27.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 249/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1650 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2022

lena leasaítear na caighdeáin cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 a mhéid a bhaineann leis na príomhinnéacsanna agus na malartáin aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1) agus go háirithe Airteagal 197(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 ón gCoimisiún (2) ar an mbonn gurb é ba cheart a bheith go príomha in innéacsanna cothromais, a mheasfar gur príomhinnéacsanna iad chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (agus dá bhrí sin, lena gcuirfear ar chumas na n-institiúidí na hinnéacsanna a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe a bhfuil na hinnéacsanna sin iontu), cothromais ar féidir a mheas go réasúnach go mbeidís inréadaithe nuair is gá d’institiúd iad a leachtú. Ceapadh go mbeadh amhlaidh nuair a bheadh comhlúthacht shaor de EUR 500 000 000 ar a laghad ag 90 % de chomhpháirteanna innéacs ar a laghad nó, in éagmais faisnéise faoi chomhlúthacht shaor, go mbeadh caipitliú margaidh de ar a laghad EUR 1 000 000 000 acu. Níl aon athrú ar an toimhde sin.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646, sonraítear freisin gur cheart an fhéidearthacht a bheith ag na hinstitiúidí na hionstraimí comhthaobhachta a aithint mar ionstraimí incháilithe, sin ionstraimí a áirítear sna príomhinnéacsanna nach gcomhlíonann na critéir thuasluaite, ach a bhfuil a gcomhpháirteanna trádáilte go leordhóthanach, agus breithnítear critéir nua maidir leis na hinnéacsanna sin a shainaithint ann. Mar sin féin, is léir ón taithí go bhfuil sé deacair na critéir sin a chur i bhfeidhm i gcoinne príomhinnéacs arna bhunú i dtríú tír, ar critéir iad atá sainithe maidir leis an margadh ina bhfuil innéacs bunaithe, mar teastaíonn sonraí a bhailiú le haghaidh na scaireanna uile a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar an margadh sin. Leis an deacracht sin, ní rabhthas in ann cuspóir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhaint amach go cuí chun íostairseach leachtach na gcomhpháirteanna innéacs a áirithiú. Dá bhrí sin, is gá critéir nua a leagan síos lena dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh a sainaithníodh. Leis na critéir nua sin ba cheart leordhóthanacht na n-ionstraimí mar chomhthaobhacht incháilithe a áirithiú agus dá bhrí sin, ba cheart íostairseach leachtach leordhóthanach ón margadh ina bhfuil an t-innéacs bunaithe a áirithiú, i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll a bhaineann le táscairí leachtachta margaidh caighdeánacha. Leis an gcéad choinníoll, ba cheart a éilliú go mbeadh comhlúthacht shaor de EUR 25 000 000 ar a laghad ag 80 % de chomhpháirteanna innéacs nó, in éagmais faisnéise faoi chomhlúthacht shaor, go mbeadh caipitliú margaidh de EUR 50 000 000 ar a laghad acu. Leis an dara coinníoll, ba cheart a cheangal go mbeadh meánláimhdeachas laethúil íosta de EUR 500 000 ag gach comhpháirt an innéacs ag a bhfuil caipitliú margaidh níos lú ná EUR 10 000 000 000 nó cothrom leis sin agus go mbeadh meánláimhdeachas laethúil íosta de EUR 1 000 000 ag gach comhpháirt an innéacs a bhfuil caipitliú margaidh níos mó ná EUR 10 000 000 000 acu. Ba cheart an meánláimhdeachas laethúil a ríomh thar 12 mhí den bhliain féilire roimh an measúnú, nó i gcás inarb infheidhme, thar thréimhse 12 mhí den bhliain féilire roimhe le linn na tréimhse ina raibh an t-ionstraim airgeadais ar fáil lena trádáil.

(3)

Le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh an sainmhíniú ar “mhalartán aitheanta” le déanaí, a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (72) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is é a bhí sa leasú sin na focail “nó margadh tríú tír a mheastar a bheith comhionann le margadh rialáilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle” a chur le pointe (a) den phointe (72) sin. De bharr an leasaithe sin, níl “malartáin aitheanta” teoranta do “mhargaí rialáilte” amháin a thuilleadh. Ba cheart an leasú sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 trí na malartáin sin ar ghlac an Coimisiún cinneadh coibhéise ina leith de bhun Airteagal 25(4), pointe (a), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áireamh sa Rialachán sin (4).

(4)

Tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, scoir na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 1 Feabhra 2020 agus is tríú tír anois í an Ríocht Aontaithe. Faoi láthair, níor ghlac an Coimisiún cinneadh coibhéise i gcomhréir le hAirteagal 25(4), pointe (a), de Threoir 2014/65/AE i leith na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, is gá na malartáin sin arna mbunú sa Ríocht Aontaithe a eisiamh ó liosta na malartuithe aitheanta.

(5)

Tharla athruithe áirithe i struchtúr an mhargaidh ó theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646, go háirithe a mhéid a bhaineann le teacht chun cinn malartán nua, cumasc, athruithe ainmneacha nó scor na ngníomhaíochtaí. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 a leasú dá réir.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA).

(8)

Tá comhairliúchán poiblí oscailte déanta ag ESMA maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 mar a leanas:

(1)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646.

(2)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na príomhinnéacsanna agus na malartáin aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 245, 14.9.2016, lch. 5).

(3)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


IARSCRÍBHINN I

NA PRÍOMHINNÉACSANNA A SHONRAÍTEAR FAOI AIRTEAGAL 197 DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013

Tábla 1

Innéacsanna cothromais

Innéacs

Tír/Réigiún

Austrian Traded Index

an Ostair

BEL 20

an Bheilg

CETOP20

an Eoraip Láir

CNX 100

an India

CSI 300 Index

an tSín

EGX 30

an Éigipt

FTSE 350

an Ríocht Aontaithe

FTSE All World Europe

an Eoraip

FTSE All-World Index

Domhanda

FTSE MIB

an Iodáil

FTSE Nasdaq Dubai UAE 20 Index

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

FTSE RAFI Emerging Index

Margaí éiritheacha

FTSE Straits Times Index

Singeapór

FTSE/JSE Capped Top 40

an Afraic Theas

FTSE/JSE Industrial 25

an Afraic Theas

Hang Seng Mainland 100 Index

Hong Cong

HDAX

an Ghearmáin

IBEX 35

an Spáinn

IBOVESPA

an Bhrasaíl

ISEQ 20

Éire

KOSPI 100

an Chóiré Theas

MSCI ACWI Index

Domhanda

MSCI EM 50

Margaí éiritheacha

NASDAQ-100

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Nikkei 300

an tSeapáin

NYSE ARCA China Index

an tSín

OBX

an Iorua

OMX Copenhagen 25

an Danmhairg

OMX Helsinki 25

an Fhionlainn

OMXS60

an tSualainn

Qatar Exchange General Index

Catar

S&P 500

Stáit Aontaithe Mheiriceá

S&P BSE 100

an India

S&P Latin America 40

Meiriceá Laidineach

S&P/ASX 100

an Astráil

S&P/BMV IPC

Meicsiceo

S&P/NZX 10

an Nua-Shéalainn

S&P/TSX 60

Ceanada

SBF 120

an Fhrainc

SET 50

an Téalainn

SMI Expanded

an Eilvéis

STOXX Asia/Pacific 600

Réigiún an Aigéin Chiúin den Áise

STOXX Europe 600

an Eoraip

TOPIX Mid 400

an tSeapáin

TSEC Taiwan 50

an Téaváin

WIG20

an Pholainn


IARSCRÍBHINN II

MALARTÁIN AITHEANTA A SHONRAÍTEAR FAOI AIRTEAGAL 197 DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013

Tábla 1

Malartáin aitheanta nach dtrádáiltear na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 orthu

Margadh rialáilte

MIC

AIAF – MERCADO DE RENTA FIJA

XDRF, SEND

ATHENS EXCHANGE SECURITIES MARKET

XATH

BADEN-WUERTTEMBERGISCHE WERTPAPIERBOERSE

STUC, STUA

BOERSE BERLIN

BERC, BERA, EQTB, EQTA

BOERSE DUESSELDORF

DUSC, DUSA

BOERSE MUENCHEN

MUNC, MUNA

BOLSA DE BARCELONA

XBAR, SBAR

BOLSA DE BILBAO

XBIL, SBIL

BOLSA DE MADRID

XMAD, MERF

BOLSA DE VALENCIA

XVAL

BONDSPOT SECURITIES MARKET

RPWC

BOURSE DE LUXEMBOURG

XLUX

BRATISLAVA STOCK EXCHANGE

XBRA

BUCHAREST STOCK EXCHANGE

XBSE

BUDAPEST STOCK EXCHANGE

XBUD

BULGARIAN STOCK EXCHANGE – SOFIA JSC

XBUL

CBOE EUROPE

CCXE

CME AMSTARDAM

BTAM

CYPRUS STOCK EXCHANGE

XCYS

ELECTRONIC BOND MARKET

MOTX

ELECTRONIC ETF AND ETC/ETN MARKET – ETFplus

ETFP

ELECTRONIC SECONDARY SECURITIES MARKET

HDAT

ELECTRONIC SHARE MARKET

MTAA

EURONEXT AMSTARDAM

XAMS

EURONEXT BRUSSELS

XBRU

EURONEXT DUBLIN

XMSM

EURONEXT EXPAND

XOAS

EURONEXT LISBON

XLIS

EURONEXT OSLO

XOSL

EURONEXT PARIS

XPAR

FRANKFURTER WERTPAPIERBOERSE (REGULIERTER MARKT)

FRAA, XETA

HANSEATISCHE WERTPAPIERBOERSE HAMBURG (REGULIERTER MARKT)

HAMA, HAMM

LJUBLJANA STOCK EXCHANGE OFFICIAL MARKET

XLJU

MALTA STOCK EXCHANGE

XMAL, IFSM

MARKET FOR INVESTMENT VEHICLES (MIV)

MIVX

MTS GOVERNMENT MARKET

MTSC

NASDAQ COPENHAGEN

XCSE

NASDAQ HELSINKI

XHEL

NASDAQ ICELAND

XICE

NASDAQ RIGA

XRIS

NASDAQ STOCKHOLM

XSTO

NASDAQ TALLINN

XTAL

NASDAQ VILNIAS

XLIT

NIEDERSAECHSISCHE BOERSE ZU HANNOVER (REGULIERTER MARKT)

HANA

NORDIC GROWTH MARKET NGM

XNGM

NXCHANGE

XNXC

PRAGUE STOCK EXCHANGE

XPRA

RM-SYSTEM CZECH STOCK EXCHANGE

XRMZ

TRADEGATE EXCHANGE (REGULIERTER MARKT)

XGRM

VIENNA STOCKEXCHANGE OFFICIAL MARKET (AMTLICHER HANDEL)

WBAH

WARSAW STOCK EXCHANGE

XWAR, WBON, WETP

ZAGREB STOCK EXCHANGE

XZAG

ASX LIMITED

XASX

CHI-X AUSTRALIA PTY LTD

CHIA

THE STOCK EXCHANGE OF HONG KONG LIMITED (SEHK)

SHKG

BOX OPTIONS EXCHANGE LLC

XBOX

CBOE BYX EXCHANGE, INC. (FORMERLY BATS BYX EXCHANGE, INC.; BATS Y-EXCHANGE, INC.)

BATY

CBOE BZX EXCHANGE, INC. (FORMERLY BATS BZX EXCHANGE, INC.; BATS EXCHANGE, INC.)

BATS

CBOE C2 EXCHANGE, INC.

C2OX

CBOE EDGA EXCHANGE, INC. (FORMERLY BATS EDGA EXCHANGE, INC.; EDGA EXCHANGE, INC.)

EDGA

CBOE EDGX EXCHANGE, INC. (FORMERLY BATS EDGX EXCHANGE, INC.; EDGX EXCHANGE, INC.)

EDGX

CBOE EXCHANGE, INC.

CBSX

CHICAGO STOCK EXCHANGE, INC.

XCHI

THE INVESTORS EXCHANGE LLC

IEXG

MIAMI INTERNATIONAL SECURITIES EXCHANGE

XMIO

MIAX PEARL, LLC

MPRL

NASDAQ BX, INC. (FORMERLY NASDAQ OMX BX, INC.; BOSTON STOCK EXCHANGE)

BOSD

NASDAQ GEMX, LLC (FORMERLY ISE GEMINI)

GMNI

NASDAQ ISE, LLC (FORMERLY INTERNATIONAL SECURITIES EXCHANGE, LLC)

XISX

NASDAQ MRX, LLC (FORMERLY ISE MERCURY)

MCRY

NASDAQ PHLX LLC (FORMERLY NASDAQ OMX PHLX, LLC; PHILADELPHIA STOCK EXCHANGE)

XPHL

THE NASDAQ STOCK MARKET

XNAS

NEW YORK STOCK EXCHANGE LLC

XNYS

NYSE ARCA, INC.

ARCX

AQUA SECURITIES L.P.

AQUA

ATS-1

MSTX

ATS-4

MSPL

ATS-6

MSRP

BARCLAYS ATS

BARX

BARCLAYS DIRECTEX

BCDX

BIDS TRADING, L.P.

BIDS

CIOI

CIOI

CITIBLOC

CBLC

CITICROSS

CICX

CODA MARKETS, INC

CODA

CREDIT SUISSE SECURITIES (USA) LLC

CAES

DEUTSCHE BANK SECURITIES, INC

DBSX

EBX LLC

LEVL

INSTINCT X

BAML

INSTINET CONTINUOUS BLOCK CROSSING SYSTEM (CBX)

ICBX

INSTINET, LLC (INSTINET CROSSING, INSTINET BLX)

XINS

INSTINET, LLC (BLOCKCROSS)

BLKX

JPB-X

JPBX

J.P. MORGAN ATS (“JPM-X”)

JPMX

JSVC LLC

 (*)

LIQUIDNET H2O ATS

LIUH

LIQUIDNET NEGOTIATION ATS

LIUS

LUMINEX TRADING & ANALYTICS LLC

LMNX

NATIONAL FINANCIAL SERVICES, LLC

NFSC

POSIT

ITGI

SIGMA X2

SGMT

SPOT QUOTE LLC

 (*)

SPREAD ZERO LLC

 (*)

UBS ATS

UBSS

USTOCKTRADE

 (*)

VIRTU MATCHIT

VFMI

XE

PJCX


Tábla 2

Malartáin aitheanta ar a dtrádáiltear na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Margadh rialáilte

MIC

ATHENS EXCHANGE DERIVATIVES MARKET

XADE

BUDAPEST STOCK EXCHANGE

XBUD

CBOE DERIVATIVES

CDEX

EUREX DEUTSCHLAND

XEUR

EURONEXT BRUSSELS DERIVATIVES

XBRD

EURONEXT COM\, COMMODITIES FUTURES AND OPTIONS

XEUC

EURONEXT EQF\, EQUITIES AND INDICES DERIVATIVES

XEUE

EUROPEAN ENERGY EXCHANGE

XEEE, XEER

FISH POOL

FISH

HENEX FINANCIAL ENERGY MARKET - DERIVATIVES MARKET

HEDE

HUDEX ENERGY EXCHANGE

HUDX

ICE ENDEX MARKETS

NDEX

ITALIAN DERIVATIVES MARKET

XDMI

MATIF

XMAT

MEFF EXCHANGE

XMRV, XMPW, XMFX

MERCADO DE FUTUROS E OPCOES

MFOX

MONEP

XMON

NASDAQ OSLO

NORX

NASDAQ STOCKHOLM

XSTO

NOREXECO

NEXO

OMIP – POLO PORTUGUES

OMIP

OSLO BØRS

XOSL

WARSAW STOCK EXCHANGE/COMMODITIES/POLISH POWER EXCHANGE/COMMODITY DERIVATIVES

PLPD

WARSAW STOCK EXCHANGE/FINANCIAL DERIVATIVES

WDER


(*)  Níl cód MIC an mhargaidh rialáilte seo le fáil in ISO 10383 – Liosta de na cóid aitheantais malartán agus margaí