12.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 211/182 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1396 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Lúnasa 2022
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 lena leagtar síos sonraíochtaí na mbreiseán bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hocsaíd eitiléine a bheith i mbreiseáin bhia
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 (3) ón gCoimisiún, leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
(2) |
Féadfar na sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar. |
(3) |
Is substaint cheimiceach thábhachtach í ocsaíd eitiléine as a mbaintear an iliomad úsáidí, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as mar ghníomhaí steirilithe agus mar amhábhar a úsáidtear chun táirgí éagsúla a mhonarú. Tá ocsaíd eitiléine, áfach, ina substaint ar ábhar imní í agus a aicmítear mar shubstaint atá carcanaigineach, só-ghineach agus tocsaineach don atáirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Níl sé formheasta mar tháirge bithicídeach faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ná mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí cosanta plandaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(4) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 nach bhféadfaidh ocsaíd eitiléine a úsáid chun críocha steirilithe i mbreiseáin bhia. Mar sin féin, níl aon teorainn chainníochtúil ann ó thaobh láithreacht na ocsaíde eitiléine maidir le gach breiseán bia. I gcomhréir leis an Rialachán sin leagtar amach teorainn nach mó ná 0,2 mg/kg ocsaíde eitiléine le haghaidh na mbreiseán bia sin a n-úsáidtear ocsaíd eitiléine le linn a dtáirgthe. Leagadh síos an teorainn den chéad uair le Treoir 2003/95/CE ón gCoimisiún (7), bunaithe ar an tuairim ón gCoiste Eolaíoch um Bia an 6 Bealtaine 2002 (8), a tháinig ar an gconclúid gur cheart iontógálacha ó fhoinsí bia a choinneáil chomh híseal is féidir ó tharla go bhfuil ocsaíd eitiléine idir ghéineatocsaineach agus charcanaigineach, d’ainneoin go meastar na hiontógálacha ón mbeagán foinsí bia a n-úsáidtear ocsaíd eitiléine lena monarú a bheith an-íseal. |
(5) |
Le déanaí, tháinig roinnt fógraí ón gCóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF) maidir le hocsaíd eitiléine a fuarthas i roinnt earraí bia, agus go háirithe i roinnt breiseán bia a úsáidtear chun éagsúlacht earraí bia a mhonarú. Ar bhonn na bhfógraí sin agus ar bhonn faisnéise maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag Ballstáit, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2246 ón gCoimisiún (9) leagadh síos bearta a mhéid a bhaineann le hearraí nach de bhunadh ainmhíoch a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha chun sláinte an duine a chosaint i ndáil leis an riosca féideartha a bhaineann le truailliú ó ocsaíd eitiléine. Mar sin féin, d’fhéadfadh forfheidhmiú dhlí an Aontais deacrachtaí a chruthú, a mhéid a bhaineann le breiseáin bhia, toisc go bhfuil sé deacair a shuíomh an bhfuil láithreacht na hocsaíde eitiléine ina toradh ar a húsáid le linn na breiseáin bhia a steiriliú de shárú ar Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 nó an bhfuil sí ina toradh ar aon chúis eile. |
(6) |
Chun na deacrachtaí sin a sheachaint agus chun ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh shláinte an duine, tá sé iomchuí dá bhrí sin a leagan síos nach n-údaraítear láithreacht na hocsaíde eitiléine le haghaidh na mbreiseán bia uile gan beann ar a foinse bhunaidh. Chun na críche sin, ba cheart teorainn uasta i gcomhair breiseáin bhia a shocrú ag an teorainn cainníochtaithe atá sna táirgí sin, is é sin, ag an íostiúchan iarmhar bailíochtaithe is féidir a chainníochtú agus a thuairisciú trí ghnáthfhaireachán le modhanna rialaithe bailíochtaithe. Chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áirithiú (10), go háirithe, leis na teorainneacha a leagtar síos ann maidir leis na hamhábhair atá le húsáid chun breiseáin bhia a tháirgeadh, ba cheart na hiarmhair ocsaíde eitiléine a shainmhíniú sna téarmaí céanna is atá sa Rialachán sin. |
(7) |
Ag cur san áireamh gur dócha nach mbeidh aon éifeacht dhiúltach ag leasú na sonraíochtaí ar shláinte an duine, ní gá don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí na mbreiseán bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(7) Treoir 2003/95/CE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena leasaítear Treoir 96/77/CE lena leagtar síos critéir shonracha íonachta maidir le breiseáin bhia seachas dathanna agus milseoirí (IO L 283, 31.10.2003, lch. 71).
(8) Tuairim ón gCoiste Eolaíoch um Bia maidir le heisíontais ocsaíde eitiléine i mbreiseáin bhia, an 17 Aibreán 2002.
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2246 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 maidir le méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla agus ar bhearta éigeandála lena rialaítear earraí áirithe ó thríú tíortha áirithe a theacht isteach san Aontas lena gcuirtear chun feidhme Rialacháin (AE) 2017/625 agus (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 453, 17.12.2021, lch. 5).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs réamhráitigh “Nóta: Ní fhéadfar ocsaíd eitiléine a úsáid chun críoch steirilithe i mbreiseáin bhia”: “Ní fhéadfar ocsaíd eitiléine a úsáid chun críoch steirilithe i mbreiseáin bhia. Ní bheidh iarmhar os cionn 0,1 mg/kg, beag beann ar a thionscnamh d’ocsaíd eitiléine (suim ocsaíd eitiléine agus 2-clórai-eatánól arna sloinneadh mar ocsaíd eitiléine (*1)) ann i mbreiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, lena n-áirítear meascáin de bhreiseáin bhia. (*1) i.e. ocsaíd eitiléine + 0,55* 2-clórai-eatánól.”;" |
(2) |
sna hiontrálacha le haghaidh E 431 stéaráit pholocsa-eitiléine (40), E 432 monaláráit soirbíotáin pholocsa-eitiléine (polasorbáit 20), E 433 mona-óláit soirbíotáin pholocsa-eitiléine (polasorbáit 80), E 434 monapalmatáit soirbíotáin pholocsa-eitiléine (polasorbáit 40), E 435 monaistéaráit soirbíotáin pholocsa-eitiléine (polasorbáit 60), E 436 trístéaráit soirbíotáin pholocsa-eitiléine (polasorbáit 65), E 1209 comhpholaiméir nódaithe alcóil polaivinile-gliocól poileitiléine agus E 1521 gliocól poileitiléine, faoin sonraíocht “Íonacht”, scriostar an ró “Ocsaíd eitiléine”. |
(*1) i.e. ocsaíd eitiléine + 0,55* 2-clórai-eatánól.”;”