19.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 216/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1408 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le réamhíocaíochtaí a dhéanamh le haghaidh idirghabhálacha agus bearta tacaíochta áirithe dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 44(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2021/2116, déantar foráil maidir leis an deis a bheith ag na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe idirghabhálacha áirithe agus beart tacaíochta eile. Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir leis an deis sin cheana ach ní bhaineann sí ach le hidirghabhálacha in earnálacha na dtorthaí agus na nglasraí, an fhíona, na hola olóige agus na n-ológ boird.

(2)

Chun íocaíocht chomhleanúnach neamh-idirdhealaitheach réamhíocaíochtaí a áirithiú, ba cheart an deis chun réamhíocaíochtaí a dhéanamh a leathnú chun na hidirghabhálacha uile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chumhdach.

(3)

Ar an gcúis chéanna, ba cheart an deis a bhíonn ag na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dhéanamh a leathnú chun an scéim cabhrach um thorthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais a leagtar síos i gCuid II, Teideal I, Caibidil II, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chumhdach. Ba cheart íocaíocht na réamhíocaíochtaí sin a bheith faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos de bhun Airteagal 44(5) de Rialachán (AE) 2021/2116. I bhfianaise go mbunaítear riarachán agus cur chun feidhme na scéime cabhrach sin ar na scoilbhlianta, mar a shainítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (4), ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras réamhíocaíochtaí maidir leis an scoilbhliain 2023/2024 agus na scoilbhlianta ina dhiaidh sin.

(4)

Is é is aidhm do na bearta eisceachtúla lena dtacaítear le margaí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagail 219 go 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 fadhbanna nó suaite sonracha margaidh a réiteach. D’fhéadfadh tacaíocht airgeadais urghnách shealadach ón Aontas le haghaidh na n-earnálacha atá buailte a bheith i gceist leis na bearta eisceachtúla sin. Leis na rialacha atá ann faoi láthair, ní cheadaítear do na Ballstáit réamhíocaíochtaí de thacaíocht den sórt sin a dhéanamh. Is léir ón taithí a fuarthas, áfach, nach mór do bhearta eisceachtúla tacaíochta don mhargadh teacht i bhfeidhm láithreach chun meathlú doleigheasta ar an margadh a sheachaint. Is iomchuí, dá bhrí sin, a cheadú do na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe na mbeart eisceachtúil tacaíochta sin don mhargadh, faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos de bhun Airteagal 44(5) de Rialachán (AE) 2021/2116.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/2116 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirtear mír 3a, mír 3b agus mír 3c seo a leanas isteach:

“3a.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh réamhíocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe na n-idirghabhálacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115, faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos de bhun mhír 5.

3b.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh réamhíocaíochtaí a dhéanamh faoin scéim cabhrach a leagtar síos i gCuid II, Teideal I, Caibidil II, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i leith cabhair le haghaidh na scoilbhliana 2023/2024 agus na scoilbhlianta ina dhiaidh sin, faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos de bhun mhír 5.

3c.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh réamhíocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe na mbeart lena dtacaítear le margaí talmhaíochta arna nglacadh faoi Airteagal 219, Airteagal 220 agus Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos de bhun mhír 5.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 maidir le rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).