6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 231/22


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1464 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11, pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó eintitis a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha agus le toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil.

(2)

An 30 Lúnasa 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine nádúrtha amháin a bhaint den liosta daoine agus eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag an reo sócmhainní maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 169, 8.7.2003, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, scriostar an iontráil seo a leanas:

“74.

An Dochtúir Sahir Berhan (ailias (a) An Dochtúir Sahir Barhan, (b) Saher Burhan Al-Deen, (c) Sahir Burhan). Dáta breithe: 1967. Seoladh: (a) Bagdad, an Iaráic, (b) Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Náisiúntacht: Iarácach”