, d’ainneoin go bhféadfadh an láimhdeachas reatha a bheith réasúnta íseal. Ba cheart luach an chaipitlithe margaidh a bhunú ar leibhéal a léiríonn meánchaipitliú margaidh na ngnóthas is mó de na gnóthais arna liostú go poiblí san Aontas, thar thréimhse iomchuí.

(18)

I gcás caipitliú margaidh ag an tairseach nó os a chionn sa bhliain airgeadais roimhe sin, ba cheart a thoimhdiú go bhfuil tionchar suntasach ar an margadh inmheánach ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige, agus i gcás caipitliú margaidh leanúnach ag an tairseach nó os a chionn ar feadh trí bliana nó níos mó ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ba cheart é a mheas mar neartú ar an toimhde sin.

(19)

Os a choinne sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt tosca a bhaineann le caipitliú margaidh a mbeadh measúnú mion ag teastáil ina leith lena chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart a mheas go bhfuil tionchar suntasach ag gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ar an margadh inmheánach. D’fhéadfadh sin a bheith amhlaidh má bhí caipitliú margaidh an ghnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige sna blianta airgeadais roimhe sin i bhfad níos ísle ná an tairseach agus i gcás ina raibh luaineacht a chaipitlithe margaidh thar an tréimhse bhreathnaithe díréireach le luaineacht fhoriomlán an mhargaidh cothromais nó i gcás ina raibh conair a chaipitlithe margaidh i gcoibhneas le conairí an mhargaidh ar neamhréir le fás tapa agus aontreoch.

(20)

Le líon ard úsáideoirí gnó a bhíonn ag brath ar chroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar líon an-ard úsáideoirí deiridh a bhíonn gníomhach go míosúil, cuirtear ar chumas an ghnóthais a bhfuil an tseirbhís sin á soláthar aige tionchar a imirt ar na hoibríochtaí atá ag líon substaintiúil úsáideoirí gnó ar bhealach a dhéanann leas dó féin agus léiríonn sé, i bprionsabal, go bhfuil an gnóthas sin ina thairseach thábhachtach. Ba cheart na leibhéil ábhartha faoi seach do na líonta sin a shocrú agus iad ionadaíoch do chéatadán substainteach de phobal uile an Aontais chomh fada agus a bhaineann sé le húsáideoirí deiridh agus de phobal iomlán na ngnólachtaí a úsáideann croísheirbhísí ardáin chun an tairseach i gcomhair úsáideoirí gnó a chinneadh. Ba cheart úsáideoirí deiridh gníomhacha agus úsáideoirí gnó gníomhacha a shainaithint agus a ríomh ar bhealach chun ionadaíocht leordhóthanach a dhéanamh ar ról agus raon na croísheirbhíse ardáin ar leith atá i gceist. Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do gheatóirí, ba cheart na heilimintí chun líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus na n-úsáideoirí gnó a chinneadh in aghaidh gach croísheirbhíse ardáin a leagan amach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Is féidir le forbairtí sa teicneolaíocht agus forbairtí eile difear a dhéanamh d’eilimintí den sórt sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar liosta na dtáscairí a úsáidtear chun líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus na n-úsáideoirí gnó gníomhacha a chinneadh.

(21)

Tarlaíonn sé go mbíonn suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí nó gur féidir a thuar go mbeidh suíomh den sórt sin sa todhchaí aige, go háirithe nuair atá teorainn le hinchoimhlinteacht shuíomh an ghnóthais a bhfuil an chroísheirbhís ardáin á soláthar aige. Is é is dóichí gurb é sin an cás má sholáthair an gnóthas croísheirbhís ardáin i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad do líon an-ard úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh thar thréimhse 3 bliana ar a laghad.

(22)

Féadfaidh forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht difear a dhéanamh do thairseacha den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an mhodheolaíocht a úsáidfear lena chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil na tairseacha cainníochtúla á sásamh a shonrú, agus í a athrú go tráthrialta chun teacht le forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht de réir mar is gá. Níor cheart na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach sa Rialachán seo a leasú leis na gníomhartha tarmligthe sin.

(23)

Ba cheart gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a bheith in ann, in imthosca eisceachtúla, an toimhde go bhfuil tionchar suntasach ag an ngnóthas ar an margadh inmheánach a fhrisnéis trína léiriú cé go gcomhlíonann sé na tairsí cainníochtúla a leagtar amach sa Rialachán seo, nach gcomhlíonann sé na ceanglais lena ainmniú mar gheatóir. Maidir leis an ualach fianaise a sholáthar nár cheart feidhm a bheith ag an toimhde a eascraíonn as na tairseacha cainníochtúla a chomhlíonadh, ba cheart an t-ualach sin a bheith ar an ngnóthas sin. Ina mheasúnú ar an bhfianaise agus ar na hargóintí a rinneadh, níor cheart don Choimisiún a chur san áireamh ach na heilimintí sin a bhaineann go díreach leis na critéir chainníochtúla, eadhon tionchar an ghnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ar an margadh inmheánach lasmuigh de theorainn ioncaim nó de chaidhp mhargaidh, amhail méid an ghnóthais i ndearbhthéarmaí, agus líon na mBallstát ina bhfuil sé i láthair; de réir a mhéid a sháraíonn líon na n-úsáideoirí gnó iarbhír agus líon na n-úsáideoirí deiridh na tairseacha agus a thábhachtaí atá croísheirbhís ardáin an ghnóthais, i bhfianaise scála foriomlán gníomhaíochtaí na croísheirbhíse ardáin faoi seach; agus an líon blianta ar baineadh amach na tairseacha ina leith.

Aon bhonn cirt ar fhorais eacnamaíocha ina ndéantar iarracht dul i mbun sainmhíniú ar an margadh nó éifeachtúlachtaí a léiriú a eascraíonn as iompraíocht de chineál ar leith arna déanamh ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ba cheart é a chur i leataobh mar nach mbaineann sé leis an ainmniú mar gheatóir. Más rud é nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a cuireadh isteach toisc gur follasach nach gcuireann siad an toimhde in amhras, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann na hargóintí a dhiúltú laistigh den tréimhse ama 45 lá oibre dá bhforáiltear san ainmniúchán. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann cinneadh a dhéanamh trína bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar na tairseacha cainníochtúla i gcás ina gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige bac ar an imscrúdú trí neamhchomhlíonadh na mbeart imscrúdaitheach atá déanta ag an gCoimisiún.

(24)

Ba cheart foráil a dhéanamh freisin don mheasúnú ar an ról mar gheatóirí atá ag gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu, ar gnóthais iad nach sásaíonn na tairseacha cainníochtúla go léir, i bhfianaise na gceanglas oibiachtúil foriomlán go mbeadh tionchar suntasach acu ar an margadh inmheánach, go mbeidís ag feidhmiú mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus go mbeadh leas á bhaint acu as suíomh daingnithe marthanach ina gcuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbeidh leas á bhaint acu as suíomh den sórt sin go luath. I gcás gur fiontar beag nó meánmhéide nó micrifhiontar é an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ba cheart a chur san áireamh go cúramach sa mheasúnú an mbeadh gnóthas den sórt sin in ann an bonn a bhaint go substaintiúil d’inchoimhlinteacht na gcroísheirbhísí ardáin, ós rud é go bhfuil an Rialachán seo á dhíriú go príomha ar ghnóthais mhóra a bhfuil cumhacht eacnamaíoch nach beag acu seachas ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó micrifhiontair.

(25)

Ní fhéadfar measúnú den sórt sin a dhéanamh ach i bhfianaise imscrúdú margaidh, agus na tairseacha cainníochtúla á gcur san áireamh. Sa mheasúnú uaidh, ba cheart don Choimisiún na cuspóirí a shaothrú i ndáil leis an nuálaíocht agus cáilíocht na dtáirgí agus na seirbhísí digiteacha a chaomhnú agus a chothú, a mhéid atá praghsanna cothrom agus iomaíoch, agus a mhéid atá an cháilíocht nó an rogha d’úsáideoirí gnó nó d’úsáideoirí deiridh ard nó a mhéid a leanann siad de bheith ard. Féadfar na heilimintí a bhaineann go sonrach leis na gnóthais a bhfuil na croísheirbhísí ardáin lena mbaineann á soláthar acu a chur san áireamh, amhail barainneachtaí scála nó raon feidhme ollmhóra, éifeachtaí líonra atá an-láidir, buntáistí sonraíbhunaithe, an cumas mórán úsáideoirí gnó a nascadh le mórán úsáideoirí deiridh trí iltaobhacht na seirbhísí sin, éifeachtaí glasála, easpa ilfhrithinge, struchtúr corparáideach ilchuideachta nó comhtháthú ingearach. Ina theannta sin, féadann caipitliú margaidh an-ard, cóimheas an-ard de luach cothromais os cionn brabúis nó láimhdeachas an-ard a dhíorthaítear ó úsáideoirí deiridh croísheirbhíse ardáin aonair a úsáid mar tháscairí maidir le cumas giarála gnóthas den sórt sin agus maidir leis an margadh a bheith á iompú ina bhfabhar. In éineacht le caipitliú margaidh, tá rátaí fáis coibhneasta ard ina samplaí de pharaiméadair dhinimiciúla atá an-ábhartha maidir le gnóthais den sórt sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu a shainaithint, ar gnóthais iad a bhfuil sé intuartha go mbeidh siad daingnithe marthanach. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann cinneadh a dhéanamh trí thátail dhiúltacha a bhaint as fíorais atá ar fáil i gcás ina gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige bac mór ar an imscrúdú trí na bearta imscrúdaitheacha atá déanta ag an gCoimisiún a neamhchomhlíonadh.

(26)

Ba cheart feidhm a bheith ag fo-thacar rialacha ar leith maidir leis na gnóthais sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu a bhfuil sé intuartha go mbeidh tairbhe á baint acu as suíomh daingnithe marthanach go luath. Is iad na sainghnéithe céanna de chroísheirbhísí ardáin a chuireann i mbaol iompú iad: a luaithe a fhaigheann gnóthas a bhfuil an croísheirbhís ardáin á soláthar aige buntáiste ar leith ar a chéilí comhraic nó ar iomaitheoirí féideartha maidir le scála nó cumhacht idirghabhála, d’fhéadfadh sé go mbeadh suíomh dochloíte aige agus d’fhéadfadh forbairt teacht ar an gcás ionas gur dócha go mbeadh sé daingnithe marthanach go luath. Féadfaidh gnóthais iarracht a dhéanamh an t-iompú sin a spreagadh agus teacht chun cinn mar gheatóirí trí chuid de na coinníollacha agus de na cleachtais éagóracha atá á rialáil faoin Rialachán seo a úsáid. I gcás den sórt sin, is cosúil gurb iomchuí idirghabháil a dhéanamh sula n-iompóidh an margadh go buan.

(27)

Mar sin féin, ba cheart idirghabháil luath den sórt sin a theorannú do na hoibleagáidí atá riachtanach agus iomchuí a fhorchur chun a áirithiú go leanfaidh na seirbhísí lena mbaineann de bheith inchoimhlinte agus go mbeifear ábalta an baol áirithe a bhaineann le coinníollacha agus cleachtais éagóracha a sheachaint. Oibleagáidí a choisceann an gnóthas lena mbaineann a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ar leas a bhaint as suíomh daingnithe marthanach ina chuid gníomhaíochtaí, amhail iad siúd a choisceann giaráil, agus iad siúd a éascaíonn athrú agus ilfhrithing, tá siad dírithe ar bhealach níos sonraí ar an gcríoch sin. Chun comhréireacht a áirithiú, níor cheart, lena chois sin, don Choimisiún aon oibleagáidí ón bhfo-thacar sin d’oibleagáidí a chur i bhfeidhm, ach amháin iad siúd atá riachtanach agus comhréireach chun cuspóirí an Rialacháin a bhaint amach agus ba cheart dó athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar cé acu ba cheart nó nár cheart oibleagáidí den sórt sin a chothabháil, a chur faoi chois, nó a oiriúnú.

(28)

Agus na hoibleagáidí sin atá riachtanach agus comhréireach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus na hoibleagáidí sin amháin, á gcur i bhfeidhm, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh in am agus go héifeachtach, agus meas iomlán a léiriú an tráth céanna ar chomhréireacht na mbeart arna mbreithniú. Ba cheart rannpháirtithe iarbhír agus féideartha sa mhargadh a chur ar a suaimhneas freisin maidir le hinchoimhlinteacht agus cothroime na seirbhísí lena mbaineann.

(29)

Ba cheart do gheatóirí na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh maidir le gach ceann de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin ábhartha. Ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí agus suíomh ilchuideachta na ngeatóirí á chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Ina theannta sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann bearta cur chun feidhme a fhorchur ar an ngeatóir le cinneadh. Ba cheart na bearta cur chun feidhme sin a dhearadh ar bhealach éifeachtach, ag féachaint do ghnéithe na gcroísheirbhísí ardáin chomh maith leis na rioscaí seachanta a d’fhéadfadh a bheith ann agus ag comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta agus chearta bunúsacha na ngnóthas lena mbaineann, chomh maith leo siúd a bhaineann le tríú páirtithe.

(30)

De bharr croísheirbhísí ardáin a bheith ag athrú go han-tapa agus iad a bheith casta ó thaobh na teicneolaíochta de, tá sé riachtanach athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar stádas geatóirí, lena n-áirítear na geatóirí sin a bhfuil sé intuartha go mbeidh tairbhe á baint acu as suíomh daingnithe marthanach ina gcuid oibríochtaí go luath. Chun an deimhneacht atá riachtanach i dtaca leis na hoibleagáidí dlíthiúla infheidhme a sholáthar do na rannpháirtithe margaidh go léir, na geatóirí san áireamh, tá gá le teorainn ama le haghaidh athbhreithnithe tráthrialta den sórt sin. Tá sé tábhachtach freisin athbhreithnithe den sórt sin a dhéanamh ar bhonn tráthrialta agus gach 3 bliana ar a laghad. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach a shoiléiriú nach gciallóidh gach athrú ar na fíricí a bhfuil gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ainmnithe mar gheatóir ar a mbonn gur cheart an cinneadh ainmniúcháin a leasú. Ní bheidh leasú riachtanach ach amháin má thagann athrú ar an measúnú mar thoradh ar na fíricí atá athraithe. Bíodh nó ná bíodh an cás amhlaidh, ba cheart dó sin a bheith bunaithe ar mheasúnú ar na fíricí agus ar na himthosca de réir an cháis.

(31)

Chun inchoimhlinteacht agus cothroime na gcroísheirbhísí ardáin arna soláthar ag geatóirí a choimirciú, is gá foráil a dhéanamh ar bhealach atá soiléir agus gan athbhrí do thacar rialacha comhoiriúnaithe maidir leis na seirbhísí sin. Tá gá le rialacha den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol a bhaineann leis na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag cleachtais geatóirí, ar rialacha iad a rachaidh chun tairbhe don timpeallacht ghnó sna seirbhísí lena mbaineann, chun tairbhe d’úsáideoirí agus i ndeireadh na dála chun tairbhe don tsochaí i gcoitinne. Comhfhreagraíonn na hoibleagáidí leis na cleachtais sin a mheastar go bhfuil an bonn á bhaint acu den inchoimhlinteacht nó go bhfuil siad éagórach, nó an dá rud, agus gnéithe na hearnála digití á gcur san áireamh, agus ar cleachtais iad a bhfuil tionchar diúltach ar leith acu ar úsáideoirí gnó agus ar úsáideoirí deiridh. Na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart dóibh a bheith in ann cineál na gcroísheirbhísí ardáin a sholáthraítear a chur san áireamh go sonrach. Leis na hoibleagáidí sa Rialachán seo ba cheart ní hamháin inchoimhlinteacht agus cothroime a áirithiú i ndáil le croísheirbhísí ardáin a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin, ach i ndáil le táirgí agus seirbhísí digiteacha eile ina ndéanann geatóirí a suíomh tairsí a ghiaráil freisin, ar seirbísí iad a sholáthraítear go minic in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo.

(32)

Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart inchoimhlinteacht a bheith gaolta le cumas na ngnóthas bacainní ar iontráil agus ar fhorbairt a shárú go héifeachtach agus dúshlán an gheatóra a thabhairt le fiúntas a dtáirgí agus a seirbhísí. Mar thoradh ar ghnéithe na gcroísheirbhísí ardáin san earnáil dhigiteach, amhail éifeachtaí líonra, barainneachtaí scála láidre, agus tairbhí ó na sonraí, cuireadh srian ar inchoimhlinteacht na seirbhísí sin agus na n-éiceachóras gaolmhar. Le hinchoimhlinteacht lag mar sin, laghdaítear na dreasachtaí le táirgí agus seirbhísí a nuáil agus a fheabhsú don gheatóir, dá úsáideoirí gnó, dá iomaitheoirí agus dá chustaiméirí, agus dá bharr sin bíonn tionchar diúltach aici ar acmhainneacht nuálaíochta an gheilleagair ardáin ar líne i gcoitinne. Féadfaidh inchoimhlinteacht na seirbhísí san earnáil dhigiteach a bheith teoranta freisin má tá níos mó ná geatóir amháin ann le haghaidh croísheirbhís ardáin. Ba cheart don Rialachán seo, dá bhrí sin, cosc a chur ar chleachtais áirithe á ndéanamh ag geatóirí ar dócha go gcuirfidh siad le bacainní ar iontráil nó forleathnú, agus oibleagáidí áirithe a fhorchur ar gheatóirí a mbeidh an éifeacht acu na bacainní sin a laghdú. Leis na hoibleagáidí sin ba cheart aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil suíomh an gheatóra daingnithe a mhéid is nach mbíonn éifeacht ag iomaíocht idir-ardáin sa ghearrthéarma, rud a chiallaíonn nach mór an iomaíocht idir-ardáin a chruthú nó a mhéadú.

(33)

Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart baint a bheith ag éagóir leis an éagothroime idir cearta agus oibleagáidí úsáideoirí gnó i gcás ina bhfaigheann an geatóir buntáiste díréireach. Rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úsáideoirí gnó na gcroísheirbhísí ardáin agus soláthraithe malartacha seirbhísí arna soláthar in éineacht le croísheirbhísí ardáin den sórt sin nó mar thaca leo, a cheart dóibh a bheith in ann na tairbhí a eascraíonn as a n-iarrachtaí nuálaíochta nó as a n-iarrachtaí eile a ghabháil ar bhealach leordhóthanach. Mar thoradh ar a suíomh tairsí agus a n-ardchumhacht mhargála, d’fhéadfadh sé go nglacfaidh geatóirí páirt in iompraíocht nach gceadaíonn do gheatóirí eile tairbhí a rannchuidithe féin a ghabháil ina n-iomláine, agus coinníollacha neamhchothroma a leagan síos go haontaobhach maidir lena gcroísheirbhísí ardáin nó seirbhísí a sholáthraítear in éineacht lena gcroísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo. Ní eisiatar éagothroime den sórt sin fiú má thairgeann geatóir seirbhís áirithe saor in aisce chuig grúpa sonrach úsáideoirí, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé i gceist úsáideoirí gnó a choinneáil amach nó idirdhealú a dhéanamh ina n-aghaidh, go háirithe má tá siad in iomaíocht leis na seirbhísí arna soláthar ag an ngeatóir. Leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí lena dtugtar aghaidh ar iompraíocht den sórt sin a fhorchur ar gheatóirí.

(34)

Tá dlúthnasc idir an inchoimhlinteacht agus an chothroime. Féadann easpa inchoimhlinteachta nó inchoimhlinteacht lag le haghaidh seirbhís áirithe é a chur ar chumas geatóra dul i mbun cleachtais éagóracha. Ar an gcaoi chéanna, féadann cleachtais éagóracha arna ndéanamh ag geatóir an deis atá ag úsáideoirí gnó nó úsáideoirí eile suíomh an gheatóra a choimhlint a laghdú. Dá réir sin, d’fhéadfadh oibleagáid áirithe sa Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar an dá eilimint.

(35)

Tá na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo riachtanach dá bhrí sin chun aghaidh a thabhairt ar údair imní shainaitheanta i dtaca leis an mbeartas poiblí, i gcás inarb amhlaidh nach bhfuil aon bhearta malartacha ar fáil a bhfuil níos lú srianta ag baint leo agus lena mbainfí amach an toradh céanna go héifeachtach, ag féachaint don ghá atá leis an ord poiblí agus príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála atá calaoiseach agus mealltach a chomhrac.

(36)

Go minic bailíonn geatóirí sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh chun seirbhísí fógraíochta ar líne a sholáthar nuair a bhaineann úsáideoirí deiridh úsáid as suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir bogearraí tríú páirtí. Soláthraíonn tríú páirtithe sonraí pearsanta a n-úsáideoirí deiridh do gheatóirí freisin chun úsáid a bhaint as seirbhísí áirithe arna soláthar ag na geatóirí i gcomhthéacs a gcroísheirbhísí ardáin, amhail lucht úsáide saincheaptha. Mar gheall ar phróiseáil sonraí pearsanta ó thríú páirtithe a úsáideann croísheirbhísí ardáin chun críoch seirbhísí fógraíochta ar líne a sholáthar, tugtar buntáistí féideartha do gheatóirí maidir le carnadh sonraí, agus dá réir sin cuirtear bacainní ar iontráil. Tá an scéal amhlaidh toisc go ndéanann geatóirí sonraí pearsanta a phróiseáil ó líon i bhfad níos mó tríú páirtithe ná gnóthais eile. Eascraíonn buntáistí comhchosúla ó (i) sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh arna mbailiú ó chroísheirbhís ardáin a chomhcheangal leis na sonraí arna mbailiú ó sheirbhísí eile, (ii) sonraí pearsanta ó chroísheirbhís ardáin a thras-úsáid i seirbhísí eile arna soláthar ar leithligh ag an ngeatóir, go háirithe seirbhísí nach soláthraítear in éineacht leis an gcroísheirbhís ardáin ábhartha nó mar thaca léi, agus vice-versa, nó (iii) úsáideoirí deiridh a shíniú isteach chuig seirbhísí eile de chuid na ngeatóirí chun sonraí pearsanta a chomhcheangal. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh geatóirí an bonn a bhaint go héagórach d’inchoimhlinteacht na gcroísheirbhísí ardáin, ba cheart do gheatóirí a chur ar chumas na n-úsáideoirí deiridh rogha thoilteanach a dhéanamh páirt a ghlacadh sna cleachtais próiseála sonraí agus sínithe isteach sin trí rogha mhalartach a chur ar fáil dóibh, rogha nach mbeadh chomh pearsantaithe sin ach ar chomhionann í, agus gan úsáid na croísheirbhíse ardáin ná úsáid feidhmiúlachtaí áirithe di a chur de choinníoll ar thoiliú an úsáideora deiridh. Ba cheart dó sin a bheith gan dochar don gheatóir sonraí pearsanta a phróiseáil nó úsáideoirí deiridh a shíniú isteach chuig seirbhís, ar an mbunús dlí faoi Airteagal 6(1), pointí (c), (d) agus (e) de Rialachán (AE) 2016/679, ach ní ar Airteagal 6(1), pointí (b) agus (f) den Rialachán sin.

(37)

Níor cheart an rogha nach bhfuil chomh pearsantaithe céanna a bheith éagsúil nó ar cháilíocht dhíghrádaithe i gcomparáid leis an tseirbhís a sholáthraítear d’úsáideoirí deiridh a thugann toiliú, ach amháin más toradh díreach an díghrádú cáilíochta ar an ngeatóir gan a bheith in ann sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil ná úsáideoirí deiridh a shíniú isteach chuig seirbhís. Níor cheart é a bheith níos deacra gan toiliú a thabhairt ná toiliú a thabhairt. Nuair a iarrann an geatóir toiliú, ba cheart dó réiteach soláimhsithe a chur ar fáil go réamhghníomhach don úsáideoir deiridh chun toiliú a sholáthar, a mhodhnú nó a tharraingt siar ar bhealach follasach, soiléir agus simplí. Go háirithe, ba cheart toiliú a thabhairt trí ghníomhaíocht nó ráiteas soiléir dearfach lena ndéanann an t-úsáideoir deiridh a chur in iúl faoi shaoirse, go sonrach, feasach agus gan athbhrí go n-aontaíonn sé, mar a shainítear i Rialachán (AE) 2016/679. Tráth tugtha an toilithe, agus i gcásanna inarb infheidhme amháin, ba cheart an t-úsáideoir deiridh a chur ar an eolas go bhféadfaí tairiscint nach mbeadh chomh pearsantaithe sin a fháil i gcás nach dtugtar toiliú, ach seachas sin, go leanfaidh an chroísheirbhís ardáin gan athrú agus nach gcuirfear aon fheidhmiúlachtaí faoi chois. Go heisceachtúil, mura féidir toiliú a thabhairt go díreach chuig croísheirbhís ardáin an gheatóra, ba cheart na húsáideoirí deiridh a bheith in ann toiliú a thabhairt trí gach seirbhís tríú páirtí a úsáideann an chroísheirbhís ardáin sin, chun go mbeidh an geatóir in ann sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch seirbhísí fógraíochta ar líne a sholáthar.

Ar deireadh, ba cheart é a bheith chomh héasca toiliú a tharraingt siar agus atá sé é a thabhairt. Níor cheart do gheatóirí a gcomhéadain ar líne a dhearadh, a eagrú nó a oibriú ionas go ndéanfaí úsáideoirí deiridh a mheabhlú nó a ionramháil, nó go ndéanfaí cumas úsáideoirí deiridh a shaobhadh nó a lagú go hábhartha chun toiliú saor a thabhairt. Go háirithe, níor cheart do gheatóirí a bheith in ann iarraidh ar úsáideoirí deiridh níos minice ná uair sa bhliain toiliú a thabhairt i leith an chuspóra próiseála céanna nár thug siad a dtoiliú nó ar tharraing siad a dtoiliú siar ina leith. Beidh an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear a chreat forfheidhmithe, a leanann de bheith infheidhme ina iomláine i ndáil le haon éileamh arna dhéanamh ag ábhar sonraí a bhaineann le sárú ar a gcearta faoin Rialachán sin.

(38)

Tá cosaint ar leith dlite do leanaí i ndáil lena sonraí pearsanta, go háirithe maidir le húsáid a sonraí pearsanta chun críoch cumarsáide tráchtála nó chun próifílí úsáideoirí a chruthú. Is cuspóir tábhachtach ag an Aontas é leanaí a chosaint ar líne agus ba cheart an cuspóir sin a léiriú i ndlí ábhartha an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt do Rialachán maidir le margadh aonair do sheirbhísí digiteacha. Níl aon ní sa Rialachán seo a dhíolmhaíonn geatóirí ó na hoibleagáidí chun leanaí a chosaint mar a leagtar síos i ndlí is infheidhme an Aontais iad.

(39)

I gcásanna áirithe, mar shampla trí théarmaí agus coinníollacha conarthacha a fhorchur, is féidir le geatóirí srian a chur leis an gcumas a bheadh ag úsáideoirí gnó a bhaineann feidhm as a seirbhísí idirghabhála ar líne, táirgí nó seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh faoi choinníollacha níos fabhraí, lena n-áirítear ó thaobh an phraghais de, trí sheirbhísí eile idirghabhála ar líne nó trí bhealaí díolacháin díreacha ar líne. I gcás ina mbaineann srianta den sórt sin le seirbhísí idirghabhála ar líne tríú páirtí, cuireann siad teorainn leis an inchoimhlinteacht idir-ardáin, rud a chuireann teorainn freisin le rogha na seirbhísí idirghabhála ar líne malartacha d’úsáideoirí deiridh. I gcás ina mbaineann srianta den sórt sin le cainéil díolacháin dhíreacha ar líne, cuireann siad teorainn éagóir ar shaoirse úsáideoirí gnó úsáid a bhaint as cainéil den sórt sin. Lena áirithiú go mbeidh sé de shaoirse ag úsáideoirí gnó sheirbhísí idirghabhála ar líne na ngeatóirí seirbhísí malartacha idirghabhála ar líne nó cainéil díolacháin dhíreacha ar líne malartacha a roghnú agus na coinníollacha faoina dtairgeann siad a gcuid earraí nó a gcuid seirbhísí d’úsáideoirí deiridh a idirdhealú, níor cheart glacadh leis go gcuirfeadh geatóirí srian leis an rogha a bheadh ag úsáideoirí gnó coinníollacha tráchtála a idirdhealú, lena n-áirítear ar phraghas. Ba cheart feidhm a bheith ag srian den sórt sin maidir le haon bheart a bhfuil éifeacht choibhéiseach aige, amhail rátaí coimisiúin méadaithe nó tairiscintí úsáideoirí gnó a dhíliostú.

(40)

Chun nach ndéanfar a spleáchas ar chroísheirbhísí ardáin na ngeatóirí a threisiú tuilleadh, agus chun an ilfhrithing a chur chun cinn, ba cheart d’úsáideoirí gnó na ngeatóirí sin an tsaoirse a bheith acu an bealach dáileacháin is iomchuí, dar leo, chun idirghníomhú le húsáideoirí deiridh ar bith atá faighte cheana féin ag na húsáideoirí gnó sin trí chroísheirbhísí ardáin arna soláthar ag an ngeatóir nó trí bhealaí eile, a chur chun cinn agus a roghnú. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir le tairiscintí, lena n-áirítear trí fheidhmchlár bogearraí de chuid an úsáideora gnó, agus aon chineál chumarsáide agus conarthaí a thabhairt i gcrích idir úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh. Is é is úsáideoirí deiridh faighte aon úsáideoir deiridh a bhfuil caidreamh tráchtála déanta aige leis an úsáideoirí gnó agus, i gcás inarb iomchuí, inar íoc an t-úsáideoir gnó an geatóir go díreach nó go hindíreach chun éascaíocht a dhéanamh i dtaca le fáil tosaigh an úsáideora deiridh arna dhéanamh ag an úsáideoir gnó. Féadfaidh caidreamh tráchtála den sórt sin a bheith ar bhonn íoctha nó saor in aisce (amhail trialacha saor in aisce, céimeanna seirbhíse saor in aisce) agus féadfaidh sé go ndearnadh iad ar chroísheirbhíse ardáin an gheatóra nó trí aon bhealach eile. Os a choinne sin, ba cheart d’úsáideoirí deiridh an tsaoirse a bheith acu freisin chun tairiscintí ó úsáideoirí gnó den sórt sin a roghnú agus conarthaí a dhéanamh leo, bíodh sin trí chroísheirbhísí ardáin an gheatóra, más infheidhme, nó ó bhealach díreach dáileacháin de chuid an úsáideora gnó nó ó bhealach indíreach eile a úsáideann úsáideoir gnó den sórt sin.

(41)

Níor cheart dochar a dhéanamh don chumas a bheadh ag úsáideoirí deiridh ábhar, síntiúis, gnéithe nó míreanna eile a fháil lasmuigh de chroísheirbhísí ardáin an gheatóra ná srian a chur leis an gcumas sin. Go sonrach, ba cheart cás a sheachaint ina ndéanfadh geatóirí rochtain úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí den sórt sin nó úsáid na seirbhísí sin ag úsáideoirí deiridh a shrianadh trí fheidhmchlár bogearraí a ritheann ar a gcroísheirbhís ardáin. Mar shampla, níor cheart cosc a chur ar shíntiúsóirí ábhair ar líne a ceannaíodh lasmuigh d’fheidhmchlár bogearraí, siopa feidhmchlár bogearraí nó cúntóir fíorúil, rochtain a fháil ar an ábhar sin ar líne ar fheidhmchlár bogearraí ar chroísheirbhís ardáin an gheatóra, agus gan de chúis leis ach gur ceannaíodh é lasmuigh d’fheidhmchlár bogearraí, siopa feidhmchlár bogearraí nó cúntóir fíorúil den sórt sin.

(42)

Chun timpeallacht tráchtála atá cothrom a choimirciú agus chun inchoimhlinteacht na hearnála digití a chosaint, tá sé tábhachtach coimirciú a thabhairt don cheart atá ag úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear sceithirí, imní maidir le cleachtais éagóracha arna ndéanamh ag geatóirí a léiriú, agus aon chás nuair nach gcomhlíontar dlí ábhartha de chuid an Aontais ná dlí náisiúnta ábhartha a chur thar bhráid aon údaráis riaracháin nó aon údaráis phoiblí eile is ábhartha, lena n-áirítear na cúirteanna náisiúnta. Mar shampla, is féidir go mbeidh úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh ag iarraidh gearán a dhéanamh faoi chineálacha éagsúla cleachtas gnó, amhail coinníollacha rochtana atá idirdhealaitheach, cuntais úsáideoirí gnó a dhúnadh gan údar nó forais dhoiléire le haghaidh díliostú táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar aon chleachtas a chuirfeadh bac nó srian, ar bhealach ar bith, ar an bhféidearthacht a bheadh ag na húsáideoirí sin imní a léiriú nó cúiteamh atá ar fáil a lorg, mar shampla, trí bhíthin clásail rúndachta i gcomhaontuithe nó téarmaí eile i scríbhinn. Ba cheart an toirmeasc sin a bheith gan dochar don cheart a bheadh ag úsáideoirí gnó agus ag geatóirí téarmaí úsáide a leagan síos ina gcuid comhaontuithe, lena n-áirítear úsáid a bhaint as sásraí dleathacha chun gearáin a láimhseáil, agus chomh maith leis sin aon úsáid a bhaint as sásraí malartacha um réiteach díospóidí nó as dlínse cúirteanna ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta faoi seach. Ba cheart é sin a bheith gan dochar freisin don ról atá ag geatóirí i gcomhrac an ábhair neamhdhleathaigh ar líne.

(43)

Tá seirbhísí áirithe ann, a sholáthraítear i dteannta croísheirbhísí ardáin an gheatóra, nó mar thaca leis na croísheirbhísí sin, amhail seirbhísí sainaitheanta, innill brabhsálaí gréasáin, seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí teicniúla lena dtacaítear le seirbhísí íocaíochta a sholáthar, amhail córais íocaíochta le haghaidh ceannacháin ionaipe, agus bíonn na seirbhísí sin ríthábhachtach d’úsáideoirí gnó chun a ngnó a dhéanamh agus chun gur féidir leo a gcuid seirbhísí a optamú. Go háirithe, tógtar gach brabhsálaí ar inneall brabhsálaí gréasáin, a bhíonn freagrach as príomhfheidhmiúlacht brabhsálaí amhail luas, iontaofacht agus comhoiriúnacht gréasáin. Nuair a oibríonn agus a fhorchuireann geatóirí innill brabhsálaí gréasáin, bíonn siad in ann feidhmiúlacht agus caighdeáin a chinneadh a mbeidh feidhm acu ní hamháin maidir lena mbrásálaithe féin ach freisin maidir le brabhsálaithe gréasáin a n-iomaitheoirí agus, dá réir sin, maidir le feidhmchláir bogearraí. Dá bhrí sin, níor cheart do gheatóirí a bpost a úsáid chun a éileamh go n-úsáidfeadh na húsáideoirí gnó atá spleách orthu na seirbhísí arna soláthar in éineacht le croísheirbhísí ardáin lárnaigh, nó chun tacú leo, ar seirbhísí iad sin a sholáthraíonn an geatóir féin mar chuid de na seirbhísí nó de na táirgí a sholáthraíonn na húsáideoirí gnó sin. Chun cás a sheachaint ina bhforchuirfeadh geatóirí, go hindíreach ar úsáideoirí gnó, a gcuid seirbhísí féin arna soláthar i dteannta croísheirbhís ardáin, nó mar thaca leis na croísheirbhísí sin, a úsáid, ba cheart toirmeasc a chur freisin ar gheatóirí é a cheangal ar úsáideoirí deiridh na seirbhísí sin a úsáid, i gcás ina bhforchuirfí an ceangal sin i gcomhthéacs na seirbhíse arna soláthar d’úsáideoirí deiridh ag an úsáideoir gnó agus croísheirbhís ardáin an gheatóra á húsáid aige. Is é is aidhm don toirmeasc sin saoirse an úsáideora gnó a chosaint seirbhísí nach seirbhísí an gheatóra iad a roghnú, ach ní cheart tuiscint as go bhfuil oibleagáid ar an úsáideoir gnó na seirbhísí eile sin a thairiscint dá úsáideoirí deiridh.

(44)

Le hiompar trína gceanglaítear ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh síntiús a ghlacadh le haon chroísheirbhísí ardáin eile de chuid geatóirí atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin, nó clárú leo, nó a chomhlíonann tairseacha úsáideoirí deiridh gníomhacha agus úsáideoirí gnó a leagtar amach sa Rialachán seo, mar choinníoll chun croísheirbhís ardáin a úsáid, a rochtain, nó síniú nó clárú le haghaidh croísheirbhíse ardáin, tugtar modh do gheatóirí chun úsáideoirí nua gnó agus úsáideoirí deiridh a ghabháil agus a ghlasáil le haghaidh a gcroísheirbhísí ardáin trína áirithiú nach féidir le húsáideoirí gnó rochtain a fháil ar chroísheirbhís ardáin amháin gan ar a laghad cuntas a chlárú nó a chruthú chun críocha an dara croísheirbhís ardán a fháil freisin. Tugann an t-iompar sin buntáiste féideartha do gheatóirí i dtéarmaí sonraí a charnadh freisin. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí na bacainní ar iontráil a ardú mar thoradh ar an iompar sin, agus ba cheart toirmeasc a chur air.

(45)

Is minic na coinníollacha faoina ndéanann geatóirí seirbhísí fógraíochta ar líne a thairiscint d’úsáideoirí gnó, lena n-áirítear lucht fógraíochta agus foilsitheoirí, a bheith neamh-thrédhearcach agus doiléir. Baineann cuid den doiléire sin leis na cleachtais atá ag roinnt de na hardáin, ach baineann cuid di freisin leis an gcastacht as cuimse a bhaineann le fógraíocht trí mheán clár ríomhaireachta sa lá atá inniu ann. Meastar gur éirigh an earnáil sin níos neamh-thrédhearcaí nuair a tugadh isteach reachtaíocht nua maidir le príobháideachas. Dá thoradh sin, is minic nach mbíonn dóthain faisnéise agus eolais ag lucht fógraíochta agus ag foilsitheoirí faoi na coinníollacha a bhaineann leis na seirbhísí fógraíochta ar líne a cheannaíonn siad agus déantar dochar dá gcumas athrú idir gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta ar líne. Ina theannta sin, is é is dóichí go mbeidh na costais a bhaineann le seirbhísí fógraíochta ar líne faoi na coinníollacha sin níos airde ná mar a bheidís i dtimpeallacht ardáin a bheadh níos cothroime, níos trédhearcaí agus níos inchoimhlinte. Is é is dóichí go léireofar na costais mhéadaithe sin sa phraghas a íocann úsáideoirí deiridh as mórán táirgí agus seirbhísí laethúla atá ag brath ar úsáid seirbhísí fógraíochta ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibleagáidí trédhearcachta cur de cheangal ar gheatóirí faisnéis a sholáthar do lucht fógraíochta agus d’fhoilsitheoirí a soláthraíonn siad seirbhísí fógraíochta dóibh nuair a iarrtar sin, ar faisnéis saor in aisce í lena gcumasaítear don dá thaobh tuiscint a fháil ar an bpraghas atá á íoc ar gach aon cheann de na seirbhísí fógraíochta ar líne éagsúla atá á soláthar mar chuid den slabhra luacha fógraíochta ábhartha.

Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar, arna iarraidh sin, d’fhógróir ar leibhéal an fhógra aonair maidir leis an táille agus na muirir a ghearrfar ar an bhfógróir sin agus, faoi réir comhaontú leis an bhfoilsitheoir ar leis an fardal ina dtaispeánfar an fógra, maidir leis an íocaíocht a gheobhaidh an foilsitheoir toilteanach sin. A bhuí le soláthar laethúil na faisnéise sin beidh fógróirí in ann faisnéis a fháil lena ngabhann an leibhéal gráinneachta leordhóthanach is gá chun na costais a bheadh i gceist le seirbhísí fógraíochta an gheatóra a chomparáid le costais seirbhísí fógraíochta gnóthas eile. I gcás nach dtabharfaidh roinnt foilsitheoir a dtoiliú an fhaisnéis ábhartha a roinnt leis an bhfógróir, ba cheart don gheatóir an fhaisnéis faoin meáníocaíocht laethúil a fhaigheann na foilsitheoirí sin ar na fógraí ábhartha a sholáthar don fhógróir. Maidir le hiarrataí a dhéanann foilsitheoirí, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid céanna agus ag na prionsabail chéanna i dtaca leis an fhaisnéis ábhartha faoi sholáthar seirbhísí fógraíochta ar líne a roinnt. Ós rud é gur féidir le geatóirí samhlacha praghsála éagsúla a úsáid agus seirbhísí fógraíochta ar líne á soláthar acu d’fhógróirí agus foilsitheoirí, mar shampla praghas in aghaidh na taispeána, in aghaidh an amhairc nó critéar ar bith eile, ba cheart do gheatóirí an modh lena ríomhtar gach praghas agus gach íocaíocht a sholáthar freisin.

(46)

In imthosca áirithe, bíonn ról dúbailte ag geatóir, mar ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, trína soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin, mar aon le seirbhísí eile, b’fhéidir, arna soláthar i dteannta na croísheirbhíse ardáin sin nó mar thaca léi, dá chuid úsáideoirí gnó, agus an tráth céanna é in iomaíocht nó intinn aige a bheith in iomaíocht leis na húsáideoirí gnó céanna sin maidir leis na seirbhísí céanna nó seirbhísí cosúil leo a sholáthar do na húsáideoirí deiridh céanna. Sna himthosca sin, féadfaidh geatóir buntáiste a bhaint as an ról dúbailte atá aige chun úsáid a bhaint as sonraí a ghin nó a sholáthair a úsáideoirí gnó i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí a dhéanann na húsáideoirí gnó sin nuair a úsáideann siad na croísheirbhís ardáin nó na seirbhísí a sholáthraítear i dteannta na gcroísheirbhísí ardáin sin nó mar thaca leo, chun críoch a gcuid seirbhísí nó táirgí féin. Ar shonraí an úsáideora gnó is féidir aon sonraí a ghineann a chuid úsáideoirí deiridh, nó a sholáthraíonn siad le linn a gcuid gníomhaíochtaí, a áireamh. Is féidir gurb amhlaidh sin, mar shampla, i gcás ina soláthraíonn geatóir margadh ar líne nó siopa feidhmchlár bogearraí d’úsáideoirí gnó agus, ag an am céanna, ina soláthraíonn sé seirbhísí mar ghnóthas a sholáthraíonn seirbhísí miondíola ar líne nó feidhmchláir bogearraí. Chun cosc a chur ar gheatóirí buntáiste éagórach a bhaint as an ról dúbailte atá acu, ní mór a áirithiú nach n-úsáidfidh siad aon sonraí comhiomlánaithe nó neamh-chomhiomlánaithe a úsáid, a bhféadfadh sonraí anaithnidithe agus sonraí pearsanta a bheith san áireamh iontu, ar sonraí iad nach bhfuil ar fáil go poiblí, chun seirbhísí a thairiscint atá ar aon dul leis na seirbhísí atá á soláthar ag a n-úsáideoirí gnó. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir leis an ngeatóir ina iomláine, a áiríonn ach nach bhfuil teoranta don aonad gnó dá chuid a bhíonn in iomaíocht le húsáideoirí gnó a chroísheirbhísí ardáin.

(47)

Chomh maith leis sin, féadfaidh úsáideoirí gnó seirbhísí fógraíochta ar líne a cheannach ó ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ar mhaithe le hearraí agus seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh. Sa chás sin, féadfaidh sé tarlú nach ngintear na sonraí ar an gcroísheirbhís ardáin, ach gurb é an t-úsáideoir gnó a sholáthraíonn iad don chroísheirbhís ardáin nó go ngintear iad bunaithe ar a chuid oibríochtaí tríd an gcroísheirbhís ardáin lena mbaineann. I gcásanna áirithe, is féidir ról dúbailte a bheith ag an croísheirbhís ardáin a sholáthraíonn fógraíocht, is é sin ról amháin mar ghnóthas a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta ar líne agus ról eile mar ghnóthas a sholáthraíonn seirbhísí a bhíonn in iomaíocht le húsáideoirí gnó. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith freisin ag an oibleagáid lena gcuirtear cosc ar gheatóir a bhfuil dhá ról aige sonraí úsáideoirí gnó a úsáid maidir leis na sonraí a fuair croísheirbhís ardáin ó ghnólachtaí chun seirbhísí fógraíochta ar líne a bhaineann leis an gcroísheirbhís ardáin sin a sholáthar.

(48)

I dtaca le seirbhísí néalríomhaireachta, ba cheart go gcuimseodh an oibleagáid sin gan sonraí úsáideoirí gnó a úsáid na sonraí a sholáthraíonn nó a ghineann úsáideoirí gnó an gheatóra i gcomhthéacs na húsáide a bhaineann siad as seirbhís néalríomhaireachta an gheatóra, nó trína siopa feidhmchlár bogearraí lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh seirbhísí néalríomhaireachta rochtain a fháil ar fheidhmchláir bogearraí. Níor cheart don an oibleagáid sin difear a dhéanamh don cheart a bheadh ag an ngeatóir sonraí comhiomlánaithe a úsáid chun seirbhísí eile a sholáthraítear i dteannta a croísheirbhíse ardáin nó mar thaca léi, amhail seirbhísí coimhdeacha um anailísíocht sonraí a sholáthar, faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE a chomhlíonadh, chomh maith leis na hoibleagáidí ábhartha sa Rialachán seo maidir leis na seirbhísí sin.

(49)

Is féidir le geatóir bealaí éagsúla a úsáid chun buntáiste a thabhairt dá chuid seirbhísí nó dá chuid táirgí féin nó do sheirbhísí nó táirgí ó thríú páirtithe ar a chóras oibriúcháin, a chúntóir fíorúil nó a bhrabhsálaí gréasáin, a sholáthraíonn sé nó atá á rialú aige go héifeachtach, rud a bheadh díobhálach do na seirbhísí céanna nó do sheirbhísí cosúil leo a bhféadfadh na húsáideoirí deiridh iad a fháil trí thríú páirtithe eile. Féadfaidh an méid sin tarlú i gcás ina réamhshuiteálann geatóir feidhmchláir bogearraí áirithe. Ionas go mbeidh rogha ag an úsáideoir deiridh, níor cheart do gheatóir cosc a chur ar úsáideoirí deiridh aon fheidhmchláir bhogearraí ar a gcóras oibriúcháin a dhíshuiteáil. Níor cheart an geatóir a bheith in ann srian a chur le díshuiteáil den sórt sin ach amháin i gcás ina bhfuil na feidhmchláir bogearraí sin bunriachtanach d’fheidhmiú an chórais oibriúcháin nó an ghléis. Ba cheart do gheatóirí ligean d’úsáideoirí deiridh na réamhshocruithe ar an gcóras oibriúcháin, ar an gcúntóir fíorúil nó ar an mbrabhsálaí gréasáin a athrú go furasta nuair is chun tairbhe feidhmchláir agus seirbhísí an gheatóra féin a théann na socruithe sin. Áirítear leis sin rogha scáileáin a spreagadh, an chéad uair a úsáidtear inneall cuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaí gréasáin an gheatóra atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin, lena ligfear d’úsáideoirí deiridh seirbhís réamhshocraithe eile a roghnú nuair a sheolann córais oibriúcháin an gheatóra úsáideoirí deiridh chuig na hinnill chuardaigh ar líne sin, na cúntóirí fíorúla sin nó na brabhsálaithe gréasáin sin agus nuair a sheolann cúntóir fíorúil nó brabhsálaí gréasáin an gheatóra chuig an inneall cuardaigh ar líne atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin.

(50)

In imthosca áirithe, féadfaidh na rialacha a leagann geatóir síos chun feidhmchláir bogearraí a dháileadh srian a chur le cumas úsáideoirí deiridh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bogearraí ó thríú páirtithe a shuiteáil agus a úsáid go héifeachtach ar chrua-earraí nó ar chórais oibriúcháin an gheatóra sin agus srian a chur le cumas úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar na feidhmchláir bogearraí siúd nó ar na siopaí feidhmchlár bogearraí siúd lasmuigh de chroísheirbhís ardáin an gheatóra sin. Féadfaidh srianta den sórt sin srian a chur le cumas forbróirí feidhmchlár bogearraí bealaí dáileacháin malartacha a úsáid le cumas úsáideoirí deiridh rogha a dhéanamh idir feidhmchláir bogearraí éagsúla ó bhealaí dáileacháin éagsúla agus ba cheart iad a chosc mar shrianta atá éagórach agus a mbeadh sé de chlaonadh acu inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin a lagú. Chun inchoimhlinteacht a áirithiú, ba cheart don gheatóir, ina theannta sin, ligean do na feidhmchláir bogearraí nó na siopa feidhmchlár bogearraí tríú páirtithe an t-úsáideoir deiridh a spreagadh a chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart go ndéanfaí seirbhís réamhshocraithe as an tseirbhís sin agus é a chumasú an t-athrú sin a dhéanamh go furasta.

Chun a áirithiú nach gcuirfidh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bogearraí ó thríú páirtithe sláine na gcrua-earraí nó an chórais oibriúcháin a sholáthraíonn an geatóir i mbaol, ba cheart go bhféadfadh an geatóir lena mbaineann bearta teicniúla nó conarthacha comhréireacha a chur i bhfeidhm chun an sprioc sin a bhaint amach má léiríonn an geatóir go bhfuil bearta den sórt sin riachtanach agus go bhfuil bonn cirt leo agus nach bhfuil aon bhealaí eile ar fáil a bhfuil níos lú srianta ag baint leo chun sláine na mbogearraí nó an chórais oibriúcháin a chosaint. Ba cheart a áireamh ar shláine na gcrua-earraí nó an chórais oibriúcháin aon roghanna dearaidh nach mór a chur chun feidhme agus a choinneáil ionas go gcosnófar na crua-earraí nó an córas oibriúcháin ar rochtain neamhúdaraithe, trína áirithiú nach féidir na rialuithe slándála arna sonrú le haghaidh na gcrua-earraí nó an chórais oibriúcháin a chur i mbaol. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach mbaineann feidhmchláir bogearraí nó na siopaí feidhmchlár bogearraí tríú páirtithe an bonn de shlándáil na n-úsáideoirí deiridh, ba cheart go bhféadfadh an geatóir bearta agus socruithe fíor-riachtanacha cuí a fhorchur, cé is moite de réamhshocruithe, lena gcumasófaí d’úsáideoirí deiridh an tslándáil i dtaca le feidhmchláir bogearraí nó i dtaca leis na siopaí feidhmchlár bogearraí tríú páirtithe a chosaint go héifeachtach má léiríonn an geatóir go bhfuil na bearta sin agus na socruithe sin fíor-riachtanach agus go bhfuil údar cuí leis. Ba cheart cosc a chur ar an ngeatóir bearta den sórt sin mar réamhshocruithe nó mar réamhshuiteáil.

(51)

Is minic a bhíonn geatóirí comhtháite go hingearach agus tairgeann siad táirgí agus seirbhísí áirithe d’úsáideoirí deiridh trína gcuid croísheirbhísí ardáin féin, nó trí úsáideoir gnó a bhfuil rialú acu air agus is minic a tharlaíonn coimhlintí leasa mar thoradh air sin. D’fhéadfadh cás ina soláthraíonn geatóir a sheirbhísí idirghabhála ar líne féin trí inneall cuardaigh ar líne a bheith san áireamh ansin. Nuair a bhíonn na táirgí nó na seirbhísí sin á dtairiscint aige ar an gcroísheirbhís ardáin, féadann geatóirí ionad níos fearr a chur i leataobh, maidir le rangú, agus maidir le hinnéacsú agus ransú, dá dtairiscint féin le hais táirgí nó seirbhísí tríú páirtithe a bhíonn ag feidhmiú ar an gcroísheirbhís ardáin sin. Féadann sé sin tarlú, mar shampla i gcás táirgí nó seirbhísí, lena n-áirítear croísheirbhísí ardáin eile, a rangaítear sna torthaí a chuireann innill chuardaigh ar líne in iúl, nó atá leabaithe go páirteach nó go hiomlán i dtorthaí inneall cuardaigh ar líne, grúpaí torthaí atá speisialaithe i dtopaic ar leith, atá á dtaispeáint in éineacht le torthaí innill chuardaigh ar líne, a ndéanann úsáideoirí deiridh áirithe iad a mheas nó a úsáid mar sheirbhís atá ar leithligh ón inneall cuardaigh ar líne nó sa bhreis air.

I measc cásanna eile tá siad siúd a bhaineann le feidhmchláir bogearraí a dháiltear trí siopaí feidhmchlár bogearraí, físeáin a dháiltear trí ardán comhroinnte físeán nó táirgí nó seirbhísí a dtugtar áit shuntasach dóibh agus a ndéantar iad a thaispeáint i bhfotha nuachta seirbhíse líonra shóisialta ar líne, nó táirgí nó seirbhísí a bheith á rangú i dtorthaí cuardaigh nó á dtaispeáint ar mhargadh ar líne, nó táirgí nó seirbhísí a thairgtear trí chúntóir fíorúil. A leithéid sin de ghníomhaíocht lena gcoinnítear suíomh is fearr do thairiscint an gheatóra féin, féadfaidh sé tarlú roimh rangú tar éis cuardaigh fiú, amhail le linn ransú agus innéacsú. Mar shampla, agus an ransú á dhéanamh aige, mar phróiseas fionnachtana trína bhfaightear ábhar nua nuashonraithe, chomh maith le hinnéacsú, dár gá an t-ábhar a fhaightear le linn an phróisis ransaithe a stóráil agus a eagrú, féadfaidh an geatóir a chuid ábhair féin a fhabhrú thar ábhar tríú páirtithe. Sna himthosca sin, bíonn ról dúbailte ag an ngeatóir, mar idirghabhálaí do ghnóthais tríú páirtí agus mar ghnóthas a dhéanann táirgí nó seirbhísí a sholáthar go díreach. Dá thoradh sin, tá sé de chumas ag geatóirí den sórt sin an bonn a bhaint go díreach d’inchoimhlinteacht na dtáirgí nó na seirbhísí sin ar na croísheirbhísí ardáin sin, rud a bheadh díobhálach d’úsáideoirí gnó nach bhfuil á rialú ag an ngeatóir.

(52)

I gcásanna den sórt sin, níor cheart don gheatóir gabháil d’aon chineál cóireála difreáilte nó fabhrach sa rangú a dhéantar ar an gcroísheirbhís ardáin, agus san innéacsú agus sa ransú lena mbaineann, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, ar son táirgí nó seirbhísí atá á dtairiscint aige féin nó a thairgeann úsáideoir gnó atá faoina rialú. Chun a áirithiú go mbeidh an oibleagáid sin éifeachtach, ba cheart na coinníollacha a mbíonn feidhm acu maidir le rangú den sórt sin a bheith cothrom i gcoitinne agus trédhearcach. Ba cheart a chumhdach le rangú sa chomhthéacs sin gach sórt suntasachta coibhneasta, lena n-áirítear torthaí taispeána, rátála, nasctha agus gutha agus ba cheart cásanna a áireamh ann nach ndéanann croísheirbhís ardáin ach aon toradh amháin a thaispeáint nó a chur chuig an úsáideoirí deiridh. Chun a áirithiú go mbeidh an oibleagáid sin éifeachtach agus nach bhféadfar í a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir le beart ar bith a mbíonn éifeacht aici atá coibhéiseach leis an gcóireáil dhifreáilte nó fhabhrach sa rangú. Ba cheart cur chun feidhme agus forfheidhmiú na hoibleagáide sin a éascú leis na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1150 freisin.

(53)

Níor cheart do gheatóirí srian a chur le saor-rogha úsáideoirí deiridh ná í a chosc trí bhac teicniúil nó eile a chur orthu athrú idir feidhmchláir bogearraí agus seirbhísí éagsúla nó liostáil leo. Thabharfadh sin deis do níos mó gnóthas a gcuid seirbhísí a thairiscint agus dá réir sin rogha níos mó a sholáthar d’úsáideoirí deiridh i ndeireadh na dála. Ba cheart do gheatóirí saor-rogha a áirithiú gan beann ar aon chrua-earraí trína bhfaightear rochtain ar fheidhmchláir bogearraí nó ar sheirbhísí den sórt sin a bheith á monarú acu féin agus níor cheart go gcuirfeadh siad bacainní teicniúla bréagacha nó eile in airde ionas go mbeidh athrú dodhéanta nó neamhéifeachtach. Mura mbeadh i gceist ach táirge nó seirbhís ar leith a thairiscint do thomhaltóirí, lena n-áirítear trí réamhshuiteáil, chomh maith leis an tairiscint d’úsáideoirí deiridh a fheabhsú, amhail laghdú ar phraghsanna nó cáilíocht níos fearr, níor cheart a mheas gur bac ar athrú a bheadh ansin ann féin.

(54)

Féadann geatóirí bac a chur ar chumas na n-úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar ábhar agus ar sheirbhísí ar líne, lena n-áirítear feidhmchláir bogearraí. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú chun a áirithiú nach gcuireann iompar geatóirí as do na cearta atá ag úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar idirlíon oscailte. Chomh maith leis sin, féadann geatóirí teorainn theicniúil a chur le cumas úsáideoirí deiridh athrú go héifeachtach idir gnóthais éagsúla a sholáthraíonn rochtain ar an idirlíon, go háirithe tríd an rialú a dhéanann siad ar chrua-earraí nó córais oibriúcháin. Cuireann sé sin cothrom na Féinne le haghaidh seirbhísí um rochtain ar an idirlíon as riocht agus i ndeireadh na dála déanann sé dochar d’úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú nach gcuirfidh geatóirí srian míchuí le húsáideoirí deiridh agus an gnóthas a sholáthraíonn a seirbhís rochtana idirlín á roghnú acu.

(55)

Féadfaidh geatóirí seirbhísí nó crua-earraí a sholáthar, amhail feistí inchaite, ag a mbíonn rochtain ar ghnéithe crua-earraí nó bog-earraí feiste dá dtugtar rochtain nó a rialaítear trí chóras oibriúcháin nó cúntóir fíorúil, chun feidhmiúlachtaí sonracha a thairiscint d’úsáideoirí deiridh. Sa chás sin, éilíonn soláthraithe seirbhíse nó soláthraithe crua-earraí atá in iomaíocht lena chéile, amhail soláthraithe feistí inchaite, idir-inoibritheacht chomh héifeachtach céanna leis na gnéithe crua-earraí nó bog-earraí céanna, agus rochtain chun críche idir-inoibritheachta ar na gnéithe sin freisin, ionas go mbeidh siad in ann tairiscint iomaíoch a sholáthar d’úsáideoirí deiridh.

(56)

Féadfaidh ról dúbailte a bheith ag geatóirí mar fhorbróirí córas oibriúcháin agus mar mhonaróirí gléasanna, lena n-áirítear aon fheidhmiúlacht theicniúil a d’fhéadfadh a bheith ag an ngléas sin. Mar shampla, féadfaidh geatóir ar monaróir gléis é rochtain ar chuid d’fheidhmiúlachtaí an ghléis sin a shrianadh, amhail eilimintí daingne agus próiseálaithe de chuid teicneolaíocht cumarsáide neasréimse, meicníochtaí fíordheimhniúcháin agus na bogearraí a úsáidtear chun na teicneolaíochtaí sin a oibriú, ar feidhmiúlachtaí iad a fhéadfaidh a bheith ag teastáil chun soláthar seirbhíse éifeachtach, arna soláthar, i dteannta croísheirbhíse ardáin nó mar thaca léi, ag geatóir nó aon ghnóthas tríú páirtí a d’fhéadfadh seirbhís choimhdeach den sórt sin a sholáthar.

(57)

Má úsáidtear róil dúbailte ar bhealach a chuireann cosc ar sholáthraithe rochtain a fháil, faoi choinníollacha cothroma, ar an gcóras oibriúcháin céanna nó ar na gnéithe crua-earraí nó bogearraí céanna agus atá ar fáil nó a bhíonn á n-úsáid ag an ngeatóir agus a chuid seirbhísí coimhdeacha, tacaíochta nó crua-earraí féin á soláthar aige, d’fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint go mór den nuáil a dhéanann soláthraithe sin na seirbhísí coimhdeacha, chomh maith leis an rogha a bheadh ag úsáideoirí deiridh. Ba cheart dá bhrí sin a cheangal ar na geatóirí idir-inoibritheachta a áirithiú, saor in aisce, agus rochtain chun críche idir-inoibritheachta a áirithiú freisin, ar an gcóras oibriúcháin céanna nó ar na gnéithe crua-earraí nó bog-earraí a bhíonn ar fáil nó a úsáidtear agus a chuid seirbhísí comhlántacha agus tacaíochta féin agus a chrua-earraí féin á soláthair aige. Is féidir, mar an gcéanna, an rochtain sin a bheith ag teastáil ar fheidhmchláir bogearraí a bhaineann leis na seirbhísí ábhartha a sholáthraítear i dteannta na croísheirbhíse ardáin, nó mar thaca léi, chun feidhmíochtaí a fhorbairt agus a sholáthar a bheidh idir-inoibritheach leis na seirbhísí a sholáthraíonn an geatóir. Is é is aidhm do na hoibleagáidí ligean d’iomaitheoirí is tríú páirtithe idirnascadh trí chomhéadain nó réitigh chomhchosúla leis na gnéithe faoi seach ar bhealach a bhíonn chomh héifeachtúil céanna agus a dhéantar le seirbhísí nó crua-earraí an gheatóra féin.

(58)

Is minic na coinníollacha faoina ndéanann geatóirí seirbhísí fógraíochta ar líne a thairiscint d’úsáideoirí gnó, lena n-áirítear lucht fógraíochta agus foilsitheoirí, a bheith neamh-thrédhearcach agus doiléir. Dá thoradh sin, is minic nach mbíonn faisnéis ag fógróirí agus ag foilsitheoirí faoin éifeacht atá ag fógra ar leith. Chun tuilleadh feabhais a chur ar chothroime, ar thrédhearcacht agus ar inchoimhlinteacht seirbhísí fógraíochta ar líne arna liostú sa chinneadh ainmniúcháin, chomh maith leo siúd atá comhtháite go hiomlán le croísheirbhísí ardáin eile de chuid an ghnóthais chéanna, ba cheart do gheatóirí, maidir le huirlisí tomhais feidhmíochta na ngeatóirí féin agus na sonraí, lena n-áirítear sonraí comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe, a theastaíonn ó fhógróirí, ó thríú páirtithe údaraithe amhail gníomhaireachtaí fógraíochta a bhíonn ag gníomhú thar ceann cuideachta atá ag déanamh fógraíochta, agus ó fhoilsitheoirí chun a bhfíorú neamhspleách féin a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí fógraíochta ábhartha go héifeachtach ar líne, ba cheart dóibh rochtain shaor in aisce ar na huirlisí agus na sonraí sin a sholáthar, nuair a iarrtar sin, d’fhógróirí agus d’fhoilsitheoirí agus do thríú páirtithe arna n-údarú ag fógróirí agus foilsitheoirí.

(59)

Baineann geatóirí tairbhe as an rochtain a bhíonn acu ar an méid ollmhór sonraí a bhailíonn siad agus na croísheirbhísí ardáin, chomh maith le seirbhísí digiteacha eile, á soláthar acu. Chun a áirithiú nach mbainfidh geatóirí an bonn d’ inchoimhlinteacht na gcroísheirbhísí ardáin ná de chumas nuálaíochta na hearnála digití dinimiciúla trí shrian a chur le hathrú nó ilfhrithing, ba cheart rochtain éifeachtach agus láithreach a thabhairt d’úsáideoirí deiridh, chomh maith le tríú páirtithe arna n-údarú ag úsáideoir deiridh, ar na sonraí a sholáthair siad nó a gineadh trína ngníomhaíocht ar chroísheirbhísí ardáin ábhartha an gheatóra. Ba cheart na sonraí a fháil i bhformáid a bheidh an úsáideoir deiridh, nó an tríú páirtí ábhartha arna údarú ag an úsáideoir deiridh a ndearnadh na sonraí a iompar chuige, in ann a rochtain agus a úsáid go láithreach agus go héifeachtach. Ba cheart do gheatóirí a áirithiú freisin trí bhíthin bearta teicniúla iomchuí ardcháilíochta, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, go mbeidh úsáideoirí deiridh nó tríú páirtithe arna n-údarú ag úsáideoirí deiridh in ann na sonraí a iompar go leanúnach agus i bhfíor-am. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir le haon sonraí eile ar leibhéil éagsúla chomhiomlánúcháin a bheadh riachtanach chun iniomparthacht den sórt sin a chumasú go héifeachtach. Chun amhras a sheachaint maidir leis an oibleagáid atá ar an ngeatóir iniomparthacht éifeachtach sonraí a áirithiú faoin rialachán seo, is comhlánú é ar an gceart chun iniomparthachta sonraí atá i Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart go dtiocfadh as athrú nó ilfhrithing a éascú, go mbeadh rogha níos fearr ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus go spreagfaí geatóirí agus úsáideoirí gnó chun bheith nuálach.

(60)

Úsáideoirí gnó a mbíonn croísheirbhísí ardáin arna soláthar ag geatóirí á n-úsáid acu, agus úsáideoirí deiridh na n-úsáideoirí gnó sin, soláthraíonn agus gineann siad líon ollmhór sonraí. Chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag úsáideoirí gnó ar na sonraí ábhartha a ghintear ar an mbealach sin, ba cheart do gheatóirí rochtain éifeachtach a sholáthar, saor in aisce, ar shonraí den sórt sin, arna iarraidh sin ag na húsáideoirí siúd. Ba cheart freisin an rochtain sin a thabhairt do thríú páirtithe atá ar conradh ag an úsáideoir gnó, agus atá ag feidhmiú mar phróiseálaithe na sonraí sin don úsáideoir gnó. San áireamh leis an rochtain sin ba cheart rochtain a thabhairt ar shonraí a sholáthraíonn nó a ghineann na húsáideoirí gnó céanna agus úsáideoirí deiridh céanna na n-úsáideoirí gnó sin i gcomhthéacs seirbhísí eile a bhíonn á soláthar ag an ngeatóir céanna, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthraítear i dteannta croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo, i gcás ina mbíonn sé sin fite fuaite go dlúth leis an iarraidh ábhartha. Chuige sin, níor cheart do gheatóir aon srianta conarthacha ná aon srianta eile a úsáid chun cosc a chur ar úsáideoirí gnó rochtain a fháil ar shonraí ábhartha agus ba cheart do gheatóir úsáideoirí gnó a chumasú chun toiliú a fháil óna gcuid úsáideoirí deiridh maidir le rochtain a fháil ar shonraí den sórt sin agus iad a aisghabháil, i gcás ina bhfuil toiliú den sórt sin riachtanach faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir 2002/58/CE. Ba cheart do gheatóirí freisin rochtain leanúnach agus i bhfíor-am ar na sonraí sin a áirithiú ar na sonraí sin trí bhearta teicniúla iomchuí, mar shampla, trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár ar ardcháilíocht a chur i bhfeidhm nó uirlisí comhtháite le haghaidh úsáideoirí gnó ísealtáirgeachta.

(61)

Tagann méadú ar an luach a bhaineann le hinnill chuardaigh ar líne dá gcuid úsáideoirí gnó agus dá gcuid úsáideoirí deiridh faoi seach de réir mar a thagann méadú ar líon iomlán na n-úsáideoirí sin. Bailíonn agus stórálann gnóthais a sholáthraíonn inneall cuardaigh ar líne tacair sonraí chomhiomlánaithe ina bhfuil faisnéis faoin ábhar a bhí á chuardach ag úsáideoirí, agus faoin mbealach inar idirghníomhaigh siad leis na torthaí a soláthraíodh dóibh. Bailíonn gnóthais a sholáthraíonn inneall cuardaigh ar líne na sonraí sin ó chuardaigh a rinneadh ar a innill chuardaigh ar líne féin agus, i gcás inarb infheidhme, ó chuardaigh a rinneadh ar ardáin a gcomhpháirtithe tráchtála iartheachtacha. Bac tábhachtach ar iontráil agus ar fhorleathnú is ea an rochtain atá ag geatóirí ar shonraí rangaithe, fiosraithe agus cliceála agus amhairc, rud a dhéanann dochar d’inchoimhlinteacht inneall cuardaigh ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar gheatóirí rochtain a sholáthar, ar théarmaí atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach, ar na sonraí rangaithe, fiosraithe, cliceála agus amhairc sin i dtaca le cuardach saor in aisce agus íoctha a ghin tomhaltóirí ar innill chuardaigh ar líne do ghnóthais eile a bhfuil seirbhísí den sórt sin á soláthar acu, ionas go bhféadfaidh na gnóthais tríú páirtí sin a gcuid seirbhísí a bharrfheabhsú agus na croísheirbhísí ardáin ábhartha a choimhlint. Ba cheart freisin rochtain den sórt sin a thabhairt do thríú páirtithe atá ar conradh ag soláthraí inneall cuardaigh ar líne, agus atá ag feidhmiú mar phróiseálaithe na sonraí seo don inneall cuardaigh ar líne sin. Nuair a bhíonn rochtain ar a chuid sonraí cuardaigh á cur ar fáil, ba cheart don gheatóir cosaint shonraí pearsanta na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú, lena n-áirítear i gcoinne rioscaí go bhféadfaí iad a ath-shainaithint, ar bhealaí iomchuí, amhail anaithnidiú na sonraí pearsanta sin, gan caighdeán ná úsáideacht na sonraí a dhíghrádú go suntasach. Is sonraí anaithnidithe iad sonraí pearsanta ábhartha a athraítear ar bhealach do-aisiompaithe ionas gur faisnéis iad nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta nó ina bhfágtar sonraí pearsanta anaithnid ar bhealach nach bhfuil an t-ábhar sonraí in-sainaitheanta nó nach bhfuil an duine sin in-sainaitheanta a thuilleadh.

(62)

I gcás siopaí feidhmchlár bogearraí, innill chuardaigh ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne arna liostú sa chinneadh ainmniúcháin, ba cheart do gheatóirí coinníollacha ginearálta rochtana a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm ar cheart a bheith cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart do na coinníollacha ginearálta sin meicníocht Aontasbhunaithe eile réitigh díospóidí a bheidh so-inrochtana neamhchlaonta neamhspleách saor in aisce a sholáthar don úsáideoir gnó, gan dochar do chostas an úsáideora gnó féin ná do bhearta comhréireacha darb aidhm mí-úsáid a d’fhéadfadh úsáideoirí gnó a bhaint as an mheicníocht réitigh díospóidí a sheachaint. Ba cheart an mheicníocht réitigh díospóidí a bheidh gan dochar don cheart atá ag úsáideoirí gnó sásamh a lorg os comhair údarás breithiúnach i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Go háirithe, is tairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó atá ag iarraidh rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh na geatóirí sin a sholáthraíonn rochtain ar shiopaí feidhmchlár bogearraí. I bhfianaise na héagothroime maidir le cumhacht mhargaíochta atá idir na geatóirí sin agus úsáideoirí gnó a gcuid siopaí feidhmchlár bogearraí, níor cheart cead a thabhairt do na geatóirí sin coinníollacha ginearálta a fhorchur, lena n-áirítear coinníollacha praghsála, ar coinníollacha iad a bheadh éagórach nó a mbeadh difreáil gan údar mar thoradh orthu.

Ba cheart praghsáil nó coinníollacha ginearálta eile rochtana a mheas a bheith éagórach má eascraíonn éagothroime sna cearta agus sna hoibleagáidí a fhorchuirtear ar úsáideoirí gnó astu nó má thugann siad buntáiste éagórach do gheatóir, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó nó má bhíonn úsáideoirí gnó faoi mhíbhuntáiste mar thoradh orthu agus na seirbhísí céanna nó seirbhísí den chineál céanna agus a sholáthraíonn an geatóir nó seirbhísí den chineál céanna á soláthar acu. D’fhéadfaí na tagarmharcanna seo a leanas a úsáid mar shlat tomhais chun cothroime na gcoinníollacha ginearálta rochtana a chinneadh: praghsanna a mhuirearaítear nó coinníollacha a fhorchuirtear ar na seirbhísí céanna nó ar sheirbhísí comhchosúla arna soláthar ag soláthraithe eile siopaí feidhmchlár bogearraí; na praghsanna a mhuirearaíonn nó na coinníollacha a fhorchuireann soláthraí an tsiopa feidhmchlár bogearraí i dtaca le seirbhísí atá éagsúil, gaolmhar nó mar an gcéanna nó i dtaca le cineálacha éagsúla úsáideoirí deiridh; na praghsanna a mhuirearaíonn nó na coinníollacha a fhorchuireann soláthraí an tsiopa feidhmchlár bogearraí i dtaca leis an tseirbhís chéanna i réigiúin gheografacha éagsúla; na praghsanna a mhuirearaíonn nó na coinníollacha a fhorchuireann soláthraí an tsiopa feidhmchlár bogearraí i dtaca leis an tseirbhís chéanna a sholáthraíonn an geatóir dó féin. Níor cheart don oibleagáid sin aon cheart rochtana a bhunú agus ba cheart í a bheith gan dochar do chumas na soláthraithe siopaí feidhmchlár bogearraí, na n-inneall cuardaigh ar líne agus na seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne an fhreagracht riachtanach a ghabháil orthu féin agus inneachar neamhdhleathach gan iarraidh a chomhrac de réir mar a leagtar amach i Rialachán maidir le margadh aonair le haghaidh seirbhísí digiteacha.

(63)

Is féidir le geatóirí a bheith ina mbac ar chumas úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh díliostáil ó chroísheirbhís ardáin ar chláraigh siad léi roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú chun an cás a sheachaint ina mbainfeadh geatóirí an bonn de chearta úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh an chroísheirbhís ardáin a úsáideann siad a roghnú gan bhac. Chun saor-rogha úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh a choimirciú, níor cheart cead a bheith ag geatóir deacracht ná castacht nach gá a chruthú d’úsáideoirí gnó nó d’úsáideoirí deiridh agus iad ag díliostáil ó chroísheirbhís ardáin. Níor cheart castacht níos mó a bheith ag baint le cuntas a dhúnadh ná le díliostáil uaidh ná mar a bhaineann le cuntas a oscailt nó liostáil leis an tseirbhís chéanna. Níor cheart do gheatóirí fiacha breise a iarraidh agus conarthaí á bhfoirceannadh acu lena gcuid úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó. Ba cheart do gheatóirí a áirithiú go bhfuil na coinníollacha maidir le conarthaí a fhoirceannadh comhréireach i gcónaí agus gur féidir le húsáideoirí deiridh iad a fheidhmiú gan deacracht mhíchuí, mar shampla i ndáil leis na cúiseanna leis an bhfoirceannadh, leis an tréimhse fógra, nó le foirm an fhoirceanta sin. Tá an méid sin gan dochar don reachtaíocht náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais lena leagtar síos cearta agus oibleagáidí a bhaineann le coinníollacha maidir le soláthar croísheirbhísí ardáin a bheith á bhfoirceannadh ag úsáideoirí deiridh.

(64)

Más ann d’easpa idir-inoibritheacht, is féidir le geatóirí a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir tairbhe a bhaint as éifeachtaí gréasáin láidre, rud a chuireann le laige na hinchoimhlinteachta. Ina theannta sin, gan beann ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann úsáideoirí deiridh “ilfhrithing”, is minic a sholáthraíonn geatóirí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar chuid dá n-éiceachóras ardán, agus cuireann sin a thuilleadh leis na bacainní iontrála a bhíonn roimh sholáthraithe eile na seirbhísí sin agus méadaíonn sé na costais aistrithe a bhíonn ar úsáideoirí deiridh. Gan dochar do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus, go háirithe, na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 61 di, ba cheart do gheatóirí, dá bhrí sin, idir-inoibritheacht le bunfheidhmíochtaí áirithe dá gcuid seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir agus a bhíonn á soláthar acu dá n-úsáideoirí deiridh féin, a áirithiú, arna iarraidh sin agus saor in aisce, do sholáthraithe tríú páirtí seirbhísí den chineál sin.

Ba cheart do gheatóirí idir-inoibritheacht a áirithiú le haghaidh soláthraithe tríú páirtí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir i gcás ina dtairiscíonn siad nó ina bhfuil sé beartaithe acu a gcuid seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a thairiscint d’úsáideoirí deiridh agus úsáideoirí gnó san Aontas. Chun cur chun feidhme praiticiúil na hidir-inoibritheachta sin a éascú, ba cheart a cheangal ar an ngeatóir lena mbaineann tairiscint tagartha a fhoilsiú ina leagtar síos na sonraí teicniúla agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le hidir-inoibritheacht lena gcuid seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, i gcás inarb infheidhme, dul i gcomhairle le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach, chun a chinneadh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an oibleagáid sin leis na sonraí teicniúla agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta arna bhfoilsiú sa tairiscint tagartha a bhfuil sé de rún ag an ngeatóir a chur chun feidhme nó a chuir sé chun feidhme.

I ngach cás, ba cheart don gheatóir agus don soláthraí is iarrthóir a áirithiú nach mbainfidh an idir-inoibritheacht an bonn de leibhéal ard slándála agus cosanta sonraí i gcomhréir lena n-oibleagáidí mar a leagtar síos sa Rialachán seo agus i ndlí infheidhme an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Ba cheart an oibleagáid a bhaineann le hidir-inoibritheacht a bheith gan dochar don fhaisnéis agus do na roghanna a bheidh le cur ar fáil d’úsáideoirí deiridh na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhir-neamhspleách an gheatóra agus an tsoláthraí is iarrthóir faoin rialachán seo agus faoi dhlí eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679.

(65)

Chun éifeachtacht na n-oibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo a áirithiú, agus é á chinntiú ag an am céanna go dteorannófar na hoibleagáidí sin don mhéid is gá chun inchoimhlinteacht a áirithiú agus chun dul i ngleic le héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le cleachtais éagóracha a dhéanfadh geatóirí, tá sé tábhachtach iad a shainiú agus a theorannú go soiléir chun go bhféadfaidh an geatóir iad a chomhlíonadh go huile, agus urraim iomlán á léiriú aige don dlí is infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE, agus reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí, cibearshlándáil, sábháilteacht táirgí agus ceanglais inrochtaineachta, lena n-áirítear Treoir (AE) 2019/882 agus Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart do gheatóirí comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú trí dhearadh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta atá riachtanach a bheith comhtháite, a mhéid is féidir agus i gcás inarb ábhartha, sa dearadh teicneolaíochta a bhíonn in úsáid ag na geatóirí.

D’fhéadfadh sé a bheith iomchuí go sonrófaí an Coimisiún tuilleadh, tar éis dó é a phlé a dhéanamh leis an ngeatóir lena mbaineann agus tar éis do thríú páirtithe barúlacha a thabhairt, roinnt de na bearta ba cheart don gheatóir lena mbaineann a ghlacadh chun na hoibleagáidí sin a bhféadfadh sé go ndéanfaí sonrú breise orthu a chomhlíonadh go héifeachtach nó, i gcás teacht timpeall, na hoibleagáidí uile a chomhlíonadh. Go háirithe, ba cheart sonrú breise den sórt sin a bheith indéanta i gcás inar féidir le héagsúlachtaí seirbhíse laistigh de d’aon chatagóir amháin croísheirbhíse ardáin difear a dhéanamh do chur chun feidhme oibleagáide a bhféadfadh sé go ndéanfaí sonrú breise uirthi. Chuige sin, ba cheart an geatóir a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i bpróiseas trína bhféadfadh an Coimisiún sonrú breise a dhéanamh ar roinnt de na bearta ba cheart don gheatóir lena mbaineann a ghlacadh chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh go héifeachtach.

Ba cheart rogha a bheith ag an gCoimisiún maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart an sonrú breise sin a sholáthar agus cá huair ba cheart a dhéanamh amhlaidh, agus cóir chomhionann, comhréireacht agus prionsabal an dea-riaracháin á n-urramú aige ag an am céanna. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún na príomhchúiseanna is bonn lena mheasúnú a sholáthar, lena n-áirítear aon tosaíochtaí forfheidhmiúcháin. Níor cheart an próiseas sin a úsáid chun an bonn a bhaint d’éifeachtacht an Rialacháin seo. Ina theannta sin, tá an próiseas gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear nár chomhlíon an geatóir aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear an fhéidearthacht fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann imeachtaí a athoscailt, lena n-áirítear i gcás ina dtarlóidh sé nach raibh na bearta sin a sonraíodh éifeachtach. Ba cheart athoscailt mar gheall ar shonrú arna nglacadh trí chinneadh a bheith neamhéifeachtach a chur de chumas ar an gCoimisiún an sonrú sin a leasú go hionchasach. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann tréimhse ama réasúnta a leagan síos ina bhféadfar na himeachtaí a athoscailt i gcás ina dtarlóidh sé nach raibh na bearta sin a sonraíodh éifeachtach.

(66)

Mar ghné bhreise chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart deis a thabhairt do gheatóirí a iarraidh go gcuirfí oibleagáid ar leith ar fionraí, a mhéid is gá, in imthosca eisceachtúla nach bhfuil rialú ag an ngeatóir orthu, amhail suaitheadh seachtrach gan choinne a dhíothaigh, go sealadach, cuid mhór den éileamh ar an gcroísheirbhís ardáin ábhartha ó úsáideoirí deiridh, i gcás ina dtaispeánfaidh an geatóir go gcuirfí inmharthanacht eacnamaíoch oibríochtaí an gheatóra lena mbaineann i mbaol san Aontas dá ndéanfaí oibleagáid ar leith a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún na himthosca urghnácha lena dtugtar bonn chirt don fhionraí a shainiú agus an fionraí sin a athbhreithniú ar bhonn rialta chun a mheas an inmharthana na coinníollacha is bonn dá dheonú go fóill.

(67)

In imthosca eisceachtúla, a bhfuil údar leo ar na forais theoranta a bhaineann le sláinte phoiblí nó le slándáil phoiblí, de réir mar a leagtar síos i ndlí an Aontais agus mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag oibleagáid ar leith maidir le croísheirbhís ardáin ar leith. Dá ndéanfaí dochar do na leasanna poiblí sin, d’fhéadfadh sin a léiriú go bhfuil an costas ar an tsochaí i gcoitinne a bhainfeadh le hoibleagáid áirithe a fhorfheidhmiú, i gcás eisceachtúil ar leith, ró-ard agus díréireach dá réir sin. I gcás inarb iomchuí, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann comhlíonadh a éascú trína mheas an mbeadh údar le fionraí nó díolúine theoranta a dtugtar bonn cirt cuí ina leith. Leis sin, ba cheart comhréireacht na n-oibleagáidí sa Rialachán seo a áirithiú gan dochar a dhéanamh do na héifeachtaí ex ante a bhí beartaithe ar chothroime agus ar inchoimhlinteacht. I gcás ina ndeonófar an díolúine sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh gach bliain.

(68)

Laistigh den tréimhse ama chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart do gheatóirí an Coimisiún a chur ar an eolas, trí thuairisciú éigeantach, faoi na bearta atá beartaithe acu a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme acu chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, a mhéid atá siad ábhartha maidir leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, rud ba cheart a chur ar chumas an Choimisiúin a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart achoimre shoiléir intuigthe neamhrúnda den fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí agus leas dlisteanach geatóirí maidir lena rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile a chosaint á chur san áireamh. Leis an bhfoilsiú neamhrúnda sin, ba cheart a chur ar chumas tríú páirtithe a mheasúnú an gcomhlíonann na geatóirí na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart an tuairisciú sin a bheith gan dochar d’aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanfadh an Coimisiún ag aon am tar éis an tuairiscithe. Ba cheart don Choimisiún nasc chuig achoimre ar an tuarascáil neamhrúnda a fhoilsiú ar líne, chomh maith le gach faisnéis phoiblí eile, bunaithe ar oibleagáidí faisnéise faoin Rialachán seo, chun inrochtaineacht na faisnéise sin trí mhodh inúsáidte cuimsitheach a áirithiú, go háirithe do fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

(69)

Níor cheart oibleagáidí na ngeatóirí a thabhairt cothrom le dáta ach amháin i ndiaidh imscrúdú críochnúil a bheith curtha i gcrích ar chineál agus tionchar na gcleachtas ar leith a bhféadfadh sé gur cleachtais iad a sainaithníodh le gairid, i ndiaidh imscrúdú domhain, mar chleachtais atá éagórach nó a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht ar an mbealach céanna leis na cleachtais éagóracha a leagtar síos sa Rialachán seo agus a d’fhéadfadh éalú ó raon feidhme an tacair oibleagáidí reatha. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann imscrúdú a sheoladh d’fhonn a chinneadh an gá na hoibleagáidí atá ann cheana a nuashonrú, ar a thionscnamh féin nó tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó thrí Bhallstát ar a laghad. Agus na hiarrataí sin a bhfuil údar maith leo á gcur i láthair acu, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann faisnéis a áireamh faoi thairiscintí nua a tugadh isteach ar tháirgí, seirbhísí, bogearraí nó gnéithe ar ábhar imní iad maidir le hinchoimhlinteacht nó cothroime, cibé acu a cuireadh chun feidhme iad i gcomhthéacs croísheirbhísí ardáin atá ann cheana nó eile. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh, gur gá eilimintí riachtanacha sa Rialachán seo a mhodhnú, amhail oibleagáidí nua a áireamh a imíonn ó na saincheisteanna céanna inchoimhlinteachta nó cothroime a dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún togra a thabhairt ar aghaidh chun an Rialachán seo a leasú.

(70)

I bhfianaise chumhacht shubstaintiúil eacnamaíoch na ngeatóirí, tá sé tábhachtach go gcuirfí na hoibleagáidí i bhfeidhm go héifeachtach agus nach dtiocfaí timpeall orthu. Chuige sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha atá i gceist maidir le haon chleachtas a dhéanann geatóir, gan beann ar a fhoirm agus gan beann ar é a bheith de chineál conarthach, tráchtála, teicniúil nó de chineál ar bith eile, a mhéid a chomhfhreagraíonn an cleachtas sin don chineál cleachtais arb é is ábhar do cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Níor cheart do gheatóirí dul i mbun iompair a bhainfeadh an bonn d’éifeachtacht na dtoirmeasc agus na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Áirítear le hiompraíocht den sórt sin an dearadh a bhíonn in úsáid ag an ngeatóir, cur i láthair na roghanna úsáideoirí deiridh ar bhealach neamhneodrach, nó struchtúr, feidhm nó modh oibríochta comhéadain úsáideora, nó cuid de, a úsáid chun neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha úsáideora a chur de dhroim seoil nó a loit. Ar a bharr sin, níor cheart ceadú don gheatóir é féin a iompair ar aon bhealach a bhainfeadh an bonn den idir-inoibritheacht de réir mar a theastaíonn sé sa Rialachán seo, trí úsáid a bhaint, gan údar, as bearta cosanta teicniúla, téarmaí idirdhealaitheacha seirbhíse, trí chóipcheart a éileamh maidir le comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár nó trí fhaisnéis mhíthreorach a sholáthar. Mar shampla, níor cheart a cheadú do gheatóirí teacht timpeall ar a n-ainmniúchán trína gcroísheirbhísí ardáin a theascadh, a roinnt, a fhoroinnt, a scoilteadh ná a dheighilt chun teacht timpeall ar na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos sa Rialachán seo.

(71)

Chun éifeachtacht an athbhreithnithe ar an stádas geatóra a áirithiú chomh maith leis an bhféidearthacht liosta na gcroísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag an ngeatóir a choigeartú, ba cheart do na geatóirí na fálacha go léir atá beartaithe acu, a chur in iúl don Choimisiún, roimh iad a chur chun feidhme, mar aon le gnóthais eile a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu nó aon seirbhísí eile arna soláthar laistigh den earnáil dhigiteach nó aon seirbhísí eile lenar féidir sonraí a bhailiú. Ba cheart faisnéis den chineál sin freastal ní hamháin ar an bpróiseas athbhreithniúcháin, maidir le stádas geatóirí aonair, ach soláthróidh sí faisnéis freisin atá bunriachtanach chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí níos leithne maidir le hinchoimhlinteacht san earnáil dhigiteach agus dá bhrí sin féadfaidh sí a bheith ina toisc úsáideach le cur san áireamh i gcomhthéacs na n-imscrúduithe margaidh dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis sin, i bhfianaise na féidearthachta atá ann an fhaisnéis a úsáid chun críoch rialaithe cumaisc náisiúnta agus, i gcúinsí áirithe, féadfaidh an t-údarás náisiúnta inniúil na fálacha sin a tharchur chuig an gCoimisiún chun críoch rialaithe cumaisc. Foilseoidh an Coimisiún gach bliain liosta de na fálacha a chuir an geatóir in iúl dó. Chun trédhearcacht agus úsáideacht riachtanach na faisnéise sin a áirithiú chun críoch éagsúil dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart do gheatóirí faisnéis a sholáthar, ar a laghad, faoi na gnóthais lena mbaineann an comhchruinniú, a láimhdeachas bliantúil san Aontas agus go domhanda, a réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis an gcomhchruinniú, luach an idirbhirt nó meastachán air sin, achoimre ar an gcomhchruinniú, lena n-áirítear cineál agus réasúnaíocht an chomhchruinnithe, chomh maith le liosta de na Ballstáit lena mbaineann an oibríocht.

(72)

Tá leasanna cosanta sonraí agus leasanna príobháideachais na n-úsáideoirí deiridh ábhartha d’aon mheasúnú ar na héifeachtaí diúltacha féideartha arna n-eascairt as cleachtas breathnaithe na ngeatóirí líon mór sonraí a bhailiú ó úsáideoirí deiridh agus iad a charnadh. Éascaítear inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin trína áirithiú go mbíonn leibhéal dóthanach trédhearcachta sna cleachtais phróifílithe a úsáideann geatóirí, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do phróifíliú de réir bhrí Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679. Leis an trédhearcacht sin, cuirtear brú ón taobh amuigh ar gheatóirí gan modh caighdeánach a dhéanamh sa tionscal de phróifíliú tomhaltóirí, i bhfianaise nach féidir le gnólacht nuathionscanta nó gnóthais nuatheachta a d’fhéadfadh a bheith ann rochtain chomh fada ná chomh domhan céanna a fháil ar shonraí, ná ar an scála céanna. Agus trédhearcacht fheabhsaithe ann, ba cheart gurbh fhearr a bheith gnóthais eile a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu in ann iad féin a idirdhealú trí úsáid a bhaint as ráthaíochtaí príobháideachais níos fearr.

Chun íosleibhéal éifeachtachta a áirithiú i dtaca leis an oibleagáid trédhearcachta sin, ba cheart do gheatóirí cur síos arna iniúchadh go neamhspleách, ar a laghad, ar an mbunús ar a ndéantar próifíliú a sholáthar lena n-áirítear an mbraitear ar shonraí pearsanta agus ar shonraí a dhíorthaítear ó ghníomhaíocht úsáideoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, an phróiseáil a chuirtear i bhfeidhm, an chríoch dá ndéantar an phróifíl a ullmhú agus a úsáid i ndeireadh na dála, ré an phróifílithe, an tionchar a bhíonn ag próifíliú den sórt sin ar sheirbhísí an gheatóra, agus na céimeanna a thugtar chun úsáideoirí deiridh a chumasú go héifeachtach ionas go mbeidh siad feasach ar úsáid ábhartha an phróifílithe sin, agus na céimeanna a thugtar chun a dtoiliú a lorg nó an fhéidearthacht a sholáthar dóibh a dtoiliú a dhiúltú nó a aistarraingt. Ba cheart don Choimisiún an cur síos iniúchta chuig an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí chun eolas a dhéanamh d’fhorfheidhmiú rialacha cosanta sonraí an Aontais. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún an mhodheolaíocht agus an nós imeachta a úsáidfear i gcás an chur síos iniúchta a cheapadh, i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, leis an tsochaí shibhialta agus le saineolaithe, i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 182/2011 (16) agus (AE) 2018/1725 (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le rialacha nós imeachta coiste.

(73)

Chun a áirithiú go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach go hiomlán agus go buan, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a mheas cé acu ba cheart nó nár cheart gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a ainmniú mar gheatóir gan na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos sa Rialachán seo a shásamh; cé acu atá nó nach bhfuil údar ann le leigheasanna breise a fhorchur de bharr neamhchomhlíonadh córasach ag geatóir; cé acu ba cheart nó nár cheart níos mó seirbhísí laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin; agus cé acu ba cheart nó nár cheart cleachtais bhreise atá chomh héagórach céanna agus lena gcuirtear teorainn le hinchoimhlinteacht margaí digiteacha a imscrúdú. Ba cheart measúnú den sórt sin a bheith bunaithe ar imscrúduithe margaidh a dhéanfar in achar ama iomchuí, trí nósanna imeachta agus spriocdhátaí soiléire a úsáid, chun tacú le héifeacht ex ante an Rialacháin seo maidir le hinchoimhlinteacht agus cothroime san earnáil dhigiteach, agus an leibhéal riachtanach deimhneachta dlíthiúla a sholáthar.

(74)

I ndiaidh imscrúdú margaidh, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a shuí go sásaíonn gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige na critéir cháilíochtúla uileghabhálacha go léir chun go sainaithneofaí mar gheatóir é. Ansin, ba cheart don ghnóthas sin, i bprionsabal, na hoibleagáidí ábhartha go léir a leagtar síos leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás geatóirí a d’ainmnigh an Coimisiún mar gheatóirí toisc go bhfuil sé intuartha go mbeidh tairbhe á baint acu as suíomh daingnithe marthanach go luath, níor cheart, áfach, don Choimisiún aon oibleagáidí a fhorchur ach amháin na hoibleagáidí sin atá riachtanach agus iomchuí chun cosc a chur ar an ngeatóir lena mbaineann suíomh daingnithe marthanach a bhaint amach ina chuid oibríochtaí. I dtaca le geatóirí den sórt sin atá ag teacht chun cinn, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh gur stádas sealadach i bprionsabal é an stádas sin de réir cineáil, agus dá bhrí sin gur cheart a chinneadh ag am ar leith cé acu ba cheart nó nár cheart gnóthas den sórt sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a chur faoi réir tacar iomlán oibleagáidí geatóra mar go bhfuil suíomh daingnithe marthanach bainte amach aige, nó nach sásaítear na coinníollacha le haghaidh ainmniú i ndeireadh na dála, agus dá bhrí sin gur cheart na hoibleagáidí go léir a forchuireadh roimhe sin a tharscaoileadh.

(75)

Ba cheart don Choimisiún an bonn cirt atá le leigheasanna iompraíochta nó, i gcás inarb iomchuí, leigheasanna struchtúracha breise, a imscrúdú agus a mheas, chun a áirithiú nach bhféadfaidh an geatóir bac a chur ar chuspóirí an Rialacháin seo trí neamhchomhlíonadh córasach le ceann amháin nó roinnt de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Bheadh an cás amhlaidh i gcás ina mbeadh trí chinneadh ar a laghad, maidir le neamhchomhlíonadh, eisithe ag an gCoimisiún laistigh den tréimhse 8 mbliana i gcoinne geatóra arbh fhéidir baint a bheith acu le croísheirbhísí ardáin éagsúla agus le hoibleagáidí éagsúla arna leagan síos sa Rialachán seo, agus dá mbeadh tionchar an gheatóra ar an margadh inmheánach, ar spleáchas eacnamaíoch a n-úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh ar chroísheirbhísí ardáin an gheatóra coimeádta, leathnaithe nó neartaithe a thuilleadh nó a shuíomh a bheith daingnithe a thuilleadh. Ba cheart go measfaí geatóir a shuíomh mar gheatóir a choimeád, a leathnú nó a neartú, gan beann ar na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá déanta ag an gCoimisiún, i gcás ina bhfuil an tábhacht a bhaineann leis an ngeatóir sin mar thairseach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh fós leis, méadaithe a thuilleadh nó daingnithe aige.

I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Choimisiún an chumhacht a bheith aige chun leigheas ar bith a fhorchur, bíodh sé ina leigheas iompraíochta nó ina leigheas struchtúrach, agus aird chuí á tabhairt aige ar phrionsabal na comhréireachta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún an chumhacht a bheith aige, sa mhéid go bhfuil leigheas den chineál sin comhréireach agus riachtanach chun cothroime nó inchoimhlinteacht a chóiméad nó a athbhunú faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh, ar feadh tréimhse ama theoranta, cosc a chur ar an ngeatóir comhchruinniú a dhéanamh maidir leis na croísheirbhísí ardáin sin, nó na seirbhísí eile a sholáthraítear san earnáil dhigiteach nó seirbhísí a chumasaíonn bailiú sonraí atá faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh. Ba cheart don Choimisiún achoimre mhionsonraithe neamhrúnda ar an gcás agus ar na bearta a bheidh le glacadh a fhoilsiú d’fhonn rannpháirtíocht éifeachtach na dtríú páirtithe a chumasú agus chun go mbeidh an deis ann na leigheasanna a thástáil sula gcuirfear i bhfeidhm iad. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann imeachtaí a athoscailt, lena n-áirítear i gcás nach bhfuil na leigheasanna a sonraíodh éifeachtach sa deireadh thiar thall. Ba cheart go gcuirfí athoscailt mar gheall ar leigheasanna neamhéifeachtacha arna nglacadh ag cinneadh de chumas an Choimisiúin na leigheasanna sin a leasú go hionchasach. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann tréimhse ama réasúnta a leagadh síos inar cheart deis a bheith ann na himeachtaí a athoscailt i gcás ina dtarlóidh sé nach bhfuil na leigheasanna sin éifeachtach.

(76)

Más rud é, le linn imscrúdú maidir le neamhchomhlíonadh córasach, go dtairgeann geatóir gealltanais don Choimisiún, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann cinneadh a ghlacadh na gealltanais sin a chur de cheangal ar an ngeatóir lena mbaineann, i gcás ina gcinneann sé go n-áirithíonn na ceanglais go bhfuil oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh go héifeachtach. Ba cheart a shuí sa chinneadh sin freisin nach bhfuil aon fhorais ann a thuilleadh le gníomhaíocht ag an gCoimisiún maidir leis an neamhchomhlíonadh córasach atá faoi imscrúdú. Agus measúnú á dhéanamh féachaint an leordhóthanach iad gealltanais an gheatóra chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann na tástálacha a rinne an geatóir chun éifeachtacht na ngealltanas a tairgeadh a léiriú sa chleachtas a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a fhíorú go bhfuil cinneadh na ngealltanas á urramú go hiomlán agus go bhfuil a chuid cuspóirí á mbaint amach aige, agus ba cheart dó a bheith i dteideal an cinneadh sin a athoscailt má fhaigheann sé nach bhfuil na gealltanais éifeachtach.

(77)

Féadann na seirbhísí san earnáil dhigiteach agus na cineálacha cleachtas a bhaineann leis na seirbhísí sin athrú go tapa agus go mór. Chun a áirithiú go bhfanfaidh an Rialachán seo cothrom le dáta agus go mbeidh sé mar fhreagairt rialála éifeachtach agus iomlánaíoch ar na fadhbanna a chruthaíonn geatóirí, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh d’athbhreithniú tráthrialta ar liostaí na gcroísheirbhísí ardáin agus ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Tá sin tábhachtach go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar cleachtas ar dócha inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin a theorannú nó cleachtas atá éagórach a shainaithint. Cé go bhfuil sé tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tráthrialta, ó tharla, i ngeall ar a cineál, go mbíonn an earnáil dhigiteach ag athrú ar bhealach dinimiciúil, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na coinníollacha rialála, ba cheart athbhreithnithe ar bith a dhéanamh laistigh d’achar ama atá réasúnta agus iomchuí. Trí imscrúduithe margaidh, ba cheart a áirithiú freisin go bhfuil bunús láidir fianaiseach ag an gCoimisiún ónar féidir leis a mheas ar cheart nó nár cheart dó a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a leasú chun na liostaí croísheirbhísí ardáin a athbhreithniú, a leathnú, nó a mhionsonrú a thuilleadh. Ba cheart go n-áiritheoidís chomh maith céanna go bhfuil bunús láidir fianaiseach ag an gCoimisiún ónar féidir leis a mheas ar cheart nó nár cheart dó a mholadh go ndéanfaí na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo a leasú nó ar cheart dó gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéantar oibleagáidí den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta.

(78)

Maidir le hiompar na ngeatóirí nach gcumhdaítear leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún imscrúdú margaidh a thionscnamh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua chun a shainaithint an bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo le forlíonadh trí bhíthin gníomh tarmligthe a thagann faoi raon feidhme an chumhachtaithe a leagtar amach le haghaidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin sa Rialachán seo, nó trí thogra a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh an Coimisiún, i gcásanna iomchuí, imeachtaí a thionscnamh faoi Airteagail 101 nó 102 CFAE. Ba cheart na himeachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (18). I gcásanna práinne mar gheall ar an mbaol go ndéanfar dochar tromchúiseach agus doleasaithe don iomaíocht, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar bhearta idirlinne a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

(79)

I gcás ina dtéann geatóirí i mbun cleachtais atá éagórach nó a chuireann srian le hinchoimhlinteacht na gcroísheirbhísí ardáin atá ainmnithe cheana féin faoin Rialachán seo ach nach bhfuil cleachtais den sórt sin cumhdaithe go sonrach leis na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta trí ghníomhartha tarmligthe. Ba cheart aon athruithe den sórt sin a dhéantar trí ghníomh tarmligthe a bheith faoi réir an chaighdeáin imscrúdaitheacha chéanna agus, dá bhrí sin, ba cheart imscrúdú margaidh a dhéanamh sula ndéanfar iad. Ba cheart don Choimisiún caighdeán réamhshainithe a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha cleachtas den sórt sin a shainaithint. Tríd an gcaighdeán dlíthiúil sin, ba cheart a áirithiú gur sách intuartha atá an cineál oibleagáidí a bhféadfadh sé go mbeadh ar gheatóirí aghaidh a thabhairt orthu tráth ar bith faoin Rialachán seo.

(80)

Chun cur chun feidhme éifeachtach agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún cumhachtaí láidre imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe a bheith aige chun go mbeidh ar a chumas na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a imscrúdú agus a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus a áirithiú an tráth céanna go léireofar meas ar an gceart bunúsach chun éisteacht a fháil agus chun rochtain a fháil ar an gcomhad i gcomhthéacs na n-imeachtaí forfheidhmithe. Ba cheart don Choimisiún freisin na cumhachtaí imscrúdaitheacha atá aige a chur de láimh ar mhaithe le himscrúduithe margaidh a chur i gcrích, lena n-áirítear chun an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú.

(81)

Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún an fhaisnéis atá riachtanach chun críoch an Rialacháin seo a iarraidh. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún rochtain a bheith aige ar dhoiciméid, ar shonraí, ar bhunachar sonraí, ar algartaim agus ar fhaisnéis ábhartha ar bith atá riachtanach chun imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, is cuma cé aige a bhfuil faisnéis den sórt sin, agus gan beann ar a bhfoirm nó ar a bhformáid, ar a meán stórála, nó ar an áit a bhfuil siad stóráilte.

(82)

Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a iarraidh go díreach go soláthróidh gnóthais nó comhlachais gnóthas aon fhianaise, aon sonraí nó aon fhaisnéis atá ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó údaráis inniúla laistigh den Bhallstát, nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach chun críoch an Rialacháin seo. Agus cinneadh ón gCoimisiún á chomhlíonadh acu, tá sé d’oibleagáid ar ghnóthais ceisteanna fíorasacha a fhreagairt agus doiciméid a sholáthar.

(83)

Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin cigireachtaí a dhéanamh ar aon ghnóthas nó comhlachas gnóthas agus daoine ar bith a bhféadfadh faisnéis úsáideach a bheith ina seilbh acu a chur faoi agallamh agus na ráitis a dhéanfaí a thaifeadadh.

(84)

Is féidir le bearta idirlinne a bheith ina n-uirlis thábhachtach chun a áirithiú, le linn imscrúdú a bheith ar siúl, nach ndéanfar damáiste tromchúiseach agus doleasaithe d’úsáideoirí gnó ná d’úsáideoirí deiridh geatóirí mar thoradh ar an sárú atá á imscrúdú. Is uirlis thábhachtach iad chun forbairtí a sheachaint, ar forbairtí iad ar dheacair iad a chur ina gceart le cinneadh ón gCoimisiún i ndeireadh na n-imeachtaí. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, chun bearta idirlinne a ordú i gcomhthéacs imeachtaí a thionscnaítear d’fhonn go bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcumhacht sin i gcásanna ina bhfuil cinneadh prima facie déanta ag an gCoimisiún go bhfuil sárú oibleagáidí déanta ag geatóirí agus i gcás ina bhfuil baol ann go ndéanfaí damáiste tromchúiseach agus doleigheasta d’úsáideoirí gnó nó d’úsáideoirí deiridh geatóirí. Níor cheart feidhm a bheith ag bearta idirlinne ach ar feadh tréimhse shonraithe, go dtí go dtabharfaidh an Coimisiún na himeachtaí i gcrích, sin nó go ceann tréimhse shocraithe ar féidir í a athnuachan a mhéid is gá agus is iomchuí.

(85)

Ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I measc na ngníomhaíochtaí sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann saineolaithe neamhspleácha seachtracha agus iniúchóirí, a cheapadh chun cabhrú leis an gCoimisiún sa phróiseas sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, saineolaithe ó údaráis inniúla na mBallstát, amhail údaráis um chosaint sonraí nó um chosaint tomhaltóirí. Agus iniúchóirí á gceapadh ag an gCoimisiún, ba cheart dó uainíocht leordhóthanach a áirithiú.

(86)

Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith infhorfheidhmithe trí bhíthin fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leagan síos freisin i dtaca le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí agus le sárú ar na rialacha nós imeachta faoi réir tréimhsí teorann iomchuí, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus ne bis in idem. Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha a n-iarrachtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú chun a áirithiú go n-urramófar na prionsabail sin. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún aon fhíneálacha nó phionóis a forchuireadh ar an duine dlítheanach céanna do na fíorais chéanna trí chinneadh críochnaitheach in imeachtaí a bhaineann le rialacha eile de chuid an Aontais nó rialacha náisiúnta eile a chur san áireamh, ionas go n-áiritheofar go bhfreagróidh na fíneálacha foriomlána agus na pionóis fhoriomlána a fhorchuirtear do thromchúis na sáruithe a dhéantar.

(87)

Chun a áirithiú go ndéanfar fíneálacha a forchuireadh ar chomhlachais ghnóthas i dtaca le sáruithe atá déanta acu a ghnóthú go héifeachtach, is gá go leagfaí síos na coinníollacha faoina bhféadfadh sé go n-éileodh an Coimisiún go n-íocfadh comhaltaí an chomhlachais gnóthas sin an fhíneáil i gcás nach mbeadh sé leachtach ann.

(88)

I gcomhthéacs imeachtaí a chuirtear i gcrích faoin Rialachán seo, ba cheart an ceart a thabhairt don ghnóthas lena mbaineann éisteacht a fháil ón gCoimisiún agus ba cheart na cinntí a dhéantar a phoibliú go forleathan. Agus na cearta i leith dea-riaracháin, an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad agus an ceart chun éisteacht a fháil á n-áirithiú, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí faisnéis rúnda a chosaint. Ina theannta sin, agus rúndacht na faisnéise á hurramú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar aon fhaisnéis ar a bhfuil an cinneadh bunaithe a nochtadh a mhéid a chumasaítear do sheolaí an chinnidh na fíorais agus na breithnithe as ar eascair an cinneadh a thuiscint. Is gá a áirithiú freisin gur faisnéis a bailíodh de bhun an Rialacháin seo chun críocha an Rialacháin seo, amháin, a bheidh in úsáid ag an gCoimisiún, ach amháin i gcás ina mbeartaítear dá mhalairt. Ar deireadh, ba cheart go bhféadfaí, faoi choinníollacha áirithe, le haghaidh taifid ghnó áirithe, amhail cumarsáid idir dlíodóirí agus a gcuid cliant, a mheas mar thaifid rúnda má shásaítear na coinníollacha ábhartha.

(89)

Agus achoimrí neamhrúnda á n-ullmhú - achoimrí atá le foilsiú chun cur ar chumas tríú páirtithe leasmhara barúlacha a chur ar fáil - ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt do leas dlisteanach gnóthas maidir lena rúin ghnó a chosaint mar aon le faisnéis rúnda eile.

(90)

Chun na hionstraimí dlí atá ar fáil, a chuirtear i bhfeidhm maidir le geatóirí, a fhorfheidhmiú ar bhealach comhleanúnach, éifeachtach agus comhlántach, tá gá le comhar agus comhordú idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta faoi réimse freagrachta a n-inniúlachtaí. Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta comhoibriú agus comhordú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí a mhéid is gá chun na hionstraimí dlí atá ar fáil agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le geatóirí a fhorfheidhmiú de réir bhrí an Rialacháin seo agus prionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a urramú. Ba cheart go bhféadfaí a áireamh ar an tacaíocht ó na húdaráis náisiúnta don Choimisiún an fhaisnéis uile is gá atá ina seilbh acu a sholáthar don Choimisiún nó cabhrú leis an gCoimisiún, arna iarraidh sin dó, a chumhachtaí a fheidhmiú ionas go bhféadfaidh an Coimisiún na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

(91)

Is é an Coimisiún an t-aon údarás a chumhachtaítear chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Chun tacú leis an gCoimisiún, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cumhacht a thabhairt dá n-údaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta imscrúduithe a dhéanamh ar neamhchomhlíonadh féideartha oibleagáidí áirithe ag geatóirí faoin Rialachán seo. D’fhéadfadh sé sin a bheith ábhartha go háirithe i gcásanna nach féidir a chinneadh ón tús an bhféadfadh iompar geatóra an Rialachán seo a shárú, na rialacha iomaíochta a bhfuil sé de chumhacht ag an údarás náisiúnta inniúil iad a fhorfheidhmiú, nó an dá rud. Ba cheart don údarás náisiúnta inniúil a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta a chuid cinntí a thuairisciú don Choimisiún maidir le neamhchomhlíonadh féideartha oibleagáidí áirithe ag geatóirí faoin Rialachán seo i bhfianaise go dtionscnaíonn an Coimisiún imeachtaí chun imscrúdú a dhéanamh ar aon neamhchomhlíonadh mar fhorfheidhmitheoir aonair na bhforálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Ba cheart don Choimisiún lán-rogha a bheith aige a chinneadh imeachtaí den sórt sin a thionscnamh. Chun imscrúduithe forluiteacha faoin Rialachán seo a sheachaint, ba cheart don údarás náisiúnta inniúil lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas sula nglacfaidh sé a chéad bheart imscrúdaitheach faoi neamhchomhlíonadh féideartha oibleagáidí ag geatóirí faoin Rialachán seo. Ba cheart freisin don údarás náisiúnta inniúil comhoibriú agus comhordú go dlúth leis an gCoimisiún agus rialacha iomaíochta náisiúnta á bhforfheidhmiú i gcoinne geatóirí, lena n-áirítear maidir le fíneálacha a shocrú. Chuige sin, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas agus imeachtaí bunaithe ar rialacha iomaíochta náisiúnta i gcoinne geatóirí á dtionscnamh acu, agus sula bhforchuirtear oibleagáidí ar gheatóirí in imeachtaí den sórt sin. Chun dúbláil a sheachaint, ba cheart go bhféadfaí faisnéis maidir leis an dréachtchinneadh de bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, i gcás inarb infheidhme, a bheith mar fhógra faoin Rialachán seo.

(92)

Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhchuibhithe an Rialacháin seo a choimirciú, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis uile is gá ag na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear na cúirteanna náisiúnta, chun a áirithiú nach dtagann a gcinntí salach ar chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo. Ba cheart go gceadófaí do na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis nó tuairimí maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur chucu. Ag an am céanna, ba cheart don Coimisiún a bheith in ann barúlacha ó bhéal nó i scríbhinn a thíolacadh chuig na cúirteanna náisiúnta. Tá an méid sin gan dochar do chumas na gcúirteanna náisiúnta réamhrialú a iarraidh faoi Airteagal 267 CFAE.

(93)

Chun comhleanúnachas agus comhlántacht éifeachtach a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus i ndáil le rialacháin earnálacha eile is infheidhme i dtaca le geatóirí, ba cheart don Choimisiún tairbhe a bhaint as saineolas grúpa tiomnaithe ardleibhéil. Ba cheart don ghrúpa ardleibhéil sin a bheith in ann cúnamh a thabhairt don Choimisiún freisin trí bhíthin comhairle, saineolais agus moltaí, i gcás inarb ábhartha, maidir le hábhair ghinearálta a bhaineann le cur chun feidhme nó le forfheidhmiú an Rialacháin seo. Ba cheart an grúpa ardleibhéil sin a bheith comhdhéanta de na comhlachtaí Eorpacha agus na líonraí ábhartha, agus ba cheart go n-áiritheofaí lena chomhdhéanamh go mbeidh ardleibhéal saineolais agus cothromaíocht gheografach ann. Ba cheart do chomhaltaí an ghrúpa ardleibhéil tuairisciú go tráthrialta do na comhlachtaí agus do na líonraí a ndéanann siad ionadaíocht dóibh maidir leis na tascanna a comhlíonadh i gcomhthéacs an ghrúpa, agus dul i gcomhairle leo ina leith sin.

(94)

Ós rud é go bhfuil na cinntí a dhéanfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhréir le CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais dlínse neamhtheoranta a bheith aici i leith fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis.

(95)

Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann treoirlínte a fhorbairt chun treoir bhreise a thabhairt maidir le gnéithe éagsúla an Rialacháin seo nó chun cúnamh a thabhairt do ghnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu i gcur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh treoir den sórt sin bunaithe go háirithe ar an taithí a gheobhaidh an Coimisiún trí fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Is ag an gCoimisiún atá saincheart agus lánrogha aon treoirlínte faoin Rialachán seo a eisiúint agus níor cheart é a mheas mar ghné bhunaitheach chun a áirithiú go bhfuil na hoibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh ag na gnóthais nó comhlachais gnóthas lena mbaineann.

(96)

D’fhéadfaí cur chun feidhme roinnt d’oibleagáidí na ngeatóirí, amhail iad siúd a bhaineann le rochtain ar shonraí, iniomparthacht sonraí nó idir-inoibritheacht a éascú trí chaighdeáin theicniúla a úsáid. Chuige sin, ba cheart don Coimisiún a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí agus inar gá, iarraidh ar chomhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a fhorbairt.

(97)

Chun a áirithiú go mbeidh margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais i gcás ina mbeidh geatóirí i láthair, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an modheolaíocht a leasú chun a chinneadh an gcomhlíontar na tairseacha cainníochtúla maidir le húsáideoirí deiridh gníomhacha agus úsáideoirí gnó gníomhacha i ndáil le hainmniú geatóirí, ar modheolaíocht í atá in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i dtaca le sonrú breise a dhéanamh ar eilimintí breise na modheolaíochta nach bhfuil san Iarscríbhinn sin chun a chinneadh an gcomhlíontar na tairseacha cainníochtúla maidir le hainmniú geatóirí, agus i dtaca le forlíonadh a dhéanamh ar na hoibleagáidí reatha a leagtar síos sa Rialachán seo i gcás inar shainaithin an Coimisiún, bunaithe ar imscrúdú margaidh, an gá le nuashonrú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a thugann aghaidh ar chleachtais a theorannaíonn inchoimhlinteacht na gcroísheirbhísí ardáin nó atá éagórach agus go dtagann an nuashonrú breithnithe faoi raon feidhme an chumhachtaithe a leagtar amach le haghaidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin sa Rialachán seo.

(98)

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh faoin Rialachán seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (19). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(99)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na bearta atá le cur chun feidhme ag geatóirí a shonrú chun go mbeidh na hoibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh go héifeachtach; oibleagáid ar leith a fhorchuirtear ar gheatóir a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach; geatóir a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó oibleagáid ar leith; na bearta atá le cur chun feidhme ag geatóir a shonrú i gcás ina dtéann sé timpeall ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo; imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích maidir le geatóirí a ainmniú; leigheasanna a fhorchur i gcás neamhchomhlíonta chórasaigh; bearta idirlinne a ordú in aghaidh geatóra; gealltanais a dhéanamh ceangailteach ar an ngeatóir; a chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a leagan amach; méid deifnídeach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a shocrú; foirm, inneachar agus sonraí eile a bhaineann le fógraí, le faisnéis a chur isteach, le hiarrataí réasúnaithe agus le tuairiscí rialála arna dtarchur ag geatóirí a chinneadh; socruithe oibríochtúla agus teicniúla a leagan síos d’fhonn an idir-inoibritheacht a chur chun feidhme agus an mhodheolaíocht agus an nós imeachta a leagan síos maidir leis an tuairisc, a ndéantar iniúchadh uirthi, ar theicnící a chuirtear i bhfeidhm i dtaca le custaiméirí a phróifíliú; foráil a dhéanamh do shocruithe praiticiúla maidir le himeachtaí, le síntí a chur le spriocdhátaí, le cearta a fheidhmiú le linn imeachtaí, le téarmaí nochta, mar aon le comhar agus comhordú idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(100)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na socruithe praiticiúla don chomhar agus don chomhordú idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme atá fágtha a bheartaítear leis an Rialachán seo. Tá údar leis sin toisc go mbaineann na gníomhartha cur chun feidhme eile sin le gnéithe praiticiúla de na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, amhail foirm, inneachar agus mionsonraí eile de chéimeanna éagsúla nós imeachta, le socruithe praiticiúla maidir le céimeanna éagsúla nós imeachta, amhail, mar shampla, síneadh a chur le spriocdhátaí nós imeachta nó an ceart chun éisteacht a fháil, chomh maith le cinntí cur chun feidhme aonair dírithe ar gheatóirí.

(101)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ba cheart ionadaíocht a bheith ag gach Ballstát ar an gcoiste comhairleach agus ba cheart dó ballraíocht a thoscaireachta a chinneadh. D’fhéadfaí a áireamh i dtoscaireacht den sórt sin, inter alia, saineolaithe ó na húdaráis inniúla laistigh de na Ballstáit, a mbeidh an saineolas ábhartha acu maidir le saincheist shonrach a chuirfear faoi bhráid an choiste chomhairligh.

(102)

Is féidir le sceithirí faisnéis nua a chur ar a súile do na húdaráis inniúla, rud a d’fhéadfadh cuidiú leis na húdaráis inniúla sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus é a chur ar a gcumas pionóis a fhorchur. Ba cheart a áirithiú go mbeidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm chun sceithirí a chumasú na húdaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus na sceithirí a chosaint ar fhrithbhearta. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo go mbeidh Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) infheidhme i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin.

(103)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart infheidhmeacht Threoir (AE) 2019/1937 i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe, de bhun an Rialacháin seo, a léiriú sa Treoir sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937 a leasú dá réir. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go léireofar an leasú ina mbearta trasuite arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937, cé nach bhfuil glacadh na mbeart trasuite náisiúnta mar choinníoll i dtaca le hinfheidhmeacht na Treorach sin i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(104)

Ba cheart tomhaltóirí a bheith i dteideal a gcearta a fhorfheidhmiú maidir leis na hoibleagáidí arna bhforchur ar gheatóirí faoin Rialachán seo trí ghníomhaíochtaí ionadaíocha i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Chun na críche sin, leis an Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh go bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe geatóirí ar fhorálacha den Rialachán seo a dhéanann dochar do nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chomhleasanna tomhaltóirí. Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin a leasú dá réir. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go léireofar an leasú ina mbearta trasuite arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/1828, cé nach bhfuil glacadh na mbeart trasuite náisiúnta i ndáil leis an méid sin mar choinníoll i dtaca le hinfheidhmeacht na Treorach sin maidir leis na caingne ionadaíochta sin. Chun na críche sin, ba cheart go gcuirfí tús le hinfheidhmeacht Threoir (AE) 2020/1828 a thugtar in aghaidh sáruithe geatóirí ar fhorálacha den Rialachán seo a dhéanann dochar do nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chomhleasanna tomhaltóirí ó dháta chur i bhfeidhm dhlíthe na mBallstát, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhfuil gá leo chun an Treoir sin a thrasuí, nó ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cíbe acu is déanaí.

(105)

Ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a mheas ó am go ham agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí atá aige ar inchoimhlinteacht agus ar chothroime na gcaidreamh tráchtála i ngeilleagar na n-ardán ar líne, go háirithe d’fhonn an gá a bheadh le leasuithe a chinneadh i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nó tráchtáil ábhartha. Mar chuid den mheastóireacht sin, ba cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar liosta na gcroísheirbhísí ardáin chomh maith lena bhforfheidhmiú, d’fhonn a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar raon feidhme na hoibleagáide a bhaineann le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá neamhspleách ar uimhir. Chun léargas leathan a fháil ar fhorbairtí san earnáil dhigiteach, ba cheart aird a thabhairt sa mheastóireacht ar eispéiris na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha. I dtaca leis sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann breithniú a dhéanamh freisin ar na tuairimí agus ar na tuarascálacha a chuir an Fhaireachlann do Gheilleagar na nArdán ar Líne faoina bhráid, a bunaíodh den chéad uair le Cinneadh C(2018)2393 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2018. I ndiaidh na meastóireachta, ba cheart don Choimisiún bearta iomchuí a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh leibhéal ard cosanta agus measa a choinneáil i dtaca le cearta agus luachanna comhchoiteanna, go háirithe comhionannas agus neamh-idirdhealú, mar chuspóir nuair atá measúnuithe agus athbhreithnithe á ndéanamh ar oibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(106)

Gan dochar don nós imeachta buiséadach agus trí ionstraimí airgeadais atá ann cheana, ba cheart acmhainní daonna, airgeadais agus teicniúla leormhaithe a leithdháileadh ar an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh sé in ann a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

(107)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach - eadhon earnáil dhigiteach atá inchoimhlinte agus cothrom a áirithiú i gcoitinne agus i gcroísheirbhísí ardáin go háirithe, d’fhonn nuálaíocht, táirgí agus seirbhísí digiteacha ar ardcháilíocht, praghsanna atá cothrom agus iomaíoch, chomh maith le hardcháilíocht agus rogha d’úsáideoirí deiridh san earnáil dhigiteach a chur chun cinn - ach is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, de bharr shamhail ghnó agus oibríochtaí na ngeatóirí agus scála agus éifeachtaí a gcuid oibríochtaí. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(108)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 10 Feabhra 2021 (22).

(109)

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 16, 47 agus 50 de. Ba cheart, dá réir sin, na cearta agus na prionsabail sin a urramú agus an Rialachán seo á léiriú agus á chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é is cuspóir don Rialachán seo cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos, do gach gnólacht, lena n-áirithítear margaí atá inchoimhlinte agus cothrom san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais, aon áit a bhfuil geatóirí i láthair, chun leasa úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le croísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag geatóirí d’úsáideoirí gnó atá bunaithe san Aontas nó ag úsáideoirí deiridh atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaithe nó chónaithe na ngeatóirí agus beag beann ar an dlí is infheidhme ar aon chás eile maidir le soláthar na seirbhíse.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le margaí a bhaineann le:

(a)

líonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972, seachas iad siúd a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.

4.   Maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir (AE) 2018/1972, tá an Rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí agus do na cúraimí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile de bhua Airteagal 61 den Treoir sin.

5.   Ar mhaithe le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, ní dhéanfaidh Ballstáit oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí le dlíthe, rialacháin, nó bearta riaracháin chun críche margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais, lena n-áirítear gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu, le haghaidh nithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ar choinníoll gur oibleagáidí iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach n-eascraíonn siad as na gnóthais ábhartha a bhfuil an stádas mar gheatóir acu de réir bhrí an Rialacháin seo.

6.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE. Tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm:

(a)

na rialacha iomaíochta náisiúnta lena ndéantar comhaontuithe frithiomaíocha, cinntí ag comhlachais ghnóthas, cleachtais chomhbheartaithe agus mí-úsáid suíomhanna ceannasacha a thoirmeasc;

(b)

dlíthe náisiúnta iomaíochta lena ndéantar cineálacha eile iompair aontaobhaigh a thoirmeasc a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóthais seachas geatóirí nó arb ionann iad agus oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí; agus

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (23) ón gComhairle agus na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc.

7.   Ní ghlacfaidh údaráis náisiúnta cinntí a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go dlúth ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus déanfaidh siad comhordú orthu ar bhonn na bprionsabal a bhunaítear in Airteagail 37 agus 38.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “geatóir” gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a ainmnítear de bhun Airteagal 3;

(2)

ciallaíonn “croísheirbhís ardáin” ceann ar bith díobh seo a leanas:

(a)

seirbhísí idirghabhála ar líne;

(b)

innill chuardaigh ar líne;

(c)

seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne;

(d)

seirbhísí ardáin comhroinnte físeán;

(e)

seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir;

(f)

córais oibriúcháin;

(g)

brabhsálaithe gréasáin;

(h)

cúntóirí fíorúla;

(i)

seirbhísí néalríomhaireachta;

(j)

seirbhísí fógraíochta ar líne, lena n-áirítear aon líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile, arna soláthar ag gnóthas a sholáthraíonn ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear i bpointí (a) go (i);

(3)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” aon seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(4)

ciallaíonn “an earnáil dhigiteach” earnáil na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí bhíthin seirbhísí sochaí faisnéise, nó tríothu;

(5)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí idirghabhála ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2 de Rialachán (AE) 2019/1150;

(6)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán (AE) 2019/1150;

(7)

ciallaíonn “seirbhís líonraithe shóisialta ar líne” ardán a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh nascadh agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, ábhar a comhroinnt agus teacht ar úsáideoirí agus ar ábhar eile thar ghléasanna iomadúla agus, go sonrach, trí chomhráite, postálacha, físeáin agus moltaí;

(8)

ciallaíonn “seirbhís ardáin comhroinnte físeán” seirbhís ardáin comhroinnte físeán mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (aa), de Threoir 2010/13/AE;

(9)

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972;

(10)

ciallaíonn “córas oibriúcháin” bogearraí córais lena rialaítear bunfheidhmeanna na gcrua-earraí nó na mbogearraí agus lena gcumasaítear d’fheidhmchláir bogearraí rith orthu;

(11)

ciallaíonn “brabhsálaí gréasáin” feidhmchlár bogearraí lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar ábhar gréasáin atá á óstáil ar fhreastalaithe atá nasctha le líonraí amhail an tIdirlíon, agus idirghníomhú leis an ábhar sin, lena n-áirítear brabhsálaithe gréasáin neamhspleácha mar aon le brabhsálaithe gréasáin atá comhtháite nó leabaithe i mbogearraí nó a leithéid;

(12)

ciallaíonn “cúntóir fíorúil” bogearra ar féidir leis éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as ionchur fuaime, amhairc nó i scríbhinn, as gothaí nó as gluaiseachtaí, agus, bunaithe ar na héilimh, cúraimí nó ceisteanna sin, go dtugann sé rochtain ar sheirbhísí eile nó go ndéanann sé gléasanna fisiceacha nasctha a rialú;

(13)

ciallaíonn “seirbhísí néalríomhaireachta” seirbhís néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (19) de Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(14)

ciallaíonn “siopaí feidhmchlár bogearraí” cineál seirbhísí idirghabhála ar líne atá dírithe ar fheidhmchláir bogearraí mar an táirge nó an tseirbhís atá á n-idirghabháil;

(15)

ciallaíonn “feidhmchlár bogearraí” aon táirge nó seirbhís dhigiteach a ritheann ar chóras oibriúcháin;

(16)

ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” seirbhís íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/2366;

(17)

ciallaíonn “seirbhís theicniúil a thacaíonn le seirbhís íocaíochta” seirbhís de réir bhrí Airteagal 3, pointe (j), de Threoir (AE) 2015/2366;

(18)

ciallaíonn “córas íocaíochta le haghaidh ceannachán ionaipe” feidhmchlár bogearraí, seirbhís nó comhéadan úsáideora lena n-éascaítear ceannacháin ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha laistigh d’fheidhmchlár bogearraí, lena n-áirítear ábhar, síntiúis, gnéithe nó feidhmiúlacht, agus na híocaíochtaí ar cheannacháin den sórt sin;

(19)

ciallaíonn “seirbhís um shainaithint” cineál seirbhíse a sholáthraítear in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo a chumasaíonn aon chineál fíoraithe ar aitheantas úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear;

(20)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a úsáideann croísheirbhísí ardáin seachas úsáideoir gnó;

(21)

ciallaíonn “úsáideoir gnó” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith atá ag feidhmiú i gcáil tráchtála nó i gcáil ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin ar mhaithe le hearraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh nó le linn earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh;

(22)

ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhneasta a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí a ndéantar iad a thairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, trí sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán nó chúntóirí fhíorúla, nó an tábhacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, de réir mar a dhéanann na gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, cúntóirí fíorúla nó innill chuardaigh ar líne iad a léiriú, a eagrú nó a chur in iúl, gan beann ar an modh teicneolaíochta a úsáidtear do léiriú, d’eagrú nó do chumarsáid den sórt sin agus gan beann ar na cásanna nach léirítear nó nach gcuirtear ach aon toradh amháin in iúl;

(23)

ciallaíonn “torthaí cuardaigh” aon fhaisnéis in aon fhormáid, lena n-áirítear téacsúil, grafach, guthach nó aschuir eile, arna gcur ar ais mar fhreagairt ar chuardach, agus a bhaineann le cuardach, bíodh nó ná bíodh san fhaisnéis a chuirtear ar ais toradh íoctha nó neamhíoctha, freagra díreach nó táirge, seirbhís nó faisnéis ar bith a thairgtear i dtaca leis na torthaí orgánacha, nó a thaispeántar in éineacht leo, nó atá leabaithe go páirteach nó go hiomlán iontu;

(24)

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc;

(25)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(26)

ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta;

(27)

ciallaíonn “gnóthas” eintiteas atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil ná ar an mbealach a dhéantar é a mhaoiniú, lena n-áirítear na fiontair nasctha nó na gnóthais cheangailte go léir atá mar ghrúpa trí fhiontar nó ghnóthas a bheith á rialú go díreach nó go hindíreach ag ceann eile;

(28)

ciallaíonn “rialú” an fhéidearthacht tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(29)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” an cumas faisnéis a mhalartú agus úsáid fhrithpháirteach a bhaint as an bhfaisnéis a malartaíodh trí chomhéadain nó réitigh eile, ionas go mbeidh gnéithe uile na gcrua-earraí nó na mbogearraí in ann oibriú leis na crua-earraí nó na bogearraí agus le húsáideoirí sna bealaí ar fad ina bhfuil siad ceaptha feidhmiú;

(30)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(31)

ciallaíonn “próifíliú” próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(32)

ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679;

(33)

ciallaíonn “cúirt náisiúnta” cúirt nó binse de chuid Ballstáit de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.

CAIBIDIL II

GEATÓIRÍ

Airteagal 3

Ainmniú geatóirí

1.   Déanfar gnóthas a ainmniú mar gheatóir sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá tionchar suntasach aige ar an margadh inmheánach;

(b)

má sholáthraíonn sé croísheirbhís ardáin atá mar thairseach thábhachtach chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh; agus

(c)

má bhaineann sé tairbhe as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath.

2.   Toimhdeofar go gcomhlíonann gnóthas na ceanglais faoi seach i mír 1:

(a)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (a), i gcás ina mbaineann sé láimhdeachas bliantúil an Aontais atá comhionann le EUR 7,5 billiún nó os a chionn amach i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais roimhe sin, nó i gcás inarb ionann agus EUR 75 bhilliún ar a laghad a mheánchaipitliú margaidh nó a mhargadhluach cothrom coibhéiseach sa bhliain airgeadais roimhe sin, agus ina soláthraíonn sé an chroísheirbhís ardáin chéanna i dtrí Bhallstát ar a laghad;

(b)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (b), i gcás ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin a bhfuil ar a laghad 45 milliún úsáideoir deiridh gníomhach in aghaidh na míosa aige sa bhliain airgeadais roimhe sin atá bunaithe nó suite san Aontas agus ar a laghad 10 000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana atá bunaithe san Aontas, a sainaithníodh agus a ríomhadh i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(c)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (c), i gcás inar sásaíodh na tairseacha i bpointe (b) den mhír seo i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha.

3.   I gcás ina gcomhlíonann gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na tairseacha go léir i mír 2, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis sin gan mhoill agus i gcás ar bith laistigh de 2 mhí i ndiaidh na dtairseach sin a shásamh agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 dó. Áireofar leis an bhfógra sin an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 i dtaca le gach ceann de chroísheirbhísí ardáin an ghnóthais a shásaíonn na tairseacha i mír 2 pointe (b). Cibé uair a shásaíonn croísheirbhís ardáin eile arna soláthar ag an ngnóthas a ainmníodh mar gheatóir roimhe seo na tairseacha i mír 2, pointí (b) agus (c), cuirfidh an gnóthas sin an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí tar éis do na tairseacha sin a bheith sásaithe.

I gcás nach gcuirfidh an gnóthas a bhfuil na croísheirbhísí ardáin á soláthar aige an Coimisiún ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo agus nach gcuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis ábhartha go léir atá de dhíth ar an gCoimisiún chun an gnóthas lena mbaineann a ainmniú mar gheatóir de bhun mhír 4 den Airteagal seo faoin spriocdháta arna leagan síos ag an gCoimisiún san iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 21, beidh an Coimisiún fós i dteideal an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún.

I gcás go gcomhlíonann an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige an iarraidh ar fhaisnéis de bhun an dara fomhír den mhír seo nó i gcás ina soláthraítear an fhaisnéis tar éis don spriocdháta dá dtagraítear san fhomhír sin dul in éag, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 i bhfeidhm.

4.   Ainmneoidh an Coimisiún mar gheatóir, gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 45 lá oibre i ndiaidh dó an fhaisnéis iomlán dá dtagraítear i mír 3 a fháil, gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a shásaíonn na tairseacha go léir i mír 2.

5.   Féadfaidh an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, in éineacht lena fhógra, argóintí a bhfuil bunús sách láidir leo a chur i láthair chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go sásaíonn sé na tairseacha go léir i mír 2, de bharr na n-imthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach sásaíonn sé na riachtanais atá liostaithe i mír 1.

I gcás go measann an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige faoina bhráid de bhun na chéad fomhíre toisc nach dtarraingíonn sé amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé diúltú do na hargóintí sin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4, gan an nós imeacht a leagtar amach in Airteagal 17(3) a chur i bhfeidhm.

I gcás go gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige argóintí den sórt sin a bhfuil bunús leordhóthanach leo ina dtarraingítear amhras go follasach ar na toimhdí i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, in ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17(3) a oscailt.

Má mheasann an Coimisiún nach raibh an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige in ann a léiriú nach sásaíonn na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn sé riachtanais mhír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh sé an gnóthas sin mar gheatóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(3).

6.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun a chinneadh ar sásaíodh na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus chun an mhodheolaíocht sin a athrú go tráthrialta chun teacht le forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht de réir mar is gá.

7.   Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar an liosta táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

8.   Sainaithneoidh an Coimisiún mar gheatóir, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17, aon ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a chomhlíonann gach ceann de cheanglais mhír 1 den Airteagal seo, ach nach sásaíonn gach ceann de na tairseacha i mír 2 den Airteagal seo.

Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún cuid de na heilimintí seo a leanas nó iad go léir san áireamh, sa mhéid is go bhfuil siad ábhartha don ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige atá á bhreithniú:

(a)

méid, lena n-áirítear láimhdeachas agus caipitliú margaidh, oibríochtaí agus suíomh an ghnóthais sin;

(b)

an líon úsáideoirí gnó a úsáideann an chroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus líon na n-úsáideoirí deiridh;

(c)

éifeachtaí líonra agus buntáistí sonraíbhunaithe, go háirithe maidir le rochtain an ghnóthais ar shonraí pearsanta agus neamhphearsanta, agus iad a bheith á mbailiú aige, nó cumas anailísíochta an ghnóthais;

(d)

éifeachtaí scála agus raon feidhme ar bith a mbaineann an gnóthas tairbhe astu, lena n-áirítear maidir le sonraí, agus, i gcás inarb ábhartha, maidir lena ghníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas;

(e)

úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh a bheith glasáilte isteach, lena n-áirítear costais ar athrú a dhéanamh agus claontacht iompraíochta a chuireann isteach ar chumas úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh athrú nó ilfhrithing a dhéanamh;

(f)

struchtúr corparáideach ilchuideachta nó comhtháthú ceartingearach an ghnóthais sin, mar shampla, a chuireann ar chumas an ghnóthais sin tras-fhóirdheonú a dhéanamh, chun sonraí ó fhoinsí éagsúla a chomhcheangal, nó chun a sheasamh a ghiaráil; nó

(g)

saintréithe struchtúracha eile gnó nó seirbhíse.

Agus a mheasúnú á dhéanamh aige faoin mír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí intuartha maidir leis na gnéithe a liostaítear sa dara fomhír, lena n-áirítear aon chomhchruinnithe pleanáilte lena mbaineann gnóthas eile a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige nó seirbhísí eile á soláthar aige san earnáil dhigiteach nó a chumasaíonn sonraí a bhailiú.

I gcás nach sásaíonn gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige tairseacha cainníochtúla mhír 2, go ndéanann sé na bearta imscrúdaitheacha arna n-ordú ag an gCoimisiún a neamhchomhlíonadh ar bhealach suntasach, agus ina leanann an neamhchomhlíonadh sin ar aghaidh i ndiaidh don ghnóthas sin cuireadh a fháil comhlíonadh a dhéanamh laistigh de theorainn ama réasúnta agus tuairimí a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir bunaithe ar na fíorais atá ar fáil don Choimisiún.

9.   I gcás gach gnóthais a ainmnítear mar gheatóir de bhun mhír 4 nó 8, déanfaidh an Coimisiún liosta sa chinneadh ainmniúcháin de na croísheirbhísí ardáin ábhartha atá á soláthar laistigh den ghnóthas sin agus a fheidhmíonn, ceann ar cheann, mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

10.   Comhlíonfaidh an geatóir na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 laistigh de 6 mhí i ndiaidh croísheirbhís ardáin a bheith liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun mhír 9 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Athbhreithniú ar stádas geatóirí

1.   Féadfaidh an Coimisiún ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, cinneadh faoi ainmniú a glacadh de bhun Airteagal 3 a athmheas, a leasú nó a aisghairm tráth ar bith ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

tháinig athrú substaintiúil ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an t-ainmniú orthu;

(b)

bunaíodh an cinneadh ainmniúcháin ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, ar cé acu atá nó nach bhfuil na geatóirí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1) go fóill. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin an gá an liosta de chroísheirbhísí ardáin an gheatóra a fheidhmíonn ceann ar cheann mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), aleasú. Ní bheidh aon éifeacht fhionraitheach ag na hathbhreithnithe sin ar oibleagáidí an gheatóra.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn gnóthais nua a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na ceanglais sin.

I gcás go gcinnfidh an Coimisiún, de bharr na n-athbhreithnithe de bhun na chéad fhomhíre, go bhfuil athrú tagtha ar na fíorais a raibh ainmniú na ngnóthas a bhí i mbun croísheirbhísí ardáin a sholáthar mar gheatóirí bunaithe orthu, glacfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar, lena leasófar, nó lena n-aisghairfear an cinneadh ainmniúcháin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún liosta geatóirí agus liosta na gcroísheirbhísí ardáin nach mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III a chomhlíonadh ina leith agus tabharfaidh sé na liostaí sin cothrom le dáta ar bhonn leanúnach.

CAIBIDIL III

CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

Airteagal 5

Oibleagáidí geatóirí

1.   Comhlíonfaidh an geatóir na hoibleagáidí uile a leagtar amach san Airteagal seo maidir le gach aon cheann dá chroísheirbhísí ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9).

2.   Ní dhéanfaidh an geatóir aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh a phróiseáil, chun críche seirbhísí fógraíochta ar líne a sholáthar, trí sheirbhísí tríú páirtithe a úsáideann croísheirbhísí ardáin an gheatóra a úsáid;

(b)

sonraí pearsanta ón gcroísheirbhís ardáin ábhartha a chomhcheangal le sonraí pearsanta ó chroísheirbhísí ardáin breise nó ó sheirbhísí eile ar bith arna soláthar ag an ngeatóir, nó le sonraí pearsanta ó sheirbhísí tríú páirtithe;

(c)

sonraí pearsanta a thras-úsáid ón gcroísheirbhís ardáin ábhartha i seirbhísí eile arna soláthar ar leithligh ag an ngeatóir, lena n-áirítear croísheirbhísí ardáin, agus vice-versa; agus

(d)

úsáideoirí deiridh a shíniú isteach i seirbhísí eile an gheatóra chun sonraí pearsanta a chomhcheangal,

mura rud é gur tugadh an rogha shonrach don úsáideoir deiridh agus gur thug sé toiliú de réir bhrí Airteagal 4, pointe (11), agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679.

I gcás inar dhiúltaigh nó inar tharraing an t-úsáideoir deiridh siar an toiliú a tugadh chun críocha na chéad fhomhíre, ní dhéanfaidh an geatóir a iarraidh ar thoiliú chun na críche céanna breis is uair amháin laistigh d’achar bliana.

Tá an mhír seo gan dochar don fhéideartha go mbraithfidh an geatóir ar Airteagal 6(1), pointí (c), (d) agus (e) de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme.

3.   Ní chuirfidh an geatóir oibleagáidí i bhfeidhm a choisceann úsáideoirí gnó ar na táirgí nó na seirbhísí céanna a thairiscint d’úsáideoirí deiridh trí sheirbhísí idirghabhála ar líne ó thríú páirtithe nó trína mbealach díreach díolacháin ar líne féin ar phraghsanna nó ar choinníollacha atá éagsúil leis na cinn atá á dtairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne an gheatóra.

4.   Ligfidh an geatóir d’úsáideoirí gnó, ar mhodh gan chostas, tairiscintí a chur in iúl agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ar choinníollacha éagsúla, d’úsáideoirí deiridh a fuarthas trína gcroísheirbhís ardáin nó ar bhealaí eile, agus conarthaí a thabhairt i gcrích leis na húsáideoirí deiridh sin gan beann ar cibé acu a úsáideann siad croísheirbhísí ardáin an gheatóra chun na críche sin nó nach n-úsáideann.

5.   Ligfidh an geatóir d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar inneachar, ar shíntiúis, ar ghnéithe nó ar mhíreanna eile agus iad a úsáid, trína chroísheirbhísí ardáin, trí úsáid a bhaint as feidhmchlár bogearraí úsáideora gnó, lena n-áirítear cásanna ina bhfaighidh na húsáideoirí deiridh na míreanna sin ón úsáideoir gnó ábhartha gan croísheirbhísí ardáin an gheatóra a úsáid.

6.   Ní chuirfidh an geatóir cosc ná srian go díreach nó go hindíreach ar úsáideoirí gnó ná ar úsáideoirí deiridh aon cheist a bhaineann le neamhchomhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ag an ngeatóir a tharraingt anuas le haon údarás poiblí ábhartha, lena n-áirítear cúirteanna náisiúnta, ar ceist í a bhaineann le haon chleachtas ag an ngeatóir. Tá sé seo gan dochar don cheart atá ag úsáideoirí gnó agus ag geatóirí téarmaí úsáide sásraí dleathacha láimhseála gearán a leagan síos ina gcomhaontuithe.

7.   Ní cheanglóidh an geatóir ar úsáideoirí deiridh úsáid a bhaint as, ná ar úsáideoirí gnó úsáid a bhaint as, ná a bheith ag tairiscint, ná a bheith ag idiroibriú le, seirbhís um shainaithint, inneall brabhsálaí gréasáin nó seirbhís íocaíochta, nó seirbhísí teicniúla de chuid an gheatóra sin a thacaíonn le soláthar seirbhísí íocaíochta, amhail córais íocaíochta do cheannacháin ionaipe, an gheatóra sin i gcomhthéacs na seirbhísí atá á soláthar ag na húsáideoirí gnó a úsáideann croísheirbhísí ardáin an gheatóra sin.

8.   Ní cheanglóidh an geatóir ar úsáideoirí gnó ná ar úsáideoirí deiridh liostáil le haghaidh, ná clárú le, croísheirbhísí ardáin breise ar bith a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9) nó a shásaíonn na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), mar choinníoll chun úsáid a bhaint as, rochtain a fháil ar, liostáil le haghaidh nó clárú le ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin de chuid an gheatóra sin a liostaítear de bhun an Airteagail sin.

9.   Soláthróidh an geatóir do gach fógróir a sholáthraíonn sé seirbhísí fógraíochta ar líne dó, nó do thríú páirtithe atá údaraithe ag fógróirí, arna iarraidh sin don fhógróir, faisnéis saor in aisce go laethúil, maidir le gach fógra a chuireann an fógróir ar taispeáint, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an praghas agus na táillí a íocann an fógróir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar gach ceann de na seirbhísí ábhartha fógraíochta ar líne a sholáthraíonn an geatóir,

(b)

an luach saothair a fhaigheann an foilsitheoir, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, faoi réir thoiliú an fhoilsitheora; agus

(c)

an mhéadracht lena ríomhtar gach ceann de na praghsanna, na táillí agus na luachanna saothair.

I gcás nach dtoilíonn foilsitheoir leis an bhfaisnéis maidir leis an luach saothair a fhaightear a chomhroinnt, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, soláthróidh an geatóir do gach fógróir faisnéis, agus í saor in aisce, i ndáil leis an meánluach saothair laethúil a fhaigheann an foilsitheoir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar na fógraí ábhartha.

10.   Soláthróidh an geatóir do gach foilsitheoir a sholáthraíonn sé seirbhísí fógraíochta ar líne dó, nó do thríú páirtithe atá údaraithe ag foilsitheoirí, arna iarraidh sin don fhoilsitheoir, faisnéis saor in aisce go laethúil maidir le gach fógra atá ar taispeáint ar fhardal an fhoilsitheora, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an luach saothair a fhaigheann sé agus na táillí a íocann an foilsitheoir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, maidir le gach ceann de na seirbhísí ábhartha fógraíochta ar líne a sholáthraíonn an geatóir,

(b)

an praghas a íocann an fógróir, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, faoi réir thoiliú an fhógróra; agus

(c)

an mhéadracht ar a ríomhtar gach ceann de na praghsanna agus na luachanna saothair.

I gcás nach dtoilíonn fógróir leis an bhfaisnéis a chomhroinnt, soláthróidh an geatóir faisnéis saor in aisce do gach foilsitheoir maidir leis an meánphraghas laethúil a íocann an fógróir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar na fógraí ábhartha.

Airteagal 6

Oibleagáidí do gheatóirí a bhféadfaí sonrú breise a dhéanamh orthu faoi Airteagal 8

1.   Comhlíonfaidh an geatóir na hoibleagáidí uile a leagtar amach san Airteagal seo maidir le gach aon cheann dá chroísheirbhísí ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9).

2.   Staonfaidh an geatóir ó aon sonraí a úsáid, in iomaíocht le húsáideoirí gnó, ar sonraí iad nach bhfuil ar fáil go poiblí agus a ghineann nó a sholáthraíonn na húsáideoirí gnó sin agus iad ag baint úsáide as na croísheirbhísí ardáin ábhartha nó as na seirbhísí a sholáthraítear in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin ábhartha sin nó mar thaca leo, lena n-áirítear sonraí arna nginiúint nó arna soláthar ag custaiméirí na n-úsáideoirí gnó sin.

Chun críocha an chéad fhomhír, cuimseoidh na sonraí nach bhfuil ar fáil go poiblí aon sonraí comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe a ghineann úsáideoirí gnó is féidir a thuiscint ó, nó a bhailiú trí ghníomhaíochtaí tráchtála úsáideoirí gnó nó a gcustaiméirí, lena n-áirítear sonraí cliceála, cuardaigh, amhairc agus gutha, maidir leis an croísheirbhísí ardáin ábhartha nó maidir le seirbhísí a sholáthraítear in éineacht le croísheirbhísí ardáin ábhartha an gheatóra nó mar thaca leo.

3.   Ceadóidh agus cumasóidh an geatóir go teicniúil úsáideoirí deiridh chun aon fheidhmchláir bogearraí atá ar chóras oibriúcháin an gheatóra a dhíshuiteáil, gan dochar do chumas an gheatóra sin díshuiteáil den sórt sin a shrianadh maidir le feidhmchláir bogearraí atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú an chórais oibriúcháin nó an ghléis, agus nach bhféadann tríú páirtithe a thairiscint go teicniúil ná go neamhspleách.

Tabharfaidh an geatóir cead do na húsáideoirí deiridh agus cuirfidh sé ar a gcumas teicniúil réamhshocruithe a athrú go héasca ar a chóras oibriúcháin, ar a chúntóir fíorúil agus ar a bhrabhsálaí gréasáin lena ndéantar úsáideoirí deiridh a sheoladh nó a stiúradh chuig táirgí nó seirbhísí a sholáthraíonn an geatóir. Cuimsíonn sé sin a iarraidh ar úsáideoirí deiridh, nuair a úsáideann na húsáideoirí deiridh innill chuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaithe gréasáin an gheatóra atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9) den chéad uair, an t-inneall cuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaí gréasáin a seolann nó a stiúrann córas oibriúcháin an gheatóra úsáideoirí chucu mar réamhshocrú, agus an t-inneall cuardaigh ar líne a seolann nó a stiúrann cúntóir fíorúil agus brabhsálaí gréasáin an gheatóra úsáideoirí chuige mar réamhshocrú, a roghnú ó liosta na bpríomhsholáthraithe seirbhíse atá ar fáil.

4.   Ceadóidh agus cumasóidh an geatóir go teicniúil feidhmchláir bogearraí ó thríú páirtí nó ó shiopaí feidhmchlár bogearraí a shuiteáil agus a úsáid go héifeachtach agus iad ag úsáid chórais oibriúcháin an gheatóra sin, nó ag idiroibriú lena chóras oibriúcháin, agus ceadóidh sé rochtain a fháil ar na feidhmchláir bogearraí nó ar na siopaí feidhmchlár bogearraí sin ar bhealaí eile seachas trí chroísheirbhísí ardáin ábhartha an gheatóra sin. Ní choiscfidh an geatóir, i gcás inarb infheidhme, ar fheidhmchláir bogearraí tríú páirtí íoslódáilte, ná ar shiopaí feidhmchlár bogearraí, a iarraidh ar úsáideoirí deiridh a chinneadh cé acu atá siad ag iarraidh an feidhmchlár bogearraí íoslódáilte sin nó an siopa feidhmchlár bogearraí sin a bheith mar réamhshocrú acu nó nach bhfuil. Cumasóidh an geatóir go teicniúil úsáideoirí deiridh a chinneann an feidhmchlár bogearraí íoslódáilte nó an siopa feidhmchlár bogearraí sin a bheith mar réamhshocrú acu chun an t-athrú sin a dhéanamh go héasca.

Ní bheidh cosc ar an ngeatóir bearta a dhéanamh, ar choinníoll nach rachaidh siad níos faide ná mar atá fíor-riachtanach agus comhréireach, lena áirithiú nach gcuirfidh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bogearraí ó thríú páirtithe sláine na gcrua-earraí nó an chórais oibriúcháin atá á sholáthar ag an ngeatóir i mbaol, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí le bearta comhréireacha den sórt sin.

Anuas air sin, ní choiscfear ar an ngeatóir bearta agus socruithe, seachas réamhshocruithe, a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil siad fíor-riachtanach agus comhréireach, lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh slándáil a chosaint go héifeachtach maidir le feidhmchláir bogearraí tríú páirtí nó siopaí feidhmchlár bogearraí, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí leis na bearta agus socruithe seachas na réamhshocruithe.

5.   Ní chaithfidh an geatóir ar bhealach níos fabhraí, ó thaobh rangú agus innéacsú agus ransú gaolmhar, le seirbhísí agus táirgí a thairgeann an geatóir féin i gcomórtas le seirbhísí nó táirgí ó thríú páirtí. Cuirfidh an geatóir coinníollacha trédhearcacha, cothroma agus neamh-idirdhealaitheach i bhfeidhm maidir le rangú den sórt sin.

6.   Staonfaidh an geatóir ó shrian a chur, bíodh srian teicniúil nó srian eile i gceist, le cumas úsáideoirí deiridh athrú idir agus liostáil le feidhmchláir bogearraí agus seirbhísí éagsúla a dhéantar a rochtain le croísheirbhísí ardáin an gheatóra, lena n-áirítear maidir le rogha seirbhísí rochtana Idirlín d’úsáideoirí deiridh.

7.   Ceadóidh an geatóir do sholáthraithe seirbhísí agus do sholáthraithe crua-earraí, saor in aisce, idir-inoibritheacht éifeachtach a bheith acu, agus rochtain chun críocha na hidir-inoibritheachta sin, leis na gnéithe crua-earraí agus bogearraí céanna a fhaightear rochtain orthu nó a rialaítear tríd an gcóras oibriúcháin nó tríd an gcúntóir fíorúil atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9) mar atá ar fáil do sheirbhísí nó do chrua-earraí arna soláthar ag an ngeatóir. Ina theannta sin, ceadóidh an geatóir saor in aisce d’úsáideoirí gnó agus do sholáthraithe malartacha seirbhísí a sholáthraítear in éineacht le croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo, idir-inoibritheacht éifeachtach, agus rochtain chun críocha na hidir-inoibritheachta sin, leis an gcóras oibriúcháin céanna agus na gnéithe crua-earraí nó bogearraí céanna, gan beann ar cé acu an cuid den chóras oibriúcháin na gnéithe bogearraí sin nó nach ea, atá ar fáil don gheatóir sin nó á úsáid aige agus seirbhísí den sórt sin á soláthar aige.

Ní chuirfear cosc ar an ngeatóir bearta fíor-riachtanacha comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh idir-inoibritheacht sláine an chórais oibriúcháin, an chúntóra fhíorúil, na gcrua-earraí nó na ngnéithe bogearraí a sholáthraíonn an geatóir i mbaol, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí leis na bearta comhréireacha sin.

8.   Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, rochtain d’fhógróirí agus d’fhoilsitheoirí, agus do thriú páirtithe a bheidh údaraithe ag na fógróirí agus na foilsitheoirí, arna iarraidh sin dóibh, ar na huirlisí um thomhas feidhmíochta atá ag an ngeatóir agus ar na sonraí atá ag teastáil ó fhógróirí agus ó fhoilsitheoirí chun a bhfíorú neamhspleách féin a dhéanamh ar an bhfardal fógraí, lena n-áirítear sonraí comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe. Soláthrófar sonraí den sórt sin ar bhealach a chuireann ar chumas fógróirí agus foilsitheoirí a n-uirlisí fíorúcháin agus tomhais féin a fheidhmiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcroísheirbhísí ardáin dá bhforálann na geatóirí.

9.   Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, d’úsáideoirí deiridh agus do thríú páirtithe arna n-údarú ag úsáideoir deiridh, ar iarraidh a fháil uathu, iniomparthacht éifeachtach na sonraí arna soláthar ag an úsáideoir deiridh nó arna nginiúint trí ghníomhaíocht an úsáideora deiridh i gcomhthéacs úsáid na croísheirbhíse ardáin ábhartha, lena n-áirítear trí uirlisí a sholáthar, saor in aisce, chun feidhmiú éifeachtach na hiniomparthachta sonraí sin a éascú, agus lena n-áirítear trí rochtain leanúnach agus fíor-ama a sholáthar ar shonraí den sórt sin.

10.   Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, d’úsáideoirí gnó agus do thríú páirtithe atá údaraithe ag úsáideoir gnó, arna iarraidh sin dóibh, rochtain éifeachtach, ardcháilíochta, leanúnach agus fíor-ama ar shonraí comhiomlánaithe nó neamh-chomhiomlánaithe, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chomh maith le húsáid na sonraí sin, ar sonraí iad a sholáthraítear nó a ghintear i gcomhthéacs úsáid a bheith á baint as na croísheirbhísí ábhartha ardáin, nó as seirbhísí arna soláthar in éineacht leis na croísheirbhísí ábhartha ardáin nó mar thaca leo ag na húsáideoirí gnó sin agus ag na húsáideoirí deiridh a bhíonn ag plé leis na táirgí nó na seirbhísí arna soláthar ag na húsáideoirí gnó sin. Maidir le sonraí pearsanta, ní dhéanfaidh an geatóir rochtain ar shonraí pearsanta agus úsáid na sonraí sin a sholáthar ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí sin nasctha go díreach leis an úsáid atá á feidhmiú ag na húsáideoirí deiridhmaidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó ábhartha tríd an gcroísheirbhís ardáin ábhartha, agus nuair a roghnaíonn na húsáideoirí deiridhcomhroinnt den sórt sin a dhéanamh trí thoiliú léi.

11.   Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, d’aon ghnóthas tríú páirtí a sholáthraíonn innill chuardaigh ar líne, arna iarraidh sin dó, rochtain ar shonraí rangaithe, fiosraithe, cliceála agus amhairc i dtaca le cuardach saor in aisce agus íoctha arna nginiúint ag úsáideoirí deiridh ar a innill chuardaigh ar líne,, ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha. Déanfar anaithnidiú ar shonraí fiosraithe, cliceála agus amhairc den sórt sin más sonraí pearsanta iad.

12.   Cuirfidh an geatóir coinníollacha ginearálta atá cothrom, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach i bhfeidhm d’úsáideoirí gnó a shiopaí feidhmchlár bogearraí, a innill chuardaigh agus a sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9).

Chun na críche sin, foilseoidh an geatóir coinníollacha ginearálta na rochtana, lena n-áirítear sásra malartach um réiteach díospóidí.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a chloíonn nó nach gcloíonn na coinníollacha ginearálta a foilsíodh leis an mír seo.

13.   Ní bheidh coinníollacha ginearálta díréireacha ag an ngeatóir chun soláthar croísheirbhís ardáin a fhoirceannadh. Áiritheoidh an geatóir gur féidir na coinníollacha maidir le foirceannadh a chleachtadh gan deacracht mhíchuí.

Airteagal 7

Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir

1.   I gcás go soláthraíonn geatóir seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), déanfaidh sé feidhmiúlachtaí bunúsacha a sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir idir-inoibritheach le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ó sholáthraí eile a thairgeann nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san Aontas, trí na comhéadain theicniúla riachtanacha nó réitigh chomhchosúla a éascaíonn idir-inoibritheacht a sholáthar, ar iarraidh, agus sin a dhéanamh saor in aisce.

2.   Déanfaidh an geatóir ar a laghad na feidhmiúlachtaí seo a leanas dá dtagraítear i mír 1, idir-inoibritheach i gcás go soláthraíonn an geatóir féin na feidhmiúlachtaí sin dá úsáideoirí deiridh féin:

(a)

tar éis a liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9):

(i)

teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí deiridh aonair.

(b)

laistigh de 2 bhliain ón ainmniú:

(i)

teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir grúpaí úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair;

(c)

laistigh de 4 bhliain ón ainmniú:

(i)

glaonna gutha ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

físghlaonna ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(iii)

glaonna gutha ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir aonair deiridh;

(iv)

físghlaonna ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair.

3.   Caomhnófar an leibhéal slándála, lena n-áirítear an criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme, a sholáthraíonn an geatóir dá úsáideoirí deiridh féin, ar fud na seirbhísí idir-inoibritheacha.

4.   Foilseoidh an geatóir tairiscint tagartha ina leagfar síos sonraí teicniúla agus téarmaí agus coinníollacha ginearálta idir-inoibritheachta lena seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear na sonraí riachtanacha ar leibhéal na slándála agus an chriptithe ó cheann go ceann. Foilseoidh an geatóir an tairiscint tagartha sin laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 3(10) agus déanfaidh sé é a nuashonrú i gcás inar gá.

5.   Tar éis fhoilsiú na tairisceana tagartha de bhun mhír 4, féadfaidh aon soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag tairiscint nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san Aontas, féadfaidh sé idir-inoibritheacht a iarraidh leis na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir arna soláthar ag an ngeatóir. Féadfaidh iarraidh den sórt sin cuid de na feidhmiúlachtaí bunúsacha a liostaítear i mír 2 a chumhach, nó iad go léir. Comhlíonfaidh an geatóir iarraidh réasúnta ar bith ar idir-inoibritheacht laistigh de 3 mhí, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, trí thús a chur le hoibriú na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a iarraidh.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, go heisceachtúil, ar iarraidh réasúnta ón ngeatóir, na teorainneacha ama maidir le comhlíonadh faoi mhír 2 nó 5 i gcás ina léiríonn an geatóir go bhfuil gá leis seo chun idir-inoibritheacht éifeachtach a áirithiú, agus chun an leibhéal riachtanach slándála a choimeád, lena n-áirítear criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme.

7.   Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag úsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir an gheatóra agus an tsoláthraí iarrthaigh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chinneadh cé acu a úsáidfidh siad na feidhmiúlachtaí bunúsacha idir-inoibritheacha a fhéadfaidh an geatóir a sholáthar de bhun mhír 1 nó nach n-úsáidfidh.

8.   Baileoidh an geatóir agus malartóidh sé leis an soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a dhéanann iarraidh ar idir-inoibritheacht sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh amháin i gcás go bhfuil siad fíor-riachtanach chun idir-inoibritheacht éifeachtach a sholáthar. Comhlíonfaidh bailiúchán agus malartú sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh den sórt sin Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE go hiomlán.

9.   Ní choiscfear ar an ngeatóir bearta a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag iarraidh idir-inoibritheachta ag cur shláine, shlándáil agus phríobháideachas a sheirbhísí i mbaol, ar choinníoll go bhfuil a leithéid de bhearta fíor-riachtanach agus comhréireach, agus go dtugann an geatóir údar cuí leo.

Airteagal 8

Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh

1.   Áiritheoidh agus léireoidh an geatóir go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo. Beidh na bearta atá á gcur chun feidhme ag an ngeatóir chun comhlíonadh na nAirteagal sin a áirithiú éifeachtach maidir le cuspóirí an Rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach. Áiritheoidh an geatóir go gcomhlíonann cur chun feidhme na mbeart sin an dlí infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, Treoir 2002/58/CE, reachtaíocht maidir le cibearshlándáil, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht táirgí, agus na riachtanais inrochtaineachta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó gheatóir de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tús a chur le himeachtaí de bhun Airteagal 20.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 a chomhlíonadh go héifeachtach. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin laistigh de 6 mhí ó imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Agus tús á chur le himeachtaí aige ar a thionscnamh féin ar mhaithe le himchéimniú, de bhun Airteagal 13, féadfaidh bearta den sórt sin a bheith bainteach leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7.

3.   Féadfaidh geatóir a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun próisis chun a chinneadh maidir leis na bearta atá beartaithe ag an ngeatóir sin a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 6 agus 7 an mbeidh siad éifeachtach chun cuspóir na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach in imthosca sonracha an gheatóra. Beidh lánrogha ag an gCoimisiún agus cinneadh á dhéanamh aige an rachaidh sé i mbun próisis den sórt sin, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na córa comhionainne, na comhréireachta agus an dea-riaracháin.

San iarraidh uaidh, soláthróidh an geatóir aighneacht réasúnaithe chun na bearta atá sé i gceist aige a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige a mhíniú. Thairis sin, soláthróidh an geatóir leagan neamhrúnda dá aighneacht réasúnaithe is ceadmhach a roinnt le tríú páirtithe de bhun mhír 6.

4.   Tá míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.

5.   D’fhonn an cinneadh faoi mhír 2 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir laistigh de 3 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh faoi Airteagal 20. Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún na bearta atá sé a bheartú a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.

6.   Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú go héifeachtach le tráchtanna a dhéanamh, foilseoidh an Coimisiún, agus a réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 5 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar na bearta a mheasann sé a dhéanfaidh sé, nó a mheasann sé ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

7.   Agus na bearta faoi mhír 2 á sonrú aige, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil na bearta éifeachtach maidir le cuspóirí an Rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach, agus go bhfuil siad comhréireach in imthosca sonracha an gheatóra agus na seirbhíse ábhartha.

8.   Chun na hoibleagáidí faoi Airteagal 6(11) agus (12) a shonrú, déanfaidh an Coimisiún a mheas freisin an áirithíonn na bearta atá beartaithe nó atá curtha chun feidhme nach bhfuil aon éagothroime ó thaobh cearta agus oibleagáidí ar úsáideoirí gnó agus nach dtugann na bearta féin buntáiste don gheatóir, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó.

9.   Maidir le himeachtaí de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh iad a oscailt an athuair sa chás:

(a)

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu; nó

(b)

gur bunaíodh an cinneadh ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach; nó

(c)

nach bhfuil na bearta mar atá sonraithe sa chinneadh éifeachtach.

Airteagal 9

Fionraí

1.   I gcás ina léiríonn an geatóir in iarraidh réasúnaithe go gcuirfeadh comhlíonadh oibleagáide ar leith a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 ag croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), de dheasca imthosca eisceachtúla nach bhfuil aon neart ag an ngeatóir orthu, go gcuirfeadh sé inmharthanacht a oibríochta san Aontas i mbaol, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an oibleagáid ar leith dá dtagraítear san iarraidh réasúnaithe sin (“an cinneadh fionraí”) a chur ar fionraí mar eisceacht, go páirteach nó go hiomlán. Sa ghníomh cur chun feidhme sin, sonróidh an Coimisiún an cinneadh uaidh maidir le fionraí trí na himthosca eisceachtúla atá mar údar maith leis an bhfionraí a aithint. Beidh an gníomh cur chun feidhme sin teoranta maidir leis an bhfairsinge agus an t-achar ama a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt den sórt sin ar inmharthanacht an gheatóra. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh gan mhoill nó 3 mhí ar a dhéanaí i ndiaidh dó iarraidh réasúnaithe iomlán a fháil. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   I gcás ina ndéanfar fionraí a dheonú de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcinneadh uaidh maidir le fionraí gach bliain, ach amháin má shonraítear eatramh níos giorra sa chinneadh sin. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 á sásamh go fóill.

3.   I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leith dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.

4.   Agus an iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar inmharthanacht eacnamaíoch oibríocht an gheatóra san Aontas agus ar thriú páirtithe freisin, go háirithe FBManna agus tomhaltóirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh an fhionraí faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí a shainmhíneoidh an Coimisiún chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna sin agus na cuspóirí a ghabhann leis an Rialachán seo..

Airteagal 10

Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí

1.   Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an geatóir sin a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó oibleagáid shonrach a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 maidir le croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), ina bhfuil údar maith le díolúine den sórt sin ar na forais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo (“an cinneadh díolúine”). Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh díolúine laistigh de 3 mhí tar éis dó iarraidh atá réasúnaithe go hiomlán a fháil, agus soláthróidh sé ráiteas réasúnaithe ina míneofar na forais leis an díolúine. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   I gcás ina ndeonaítear díolúine de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a chinneadh díolúine más rud é nach ann a thuilleadh d’fhoras na díolúine nó ar a laghad gach bliain. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 á sásamh go fóill.

3.   Ní fhéadfar díolúine de bhun mhír 1 a dheonú ach amháin ar fhorais sláinte poiblí nó slándála poiblí.

4.   I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leith dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.

5.   Agus an iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar na forais i mír 3 chomh maith leis na héifeachtaí ar an ngeatóir lena mbaineann agus ar thríú páirtithe. D’fhéadfadh an Coimisiún an fhionraí a chur faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna atá á saothrú leis na forais i mír 3 agus na cuspóirí atá leis an Rialachán seo.

Airteagal 11

Tuairisciú

1.   Laistigh de 6 mhí tar éis a ainmnithe de bhun Airteagal 3, agus i gcomhréir le hAirteagal 3(10), cuirfidh an geatóir tuarascáil ar fáil don Choimisiún ina mbeidh tuairisc ar mhodh mionsonraithe agus trédhearcach ar na bearta atá curtha chun feidhme aige, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7.

2.   Laistigh den spriocdháta dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh an geatóir achoimre neamhrúnda ar an tuarascáil sin, agus cuirfidh sé an achoimre sin ar fáil don Choimisiún.

Déanfaidh an geatóir an tuarascáil sin agus an achoimre neamhrúnda sin a nuashonrú go bliantúil ar a laghad.

Cuirfidh an Coimisiún nasc leis an achoimre neamhrúnda sin ar fáil ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 12

Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Rialachán seo i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6. Bunófar na gníomhartha tarmligthe sin ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6.

2.   Beidh raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le croísheirbhísí ardáin áirithe a leathnú chuig croísheirbhísí ardáin eile a liostaítear in Airteagal 2, pointe (2);

(b)

oibleagáid a théann chun tairbhe d’úsáideoirí gnó áirithe nó úsáideoirí deiridh áirithe a leathnú ionas go rachaidh sé chun tairbhe d’úsáideoirí gnó eile nó d’úsáideoirí deiridh eile;

(c)

an modh a shonrú ina mbeidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 le comhlíonadh ag geatóirí chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú;

(d)

síneadh a chur le hoibleagáid nach mbaineann ach le seirbhísí áirithe a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin do sheirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin;

(e)

oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach maidir le cineálacha áirithe sonraí a leathnú chun go mbeidh feidhm aici maidir le cineálacha eile sonraí;

(f)

coinníollacha breise a chur isteach i gcás ina bhforchuireann oibleagáid coinníollacha áirithe ar iompar geatóra; nó

(g)

oibleagáid a chur i bhfeidhm a rialaíonn an gaol idir croísheirbhísí ardáin éagsúla an gheatóra maidir leis an ngaol idir croísheirbhís ardáin agus seirbhísí eile an gheatóra.

3.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú maidir le liosta na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a aithnítear in Airteagail 7(2), trí fheidhmiúlachtaí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur leis nó a bhaint.

Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.

4.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na hoibleagáidí in Airteagal 7 tríd an mbealach a gcuirfear na hoibleagáidí sin i gcrích a shonrú chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.

5.   Measfar go gcuireann cleachtas dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó é a bheith éagórach i gcás:

(a)

ina bhfuil geatóirí ag gabháil don chleachtas sin agus é in ann bac a chur ar an nuáil agus teorainn a chur leis an rogha d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh toisc:

(i)

go ndéanann sé difear d’inchoimhlinteacht chroísheirbhíse ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach, nó ina bhfuil an baol ann go ndéanfar difear dóibh ar bhonn marthanach de bharr bacainní iontrála a chruthú nó a neartú do ghnóthais eile nó forleathnú mar sholáthraithe croísheirbhíse ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach; nó

(ii)

go gcuireann sé cosc ar oibreoirí eile an rochtain chéanna a bheith acu ar ionchur lárnach agus atá ag an ngeatóir; nó

(b)

ina bhfuil éagothroime idir cearta agus oibleagáidí úinéirí gnó agus go bhfuil buntáiste á fháil ag an ngeatóir as úsáideoirí gnó, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir sin do na húsáideoirí gnó sin.

Airteagal 13

Frith-imchéimniú

1.   Gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ní dhéanfaidh sé iad a theascadh, a roinnt, a fhoroinnt, a scoilteadh ná a dheighilt trí mhodhanna conarthacha, tráchtála, teicniúla nó ar aon bhealach eile chun teacht timpeall ar na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 3(2). Ní chuirfidh aon chleachtas den sórt sin arna dhéanamh ag gnóthas cosc ar an gCoimisiún é a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(4).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus drochamhras air go bhfuil an gnóthas sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige i mbun cleachtais a leagtar síos i mír 1, a cheangal ar an ngnóthas sin aon fhaisnéis a mheasann sé is gá a chur ar fáil chun a chinneadh an raibh an gnóthas sin ag gabháil do chleachtas den sórt sin.

3.   Áiritheoidh an geatóir go ndéanfar oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach.

4.   Ní ghabhfaidh an geatóir d’aon iompar a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh éifeachtach oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 beag beann ar cibé acu an iompar de chineál conarthach, tráchtála nó teicniúil é, nó de chineál ar bith eile, nó arb é atá ann teicnící iompraíochta nó dearadh comhéadain a úsáid.

5.   I gcás ina bhfuil toiliú riachtanach chun sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a thras-úsáid agus a roinnt chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh geatóir na bearta riachtanacha chun úsáideoirí gnó a chumasú an toiliú riachtanach dá gcuid próiseála a fháil go díreach, i gcás ina gceanglaítear an toiliú sin faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir 2002/58/CE, nó rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh ar bhealaí eile, lena n-áirítear trí shonraí atá anaithnidithe go cuí a sholáthar d’úsáideoirí gnó i gcás inarb iomchuí. Ní dhéanfaidh an geatóir fáil an toilithe sin níos déine don úsáideoir gnó ná mar a bheadh sé i gcás a chuid seirbhísí féin.

6.   Ní dhéanfaidh an geatóir díghrádú ar choinníollacha ná ar cháilíocht aon cheann de na croísheirbhísí ardáin a sholáthraítear d’úsáideoirí gnó ná d’úsáideoirí deiridh a bhaineann leas as na cearta nó as na roghanna a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, ná ní dhéanfaidh sé feidhmiú na gceart nó na roghanna sin ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir deiridh ar bhealach nach bhfuil neodrach, nó neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó a threascairt trí struchtúr, trí dhearadh, trí fheidhm nó trí mhodh oibríochta comhéadain úsáideora nó cuid de.

7.   I gcás ina dtagann an geatóir timpeall ar aon cheann de na hoibleagáidí in Airteagail 5, 6 nó 7 nó ina ndeánann sé iarracht teacht timpeall orthu ar bhealach a thuairiscítear i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 agus gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a ghlacadh chun na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme a shonrú.

8.   Beidh mír 6 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.

Airteagal 14

An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe

1.   Cuirfidh an geatóir an Coimisiún ar an eolas faoi chomhchruinniú ar bith atá beartaithe de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás ina soláthraíonn na heintitis atá ag cumasc nó sprioc an chomhchruinnithe croísheirbhísí ardáin nó aon seirbhísí eile san earnáil dhigiteach nó ina gcumasaíonn siad sonraí a bhailiú, gan beann ar é a bheith infhógartha don Choimisiún faoin Rialachán sin nó d’údarás iomaíochta náisiúnta inniúil faoi rialacha náisiúnta cumaisc.

Tabharfaidh geatóir eolas don Choimisiún maidir le comhchruinniú den sórt sin sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.

2.   San fhaisnéis a thabharfaidh an geatóir de bhun mhír 1, beidh ar a laghad tuairisc ar na gnóthais a mbaineann an comhchruinniú leo, a láimhdeachais bhliantúla Aontais agus dhomhanda, a réimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis an gcomhchruinniú, luach idirbhirt an chomhaontaithe nó meastachán orthu, achoimre ar an gcomhchruinniú, lena n-áirítear cineál agus réasúnaíocht an chomhchruinnithe, agus liosta de na Ballstáit a mbaineann an comhchruinniú leo.

Tabharfar tuairisc freisin san fhaisnéis arna cur ar fáil ag an ngeatóir, i gcás aon chroísheirbhísí ardáin ábhartha, ar a láimhdeachais bhliantúla Aontais, ar líon a n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla agus ar líon a n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla, faoi seach.

3.   Más rud é, i ndiaidh aon chomhchruinniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go sroicheann croísheirbhísí ardáin sa bhreis na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), ar bhonn aonair, cuirfidh an geatóir lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí ó chur chun feidhme an chomhchruinnithe agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún.

4.   Cuirfidh an Coimisiún údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus foilseoidh sé go bliantúil liosta de na fálacha ar chuir na geatóirí ar an eolas iad fúthu de bhun na míre sin.

Cuirfidh an Coimisiún leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó a chosaint san áireamh.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo a úsáid chun a iarraidh ar an gCoimisiún an comhchruinniú a scrúdú de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

Airteagal 15

Oibleagáid maidir le hiniúchadh

1.   Laistigh de 6 mhí i ndiaidh a ainmnithe de bhun Airteagal 3, déanfaidh geatóir tuairisc, arna hiniúchadh go neamhspleách, a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar theicnící ar bith chun tomhaltóirí a phróifíliú a fheidhmíonn an geatóir ar nó ar fud a chroísheirbhísí ardáin mar a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin iad de bhun Airteagal 3(9). Tarchuirfidh an Coimisiún an tuairisc iniúchta sin chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (g), a ghlacadh, chun modheolaíocht agus nós imeachta an iniúchta a fhorbairt.

3.   Cuirfidh an geatóir forléargas ar fáil go poiblí ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear i mír 1. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh geatóir i dteideal an gá atá lena rúin ghnó a urramú a chur san áireamh. Déanfaidh an geatóir an tuairisc sin agus an forléargas neamhrúnda sin a nuashonrú go bliantúil ar a laghad.

CAIBIDIL IV

IMSCRÚDÚ MARGAIDH

Airteagal 16

Imscrúdú margaidh a thionscnamh

1.   I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh d’fhonn go bhféadfaí cinntí a ghlacadh de bhun Airteagail 17, 18 agus 19, glacfaidh sé cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh.

2.   D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú faoin Rialachán seo sula dtionscnófar imscrúdú margaidh de bhun na míre sin.

3.   Maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

dáta tionscnaimh an imscrúdaithe margaidh;

(b)

tuairisc ar an gceist lena mbaineann an t-imscrúdú margaidh;

(c)

cuspóir an imscrúdaithe margaidh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh atá dúnta aige a athoscailt i gcás:

(a)

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh a cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17, 18 nó 19 orthu; nó

(b)

ina raibh an cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17, 18 nó 19 bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.

5.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na húdaráis náisiúnta inniúla cúnamh a thabhairt lena imscrúdú margaidh.

Airteagal 17

Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), nó chun na croísheirbhísí ardáin a shainaithint atá le liostú sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9). Féachfaidh an Coimisiún lena imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). D’fhonn a imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach a chinneadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Le linn imscrúdú margaidh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún iarracht na réamhchinntí uaidh a chur in iúl don ghnóthas lena mbaineann a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún an measann sé, ar bhonn sealadach, gur iomchuí go ndéanfaí an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), agus go ndéanfaí, ar bhonn sealadach, na croísheirbhísí ardáin ábhartha a liostú de bhun Airteagal 3(9).

3.   I gcás ina sásaíonn an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2), ach go bhfuil argóintí a bhfuil bunús leordhóthanach leo curtha in iúl aige i gcomhréir le hAirteagal 3(5) a thug amhras ar an toimhde in Airteagal 3(2), déanfaidh an Coimisiún iarracht an t-imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích laistigh de 5 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

I gcás den sórt sin, féachfaidh an Coimisiún lena réamhchinntí de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chur in iúl don ghnóthas lena mbaineann laistigh de 3 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

4.   Nuair a ainmníonn an Coimisiún gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), ar gnóthas é nach mbaineann tairbhe go fóill as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí, ach go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath, féadfaidh sé a fhógairt nach mbeidh infheidhme maidir leis an ngeatóir sin ach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(3) go (6) agus Airteagal 6(4), (7), (9), (10) agus (13), mar a shonraítear sa chinneadh ainmniúcháin. Fógróidh an Coimisiún nach mbeidh infheidhme ach amháin na hoibleagáidí sin atá iomchuí agus riachtanach chun cosc a chur ar an ngeatóir suíomh daingnithe marthanach a bhaint amach ina chuid oibríochtaí ar bhealach atá éagórach. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar ainmniú den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4.

Airteagal 18

Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh an raibh geatóir ag gabháil do neamhchomhlíonadh córasach. Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú margaidh sin a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). I gcás ina léirítear san imscrúdú margaidh gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir coimeádta, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforchuirtear aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar gheatóir den sórt sin atá comhréireach agus riachtanach chun comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féadfar a áireamh sa leigheas arna fhorchur i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a mhéid go bhfuil leigheas den chineál sin comhréireach agus riachtanach chun cothroime nó inchoimhlinteacht a chóiméad nó a athbhunú faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh, toirmeasc, ar feadh tréimhse theoranta, a chur ar an ngeatóir comhchruinniú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir leis na croísheirbhísí ardáin, nó na seirbhísí eile a sholáthraítear san earnáil dhigiteach nó seirbhísí a chumasaíonn bailiú sonraí atá faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh.

3.   Measfar go raibh geatóir páirteach i neamhchomhlíonadh córasach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, i gcás inar eisigh an Coimisiún trí cinn ar a laghad de chinntí neamhchomhlíonta de bhun Airteagal 29 in aghaidh geatóra maidir le ceann ar bith dá chroísheirbhísí ardáin laistigh de thréimhse 8 mbliana sular glacadh an cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh de bharr go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun an Airteagail seo.

4.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí uaidh, míneoidh an Coimisiún an réamh-mheasann sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo á sásamh agus cén leigheas a réamh-mheasann sé a bheith riachtanach agus comhréireach.

5.   Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú le tráchtanna a dhéanamh go héifeachtach, foilseoidh an Coimisiún, agus tráth a bheidh réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 4 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda fhoilsiú ar an gcás agus ar na leigheasanna a mheasann sé a fhorchuirfidh sé. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

6.   I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo trí ghealltanais arna dtabhairt geatóir de bhun Airteagal 25 a dhéanamh ceangailteach, foilseoidh sé achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar phríomhinneachar na ngealltanas. Féadfaidh tríú páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta ama a shocróidh an Coimisiún.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, agus an t-imscrúdú margaidh ar siúl, síneadh a chur lena fhad ama i gcás ina bhfuil bonn cirt le síneadh den sórt sin ar fhorais oibiachtúla agus ina bhfuil sé comhréireach. D’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm ag an síneadh maidir leis an spriocdháta faoina gcaithfidh an Coimisiún a réamhchinntí a eisiúint, nó maidir leis an spriocdháta chun glacadh leis an gcinneadh deiridh. Ní rachaidh fad iomlán an tsínidh nó na síntí de bhun na míre seo thar 6 mhí.

8.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an geatóir a chuid oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar na leigheasanna a fhorchuireann sé i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Beidh an Coimisiún i dteideal na leigheasanna sin a mhodhnú má fhaigheann sé, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh, nach bhfuil siad éifeachtach.

Airteagal 19

Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun cleachtas a bhrath, ar cleachtais iad a theorannaíonn inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach agus nach dtugtar aghaidh go héifeachtach orthu leis an Rialachán seo. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha ar imeachtaí faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE maidir le margaí digiteacha mar aon le haon fhorbairtí ábhartha eile.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus imscrúdú margaidh á dhéanamh aige de bhun mhír 1, dul i gcomhairle le tríú páirtithe, lena n-áirítear úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh seirbhísí laistigh den earnáil dhigiteach atá faoi imscrúdú agus úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh atá faoi réir cleachtais atá faoi imscrúdú.

3.   Foilseoidh an Coimisiún a thorthaí i dtuarascáil laistigh de 18 mí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an méid seo a leanas ag gabháil léi:

(a)

togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú chun seirbhísí breise laistigh den earnáil dhigiteach a chur san áireamh sa liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun oibleagáidí nua a chur san áireamh i gCaibidil III; nó

(b)

dréachtghníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, nó dréachtghníomh tarmligthe lena leasaítear nó lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7, mar a fhoráiltear in Airteagal 12.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú faoi phointe (a) den dara fomhír a mholadh seirbhísí atá ann cheana a bhaint de liosta na gcroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó na hoibleagáidí atá ann cheana a bhaint d’Airteagal 5, 6 nó 7.

CAIBIDIL V

CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

Airteagal 20

Imeachtaí a thionscnamh

1.   I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh d’fhonn go bhféadfaí cinntí a ghlacadh de bhun Airteagail 8, 29 agus 30, glacfaidh sé cinneadh imscrúdú a thionscnamh.

2.   D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú faoin Rialachán seo sula dtionscnaíonn sé imeachtaí de bhun na míre sin.

Airteagal 21

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas gach faisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an Coimisiún freisin, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, rochtain a cheangal ar aon sonraí nó algartaim de chuid gnóthas agus ar fhaisnéis maidir le tástáil, chomh maith le mínithe orthu a iarraidh.

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á cur chuig gnóthas nó chuig comhlachas gnóthas, déanfaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata a lua, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di, chomh maith leis na fíneálachadá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme as ucht faisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas faisnéis a sholáthar le cinneadh, luafaidh sé cuspóir agus bunús dlí na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais rochtain ar aon sonraí, algartaim agus faisnéis maidir le tástáil a sholáthar, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, agus socróidh sé an teorainn ama nach mór í a sholáthar laistigh di. Léireoidh sé freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 agus léireoidh sé nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 31. Léireoidh sé a thuilleadh an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Déanfaidh na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas nó a gcuid ionadaithe an fhaisnéis a iarraidh a sholáthar thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún an fhaisnéis go léir is gá atá ina seilbh chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 22

An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe. Beidh an Coimisiún i dteideal agallaimh den sórt sin a thaifeadadh le haon mhodhanna teicniúla.

2.   I gcás ina reáchtáiltear agallamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo in áitreabh gnóthais, cuirfidh an Coimisiún údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), agus ar ina chríoch a dhéantar an t-agallamh, ar an eolas. Má iarrann an t-údarás sin amhlaidh, féadfaidh a oifigigh cúnamh a thabhairt do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún chun an t-agallamh a reáchtáil.

Airteagal 23

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas.

2.   Tá sé de chumhacht ag na hoifigigh agus ag daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh:

(a)

dul isteach in áitreabh, talamh agus modh iompair gnóthais agus comhlachais gnóthas;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann leis an ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair nó na taifid sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;

(d)

ceangal a chur ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagrú, a fheidhmiú, córas TF, algartaim, cleachtais láimhseála sonraí agus cleachtais ghnó agus na mínithe arna dtabhairt a thaifeadadh nó a dhoiciméadú trí aon mhodh teicniúil;

(e)

aon áitreabh gnó agus leabhair agus taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas nó ar aon bhall foirne den ghnóthas nó den chomhlachas gnóthas mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir an iniúchta agus na freagraí a thaifeadadh trí aon mhodh teicniúil.

3.   Chun cigireachtaí a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26(2) a iarraidh, chomh maith le cúnamh ó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

4.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh an Coimisiún, na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh sé, agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, a cheangal ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a thabhairt ar a eagraíocht, feidhmiú, córas TF, algartaim, láimhseáil sonraí agus iompar gnó. Féadfaidh an Coimisiún agus na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ceisteanna a dhíriú ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne.

5.   Déanfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme i gcás ina mbeidh táirgeadh na leabhar a éilítear nó na dtaifead eile a bhaineann leis an ngnó neamhiomlán nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh faoi mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo mícheart nó míthreorach. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcigireacht d’údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) a fhorfheidhmiú ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

6.   Tá sé de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh ón gCoimisiún. Déanfar ábhar agus cuspóir na cigireachta a shonrú sa chinneadh sin, socrófar ann an dáta a chuirfear tús léi agus léireofar ann na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagail 30 agus 31 faoi seach, agus an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ar iarraidh ón údarás sin nó ón gCoimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí a shonraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo acu.

8.   I gcás inar léir do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún gur chuir gnóthas nó comhlachas gnóthas i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh, agus iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó a gcomhionann d’údarás forfheidhmithe i gcás inarb iomchuí, ionas go mbeidh siad ábalta a gcigireacht a dhéanamh.

9.   Más rud é, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, go ceanglaítear leis an cúnamh dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfaidh an Coimisiún nó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) nó oifigigh arna n-údarú ag na húdaráis sin iarratas ar an méid sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin mar bheart réamhchúraim freisin.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta fíorú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Choimisiúin barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus comhréireacht na mbeart comhéigneach á rialú aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), mínithe mionsonraithe a thabhairt go háirithe ar na forais atá ag an gCoimisiún le drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, chomh maith le tromchúis an tsáraithe amhrasta agus cineál rannpháirtíochta an ghnóthais lena mbaineann. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an gcigireacht a thabhairt faoi cheist ná ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis atá i gcomhad an Choimisiúin a éileamh dó féin. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Choimisiúin faoi réir a hathbhreithnithe ach ag an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 24

Bearta eatramhacha

I gcás práinne, de bharr go bhfuil baol ann go mbeadh damáiste tromchúiseach agus doleigheasta i gceist le haghaidh úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh geatóirí, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-ordófar bearta eatramhacha in aghaidh geatóra ar bhonn cinneadh prima facie gur sáraíodh Airteagal 5, 6 nó 7. Ní ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin ach amháin i gcomhthéacs imeachtaí arna dtionscnamh d’fhonn go bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh de bhun Airteagal 29(1). Ní bheidh feidhm aige ach ar feadh tréimhse shonraithe agus féadfar iad a athnuachan a mhéid atá sé sin riachtanach agus iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Airteagal 25

Gealltanais

1.   Más rud é, le linn na n-imeachtaí faoi Airteagal 18, go dtabharfaidh an geatóir lena mbaineann gealltanais i dtaca leis na croísheirbhísí ardáin ábhartha chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar na cinntí sin ceangailteach ar an ngeatóir sin agus lena ndearbhófar nach bhfuil aon fhorais eile ann le gníomhaíocht. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí ábhartha a athoscailt le cinneadh, i gcás:

(a)

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;

(b)

ina ngníomhaíonn an geatóir lena mbaineann contrártha dá ghealltanais;

(c)

ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na páirtithe;

(d)

nach bhfuil na gealltanais éifeachtach.

3.   Má mheasann an Coimisiún nach bhféadfar comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, a áirithiú leis na gealltanais a chuir an geatóir lena mbaineann isteach, míneoidh sé na cúiseanna gan na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach sa chinneadh ina dtugtar na himeachtaí ábhartha i gcrích.

Airteagal 26

Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta

1.   Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus na gcinntí a glacadh de bhun Airteagail 8, 18, 24, 25 agus 29. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin go háirithe oibleagáid a fhorchur ar an ngeatóir gach doiciméad a choinneáil a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí agus na gcinntí sin agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí agus na gcinntí sin.

2.   Is féidir go n-áireofar leis na gníomhaíochtaí de bhun mhír 1 saineolaithe agus iniúchóirí neamhspleácha seachtracha, chomh maith le hoifigigh ó údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a cheapadh, chun cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí agus ar na bearta agus chun saineolas nó eolas ar leith a sholáthar don Choimisiún.

Airteagal 27

Faisnéis ó thríú páirtithe

1.   Féadfaidh aon tríú páirtí, lena n-áirítear úsáideoirí gnó, iomaitheoirí nó úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), chomh maith lena n-ionadaithe, údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), nó an Coimisiún go díreach, a chur ar an eolas faoi aon chleachtas nó iompar a dhéanann geatóirí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Beidh lánrogha ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), agus ag an gCoimisiún maidir leis na bearta iomchuí agus ní bheidh aon oibleagáid orthu beart leantach a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear.

3.   I gcás ina gcinnfidh údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go bhféadfadh saincheist neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a bheith ann, aistreoidh sé an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún.

Airteagal 28

Feidhm chomhlíonta

1.   Tabharfaidh geatóirí feidhm chomhlíonta isteach atá neamhspleách ar fheidhmeanna oibríochtúla an gheatóra agus ina mbeidh oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíonta.

2.   Áiritheoidh an geatóir go bhfuil údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíonta dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta an gheatóra chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann an geatóir an Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an inniúlacht is gá ag oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh de bhun mhír 1 chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a chomhall.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra freisin gur bainisteoir sinsearach neamhspleách é an ceann sin ar a bhfuil freagracht ar leith as an bhfeidhm chomhlíonta.

4.   Tuairisceoidh ceann na feidhme comhlíonta go díreach chuig comhlacht bainistíochta an gheatóra agus féadfaidh sé ábhair imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina dtagann baol chun cinn nach mbeadh an Rialacháin seo á chomhlíonadh, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta i dtaca lena fheidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.

Ní bhainfear ceann na feidhme comhlíonta gan formheas roimh ré ó chomhlacht bainistíochta an gheatóra.

5.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh ag an ngeatóir de bhun mhír 1:

(a)

eagrú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar bhearta agus gníomhaíochtaí na ngeatóirí a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú;

(b)

bainistíocht agus fostaithe an gheatóra a chur ar an eolas faoi chomhlíonadh an Rialacháin seo agus comhairle a chur ar fáil ina leith sin;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 25, gan dochar do chumas an Choimisiúin saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh de bhun Airteagal 26(2);

(d)

comhoibriú leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo.

6.   Déanfaidh na geatóirí ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíonta a chur in iúl don Choimisiún.

7.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta an gheatóra sainiú agus formhaoirseacht ar chur chun feidhme shocruithe rialachais an gheatóra agus beidh sé cuntasacht as, ar socruithe iad lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíonta, lena n-áirítear ilroinnt freagrachtaí in eagrú an gheatóra agus i gcosc coinbhleachtaí leasa.

8.   Formheasfaidh an comhlacht bainistíochta agus athbhreithneoidh sé go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun dul i mbun an Rialacháin seo agus chun bainistiú agus faireachán agus a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

9.   Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama le bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Glacfaidh sé páirt ghníomhach i gcinntí a bhaineann le bainistiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha air.

Airteagal 29

Neamhchomhlíonadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach a chinneadh go bhfuil neamhchomhlíonadh ann (“an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh”) i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7;

(b)

bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);

(c)

leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);

(d)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó

(e)

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féachfaidh an Coimisiún lena chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh laistigh de 12 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20.

3.   Sula nglacfaidh sé an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún na réamhchinntí uaidh in iúl don gheatóir lena mbaineann. Sna réamhchinntí sin, míneoidh an Coimisiún na bearta a bhfuil sé á bheartú aige iad a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir iad a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.

4.   I gcás ina mbeartaíonn sé cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le tríú páirtithe.

5.   Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, ordóidh an Coimisiún don gheatóir stopadh agus éirí as an neamhchomhlíonadh laistigh de spriocdháta iomchuí agus míniúcháin a sholáthar ar an mbealach ina mbeartaíonn sé an cinneadh sin a chomhlíonadh.

6.   Soláthróidh an geatóir don Choimisiún tuairisc ar na bearta atá déanta aige chun comhlíonadh an chinnidh maidir le neamhchomhlíonadh a áirithiú.

7.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, cuirfidh sé deireadh leis na himeachtaí le cinneadh.

Airteagal 30

Fíneálacha

1.   Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 10 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur ar gheatóir i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7;

(b)

bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);

(c)

leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);

(d)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó

(e)

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha suas le 20 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a ghearradh ar gheatóir i gcás ina gcinnfidh sé go ndearna geatóir an sárú céanna nó sárú comhchosúil ar oibleagáid a leagtar síos in Airteagail 5, 6 nó 7 i ndáil leis an gcroísheirbhís ardáin chéanna agus a fuarthas amach go ndearna sé cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a glacadh sna 8 mbliana roimhe sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirtear ar ghnóthais agus, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, ar chomhlachais gnóthas, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin i gcás, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

nach soláthraíonn siad faisnéis atá riachtanach chun a n-ainmniú mar gheatóirí laistigh den teorainn ama de bhun Airteagal 3 nó ina soláthraíonn siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach;

(b)

nach gcomhlíonann siad an oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(3) a chomhlíonadh;

(c)

nach dtugann siad fógra faoi fhaisnéis nó ina ndéanann siad faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear a thabhairt de bhun Airteagal 14;

(d)

nach gcuireann siad an tuairisc isteach, nó ina ndéanann siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear de bhun Airteagal 15;

(e)

nach ndéanann siad rochtain a thabhairt ar shonraí, ar algartaim nó ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagra ar iarraidh arna dhéanamh de bhun Airteagal 21(3);

(f)

nach ndéanann siad faisnéis a iarradh a sholáthar laistigh den teorainn ama a socraíodh de bhun Airteagal 21(3) nó faisnéis nó míniúchán atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a iarrtar de bhun Airteagail 21 nó a tugadh in agallamh de bhun Airteagal 22;

(g)

nach gceartaíonn siad, laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, a thug ionadaí nó ball foirne, nó nach soláthraíonn siad nó ina ndiúltaíonn siad faisnéis iomlán a sholáthar maidir le fíorais a bhaineann le hábhar agus le cuspóir cigireachta de bhun Airteagal 23;

(h)

ina ndiúltaíonn siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 23;

(i)

nach gcomhlíonann siad na hoibleagáidí arna bhforchur ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26;

(j)

nach dtugann siad feidhm chomhlíonta isteach i gcomhréir le hAirteagal 28; nó

(k)

nach gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 34(4).

4.   Agus méid fíneála á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tromchúis, an ré, an t-atarlú, agus, i gcás fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 3, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí.

5.   I gcás ina ngearrtar fíneáil ar chomhlachas gnóthas agus láimhdeachas domhanda a chuid comhaltaí á chur san áireamh agus nach comhlachas sócmhainneach é an comhlachas sin, beidh sé de dhualgas air ranníocaíochtaí a iarraidh óna chuid comhaltaí chun méid na fíneála a chumhdach.

I gcás nár íocadh ranníocaíochtaí den sórt sin leis an gcomhlachas gnóthas laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go ndéanfaidh ceann ar bith de na gnóthais a raibh a gcuid ionadaithe ina gcomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta an chomhlachais sin lena mbaineann an fhíneáil a íoc go díreach.

I ndiaidh a chur de cheangal go ndéanfaí íocaíocht i gcomhréir leis an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar chomhaltaí ar bith den chomhlachas gnóthas an fuílleach a íoc, i gcás inar gá a dhéanamh amhlaidh chun íocaíocht iomlán na fíneála a áirithiú.

Ní chuirfidh an Coimisiún de cheangal, áfach, go ndéanfaí íocaíocht ó ghnóthais, de bhun an dara agus an tríú fomhír, ar gnóthais iad a thaispeánann nár chuir siad cinneadh chomhlachas na ngnóthas a sháraigh an Rialachán sin chun feidhme, agus nárbh eol dóibh é a bheith ann nó gur dhealaigh siad iad féin go gníomhach uaidh sular thionscain an Coimisiún imeachtaí faoi Airteagal 20.

Ní rachaidh dliteanas airgeadais gach gnóthais maidir le híocaíocht na fíneála thar 20 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin.

Airteagal 31

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas domhanda laethúil sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur in aghaidh an lae ar ghnóthais, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, agus ar chomhlachais ghnóthas, arna ríomh ón dáta a socraíodh leis an gcinneadh sin, chun iallach a chur orthu:

(a)

na bearta a shonraigh an Coimisiún de bhun cinneadh faoi Airteagal 8(2) a chomhlíonadh;

(b)

an cinneadh de bhun Airteagal 18(1) a chomhlíonadh;

(c)

faisnéis atá ceart agus iomlán a sholáthar laistigh den teorainn ama a cheanglaítear de bharr iarrata ar fhaisnéis arna déanamh de bhun Airteagal 21;

(d)

rochtain ar shonraí, ar algartaim agus ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 21(3) a áirithiú agus míniúcháin orthu sin a sholáthar de réir mar a cheanglaítear le cinneadh de bhun Airteagal 21;

(e)

géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 23;

(f)

cinneadh lena n-ordaítear bearta idirlinne a dhéanamh de bhun Airteagal 24 a chomhlíonadh;

(g)

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25(1) a chomhlíonadh;

(h)

cinneadh de bhun Airteagal 29(1) a chomhlíonadh.

2.   I gcás inar shásaigh na gnóthais, nó na comhlachais ghnóthas, an oibleagáid a bhí beartaithe a fhorfheidhmiú leis an íocaíocht phionósach thréimhsiúil, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena socraítear méid deifnídeach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla ag figiúr atá níos ísle ná mar a bheadh sé faoin gcinneadh bunaidh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Airteagal 32

Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur

1.   Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 30 agus 31 faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.

2.   Tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a dhéanfar an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú.

3.   Brisfidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche imscrúdaithe margaidh nó imeachtaí maidir le sárú an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse theorann le héifeacht ón dáta a thabharfar fógra faoin ngníomhaíocht do ghnóthas nó do chomhlachas gnóthas amháin ar a laghad a bhí rannpháirteach sa sárú. Áireofar iad seo a leanas go háirithe leis na gníomhaíochtaí a bhrisfidh áireamh na tréimhse:

(a)

iarrataí ar fhaisnéis ag an gCoimisiún;

(b)

údaruithe i scríbhinn chun cigireachtaí a dhéanamh arna n-eisiúint dá oifigigh ag an gCoimisiún;

(c)

tionscnamh imeachta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20.

4.   Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar an lá a bheidh tréimhse arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann imithe thart gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin atá ar aon fhad leis an tréimhse a bhfuil an teorainn ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.

5.   Cuirfear an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar fionraí fad a bheidh an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 33

Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

1.   Beidh cumhacht an Choimisiúin chun cinntí a dhéantar de bhun Airteagail 30 agus 31 a fhorfheidhmiú faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.

2.   Tosófar san áireamh na tréimhse ama an lá ar a mbeidh an cinneadh críochnaitheach.

3.   Brisfear an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú:

(a)

le fógra a thugtar maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear iarraidh ar athrú; nó

(b)

le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh.

5.   Beidh an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:

(a)

a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta; nó

(b)

a chuirtear forfheidhmiú íocaíochta ar fionraí de bhun breith ón gCúirt Bhreithiúnais nó de bhun breith ó chúirt náisiúnta.

Airteagal 34

An ceart chun éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad

1.   Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 8, Airteagal 9(1), Airteagal 10(1), Airteagail 17, 18, 24, 25, 29 agus 30 agus Airteagal 31(2), tabharfaidh an Coimisiún deis don gheatóir nó don ghnóthas nó don chomhlachas gnóthas lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na réamhchinntí ón gCoimisiún, lena n-áirítear ábhar ar bith a ndearna an Coimisiún agóid ina aghaidh; agus

(b)

bearta a d’fhéadfadh sé a bheith i gceist ag an gCoimisiún a dhéanamh i bhfianaise na réamhchinntí de bhun phointe (a) den mhír seo.

2.   Féadfaidh geatóirí, gnóthais agus comhlachais ghnóthas lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir leis na réamhchinntí ón gCoimisiún a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún sna réamhchinntí uaidh nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.

3.   Bunóidh an Coimisiún na cinntí uaidh ar réamhchinntí, lena n-áirítear aon ní a ndearna an Coimisiún agóid ina choinne, a raibh geatóirí, gnóthais nó comhlachais ghnóthas lena mbaineann ábalta tuairimí a thabhairt ina leith.

4.   Déanfar cearta cosanta an gheatóra, an ghnóthais nó an chomhlachais gnóthas lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeachtaí. Beidh an geatóir, an gnóthas nó an comhlachas gnóthas lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta, faoi réir leas dlisteanach gnóthas maidir lena rúin ghnó a chosaint. I gcás easaontais idir na páirtithe, féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena leagtar amach na téarmaí nochta sin. Ní áireofar leis an gceart chun rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis inniúla na mBallstát. Go sonrach, ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát. Ní chuirfidh rud ar bith sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.

Airteagal 35

Tuairisciú bliantúil

1.   Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus an dul chun cinn atá déanta i dtreo a chuspóirí a bhaint amach.

2.   Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin lena n-áirítear aon bhearta nó cinntí a glacadh agus imscrúduithe margaidh leanúnacha i dtaca leis an Rialachán seo;

(b)

na torthaí ar an bhfaireachán a rinneadh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a rinne na geatóirí;

(c)

measúnú ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 15;

(d)

forléargas ar an gcomhar idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta i dtaca leis an Rialachán seo;

(e)

forléargas ar na gníomhaíochtaí agus na cúraimí a rinne Grúpa Ardleibhéil na Rialtóirí Digiteacha, lena n-áirítear an chaoi a gcuirfear chun feidhme a chuid moltaí a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 36

Rúndacht ghairmiúil

1.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun an Rialacháin seo chun críocha an Rialacháin seo.

2.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 14 chun críocha an Rialacháin seo, Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus rialacha náisiúnta cumaisc.

3.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 15 chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Gan dochar don mhalartú faisnéise agus d’úsáid faisnéise a soláthraíodh chun í a úsáid de bhun Airteagail 38, 39, 41 agus 43, ní nochtfaidh an Coimisiún, údaráis inniúla na mBallstát, a gcuid oifigeach, searbhóntaí agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n-údarás sin agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh de bhun Airteagal 26(2), faisnéis a fuair siad nó a mhalartaigh siad de bhun an Rialacháin seo agus atá den chineál atá á cumhdach ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Airteagal 37

Comhar leis na húdaráis náisiúnta

1.   Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile agus déanfaidh siad comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin chun forfheidhmiú comhleanúnach, éifeachtach agus comhlántach na n-ionstraimí dlí atá ar fáil a áirithiú, ar ionstraimí dlí iad a chuirtear i bhfeidhm ar gheatóirí de réir bhrí an Rialacháin seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 38

Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi seach tríd an nGréasán Eorpach Iomaíochta (ECN). Beidh sé de chumhacht acu aon fhaisnéis maidir le hábhar fíorais nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a chur ar fáil dá chéile. I gcás nach comhalta den Ghréasán Eorpach Iomaíochta é an t-údarás inniúil, déanfaidh an Coimisiún na socruithe is gá chun comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú maidir le cásanna a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo agus le forfheidhmiú na gcásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ag na húdaráis sin. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe sin a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (l).

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) imscrúdú a sheoladh maidir le geatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn faoin gcéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil sula gcuirtear tús leis an mbeart sin nó díreach i ndiaidh tús a chur leis. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) oibleagáidí a fhorchur ar gheatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an dréachtbheart in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá sula nglacfar é agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an mbeart. I gcás bearta idirlinne, cuirfidh údarás náisiúnta inniúil na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) na dréachtbhearta atá beartaithe in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí díreach tar éis ghlacadh na mbeart sin. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

4.   Ní bheidh feidhm ag na sásraí faisnéise dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí atá beartaithe de bhun rialacha náisiúnta cumaisc.

5.   Ní dhéanfar faisnéis a mhalartófar de bhun mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo a mhalartú ná a úsáid ach amháin chun comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

6.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) tacú le haon cheann dá imscrúduithe margaidh de bhun an Rialacháin seo.

7.   Féadfaidh údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar a thionscnamh féin, imscrúdú a dhéanamh maidir le cás neamhchomhlíonadh Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ar a chríoch, i gcás ina bhfuil an inniúlacht agus cumhachtaí imscrúdaitheacha aige chun é a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Sula ndéanfaidh sé an chéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil, cuirfidh an t-údarás sin an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn.

Le tionscnamh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20, bainfear d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) an fhéidearthacht imscrúdú den sórt sin a dhéanamh nó deireadh a chur leis i gcás ina bhfuil sé ar bun cheana féin. Tuairisceoidh na húdaráis sin don Choimisiún maidir le cinntí an imscrúdaithe sin chun tacú leis an gCoimisiún ina ról mar fhorfheidhmitheoir aonair an Rialacháin seo.

Airteagal 39

Comhar leis na cúirteanna náisiúnta

1.   In imeachtaí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis atá ina sheilbh a tharchur chucu nó a thuairim a tharchur chucu maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún cóip d’aon bhreithiúnas i scríbhinn ó na cúirteanna náisiúnta a dhéanann cinneadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfear an chóip sin ar aghaidh gan mhoill tar éis an bhreithiúnais iomláin i scríbhinn a bheith curtha in iúl do na páirtithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta i gcás inar gá, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Le cead na cúirte i dtrácht, féadfaidh sé barúlacha a thabhairt ó bhéal freisin.

4.   Chun críoch ullmhú a mbarúlacha amháin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gcúirt náisiúnta ábhartha aon doiciméid atá riachtanach chun an cás a mheasúnú a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

5.   Ní dhéanfaidh na cúirteanna náisiúnta cinneadh a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Ní thabharfaidh siad freisin cinntí a bheadh ar neamhréir le cinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí a thionscain sé faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht do na cúirteanna náisiúnta réamhrialú a iarraidh faoi Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 40

An grúpa ardleibhéil

1.   Bunóidh an Coimisiún grúpa ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (“an grúpa ardleibhéil”).

2.   Beidh an grúpa ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha seo a leanas:

(a)

Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach,

(b)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí,

(c)

an Gréasán Eorpach Iomaíochta,

(d)

an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus

(e)

Grúpa Eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc.

3.   Beidh an líon comhionann ionadaithe sa ghrúpa ardleibhéil ag gach comhlacht agus gréasán Eorpach dá dtagraítear i mír 2. Ní mó ná 30 a bheidh líon uasta comhaltaí an ghrúpa ardleibhéil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta a sholáthar don ghrúpa ardleibhéil chun a chuid oibre a éascú. Is é an Coimisiún, a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an ghrúpa ardleibhéil, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa sin. Tiocfaidh an grúpa ardleibhéil le chéile arna iarraidh sin ag an gCoimisiún ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana féilire. Tionólfaidh an Coimisiún freisin cruinniú an ghrúpa nuair a iarrfaidh tromlach na gcomhaltaí dá bhfuil an grúpa comhdhéanta sin air chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach.

5.   Féadfaidh an grúpa ardleibhéil a sholáthar don Choimisiún comhairle agus saineolas sna réimsí a thagann laistigh d’inniúlachtaí a chomhaltaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

comhairle agus moltaí laistigh dá réimsí saineolais atá ábhartha i dtaca le haon ábhar ginearálta cur chun feidhme nó forfheidhmithe an Rialacháin seo; nó

(b)

comhairle agus saineolas a chuireann cur chuige rialála comhsheasmhach chun cinn thar ionstraimí rialála éagsúla.

6.   Na hidirghníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil- ar leith a chuireann na húdaráis náisiúnta dá bhfuil na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 comhdhéanta i bhfeidhm, féadfaidh an grúpa ardleibhéil iad sin, go háirithe, a shainaithint agus a mheasúnú agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcuirfí an measúnú sin i láthair agus lena sainaithneofaí saincheisteanna tras-rialála a d’fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh moltaí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin lena ndíreofaí ar dhul i dtreo cuir chuige agus sineirgí comhsheasmhacha trasdisciplíneacha idir cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rialacháin earnála eile. Cuirfear an tuarascáil in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   I gcomhthéacs imscrúduithe margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua, féadfaidh an grúpa ardleibhéil saineolas a sholáthar don Choimisiún maidir leis an ngá atá le cur le rialacha sa Rialachán seo, iad a leasú nó iad a bhaint, chun a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom.

Airteagal 41

Iarraidh ar imscrúdú margaidh

1.   Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun Airteagal 17 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur cheart gnóthas a ainmniú mar gheatóir.

2.   Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a oscailt de bhun Airteagal 18 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir caomhnaithe, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na riachtanais faoi Airteagal 3(1).

3.   Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh de bhun Airteagal 19 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur fíor ceann acu seo a leanas:

(a)

ba cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó

(b)

ní thugtar aghaidh go héifeachtach leis an Rialachán seo ar chleachtas amháin nó níos mó agus d’fhéadfadh an cleachtas nó na cleachtais sin inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin a theorannú nó a bheith éagórach.

4.   Cuirfidh na Ballstáit fianaise isteach mar thaca leis na hiarrataí uathu de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3. I gcás iarrataí de bhun mhír 3, féadfar a áireamh san fhianaise sin faisnéis faoi thairiscintí a tugadh isteach le deireanas maidir le táirgí, seirbhísí, bogearraí nó gnéithe ar cúis imní iad maidir le hinchoimhlinteacht nó cothroime, cibé an i gcomhthéacs croísheirbhísí ardáin atá ann cheana nó i gcomhthéacs eile a cuireadh chun feidhme iad.

5.   Laistigh de 4 mhí ó iarratas de bhun an Airteagail seo a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil forais réasúnta ann nó nach bhfuil chun imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun mhír 1, 2 nó 3. Foilseoidh an Coimisiún torthaí a mheasúnaithe.

Airteagal 42

Caingne ionadaíocha

Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe geatóirí ar fhorálacha den Rialachán seo lena ndéantar dochar do nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh leis do chomhleasanna tomhaltóirí.

Airteagal 43

Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú

Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le gach sárú ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 44

Cinntí a fhoilsiú

1.   Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a dhéanfaidh sé de bhun Airteagail 3 agus 4, Airteagal 8(2), Airteagail 9, 10, 16 go 20 agus 24, Airteagal 25(1), Airteagail 29, 30 agus 31. Luafar i bhfoilsiú den sórt sin ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis a forchuireadh.

2.   Tabharfar aird san fhoilsiú ar leas dlisteanach geatóirí nó tríú páirtithe maidir lena bhfaisnéis rúnda a chosaint.

Airteagal 45

Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais

I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chur ar ceal, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 46

Forálacha cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos socruithe mionsonraithe chun an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

foirm, inneachar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí de bhun Airteagal 3;

(b)

foirm, inneachar agus sonraí eile na mbeart teicniúil a chuirfidh geatóirí chun feidhme chun comhlíonadh Airteagal 5, 6 nó 7 a áirithiú;

(c)

socruithe oibríochtúla agus teicniúla d’fhonn idir-inoibritheacht sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de bhun Airteagail 7;

(d)

foirm, inneachar agus sonraí eile na hiarrata réasúnaithe de bhun Airteagal 8(3);

(e)

foirm, inneachar agus sonraí eile na n-iarrataí réasúnaithe de bhun Airteagail 9 agus 10;

(f)

foirm, inneachar agus sonraí eile na dtuarascálacha rialála arna seachadadh de bhun Airteagal 11;

(g)

an mhodheolaíocht agus an nós imeachta le haghaidh na tuairisce arna hiniúchadh ar theicnící a úsáidtear chun tomhaltóirí a phróifíliú dá bhforáiltear in Airteagal 15(1); agus dréachtghníomh cur chun feidhme á fhorbairt chun na críche sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus féadfaidh sé dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, an tsochaí shibhialta agus saineolaithe ábhartha eile

(h)

foirm, inneachar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagail 14 agus 15;

(i)

socruithe praiticiúla do na himeachtaí a bhaineann leis na himscrúduithe margaidh de bhun Airteagail 17, 18 agus 19, agus a bhaineann le himeachtaí de bhun Airteagail 24, 25 agus 29;

(j)

na socruithe praiticiúla chun cearta éisteachta a fheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 34;

(k)

na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtéarmaí nochta dá bhforáiltear in Airteagal 34;

(l)

na socruithe praiticiúla don chomhar agus don chomhordú idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagail 37 agus 38; agus

(m)

na socruithe praiticiúla le haghaidh ríomh agus síneadh spriocdhátaí.

2.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (k), agus pointe (m) den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointe (l), den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(3).

3.   Sula nglacfaidh sé gníomh cur chun feidhme ar bith de bhun mhír 1, foilseoidh an Coimisiún dréacht den ghníomh cur chun feidhme sin agus iarrfaidh sé ar na páirtithe leasmhara go léir a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama, nach féidir a bheith níos lú ná mí amháin.

Airteagal 47

Treoirlínte

Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le haon ghné den Rialachán seo chun a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú éifeachtach a éascú.

Airteagal 48

Caighdeánú

I gcás inarb iomchuí agus inar gá, féadfaidh an Coimisiún sainordú a thabhairt do na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú cur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a éascú trí chaighdeáin iomchuí a fhorbairt.

Airteagal 49

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagal 12(1), (3) agus (4), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Deireadh Fómhair 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7), agus Airteagal 12(1), (3) agus (4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(6) agus (7), agus Airteagal 12(1), (3) agus (4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 50

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tuairim an choiste in iúl do sheolaí cinnidh aonair, in éineacht leis an gcinneadh sin. Cuirfidh sé an tuairim agus an cinneadh aonair ar fáil don phobal, ag féachaint don leas dlisteanach i gcosaint rúndachta gairmiúla.

Airteagal 51

Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

I bPointe J de Chuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(iv)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).”

Airteagal 52

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(67)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).”

Airteagal 53

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Measúnófar leis na meastóireachtaí ar baineadh amach nó nár baineadh amach aidhmeanna an Rialacháin seo, is iad sin margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú, agus measúnófar leo freisin tionchar an Rialacháin seo ar úsáideoirí gnó, FBManna go háirithe, agus ar úsáideoirí deiridh. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht féachaint an bhféadfar raon feidhme Airteagal 7 a leathnú chuig seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne.

3.   Deimhneofar sna meastóireachtaí an bhfuil sé de cheangal rialacha a mhodhnú, lena n-áirítear maidir leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus a bhforfheidhmiú, chun a áirithiú go mbeidh margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. I ndiaidh na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

4.   Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

Airteagal 54

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Aibreán 2023.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagail 40, 46, 47, 48, 49 agus 50 ón 11 Deireadh Fómhair 2022 agus beidh feidhm ag Airteagal 42 agus Airteagal 43 ón 25 Meitheamh 2023.

Mar sin féin, i gcás ina dtagann an dáta an 25 Meitheamh 2023 roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo, cuirfear siar cur i bhfeidhm Airteagal 42 agus Airteagal 43 go dtí an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 64.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2022.

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(6)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(7)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(8)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(10)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(11)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(12)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(13)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le Seirbhísí Sochaí Faisnéise, (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpachum Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(15)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(19)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(20)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(21)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(22)  IO C 147, 26.4.2021, lch. 4.

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(24)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus córais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

A.   “Ginearálta”

1.

Is é is aidhm don Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht a shonrú chun “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a liostaítear in Airteagal 2 pointe (2). Feidhmíonn sé mar thagairt a chuireann ar chumas gnóthais a mheasúnú an gcomhlíonann a chroísheirbhisí ardáin na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) pointe (b) agus glacadh leis, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad an ceanglas in Airteagal 3(1) pointe (b). Beidh an tagairt sin chomh hábhartha céanna, dá bhrí sin, in aon mheasúnú níos leithne faoi Airteagal 3(8). Is faoin ngnóthas atá sé teacht ar an neastachán is fearr is féidir i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna agus leis an modheolaíocht shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Ní choisceann aon ní san Iarscríbhinn seo ar an gCoimisiún, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Rialacháin seo, ceangal a chur ar an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige aon fhaisnéis is gá a sholáthar chun na “húsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “na húsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh. Níor cheart aon ní san Iarscríbhinn seo a bheith ina bhunús dlí chun úsáideoirí a rianú. Beidh an mhodheolaíocht atá san Iarscríbhinn seo gan dochar freisin d’aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, in Airteagal 3(3) agus (8) agus Airteagal 13(3) go háirithe. Go háirithe, ceanglaítear le comhlíonadh Airteagal 13(3) freisin go gcaithfear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh bunaithe ar thomhas beacht nó ar an neastachán is fearr atá ar fáil – i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí aitheantais agus ríofa iarbhír atá ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ag an bpointe ama ábhartha. Beidh na tomhais sin nó an neastachán is fearr dá bhfuil ar fáil ag teacht leis na tomhais a thuairiscítear faoi Airteagal 15, a bheidh san áireamh iontu.

2.

Leagtar amach in Airteagal 2 pointí (20) agus (21) na sainmhínithe ar “úsáideoir deiridh” agus “úsáideoir gnó”, ar sainmhínithe iad is coiteann do gach croísheirbhís ardáin.

3.

Chun líon na “n-úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus líon na “n-úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh, tagraítear san Iarscríbhinn seo don choincheap “úsáideoirí uathúla”. Leis an gcoincheap “úsáideoirí uathúla”, cuimsítear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha”, nach gcomhairtear ach uair amháin, don chroísheirbhís ardáin ábhartha, le linn tréimhse shonraithe ama (i.e. mí i gcás “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus bliain i gcás “úsáideoirí gnó gníomhacha”), is cuma cé mhéad uair a bhí siad ag plé leis an gcroísheirbhís ardáin ábhartha i gcaitheamh na tréimhse sin. Beidh an méid sin gan dochar don fhíoras gur féidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna a bheith ina “úsáideoir deiridh gníomhach” nó ina “úsáideoir gnó gníomhach” ag an am céanna i gcás croísheirbhísí ardáin éagsúla.

B.   “Úsáideoirí deiridh gníomhacha”

1.

Déanfar an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí deiridh gníomhacha” a shainaithint de réir an mhéadraigh is beaichte arna thuairisciú ag an ngnóthas a bhfuil ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin á sholáthar aige, go sonrach:

a.

Meastar go mbainfeadh an riosca dúblála is lú, prima facie, le sonraí a bhailítear faoi úsáid croíseirbhísí ardáin ó thimpeallachtaí ina sínítear isteach nó ina logáiltear isteach, i ndáil le hiompar úsáideoirí ar fheistí nó ardáin éagsúla, mar shampla. Dá bhrí sin, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh maidir le líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla do gach croísheirbhís ardáin faoi seach bunaithe ar thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, más ann do na sonraí sin.

b.

I gcás croísheirbhísí ardáin a mbíonn rochtain ag úsáideoirí deiridh orthu freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh freisin maidir le líon úsáideoirí deiridh uathúla na croísheirbhíse ardáin faoi seach bunaithe ar mhéadrach malartach a ghabhann úsáideoirí deiridh freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta, ar choinníoll go bhfuil na seoltaí nó na haitheantóirí sin riachtanach go hoibiachtúil chun na croísheirbhísí ardáin a sholáthar.

2.

Bunaítear an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla” ar mheánlíon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla sa chuid is mó den bhliain airgeadais. Is é is aidhm don choincheap “an chuid is mó den bhliain airgeadais” deis a thabhairt do ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige figiúirí asluiteacha i mbliain ar leith a fhágáil as an áireamh. Ciallaíonn figiúirí asluiteacha go bunúsach figiúirí a luíonn go mór lasmuigh de na gnáthfhigiúirí agus na figiúirí intuartha. Buaic nó laghdú ar rannpháirtíocht úsáideoirí a tharla le linn aon mhí amháin den bhliain airgeadais, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina shampla d’fhigiúirí asluiteacha den sórt sin. Ní figiúirí asluiteacha iad figiúirí a bhaineann le tarluithe athfhillteacha bliantúla, amhail tionscnaimh díolacháin bhliantúla

C.   “Úsáideoirí gnó gníomhacha”

Is ar leibhéal an chuntais, i gcás inarb infheidhme, a chinntear an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí gnó gníomhacha” agus gach cuntas gnó ar leith comhlachaithe le húsáid croísheirbhíse ardáin arna soláthar ag an ngnóthas arb é atá ann úsáideoir gnó uathúil amháin de chuid na croísheirbhíse ardáin sin faoi seach. Mura bhfuil feidhm ag an gcoincheap “cuntas gnó” maidir le croísheirbhís ardáin ar leith, cinnfidh an gnóthas ábhartha a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige líon na n-úsáideoirí gnó uathúla trí thagairt a dhéanamh don ghnóthas ábhartha.

D.   “Faisnéis a chur isteach”

1.

Maidir leis an ngnóthas a chuireann faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3(3) faoi líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha i gcás gach croísheirbhíse ardáin ar leith, beidh sé freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú. I ndáil leis sin:

a.

Beidh an gnóthas freagrach as sonraí a chur isteach le haghaidh croísheirbhís ardáin faoi seach, ionas nach ndéantar gannáireamh ná ró-áireamh ar líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha (mar shampla i gcás ina bhfuil rochtain ag úsáideoirí ar na croísheirbhísí ardáin ar ardáin nó ar fheistí éagsúla).

b.

Beidh an gnóthas freagrach as mínithe beachta agus gonta a thabhairt ar an modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar an bhfaisnéis agus as aon riosca a bhaineann le líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha a ghannáireamh nó a ró-áireamh i gcás croísheirbhís ardáin faoi seach agus maidir leis na réitigh a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

c.

Cuirfidh an gnóthas sonraí ar fáil, ar sonraí iad atá bunaithe ar mhéadrach malartach, nuair a bheidh imní ar an gCoimisiún faoi chruinneas na sonraí arna soláthar ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige.

2.

Chun an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a ríomh:

a.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, ní shainaithneoidh sé croísheirbhísí ardáin a bhaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) ar leithligh, go príomha ar an mbonn go soláthraítear iad agus ainmneacha fearainn éagsúla in úsáid – is cuma cé acu fearainn bharrleibhéil cód tíre (ccTLDanna) nó fearainn bharrleibhéil chineálacha (gTLDanna) – nó saintréithe geografacha éigin atá i gceist.

b.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na croísheirbhísí ardáin sin a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2).

c.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na seirbhísí sin a thairgeann an gnóthas ábhartha ar bhealach comhtháite, ach:

(i)

nach mbaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) nó

(ii)

,a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2, pointe (2).

E.   “Sainmhínithe sonracha”

Leagtar amach sa tábla thíos sainmhínithe sonracha ar “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus ar “úsáideoirí gnó gníomhacha” le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin.

Croísheirbhísí ardáin

Úsáideoirí deiridh gníomhacha

Úsáideoirí gnó gníomhacha

Seirbhísí idirghabhála ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís idirghabhála ar líne uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí logáil isteach go gníomhach, fiosrú a dhéanamh, cliceáil nó scrollú nó trí idirbheart a thabhairt i gcrích tríd an tseirbhís idirghabhála ar líne uair sa mhí ar a laghad.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a raibh mír amháin ar a laghad liostaithe sa tseirbhís idirghabhála ar líne acu i gcaitheamh na bliana iomláine nó a thug idirbheart i gcrích arna chumasú ag an tseirbhís idirghabhála ar líne i gcaitheamh na bliana.

Innill chuardaigh ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an inneall cuardaigh ar líne uair sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí fhiosrú a dhéanamh.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil suíomhanna gréasáin gnó acu (i.e. suíomh gréasáin a úsáidtear i gcáil tráchtála nó ghairmiúil) atá innéacsaithe ag innéacs an innill cuardaigh ar líne nó ar cuid den innéacs sin iad i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil liostú gnó nó cuntas gnó acu sa tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne agus a mbíonn baint acu leis an tseirbhís ar bhealach ar bith ar a laghad uair amháin i gcaitheamh na bliana, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt nó a huirlisí a úsáid do ghnólachtaí.

Seirbhísí ardáin comhroinnte físeán

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí dheighleán d’inneachar closamhairc a chasadh, trí fhiosrú a dhéanamh nó trí phíosa inneachair closamhairc a uaslódáil, lena n-áirítear go háirithe físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair ar a laghad píosa amháin inneachair closamhairc a uaslódáladh nó a casadh ar an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir uair amháin ar a laghad sa mhí.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a d’úsáid cuntas gnó nó a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun cumarsáid a dhéanamh go díreach le húsáideoir deiridh uair amháin ar a laghad i gcaitheamh na bliana.

Córais oibriúcháin

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a d’úsáid feiste leis an gcóras oibriúcháin, a rinneadh é gníomhachtú, a nuashonrú nó a úsáid uair amháin ar a laghad sa mhí.

Líon na bhforbróirí uathúla a d’fhoilsigh, a nuashonraigh nó a thairg feidhmchlár bogearraí nó ríomhchlár bogearraí amháin ar a laghad ag baint úsáid as an teanga ríomhchlárúcháin nó aon uirlisí forbartha bogearraí den chóras oibriúcháin, nó a ritheann ar bhealach ar bith air, i gcaitheamh na bliana.

Cúntóir fíorúil

Líon na n-úsáideoirí deiridh a raibh baint acu leis an gcúntóir fíorúil ar bhealach ar bith uair amháin ar a laghad sa mhí, amhail trína ghníomhachtú, trí cheist a chur, trí rochtain a fháil ar sheirbhís trí ordú nó trí fheiste chliste bhaile a rialú.

Líon na bhforbróirí uathúla a thairg feidhmchlár bogearraí cúntóra fíorúil amháin ar a laghad nó feidhmiúlacht chun feidhmchlár bogearraí atá ann cheana a dhéanamh inrochtana tríd an gcúntóir fíorúil i gcaitheamh na bliana.

Brabhsálaithe gréasáin

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí cheist nó seoladh suímh gréasáin a chur i líne URL an bhrabhsálaí gréasáin.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil a suímh ghréasáin ghnó (i.e suíomh gréasáin a úsáidtear i dtaca le hinniúlacht ghairmiúil nó phearsanta) oscailte tríd an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa bhliain nó a thairg breiseán, forlíontán nó uirlisí comhlántacha arna n-úsáid ar an mbrabhsálaí gréasáin i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí néalríomhaireachta

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu le haon seirbhísí néalríomhaireachta ó sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta uair amháin ar a laghad sa mhí, mar mhalairt ar aon chineál luacha saothair, gan beann ar cé acu a fhaightear nó nach bhfaightear an luach saothair le linn na míosa céanna.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair aon seirbhísí néalríomhaireachta arna n-óstáil i mbonneagar néalríomhaireachta sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí fógraíochta ar líne

Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta:

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí.

Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile):

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta a spreag an tseirbhís fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí.

Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta:

Líon na bhfógróirí uathúla a raibh taispeáint fógraíochta amháin ar a laghad ar taispeáint acu i gcaitheamh na bliana.

Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile):

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla (lena n-áirítear fógróirí, foilsitheoirí nó idirghabhálaithe eile) a d’idirghníomhaigh tríd an tseirbhís idirghabhála fógraíochta i gcaitheamh na bliana nó a ndearna an tseirbhís fógraíochta idirghabhála freastal orthu.