30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/61


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1040 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2022

lena leasaítear Iarscríbhinní VI agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le héin áirithe i mbraighdeanas agus táirgí geirmeacha díobh agus táirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea gur gá na coinsíneachtaí sin a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(2)

Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) mar fhorlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, is éard a fhoráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a thagann siad, a liostaítear le haghaidh an speicis agus na gcatagóirí áirithe sin ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Leagtar amach in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, Roinn A a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éin i mbraighdeanas agus de tháirgí geirmeacha d’éin i mbraighdeanas, seachas éin i mbraighdeanas a chumhdaítear leis na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas.

(5)

Tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe chun údarú a thabhairt coinsíneachtaí éan agus de tháirgí geirmeacha díobh a theacht isteach san Aontas, cé is moite de na héin i mbraighdeanas dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ó Spleáchríocha na Corónach ar Oileán Mhanann agus Geirsí agus ráthaíochtaí maidir le cumais údaráis inniúla na Spleáchríoch Corónacha sin chun deimhniú oifigiúil iontaofa agus comhlíonadh na gceanglas ábhartha maidir le sláinte ainmhithe a áirithiú le haghaidh choinsíneachtaí na n-éan agus na dtáirgí geirmeacha díobh atá beartaithe don Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, spleáchas na Corónach sin a liostú in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(7)

Leagtar amach in Iarscríbhinn XV, Cuid 1, Roinn A a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí de tháirgí feola ó chrúbacha, ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a ndearnadh na cóireálacha sonracha maolaithe riosca orthu dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas.

(8)

Tá iarratas curtha isteach ag Maracó chuig an gCoimisiún ar údarú le haghaidh coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis, seachas raitítigh, a theacht isteach san Aontas, agus thug sí ráthaíochtaí maidir leis an tríú tír sin a bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le fógra a thabhairt i leith na ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 atá ábhartha d’éanlaith chlóis, agus ráthaíochtaí maidir leis an tríú tír sin a bheith ag comhlíonadh na gceanglas ábhartha de chuid an Aontais maidir le sláinte ainmhithe nó ceanglais choibhéiseacha. Dá bhrí sin, agus staid sláinte éanlaithe clóis i Maracó á cur san áireamh, is iomchuí an tríú tír sin a chur ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn XV, Cuid 1, Roinn A, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann le táirgí feola ó éanlaith chlóis, seachas raitítigh, a ndearnadh an chóireáil shonrach maolaithe riosca “D” orthu dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(11)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun trádáil a éascú, is práinneach éifeacht a bheith ag na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(12)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní VI agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn VI, i gCuid 1, i Roinn A, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas a bhaineann le hOileán Mhanann agus Geirsí idir na hiontrálacha a bhaineann le hIosrael agus leis an Nua-Shéalainn:

IM

Oileán Mhanann

IM-0

Éin i mbraighdeanas

ÉIN I MBRAIGHDEANAS

 

 

 

 

Uibheacha goir éan i mbraighdeanas

HE-CAPTIVE-BIRDS

 

 

 

 

JE

Geirsí

JE-0

Éin i mbraighdeanas

ÉIN I MBRAIGHDEANAS

 

 

 

 

Uibheacha goir éan i mbraighdeanas

HE-CAPTIVE-BIRDS”

 

 

 

 

(2)

in Iarscríbhinn XV, i gCuid 1, i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le Maracó:

MA

Maracó

MA-0

B

B

B

B

B

B

B

D

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

MPST”