28.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 170/22


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1011 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Márta 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an chaoi a gcinnfear na neamhchosaintí indíreacha ar chliant ó dhíorthacha agus ó chonarthaí díorthach creidmheasa i gcás nach ndearnadh an conradh go díreach leis an gcliant ach gur eisigh an cliant sin an ionstraim fholuiteach fiachais nó chothromais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 390(9), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart difear a bheith ann idir cinneadh luachanna na neamhchosaintí indíreacha ar chliant ó chonarthaí díorthach agus ó chonarthaí díorthach creidmheasa chun críocha neamhchosaintí móra agus modh ríofa luach na neamhchosanta a úsáidtear le haghaidh ceanglais chaipitil rioscabhunaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar d’fhéadfadh sé gurbh é an toradh a bheadh ar mhainneachtain na hionstraime foluití brabús seachas caillteanas. Dá bhrí sin, ba cheart luach na neamhchosanta indírí a bheith ag brath ar an gcaillteanas (i.e. luach neamhchosanta deimhneach) nó ar an ngnóthachan (i.e. luach neamhchosanta diúltach) a d’eascródh as mainneachtain fhéideartha a ionstraime foluití. Faoi chóras na neamhchosaintí móra a leagtar amach i gCuid a Ceathair de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás neamhchosaintí sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí suíomhanna deimhneacha agus diúltacha a fhritháireamh sna hionstraimí airgeadais céanna, nó, faoi choinníollacha áirithe, in ionstraimí airgeadais difriúla, arna n-eisiúint ag cliant ar leith. Ní dhéantar an ghlan-neamhchosaint fhoriomlán ar chliant aonair a mheas ach amháin nuair is deimhneach í. Ar an gcaoi chéanna, an glan-neamhchosaint fhoriomlán ar chliant ar leith, tar éis na neamhchosaintí indíreacha ar an gcliant sin ó chonarthaí díorthacha nó ó chonarthaí díorthach creidmheasa a leithdháiltear ar an leabhar trádála a chur san áireamh, níor cheart í a mheas ach amháin nuair is deimhneach í. D’fhonn aon fhritháireamh d’aon neamhchosaint indíreach ó chonarthaí díorthach nó ó chonarthaí díorthach creidmheasa a leithdháiltear ar an leabhar neamhthrádála a sheachaint, ba cheart aon luach diúltach neamhchosanta indírí ó na suíomhanna sin a shocrú ag nialas.

(2)

Dá bhrí sin, d’fhonn a áirithiú go gcuimsítear an priacal mainneachtana go cuí, ba cheart do luach neamhchosanta indírí na gcéadroghanna, beag beann ar an leithdháiltear é ar an leabhar trádála ná ar an leabhar neamhthrádála, a bheith ag brath ar na hathruithe i bpraghasanna céadroghanna a d’eascródh as mainneachtain na hionstraime foluití faoi seach, e.g. margadhluach an rogha le haghaidh céadroghanna “ar cheannach” agus margadhluach an chéadrogha lúide a phraghas ceangail le haghaidh roghanna “ar dhíol”.

(3)

Is é cuspóir díorthach creidmheasa priacal creidmheasa a bhaineann le hiasachtaithe a aistriú gan na sócmhainní féin a aistriú. Ba cheart an ról atá ag institiúidí mar dhíoltóir cosanta nó mar cheannaitheoir cosanta agus an cineál díorthaigh creidmheasa a dhéanann siad a chur san áireamh le haghaidh chinneadh luach neamhchosanta indírí na hionstraime foluití. Dá bhrí sin ba cheart an neamhchosaint indíreach a bheith cothrom le margadhluach an chonartha díorthach creidmheasa, ar cheart é a choigeartú faoin méid dlite nó faoin méid a bhfuil coinne lena fháil ón gcontrapháirtí i gcás mhainneachtain eisitheoir na hionstraime fiachais fholuitigh faoi seach.

(4)

Maidir le cineálacha eile conarthaí díorthach arb é atá iontu meascán de shuíomhanna fada agus gearra, d’fhonn a áirithiú go gcuimsítear an mhainneachtain priacail chruinn, ba cheart d’institiúidí na conarthaí díorthach a mhiondealú i gcodanna idirbhirt aonair. Níor cheart ach na codanna lena mbaineann priacal mainneachtana, ina bhfuil priacal caillteanais ag institiúidí i gcás mainneachtana, a bheith ábhartha le haghaidh ríomh luach na neamhchosanta indírí ó na conarthaí díorthach sin. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil institiúidí in ann an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm, agus d’fhonn láimhseáil choimeádach a áirithiú, ba cheart cead a bheith acu luach neamhchosanta indírí na n-ionstraimí foluiteacha a chinneadh mar an caillteanas uasta a d’fhéadfaidís a thabhú tar éis mhainneachtain eisitheoir an fholuitigh dá dtagraíonn an díorthach.

(5)

Is féidir conarthaí díorthach a scríobh ar ionstraimí a bhfuil ainmneacha tagartha foluiteacha iomadúla acu. Le haghaidh na ndíorthach il-fholuiteach sin, i gcás inar féidir institiúid breathnú ar na hainmneacha tagartha foluiteacha, agus d’fhonn a áirithiú go n-úsáidtear an modh is cruinne, ba cheart luach na neamhchosanta indírí a ríomh trí bhreathnú ar an éagsúlacht i bpraghas an díorthaigh i gcás mhainneachtain gach ceann de na hainmneacha tagartha foluiteacha san ionstraim il-fholuiteach. D’fhonn comhsheasmhacht leis an gcreat neamhchosaintí móra is infheidhme d’idirbhearta i gcás neamhchosanta ar shócmhainní foluiteacha a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1187/2014 ón gCoimisiún (2) maidir le sannadh na neamhchosaintí don chliant sainaitheanta, do chliant ar leithligh nó don chliant anaithnid. I gcásanna nach féidir le hinstitiúidí cur chuige na trédhearcachta a chur i bhfeidhm nó i gcásanna ina bhfuil cur chuige na trédhearcachta maidir le díorthach a bhfuil ainmneacha tagartha iomadúla aige ina ualach míchuí orthu, agus d’fhonn láimhseáil choimeádach a áirithiú, ba cheart d’institiúidí luach na neamhchosanta indírí a ríomh trí bhreathnú ar an éagsúlacht i bpraghas an díorthaigh i gcás mhainneachtain gach ceann de na hainmneacha tagartha foluiteacha sin. Ar an gcaoi chéanna, d’fhonn comhsheasmhacht leis an gcreat neamhchosaintí móra is infheidhme d’idirbhearta i gcás neamhchosaint ar shócmhainní foluiteacha a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 6(3) den Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1187/2014 maidir le sannadh na neamhchosanta do chliant ar leithligh nó don chliant anaithnid. I ngach cás ina sanntar na hionstraimí foluiteacha don chliant anaithnid, d’fhonn an priacal go ndéanfar luachanna diúltacha na neamhchosaintí indíreacha a fhritháireamh le luachanna deimhneacha neamhchosaintí indíreacha, ba cheart d’institiúidí aon luach diúltach neamhchosanta indírí a shocrú ag nialas.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rialacha ginearálta le haghaidh chinneadh luach na neamhchosanta indírí ar chliant ó chonarthaí díorthach nó ó chonarthaí díorthach creidmheasa

1.   Ríomhfaidh na hinstitiúidí luach na neamhchosanta indírí ar chliant ó chonarthaí díorthach nó ó chonarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ó chonarthaí díorthach creidmheasa, i gcás nach ndearnadh na conarthaí díorthach go díreach leis an gcliant sin ach gur eisigh an cliant sin an ionstraim fholuiteach fiachais nó chothromais, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagail 2 go 5 den Rialachán seo.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina gcuirtear na hionstraimí foluiteacha san áireamh in innéacs babhtála mainneachtana fiachais, cothromais nó creidmheasa nó i ngnóthas comhinfheistíochta, nó i gcás ina bhfuil ainmneacha tagartha foluiteacha iomadúla ag na conarthaí díorthach, ríomhfaidh na hinstitiúidí luachanna na neamhchosaintí indíreacha ar chliant ó chonarthaí díorthach nó ó chonarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 1 agus rannchuidiú na neamhchosanta sin leis an neamhchosaint ar chliant i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 6.

3.   I gcás ina leithdháiltear na conarthaí díorthach agus na conarthaí díorthach creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 ar an leabhar trádála, tar éis ríomh luachanna na neamhchosaintí indíreacha ar chliant ó chonarthaí díorthach nó ó na conarthaí sin, déanfaidh na hinstitiúidí luachanna na neamhchosaintí sin a chur san áireamh sna neamhchosaintí ar an gcliant sin sa leabhar trádála. Tar éis a gcomhiomlánaithe, socrófar ag nialas na glan-neamhchosaintí diúltacha ar an gcliant.

4.   De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, i gcás ina leithdháiltear na conarthaí díorthach agus na conarthaí díorthach creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 ar an leabhar neamhthrádála agus i gcás, tar éis ríomh luachanna na neamhchosaintí indíreacha ar chliant ó chonarthaí díorthach nó ó na conarthaí sin, go bhfuil luach diúltach ag na neamhchosaintí indíreacha sin, déanfaidh institiúidí luachanna na neamhchosaintí sin a shocrú ag nialas sula gcuirtear san áireamh iad mar chuid de na neamhchosaintí ar an gcliant sin.

Airteagal 2

Leithdháileadh na neamhchosaintí indíreacha ar chatagóirí conarthaí díorthach

Déanfaidh na hinstitiúidí na neamhchosaintí indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a leithdháileadh ar cheann de na catagóirí conarthaí díorthacha seo a leanas:

(a)

céadroghanna ar ionstraimí fiachais nó cothromais;

(b)

conarthaí díorthach creidmheasa;

(c)

gach conradh díorthach eile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhfuil ionstraim fiachais nó chothromais mar shócmhainn fholuiteach aige agus nach bhfuil san áireamh sna catagóirí dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b) den mhír seo.

Airteagal 3

Ríomh luach na neamhchosanta indírí le haghaidh céadroghanna ar ionstraimí fiachais agus cothromais

1.   Faoi réir mhír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, ríomhfaidh na hinstitiúidí luach na neamhchosanta indírí le haghaidh céadroghanna dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a), mar shuim mhargadhluach reatha na chéadrogha agus an mhéid atá dlite do chontrapháirtí na chéadrogha mar thoradh ar mhainneachtain fhéideartha eisitheoir na hionstraime foluití arna laghdú faoin méid atá dlite don institiúid ag an gcontrapháirtí sin sa chás sin.

2.   Maidir le céadroghanna ar cheannach, beidh luach na neamhchosanta indírí cothrom le margadhluach na chéadrogha. Maidir le suíomh fada i gcéadrogha ar cheannach, beidh luach na neamhchosanta indírí deimhneach ach maidir le suíomh gearr i gcéadrogha ar cheannach, beidh luach na neamhchosanta indírí diúltach.

3.   Maidir le céadroghanna ar dhíol, beidh luach na neamhchosanta indírí cothrom leis an difríocht idir margadhluach na chéadrogha agus an praghas ceangail atá uirthi. Maidir le suíomh gearr i gcéadrogha ar dhíol, beidh luach na neamhchosanta indírí deimhneach ach maidir le suíomh fada i gcéadrogha ar dhíol, beidh luach na neamhchosanta indírí diúltach.

4.   De mhaolú ar mhír 3, maidir le céadroghanna ar dhíol nach bhfuil praghas ceangail ar fáil lena n-aghaidh ar dháta an idirbhirt, ach a bhfuil praghas ceangail ar fáil lena n-aghaidh ag céim níos déanaí, úsáidfidh na hinstitiúidí an praghas ceangail samhaltaithe ionchasach a úsáideadh le haghaidh ríomh luach cóir na chéadrogha.

5.   I gcás nach mbeidh margadhluach na chéadrogha ar fáil ar dháta áirithe, glacfaidh na hinstitiúidí luach cóir na chéadrogha ar an dáta sin. I gcás nach mbeidh margadhluach na chéadrogha ná a luach cóir ar fáil ar dháta áirithe, glacfaidh na hinstitiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí. I gcás nach mbeidh margadhluach na chéadrogha ná a luach cóir ar fáil ar dháta ar bith, glacfaidh na hinstitiúidí an luach ag a ndéantar an chéadrogha a thomhas i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

Airteagal 4

Ríomh luach na neamhchosanta indírí i gcás conarthaí díorthach creidmheasa

1.   Luach na neamhchosanta indírí ar chliant ó chonarthaí díorthach creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), beidh sé cothrom le suim mhargadhluach reatha an chonartha díorthach creidmheasa agus an mhéid atá dlite do chontrapháirtí an chonartha díorthach creidmheasa mar thoradh ar mhainneachtain fhéideartha eisitheoir na hionstraime foluití arna laghdú faoin méid atá dlite don institiúid ag an gcontrapháirtí sin sa chás sin.

2.   I gcás nach mbeidh margadhluach an díorthaigh creidmheasa ar fáil ar dháta áirithe, glacfaidh na hinstitiúidí luach cóir an díorthaigh creidmheasa ar an dáta sin. I gcás nach mbeidh margadhluach an díorthaigh creidmheasa ná a luach cóir ar fáil ar dháta áirithe, glacfaidh na hinstitiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí. I gcás nach mbeidh margadhluach an chonartha díorthach creidmheasa ná a luach cóir ar fáil ar dháta ar bith, glacfaidh na hinstitiúidí an luach ag a ndéantar an conradh díorthach creidmheasa a thomhas i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

Airteagal 5

Ríomh luach na neamhchosanta indírí i gcás conarthaí díorthach eile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

1.   Agus luach na neamhchosanta indírí ar chliant ó chonarthaí díorthach eile dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c), lena n-áirítear babhtálacha, todhchaíochtaí nó réamh-idirbhearta, á ríomh, déanfaidh na hinstitiúidí a gcodanna idirbhirt iomadúla a mhiondealú i gcodanna idirbhirt aonair.

2.   Maidir leis na codanna idirbhirt dá dtagraítear i mír 1 lena ngabhann an priacal go mainneoidh eisitheoir na hionstraime foluití, ríomhfaidh na hinstitiúidí a luach neamhchosanta indírí amhail agus dá mba shuíomhanna sna codanna sin a bhí iontu.

3.   I gcás nach féidir le hinstitiúid an láimhseáil dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm, is é an luach a chinnfidh sí mar luach na neamhchosanta indírí i leith eisitheoir na n-ionstraimí foluiteacha ná an caillteanas uasta a thabhódh an institiúid ó mhainneachtain fhéideartha eisitheoir na n-ionstraimí foluiteacha dá dtagraíonn an conradh díorthach.

Airteagal 6

Ríomh luachanna na neamhchosaintí indíreacha ó chonarthaí díorthach il-fholuiteach

1.   Agus luach na neamhchosanta indírí ar chliant ó chonarthaí díorthach arna scríobh ar innéacsanna babhtála mainneachtana fiachais, cothromais nó creidmheasa nó ar ghnóthas comhinfheistíochta, nó a bhfuil ainmneacha tagartha foluiteacha iomadúla acu, á chinneadh, breathnóidh na hinstitiúidí ar gach ceann de na hionstraimí foluiteacha aonair agus is é an luach ríofa a bheidh ar luachanna na neamhchosaintí indíreacha ná an éagsúlacht i bpraghas an chonartha díorthach i gcás mhainneachtain gach ceann de na hainmneacha tagartha foluiteacha. Sannfaidh institiúidí gach luach neamhchosanta indírí do chliant sainaitheanta, do chliant ar leith nó don chliant anaithnid, mar a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1187/2014.

2.   I gcás nach féidir le hinstitiúid breathnú ar ionstraimí foluiteacha aonair uile an chonartha díorthach mar a fhoráiltear i mír 1 nó i gcás ina ngabhfadh ualach míchuí leis sin a dhéanamh mbeadh ualach míchuí uirthi déanamh amhlaidh, déanfaidh sí mar a leanas:

(a)

breathnóidh sí ar na hionstraimí foluiteacha aonair sin i gcás inar féidir leis an institiúid déanamh amhlaidh nó i gcás nach ngabhfadh ualach míchuí leis sin a dhéanamh, agus ríomhfaidh sí luach na neamhchosanta indírí i gcomhréir le mír 1;

(b)

maidir leis na hionstraimí foluiteacha sin nach féidir leis an institiúid breathnú orthu nó lena ngabhfadh ualach míchuí leis sin a dhéanamh, ríomhfaidh sí luach na neamhchosanta indírí trí bhreathnú ar an éagsúlacht i bpraghas an chonartha díorthach i gcás mhainneachtain gach ceann de na hainmneacha tagartha foluiteacha sin.

Sannfar luach na neamhchosanta indírí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo don idirbheart díorthach mar chliant ar leith nó don chliant anaithnid, mar a leagtar síos in Airteagal 6(3) den Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1187/2014.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil luachanna na neamhchosaintí indíreacha le sannadh ar an gcliant anaithnid, mar a leagtar amach in Airteagal 6(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1187/2014 ón gCoimisiún, agus i gcás ina bhfuil luach diúltach ag na neamhchosaintí indíreacha, déanfaidh an institiúid luachanna na neamhchosaintí indíreacha sin a shocrú ag nialas sula gcuirtear san áireamh iad mar chuid de na neamhchosaintí ar an gcliant anaithnid.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1187/2014 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh chinneadh na neamhchosanta foriomlán ar chliant nó ar ghrúpa cliant nasctha i leith idirbhearta a bhfuil sócmhainní foluiteacha acu (IO L 324, 7.11.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).