8.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 183/54 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1177 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 trí bhíthin, sna teimpléid don doiciméad faisnéise agus don deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir, na hiontrálacha a mhéid a bhaineann le córais sábháilteachta áirithe a thabhairt isteach agus a nuashonrú, agus coigeartú a dhéanamh ar chóras uimhrithe na ndeimhnithe ar cheadú le haghaidh cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagail 24(4), 28(3), 36(4) agus 38(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (2) d’fhormáid chaighdeánaithe de na doiciméid a úsáidtear le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin trí na teimpléid a leagan síos don doiciméad faisnéise, do na deimhnithe ar cheadú agus do na deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir. |
(2) |
Na teimpléid do na doiciméid faisnéise, atá in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683, ba cheart iad a mhodhnú chun na ceanglais nua a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur san áireamh, mar aon leis na gníomhartha rialála a glacadh dá bhun. |
(3) |
Ionas go mbeidh cur chuige comhsheasmhach ann maidir le huimhriú na ndeimhnithe ar cheadú, is gá freisin an córas uimhrithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 chun an fhorbairt rialála faoi Rialachán (AE) 2019/2144 a léiriú. |
(4) |
Is cuí freisin Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 a leasú, lena leagtar amach an tsamhail do mharc cineálcheadaithe an Aontais i gcomhair comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh, trí nuashonrú a dhéanamh ar an tagairt do Rialachán (AE) 2019/2144. |
(5) |
Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2019/2144 go mbeidh ardchórais sábháilteachta feistithe i bhfeithiclí nua, lena n-áirítear cúnamh éigeandála coimeádta lána, cúnamh cliste luais, córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí, agus an taifeadán sonraí teagmhais. Is cuí a chur de cheangal go léireofar ar an deimhniú comhréireachta cé na córais atá feistithe san fheithicil. Ní mór, dá réir sin, na hiontrálacha ábhartha a chur leis na teimpléid don deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 a leasú dá réir sin. |
(7) |
Ionas go mbeidh dóthain ama ag údaráis chineálcheadaithe, údaráis faireachais margaidh agus údaráis chlárúcháin na mBallstát, agus ag na monaróirí, na leasuithe ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir a chur chun feidhme ina gcórais faoi seach féin, ba cheart dáta chur i bhfeidhm Iarscríbhinn V a chur siar. |
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Teicniúil – Mótarfheithiclí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(5) |
Leasaítear Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn V ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais riaracháin i dtaca le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683 mar a leanas:
(1) |
leasaítear na nótaí míniúcháin mar a leanas:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.2.1.3.:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.6.2.:
|
(4) |
cuirtear isteach na pointí 2.11.4.1. agus 2.11.4.2. seo a leanas:
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.13.:
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.14.1.:
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.18.1.:
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.11.2.:
|
(9) |
cuirtear na pointí 4.11.4, 4.11.5 agus 4.11.6 seo a leanas isteach:
|
(10) |
cuirtear isteach na pointí 6.7., 6.7.1. agus 6.7.2. seo a leanas:
|
(11) |
cuirtear isteach na pointí 7.4. go 7.6.3. seo a leanas:
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8.6.:
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8.9.:
|
(14) |
cuirtear isteach na pointí 8.12., 8.12.1. agus 8.12.2. seo a leanas:
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 9.14 go 9.14.4:
|
(16) |
cuirtear isteach na pointí seo a leanas i ndiaidh phointe 9.14.5.:
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9.14.6. agus phointe 9.14.7.:
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9.16.2.:
|
(19) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9.17.4. agus phointe 9.17.4.1.:
|
(20) |
cuirtear isteach an pointe 9.17.4.3 seo a leanas:
|
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9.20.2.:
|
(22) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9.25.1.:
|
(23) |
cuirtear isteach pointe 10.1.1 seo a leanas:
|
(24) |
cuirtear isteach pointí 12.2.4, 12.2.4.1 agus 12.2.4.2 seo a leanas:
|
(25) |
cuirtear isteach pointí 12.6.5. go 12.6.5.5. seo a leanas:
|
(26) |
cuirtear isteach na pointí 12.11. go 12.17.3. seo a leanas:
|
(27) |
Cuirtear isteach pointí 17 go 17.11 seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Cuid I (A. Catagóirí M agus N) mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Cuid I (B. Catagóir O) mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de phointe 2.2.:
Chun críocha phointe (c), i gcás ina bhfuil iarscríbhinní ar leith i (mbonn)Rialachán le ceanglais agus saintreoracha teicniúla le cur i bhfeidhm maidir le hábhair éagsúla a chumhdaíonn córais feithiclí, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith, cuirfear uimhir rómhánach lena gcuirtear in iúl uimhir na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán sin i ndiaidh na tagartha i roinn 2.”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de phointe 3.1.:
e2*2021/535/XI*2021/535*00003*00” |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) de phointe 3.1.:
e2*2021/646*2021/646*00003*00” |
(4) |
i bpointe 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Mar sin féin, tá feidhm ag an Iarscríbhinn sin maidir le cineálcheaduithe AE arna ndeonú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2144 ar bhonn na gceanglas a leagtar síos sna Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, agus sa chás sin beidh feidhm ag an gcóras uimhrithe seo a leanas:”; |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.:
|
(6) |
sa sampla i bpointe 4.6.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú: “e1*2019/2144*13-HR00/16*00001*00”; |
(7) |
sa sampla i bpointe 4.6.2., cuirtear an méid seo a leanas in ionad uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú: “e25*2019/2144*46R04/01*00123*05”. |
IARSCRÍBHINN IV
In Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír de phointe 4:
“Mar sin féin, tá feidhm ag an Iarscríbhinn sin maidir le cineálcheaduithe AE i dtaca le comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith arna ndeonú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2144 ar bhonn na gceanglas a leagtar síos sna Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, agus sa chás sin beidh feidhm ag an méid seo a leanas:”.
IARSCRÍBHINN V
In Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683, leasaítear an Fhoscríbhinn mar a leanas:
(1) |
leasaítear cuid I (Feithiclí iomlána agus lánchríochnaithe) mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear cuid II (Feithiclí neamhiomlána) mar a leanas:
|