21.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/133


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1270 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Iúil 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1), nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 48 nduine aonair agus 9 n-eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear na daoine agus na heintitis a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M.BEK


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

“1182.

Adam Sultanovich DELIMKHANOV

(Адам Султанович ДЕЛИМХАНОВ)

Dáta breithe: 25.9.1969

Áit bhreithe: Benoy, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Comhalta de State Duma of the Russian Federation ón 19 Meán Fómhair 2021, an Chéad Leas-Chathaoirleach ar an Committee on Security and Anti-Corruption.

Freagrach as fórsaí na Seisnia a bhunú i réigiún Donbas ó mhí an Mhárta 2022 agus as an léigear ar chathair Mariupol a stiúradh i mí an Mhárta 2022. Bhí baint phearsanta aige le hullmhú na n-ionsaithe ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, an 26 Aibreán 2022, rinneadh Laoch de Chónaidhm na Rúise de le foraithne ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1183.

Sharip Sultanovich DELIMKHANOV

(Шарип Султанович ДЕЛИМХАНОВ)

Dáta breithe: 23.4.1980

Áit bhreithe: Dzhalka, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceannasaí ar bhrainse Seisniach Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise.

Freagrach as bheith i gceannas ar fhórsaí na Seisnia le linn an chogaidh fhoghaigh atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, lena n-áirítear i réigiúin Kyiv agus Donbass.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1184.

Alibek Sultanovich DELIMKHANOV

(Алибеек Султаанович ДЕЛИМХАНОВ)

Dáta breithe: 16.10.1974

Áit bhreithe: Dzhalka, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Cheannasaí ar bhrainse Seisniach Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise.

Freagrach as bheith i gceannas ar fhórsaí na Seisnia le linn an chogaidh fhoghaigh atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, lena n-áirítear i réigiúin Kyiv agus Donbass.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1185.

Viktor Nikolayevich STRIGUNOV

(Виктор Николаевич СТРИГУНОВ)

Dáta breithe: 27.10.1958

Áit bhreithe: Dubovoye, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

An Chéad Leas-Stiúrthóir ar Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia) — Ardcheannasaí Rosgvardia.

Seoladh aonaid Rosgvardia chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1186.

Oleg Anatolyevich PLOKHOI

(Олег Анатольевич ПЛОХОЙ)

Dáta breithe: 4.12.1968

Áit bhreithe: Kyiv, Ukraine

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Státrúnaí, Leas-Stiúrthóir Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia)— ArdcheannasaíRosgvardia.

Seoladh aonaid Rosgvardia chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1187.

Yuriy Viktorovich YASHIN

(Юрий Викторович ЯШИН)

Dáta breithe: 11.3.1967

Áit bhreithe: Mednogorsk, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceannaire ar Fhoireann Ghinearálta na National Guard Troops de Chónaidhm na Rúise – Leas-Stiúrthóir Sheirbhís Chónaidhme The National Guard Troops de Chónaidhm na Rúise – Ardcheannasaí ar na National Guard Troops de Chónaidhm na Rúise.

Seoladh aonaid Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia) chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, , nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1188.

Igor Anatolyevich ILYASH

(Игорь Анатольевич ИЛЬЯШ)

Dáta breithe: 5.10.1967

Áit bhreithe: Odessa, Ukraine

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Stiúrthóir Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia) — Ardcheannasaí Rosgvardia

Seoladh aonaid Rosgvardia chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis na saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1189.

Sergei Anatolyevich LEBEDEV

(Сергей Анатольевич ЛЕБЕДЕВ)

Dáta breithe: 10.1.1966

Áit bhreithe: Astrakhan, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Stiúrthóir Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia) — Ardcheannasaí Rosgvardia.

Seoladh aonaid Gharda Náisiúnta na Rúise (Rosgvardia) chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1190.

Alexey Mikhailovich KUZMENKOV

(Алексей Михайлович КУЗЬМЕНКОВ)

Dáta breithe: 10.6.1971

Áit bhreithe: Horlivka, Ukraine

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Stiúrthóir Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia) — Ardcheannasaí Rosgvardia.

Seoladh aonaid Rosgvardia chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin

21.7.2022

1191.

Alexey Stepanovich BEZZUBIKOV

(Алексей Степанович БЕЗЗУБИКОВ)

Dáta breithe: 5.7.1965

Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Stiúrthóir Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia) — Ardcheannasaí Rosgvardia.

Seoladh aonaid Rosgvardia chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, , nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó ar bac iad ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

21.7.2022

1192.

Yevgeniy Vitalievich BALYTSIKIY

(Rúiseach: Евгений Витальевич БАЛИЦКИЙ)

(ar a dtgutar freisin Yevhen Vitaliiovych BALYTSKIY)

Úcránach: Євген Вiталiйович БАЛИЦЬКИЙ)

Dáta breithe: 10.12.1969

Áit bhreithe: Melitopol, Ukraine

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

Tá Yevgeniy Balytskiy tar éis comhoibriú le húdaráis na Rúise i gcathair Úcránach Melitopol. Thacaigh sé le ceapachán Galina Danilchenko mar mhéara Melitopol, tar éis gur fuadaíodh an méara dlisteanach.

An 9 Aibreán 2022, d’ainmnigh údaráis na Rúise Yevgeniy Balytskiy Gobharnóir réigiún Zaporizhzhia na hÚcráine, mar a ghairtear de. Labhair sé amach i bhfabhar réigiún Zaporizhzhia a chumasc le Cónaidhm na Rúise.

Sa cháil sin agus trína ghníomhaíochtaí, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, , nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1193.

Konstantin Vladimirovich IVASHCHENKO

(Rúiseach: Константин Владимирович ИВАЩЕНКО;

Úcránach: Костянтин Володимирович IВАЩЕНКО)

Dáta breithe: 3.10.1963

Áit bhreithe: Mariupol, Ukraine

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

Tar éis d’fhórsaí armtha na Rúise cathair Mariupol a ghabháil, cheap ‘Ceann Dhaon-Phoblacht Donetsk’ Denis Pushilin, mar a ghairtear de, Konstantin Ivashchenko ina mhéara ar Mariupol an 6 Aibreán 2022.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1194.

Aleksandr Yurievych KOBETS

(Rúiseach: Александр Юрьевич КОБЕЦ;

Oleksandr Yuriyovych KOBETS

Úcránach: Олександр Юрiйович КОБЕЦЬ)

Dáta breithe: 27.9.1959

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

In mhéara ar chathair Kherson, mar a ghairtear de, ón 26 Aibreán 2022, arna shuiteáil ag údaráis na Rúise.

Dá bhrí sin, sa cháil sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sé na beartais sin chun cinn.

21.7.2022

1195.

Vladimir Valeryevich ROGOV

(Rúiseach: Владимир Валерьевич РОГОВ)

Volodimir Valeryovich ROGOV

(Úcránach: Володимир Валерiйович РОГОВ)

Dáta breithe: 1.12.1976

Áit bhreithe: Zaporozhzhia, Ukraine

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

Ionadaí de phríomhchomhairle riarachán míleata-sibhialta réigiún Zaporozhzhia, mar a ghairtear de. Bhí sé i gcoinne údaráis na hÚcráine agus i bhfabhar réigiún Zaporozhzhia a bheith ina chuid de Chónaidhm na Rúise. D’éascaigh sé freisin pasanna Rúiseacha a eisiúint i gcathair Melitopol.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1196.

Alexander Fedorovich SAULENKO

(Rúiseach: Александр Федорович САУЛЕНКО)

Oleksandr Fedorovich SAULENKO

(Úcránach: Олександр Федорович САУЛЕНКО)

Dáta breithe: 9.5.1962

Áit bhreithe: Novopetrivka, Ukraine

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

Ceann riaracháin shealadaigh Berdyansk agus Berdyansk region, mar a ghairtear de. Mhol sé go n-athrófaí rialú agus riarachán réigiún Berdyansk ón Úcráin go Cónaidhm na Rúise.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, , nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1197.

Andrei Vladimirovich SHEVCHIK

(Rúiseach: Андрей Владимирович ШЕВЧИК)

Dáta breithe: 17.6.1973

Áit bhreithe: Zheleznogorsk (Krasnoyarsk-26 roimhe seo), Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Méara Enerhodar mar a ghairtear de. D’eagraigh sé cruthú ‘comhairle féineagraíochta chathair Enerhodar’ an 27 Márta 2022, nár thacaigh údaráis na hÚcráine leis.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1198.

Oleg KRYUCHKOV

(Олег КРЮЧКОВ)

Inscne: fireann

Is é Oleg Kryuchkov urlabhraí údarás forghabhála na Rúise sa Chrimé agus comhairleoir do Cheann na Crimé. Sna ráitis phoiblí uaidh, dhearbhaigh sé gur goideadh gráin ó stát na hÚcráine agus ó fheirmeoirí Úcránacha ar na críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis, dhearbhaigh sé go raibh scoileanna na hÚcráine atá i gcríocha faoi fhorghabháil á rúisiú, agus dúirt sé go bhfuil sé beartaithe ag an Rúis na críocha faoi fhorghabháil i ndeisceart na hÚcráine a ionghabháil.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1199.

Sergei Borissovich KOROLEV

(Сергей Борисович КОРОЛЕВ)

Dáta breithe:9.11.1952 nó 25.7.1952

Inscne: fireann

Is é Sergei Borissovich Korolev an Chéad Leas-Stiúrthóir ar FSB na Rúise ó mhí Feabhra 2021. Tuairiscítear go bhfuil dlúthbhaint aige le Stiúrthóir FSB Alexander Bortnikov, agus leis na fir ghnó, Arkadii agus Boris Rotenberg. Luaitear go bhféadfadh sé dul i gcomharbas ar Bortnikov sa phost mar Cheann ar FSB. Is oifigeach gairme é in FSB, ag obair ann ó na 2000idí agus roimhe sin bhí sé ina stiúrthóir ar Sheirbhís Slándála Eacnamaíche FSB. In 2021, bhronn Vladimir Putin grád Ghinearál an Airm air, ar luach saothair sinsearach sainiúil é. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le cinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú oirthear na hÚcráine, agus tá tairbhe á baint aige astu.

Is é FSB ceann de na seirbhísí faisnéise a sholáthair eolas faisnéise do Vladimir Putin sular cuireadh tús le fogha na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá Sergei Borissovich Korolev freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

21.7.2022

1200.

Stanislav Sergeyevich CHEMEZOV

(Станислав Сергеевич ЧЕМЕЗОВ)

Dáta breithe: 1973

Áit bhreithe: Russian. Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Stanislav Sergeyevich Chemezov mac Sergei Chemezov, comhalta d’Ardchomhairle ‘United Russia’ agus cathaoirleach ilchuideachta Rostec, príomhchorparáid cosanta agus déantúsaíochta tionsclaíche na Rúise atá faoi rialú an stáit. Bhí cuideachta Eischósta ar a dtugtar Erlinglow Ltd ag Stanislav Chemezov a bhí ag baint tairbhe as oll-mhórbhealach snáthoptaice náisiúnta ar fiú $550 milliún é a bhí á thógáil ag Rostec. Ina theannta sin tá cuideachtaí eischósta éagsúla aige le Maya Bolotova, iníon Nikolay Tokarev, lena n-áirítear Irvin-2, a fuair conarthaí ar fiú 8 mbilliún Rúbel iad. Mar luach saothair ar an malartú, thug teaghlach Tokarev cead do theaghlach Chemezov buiséad Transneft a ghearradh. Chomh maith leis sin, is le Stanislanv Chemezov an chuideachta Independent Insurance Group, a bhainistíonn conarthaí móra árachais san earnáil cosanta lena n-áirítear conarthaí le haghaidh an ilchuideachta Cosanta, Rostec, áit ina bhfuil a athair Sergei Chemezov ina CEO. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Stanislav Chemezov a bhfuil baint aige le duine atá liostaithe.

21.7.2022

1201.

Maiya Nikolaevna BOLOTOVA (TOKAREVA a hainm báiste)

ar a dtugtar freisin Maiya/Mayya/Maija/Maja Nikolaevna

BOLOTOVA

(Майя Николаевна БОЛОТОВА (ТОКАРЕВА)

Dáta breithe: 18.1.1975

Áit bhreithe: Karaganda, Kazakhstan

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Maya Bolotova (Tokareva a hainm baiste) iníon le Nikolay Tokarev, CEO Transneft, mórchuideachta ola agus gáis sa Rúis. Tá só-réadmhaoin ag Maya Bolotova agus ag a hiar-fhear céile, Andrei Bolotov, i Moscó, sa Laitvia agus sa Chróit ar fiú níos mó ná $50 milliún í agus ar féidir í a nascadh le Nikolay Tokarev. Tá naisc aici freisin leis an gcuideachta Ronin, a bhainistíonn an ciste pinsin do Transneft. Nuair a rinne sí iarratas ar shaoránacht na Cipire, liostaigh sí seoladh Ronin mar a seoladh féin. Ina theannta sin, fuair Maya conarthaí stáit ar fiú 8 mbilliún rúbal iad tríd an gcuideachta Irvin-2, a bhfuil úinéireacht aici uirthi le Stanislav Chemezov, mac CEO Rostec, Sergei Chemezov. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha í Maya Bolotova a bhfuil baint aici le daoine liostaithe, eadhon a hathair Nikolay Tokarev agus Stanislav Chemezov.

21.7.2022

1202.

Pavel EZOUBOV

(Павел EЗУБОВ)

Dáta breithe: Lúnasa 1975

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Pavel Ezoubov col ceathrair Oleg Deripaska, ar leis é an ilchuideachta thionsclaíoch Russian Machines, lena n-áirítear an Military Industrial Company, soláthraí mór arm agus trealaimh mhíleata chuig fórsaí armtha na Rúise. Tá Oleg Deripaska tar éis sócmhainní móra a aistriú chuig a chol ceathrair Pavel Ezoubov, lena n-áirítear roinnt maoine sa Fhrainc, trí chuideachta shealbhaíochta atá ar le Ezoubov í, óstán in Lech na hOstaire, tríd an gcuideachta shealbhaíochta Gost Hotel Management LLC atá bunaithe sa Rúis agus atá faoi úinéireacht Ezoubov agus rialú na cuideachta Terra Limited. Ina theannta sin, rialaíonn Ezoubov Hestia International LLC, an chuideachta ag a bhfuil úinéireacht ar theach mór in Washington DC atá nasctha le Oleg Deripaska. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Pavel Ezoubov, a bhfuil baint aige le duine liostaithe, atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1203.

Alexander Sergeyevich ZALDOSTANOV

(Александр Сергееевич ЗАЛДОСТАAНОВ)

ar a dtugtar freisin ‘An Máinlia’ (Хирург)

Dáta breithe: 19.1.1963

Áit bhreithe: Kropyvnytskyi, Crimea, Ukraine

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Alexander Zaldostanov ceannaire agus bunaitheoir an chlub gluaisrothair náisiúnaigh Nightwolves MC. Mar gheall ar a phost mar cheannaire ar Nightwolves MC, is pearsa phoiblí aitheanta é Alexander Zaldostanov, a bhfuil dlúthnaisc aige le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, agus is príomhthacaí de rialtas na Rúise é, a thacaíonn go gníomhach le bolscaireacht stát na Rúise trí cheart na hÚcráine chun státachta a shéanadh go poiblí agus ‘dínaitsiú’ chomh maith le ‘dí-Úcránú’ na tíre a iarraidh, lena gcuireann sé chun cinn an smaoineamh gur cheart don Úcráin a bheith ina cuid lárnach den Rúis. Mar cheannaire ar Nightwolves MC, tá Zaldostanov freagrach freisin as gníomhartha agus gníomhaíochtaí an ghrúpa a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Is é Alexander Zaldostanov ceannaire Nightwolves MC, atá freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach, do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, is duine nádúrtha é atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1204.

Andrey BOBROVSKIY

(Андрей БОБРОВСКИЙ)

Dáta breithe: 5.1.1982

Áit bhreithe: Minsk, Belarus

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is comhalta den chlub gluaisrothair náisiúnaigh Nightwolves MC é Andrey Bobrowskyi agus tá sé ina cheannaire ar an mbráinse ‘Roads for Victory’ de Nightwolves MC. Ina phost mar cheannaire ar an mbrainse ‘Roads for Victory’ d’eagraigh Bobrowskyi roinnt slógaí Nightwolves i mBeirlín, sa Pholainn agus sa Rúis. Ó rinne an Rúis ionsaí ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, is é is cuspóir do na slógaí tacú go gníomhach le cogadh na Rúise ar an Úcráin, ceart na hÚcráine chun státachta a shéanadh go poiblí, ‘dínaitsiú’ na tíre a iarraidh agus an smaoineamh gur cheart don Úcráin a bheith ina cuid lárnach den Rúis a chur chun cinn. Dá bhrí sin, thacaigh Bobrowskyi go gníomhach agus go poiblí le bolscaireacht stát na Rúise. Tá Andrey Bobrowskiy ina chomhalta de Nightwolves MC, atá freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach, do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, is duine nádúrtha é atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1205.

Jozef HAMBÁLEK

ar a dtugtar freisin Josef HAMBÁLAEK

(Йозеф ХАМБАЛЕК)

Dáta breithe: 14.3.1972

Náisiúntacht: Slóvacach

Inscne: fireann

Is é Jozef Hambálek Uachtarán bhráinse Eorpach an chlub gluaisrothair náisiúnaigh, Nightwolves MC, atá lonnaithe sa tSlóvaic. Tá aithne go poiblí ar Hambálek, ar féidir é a nascadh le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, agus le hionadaithe eile de rialtas na Rúise, as ceanncheathrú Eorpach Nightwolves MC a thógáil ar iar-bhunáit mhíleata sa tSlóvaic, dár bhain sé úsáid as trealamh míleata a caitheadh amach go neamhdhleathach, lena n-áirítear tancanna. Is féidir a mheas gur bagairt slándála don Úcráin agus don Aontas a chuid gníomhaíochtaí leanúnacha, lena n-áirítear oiliúint i gcomhair comhrac gníomhach san Úcráin a chur ar chomhaltaí de Nightwolves ar a réadmhaoin féin agus bolscaireacht ar son na Rúise a chur chun cinn go gníomhach san Eoraip. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Jozef Hambálek a thugann tacaíocht, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

21.7.2022

1206.

Alexei WEITZ

ar a dtugtar freisin Alexei Vayts

ar a dtugtar freisin Aleksey Yevgenevich VEITZ

(Алексей ВАЙЦ)

Dáta breithe: 7.10.1965

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is comhalta agus ceannaire spioradálta an chlub gluaisrothair náisiúnaigh, Nightwolves MC, é Alexei Weitz, a bhfuil dlúthnaisc phearsanta aige le ceannaire Nightwolves, Alexander Zaldostanov. Tá sé freagrach as Nightwolves MC a nascadh le hEaglais Cheartchreidmheach na Rúise agus as dearcadh domhanda a cheannairí a mhúnlú. Ghníomhaigh sé roimhe seo mar phreasrúnaí Nightwolves MC agus déanann sé tascanna ionadaíocha, lena n-áirítear cainteanna a thabhairt do mhic léinn Ollscoile agus labhairt ag slógaí de chuid Nightwolves. Chomh maith leis sin, is saineolaí den Council for Interethnic Relations faoi Uachtarán na Rúise é, a thacaigh go poiblí le cogadh na Rúise ar an Úcráin agus le sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta agus tá sé freagrach as coincheap oifigiúil den ‘náisiún Rúiseach’ a cheapadh. Mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí do Nightwolves MC agus don Council for Interethnic Relations faoi Uachtarán na Rúise, is pearsa lárnach de bholscaireacht stát na Rúise é Weitz. Tá Alexei Weitz ina chomhalta de Nightwolves MC, atá freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach, do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, is duine nádúrtha é atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1207.

Andrey Removich BELOUSOV

ar a dtugtar freisin Andrei Removich BELOUSOV

(Андрей Рэмович БЕЛОУСОВ)

Dáta breithe: 17.3.1959

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Andrey Removich Belousov Céad Leas-Phríomh-Aire Chónaidhm na Rúise agus meastar go raibh sé ina chomhalta de dhlúthchiorcal Putin le fada an lá. Tá ról ceannasach aige i Rialtas Chónaidhm na Rúise. Tá beartas eacnamaíoch Rialtas na Rúise á chur chun feidhme ag Belousov agus tá sé freagrach as fás eacnamaíoch na Rúise agus as cobhsú mhargaí na Rúise. An 25 Feabhra 2022, d’fhreastail sé ar an gcruinniú sa Chreimil agus d’iarr sé ar na holagairc a bhí cruinnithe ann leanúint de bheith ag obair le bainc a bhfuil smachtbhannaí orthu. I mí an Mhárta 2022, dhearbhaigh Belousov go rialófaí go ndearna na cuideachtaí eachtracha, a bhfuil a gcuid oibríochtaí á scor acu agus atá ag scaoileadh lena bhfoireann sa tír, féimheacht d’aon ghnó, gníomh lena ngabhann dliteanas riaracháin, agus dliteanas coiriúil, b’fhéidir, faoi dhlíthe dócmhainneachta na Rúise. Thacaigh sé le hionghabháil na Crimé in 2014.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1208.

Yury Yakovlevich CHAIKA

Dá ngairtear freisin Yury Yakovlevich CHAYKA; Yuri Yakovlevich CHAIKA

(Юрий Яковлевич ЧАЙКА)

Dáta breithe: 21.5.1951

Áit bhreithe: Nikolaevsk-on-Amur, Khabarovsk Krai, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Yury Yakovlevich Chaika ina chomhalta neamhbhuan den Security Council of the Russian Federation agus ina Plenipotentiary Representative of the President of the Russian Federation in the North Caucasus Federal District. Tá baint dhíreach aige le beartas eachtrach foghach na Rúise a threorú agus a chur chun feidhme.

I mí Aibreáin 2022 bhronn Yuri Chaika dámhachtainí stáit ar shaighdiúirí a thuill clú dóibh féin le linn ‘an oibríocht speisialta chun an Úcráin a dhí-naitsiú’. Sa chruinniú le dídeanaithe ó Donetsk People's Republic, mar a ghairtear de, in Pyatigorsk an 17 Márta 2022, thug sé údar le cogadh na Rúise ar an Úcráin agus dúirt sé go bhfuil cinedhíothú déanta ag údaráis na hÚcráine san Úcráin.

Le blianta fada, tá Yuri Chaika ar cheann de na comhpháirtithe is gaire do Vladimir Putin agus seirbhíseach umhal don réimeas rialaithe. Bhain Yuri Chaika agus a theaghlach tairbhe phearsanta as an dlúthcheangal atá acu le réimeas Putin.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1209.

Alexander Anatolievich MAKSIMTSEV

(Александр Анатольевич МАКСИМЦЕВ)

Dáta breithe: 20.8.1963

Áit bhreithe: Tokmak, Kirghiz SSR, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Alexander Maksimtsev ina cheannaire míleata Rúiseach agus ina Leas-Cheannasaí ar Aerospace Forces d’obair mhíleata-pholaitiúil. Tá ionsaithe déanta ag Aerospace Forces na Rúise ar spriocanna míleata agus sibhialta araon san Úcráin. Ós rud é gur Leas-Ardcheannasaí é Alexander Maksimtsev, tá sé freagrach as gníomhartha an aonaid sin. Dá bhrí sin, tá Alexander Maksimtsev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

21.7.2022

1210.

Maria Alexeyevna LVOVA-BELOVA

(Мария Алексеевна ЛЬВОВА-БЕЛОВА)

Dáta breithe: 25.10.1984

Áit bhreithe: Penza, iarUSSR, (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is Coimisinéir Uachtaránachta um chearta leanaí í Maria Alexeyevna Lvova-Belova agus chuir sí tús le simpliú an nós imeachta chun saoránacht a dheonú do leanaí a ndearnadh dílleachtaí díobh san Úcráin. Tá sí ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le hiompar neamhdhleathach leanaí ón Úcráin go dtí an Rúis agus lena n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. Sáraíonn gníomhaíochtaí Maria Alexeyevna Lvova-Belova cearta leanaí na hÚcráine agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine agus dá bhrí sin tá sí freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin,

21.7.2022

1211.

Yuri Nikolaevich GREKHOV

(Юрий Николаевич ГРЕХОВ)

Dáta breithe: 15.10.1962

Áit bhreithe: Gorky, iarUSSR, (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is ceannasaí míleata Rúiseach, Coirnéal-Ginearál agus Leas-Cheannasaí Aerospace Forces na Rúise é Yuri Nikolaevich Grekhov. Tá ionsaithe déanta ag Aerospace Forces na Rúise ar spriocanna míleata agus sibhialta araon san Úcráin. Mar Leas-Cheannasaí ar Aerospace Forces na Rúise, tá sé i gceannas ar thrúpaí Air and Missile Defense, dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

21.7.2022

1212.

Zabit Sabirovich KHEIRBEKOV

(Забит Сабирович ХЕИРБЕКОВ)

Dáta breithe: 5.6.1968

Áit bhreithe: Réigiún Kusar, Azerbaijan SSR, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is Leifteanant-Ghinearál Aerospace Forces na Rúise é Zabit Kheirbekov, Leas-Cheannasaí Aerospace Forces na Rúise do lóistíocht. Tá ionsaithe déanta ag Aerospace Forces na Rúise ar spriocanna míleata agus sibhialta araon san Úcráin. Dá bhrí sin, tá Zabit Kheirbekov freagrach as tacú le gníomhaíochtaí, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

21.7.2022

1213.

Andrey Anatolyevich KOZITSYN

(Андрей Анатольевич КОЗИЦЫН)

Dáta breithe: 9.6.1960

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Andrey Anatolyevich Kozitsyn ar dhuine de phríomhdhaoine gnó Rúiseach. Is comhbhunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach é de Ural Mining Metallurgical Company (UMMC/UGMK), ceann de phríomhtháirgeoirí mór-tráchtearraí sa Rúis (lena n-áirítear copar, sinc, gual, ór, agus airgead). Dá bhrí sin, is tá sé ar dhuine de phríomhdhaoine gnó Rúiseach atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

21.7.2022

1214.

Sergey Semyonovich SOBYANIN

(Сергей Семёнович СОБЯНИН)

Dáta breithe: 21.6.1958

Áit bhreithe: Nyaksimvol, iarUSSR, (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Sergei Semyonovich Sobyanine méara Mhoscó agus tá dlúthcheangal aige le Vladimir Putin. Bhí sé ina cheann ar an riarachán uachtaránachta ó 2005 go 2008 agus bhí sé ina Leas-Phríomh-Aire ar an Rúis ó 2008 go 2010 sa dara Comh-Aireacht ag Vladimir Putin. Is comhalta den Security Council é. An 1 Márta 2022, thug Sobyanine rabhadh go gcoiscfí gach iarracht agus gach gairm ó ‘provocateurs’ ar agóidí sráide a reáchtáil i Moscó. An 18 Márta 2022 ag slógadh polaitiúil ‘ar son domhan saor ó Naitsíochas’, chuir sé in iúl go sainráite go dtacaíonn sé leis an ‘oibríocht mhíleata speisialta’ san Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1215.

Aleksey Vladimirovich DENISENKO

(Алексей Владимирович ДЕНИСЕНКО)

Dáta breithe: 9.6.1978

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is comhalta é Aleksey Vladimirovich Denisenko de Legislative Assembly réigiúnach Chelyabinsk, de Presidium of the Regional Political Council, cathaoirleach ar an Legislative Assembly Committee on Construction Policy and Housing and Communal Services agus ceann an Department for Interaction with Public Associations and Work with Youth de chuid an Chelyabinsk Regional Branch of United Russia. Ina theannta sin, is comhalta é den pháirtí United Russia rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil agus tugann sé údar, cosaint agus tacaíocht do chinneadh an Uachtaráin Putin aitheantas a thabhairt don Donetsk Peoples Republic (DPR) agus don Lugansk Peoples Republic (LPR) mar stáit neamhspleácha, chomh maith leis an oibríocht mhíleata speisialta, ar oibríocht forfheidhmithe síochána í ina fhocail féin. Tá Denisenko freagrach as fuath a ghríosú i leith na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1216.

Alexander Nikolaevich BELSKIY

(Александр Николаевич БЕЛЬСКИЙ)

Dáta breithe: 16.7.1975

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Belskiy ina Chathaoirleach ar an Legislative Assembly of St. Petersburg ón 29 Meán Fómhair 2021 i leith mar chomhalta den pháirtí polaitiúil ‘United Russia’ atá ailínithe leis an gCreimil. Is é an Legislative Assembly an t-aon comhlacht reachtaíochta, agus an ceann is airde, de chumhacht stáit in St. Petersburg. Bunaíodh an Legislative Assembly faoi dhlí cónaidhme, agus tá sé á rialú aige, agus oibríonn sé go dlúth le gobharnóir St. Petersburg.

Mar Chathaoirleach ar an Legislative Assembly, is é Belskiy an comhalta is airde den Legislative Assembly. Mar thoradh air sin, is polaiteoir tábhachtach é Belskiy in St. Petersburg agus níos faide i gcéin. Roimhe seo, bhí Belskiy ina leas-ghobharnóir ar St. Petersburg sa tréimhse ó 2020 go 2021. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as an mbeartas óige. Tá Belskiy fós ag obair le leanaí agus féachann sé le leanaí a dhíonteagasc le tuairimí i bhfabhar an réimis.

Tá Belskiy gníomhach i mbun úsáid a bhaint as roinnt cuntais meán sóisialta ar na seirbhísí Telegram agus VKontakte agus foilsíonn sé ailt i meáin an pháirtí ‘United Russia’. Úsáideann sé a ardáin meán sóisialta arís agus arís eile chun údar a thabhairt le cogadh na Rúise ar an Úcráin agus chun tacaíocht a chur in iúl dó agus rinne sé comhghairdeas leis an gCrimé agus Sevastopol as ‘athaontú’ leis an Rúis.

Tá Belskiy freagrach as fuath a ghríosú i gcoinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1217.

Alexander Valentinovich ISHCHENKO

(Александр Валентинович ИЩЕНКО)

Dáta breithe: 9.3.1970

Áit bhreithe: Rostov-on-Don, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Ishchenko ina Chathaoirleach ar an Legislative Assembly in Rostov Region agus ina Rúnaí ar an Rostov Regional Branch de chuid an pháirtí rialaithe ‘United Russia’ atá ailínithe leis an gCreimil (ó 2016 i leith).

Tá Ishchenko an-ghníomhach in eagraíochtaí óige, e.g. Youth Parliament of Rostov agus an eagraíocht réigiúnach pholaitiúil-mhíleata don aos óg ‘Youth Guard’. Mar Chathaoirleach ar an Legislative Assembly is pearsa phoiblí é agus is minic a bhíonn sé le feiceáil ar theilifís agus nuacht áitiúil agus náisiúnta agus ag imeachtaí poiblí.

In agallaimh phoiblí agus i bpóstálacha ar na meáin shóisialta, tacaíonn Ishchenko le cinneadh an Uachtaráin Putin aitheantas a thabhairt don Lugansk Peoples Republic (LPR) scarúnaíoch agus don Donetsk Peoples Republic (DPR) scarúnaíoch agus cuireann sé teachtaireachtaí bolscaireachta an réimis chun cinn.

I bhfianaise a thionchair pholaitiúil, tá Ishchenko freagrach as fuath a ghríosú i gcoinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1218.

Mikhail Vladimirovich STRUK

(Михаил Владимирович СТРУК)

Dáta breithe: 26.10.1977

Áit bhreithe: Novy Rogachik, Volgograd Oblast, iarUSSR, (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Struk ina chomhalta de Legislative Assembly Oblast Volgograd (réigiún) ó 2017 i leith. Is comhalta é de ‘United Russia’, an páirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil.

Ar a chuntas ar an ardán meán sóisialta Vkontakte agus ina ráitis a fhoilsítear i nuachtán áitiúil, a choinníonn Struk mar theachta san Legislative Assembly de chuid Volgograd Oblast, chuir sé in iúl arís agus arís eile aige go dtacaíonn sé le hionradh na Rúise ar an Úcráin agus cháin sé muintir na hÚcráine mar Naitsithe. Cuireann Struk a thacaíocht in iúl do shaighdiúirí na Rúise atá ag troid san Úcráin.

I bhfianaise a thionchair pholaitiúil agus a thionchair mar Stiúrthóir Ginearálta ar ZAO Volzhskaya Poultry Farm, tá Struk freagrach as fuath a ghríosú i gcoinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1219.

Nikolay Nikolaevich ZABOLOTNEV

(Николай Николаевич ЗАБОЛОТНЕВ)

Dáta breithe: 30.1.1992

Áit bhreithe: Chuy Region i dtuaisceart Kyrgyz Republic

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Nikolai Nikolaevich Zabolotnev ina cheann ar Regional Executive Committee den Khanty-Mansiysk Regional Branch den pháirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil, ‘United Russia’.

Chomh maith leis sin, is iarcheannaire Youth Duma (parlaimint na n-óg) in Yugra é, a chomhoibríonn le Youth Dumas de Lugansk Peoples Republic (LPR) agus Donetsk Peoples Republic (DPR) féinfhógartha. Freastalaíonn Zabolotnev go rialta ar chruinnithe, fóraim agus imeachtaí Yugra youth Duma. Bhí sé ar stáitse le haghaidh sceitse nuair a d’fhreastail sé ar cheolchoirm charthanachta réigiúnach an 1 Aibreán 2022, ag bailiú airgid chun tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí daonnúla na Rúise in Donbass.

Chuir sé a thacaíocht don ‘oibríocht speisialta’ in iúl arís agus arís eile ar chainéal teilifíse réigiúnach.

Tá Zabolotnev an-ghníomhach ar na meáin shóisialta agus úsáideann sé an t-ardán seo chun a thacaíocht do Putin agus don oibríocht a chur in iúl, chun béim a leagan go seasann muintir DPR agus LPR leis an Rúis, chun éilimh faoi chinedhíothú i réigiún Donbass a scaipeadh agus chun a rá nach mór fórsaí na hÚcráine a scriosadh go hiomlán.

I bhfianaise a thionchair pholaitiúil, tá Zabolotnev freagrach as fuath a ghríosú i leith na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1220.

Nikolay Timofeevich VELIKDAN

(Николай Тимофеевич ВЕЛИКДАНЬ)

Dáta breithe: 6.3.1956

Áit bhreithe: Sovetskoye Runo, Ipatovsky District, Stavropol Territory, iarUSSR, (Russian Federation anois

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Nikolay Timofeevich Velikdan ina Chathaoirleach ar Stavropol Regional Duma ón 30 Meán Fómhair 2021. Is comhalta é den Stavropol Regional Duma ón 19 Meán Fómhair 2021 agus is é an chéad Leas-Chathaoirleach den Government of the Stavropol Territory. Is comhalta é de ‘United Russia’, páirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil, agus den Presidium of the Regional Political Council of the Party.

Ina ráitis ar shuíomhanna gréasáin nuachta réigiúnacha na Rúise, Bez Formata agus Stapravda, thacaigh sé go poiblí leis an ionradh ar an Úcráin agus chuir sé chun cinn é trí bholscaireacht a scaipeadh maidir le hionradh na Rúise agus trí léargas saofa ar an staid san Úcráin a scaipeadh. Spreagann sé rannpháirtíocht san ‘oibríocht speisialta’. Mar dhuine de na hoifigigh is airde agus mar Chathaoirleach ar Stavropol Regional Duma, tá tionchar suntasach aige.

I bhfianaise a thionchar polaitiúil, tá Velikdan freagrach as fuath a ghríosú i gcoinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1221.

Dmitryi Vladimirovich KHOLIN

(Дмитрий Владимирович ХОЛИН)

Dáta breithe: 25.9.1977

Áit bhreithe: Kuybyshev, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is comhalta de de Samara Provincial Duma é Kholin, áit a bhfuil sé ina Chathaoirleach ar an Regulations Committee. Ó 2020 go 2021 bhí sé ina cheann ar Executive Committee of the Samara Regional Branch den pháirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil, ‘United Russia’. Is comhalta é freisin den Samara-Regional Branch den eagraíocht phoiblí uile-Rúise ‘Combat Brotherhood’ (eagraíocht d’iarthrodaithe).

Trína chainéil ar na meáin sóisialta, agallaimh phoiblí agus léachtaí, tugann Kholin údar, cosaint agus tacaíocht oscailte d’fhogha na Rúise faoin Úcráin. Déanann sé cumarsáid go hoscailte go dtacaíonn sé go daingean le hUachtarán Putin, agus mar thoradh air sin tá patrún de ghríosú poiblí córasach uaidh a thacaíonn le hoibríochtaí míleata na Rúise.

Go sonrach, tá ról lárnach ag Kholin maidir leis an scéal ar son na Rúise a scaipeadh i measc daoine óga agus daltaí óga arm. Fágann sé sin go bhfuil sé freagrach as bolscaireacht agus bréagaisnéis a scaipeadh ar son na Rúise maidir leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le ról gníomhach a imirt maidir le tacaíocht intíre a ghnóthú d’fheachtas míleata na Rúise. Bunaithe ar na gníomhaíochtaí sin, tá Vladimirovich Kholin freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1222.

Sergey Evgenievich TSIVILEV

(Сергей Евгеньевич ЦИВИЛЕВ)

Dáta breithe: 21.9.1961

Áit bhreithe: Zhdanov (Mariupol), iarUSSR (Ukraine anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Sergey Evgenievich Tsivilev ina ghobharnóir ar réigiún Kemerovo agus is pearsa phoiblí é a bhfuil cáil air.

Agus é i láthair ag imeachtaí poiblí, tugann Tsivilev údar, cosaint agus tacaíocht oscailte d’fhogha na Rúise faoin Úcráin. Déanann sé cumarsáid go hoscailte go tacaíonn sé go daingean le hUachtarán Putin, agus mar thoradh air sin tá patrún de ghríosú poiblí córasach uaidh a thacaíonn le hoibríochtaí míleata na Rúise.

De bharr an tionchair pholaitiúil atá aige, tá sé freagrach as bolscaireacht agus bréagaisnéis a scaipeadh ar son na Rúise maidir leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le ról gníomhach a imirt maidir le tacaíocht intíre a ghnóthú d’fheachtas míleata na Rúise. Chuir Tsivilev in iúl go hoscailte go dtacaíonn sé le cinneadh Uachtarán na Rúise aitheantas a thabhairt do neamhspleáchas Phoblachtaí Luhansk agus Donetsk, mar a thugtar orthu. Bunaithe ar na gníomhaíochtaí sin, tá Sergey Evgenievich Tsivilev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1223.

Roman Alexandrovich GOVOR

(Роман Александрович ГOBOP)

Dáta breithe: 22.11.1982

Áit bhreithe: Novokuznetsk, Kemerovskaya Oblast, iarUSSR, Russian Federation anois

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is comhalta den Legislative Assembly den Kemerovo Region – Kuzbass é Roman Alexandrovich Govor. Is comhalta é de ‘United Russia’, an páirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil.

Ina ráitis ar Rutube agus ar a chuntas VKontakte, tacaíonn Govor go poiblí leis an gcinneadh ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Tá bolscaireacht an réimis á cur chun cinn go gníomhach aige freisin.

I bhfianaise a thionchar polaitiúil, tá Govor freagrach as fuath a ghríosú i gcoinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1224.

Roman Sergeevich CHUYKO

(Роман Сергеевич ЧУЙКО)

Dáta breithe: 12.5.1983

Áit bhreithe: Blagoveshchensk, iarUSSR, (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Roman Sergeevich Chuyko ina cheann ar Regional Executive Committee den All-Russian People's Front, agus is comhalta é den regional Legislative Assembly in Tuymen Oblast. Is comhalta é de ‘United Russia’, an páirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil.

Mar Cheann ar an Regional Executive Committee ina réigiún, cuireann Chuyko in iúl arís agus arís eile go dtacaíonn sé le hionradh na Rúise ar an Úcráin, scaipeann sé teachtaireachtaí bolscaireachta agus cáineann sé údaráis na hÚcráine mar Naitsithe ar ardáin na meán sóisialta, ar chainéil réigiúnacha teilifíse agus ar shuíomhanna gréasáin ghníomhaireachtaí nuachta.

I bhfianaise a thionchar polaitiúil, tá Chuiko freagrach as fuath a ghríosú i goinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1225.

Viktor Vladimirovich BABENKO

(Виктор Владимирович БАБЕНКО)

Dáta breithe: 14.10.1968

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Viktor Vladimirovich Babenko ina Chathaoirleach ar Sverdlovsk Regional Council of Supporters of the ‘United Russia’ Party. Is comhalta é de Legislative Assembly de Sverdlovsk Region agus is Leas-Rúnaí Sverdlovsk Regional Branch de United Russia é. Is príomhpholaiteoir réigiúnach é Babenko ón bpáirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil, ‘United Russia’, in Sverdlovsk oblast.

Ó thús ionradh na Rúise i mí Feabhra tá Babenko ag tacú go gníomhach leis an oibríocht sna meáin shóisialta, in agallaimh scríofa agus in óráidí ag imeachtaí áitiúla. Spreagann sé muintir Sverdlovsk chun tacú le ‘Oibríocht Speisialta na Rúise i gcoinne an náisiúnachais agus an fhaisisteachais’.

I bhformhór na ngrianghraf de, tá sé le feiceáil ag caitheamh t-léine le lógó ionradh na Rúise, ‘Z’. Ina theannta sin, tá bolscaireacht agus ráitis bhréagacha maidir le himeachtaí na hoibríochta míleata scaipthe roinnt uaireanta ag Babenko.

I bhfianaise a thionchar polaitiúil, tá Babenko freagrach as fuath a ghríosú i gcoinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1226.

Yury Alexandrovich BURLACHKO

(Юрий Александрович БУРЛАЧКО)

Dáta breithe: 8.6.1961

Áit bhreithe: Omsk, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Yury Alexandrovich Burlachko ina chathaoirleach ar an Legislative Assembly de Krasnodar Krai (réigiún) ó 2017 agus is é an teachta parlaiminte is airde i Legislative Assembly de Krasnodar Krai. Is comhalta é de ‘United Russia’, an páirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil.

Scaip Burlachko bolscaireacht na Creimile i gcoinne na hÚcráine i roinnt agallamh agus chuir sé in iúl go dtacaíonn sé le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuireann sé in iúl go dtacaíonn sé go hiomlán leis an Uachtarán agus é ag iarraidh ‘an Naitsíochas a ghlanadh d’Úcráin na linne seo’. Thairis sin, maíonn Burlachko go raibh ról gníomhach aige sna próisis toghcháin sa Chrimé in 2014. Fuair sé roinnt bonn agus gradam amhail Gratitude of the President of the Russian Federation (2004, 2014, 2017), an bonn For the Return of Crimea (2014) agus bonn an Ordaithe ‘For Merit to the Fatherland’.

I bhfianaise a thionchar polaitiúil, tá Babenko freagrach as fuath a ghríosú i gcoinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Anuas ar sin, tá sé ag baint tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

21.7.2022

1227.

Yury Zimelevich KAMALTYNOV

(Юрий Зимелевич КАМАЛТЫНОВ)

Dáta breithe: 11.3.1957

Áit bhreithe: Kazan, Republic of Tatarstan, iarUSSR, Russian Federation anois

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Yury Zimelevich Kamaltynov ina Leas-Chathaoirleach ar State Council of the Republic of Tatarstan. Roimhe sin, bhí sé ina Leas-Phríomh-Aire ar Republic of Tatarstan agus mar ionadaí lánchumhachtach ar Uachtarán Republic of Tatarstan i State Council of the Republic of Tatarstan. Is comhalta é de ‘United Russia’, an páirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil.

Ina ráitis ar ardáin na meán áitiúil agus réigiúnach, thacaigh Kamaltynov go poiblí leis an gcinneadh ionradh a dhéanamh ar an Úcráin agus chuir sé chun cinn é.

I bhfianaise a thionchar polaitiúil, tá Kamaltynov freagrach as fuath a ghríosú i gcoinne na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1228.

Sergey Vitalyevich BEZRUKOV

(Сергей Витальевич БЕЗРУКОВ)

Dáta breithe: 18.10.1973

Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is aisteoir agus polaiteoir Rúiseach é Sergey Bezrukov. Tá sé ar dhuine d’aghaidheanna poiblí an ‘United Russia’ Party agus ina chathaoirleach ar thionscadal an pháirtí sin dar teideal ‘Culture of the little homeland project’ [Tionscadal chultúr na tíre bige dúchais]. Scaip sé bolscaireacht na Rúise chun tacú le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Thacaigh sé le hionradh na Rúise ar an Úcráin le linn léirithe os comhair shaighdiúirí na Rúise a ghlac páirt sa chogadh, agus leanaí ó Dhaon-Phoblachtaí scarúnaíocha, mar a ghairtear dóibh, i réigiún Donbas. Thairis sin, chuir sé in iúl go poiblí go dtacaíonn sé le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1229.

Vladimir Lvovich MASHKOV

(Владимир Львович МАШКОВ)

Dáta breithe: 27.11.1963

Áit bhreithe: Tula, Russian Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is aisteoir, stiúrthóir agus scríbhneoir scáileáin Rúiseach é Vladimir Mashkov, a thacaigh go gníomhach leis an gcogadh foghach atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. D’fhormhuinigh sé go hoifigiúil iarracht an Uachtaráin Vladimir Putin lena atofa in 2018 agus bhí sé ina ionadaí toghcháin aige. Ainmníodh é mar chomhalta ar an Presidential Council for Culture and Art [Comhairle an Uachtaráin um Chultúr agus Ealaín]. Thacaigh sé freisin le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol agus leis an aitheantas a thug an Rúis do na Daon-Phoblachtaí scarúnaíocha, mar a ghairtear dóibh, in Donbas.

Ghlac sé páirt san imeacht bolscaireachta chun tacú le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, a bhí ar siúl an 18 Márta 2022 i Staid Luzhniki i Moscó. Ina theannta sin, shuiteáil sé an tsiombail mhíleata ‘Z’, atá á úsáid ó shin ag bolscaireacht na Rúise chun ionradh na Rúise ar an Úcráin a chur chun cinn, ar aghaidh amharclann Oleg Tabakov i Moscó.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022”.

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

“102.

AVLITA Stevedoring Company

Seoladh: Prymorska Street 2h, Sevastopol, Crimea, Ukraine

Cuireann AVLITA Stevedoring Company seirbhísí ar fáil a bhaineann le grán a luchtú ar longa i gcalafort Sevastopol sa Chrimé, a d’ionghabháil an Rúis go neamhdhleathach. Tá sé doiciméadaithe i dtuairiscí iomadúla go raibh baint aige le grán a goideadh ó na feirmeoirí agus ó stát na hÚcráine ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil na Rúise, nó a ceannaíodh faoi éigeantas ó fheirmeoirí Úcránacha, a luchtú ar longa. Tá Avlita freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme .

21.7.2022

103.

Nightwolves MC

(Моторклуб Ночные Волки“)

Seoladh: Nizhniye Mnevniki, 110, Bike Centre, Moscow, Russian Federation

An cineál eintitis: Grúpa Gluaisrothaíochta

Áit chláraithe: Russian Federation

Dáta clárúcháin: 1989

Is club náisiúnta gluaisrothaíochta é Nightwolves MC a bunaíodh i Moscó in 1989 agus a bhfuil tuairim is 45 chraobh aige ar fud an domhain, lena n-áirítear in go leor Ballstát an Aontais Eorpaigh. Ghlac Nightwolves MC páirt ghníomhach i bhfogha míleata na Rúise faoin Úcráin trí thacaíocht phoiblí a thabhairt d’ionghabháil na Crimé in 2014 agus don chogadh i gcoinne na hÚcráine in 2022, trí bholscaireacht i gcoinne na hÚcráine agus ar son na Rúise a leathadh go gníomhach agus trí bheith ag troid i bpáirt le grúpaí atá ar son na Rúise san Úcráin, nó trí thacú leo, tar éis ionghabháil na Crimé agus chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2022. Is foinse bharrthábhachtach tacaíochta de chuid rialtas na Rúise é an grúpa, agus tacaíonn sé go gníomhach le bolscaireacht stáit na Rúise sa Rúis, chomh maith leis an Eoraip agus sna Balcáin Thiar, agus séanann sé go poiblí ceart na hÚcráine chun státachta agus iarrann sé ‘dínaitsiú’ na tíre, agus iarrann sé freisin go ndéanfaí an tír a ‘dhí-Úcránú’, ag cur chun cinn an smaoinimh gur cheart don Úcráin a bheith mar dhlúthchuid den Rúis.

Tá dlúthnaisc ag an ngrúpa freisin le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, agus le rialtas na Rúise agus fuair sé cistiú stáit ón gCreimil idir 2013 agus 2015. Dá bhrí sin, is eintiteas nó comhlacht é Nightwolves a thacaíonn, go hábharach, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, is eintitis é atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus de chobhsaíocht agus de shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme

21.7.2022

104.

The Alexander Gorchakov Public Diplomacy Fund

(Фонд общественной дипломатии Александра Горчакова)

Seoladh: 10/1 Yakovoapostolsky pereulok, Moscow 105064, Russian Federation

An cineál eintitis: Eagraíocht Neamhrialtasach

Áit chláraithe: Moscow

Dáta clárúcháin: Feabhra, 2010

Cláruimhir: 1107799026752

Bhunaigh Uachtarán na Rúise, Dmitry Medvedev, the Alexander Gorchakov Public Diplomacy Fund in 2010. Is í Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Rúise bunaitheoir an Chiste agus is é an tAire Gnóthaí Eachtracha ceann an bhoird iontaobhaithe. Is í an Aireacht a chistíonn an Gorchakov Fund, agus tugann sé sin cistiú dá réir sin do mheithleacha machnaimh agus do GONGOanna.

Tá an Gorchakov Fund ceaptha le tacú le comhthíreacha Rúiseacha sa spás iar-Shóivéideach i gcomhréir le cuspóirí idé-eolaíochta na Creimile. Is gnéithe tábhachtacha de dhioscúrsa bheartas eachtrach na Rúise iad na tionscadail a d’eagraigh an Gorchakov Fund. In 2015, dhún Rialtas na hÚcráine Oifig The Gorchakov Public Diplomacy Fund i gCív mar gheall ar bholscaireacht i gcoinne an stáit.

Dá bhrí sin, tá The Gorchakov Public Diplomacy Fund freagrach as tacú go gníomhach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus as tairbhe a bhaint as.

21.7.2022

105.

The Federal Agency for the Commonwealth of Independent States Affairs, Compatriots Living Abroad, and International Humanitarian Cooperation (Rossotrudnichestvo)

(Федеральное агентство по делам Содружества Независимых Государств, соотечественников, проживающих за рубежом, и по международному гуманитарному сотрудничеству (Россотрудничество)

Seoladh Ceanncheathrú: Russian Federation, 119019, Moscow, Vozdvizhenka Str. 18/9

Teileafón: +7 (495) 690-12-45

Ríomhphost: rossotr@rs.gov.ru

Suíomh gréasáin: https://rs.gov.ru

An cineál eintitis: Gníomhaireacht de chuid Rialtas Cónaidhme na Rúise

Áit chláraithe: Russian Federation, 119019, Moscow, Vozdvizhenka Str. 18/9

Dáta clárúcháin: 6.9.2008

Is comhlacht feidhmiúcháin cónaidhme é The Federal Agency for the Commonwealth of Independent States Affairs, Compatriots Living Abroad, and International Humanitarian Cooperation (Rossotrudnichestvo) atá freagrach as seirbhísí stáit a chur ar fáil agus maoin stáit a bhainistiú chun tacú leis an gcaidreamh idirnáisiúnta idir Cónaidhm na Rúise agus Ballstáit Chomhlathas na Stát Neamhspleách agus tíortha eachtracha eile, agus chun an caidreamh sin a fhorbairt..

Is é an phríomhghníomhaireacht stáit é a chuireann cumhacht bhog agus tionchar hibrideach na Creimile chun cinn, lena n-áirítear cur chun cinn choincheap ‘Russkiy Mir’, mar a thugtar air. Le blianta fada anuas, tá sé ag gníomhú mar bhrateagraíocht do líonra comhthíreach Rúiseach agus gníomhairí tionchair, agus cistíonn sé tionscadail éagsúla taidhleoireachta agus bolscaireachta, rud a chomhdhlúthaíonn gníomhaíochtaí na ngníomhaithe Rúiseacha a scaipeann insintí na Creimile, lena n-áirítear an t-athbhreithnitheachas stairiúil.

Eagraíonn Rossotrudnichestvo imeachtaí idirnáisiúnta go gníomhach, imeachtaí darb aidhm comhdhlúthú a dhéanamh ar thuiscint níos leithne an phobail gur críocha Rúiseacha iad críocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil. Tá sé léirithe go soiléir ag Ceann agus Leas-Cheann Rossotrudnichestvo go dtacaíonn siad le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Rossotrudnichestvo freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, nó as na gníomhaíochtaí nó na beartais sin a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tá sé freagrach as tacú, go hábharach agus ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus as tairbhe a bhaint as.

21.7.2022

106.

Russkiy Mir Foundation

(Фонд "Русский мир")

Seoladh: 119285 Mosfilmovskaya Str. 40A, Moscow, Russian Federation

Teileafón: +7 (495) 981-5680

Ríomhphost: info@russkiymir.ru

Suíomh gréasáin: https://russkiymir.ru

An cineál eintitis: Gníomhaireacht de chuid Rialtas Cónaidhme na Rúise

Dáta clárúcháin: 31.8.2007

Is é Rialtas Chónaidhm na Rúise a chruthaigh agus a mhaoiníonn an ‘Russkiy Mir’ Foundation. Bhain Cónaidhm na Rúise úsáid as chun a leasanna a chur chun cinn sna tíortha iar-Shóivéadacha.

Is é an sainordú oifigiúil atá aige teanga agus cultúr na Rúise a chur chun cinn ar fud an domhain ach bhain an Chreimil úsáid as an bhFondúireacht mar uirlis thábhachtach tionchair a chuireann clár oibre atá bunaithe ar an Rúis chun cinn i dtíortha an iar-Aontais Shóivéadaigh, a shéanann dlisteanacht na hÚcráine mar náisiún ceannasach, agus a mholann go n-aontófaí í leis an Rúis.

Scaip an Russkiy Mir Foundation bolscaireacht ar son na Creimile agus i gcoinne na hÚcráine, agus chosain sé an fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin. Sna heisiúintí oifigiúla uaidh, thacaigh sé freisin le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol agus leis an aitheantas a thug an Cónaidhm na Rúise do na ‘Daon-Phoblachtaí’ scarúnaíocha, mar a ghairtar dóibh, i réigiún Donbas.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Bhain sé tairbhe freisin as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

21.7.2022

107.

JSC Research and Production Association ‘Kvant’

(Акционерное общество Научно-производственное объединение "Квант")

Seoladh: Bolshaya Sankt-Peterburgskaya Str. 73, 173000 Veliky Novgorod, Russian Federation

Teileafón: (8162) 681303

Ríomhphost: ok@kvant-vn.ru

Is cuideachta Rúiseach é ‘Kvant’ JSC atá ag feidhmiú san earnáil mhíleata agus a tháirgeann córais cogaíochta leictreonaí d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Rinne sé córas cogaíochta leictreonaí Krasucha-4 a chomhdhearadh agus a chomhtháirgeadh agus mhonaraigh sé an trealamh do chóras cogaíochta leictreonaí Rtut-BM. Bhain Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise úsáid as córais cogaíochta leictreonaí Krasucha-4 agus Rtut-BM le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go hábharach le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thacaigh sé freisin, go hábharach, le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, nó bhain sé tairbhe as.

21.7.2022

108.

Sberbank

(Сбербанк)

Seoladh: 19 Vavilova St., 117997 Moscow, Russian Federation

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic poiblí

Áit chláraithe: 19 Vavilova St., 117997 Moscow, Russian Federation

Dáta clárúcháin: 22.3.1991

Cláruimhir: 1027700132195

Is institiúid mhór airgeadais é Sberbank sa Rúis. Is é Banc Ceannais na Rúise an scairshealbhóir is mó de chuid Sberbank. Bhí príomhoifigeach feidhmiúcháin an bhainc ina Aire Eacnamaíoch agus Trádála sa Rúis faoi Uachtarán Putin ó 2000 go 2007 agus is é Aire Airgeadais na Rúise atá mar Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an bhainc. Thairis sin, mar an banc is mó sa Rúis (lena mbaineann an ceathrú cuid de shócmhainní baincéireachta comhiomlána agus an tríú cuid de chaipiteal baincéireachta na Rúise), agus atá faoi úinéireacht rialtas na Rúise den chuid is mó, gineann Sberbank ioncam ard do rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, is eintiteas nó comhlacht é Sberbank a thacaíonn ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine, agus a bhaineann tairbhe as an méid sin, agus is duine dlíthiúil, eintiteas nó comhlacht é chomh maith a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

21.7.2022

109.

FORSS Group of Companies

(Группа компаний ФОРСС)

Seoladh: Magnitogorskaya street 51, lit. E, 195027, St. Petersburg, Russian Federation

Teileafón: (+7812) 605-00-78

Suíomh gréasáin: http://www.forss.ru/eng

Ríomhphost: info@forss-marine.ru

Is cuideachta Rúiseach é FORSS a chuireann seirbhísí innealtóireachta ar fáil don tionscal longthógála. Comhlíonann sé orduithe arna ndéanamh ag Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Ghlac sé páirt i bhforbairt tionscadail ‘Vasily Bykov’ de chuid Black Sea Fleet. Bhain an tionscadail sin le 22 160 longa patróil a thógáil ag Zelenodolsk Shipyard agus ar bhain Cabhlach na Rúise úsáid astu le linn an chogaidh fhoghaigh atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go hábharach le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thacaigh sé freisin, go hábharach; le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus bhain sé tairbhe as.

21.7.2022

110.

All-Russia ‘Young Army’ Military Patriotic Social Movement

(Всероссийское военно-патриотическое общественное движение «Юнармия»)

dá ngairtear freisin Yunarmiya

(Юнармия)

Seoladh: 1st Krasnokursantskiy passage, 1/4, Building 1, Moscow, Russian Federation, 111033

Teileafón: +7 (495) 106-75-75

Suíomh gréasáin: https://yunarmy.ru/

Ríomhphost: info@yunarmy.ru

Eagraíocht pharaimíleata Rúiseach é All-Russia ‘Young Army’ Military Patriotic Social Movement (Yunarmiya). Thacaigh Yunarmiya agus a chomhaltaí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus scaip sé bolscaireacht na Rúise maidir leis an gcogadh. Bhain Yunarmiya úsáid as an tsiombail mhíleata ‘Z’ atá in úsáid i mbolscaireacht na Rúise chun ionradh na Rúise ar an Úcráin a chur chun cinn.

Le tacaíocht ó Aireachtaí Cosanta agus Oideachais Chónaidhm na Rúise, d’eagraigh Yunarmiya feachtas inar iarradh ar pháistí scoile litreacha a scríobh chuig na saighdiúirí Rúiseacha a ghlac páirt in ionradh na Rúise ar an Úcráin. Thairis sin, bhailigh sé bronntanais do na trúpaí a throid sa chogadh. Ina theannta sin, d’eagraigh sé campaí samhraidh do leanaí ar chríoch Leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó as na gníomhaíochtaí nó na beartais sin a chur chun feidhme.

21.7.2022”.