23.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 218/27 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1421 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Lúnasa 2022
maidir le húdarú bláthola oráiste fhuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe as Citrus sinensis (L.) Osbeck mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i ndáil leis an údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin, déantar foráil maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
(2) |
Rinneadh bláthola oráiste fhuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe a údarú gan teorainn ama i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh na breiseáin sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirgí a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar bhláthola oráiste fhuarbhrúite, ar bhláthola oráiste dhriogtha agus ar olaí oráiste tiubhaithe as Citrus sinensis (L.) Osbeck le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí na breiseáin i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(5) |
D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí na breiseáin sin a údarú freisin lena n-úsáid in uisce óil. Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, áfach, ní cheadaítear comhdhúile blaistithe a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid na mbreiseán sin in uisce óil a cheadú. |
(6) |
Sa tuairim an 29 Meán Fómhair 2021 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) (3), is é an chonclúid ar ar thángthas nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag bláthola oráiste fhuarbhrúite, ag bláthola oráiste dhriogtha ná ag olaí oráiste tiubhaithe as Citrus sinensis (L.) Osbeck ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ní fhéadfaí teacht ar chonclúidí, áfach, maidir le madraí, le cait, le héisc ornáideacha ná le héin ornáideacha nach nochtar do sheachtháirgí citris de ghnáth. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin gur cheart a mheas gur greannaitheoirí don chraiceann agus do na súile bláthola oráiste fhuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe as Citrus sinensis (L.) Osbeck, agus gur íogróirí craicinn agus riospráide atá iontu. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí na mbreiseán. |
(7) |
Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go n-aithnítear go gcuireann bláthola oráiste fhuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe as Citrus sinensis (L.) Osbeck blas ar bhia agus go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha ainmhithe, go bunúsach, is atá acu i mbia. Dá bhrí sin, meastar nach gá le héifeachtúlacht a léiriú a thuilleadh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe agus é i mbeatha arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(8) |
Léirítear leis an measúnú ar bhláthola oráiste fhuarbhrúite, ar bhláthola oráiste dhriogtha agus ar olaí oráiste tiubhaithe as Citrus sinensis (L.) Osbeck go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(9) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe chun go mbeifear in ann rialú níos fearr a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart cion molta a shonrú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sárófar an cion sin, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán. |
(10) |
Cé nach n-údaraítear na breiseáin lena n-úsáid mar bhlastáin in uisce óil, ní chuirtear bac ar a n-úsáid i mbeatha chumaisc a thugtar trí uisce. |
(11) |
Ós rud é nach gceanglaítear, ar chúiseanna sábháilteachta, go gcuirfear na modhnuithe i bhfeidhm láithreach ar na coinníollacha maidir le húdarú i leith na substaintí lena mbaineann, is iomchuí go mbeadh idirthréimhse ag na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú d’fhonn na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”, údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil na substaintí sin iontu, agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Márta 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Meán Fómhair 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí sin iontu faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Meán Fómhair 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Meán Fómhair 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha(IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(11):6891.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2b143-eo |
Bláthola oráiste fhuarbhrúite |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola oráiste fhuarbhrúite ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck (1). Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola a fhaightear trí fhuarbhrú ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (2). Sa chodán so-ghalaithe:
Modh anailíse (3) Maidir le d-líomainéin (marcóir fiticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis eile lena ramhrú Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis eile le haghaidh breith uibheacha agus le haghaidh pórúcháin Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
80 |
|
12.9.2032 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gach Suidae lena ramhrú |
- |
- |
172 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bainbh de gach speiceas Suidae |
- |
- |
144 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cránacha |
- |
- |
200 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Athchogantaigh |
- |
- |
130 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Capaill |
- |
- |
230 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Coiníní Éisc seachas éisc ornáideacha |
- |
- |
50 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Speicis eile |
- |
- |
50 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2b143-di |
Bláthola oráiste dhriogtha |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Driogáit (an codán so-ghalaithe) de bhláthola oráiste, a fhaightear ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí An codán so-ghalaithe a fhaightear trí dhriogadh bláthola oráiste arna fuarbhrú ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (4).
Modh anailíse (5) Maidir le d-líomainéin (marcóir fiticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis eile lena ramhrú Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis eile le haghaidh breith uibheacha agus le haghaidh pórúcháin Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
80 |
|
12.9.2032 |
||||||||||||||||||||||||||||
Suidae |
- |
- |
200 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
Athchogantaigh |
- |
- |
130 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
Capaill |
- |
- |
225 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
Coiníní Éisc seachas éisc ornáideacha |
- |
- |
80 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
Speicis eile |
- |
- |
80 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2b143-f |
Ola oráiste thiubhaithe |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ola thiubhaithe a fhaightear ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Ola thiubhaithe a fhaightear trí dhriogadh codánach bláthola oráiste fhuarbhrúite a fhaightear ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (6).
Modh anailíse (7) Maidir le d-líomainéin (marcóir fiticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis eile lena ramhrú |
- |
- |
15,5 |
|
12.9.2032 |
||||||||||||||||||||||||||||||
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis eile le haghaidh breith uibheacha agus le haghaidh pórúcháin |
- |
- |
23,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
21 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gach Suidae lena ramhrú |
- |
- |
34 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bainbh de gach speiceas Suidae |
- |
- |
28,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cránacha |
- |
- |
41,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Laonna (bainne púdrach) |
- |
- |
66,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Athchogantaigh lena ramhrú |
- |
- |
62,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Athchogantaigh dhéiríochta |
- |
- |
40,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Capaill |
- |
- |
62,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Coiníní |
- |
- |
25 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Éisc seachas éisc ornáideacha |
- |
- |
70 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Speicis eile |
- |
- |
15,5 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
2b143-f-i |
Ola oráiste thiubhaithe |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ola thiubhaithe a fhaightear ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Ola thiubhaithe a fhaightear trí dhriogadh codánach bláthola oráiste fhuarbhrúite a fhaightear ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (8). Codán do-ghalaithe: 20,9 % Sa chodán so-ghalaithe:
Modh anailíse (9) Maidir le d-líomainéin (marcóir fiticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis eile lena ramhrú |
- |
- |
5,5 |
|
12.9.2032 |
||||||||||||||||||||||||||
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis eile le haghaidh breith uibheacha agus le haghaidh pórúcháin |
- |
- |
8 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
7 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Gach Suidae lena ramhrú |
- |
- |
11,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Bainbh de gach speiceas Suidae |
- |
- |
9,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Cránacha |
- |
- |
14 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Laonna (bainne púdrach) |
- |
- |
23 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Athchogantaigh lena ramhrú |
- |
- |
21,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Athchogantaigh dhéiríochta |
- |
- |
14 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Capaill |
- |
- |
21,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Coiníní |
- |
- |
8,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Éisc seachas éisc ornáideacha |
- |
- |
24,5 |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Speicis eile |
- |
- |
5,5 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2b143-f-ii |
Ola oráiste thiubhaithe |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ola thiubhaithe a fhaightear ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Ola thiubhaithe a fhaightear trí dhriogadh codánach bláthola oráiste fhuarbhrúite a fhaightear ó chraicne torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (10). Codán do-ghalaithe: 18 % Sa chodán so-ghalaithe:
Modh anailíse (11) Maidir le d-líomainéin (marcóir fiticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
12.9.2032 |
(1) Comhchiallaigh: Citrus sinensis (L.) Pers., Citrus aurantium (L.) Dulcis.
(2) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
(4) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(5) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
(6) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(7) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
(8) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(9) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
(10) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(11) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en