21.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1622 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Bealtaine 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le margaí éiritheacha agus geilleagair shárfhorbartha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325ap(3), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis na ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach in Airteagal 325c go hAirteagal 325ay de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear, chun an ceanglas cístí dílse a ríomh de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach in Airteagal 325d go hAirteagal 325k, cur i bhfeidhm na n-ualuithe priacail le haghaidh priacal margaidh a shonraítear i dTábla 8 d’Airteagal 325ap den Rialachán sin de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a. Maidir le margaí ar geilleagair shárfhorbartha agus margaí éiritheacha iad, ós rud é gur catagóirí comheisiatacha iad, ba cheart a shoiléiriú gur cheart na margaí uile nach geilleagair shárfhorbartha iad a mheas mar mhargaí éiritheacha.

(2)

Agus cinneadh á dhéanamh faoi cé acu margaí ar geilleagair shárfhorbartha iad agus cé acu margaí ar margaí éiritheacha iad, is gá, ar thaobh amháin, cothrom iomaíochta a áirithiú agus, ar an taobh eile, cur chuige priacalbhunaithe a bhunú. I ndáil leis sin, meastar gurb é an réiteach is iomchuí an liosta tíortha ar geilleagair shárfhorbartha iad a shonrú i bhfianaise an chuir chuige a lean Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) agus i bhfianaise an ghá cur chun feidhme comhchoiteann a bhaint amach maidir le modheolaíocht ríofa na gceanglas gaolmhar priacail margaidh sna Ballstáit uile. Cé gur cheart caighdeáin idirnáisiúnta CBMB a chur san áireamh, ba cheart a shonrú gur geilleagair shárfhorbartha seachas geilleagair margaí éiritheacha iad margaí na mBallstát nach bhfuil chomh luaineach céanna leis na margaí a shainaithnítear mar gheilleagair shárfhorbartha i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta sin. Thairis sin, le geilleagair shárfhorbartha agus geilleagair margaí éiritheacha a chinneadh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar mhargadh inmheánach a bhunú san Aontas, ar láithreacht an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, agus ar na sainiúlachtaí a bhaineann le tíortha agus críocha thar lear de chuid roinnt Ballstát.

(3)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(4)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na sochair a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Geilleagair shárfhorbartha agus margaí éiritheacha

1.   Chun ualuithe priacail a shonrú le haghaidh na n-íogaireachtaí ar fhachtóirí priacal maidir le rátaí cothromais agus rátaí athcheannaigh cothromais i gcomhréir le hAirteagal 325ap de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na tíortha seo a leanas ina ngeilleagair shárfhorbartha:

(a)

Ballstáit an Aontais Eorpaigh;

(b)

na tíortha agus na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu leis an Danmhairg, leis an bhFrainc nó leis an Ísiltír, lena n-áirítear Oileáin Fharó agus na tíortha agus na críocha sin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(c)

na tríú tíortha seo a leanas:

(i)

tríú tíortha, ar páirtithe iad sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(ii)

an Astráil;

(iii)

Ceanada;

(iv)

Hong Cong;

(v)

an tSeapáin;

(vi)

Meicsiceo;

(vii)

an Nua-Shéalainn;

(viii)

Singeapór;

(ix)

an Eilvéis;

(x)

an Ríocht Aontaithe;

(xi)

na Stáit Aontaithe.

2.   Chun ualuithe priacail a shonrú le haghaidh na n-íogaireachtaí ar fhachtóirí priacal maidir le rátaí cothromais agus rátaí athcheannaigh cothromais faoi Airteagal 325ap de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na tíortha nach liostaítear i mír 1 den Airteagal seo ina margaí éiritheacha.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).