12.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 185/65


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1195 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Iúil 2022

lena mbunaítear bearta chun Synchytrium endobioticum (Schilbersky) Percival a dhíothú agus chun a leathadh a chosc

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (a) go (h), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/2031 cuirtear bonn ar fáil le haghaidh reachtaíocht an Aontais maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí. Toisc go mbunaítear sraith nua rialacha leis an Rialachán sin, aisghairtear leis, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022, roinnt gníomhartha a bhí bunaithe ar na rialacha a bhí san earnáil roimhe sin.

(2)

Ceann de na gníomhartha aisghairthe sin is ea Treoir 69/464/CEE ón gComhairle (2), ar gníomh í lena leagtar amach bearta i gcoinne Synchytrium endobioticum (Schilbersky) Percival (“an lotnaid shonraithe”), oibreán pataigineach an ghalair fhadharcáin prátaí.

(3)

Anuas air sin, ó glacadh an Treoir sin, tharla forbairtí nua teicneolaíocha agus eolaíocha maidir le bitheolaíocht agus dáileadh na lotnaide sonraithe, agus forbraíodh modhanna nua tástála chun í a bhraith agus chun í a shainaithint, agus formheasadh modhanna eile chun í a dhíothú agus chun a leathadh a chosc.

(4)

Dá bhrí sin, is iomchuí bearta nua a ghlacadh i ndáil le plandaí Solanum tuberosum L., seachas síolta (“na plandaí sonraithe”), chun an lotnaid shonraithe a dhíothú i láithreáin táirgthe inmhíolaithe i gcás ina n-aimsítear í i gcríoch an Aontais agus chun a leathadh a chosc. Mar sin féin, tá bearta áirithe a leagtar síos i dTreoir 69/464/CEE, go háirithe na bearta a bhaineann leis an lotnaid shonraithe a bhrath agus lena leathadh a chosc, tá na bearta sin fós iomchuí agus ba cheart foráil a dhéanamh ina leith dá bhrí sin.

(5)

Ba cheart do na húdaráis inniúla suirbhéanna rioscabhunaithe a dhéanamh gach bliain chun féachaint an bhfuil an lotnaid shonraithe ann, trí amharc-chigireacht ar a laghad, ar thiúbair sna láithreáin táirgthe ina bhfástar nó ina stóráiltear plandaí sonraithe, ionas go sainaithneofar agus go ndíothófar an lotnaid shonraithe má aimsítear iontu í.

(6)

Is iomchuí go n-áirítear sna rialacha maidir le suirbhéanna forálacha maidir le sampláil agus tástáil i ndáil le láithreacht na lotnaide sonraithe, arna ndéanamh i gcomhréir leis na forbairtí teicniúla agus eolaíocha is déanaí. Ba cheart na rialacha maidir le suirbhéanna bliantúla a chur in oiriúint don úsáid atá beartaithe do na plandaí sonraithe chun a áirithiú go ndéanfar amharc-chigireacht, sampláil agus tástáil ag an am is iomchuí agus faoi na dálaí is oiriúnaí i dtaca le gach planda agus a úsáid.

(7)

Ba cheart taifead oifigiúil a dhéanamh de na láithreáin táirgthe a bhfaightear amach go bhfuil siad inmhíolaithe leis an lotnaid shonraithe, agus ba cheart na plandaí ionfhabhtaithe a ainmniú go hoifigiúil ina bplandaí ionfhabhtaithe, chun a áirithiú go rialófar iad go trédhearcach agus go gcuirfear i bhfeidhm na bearta iomchuí chun an lotnaid shonraithe a dhíothú agus a leathadh a chosc.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh maidir le láithreáin táirgthe inmhíolaithe agus plandaí ionfhabhtaithe, chun a áirithiú go ndíothófar an lotnaid shonraithe agus nach leathfaidh sí a thuilleadh. Ar na bearta sin ba cheart go n-áireofaí limistéir críochaithe a bhunú agus bearta iomchuí a bhunú le haghaidh samplála, tástála agus cigireachtaí.

(9)

Ba cheart cineálacha prátaí a ainmniú mar chineálacha atá frithsheasmhach in aghaidh pataitíopa ar leith de chuid na lotnaide sonraithe, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Ba cheart an tástáil le haghaidh na frithsheasmhachta sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prótacail theicniúla is nuashonraithe. Tá an t-ainmniú sin riachtanach mar cheann de na bearta a dhéantar chun an lotnaid shonraithe a dhíothú ó limistéir chríochaithe.

(10)

Ba cheart na bearta a ghlactar chun an lotnaid shonraithe a dhíothú a chúlghairm má fhaightear go bhfuil na limistéir chríochaithe saor ón lotnaid shonraithe nó tar éis tréimhse feithimh iomchuí nár fásadh aon phlanda óstach lena linn. Is cur chuige comhréireach é seo, i bhfianaise an riosca diomaibhseach fíteashláintíochta maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe sna limistéir sin.

(11)

Ionas go mbeidh forléargas ag an gCoimisiún ar na bearta a ghlacann na Ballstáit san Aontas agus chun go ndéanfaidh na Ballstáit a mbearta a oiriúnú de réir mar is gá, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, faoin 31 Eanáir gach bliain, faoi liosta de gach cineál nua práta ar chinn siad, trí thástáil oifigiúil, go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh na lotnaidí sonraithe le linn na bliana roimhe sin.

(12)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go mbeidh feidhm aige a luaithe is féidir tar éis aisghairm Threoir 69/464/CEE.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar amach bearta chun Synchytrium endobioticum (Schilbersky) Percival a dhíothú, agus chun a leathadh laistigh de chríoch an Aontais a chosc.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “lotnaid shonraithe”Synchytrium endobioticum (Schilbersky) Percival;

(2)

ciallaíonn “plandaí sonraithe” plandaí Solanum tuberosum L. seachas síolta.

Airteagal 3

Suirbhéanna agus tástálacha saotharlainne ar an lotnaid shonraithe

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhéanna rioscabhunaithe gach bliain chun féachaint an bhfuil an lotnaid shonraithe ann, trí amharc-chigireacht ar a laghad, ar thiúbair sna láithreáin táirgthe ina bhfástar nó ina stóráiltear plandaí sonraithe.

2.   I gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil plandaí sonraithe ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe, tógfar agus tástálfar samplaí chun a bhrath an ann don lotnaid shonraithe, trí úsáid a bhaint as na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.   Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin 30 Aibreán gach bliain maidir le torthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1, ar suirbhéanna iad a cuireadh i gcrích i gcaitheamh na bliana féilire roimhe sin. Tuairisceoidh siad na torthaí sin i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Ainmniú na láithreán táirgthe inmhíolaithe agus plandaí sonraithe ionfhabhtaithe

1.

Ainmneoidh na húdaráis inniúla láithreán táirgeachta mar inmhíolaithe leis an lotnaid shonraithe i gcás ina ndearnadh láithreacht na lotnaide sonraithe sa láithreán sin a dheimhniú go hoifigiúil leis na tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

2.

Plandaí sonraithe a fhástar i láithreán táirgthe a ainmnítear mar láithreán inmhíolaithe leis an lotnaid shonraithe nó a bhí i dteagmháil le hithir inar aimsíodh an lotnaid shonraithe, ainmneofar na plandaí sonraithe sin go hoifigiúil mar phlandaí ionfhabhtaithe.

Airteagal 5

Limistéar críochaithe a bhunú

1.   I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil go bhfuil an lotnaid shonraithe i láthair, déanfaidh na húdaráis inniúla, gan mhoill, limistéar a chríochú i gcomhréir le mír 2. Cinnfidh siad an pataitíopa de réir na modhanna a leagtar síos i bpointe 5 d’Iarscríbhinn I.

2.   Is éard a bheidh sa limistéar críochaithe:

(a)

crios inmhíolaithe, lena n-áirítear ar a laghad an láithreán táirgthe atá ainmnithe mar inmhíolaithe; agus

(b)

crios maolánach, timpeall ar an gcrios inmhíolaithe.

Beidh teorannú an chreasa mhaolánaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), bunaithe ar phrionsabail eolaíocha fhónta, bitheolaíocht na lotnaide sonraithe, an leibhéal inmhíolaithe, dáileadh agus minicíocht saothraithe na bplandaí sonraithe sa limistéar lena mbaineann, na dálaí comhshaoil agus geografacha, mar aon leis an riosca sonrach go scaipfear spóir dhíomhaoine.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla imscrúduithe iomchuí chun tionscnamh an ionfhabhtaithe a shainaithint. Rianóidh siad na plandaí sonraithe a bhaineann le cás an ionfhabhtaithe lena mbaineann, lena n-áirítear na plandaí a aistríodh sular bunaíodh an limistéar críochaithe.

4.   Laistigh den limistéar críochaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla feasacht a mhúscailt i measc oibreoirí gairmiúla maidir leis an mbagairt a bhaineann leis an lotnaid shonraithe, agus maidir leis na bearta a ghlacfar chun í a dhíothú agus a leathadh a chosc lasmuigh den limistéar sin. Áiritheoidh siad go bhfuil oibreoirí gairmiúla ar an eolas faoi theorannú an limistéir chríochaithe, an limistéir inmhíolaithe agus an chreasa mhaolánaigh, agus faoi forálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 6

Bearta díothaithe

1.   Déanfar plandaí sonraithe a thagann ó chrios inmhíolaithe a dhíothú nó a phróiseáil faoi dhálaí sábháilte chun leathadh breise na lotnaide sonraithe a chosc. Mura féidir a thuilleadh an láthair táirgthe as a dtagann plandaí sonraithe ionfhabhtaithe a chinneadh, déanfar an luchtóg iomlán inar aimsíodh na plandaí sonraithe ionfhabhtaithe a dhíothú nó a phróiseáil faoi choinníollacha a chuireann cosc ar leathadh breise na lotnaide sonraithe.

2.   I gcrios inmhíolaithe, beidh feidhm ag gach ceann de na bearta seo a leanas:

(a)

ní dhéanfar aon phlanda sonraithe a phlandú, a fhás ná a stóráil;

(b)

ní dhéanfar aon phlandaí eile atá beartaithe lena n-athphlandú lasmuigh den chrios inmhíolaithe a fhás ná a stóráil, sa talamh nó in aon áit eile;

(c)

déanfar an ithir a bhaint ó phlandaí seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), trí mhodhanna iomchuí lena n-áiritheofar nach bhfuil aon riosca inaitheanta ann go scaipfí an lotnaid shonraithe, sula n-aistreofar na plandaí sin ón gcrios inmhíolaithe isteach sa chrios maolánach, nó amach as an limistéar críochaithe, nó díreach ina dhiaidh sin;

(d)

glanfar innealra ó smionagar ithreach agus plandaí sula n-aistreofar é amach as an gcrios inmhíolaithe nó díreach ina dhiaidh sin agus sula dtiocfaidh sé isteach in aon láthair táirgthe atá suite sa chrios maolánach nó lasmuigh den limistéar críochaithe;

(e)

ní fhéadfar ithir ná smionagar ar bith de thionscnamh creasa inmhíolaithe a bhogadh agus a úsáid ná a fhágáil lasmuigh den chrios sin ach amháin faoi choinníollacha lena n-áiritheofar nach bhfuil aon riosca inaitheanta ann go scaipfear an lotnaid shonraithe.

3.   Ní fhéadfar plandaí seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) nach ndearnadh an ithir a bhaint díobh a aistriú amach as an limistéar críochaithe ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

iompraítear iad chun an ithir a bhaint de na plandaí sin trí mhodhanna iomchuí lena n-áirithítear nach bhfuil aon riosca inaitheanta ann go scaipfear an lotnaid shonraithe;

(b)

déantar an ithir a iompar agus a bhaint faoi mhaoirseacht oifigiúil, agus tá bearta iomchuí curtha i bhfeidhm chun scaipeadh na lotnaide sonraithe a chosc go héifeachtach.

4.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

sa chrios maolánach, ní fhásfar aon phlanda atá beartaithe lena athphlandú lasmuigh den limistéar críochaithe;

(b)

sa chrios maolánach, ní fhásfar ach plandaí sonraithe de chineál atá frithsheasmhach in aghaidh phataitíopaí na lotnaide sonraithe a aimsítear sa chrios inmhíolaithe nó in aghaidh gach pataitíopa is eol a bheith ina mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 7, agus seachas chun plandaí sonraithe le haghaidh plandú a tháirgeadh; agus

(c)

aon ithir nó smionagar de thionscnamh na creasa inmhíolaithe, aistreofar nó úsáidfear nó fágfar lasmuigh den chrios sin é faoi dhálaí lena n-áiritheofar nach bhfuil aon riosca inaitheanta ann go scaipfear an lotnaid shonraithe.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sin a luaithe a ghlacfar iad.

Airteagal 7

Cineálacha prátaí atá frithsheasmhach in aghaidh phataitíopaí na lotnaide sonraithe

1.   Ainmneofar cineál práta mar chineál atá frithsheasmhach in aghaidh pataitíopa ar leith de chuid na lotnaide sonraithe, i gcás ina bhfreagraíonn sé ar éilliú ó oibreán pataigineach an phataitíopa sin sa chaoi nach dtáirgtear aon spór díomhaoin.

2.   Déanfar tástáil le haghaidh frithsheasmhachta i gcomhréir leis an bprótacal a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Déanfar méid fhrithsheasmhachta na gcineálacha prátaí a chainníochtú i gcomhréir leis an nodaireacht chaighdeánach scórála a leagtar amach sa tábla in Iarscríbhinn III.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, faoin 31 Eanáir gach bliain, faoi liosta de na cineálacha nua prátaí go léir a d’údaraigh siad lena margú sa bhliain roimhe sin, agus a chinn siad, tríd an tástáil dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh, go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide sonraithe. Luafaidh siad na cineálacha mar aon leis na pataitíopaí a bhfuil siad frithsheasmhach ina leith, chomh maith leis an modh a úsáidtear chun an fhrithsheasmhacht sin a chinneadh.

Airteagal 8

Fógra maidir le láithreacht dheimhnithe na lotnaide sonraithe ar chineál frithsheasmhach práta

1.   Déanfaidh oibreoirí gairmiúla, agus aon duine eile a fhaigheann amach faoi aon siomptóm a bhaineann leis an lotnaid shonraithe, ar siomptóm é a eascraíonn as cliseadh nó athrú ar éifeachtacht cineáil fhrithsheasmhaigh phráta, ar cliseadh nó athrú é a bhaineann le hathrú amhrasta ar phataitíopa na lotnaide sonraithe nó pataitíopa nua, fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla ina leith sin.

2.   I ngach cás a thuairiscítear de bhun mhír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla imscrúdú ar an bpataitíopa atá i gceist, agus deimhneoidh siad, trí úsáid a bhaint as na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III, cibé acu an athrú ar phataitíopa na lotnaide sonraithe nó ar phataitíopa nua is cúis leis an láithreacht.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla taifead den fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus mhír 2 láithreach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, gach bliain faoin 31 Eanáir, faoi shonraí na ndeimhnithe a rinneadh de bhun mhír 2 a mhéid a bhaineann leis an mbliain roimhe sin.

Airteagal 9

Na bearta a chúlghairm

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla na bearta a ghlactar de bhun Airteagal 6 maidir le limistéar críochaithe a chúlghairm i gcás ina mbeidh an limistéar críochaithe sin saor ón lotnaid shonraithe i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

2.   Tar éis na bearta a chúlghairm de bhun mhír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla cigireacht, tráth na buainte, ar an gcéad bharr de phlandaí sonraithe atá soghabhálach do phataitíopa ábhartha na lotnaide sonraithe. Ní dhéanfar an chéad bharr sin a aistriú amach as an limistéar críochaithe go dtí go ndéanfar an chigireacht sin, ach amháin má dhéantar an t-aistriú faoi rialú an údaráis inniúil.

3.   De mhaolú ar mhír 1, agus tar éis 10 mbliana ar a laghad ón uair dheireanach a braitheadh an lotnaid shonraithe i gcodanna sonracha den chrios inmhíolaithe, féadfaidh na húdaráis inniúla na bearta is infheidhme sna codanna sin de na limistéir chríochaithe lena mbaineann a chúlghairm i bpáirt, i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn IV.

4.   De mhaolú ar Airteagal 6(2), pointe (a), i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cúlghairm pháirteach na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 6, féadfar plandaí sonraithe nach bhfuil beartaithe lena bplandú a fhás ar an gcoinníoll go bhfuil siad de chineál atá frithsheasmhach in aghaidh phataitíopaí na lotnaide sonraithe a aimsítear ar an láithreán táirgthe inmhíolaithe nó do gach pataitíopa is eol a bheith sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Treoir 69/464/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1969 maidir le Galar Fadharcáin Phrátaí a rialú (IO L 323, 24.12.1969, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Modhanna tástála chun an lotnaid shonraithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a bhrath agus a shainaithint

1.   Tástáil trí bhíthin spóir

Chun an lotnaid a bhrath agus a aithint, úsáidtear spóragáin an tsamhraidh agus spóir scíthe, a fhaightear ó ithir tar éis criathraithe, nó go díreach ón ábhar plandaí.

2.   Modhanna braite

Maidir le spóir den lotnaid shonraithe a eastóscadh ó ithir, úsáidfear ceann de na modhanna seo a leanas:

(a)

modh criathraithe ithreach, mar a thuairiscítear in Pratt (1976) (1);

(b)

modh criathraithe ithreach, mar atá tuairiscithe ag van Leeuwen et al. (2005) (2);

(c)

teicníc lártheifneora criosanna le haghaidh próiseáil samplaí le tréchur ard, mar a thuairiscítear ag Wander et al. (2007) (3).

3.   Modhanna chun sainaithint a dhéanamh

Tar éis an eastósctha, déanfar spóir na lotnaide sonraithe a shainaithint trí cheann de na modhanna seo a leanas:

(a)

sainaithint mhoirfeolaíoch faoi mhicreascóp éadrom ag formhéadú 100x – 400x;

(b)

PCR traidisiúnta ag baint úsáid as prímeálaigh bunaithe ar Lévesque et al. (2001) (4) agus van den Boogert et al. (2005) (5);

(c)

PCR fíor-ama ag baint úsáide as prímeálaigh agus tóireadóirí de bhun van Gent-Pelzer et al. (2010) (6);

(d)

PCR fíor-ama ag baint úsáid as prímeálaigh agus tóireadóirí de bhun Smith et al. (2014) (7).

4.   Inmharthanacht spór scíthe

Féadfar inmharthanacht na spór scíthe a chinneadh trí scrúdú micreascópach nó trí bhithmheasúnacht. Féadfar inmharthanacht spóragán a chinneadh trí scrúdú micreascópach ar spóragáin suite i laicteaifeanól nó in uisce (Przetakiewicz 2015) (8). Féadfar a mheas gurb inmharthana spóragáin a bhfuil ábhar gráinneach iontu nó protoplasma atá beagán cruinn. Measfar gur marbh atá spóragáin atá plasmalaithe go buan nó nach bhfuil aon inneachar soiléir iontu.

Mar rogha mhalartach, nó i gcás amhrais, féadfar bithmheas, mar a thuairiscítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn IV, a dhéanamh.

5.   Pataitíopaí a chinneadh

Beidh gá le faithní úra chun pataitíopaí a chinneadh.

Déanfar an t-ionaclam don tástáil a tháirgeadh trí cheann de na modhanna seo a leanas:

(a)

modh SASA (Eolaíocht agus Comhairle do Thalmhaíocht na hAlban), ina bhfuil an dá chéim seo a leanas:

(i)

ionaclam a tháirgeadh

Déanfar seanfhíochán faithne (donn) a bhriseadh ina phíosaí níos lú agus a aerthriomú ag teocht an tseomra go dtí go mbeidh sé crua. Déanfar an fíochán crua a mheilt, de láimh nó go meicniúil.

Déanfar an t-ábhar talún a thirimchriathrú, trí mbaileofar an codán ó 25 go 75 μm, agus ansin eastóscfar é trí úsáid a bhaint as modh clóraform Pratt (1976)1;

(ii)

táirgeadh faithní úra

Déanfar tuairim is 10 mg de spóir scíthe eastósctha a chroitheadh ar dhromchla 10 ml d’uisce steiriúil driogtha i mias beag plaisteach Petri agus a ghoradh sa dorchadas ag 20 °C go dtí go dtarlaíonn péacadh.

Cuirfear tiúbair phrátaí le péacáin bheaga idir 1 agus 2 mm ar fhad i mboscaí plaisteacha trédhearcacha, a bheidh líneáilte le páipéar tais agus na péacáin mharcáilte béal in airde. Úsáidfear steallaire chun Vaseline leáite a chur thart ar na péacáin. Beidh an fáinne gan bhriseadh agus beidh sé sách ard chun an fuaidreán spóir a choinneáil gan sileadh.

Déanfar an 10 ml de spóir scíthe gaimíneacha a chaolú a thuilleadh go 20 ml le huisce steiriúil agus cuirfear laistigh de na fáinní é le pípéad nó buidéal go dtí go mbáitear an péacán go hiomlán san fhuaidreán spóir. Clúdófar na boscaí plaisteacha le claibíní agus déanfar iad a ghoradh ar feadh 4 lá ag 10 °C, agus ina dhiaidh sin osclófar na boscaí, bainfear an t-ionaclam agus na fáinní Vaseline agus aistreofar na boscaí go teach gloine ceo-chóireáilte idir 15 agus 18 °C (solas 16 h);

(b)

modh Spiekermann & Kothoff (1924) (9);

(c)

modh Potoček et al. (1991) (10);

(d)

modh Glynne-Lemmerzahl (Glynne 1925 (11); Lemmerzahl 1930 (12); Noble and Glynne 1970 (13)).

Maidir le gach pataitíopaí is eol a bheith ábhartha don Aontas (1(D1), 2(G1), 6(O1), 18(T1) agus 38(Nevșehir), úsáidfear tástáil ionfhabhtaithe dhifreálach le cineálacha éagsúla den phlanda sonraithe mar atá léirithe sa tábla. Déanfar an tástáil ionfhabhtaithe de réir an phrótacail a luaitear faoi phointe (d) (modh Glynne-Lemmerzahl).

Íogaireacht roghnaitheach na saothróg prátaí chun pataitíopaí S. endobioticum a chinneadh

Saothróg

Pataitíopaí S. endobioticum

 

1(D1)

2(G1)

6(O1)

18(T1)

38(Nevşehir)

Tomensa/Evora/Deodara

S

S

S

S

S

Irga/Producent

R

S

S

S

S

Talent

R

R*

R*

S

S

Saphir

R

S

R

R

S

Ikar/Gawin/Karolin/Belita

R

R

R

R

R

“S”:

So-ghabhálach

“R”:

Frithsheasmhach

*:

léiríonn soghabháltacht lag na héagsúlachta i leith S. endobiotic (‘láithreacht na réimsí sori neamh-neacróiseacha gan foirmiú faithní’).


(1)  Pratt MA. 1976. Teicníc fhliuch-criathraithe agus snámhachta chun spóragáin scíthe Synchytrium endobioticum in ithir a bhrath. Annals of Applied Biology 82: 21 – 29.

(2)  van Leeuwen GCM, Wander JGN, Lamers J, Meffert JP, van den Boogert PHJF, Baayen RP. 2005. Scrúdú díreach ar ithir le haghaidh spóragáin de Synchytrium endobioticum ina n-úsáidtear clóraform, clóiríd chailciam agus sulfáit since mar imoibreáin eastósctha. EPPO Bulletin 35: 25 – 31.

(3)  Wander JGN, van den Berg W, van den Boogert PHJF, Lamers JG, van Leeuwen GCM, Hendrickx G, Bonants P. 2007. Teicníc úr ag baint úsáide as lártheifneoir Hendrickx chun spóragáin gheimhridh Synchytrium endobioticum a bhaint as ithir. European Journal of Plant Pathology 119: 165 – 174.

(4)  Lévesque CA, de Jong SN, Ward LJ & de Boer SH (2001) Molecular phylogeny and detection of Synchytrium endobioticum, the causal agent of potato wart. Canadian Journal of Plant Pathology 23: 200–201.

(5)  van den Boogert PHJF, van Gent-Pelzer MPE, Bonants PJM, de Boer SH, Wander JGN, Lévesque CA, van Leeuwen GCM, Baayen RP. 2005. Modhanna braite PCR a fhorbairt don fhíteapataigin choraintín Synchytrium endobioticum, oibreán cúisíoch de ghalar fadharcáin prátaí. European Journal of Plant Pathology 113: 47 – 57.

(6)  van Gent-Pelzer MPE, Krijger M, Bonants PJM. 2010. Measúnú feabhsaithe ar PCR i bhfíor-am maidir leis an bpataigin prátaí choraintín, Synchytrium endobioticum, in eastóscanna lártheifneora creasa ó ithir agus i bplandaí a bhrath. European Journal of Plant Pathology 126: 129 – 133.

(7)  Smith DS, Rocheleau H, Chapados JT, Abbott C, Ribero S, Redhead SA, Lévesque CA, De Boer SH. 2014. Fíligineacht den ghéineas Synchytrium agus forbairt an mheasúnaithe TaqMan PCR chun Synchytrium endobioticum in ithir a bhrath go híogair. Phytopathology 104: 422 – 432.

(8)  Przetakiewicz, J. 2015. The Viability of Winter Sporangia of Synchytrium endobioticum (Schilb.) Perc. Ón bPolainn. American Journal of Potato Research 92:704-708.

(9)  Spieckermann A, Kothoff P. 1924. Prátaí a thástáil le haghaidh friotaíochta faithne. Deutsche Landwirtschaftliche Presse 51: 114 – 115.

(10)  Potoček J, Krajíčková K, Klabzubová S, Krejcar Z, Hnízdil M, Novák F, Perlová V. 1991. Identification of new Synchytrium endobioticum (Schilb.) Perc. pathotypes in Czech Republic. Ochrana Rostlin 27: 191 – 205.

(11)  Glynne MD. 1925. Turgnaimh ionfhabhtaithe ar ghalar fadharcáin prátaí. Synchytrium endobioticum. Annals of Applied Biology 12: 34 – 60.

(12)  Lemmerzahl J. 1930. Modh nua simplithe chun saothróga prátaí a ionaclú chun tástáil a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht faithní. Züchter 2: 288 – 297.

(13)  Noble M, Glynne MD. 1970. Galar fadharcáin prátaí. FAO Plant Protection Bulletin 18: 125 – 135.


IARSCRÍBHINN II

An teimpléad suirbhé dá dtagraítear in Airteagal 3

An teimpléad chun torthaí an tsuirbhé ar ghalar fadharcáin prátaí a chur i láthair de thoradh fhómhar na bprátaí ón mbliain roimh bhliain an tuairiscithe.

Ná húsáid an tábla seo ach amháin do thorthaí an tsuirbhé i leith prátaí a sábháladh i do thír féin.

Ballstát

limistéar

Catagóir prátaí

Limistéar curaíochta iomlán (ha)

Amharciniúchadh ar thiúbair

Tástáil saotharlainne

Faisnéis eile

Líon na samplaí

Líon na mbaisceanna

Méid an tsampla

Tréimhse samplála

Líon amhrasach

Líon na samplaí

Méid na samplaí

Cineál tástála

Líon dearfach

Samplaí

Baisceanna

Samplaí

Baisceanna

 

Prátaí le haghaidh táirgeadh tiúbair le haghaidh plandú

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Earraí agus próiseáil

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Eile (1) (sonraigh)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


(1)  I gcás tíortha ina bhfuil ráigeanna, d’fhéadfadh sé, mar shampla, a bheith ábhartha an méid samplaí a úsáideadh chun ráigeanna a imscrúdú nó bearta leantacha a dhéanamh a léiriú ar leithligh ó na suirbhéanna ginearálta.


IARSCRÍBHINN III

Prótacal chun measúnú a dhéanamh ar fhriotaíocht cineáil dá dtagraítear in Airteagal 7(2)

Beidh na céimeanna seo a leanas san áireamh sa phrótacal chun measúnú a dhéanamh ar fhriotaíocht cineáil.

1.

Déanfar íosmhéid de 40 tiúbar nó plocóid súl de réir chineál an phlanda shonraithe a thástáil. Roinnfear iad ina dhá ghrúpa (aithris).

2.

De ghnáth mairfidh an tástáil ar feadh dhá bhliain. Ní féidir fad na tástála a laghdú go haon bhliain amháin ach amháin sa chás go dtaispeánann cineál go bhfuil sé thar a bheith soghabhálach i leith phataitíopa na lotnaide sonraithe.

3.

Sula gcuirfear tús le séasúr tástála, déanfar an t-ionaclam a thástáil le haghaidh íonachta, ag úsáid na modhanna a thuairiscítear in Iarscríbhinn I.

4.

Áireofar i gcónaí sa tástáil rialú deimhneach, i bhfoirm cineál den phlanda sonraithe, atá soghabhálach i leith phataitíopa na lotnaide sonraithe atá le tástáil.

5.

Úsáidfear ceann de na modhanna tástála seo a leanas:

(i)

modh Glynne-Lemmerzahl (Glynne 1925, Lemmerzahl 1930, Noble & Glynne 1970);

(ii)

modh Spieckermann (Spieckermann & Kothoff 1924); nó

(iii)

modh SASA (Eolaíocht agus Comhairle do Thalmhaíocht na hAlban), ina bhfuil gach ceann de na céimeanna seo a leanas:

ullmhú tiúbair:

Bainfear tiúbair as an bhfuarstóras timpeall 10 lá sula mbeartaítear iad a ionaclú, déanfar iad a ní go réidh, a thriomú agus a stóráil sa dorchadas ag teocht an tseomra chun péacadh a spreagadh.

Áireofar cineál an-soghabhálach (“Morene” nó cineál a bhfuil so-ghabhálacht inchomparáide ag gabháil leis) i ngach ionaclam chun go bhfeidhmeoidh sé mar rialú deimhneach;

péacadh spór scíthe:

21 lá roimh an ionaclaithe socrófar coinníollacha chun péacadh spór scíthe a spreagadh.

Déanfar thart ar 10 mg de spóir eastósctha a chroitheadh ar dhromchla 10 ml d’uisce steiriúil driogtha i miasa beaga plaisteacha Petri agus a ghoradh sa dorchadas ag 20 °C go dtí go dtarlaíonn péacadh.

Déanfar an méid ata i ngach mias Petri a chaolú le 10 ml eile d’uisce steiriúil driogtha don ionaclú;

ionaclú agus goradh péacán:

Nuair a bheidh na bachlóga 1 mm ar fhad, cuirfear Vaseline leáite thart orthu. Beidh an fáinne Vaseline gan bhriseadh chun an fuaidreán spóir a choinneáil gan sceitheadh agus ard go leor go gclúdóidh an fuaidreán an bachlóg.

Cuirfear fáinne ar phéacán amháin nó ar chnuasach aonair de phéacáin ar gach tiúbar.

Cuirfear na tiúbair i mboscaí plaisteacha a bheidh líneáilte le páipéar tais agus beidh na péacáin fháinnithe ina luí air béal aníos.

Líonfar na fáinní Vaseline le fuaidreán spóir, ag baint úsáide as pípéad nó buidéal go dtí go mbeidh an péacán báite go hiomlán.

Clúdófar na boscaí plaisteacha le claibíní agus déanfar iad a ghoradh ar feadh 4 lá ag 10 °C sa dorchadas, agus ina dhiaidh sin bainfear na fáinní Vaseline agus cuirfear na boscaí ar oscailt i dteach gloine ag 15-18 °C le ceo-chóireáil thréimhsiúil (3 huaire in aghaidh an lae ar feadh 30 nóiméad).

I gcásanna inar theip ar an ionfhabhtú, mar shampla toisc gur loic an bhachlóg nó nár tháinig forbairt air, d’fhéadfaí an tiúbar a atástáil trí úsáid a bhaint as péacán eile;

measúnú:

Déanfar bachlóga a scrúdú le haghaidh ionfhabhtú 28 lá tar éis an ionoclaithe, ag baint úsáide as micreascóp steiréascópach le formhéadú 10-15x agus micreascóp éadrom.

Déanfar frithghníomhartha scór 4 nó scór 5, mar atá leagtha amach sa tábla, a bhreathnú ar an rialú dearfach ar 80 % ar a laghad de thiúbair. Beidh scór 5 ag tiúbar amháin ar a laghad.

6.

Déanfar measúnú ar gach tiúbar agus tabharfar scór rangaithe friotaíochta dóibh ó 1 go 5, mar atá leagtha amach sa tábla.

7.

Cuirfear gach cineál a tástáladh i ngrúpa friotaíochta (“an-fhrithsheasmhach”, “frithsheasmhach”, “beagáinín soghabhálach”, nó “soghabhálach go mór”), de réir raon na scór a bhreathnaítear laistigh den líon faoi seach de thiúbair aonair nó de phlocóidí súl ar leith a tástáladh:

(i)

measfar cineál a bheith “an-fhrithsheasmhach”, má tá scór 1 ag gach tiúbar i ngach macasamhail;

(ii)

measfar go bhfuil cineál “frithsheasmhach”, má bhíonn scór idir 1 agus 3 ag gach tiúbar i ngach macasamhail;

(iii)

measfar cineál a bheith “beagáinín soghabhálach”, má tá scór 4 nó níos mó ag tiúbair amháin (mura bhfuil scór 4 ach ag aon tiúbar amháin, is féidir an tástáil a dhéanamh arís d’fhonn eisíontas sa bhaisc cineáil a eisiamh);

(iv)

measfar cineál a bheith “soghabhálach go mór” má tá scór 5 ag tiúbar amháin ar a laghad in aon mhacasamhail.

Nodaireachtaí marcála caighdeánacha do líonta tástála prátaí

Scór caighdeánach

Grúpa frithsheasmhachta

Tuairisc ar fhriotaíocht

Tuairisc///Cur síos

1

R1

An-fhrithsheasmhach

Neacróis chosanta luath; Ní ann d’fhoirmiú sorus infheicthe.

2

R1

Frithsheasmhach

Neacróis chosanta déanach; foirmiú sorus le feiceáil go páirteach, sori neamhaibí nó neacróis roimh aibíocht.

3

R2

Lag-fhrithsheasmhach

Neacróis chosanta an-déanach; sori aibí aonair nó réimsí sorus forbartha, ach neacróis timpeallaithe go hiomlán orthu; suas le cúig sori samhraidh neamh-neacróis ceadaithe, neacróis shoiléir i gcriosanna eile den phíosa tiúbair céanna. Ní ann d’fhoirmiú faithní ná spóir scíthe.

Chun cinneadh a dhéanamh idir grúpaí 3 agus 4, d’fhéadfadh sé gur gá sleamhnáin tanaí d’fhíochán ionfhabhtaithe a ullmhú: mura bhfuil aon spóir scíthe ann, is é 3 an scór a bheidh ann.

4

S1

Beagáinín soghabhálach

Ionfhabhtuithe scaipthe; réimsí sori nó sorus neamh-necróis, líon beag díobh; is féidir neacróis dhéanach a bheith ar láithreáin ionfhabhtaithe eile ar an bpéacán; féadfaidh an péacán a bheith beagán míchumtha (tiubhaithe). Tá spóragáin scíthe (geimhridh) ann.

Chun cinneadh a dhéanamh idir grúpa 3 agus 4, d’fhéadfadh sé gur gá sleamhnáin tanaí d’fhíochán ionfhabhtaithe a ullmhú: má tá spóir scíthe i láthair, is é 4 an scór a bheidh ann.

5

S2

Soghabhálach go mór

Réimsí ionfhabhtaithe dlútha, go leor de na réimsí sin aibí neamh-neacróis agus sorus, limistéir de shuíomhanna ionfhabhtaithe dlútha neamh-neacróis, príomhfhoirmiú faithní.


IARSCRÍBHINN IV

Coinníollacha maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm

1.   Coinníollacha maidir leis na bearta a chúlghairm

1.1.

Tar éis 50 bliain ar a laghad ón uair dheireanach a braitheadh an lotnaid shonraithe, má tá taifead gan bhearna ann de bharra sa chrios inmhíolaithe, rud a léiríonn gur comhlíonadh forálacha Airteagal 6(2) agus (3) le linn an ama ar fad agus nár úsáideadh an crios inmhíolaithe mar fhéarthalamh buan.

1.2.

Tar éis 20 bliain ar a laghad ón uair dheireanach a braitheadh an lotnaid shonraithe, má tá taifead gan bhearna ann de bharra a léiríonn gur comhlíonadh forálacha Airteagal 6(2) agus (3) le linn an ama ar fad agus nár úsáideadh an crios inmhíolaithe mar fhéarthailte buana; agus

nach n-aimsítear aon chomharthaí ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe in dhá bhithmheasúnacht (mar a thuairiscítear i bpointe 3) le saothróga prátaí so-ghabhálacha; nó

níor aimsíodh aon chomharthaí ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe in 1 bithmheas (mar a thuairiscítear i bpointe 3) le saothróga prátaí so-ghabhálacha agus níor aimsíodh aon spóir scíthe inmharthana le linn scrúdú díreach a dhéanamh ar an ithir ón gcrios inmhíolaithe le micreascóp tar éis úscadh spóir ina bhfuil ceann de na modhanna dá bhforáiltear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I.

Cuimseoidh an scéim a úsáidfear chun an ithir a fháil don tástáil gach ceann de na céimeanna seo a leanas:

roinnfear an crios inmhíolaithe ina aonaid de 0,33 ha an ceann;

Tógfar 60 fhoshampla ó gach aonad go doimhneacht 20 cm agus dáilfear go cothrom iad ar fud an limistéir nó comhthiomsófar iad de réir limistéir a bhfuil sé ar eolas go bhfuil siad inmhíolaithe;

déanfar na foshamplaí a mheascadh go maith, chun 3 shampla in aghaidh an heicteáir a fháil.

2.   Cúlghairm pháirteach na mbeart

Tar éis 10 mbliana ar a laghad ón uair dheireanach a braitheadh an lotnaid shonraithe i limistéir den chrios inmhíolaithe, féadfar cúlghairm pháirteach na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 6 a mheas sna limistéir sin, i gcás ina bhfuil taifead gan bhearna ann lena léirítear gur comhlíonadh forálacha Airteagal 6(2) agus (3) le linn an ama ar fad agus nár úsáideadh an crios inmhíolaithe mar fhéarthailte buana, agus:

(a)

ní aimseofar aon chomharthaí ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe in dhá bhithmheastóireacht, mar a thuairiscítear i bpointe 3, le saothróga prátaí so-ghabhálacha; nó

(b)

níor aimsíodh aon chomharthaí ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe i mbithmheasúnacht amháin, mar a thuairiscítear i bpointe 3, le saothróga prátaí so-ghabhálacha agus níos lú ná 5 spór scíthe inmharthana in aghaidh an ghram d’ithreach, le linn scrúdú díreach a dhéanamh ar an ithir ón gcrios inmhíolaithe le micreascóp tar éis úscadh spóir ina bhfuil ceann amháin de na modhanna dá bhforáiltear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I.

Cuimseoidh an scéim a úsáidfear chun an ithir a fháil don tástáil gach ceann de na céimeanna seo a leanas:

roinnfear an crios inmhíolaithe ina aonaid de 0,33 ha an ceann;

Tógfar 60 fhoshampla ó gach aonad go doimhneacht 20 cm agus dáilfear go cothrom iad ar fud an limistéir nó comhthiomsófar iad de réir limistéir a bhfuil sé ar eolas go bhfuil siad inmhíolaithe;

déanfar na foshamplaí a mheascadh go maith, chun 3 shampla in aghaidh an heicteáir a fháil.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, féadfar cúlghairm pháirteach na mbeart a mheas arís tar éis tréimhse feithimh 2 bhliain ar a laghad. Agus fad na tréimhse feithimh sin á chinneadh, cuirfidh na Ballstáit an leibhéal ionfhabhtaithe agus/nó an líon spóir inmharthana a braitheadh san áireamh.

3.   Bithmheasúnachtaí chun na bearta a chúlghairm

Déanfar roinnt tiúbar de na plandaí sonraithe a ghoradh i bpotaí chomh maith le 5 l ithreach ar a laghad faoi choinníollacha teochta, fliuchas agus solais atá fabhrach d’fhás prátaí. Úsáidfear saothróg atá thar a bheith soghabhálach do gach pataitíopa (mar shampla Deodara, Evora, Morene, Tomensa, Maritiema, Arran Chief).

Gearrfar siar na plandaí prátaí atá ag fás nuair a bheidh siad tuairim is 60 cm ar airde. Tar éis tuairim is 100 lá, déanfar scrúdú ar na tiúbair nuabfhoirmithe le haghaidh faithní.

Ní mór rialuithe diúltacha ithreach atá saor ón lotnaid shonraithe agus rialuithe dearfacha ithreach inmhíolaithe a áireamh sa tástáil i gcónaí. Meastar go bhfuil an tástáil bailí má tháirgtear faithní i dtiúbair a bhfuil an rialú dearfach iontu agus mura dtáirgtear aon fhaithne i dtiúbair a bhfuil an rialú diúltach iontu. Déanfar na coinníollacha teochta agus bogthaise sa teach gloine a thaifeadadh. Déanfar scrúdú micreascópach ar fhaithní a tháirgtear i samplaí tástála feiceáil a bhfuil spóragáin samhraidh agus/nó spóir scíthe iontu.

Déanfar an tástáil iomlán faoi choinníollacha a chuireann cosc ar leathadh breise na lotnaide sonraithe.