26.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 221/66


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1428 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Lúnasa 2022

lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar shubstaintí sárfhluarailcile in earraí bia áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 34(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) leagtar amach uasleibhéil le haghaidh substaintí sárfhluarailcile (PFASanna) in earraí bia áirithe agus i Moladh (AE) 2022/1431 ón gCoimisiún (3) liostaítear leibhéil tháscacha ar tharstu a mholann an Coimisiún do na Ballstáit imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna le héilliú earraí bia le PFASanna nuair atá ardtiúchaintí PFASanna iontu. Chun iontaofacht agus comhsheasmhacht na rialuithe oifigiúla maidir leis na huasleibhéil le haghaidh PFASanna i mbianna áirithe a áirithiú, ba cheart ceanglais mhionsonraithe a shocrú i leith na modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála agus le haghaidh anailísí saotharlainne.

(2)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe agus ag na giorrúcháin a leagtar amach san Airteagal seo.

(1)

ciallaíonn “luchtóg” cainníocht inaitheanta bia a sholáthraítear ag aon am amháin agus a gcinneann an t-údarás inniúil go bhfuil saintréithe coiteanna aici, amhail tionscnamh, cineál, speiceas, limistéar gabhála, cineál pacála, pacálaí, coinsíneoir nó marcanna;

(2)

ciallaíonn “fo-luchtóg” cuid de luchtóg mhór atá scartha go fisiceach agus atá inaitheanta, agus a ainmnítear chun an modh samplála a chur i bhfeidhm;

(3)

ciallaíonn “sampla incriminteach” cainníocht ábhair a thógtar ó áit amháin sa luchtóg nó san fho-luchtóg;

(4)

ciallaíonn “sampla comhiomlán” iomlán comhcheangailte na samplaí incriminteacha uile a thógtar ón luchtóg nó ón bhfo-luchtóg;

(5)

ciallaíonn “sampla saotharlainne” cuid ionadaíoch nó cainníocht ionadaíoch den sampla comhiomlán atá beartaithe don tsaotharlann;

(6)

ciallaíonn “méid nó meáchan inchomparáide” difríocht sa mhéid nó sa mheáchan nach mó ná 50 %;

(7)

ciallaíonn “beachtas” a ghaire dá chéile atá torthaí tástála neamhspleácha a fhaightear faoi dhálaí sonraithe. Sloinntear beachtas mar dhiall caighdeánach nó comhéifeacht athrúcháin thorthaí na tástála;

(8)

ciallaíonn “in-atáirgtheacht sa tsaotharlann nó beachtas idirmheánach (RSDR)” beachtas faoi thacar dálaí sa tsaotharlann i saotharlann shonrach;

(9)

ciallaíonn “teorainn chainníochtaithe (‘LOQ’)” an cion is ísle den anailít is féidir a thomhas le cinnteacht réasúnta staitistiúil, i.e. an tiúchan nó mais is ísle den anailít a bailíochtaíodh le cruinneas inghlactha tríd an modh anailíse iomlán agus na critéir shainaitheantais a chur i bhfeidhm;

(10)

ciallaíonn “neamhchinnteacht tomhais chaighdeánach chomhcheangailte (‘u’)” paraiméadar neamhdhiúltach atá bainteach le toradh an tomhais, agus a léiríonn inathraitheacht na luachanna a d’fhéadfaí a shannadh go réasúnach don tomhasán ar bhonn na faisnéise a úsáidtear. Faightear é trí úsáid a bhaint as na neamhchinnteachtaí caighdeánacha tomhais aonair a bhaineann leis na cainníochtaí ionchuir i samhail tomhais;

(11)

ciallaíonn “neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe (‘U’)” an luach a fhaightear trí úsáid a bhaint as fachtóir cuimsiúcháin 2 lena dtugtar leibhéal muiníne tuairim is 95 % (U = 2u);

(12)

ciallaíonn “fíre” a ghaire dá chéile atá an meánluach a fhaightear ó shraith mhór torthaí tástála agus luach tagartha a bhfuil glacadh leis. Is féidir an luach sin a mheas trí anailís rialta a dhéanamh ar ábhair thagartha dheimhnithe, trí thurgnaimh spíceála nó trí pháirt a ghlacadh i staidéir idirshaotharlainne agus sloinntear é mar laofacht dhealraitheach.

Airteagal 2

An t-ullmhúchán samplaí agus na hanailísí samplaí chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar leibhéil PFASanna in earraí bia ar bunaíodh uasleibhéil ina leith le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, déanfar iad sin i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1431 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2022 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar shubstaintí sárfhluarailcile in earraí bia áirithe (Féach leathanach 105 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN

CUID A

MODHANNA SAMPLÁLA

A.1.   FORÁLACHA GINEARÁLTA

A.1.1.   An t-ábhar atá le sampláil

Déanfar gach luchtóg nó fo-luchtóg atá le scrúdú a shampláil ar leithligh.

A.1.2.   Samplaí incriminteacha

A mhéid is féidir, tógfar samplaí incriminteacha in áiteanna éagsúla scaipthe ar fud na luchtóige nó na fo-luchtóige. Is sa taifead dá bhforáiltear faoi phointe A.1.6 a dhéanfar taifeadadh má chuirtear an nós imeachta sin i leataobh.

A.1.3.   Ullmhú an tsampla chomhiomláin

Déanfar an sampla comhiomlán trí na samplaí incriminteacha a chur le chéile. Beidh 1 chileagram nó 1 lítear ar a laghad ann ach amháin mura bhfuil sé sin praiticiúil, e.g. nuair a rinneadh sampláil ar phacáiste aonair nó nuair atá luach tráchtála an-ard ag an táirge.

A.1.4.   Samplaí macasamhlaithe

I gcás ina dtógtar samplaí macasamhlaithe chun críoch forfheidhmithe, cosanta agus tagartha, tógfar na samplaí macasamhlaithe sin ón sampla comhiomlán homaiginithe, mura bhfuil an nós imeachta sin ag teacht salach ar rialacha Ballstáit maidir le cearta an oibreora gnó bia.

A.1.5.   Réamhchúraimí

Le linn na samplála agus ullmhú na samplaí, déanfar réamhchúraimí chun aon athrú a sheachaint a dhéanfadh difear do chion na PFASanna, nó a dhéanfadh dochar don chinneadh anailíseach nó a dhéanfadh na samplaí comhiomlána neamhionadaíoch.

Déanfaidh an duine atá freagrach as an tsampláil na réamhchúraimí seo a leanas:

(a)

ná caith éadaí ná lámhainní ina bhfuil líneálacha fluarapholaiméire nó a chóireáiltear le PFASanna chun feabhas a chur ar a n-éarthacht i gcoinne uisce agus smál;

(b)

ná húsáid maothóirí, cosmaidí, uachtar láimhe, griansciatha ná táirgí gaolmhara ina bhfuil PFASanna lá na samplála.

Beidh na hábhair a úsáidfear le linn samplála, le linn stóráil samplaí agus le linn tarchur samplaí saor ó PFASanna. Ní thiocfaidh an sampla i dteagmháil le haon ábhar amhail cláir gearrtha, coimeádáin samplála agus líneálacha caipíní coimeádán samplála atá déanta as polaiteitreafluaireitiléin (PTFE nó Teflon), fluairíd pholaivinilídéine (PVDF) nó fluarapholaiméirí eile. Seachnófar teagmháil le hábhair eile a bhfuil PFASanna iontu.

A.1.6.   Séalú agus lipéadú samplaí

Séalófar gach sampla ag an áit samplála agus sainaithneofar é i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.

Coinneofar taifead ar gach sampláil, taifead lenar féidir gach luchtóg a shainaithint go neamhdhébhríoch agus lena dtabharfar dáta agus ionad na samplála mar aon le haon fhaisnéis bhreise ar dócha go gcuideoidh sí chun an toradh a léirmhíniú.

A.1.7.   Pacáistiú agus tarchur samplaí

Cuirfear gach sampla i gcoimeádán atá glan, támh, déanta as polapróipiléin, as poileitiléin nó as ábhar eile atá saor ó PFAS, agus atá oiriúnach chun sláine an tsampla a chaomhnú agus chun cosaint leordhóthanach a thabhairt ar éilliú, ar chailliúint anailítí trí asú ar bhalla inmheánach an choimeádáin agus ar dhamáiste faoi bhealach. Ní cheadaítear coimeádáin ghloine a úsáid. Déanfar gach réamhchúram is gá chun go seachnófar aon athrú ar chomhdhéanamh an tsampla a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn iompair nó stórála.

A.2.   PLEANANNA SAMPLÁLA

A.2.1.   Roinnt na luchtóg ina bhfo-luchtóga

Roinnfear luchtóga móra ina bhfo-luchtóga ar choinníoll gur féidir an fho-luchtóg a scaradh go fisiciúil. Maidir le táirgí a thrádáiltear i mbulc-choinsíneachtaí móra (e.g. olaí glasraí), beidh feidhm ag Tábla 1. Maidir le táirgí eile, beidh feidhm ag Tábla 2. Agus é á chur san áireamh nach iolraí cothrom mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige dul 20 % ar a mhéad thar an meáchan a luaitear.

Tábla 1

Foroinnt na luchtóg ina bhfo-luchtóga i gcás táirgí a thrádáiltear ina mbulc-choinsíneachtaí

Meáchan na luchtóige (ina thonaí)

Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg

≥ 1 500

500 tona

> 300 agus < 1 500

3 fho-luchtóg

≥ 100 agus ≤ 300

100 tona

< 100


Tábla 2

Foroinnt na luchtóg ina bhfo-luchtóga i gcás táirgí nach dtrádáiltear ina mbulc-choinsíneachtaí

Meáchan na luchtóige (ina thonaí)

Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg

≥ 15

15 -30 tona

< 15

A.2.2.   An líon samplaí incriminteacha

Beidh an t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg nó ón bhfo-luchtóg mar a thugtar é i dTáblaí 3 agus 4.

I gcás bulc-tháirgí leachtacha, meascfar an luchtóg nó an fho-luchtóg go han-mhaith a oiread agus is féidir, agus a mhéid nach mbeidh tionchar ag an meascadh ar cháilíocht an táirge, de láimh nó trí mheán meicniúil, díreach roimh an tsampláil. Sa chás sin, glacfar leis go bhfuil dáileadh aonchineálach éilleán i luchtóg nó i bhfo-luchtóg áirithe. Sa chás sin, trí cinn de shamplaí a bheidh sa líon samplaí incriminteacha ó luchtóg nó ó fho-luchtóg chun an sampla comhiomlán a dhéanamh.

I gcás inar pacáistí aonair nó aonaid aonair atá sa luchtóg nó san fho-luchtóg, beidh an líon pacáiste nó aonad (samplaí incriminteacha) atá le tógáil chun an sampla comhiomlán a dhéanamh i gcomhréir le Tábla 4.

Beidh na samplaí incriminteacha thart ar an meáchan/an toirt chéanna. Beidh meáchan/toirt 100 gram nó 100 millilítear ar a laghad i sampla incriminteach, agus dá bhrí sin is thart ar 1 chileagram nó 1 lítear ar a laghad a bheidh sa sampla comhiomlán. I gcás nach féidir sin a dhéanamh, beidh feidhm ag forálacha A.2.6.

Tábla 3

An líon íosta samplaí incriminteacha atá le tógáil ó luchtóg nó ó fho-luchtóg bia, i gcás nach pacáistí aonair nó aonaid aonair bia atá sa luchtóg

Meáchan nó toirt na luchtóige/fo-luchtóige (ina chileagraim nó ina lítir)

An t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil

< 50

3

≥ 50 agus ≤ 500

5

> 500

10


Tábla 4

An líon pacáistí nó aonad (samplaí incriminteacha) atá le tógáil chun an sampla comhiomlán a dhéanamh i gcás inar pacáistí aonair nó aonaid aonair bia atá sa luchtóg nó san fho-luchtóg

An líon pacáistí nó aonad sa luchtóg/san fho-luchtóg

An líon pacáistí nó aonad atá le tógáil

≤ 25

pacáiste nó aonad amháin ar a laghad

26 -100

tuairim is 5 %, 2 phacáiste nó 2 aonad ar a laghad

> 100

tuairim is 5 %, 10 bpacáiste nó 10 n-aonad ar a mhéad

A.2.3.   Forálacha sonracha maidir le sampláil luchtóg ina bhfuil éisc iomlána atá ar méid nó ar meáchan inchomparáide

Leagtar amach an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg i dTábla 3. An sampla comhiomlán lena dtugtar le chéile na samplaí incriminteacha uile, beidh 1 chileagram amháin ar a laghad ann (féach pointe A.1.3).

I gcás ina bhfuil éisc bheaga (éisc aonair ar meáchan < 1 chileagram) sa luchtóg atá le sampláil, tógtar an t-iasc iomlán mar shampla incriminteach chun an sampla comhiomlán a dhéanamh. I gcás ina bhfuil meáchan níos mó ná 3 chileagram sa sampla comhiomlán atá ann mar thoradh air sin, is éard a d’fhéadfadh a bheith sna samplaí incriminteacha na codanna láir de na héisc, ina bhfuil meáchan 100 gram ar a laghad i ngach ceann acu, chun an sampla comhiomlán a dhéanamh. An chuid iomlán a bhfuil an t-uasleibhéal infheidhme ina leith, úsáidtear í chun an sampla a homaiginiú.

Is éard atá sa chuid lár den iasc an áit a bhfuil an meáchanlár. I bhformhór na gcásanna, bíonn sé sin ann ag eite an droma (i gcás ina bhfuil eite droma ag an iasc) nó leath bhealaigh idir oscailt na ngeolbhach agus an t-anas.

I gcás ina bhfuil éisc níos mó sa luchtóg atá le sampláil (éisc aonair ar meáchan ≥ 1 chileagram), is éard atá sa sampla incriminteach an chuid láir den iasc. Bíonn meáchan 100 gram ar a laghad i ngach sampla incriminteach. Maidir le héisc ar meánmhéid (≥ 1 chileagram agus < 6 chileagram) is éard a bhíonn sa sampla incriminteach a thógtar slis den iasc ón gcnámh droma go dtí an bolg sa chuid láir den iasc.

Maidir le héisc atá an-mhór (≥ 6 chileagram), tógtar an sampla incriminteach ón bhfeoil matáin dhroimthaobhach ón taobh deas (amharc tosaigh) sa chuid láir den iasc. I gcás ina mbeadh damáiste eacnamaíoch suntasach ann mar thoradh ar phíosa den sórt sin a thógáil ó chuid láir an éisc, féadfar trí shampla incriminteacha a bhfuil 350 gram ar a laghad i ngach ceann acu a mheas a bheith leordhóthanach, gan beann ar mhéid na luchtóige nó de rogha air sin, féadfar trí shampla incriminteacha a bhfuil 350 gram ar a laghad i ngach ceann acu arb éard atá iontu páirteanna comhionanna (175 gram) ón bhfeoil matáin atá gar don eireaball agus ón bhfeoil matáin atá gar do cheann gach éisc a mheas a bheith leordhóthanach gan beann ar mhéid na luchtóige.

A.2.4.   Forálacha sonracha maidir le luchtóga iasc a shampláil ar luchtóga iad ina bhfuil éisc iomlána atá ar méideanna agus/nó ar meáchain éagsúla

Beidh feidhm ag forálacha phointe A.2.3.

I gcás ina bhfuil aicme/catagóir méide nó meáchain amháin níos líonmhaire sa luchtóg (tuairim agus 80 % nó níos mó den luchtóg), tógtar an sampla ó éisc atá ar an méid nó ar an meáchan is líonmhaire. Measfar go bhfuil sampla sin ionadaíoch don luchtóg uile.

I gcás nach mbaineann formhór na luchtóige le haon aicme/catagóir méide ná meáchain amháin, ansin áiritheofar go bhfuil na héisc a roghnaítear le haghaidh an tsampla ionadaíoch don luchtóg. Tá treoraíocht shonrach maidir le cásanna den sórt sin le fáil sa doiciméad “Treoraíocht maidir le héisc iomlána ar méideanna agus/nó ar meáchain éagsúla a shampláil”  (1)

A.2.5.   Forálacha sonracha maidir le hainmhithe talún a shampláil

Maidir le feoil agus scairteach ainmhithe de chineál mucúil, buaibheach, caorach, gabhair agus eachaí, tógfar sampla 1 chileagram ó ainmhí amháin ar a laghad. I gcás nach féidir sampla 1 chileagram a thógáil ó ainmhí amháin ar a laghad, tógfar cainníochtaí sampla comhionanna ó níos mó ná ainmhí amháin chun cainníocht sampla 1 chileagram a fháil.

Maidir le héineoil, samplálfar cainníochtaí comhionanna ó thrí ainmhí ar a laghad chun sampla comhiomlán 1 chileagram a fháil. Maidir le scairteach éineola, samplálfar cainníochtaí comhionanna ó thrí ainmhí ar a laghad chun sampla comhiomlán 300 gram a fháil.

Maidir le feoil agus scairteach ainmhithe de chineál géim shaothraithe agus ainmhithe fiáine talún, tógfar sampla 300 gram ó ainmhí amháin ar a laghad. I gcás nach féidir sampla 300 gram a thógáil ó ainmhí amháin ar a laghad, tógfar cainníochtaí sampla comhionanna ó níos mó ná ainmhí amháin chun cainníocht shampla de 300 gram a fháil.

A.2.6.   Modhanna malartacha samplála

I gcás nach féidir an tsampláil a dhéanamh de réir an mhodha a leagtar amach i bpointe A.2 anseo de bharr na n-iarmhairtí tráchtála do-ghlactha (e.g. mar gheall ar an gcineál pacáistithe atá ann, damáiste don luchtóg) nó mura féidir í a chur i bhfeidhm, féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go mbeidh sé ionadaíoch a dhóthain ar an luchtóg shampláilte nó ar an bhfo-luchtóg shampláilte agus go ndéanfar doiciméadú iomlán air. Is sa taifead dá bhforáiltear i bpointe A.1.6 a dhéanfar é sin a thaifeadadh.

A.2.7.   Sampláil ag an gcéim mhiondíola

Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach i bpointe A.2. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh malartach samplála a úsáid ag an gcéim mhiondíola, ar choinníoll go n-áiritheofar leis ionadaíochas leordhóthanach i leith na luchtóige nó na fo-luchtóige sampláilte.

CUID B

ULLMHÚCHÁN AGUS ANAILÍS SAMPLAÍ

B.1.   Caighdeáin cháilíochta saotharlainne

Cloífear leis na prionsabail mar a thuairiscítear iad sa Treoirdhoiciméad EURL maidir le Paraiméadair Anailíseacha chun Substaintí Sárfhluarailcile agus Polafluarailcile i mBia agus i mBeatha a Chinneadh (2).

B.2.   Ullmhúchán samplaí

B.2.1.   Ceanglais ghinearálta

Is é an buncheanglas sampla saotharlainne ionadaíoch aonchineálach a fháil gan éilliú tánaisteach a dhéanamh air.

Déanfar an sampla comhiomlán iomlán a fhaigheann an tsaotharlann a mheilt go mín, i gcás inarb ábhartha, agus meascfar é go han-mhaith trí úsáid a bhaint as próiseas a léiríodh ina leith go mbaintear homaiginiú iomlán amach leis.

Maidir le táirgí seachas éisc, homaigineofar an t-ábhar sampla uile a fhaigheann an tsaotharlann, agus a bhfuil an t-uasleibhéal infheidhme ina leith, agus úsáidfear é chun an sampla saotharlainne a ullmhú.

Maidir le héisc, homaigineofar an t-ábhar sampla uile a fhaigheann an tsaotharlann, agus a bhfuil an t-uasleibhéal infheidhme ina leith. Ón sampla comhiomlán homaiginithe, úsáidfear cuid nó cainníocht ionadaíoch chun an sampla saotharlainne a ullmhú.

Bunófar comhlíontacht leis na huasleibhéil a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ar bhonn na leibhéal a chinntear sna samplaí saotharlainne.

B.2.2.   Nósanna imeachta sonracha maidir le hullmhú samplaí agus réamhchúraimí sonracha

Áiritheoidh an t-anailísí nach n-éilleofar samplaí le linn ullmhúchán samplaí trí na réamhchúraimí a tuairiscítear in A.1.5 a dhéanamh. Ina theannta sin, nuair is féidir, ní bheidh PFASanna sa ghaireas ná sa trealamh a thiocfaidh i dteagmháil leis an sampla agus cuirfear páirteanna atá déanta as e.g. cruach dhosmálta, poileitiléin ard-dlúis (HDPE) nó polapróipiléin ina n-ionad. Glanfar iad sin le huisce saor ó PFASanna nó le tuaslagóirí agus glantaigh atá saor ó PFASanna.

Déanfar imoibrithe agus trealamh eile a úsáidtear le haghaidh anailíse agus samplála a rialú chun a sheachaint go dtabharfar isteach PFASanna ná go gcaillfear PFASanna a d’fhéadfadh a bheith ann.

Déanfar bánchinneadh ar an imoibrí tríd an nós imeachta anailíse iomlán a dhéanamh ar an mbealach céanna leis an sampla tástála. Agus bánáin imoibrithe á n-ullmhú, is féidir uisce a úsáid in ionad na maitríse. Déanfar faireachán ar na leibhéil sna bánáin imoibrithe i ngach sraith samplaí.

B.3.   Modhanna anailíse: riachtanais shonracha feidhmíochta

Féadfaidh saotharlanna aon mhodh anailíse atá bailíochtaithe a roghnú le haghaidh gach maitríse ar choinníoll go gcomhlíonann an modh roghnaithe na critéir feidhmíochta shonracha a leagtar amach i dTábla 5.

Úsáidfear modhanna atá bailíochtaithe go hiomlán (i.e. modhanna a bailíochtaíodh le triail chomhoibríoch le haghaidh gach maitríse) nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, modhanna bailíochtaithe eile (e.g. modhanna a bailíochtaíodh go hinmheánach le haghaidh gach maitríse), ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir feidhmíochta a leagtar amach i dTábla 5.

I gcás inar féidir, áireofar le bailíochtú modhanna a bhailíochtar go hinmheánach úsáid ábhair thagartha dheimhnithe agus/nó rannpháirtíocht i staidéir idirshaotharlainne.

Tábla 5

Paraiméadar

Critéar

Infheidhmeacht

Bianna a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006

Roghnaíocht

Léireoidh modhanna anailíse an cumas atá ann na hanailítí ar díol spéise iad a scaradh go hiontaofa agus go comhsheasmhach ó chomhdhúile eile a chomheastóctar leo ar comhdhúile iad a d’fhéadfadh a bheith trasnaíoch.

In-atáirgtheacht sa tsaotharlann (beachtas idirmheánach)(RSDR)

≤ 20 %

Fíre

-20 % go +20 %

LOQ

An LOQ le haghaidh PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS i ngach cás ≤ an t-uasleibhéal le haghaidh gach PFAS aonair. Is éard atá i gceist le comhlíonadh an cheanglais sin nach ndíorthófar aon LOQ le haghaidh tiúchaintí shuim PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS, tiúchan a ríomhtar trí thiúchain PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS, agus iad sin amháin, a shuimiú, ar tiúchaintí iad a rinneadh a chainníochtú ag a LOQ nó os a chionn i ngach cás.

CUID C

TUAIRISCIÚ AGUS LÉIRMHÍNIÚ TORTHAÍ

C.1.   TUAIRISCIÚ

C.1.1.   Torthaí a shloinneadh

Tuairisceofar na torthaí mar ainiain agus sloinnfear iad sna haonaid chéanna agus leis an líon céanna figiúirí suntasacha leis na huasleibhéil a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006. I gcás shuim PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS, ní chuirfear san áireamh ach na tiúchaintí ag an LOQ agus os a chionn chun an tsuim a ríomh.

C.1.2.   Neamhchinnteacht tomhais

Déanfar an toradh anailíseach a thuairisciú mar “x +/– U”, inarb é “x” an toradh anailíseach agus inarb é “U” an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe, agus úsáid á baint as fachtóir cuimsiúcháin 2 lena dtugtar leibhéal muiníne tuairim is 95 % (U = 2u).

Chun paraiméadair suime a thuairisciú agus chun comparáid fhéideartha a dhéanamh le teorainneacha dlíthiúla, déanfar meastachán ar an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe i leith na bparaiméadar suime sin freisin. I gcás PFASanna, is amhlaidh atá i gcás le suim PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS agus i leith PFOS iomláin, má ríomhtar í mar shuim PFOS líneach agus brainseach.

Sna cásanna sin, déantar an neamhchinnteacht tomhais chaighdeánach chomhcheangailte “u” den pharaiméadar suime a ríomh mar fhréamh chearnach shuim na gcearnóg i leith na neamhchinnteachtaí comhcheangailte aonair.

Tabharfaidh an anailísí dá aire an “Tuarascáil ar an ngaol idir torthaí anailíseacha, neamhchinnteacht tomhais, fachtóirí téarnaimh agus forálacha reachtaíocht an Aontais maidir le bia agus beatha”  (3).

C.2.   LÉIRMHÍNIÚ TORTHAÍ

C.2.1.   Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg

Glactar leis an luchtóg nó leis an bhfo-luchtóg mura sáraíonn toradh anailíseach an tsampla saotharlainne an t-uasleibhéal sonrach mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, agus an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe á cur san áireamh.

C.2.2.   Cuileáil luchtóige nó fo-luchtóige

Cuileáiltear luchtóg nó fo-luchtóg má sháraíonn toradh anailíseach an tsampla saotharlainne an t-uasleibhéal sonrach mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, agus an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe á cur san áireamh.

C.2.3.   Infheidhmeacht

Beidh feidhm ag na rialacha reatha maidir le léiriú torthaí i leith an toraidh anailísigh a fhaightear ar an sampla chun críoch forfheidhmithe. I gcás anailíse chun críoch cosanta nó tagartha, beidh feidhm ag na rialacha náisiúnta.


(1)  https://ec.europa.eu/food/system/files/2022-05/cs_contaminants_sampling_guid-samp-fishes.pdf

(2)  https://ec.europa.eu/food/system/files/2022-05/cs_contaminants_sampling_guid-doc-analyt-para_0.pdf

(3)  https://ec.europa.eu/food/system/files/2016-10/cs_contaminants_sampling_analysis-report_2004_en.pdf