7.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 262/46 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1858 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Meitheamh 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag an stór trádála le fíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí a dhéanfaidh an tuairisciú nó ag an eintiteas a dhéanfaidh an cur isteach agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí arna dtuairisciú a fhíorú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 78(10) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun ardcháilíocht mhionsonraí na ndíorthach a thuairiscítear do stórtha trádála a áirithiú, ba cheart do na stórtha trádála aitheantas na n-eintiteas a chuirfidh tuarascáil isteach, sláine loighciúil an tseichimh ina dtuairiscítear mionsonraí an díorthaigh, agus iomláine agus cruinneas na mionsonraí sin a fhíorú. |
(2) |
Ar an gcúis chéanna, ba cheart do na stórtha trádála mionsonraí gach tuarascála díorthaigh arna fáil a réiteach i gcás ina bhfuil oibleagáid tuairiscithe ag an dá chontrapháirtí. Ba cheart próiseas caighdeánaithe a shonrú chun é a chur ar a gcumas do stórtha trádála réiteach a dhéanamh ar bhealach comhsheasmhach agus chun na rioscaí nach ndéanfar réiteach ar mhionsonraí díorthach a laghdú. D’fhéadfadh sé nach mbeadh mionsonraí áirithe na ndíorthach comhionann, áfach, i ngeall ar shainiúlachtaí na gcóras teicneolaíochta atá in úsáid ag na heintitis a chuirfidh an tuarascáil isteach. Ní mór lamháltais áirithe a chur i bhfeidhm dá bhrí sin, ionas nach gcuirfidh miondifríochtaí i mionsonraí tuairiscithe na ndíorthach cosc ar na húdaráis anailís a dhéanamh ar na sonraí le leibhéal muiníne leordhóthanach. |
(3) |
Ina theannta sin agus d’ainneoin oibleagáidí eile maidir le mionsonraí na ndíorthach arna mbailiú agus arna dtaifeadadh le linn don phróiseas réitigh a bheith á fheidhmiú, ba cheart do na stórtha trádála rúndacht na sonraí a mhalartaítear eatarthu agus a chuirtear ar fáil do na contrapháirtithe tuairiscithe, do na heintitis atá freagrach as tuairisciú agus do na heintitis a chuirfidh an tuarascáil isteach a áirithiú. |
(4) |
I gcás ina dtarlóidh imeacht athstruchtúraithe as a dtiocfaidh athrú ar aitheantóir eintitis dhlítheanaigh contrapháirtí dá bharr, ní mór mionsonraí na n-eintiteas arna sainaithint i dtuarascáil díorthach a thabhairt cothrom le dáta. Chun sláine na faisnéise sin a áirithiú, rud atá fíor-riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí córasacha don chobhsaíocht airgeadais, is gá na stórtha trádála a thabhairt cothrom le dáta go lárnach. Ar an gcúis sin, ba cheart nós imeachta a leagan síos chun a áirithiú gur féidir le stórtha trádála aitheantóir an eintitis a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach láraithe, rud lena n-áiritheofaí dá réir sin próiseas éifeachtúil láidir tráthúil. |
(5) |
Ba cheart dóthain ama a thabhairt d’eintitis a chuireann tuarascáil isteach chun dul in oiriúint do na ceanglais tuairiscithe, go háirithe chun nach gcarnfar trádálacha nach bhfuil réitithe láithreach tar éis don oibleagáid tuairiscithe tosú ag feidhmiú. Is iomchuí dá bhrí sin nár cheart ach tacar laghdaithe réimsí a réiteach sa chéad chéim. |
(6) |
Ba cheart d’eintitis a chuireann tuarascáil isteach agus d’eintitis atá freagrach as tuairisciú, i gcás inarb infheidhme, a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar a gcomhlíontacht lena n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart dóibh a bheith in ann dá bhrí sin faisnéis áirithe a rochtain, ar bhonn laethúil, i leith na dtuarascálacha sin, lena n-áirítear toradh fhíorú na dtuarascálacha sin, agus freisin i gcás ina ngintear rabhadh, agus an dul chun cinn maidir le réiteach na sonraí tuairiscithe. Is gá dá bhrí sin an fhaisnéis ar cheart do stór trádála a chur ar fáil do na heintitis sin a shonrú ag deireadh gach lá oibre. |
(7) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin. |
(8) |
Chuaigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i gcomhairle le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus reáchtáil sé comhairliúcháin phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
(9) |
Chun contrapháirtithe agus stórtha trádála a chumasú gach gníomh is gá a dhéanamh chun dul in oiriúint do na ceanglais nua, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a iarchur 18 mí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Fíorú na ndíorthach ag stórtha trádála
1. Fíoróidh stór trádála gach ceann díobh seo a leanas i dtuairisciú díorthaigh arna fháil:
(a) |
aitheantas an eintitis a chuirfidh tuarascáil isteach dá dtagraítear i réimse 2 de Thábla 1 agus i réimse 2 de Thábla 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún (3); |
(b) |
go gcomhlíonann an teimpléad XML a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar dhíorthach modheolaíocht ISO 20022 i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860; |
(c) |
go bhfuil an t-eintiteas a chuireann tuarascáil isteach, má tá sé difriúil ón eintiteas atá freagrach as tuairisciú dá dtagraítear i réimse 3 de Thábla 1 agus i réimse 3 i dTábla 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860, údaraithe go cuí chun tuairisciú a dhéanamh thar ceann chontrapháirtí 1 nó thar ceann an eintitis atá freagrach as tuairisciú, má tá sé difriúil ó chontrapháirtí 1, dá dtagraítear i réimse 4 de Thábla 1 agus i réimse 4 de Thábla 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860; |
(d) |
nár cuireadh an díorthach céanna isteach roimhe sin; |
(e) |
go mbaineann tuarascáil díorthaigh leis an gcineál gníomhaíochta “Modhnú”, “Nuashonrú Éarlaise”, “Luacháil”, “Ceartúchán”, “Earráid’ nó “Foirceannadh” le díorthach a cuireadh isteach roimhe seo; |
(f) |
nach mbaineann tuarascáil díorthaigh leis an gcineál gníomhaíochta “Modhnú” le díorthach a tuairiscíodh mar dhíorthach cealaithe leis an gcineál gníomhaíochta “Earráid’ nár tuairiscíodh ina dhiaidh sin leis an gcineál gníomhaíochta “Athbheochan”; |
(g) |
nach n-áirítear le tuarascáil díorthaigh an cineál gníomhaíochta “Nua” i leith díorthach a tuairiscíodh roimhe seo; |
(h) |
nach n-áirítear le tuarascáil díorthaigh an cineál gníomhaíochta “Comhpháirt suímh” i leith díorthach a tuairiscíodh roimhe seo; |
(i) |
nach n-airbheartaítear le tuarascáil díorthaigh mionsonraí na réimsí “Contrapháirtí 1” nó “Contrapháirtí 2” a mhodhnú chuig díorthach a tuairiscíodh roimhe sin; |
(j) |
nach n-airbheartaítear le tuarascáil díorthaigh díorthach atá ann cheana a mhodhnú trí dháta éifeachtach atá níos déanaí ná dáta aibíochta tuairiscithe an díorthaigh a shonrú; |
(k) |
go mbaineann díorthach a thuairiscítear leis an gcineál gníomhaíochta “Athbheochan” le tuarascáil díorthaigh a cuireadh isteach roimhe sin leis an gcineál gníomhaíochta “Earráid’ nó “Foirceannadh” nó le díorthach aibithe; |
(l) |
cruinneas agus iomláine na tuarascála díorthaigh. |
2. Diúltóidh stór trádála do thuarascáil díorthaigh nach gcomhlíonann ceann de na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus sannfar di ceann de na catagóirí diúltaithe a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn.
3. Soláthróidh stór trádála do na heintitis a chuireann tuarascáil isteach faisnéis mhionsonraithe maidir le torthaí an fhíorúcháin sonraí dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 60 nóiméad tar éis dó tuarascáil díorthaigh a fháil. Soláthróidh stór trádála na torthaí sin i bhformáid XML agus i dteimpléad i gcomhréir leis an modheolaíocht ISO 20022. Sonrófar sna torthaí na cúiseanna ar diúltaíodh do thuarascáil díorthaigh i gcomhréir le Tábla 1 den Iarscríbhinn.
Airteagal 2
An nós imeachta le haghaidh nuashonruithe ar Aitheantóirí Eintitis Dhlítheanaigh
1. Stór trádála a seoltar iarraidh chuige faoi Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 sainaithneoidh sé na díorthaigh dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860, tráth an imeachta athstruchtúraithe chorparáidigh, i gcás ina dtuairiscítear an t-eintiteas leis an aitheantóir roimh an imeacht athstruchtúraithe corparáideach sa réimse “Contrapháirtí 1” nó “Contrapháirtí 2”, arna chur in iúl san iarraidh ábhartha. Cuirfidh sé an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh nua in ionad an tsean-aitheantóra sna tuarascálacha a bhaineann leis na díorthaigh sin uile tráth an imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860, a bhaineann leis an gcontrapháirtí sin. Feidhmeoidh stór trádála an nós imeachta maidir leis an aitheantóir a thabhairt cothrom le dáta ar a dhéanaí ar lá an athstruchtúraithe nó laistigh de 30 lá féilire ó fhaightear an iarraidh má thuairiscítear é níos lú ná 30 lá féilire roimh dháta an imeachta athstruchtúraithe chorparáidigh.
2. Sainaithneoidh stór trádála na díorthaigh ábhartha dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860, tráth an imeachta athstruchtúraithe chorparáidigh, i gcás ina sainaithnítear an t-eintiteas leis an sean-aitheantóir in aon cheann de na réimsí, agus i gcás ina gcuirtear an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh nua in ionad an aitheantóra sin. I gcás ina mbaineann imeacht athstruchtúraithe corparáideach leis an aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh réimsí seachas “Contrapháirtí 1” nó “Contrapháirtí 2”, ní thabharfaidh an stór trádála na díorthaigh ábhartha cothrom le dáta ar an mbealach sin ach amháin tar éis deimhniú caoithiúil a fháil ó chontrapháirtí 1 nó ón eintiteas atá freagrach as tuairisciú.
3. Déanfaidh stór trádála na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a) |
an aitheantóir eintitis dhlítheanaigh chun feidhme ón dáta dá dtagraítear i mír 1; tar éis dó an deimhniú ábhartha a fháil faoi mhír 2, cuirfidh sé an nuashonrú ar |
(b) |
faoi Airteagal 78(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, de réir mar is infheidhme:craolfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a luaithe agus is féidir leis, agus tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis an fógra iomlán a fháil, chuig na stórtha trádála eile ar fad agus chuig na contrapháirtithe tuairiscithe, na heintitis a chuireann tuarascáil isteach, na heintitis atá freagrach as tuairisciú atá bainteach leis na conarthaí díorthaigh lena mbaineann an nuashonrú ar an aitheantóir eintitis dhlítheanaigh, agus chuig tríú páirtithe ar deonaíodh rochtain dóibh ar fhaisnéis
|
(c) |
leis na díorthaigh a tugadh cothrom le dáta, trí bhíthin comhaid shonraigh i bhformáid a bheidh inléite ag meaisín: tabharfaidh sé fógra, ar an lá oibre ar a dhéanaí roimh an dáta ar a gcuirtear an nuashonrú i bhfeidhm, do na heintitis atá liostaithe in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhfuil rochtain acu ar na sonraí a bhaineann
|
(d) |
déanfaidh sé taifeadadh den nuashonrú ar an aitheantóir eintitis dhlítheanaigh sa loga tuairiscithe. |
4. Ní thabharfaidh stór trádála na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh le haghaidh díorthach atá éagsúil leo siúd dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 cothrom le dáta tráth an imeachta chorparáidigh.
Airteagal 3
Réiteach sonraí ag stórtha trádála
1. Féachfaidh stór trádála le díorthach tuairiscithe a réiteach trí na céimeanna a leagtar amach i mír 3 a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
rinne an stór trádála na fíoruithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 1; |
(b) |
tá oibleagáid tuairiscithe ag an dá chontrapháirtí sa díorthach tuairiscithe de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; |
(c) |
ní bhfuair an stór trádála tuarascáil leis an gcineál gníomhaíochta “Earráid’ i leith an díorthaigh tuairiscithe, murar tháinig tuarascáil leis an gcineál gníomhaíochta “Athbheochan” i ndiaidh tuarascála den sórt sin. |
2. Beidh socruithe i bhfeidhm ag stór trádála chun rúndacht na sonraí a áirithiú le linn dó faisnéis a mhalartú le stórtha trádála eile agus le linn dó faisnéis a sholáthar do chontrapháirtithe tuairiscithe, d’eintitis a chuireann tuarascálacha isteach, eintitis atá freagrach as tuairisciú chomh maith le tríú páirtithe ar deonaíodh rochtain dóibh ar fhaisnéis faoi Airteagal 78(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir le luachanna na réimsí uile atá faoi réir réitigh.
3. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile i mír 1, glacfaidh stór trádála na céimeanna seo a leanas, ag úsáid an luach is déanaí a tuairiscíodh le haghaidh gach ceann de na réimsí i dTábla 2 den Iarscríbhinn ón lá oibre roimhe sin:
(a) |
fíoróidh stór trádála tar éis dó tuarascáil díorthaigh a fháil cé acu a bhfuair nó nach bhfuair sé tuarascáil chomhfhreagrach ón gcontrapháirtí eile nó thar ceann an chontrapháirtí eile; |
(b) |
stór trádála nach bhfuair tuarascáil díorthaigh chomhfhreagrach dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh sé iarracht an stór trádála a fuair an tuarascáil díorthaigh chomhfhreagrach a shainaithint trí luachanna na réimsí seo a leanas den díorthach tuairiscithe a chur in iúl do gach stór trádála cláraithe: “Aitheantóir Uathúil Idirbhirt”, “Contrapháirtí 1” agus “Contrapháirtí 2”; |
(c) |
stór trádála a chinneann go bhfuair stór trádála eile tuarascáil díorthaigh chomhfhreagrach dá dtagraítear i bpointe (a), malartóidh sé mionsonraí an díorthaigh tuairiscithe leis an stór trádála sin i bhformáid XML agus i dteimpléad arna fhorbairt i gcomhréir leis an modheolaíocht ISO 20022; |
(d) |
caithfidh stór trádála le díorthach tuairiscithe mar dhíorthach réitithe i gcás inarb ionann mionsonraí an díorthaigh sin atá faoi réir réitigh le mionsonraí an díorthaigh chomhfhreagraigh dá dtagraítear i bpointe (a) agus i gcomhréir leis na teorainneacha lamháltais is infheidhme agus le dátaí ábhartha an chur i bhfeidhm mar a leagtar síos i dTábla 2 den Iarscríbhinn; |
(e) |
sannfaidh stór trádála luachanna ina dhiaidh sin le haghaidh na gcatagóirí réitigh le haghaidh gach idirbhirt díorthach tuairiscithe, mar a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn; |
(f) |
tabharfaidh stór trádála na céimeanna i bpointí (a) go (e) i gcrích a luaithe is féidir agus ní ghlacfaidh sé céimeanna den sórt sin tar éis meán oíche Am Uilíoch Lárnach ar lá oibre ar leith; |
(g) |
stór trádála nach féidir leis díorthach tuairiscithe a réiteach, féachfaidh sé le mionsonraí an díorthaigh tuairiscithe sin a mheaitseáil ar an gcéad lá oibre eile. Ní fhéachfaidh an stór trádála leis an díorthach tuairiscithe a réiteach a thuilleadh 30 lá féilire tar éis don díorthach a bheith gan íoc. |
4. Deimhneoidh stór trádála an líon iomlán díorthach péireáilte agus an líon díorthach réitithe le gach stór trádála lena bhfuil díorthaigh réitithe aige ag deireadh gach lá oibre. Beidh nósanna imeachta i scríbhinn i bhfeidhm ag stór trádála chun a áirithiú go réiteofar gach neamhréireacht a sainaithníodh sa phróiseas sin.
5. Tráth nach déanaí ná 60 nóiméad tar éis an próiseas réitigh mar a leagtar amach i bpointe (f) de mhír 3 a chur i gcrích, soláthróidh stór trádála torthaí an phróisis réitigh arna dhéanamh aige maidir leis na díorthaigh tuairiscithe do na heintitis a chuirfidh tuarascáil isteach. Soláthróidh stór trádála na torthaí sin i bhformáid XML agus i dteimpléad arna fhorbairt i gcomhréir leis an modheolaíocht ISO 20022, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na réimsí nár réitíodh.
Airteagal 4
Sásraí freagartha deireadh lae
1. Maidir le gach lá oibre, cuirfidh stór trádála ar fáil do na contrapháirtithe tuairiscithe, do na heintitis a chuireann tuarascáil isteach, do na heintitis atá freagrach as tuairisciú chomh maith le tríú páirtithe ar deonaíodh rochtain dóibh ar fhaisnéis faoi Airteagal 78(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, de réir mar is infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na díorthaigh lena mbaineann, i bhformáid XML agus i dteimpléad arna fhorbairt i gcomhréir leis an modheolaíocht ISO 20022:
(a) |
na díorthaigh a tuairiscíodh le linn an lae sin; |
(b) |
staideanna trádála is déanaí na ndíorthach gan íoc; |
(c) |
na tuarascálacha díorthaigh a diúltaíodh le linn an lae sin; |
(d) |
stádas réitigh gach díorthach tuairiscithe faoi réir réitigh de bhun Airteagal 3(1); |
(e) |
na díorthaigh gan íoc nach bhfuil aon luacháil tuairiscithe maidir leo, nó a bhfuil an luacháil a tuairiscíodh dóibh dátaithe níos faide ná 14 lá féilire níos túisce ná an lá dar gineadh an tuarascáil; |
(f) |
na díorthaigh gan íoc nár tuairiscíodh aon fhaisnéis éarlaise maidir leo, nó a bhfuil an fhaisnéis éarlaise a tuairiscíodh dóibh dátaithe níos faide ná 14 lá féilire níos túisce ná an lá dar gineadh an tuarascáil; |
(g) |
na díorthaigh a fuarthas an lá sin leis an gcineál gníomhaíochta “Nua”, “Comhpháirt suímh”, “Modhnú” nó “Ceartú” agus a bhfuil a mhéid barúlach neamhghnách don aicme sin díorthach. |
2. Soláthróidh stór trádála faisnéis den sórt sin tráth nach déanaí ná 6.00 in Am Uilíoch Lárnach ar an lá oibre tar éis an lá dá dtagraíonn an fhaisnéis a sholáthraítear i mír 1.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 29 Aibreán 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag an stór trádála le fíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí a dhéanfaidh an tuairisciú nó ag an eintiteas a dhéanfaidh an cur isteach agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí arna dtuairisciú a fhíorú (Féach leathanach 68 den Iris Oifigiúil seo).
IARSCRÍBHINN
Tábla 1
Cúiseanna le tuarascáil díorthaigh a dhiúltú
Catagóirí diúltaithe |
Cúis |
||
Scéimre |
|
||
Cead |
|
||
Loighic |
|
||
Gnó |
|
Tábla 2
|
Roinn |
Réimse |
Acmhainn réitigh |
Dáta tosaigh réitigh |
1 |
Páirtithe an díorthaigh |
Stampa ama tuairiscithe |
N/B |
N/B |
2 |
Páirtithe an díorthaigh |
Uimhir aitheantais an eintitis a chuireann tuarascáil isteach |
N/B |
N/B |
3 |
Páirtithe an díorthaigh |
Eintiteas atá freagrach as tuairisciú |
N/B |
N/B |
4 |
Páirtithe an díorthaigh |
Contrapháirtí 1 (Contrapháirtí tuairiscithe) |
Mar an gcéanna le réimse 9 sa tábla seo |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
5 |
Páirtithe an díorthaigh |
Cineál chontrapháirtí 1 |
N/B |
N/B |
6 |
Páirtithe an díorthaigh |
Earnáil chorparáideach chontrapháirtí 1 |
N/B |
N/B |
7 |
Páirtithe an díorthaigh |
Tairseach imréitigh chontrapháirtí 1 |
N/B |
N/B |
8 |
Páirtithe an díorthaigh |
Cineál aitheantóra chontrapháirtí 2 |
N/B |
N/B |
9 |
Páirtithe an díorthaigh |
Contrapháirtí 2 |
Mar an gcéanna le réimse 4 sa tábla seo |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
10 |
Páirtithe an díorthaigh |
Tír chontrapháirtí 2 |
N/B |
N/B |
11 |
Páirtithe an díorthaigh |
Cineál chontrapháirtí 2 |
N/B |
N/B |
12 |
Páirtithe an díorthaigh |
Earnáil chorparáideach chontrapháirtí 2 |
N/B |
N/B |
13 |
Páirtithe an díorthaigh |
Tairseach imréitigh chontrapháirtí 2 |
N/B |
N/B |
14 |
Páirtithe an díorthaigh |
Oibleagáid tuairiscithe chontrapháirtí 2 |
N/B |
N/B |
15 |
Páirtithe an díorthaigh |
Aitheantas Bróicéara |
N/B |
N/B |
16 |
Páirtithe an díorthaigh |
Comhalta imréitigh |
N/B |
N/B |
17 |
Páirtithe an díorthaigh |
Treo |
Malairt |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
18 |
Páirtithe an díorthaigh |
Treo mhalairt 1 |
Malairt |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
19 |
Páirtithe an díorthaigh |
Treo mhalairt 2 |
Malairt |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
20 |
Páirtithe an díorthaigh |
Nasctha go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó maoiniú cisteáin |
N/B |
N/B |
1 |
Roinn 2a - Aitheantóirí agus naisc |
Aitheantóir Uathúil Idirbhirt |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
2 |
Roinn 2a - Aitheantóirí agus naisc |
Uimhir rianaithe tuarascála |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
3 |
Roinn 2a - Aitheantóirí agus naisc |
Aitheantóir Uathúil Idirbhirt roimhe seo (le haghaidh caidreamh idir idirbheart amháin agus idirbheart eile nó idir idirbheart amháin agus idirbhearta iomadúla) |
Níl |
Dhá bhliain tar éis dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
4 |
Roinn 2a - Aitheantóirí agus naisc |
Aitheantóir Uathúil Idirbhirt an tsuímh ina dhiaidh sin |
Níl |
Dhá bhliain tar éis dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
5 |
Roinn 2a - Aitheantóirí agus naisc |
Aitheantas Laghdaithe Riosca Iarthrádála (PTRR) |
N/B |
N/B |
6 |
Roinn 2a - Aitheantóirí agus naisc |
Aitheantóir pacáiste |
N/B |
N/B |
7 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Uimhreacha Aitheantais Idirnáisiúnta Urrús (ISIN) |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
8 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Aitheantóir táirge uathúil (UPI) |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
9 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Aicmiú táirge |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
10 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Cineál conartha |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
11 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Cineál sócmhainní |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
12 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Díorthach bunaithe ar chripteashócmhainní |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
13 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Cineál aitheantais fholuitigh |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
14 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Aitheantas foluiteach |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
15 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Táscaire an innéacs fholuitigh |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
16 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Ainm an innéacs fholuitigh |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
17 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Cód bascaeid saincheaptha |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
18 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Aitheantóir chomhábhair an chiseáin |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
19 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Airgeadra socraíochta 1 |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
20 |
Roinn 2b – Faisnéis chonarthach |
Airgeadra socraíochta 2 |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
21 |
Roinn 2c - Luacháil |
Méid luachála |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
22 |
Roinn 2c - Luacháil |
Airgeadra luachála |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
23 |
Roinn 2c - Luacháil |
Stampa ama luachála |
N/B |
N/B |
24 |
Roinn 2c - Luacháil |
Modh luachála |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
25 |
Roinn 2c - Luacháil |
Deilte |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
26 |
Roinn 2d - Comhthaobhacht |
Táscaire punainne comhthaobhachta |
N/B |
N/B |
27 |
Roinn 2d - Comhthaobhacht |
Cód punainne comhthaobhachta |
N/B |
N/B |
28 |
Roinn 2e - Maolú riosca / Tuairisciú |
Stampa ama deimhnithe |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
29 |
Roinn 2e - Maolú riosca / Tuairisciú |
Deimhnithe |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
30 |
Roinn 2f - Imréiteach |
Oibleagáid imréitigh |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
31 |
Roinn 2f - Imréiteach |
Imréitithe |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
32 |
Roinn 2f - Imréiteach |
Stampa ama imréitigh |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
33 |
Roinn 2f - Imréiteach |
Contrapháirtí lárnach |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
34 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Cineál Máistir-Chomhaontaithe |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
35 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Cineál eile máistir-chomhaontaithe |
N/B |
N/B |
36 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Leagan an Mháistir-Chomhaontaithe |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
37 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Inghrúpa |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
38 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
PTRR |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
39 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Cineál teicníc PTRR |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
40 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Soláthraí seirbhíse PTRR |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
41 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Ionad an fhorghníomhaithe |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
42 |
Roinn 2c - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Stampa ama an fhorghníomhaithe |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
43 |
Roinn 2c - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta éifeachtach |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
44 |
Roinn 2c - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta éaga |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
45 |
Roinn 2c - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta foirceanta luaith |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
46 |
Roinn 2c - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta socraíochta deiridh an chonartha |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
47 |
Roinn 2c - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Cineál seachadta |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
48 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Praghas |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
49 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Airgeadra an phraghais |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
50 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta éifeachtach neamhchoigeartaithe an phraghais |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
51 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta deiridh neamhchoigeartaithe an phraghais |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
52 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Tá an praghas i bhfeidhm idir an dáta éifeachtach neamhchoigeartaithe agus an dáta deiridh |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
53 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Praghas idirbhirt an phacáiste |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
54 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Airgeadra phraghas idirbhirt an phacáiste |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
55 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Méid barúlach mhalairt 1 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
56 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Airgeadra barúlach 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
57 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta éifeachtach mhéid barúlach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
58 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta deiridh mhéid barúlach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
59 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
An méid barúlach atá i bhfeidhm an dáta éifeachtach a bhaineann le malairt 1 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
60 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Cainníocht bharúlach iomlán mhalairt 1 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
61 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta éifeachtach chainníocht bharúlach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
62 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta deiridh chainníocht bharúlach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
63 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
An chainníocht bharúlach atá i bhfeidhm an dáta éifeachtach a bhaineann le malairt 1 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
64 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Méid barúlach mhalairt 2 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
65 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Airgeadra barúlach 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
66 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta éifeachtach mhéid barúlach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
67 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta deiridh mhéid barúlach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
68 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
An méid barúlach atá i bhfeidhm an dáta éifeachtach a bhaineann le malairt 2 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
69 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Cainníocht bharúlach iomlán mhalairt 2 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
70 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta éifeachtach chainníocht bharúlach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
71 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta deiridh chainníocht bharúlach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
72 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
An chainníocht bharúlach atá i bhfeidhm an dáta éifeachtach a bhaineann le malairt 2 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
73 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Cineál eile íocaíochta |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
74 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Méid eile íocaíochta |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
75 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Airgeadra eile íocaíochta |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
76 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Dáta eile íocaíochta |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
77 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Íocóir eile íocaíochta |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
78 |
Roinn 2g - Mionsonraí maidir leis an idirbheart |
Glacadóir eile íocaíochta |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
79 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Ráta seasta mhalairt 1 nó cúpón |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
80 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Nósmhaireacht áirimh lae ráta seasta nó cúpóin mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
81 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse minicíochta íocaíochta ráta seasta nó cúpóin mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
82 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Iolraitheoir thréimhse minicíochta íocaíochta ráta seasta nó cúpóin mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
83 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Aitheantóir ráta comhlúthach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
84 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Táscaire ráta comhlúthach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
85 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Ainm ráta comhlúthach mhalairt 1 |
N/B |
N/B |
86 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Nósmhaireacht áirimh lae ráta comhlúthach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
87 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse minicíochta íocaíochta ráta comhlúthach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
88 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Iolraitheoir thréimhse minicíochta íocaíochta ráta comhlúthach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
89 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse thagartha ráta comhlúthach mhalairt 1 – tréimhse ama |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
90 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse thagartha ráta comhlúthach mhalairt 1 – iolraitheoir |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
91 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse minicíochta athshocraithe ráta comhlúthach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
92 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Iolraitheoir minicíochta athshocraithe ráta comhlúthach mhalairt 1 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
93 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Raon difríochta mhalairt 1 |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
94 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Airgeadra raon difríochta mhalairt 1 |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
95 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Ráta seasta mhalairt 2 |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
96 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Nósmhaireacht áirimh lae ráta seasta mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
97 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse minicíochta íocaíochta ráta seasta mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
98 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Iolraitheoir thréimhse minicíochta íocaíochta ráta seasta mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
99 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Aitheantóir ráta comhlúthach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
100 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Táscaire ráta comhlúthach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
101 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Ainm ráta comhlúthach mhalairt 2 |
N/B |
N/B |
102 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Nósmhaireacht áirimh lae ráta comhlúthach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
103 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse minicíochta íocaíochta ráta comhlúthach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
104 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Iolraitheoir thréimhse minicíochta íocaíochta ráta comhlúthach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
105 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse thagartha ráta comhlúthach mhalairt 2 – tréimhse ama |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
106 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse thagartha ráta comhlúthach mhalairt 2 – iolraitheoir |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
107 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Tréimhse minicíochta athshocraithe ráta comhlúthach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
108 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Iolraitheoir minicíochta athshocraithe ráta comhlúthach mhalairt 2 |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
109 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Raon difríochta mhalairt 2 |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
110 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Airgeadra raon difríochta mhalairt 2 |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
111 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Raon difríochta idirbhirt pacáiste |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
112 |
Roinn 2h - Rátaí Úis |
Airgeadra raon difríochta idirbhirt an phacáiste |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
113 |
Roinn 2i – Malairt Eachtrach |
Ráta malairte 1 |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
114 |
Roinn 2i – Malairt Eachtrach |
Réamhchonradh malairte |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
115 |
Roinn 2i – Malairt Eachtrach |
Bonn rátaí malairte |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
116 |
Roinn 2j - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Ginearálta) |
Bonntáirge |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
117 |
Roinn 2j - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Ginearálta) |
Fotháirge |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
118 |
Roinn 2j - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Ginearálta) |
Fotháirge breise |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
119 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Pointe nó crios an tseachadta |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
120 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Pointe Idirnaisc |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
121 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Cineál luchtaithe |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
122 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Am tosaigh an eatraimh sheachadta |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
123 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Am críochnaithe an eatraimh sheachadta |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
124 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Dáta tosaithe an tseachadta |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
125 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Dáta críochnaithe an tseachadta |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
126 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Marthanacht |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
127 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Laethanta na seachtaine |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
128 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Acmhainneacht seachadta |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
129 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Aonad Cainníochta |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
130 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Praghas de réir na cainníochta in aghaidh an eatraimh sheachadta |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
131 |
Roinn 2k - Tráchtearraí agus liúntais astaíochtaí (Fuinneamh) |
Airgeadra chainníocht an eatraimh praghais/ama |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
132 |
Roinn 2l - Roghanna |
Cineál na rogha |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
133 |
Roinn 2l - Roghanna |
Stíl na rogha |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
134 |
Roinn 2l - Roghanna |
Praghas ceangail |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
135 |
Roinn 2l - Roghanna |
Dáta éifeachtach an phraghais ceangail |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
136 |
Roinn 2l - Roghanna |
Dáta deiridh an phraghais ceangail |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
137 |
Roinn 2l - Roghanna |
Praghas ceangail i bhfeidhm an dáta éifeachtach gaolmhar |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
138 |
Roinn 2l - Roghanna |
Airgeadra/péire airgeadra an phraghais ceangail |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
139 |
Roinn 2l - Roghanna |
Méid phréimh na rogha |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
140 |
Roinn 2l - Roghanna |
Airgeadra phréimh na rogha |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
141 |
Roinn 2l - Roghanna |
Dáta íocaíochta phréimh na rogha |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
142 |
Roinn 2i - Roghanna |
Dáta aibíochta phréimh na rogha forluití |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
143 |
Roinn 2m – Díorthaigh chreidmheasa |
Sinsearacht |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
144 |
Roinn 2m – Díorthaigh chreidmheasa |
Eintiteas tagartha |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
145 |
Roinn 2m – Díorthaigh chreidmheasa |
Sraith |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
146 |
Roinn 2m – Díorthaigh chreidmheasa |
Leagan |
Níl |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
147 |
Roinn 2m – Díorthaigh chreidmheasa |
Toisc innéacs |
Tá |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
148 |
Roinn 2m – Díorthaigh chreidmheasa |
Tráthchuid |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
149 |
Roinn 2m – Díorthaigh chreidmheasa |
Pointe astaithe innéacs Bhabhtáil Mainneachtana Creidmheasa (CDS) |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
150 |
Roinn 2m – Díorthaigh chreidmheasa |
Pointe dí-astaithe innéacs Bhabhtáil Díorthach Creidmheasa (CDS) |
Tá |
Dhá bhliain ó dháta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
151 |
Roinn 2n - Modhnuithe ar an díorthach |
Cineál gníomhaíochta |
N/B |
N/B |
152 |
Roinn 2n - Modhnuithe ar an díorthach |
Cineál teagmhais |
N/B |
N/B |
153 |
Roinn 2n - Modhnuithe ar an díorthach |
Dáta teagmhais |
N/B |
N/B |
154 |
Roinn 2n - Modhnuithe ar an díorthach |
Leibhéal |
Níl |
Dáta tosaigh na hoibleagáide tuairiscithe |
Tábla 3
Catagóirí réitigh |
Luachanna incheadaithe |
Ceanglas tuairiscithe le haghaidh an dá chontrapháirtí |
Tá/Níl |
Cineál tuairiscithe |
Aontaobhach/déthaobhach |
Péireáil |
Péireáilte/neamhphéireáilte |
Réiteach |
Réitithe/neamhréitithe |
Réiteach luachála |
Réitithe/neamhréitithe |
Athbheoite |
Tá/Níl |
Tuilleadh modhnuithe |
Tá/Níl |