16.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 161/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/927 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Meitheamh 2022

lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (“an bun-Rialachán”) (1), agus go háirithe Airteagal 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Trí Rialachán (AE) 2016/387 (2) (“an Rialachán bunaidh”), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht frithchúitimh ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad (“na bearta bunaidh”). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear “an t-imscrúdú bunaidh” anseo feasta dó.

(2)

An dleacht frithchúitimh a forchuireadh, bhí idir 8,7 % le haghaidh Jindal Saw Limited agus 9 % le haghaidh Electrosteel Castings Ltd agus “gach cuideachta eile” i gceist léi.

(3)

Trí Rialachán (AE) 2016/388 (3), d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach ar an táirge céanna freisin. An dleacht frithdhumpála a forchuireadh, bhí idir 0 % le haghaidh Electrosteel Castings Ltd agus 14,1 % le haghaidh Jindal Saw Limited agus “gach cuideachta eile” i gceist léi.

(4)

Tar éis bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta in T-300/16 agus T-301/16 (4), cheartaigh an Coimisiún, botúin a d’aimsigh an Chúirt Ghinearálta agus an dleacht frithdhumpála agus frithchúitimh á ríomh le haghaidh Jindal Saw Limited. Trí Rialacháin (AE) 2020/526 (5) agus (AE) 2020/527 (6), d’ath-fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála agus frithchúitimh chinntitheach nua le haghaidh Jindal Saw Limited, ar rátaí 3 % agus 6 % faoi seach.

(5)

Na dleachtanna frithchúitimh atá i bhfeidhm faoi láthair is é 6 % le haghaidh Jindal Saw Limited agus 9 % le haghaidh Electrosteel Castings Ltd agus “gach cuideachta eile” atá i gceist leo. Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair ar rátaí idir 0 % le haghaidh Electrosteel Castings Ltd, 3 % le haghaidh Jindal agus 14,1 % le haghaidh “gach cuideachta eile”.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(6)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú (7), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(7)

Rinne Saint-Gobain PAM, Saint-Gobain PAM Deutschland GmbH agus Saint-Gobain PAM España S.A. (“na hiarratasóirí”) an iarraidh ar athbhreithniú éaga a chur isteach an 21 Nollaig 2020, thar ceann táirgeoirí de chuid an Aontais ag a bhfuil breis agus 50 % de tháirgeacht iomlán an Aontais d’fheadáin agus de phíopaí d’iarann teilgthe insínte. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar na forais gurbh é gur dhócha go n-eascródh as dul in éag na mbeart go leanfar den fhóirdheonú nó go dtarlóidh sé arís agus go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís don tionscal de chuid an Aontais.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán, thug an Coimisiún fógra do Rialtas na hIndia á rá go raibh iarraidh chuí-dhoiciméadaithe ar athbhreithniú faighte aige roimh thionscnamh na n-imeachtaí. D’iarr an Coimisiún ar an India comhairliúcháin a dhéanamh leis arbh é ab aidhm dóibh ábhar na hiarrata ar athbhreithniú a thabhairt chun soiléireachta agus teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach. Ghlac Rialtas na hIndia le tairiscint na gcomhairliúchán a reáchtáladh dá éis sin an 10 Márta 2021. Le linn an chomhairliúcháin, ní rabhthas in ann teacht ar aon réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(9)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, agus é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga, an 17 Márta 2021, maidir le hallmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte de thionscnamh na hIndia (“an tír lena mbaineann”) chuig an Aontas ar bhonn Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (9) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(10)

An dáta céanna, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála maidir le hallmhairí an táirge chéanna (10).

1.4.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(11)

Leis an imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú agus den dumpáil nó dtarlóidh siad arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). Leis an imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(12)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún táirgeoirí de chuid an Aontais ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga, mar aon le táirgeoirí aitheanta san India agus údaráis na hIndia, allmhaireoirí aitheanta, úsáideoirí mar aon le comhlachais is eol iad a bheith bainteach leis, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(13)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Níor iarr aon pháirtí leasmhar éisteacht.

(a)    Sampláil

(14)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go samplálfadh sé na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(15)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go raibh sampla de thrí tháirgeoir de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Is cuid den ghrúpa cuideachtaí céanna iad na táirgeoirí sin de chuid an Aontais. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid tháirgeacht agus dhíolacháin an táirge chomhchosúil san Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i.e. idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2020. Cuimsíodh le sampla cinntitheach na dtáirgeoirí de chuid an Aontais thart ar [70-85] % de tháirgeacht mheasta iomlán an Aontais agus [70-85] % de mhéid dhíolacháin mheasta iomlána an Aontais den táirge comhchosúil, rud a áirithíonn raon maith geografach freisin.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 27(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach, ach ní bhfuair sé aon bharúil. Dá bhrí sin, deimhníodh an sampla sealadach agus measadh go raibh an sampla ionadaíoch den tionscal de chuid an Aontais.

Sampláil allmhaireoirí

(17)

Chun a chinneadh cibé acu a bhí nó nach raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí gá léi, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Mar sin féin, mar gheall nár tháinig aon allmhaireoir neamhghaolmhar chun cinn, níor riachtanach sampláil a dhéanamh.

Sampláil na dtáirgeoirí san India

(18)

Chun a chinneadh cé acu ar riachtanach sampláil a dhéanamh nó nár riachtanach agus, más amhlaidh gurbh ea, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir aitheanta san India an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Rialtas na hIndia táirgeoirí eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(19)

Toisc nár sholáthair ach trí tháirgeoir freagra samplála laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear, chinn an Coimisiún nár riachtanach sampláil a dhéanamh.

(b)    Ceistneoirí

(20)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig Rialtas na hIndia, grúpa na dtrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus chuig na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin a sholáthair freagra samplála. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (11) an lá a tionscnaíodh iad.

(21)

Fuair an Coimisiún freagraí ar na ceistneoirí ó na trí tháirgeoir de chuid an Aontais, ó Rialtas na hIndia agus ó tháirgeoir amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin, Tata Metaliks Limited (“TML”). Cé gur chuir an dá tháirgeoir eile san India freagraí samplála isteach, níor chuir siad freagra ar an gceistneoir isteach dá éis sin agus, dá bhrí sin, níor chomhoibrigh siad leis an imscrúdú.

(c)    Fíorú

(22)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir tríú tíortha éagsúla i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 26 den bhun-Rialachán ag áitreabh an táirgeora onnmhairiúcháin agus áitreabh GOI. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis uile a measadh a bheith riachtanach le haghaidh a chinntí i gcomhréir lena Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (12). Rinne an Coimisiún cros-seiceáil chianda ar an táirgeoir onnmhairiúcháin a leanas:

Tata Metaliks Limited

(23)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh a bheith riachtanach le haghaidh an imscrúdaithe. Is ar áitreabh na dtáirgeoirí a leanas de chuid an Aontais agus ar áitreabh eintitis díolacháin ghaolmhair san Iodáil a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Saint-Gobain PAM, Pont-à-Mousson, an Fhrainc

Saint-Gobain PAM Deutschland GmbH, Saarbrücken, an Ghearmáin

Saint-Gobain PAM Italia S.P.A, Milano, an Iodáil

(d)    An nós imeachta ina dhiaidh sin

(24)

An 18 Márta 2022, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige na dleachtanna frithchúitimh a choinneáil ar bun. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh.

(25)

Níor chuir ach Tata Metaliks Limited barúlacha isteach laistigh den sprioc-am. Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha a rinne Tata Metaliks Limited agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarbh iomchuí. Chuir Rialtas na hIndia barúlacha isteach freisin, ach cuireadh isteach iad sin breis agus 10 lá tar éis don sprioc-am le haghaidh barúlacha a bheith dulta in éag.

(26)

Chun an t-imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh de na sprioc-amanna éigeantacha, sonraítear le pointe 7 den Fhógra Tionscnaimh nach nglacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a sholáthar maidir leis an nochtadh deiridh. Dá réir sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún barúlacha Rialtas na hIndia a chur san áireamh. Thug sé faoi deara dá ainneoin sin nár tugadh aon ghné nua ar aghaidh ina haighneacht nár mheas an Coimisiún le linn an imscrúdaithe. Níor iarr aon pháirtí éisteacht.

1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(27)

Chuir úsáideoir amháin, i.e. Hydro Mat Benelux, agus táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, i.e. Tata Metaliks Limited, barúlacha isteach maidir le tionscnamh.

(28)

Thug an Coimisiún dá aire gur chuir Tata Metaliks Limited a bharúlacha isteach maidir le tionscnamh an 17 Feabhra 2022, breis agus 9 mí tar éis sprioc-am na 37 lá tar éis dháta foilsithe an Fhógra Tionscnaimh mar a shainítear i bpointe 5.2 den Fhógra Tionscnaimh. Dá bhrí sin, níor chuir an Coimisiún an aighneacht sin san áireamh.

(29)

Thug an Coimisiún dá aire, cé gur chuir Hydro Mat Benelux barúlacha isteach maidir leis an tionscnamh, nár chomhoibrigh sé leis an imscrúdú go hiomlán. Go háirithe, níor líon an chuideachta isteach an ceistneoir a socraíodh le haghaidh úsáideoirí, ar ceistneoir é a d’fhéadfaí a úsáid chun cros-seiceáil a dhéanamh ar chuid de na ráitis a liostaítear thíos, i.e. praghsanna díola na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin nó doiciméid a bhaineann le soláthar poiblí, mar shampla.

(30)

Ar dtús, mhaígh Hydro Mat Benelux gur cheart na himeachtaí a fhoirceannadh toisc nár cuireadh an iarraidh isteach laistigh de 3 mhí roimh an dáta éaga, rud a luaitear san Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (13).

(31)

Shoiléirigh an Coimisiún i dtaca leis an dáta tíolactha a luaitear san Fhógra Tionscnaimh, nár chomhfhreagair sé don dáta ar ar cuireadh an iarraidh isteach. Toisc gur féidir é a fheiceáil i leagan oscailte na hiarrata ar athbhreithniú, atá ar fáil sa chomhad neamhrúnda ó 17 Márta 2021 amach agus atá inrochtana ag gach páirtí leasmhar, cuireadh an iarraidh isteach go cuí an 18 Nollaig 2020, is é sin, laistigh den tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 18(4) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(32)

Dá éis sin, mhaígh Hydro Mat Benelux go mbaintear an iomarca úsáide as an rúndacht san iarraidh. Go háirithe, d’Innéacsaigh an tionscal de chuid an Aontais na táscairí uile a bhain lena fheidhmíocht eacnamaíoch. Thagair an páirtí do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 lenar nocht an Coimisiún na sonraí micreacnamaíocha ar le haon táirgeoir amháin de chuid an Aontais iad. (14)

(33)

Thug an Coimisiún dá aire i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 gur soláthraíodh na micreatháscairí uile (praghsanna díola agus méid na ndíolachán, costas aonaid na táirgeachta, costais saothair, stoic dheiridh, brabúsacht, etc.) i raonta nó in Innéacsanna.

(34)

Ina theannta sin, maidir leis an leagan den iarraidh ar athbhreithniú éaga a cuireadh sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis fhíor-riachtanach uile ann mar aon leis na hachoimrí neamhrúnda uile ar shonraí a marcáladh mar shonraí rúnda, chun go ndéanfadh páirtithe leasmhara barúlacha lánbhrí agus go bhfeidhmeodh siad a gcearta cosanta ar feadh na n-imeachtaí.

(35)

Maidir leis sin, mheabhraigh an Coimisiún thairis sin go ndéantar foráil le hAirteagal 29 den bhun-Rialachán maidir le faisnéis rúnda a chosaint in imthosca ina mbeadh buntáiste suntasach iomaíochta ann d’iomaitheoir dá nochtfaí an fhaisnéis sin nó ina ndéanfadh an nochtadh dochar suntasach do dhuine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do dhuine óna bhfuair an duine sin an fhaisnéis. Dá dheasca sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(36)

An tríú pointe, mhaígh Hydro Mat Benelux nár léiríodh gnáth-imthosca eacnamaíocha sa chéad leath de 2020 agus gur mheas sé nach raibh an tréimhse sin ionadaíoch chun measúnú réamhbhreathnaitheach a dhéanamh ar iarmhairtí dhul in éag na mbeart atá á bplé. Mhaígh Hydro Mat Benelux gurbh iad na tionchair eacnamaíocha dhiúltacha i ngeall ar COVID-19 ba chúis le feidhmíocht dhiúltach an tionscail de chuid an Aontais sa chéad leath de 2020 mar aon leis an méadú ar chostas na n-amhábhar ar mhargaí an domhain nárbh fhéidir iad a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí iartheachtacha. Thairis sin, mhaígh sé nach leochaileacht a léiríodh leis na príomhtháscairí le haghaidh na tréimhse 2017-2019 ach tionscal de chuid an Aontais a bhí sláintiúil, go háirithe agus anailís á dhéanamh ar an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, na fardail, na hinfheistíochtaí, na praghsanna díola agus ar an mbrabúsacht.

(37)

Mheabhraigh an Coimisiún go gceanglaítear le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán go mbeidh fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athbhreithniú éaga gur dócha go leanfar den díobháil nó go dtarlódh sí arís dá rachadh na bearta in éag. Maidir leis an gcás atá idir lámha, tá fianaise san anailís shonrach ar dhíobháil atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga, fianaise lena léirítear go bhfuil allmhairí de chuid na hIndia ag dul i bhfód go suntasach ar mhargadh an Aontais, ar allmhairí iad a dhéantar ar phraghsanna a dhéanann praghsanna an tionscail de chuid an Aontais a shladghearradh agus a ghanndíol go substaintiúil. Dá réir sin, mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athbhreithniú éaga gur leanadh den díobháil agus dhiúltaigh sé don mhaíomh.

(38)

An ceathrú pointe, rinne Hydro Mat Benelux anailís ar an tréimhse 2017-2020 agus d’áitigh nár thacaigh na sonraí allmhairiúcháin a bhí ar fáil leis an maíomh gur dhócha go dtarlóidh an díobháil arís. Thairis sin, mhaígh Hydro Mat Benelux maidir leis na praghsanna onnmhairiúcháin de chuid na hIndia, nach raibh na corrlaigh shladghearrtha agus ghearrdhíola a ríomh an t-iarratasóir iontaofa toisc gur léirigh na praghsanna onnmhairiúcháin an praghas aistrithe idir páirtithe gaolmhara, i.e. na táirgeoirí de chuid na hIndia agus a bhfochuideachtaí gaolmhara. Ar deireadh, mhaígh Hydro Mat Benelux gur mhéadaigh na táirgeoirí de chuid na hIndia a n-acmhainneacht táirgeachta chun déileáil leis an bhfás atá ag teacht ar mhargadh intíre na hIndia agus nach raibh sé beartaithe ag na príomhtháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia a n-acmhainneacht táirgeachta a leathnú.

(39)

Mheas an Coimisiún nár bhréagnaigh aon cheann de na líomhaintí an chonclúid go raibh fianaise leordhóthanach ann chun imscrúdú athbhreithniúcháin frith-fhóirdheontais a thionscnamh. Go deimhin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athbhreithniú éaga go raibh tionchar díobhálach ábhartha ag allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar staid an tionscail de chuid an Aontais. Go háirithe, ní hamháin gur sholáthair na hiarratasóirí ríomhanna sladghearrtha ar leibhéal teorann an Aontais ach ar an leibhéal lena seachadtar na hearraí chuig áitreabh na gcustaiméirí freisin, agus sladghearradh nár lú ná 14,9 % á thaispeáint. Taispeánadh san anailís shonrach ar dhíobháil a rinneadh san iarraidh ar athbhreithniú go raibh méadú ar dhul i bhfód allmhairí ón India ar mhargadh an Aontais (i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon) agus iad déanta ar phraghsanna lenar gearradh faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais go substaintiúil. Is cosúil go raibh sé sin ina chúis le díobháil don tionscal de chuid an Aontais, rud a thaispeánann laghduithe ar dhíolacháin agus ar an sciar den mhargadh agus meath ar thorthaí airgeadais mar shampla. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(40)

Maidir leis an maíomh gur ar mhargadh na hIndia amháin a dhíreofar an méadú ar tháirgeacht na hIndia, níor sholáthair Hydro Mat Benelux aon fhianaise. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(41)

An cúigiú pointe, mhaígh Hydro Mat Benelux nár cheart saincheisteanna ginearálta ó thaobh na hiomaíochta de a bheith ina n-údar le cinneadh gur leanadh de dhíobháil nó gur tharla sí arís. Liostaigh Hydro Mat Benelux nithe éagsúla amhail an chaoi ar tháinig titim ar thomhaltas an Aontais ón ngéarchéim sa Limistéar euro, agus laghdú ar an gcaiteachas poiblí, agus go raibh tionchar diúltach aige sin ar iomaíochas an tionscail de chuid an Aontais dá bhrí sin, ar iomaíochas na bpíopaí plaisteacha, ar an deacracht fostaíocht a mhealladh, ar choinneáil na staide ceannasaí ar bun, ar an mbrú ar an bpróiseas tairisceana ó allmhairí ón tSín atá níos saoire.

(42)

Tugtar aghaidh ar an maíomh sin thíos in aithris (256).

(43)

Tar éis an nochta, d’áitigh Tata Metaliks Limited gur cumhdaíodh an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí an Mheithimh 2020 leis na sonraí san iarraidh ar athbhreithniú a bhain le sonraí an tionscail de chuid an Aontais agus leis na hallmhairí. Thairis sin, sainíodh leis an bhFógra Tionscnaimh gur idir mí Eanáir 2020 go mí na Nollag 2020 tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dar leis na gcuideachta, ba cheart an iarraidh ar athbhreithniú éaga a bheith tugtha cothrom le dáta ag na hiarratasóirí bunaithe ar thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a shainítear san Fhógra Tionscnaimh, agus ba cheart na sonraí sin a bheith curtha ar fáil do pháirtithe. Toisc nár scaip an Coimisiún chuig na páirtithe an iarraidh sin ar athbhreithniú a bhí tugtha cothrom le dáta, dar leis-sean, sháraigh an Coimisiún Airteagal 12.1.2 agus Airteagal 12.1.3 de Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh (“Comhaontú SCM”).

(44)

Ar dtús, is é cleachtas coitianta an Choimisiúin a thorthaí a bhunú ar na sonraí is déanaí dá bhfuil ar fáil. Ní gá nach mbeidh na sonraí sin ag comhfhreagairt don tréimhse a shainítear san iarraidh ar athbhreithniú éaga ós rud é go mb’fhéidir nach raibh na sonraí ar fáil tráth a cuireadh an iarraidh ar athbhreithniú isteach. Níl aon fhoráil i gComhaontú SCM lena gceanglaítear ar an gCoimisiún a thorthaí a bhunú ar an tréimhse chéanna a shainítear san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Dá éis sin, bhí an fhéidearthacht ag na páirtithe uile a mbarúlacha a thabhairt faoi na torthaí agus faoin bhfianaise a bhain le tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a shainítear san Fhógra Tionscnaimh le linn an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár sháraigh sé aon chearta nós imeachta ná nár sháraigh sé Comhaontú SCM agus dhiúltaigh sé don mhaíomh sin.

(45)

Rinne Tata Metaliks Limited tagairt freisin don fhíoras gur dhiúltaigh an Coimisiún dá bharúlacha maidir le tionscnamh toisc gur tháinig siad tar éis an sprioc-ama dá bhforáiltear san Fhógra Tionscnaimh (féach aithris (28). Dar leis-sean, ní bheadh feidhm ag an sprioc-dháta ach amháin tar éis do na hiarratasóirí na sonraí athbhreithnithe a fháil, sonraí a bhainfeadh le tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin mar a shainítear san Fhógra Tionscnaimh. D’áitigh Tata Metaliks Limited freisin gur “prionsabal socraithe den cheartas nádúrtha” agus “gur staid dlí shocraithe ar feadh gach dlínse” é gur féidir ceisteanna dlí a tharraingt anuas tar éis sprioc-amanna.

(46)

Mar a mhínítear in aithris (44), bhain tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin leis an tréimhse ba dhéanaí dá raibh sonraí ar fáil, agus ní chomhfhreagraíonn an tréimhse sin i gcónaí leis an measúnú tosaigh ar an iarraidh ar athbhreithniú. Thairis sin, bhain an sprioc-am san Fhógra Tionscnaimh go sainráite le dáta foilsithe an Fhógra, agus níor bhain sé le haon dáta eile amhail cur isteach aon fhaisnéise ag páirtí. Ní dhealaítear idir ceisteanna dlí agus fíorais leis an sprioc-am san Fhógra Tionscnaimh agus tá feidhm chomhionann ag an sprioc-am maidir leis an dá cheann. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh dá bhrí sin.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge lena mbaineann

(47)

Is ionann an táirge lena mbaineann agus an táirge san imscrúdú bunaidh eadhon feadáin agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) (“píopaí insínte”), gan feadáin ná píopaí d’iarann teilgthe insínte nach bhfuil bratú inmheánach ná seachtrach orthu (“píopaí loma”), ar de thionscnamh na hIndia iad, a áireamh, ar táirge é atá faoi láthair faoi chóid AN ex 7303 00 10 (cód TARIC 7303001010) agus ex 7303 00 90 (cód TARIC 7303009010) (“an táirge lena mbaineann”).

(48)

Úsáidtear píopaí insínte chun uisce óil a sholáthar, séarachas a dhiúscairt agus talamh talmhaíochta a uisciú. Féadfaidh iompar uisce trí phíopaí insínte a bheith bunaithe ar bhrú nó ar dhomhantarraingt amháin. Tá na píopaí idir 60 mm agus 2 000 mm agus 5,5, 6,7 nó 8 méadar ar a bhfad. Bíonn líneáil stroighne nó ábhar eile iontu agus bratú since, péinteáil nó clúdach téipe orthu ar an taobh amuigh. Is cuideachtaí fóntais poiblí iad na príomhúsáideoirí deiridh.

2.2.   Táirge comhchosúil

(49)

Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a deimhníodh leis an imscrúdú den athbhreithniú éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann;

an táirge a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre na tíre lena mbaineann; agus

an táirge arb é an tionscal de chuid an Aontais a tháirg agus a dhíol é.

(50)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN FHÓIRDHEONÚ NÓ GO dTARLÓIDH SÍ ARÍS

(51)

I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, agus mar a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh, scrúdaigh an Coimisiún cé acu ar dóigh go leanfar den fóirdheonú nó go dtarlóidh an fóirdheonú arís de bharr dhul in éag na mbeart atá ann cheana.

3.1.   Treocht na n-allmhairí tar éis fhorchur na mbeart

(52)

I dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh (15), d’onnmhairigh an India chuig an Aontas [80 000 – 100 000] tona den táirge lena mbaineann (bunaithe ar AE27) (16). Idir 2016 agus 2018, tar éis fhorchur na mbeart cinntitheach i mí an Mhárta 2016, tháinig laghdú ar na hallmhairí agus bhí a leibhéil idir 38 000 go 55 000 tona in aghaidh na bliana. In 2019, tháinig méadú ar na hallmhairí ón India arís go [64 000 – 75 000] tona.

(53)

Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig laghdú go [44 000 – 52 000] tona ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Tar éis thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, in 2021, tháinig méadú ar na hallmhairí arís go leibhéal 2019.

(54)

Ar an iomlán, i dtaca le hallmhairí an táirge lena mbaineann ón India, d’fhan siad ar leibhéil thábhachtacha le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus bhí thart ar [10 – 14] % de mhargadh an Aontais i gceist leo, i gcomparáid le sciar [15 – 20] % den mhargadh a bhí i gceist le hallmhairí de chuid na hIndia le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh.

3.2.   An bonn maidir leis na torthaí

(55)

Níor chomhoibrigh ach aon chuideachta amháin, Tata Metaliks Limited, leis an imscrúdú (féach Roinn 1.5). Thairbhigh an chuideachta de na trí scéim onnmhairiúcháin a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh, le haghaidh an onnmhairiúcháin dá chuid chuig tríú tíortha go príomha. Mar sin féin, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, dhíol an chuideachta formhór a táirgeachta ar an margadh intíre (17). Na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia a d’onnmhairigh cainníochtaí suntasacha chuig an Aontas, níor chomhoibrigh siad. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gan é féin a theorannú is gan ach an fhaisnéis a chuir Tata Metaliks Limited faoina bhráid a úsáid chun leibhéal fóirdheonaithe tháirgeoirí onnmhairiúcháin na bpíopaí insínte san India a chinneadh, agus go mbraithfeadh sé ina ionad sin ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

(56)

I bhfianaise a bhfuil thuas, d’úsáid an Coimisiún na fíorais uile a bhí ar fáil dó le haghaidh a anailíse, agus go háirithe:

An iarraidh ar athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán;

Torthaí an imscrúdaithe bunaidh;

Faisnéis arna soláthar ag Rialtas na hIndia;

Faisnéis arna soláthar ag Tata Metaliks Limited;

Torthaí i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún (18).

3.3.   Scéimeanna fóirdheontais a scrúdaíodh san imscrúdú atá ann faoi láthair

(57)

Scrúdaigh an Coimisiún cé acu a leanadh den fhóirdheonú nó nár leanadh trí anailís a dhéanamh ar cé acu a lean nó nár lean na fóirdheontais a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh de thairbhe a thabhairt don tionscal feadán agus píopaí insínte de chuid na hIndia. I gcás scéimeanna fóirdheontais ar tháinig deireadh leo, scrúdaigh an Coimisiún freisin cé acu a cuireadh scéimeanna comhchosúla eile in ionad na scéimeanna sin nó nár cuireadh agus cé acu a cruthaíodh scéimeanna nua nó nár cruthaíodh.

(58)

Chinn an Coimisiún, i bhfianaise thorthaí na Roinne seo, lenar deimhníodh gurbh amhlaidh gur leanadh den fhóirdheonú i leith na bhfóirdheontas a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh, nach raibh aon ghá le himscrúdú a dhéanamh ar gach fóirdheontas eile a líomhain an t-iarratasóir iad a bheith ann. Agus é suite ag an gCoimisiún go bhfuil fianaise ann gur leanadh den fhóirdheonú thuas de minimis de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, ní riachtanach méid beacht an fhóirdheonaithe a shuíomh in imscrúdú den athbhreithniú éaga.

(59)

San imscrúdú bunaidh, d’fhrithchúitigh an Coimisiún na scéimeanna a leanas:

(1)

Ioncam rialtais atá ligthe thar ceal nó nár bailíodh agus atá dlite ar bhealach eile:

Díolúintí Dleachta agus Scéimeanna um Loghadh

(a)

Focus Product Scheme [Scéim um Fhócas Táirge], ar cuireadh scéim darb ainm Merchandise Exports from India Scheme” (“MEIS”) [Scéim um Onnmhairí Marsantais ón India] ina hionad sa tréimhse 2015-2020;

(b)

Export Promotion of Capital Goods Scheme (“EPCGS”) [Scéim um Chur Chun Cinn Onnmhairiúcháin Earraí Caipitiúla];

(c)

Scéim Aisíocaíochta Dleachta (“DDS”)

(2)

Soláthar earraí nó seirbhísí ar luach saothair nach leordhóthanach

Soláthar amhiarainn ar luach saothair nach leordhóthanach

3.3.1.   Cuireadh “Merchandise Exports from India Scheme” (“MEIS”) [Scéim um Onnmhairí Marsantais ón India] in ionad Focus Product Scheme [Scéim um Fhócas Táirge], sa tréimhse 2015-2020;

3.3.1.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(60)

San imscrúdú bunaidh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearnadh foráil le Focus Product Scheme [Scéim um Fhócas Táirge], a bhí i bhfeidhm le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, maidir le fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. Bhí an scéim sin bunaithe ar phlean an Bheartais Trádála Eachtraí (“FTP”) le haghaidh 2009-2014.

(61)

Bhí na rátaí fóirdheontais a leagadh síos san imscrúdú bunaidh le haghaidh scéim FPS idir 3,11 % agus 4,35 %.

(62)

Tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, cuireadh deireadh leis an scéim áfach agus cuireadh scéim nua ina hionad darb ainm “Merchandise Exports from India Scheme” (“MEIS”) [Scéim um Onnmhairí Marsantais ón India]. Cuireadh MEIS in ionad roinnt scéimeanna a bhí ann roimhe lena n-áirítear FPS. Rinneadh foráil le MEIS maidir le dálaí comhchosúla a bhí á bhfrithchúiteamh le FPS san imscrúdú tosaigh. Dá bhrí sin, san imscrúdú bunaidh, mheas an Coimisiún go mbeadh feidhm ag na torthaí i dtaca le FPS maidir le MEIS freisin.

3.3.1.2.   Leanúint den scéim fóirdheontais

(63)

Lean scéim MEIS de bheith i bhfeidhm i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dhearbhaigh GOI gurbh ann don scéim san fhreagra ar an gceistneoir freisin mar aon leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha Tata Metaliks Limited, ar táirgeoirí iad a thairbhigh den scéim freisin.

(a)    Bunús dlí

(64)

Tá MEIS bunaithe ar an Foreign Trade (Development and Regulation) Act [An tAcht um Thrádáil Eachtrach (Forbairt agus Rialáil)] 1992 (Uimh. 22 de 1992) a tháinig i bhfeidhm an 7 Lúnasa 1992 (“An tAcht um Thrádáil Eachtrach”). Údaraítear leis an Acht um Thrádáil Eachtrach do Rialtas na hIndia fógraí a eisiúint maidir leis an mbeartas onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin. Déantar achoimre orthu sin i ndoiciméid FTP, a eisíonn an Aireacht Tráchtála gach 5 bliana de ghnáth agus a nuashonraítear go tráthrialta.

(65)

Tugtar tuairisc ar MEIS i bplean 5 bliana Bheartas Trádála Eachtraí 2015-20 (“FTP 2015-2020”). Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na nósanna imeachta lena rialaítear FTP 2015-2020 in “Handbook of Procedures”, 2015-2020” [Lámhleabhar Nósanna Imeachta] (“HOP 2015-2020”).

(66)

Tá an tuairisc mhionsonraithe ar MEIS i gcaibidil 3 de FTP 2015-2020 agus i gcaibidil 3 de HOP 2015-2020.

(b)    Incháilitheacht

(67)

Beidh aon mhonaróir-onnmhaireoir nó aon cheannaí-onnmhaireoir incháilithe don scéim sin.

(c)    Cur chun feidhme praiticiúil

(68)

Is féidir le cuideachtaí incháilithe tairbhiú de MEIS trí tháirgí sonracha a onnmhairiú chuig tíortha sonracha, a dhéantar a chatagóiriú i nGrúpa A (“Margaí Traidisiúnta” lena n-áirítear gach Ballstát den Aontas), i nGrúpa B (“Margaí atá ag Teacht Chun Cinn agus Margaí Fócais”) agus i nGrúpa C (“Margaí Eile”). Tá na tíortha a thagann faoi gach grúpa agus liosta na dtáirgí ar a bhfuil rátaí comhfhreagracha luaíochta liostaithe i bhFoscríbhinn 3B de HOP nuashonraithe.

(69)

Tá an tairbhe i bhfoirm creidmheasa dleachta atá cothrom le céatadán de luach FOB an onnmhairí. Ba é 3 % ráta MEIS i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(70)

De bhun mhír 3.06 de FTP 2015-20, cuireadh cineálacha áirithe onnmhairí as an áireamh ón scéim, e.g. onnmhairí d’earraí allmhairithe nó d’earraí trasloingsithe, onnmhairí measta, onnmhairí seirbhíse agus láimhdeachas onnmhairiúcháin d’aonaid atá ag feidhmiú faoi limistéir eacnamaíocha speisialta/aonaid oibríochta onnmhairiúcháin.

(71)

Tá na creidmheasanna dleachta faoi MEIS inaistrithe faoi shaoirse agus bailí ar feadh tréimhse 18 mí ón dáta a eisítear iad agus beidh na scruitheanna creidmheasa dleachta a eisíodh an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin bailí ar feadh tréimhse 24 mí ón dáta eisiúna de réir mhír 3.13 de HOP 2015-2020 nuashonraithe.

(72)

Is mar a leanas is féidir iad a úsáid: (i) dleachtanna custaim a íoc ar allmhairí ionchur nó ar earraí lena n-áirítear earraí caipitiúla, (ii) dleachtanna máil a íoc ar sholáthar intíre ionchur nó earraí lena n-áirítear earraí caipitiúla agus íocaíocht, (iii) cáin seirbhíse a íoc ar sholáthar seirbhísí. Is féidir scruitheanna a dhíol ar an margadh freisin.

(73)

Ní mór iarratas ar thairbhí a éileamh faoi MEIS a chomhdú ar líne ar shuíomh gréasáin Directorate-General of Foreign Trade [Ard-Stiúrthóireacht na Trádála Eachtraí]. Ní mór doiciméid ábhartha (billí loingseoireachta, deimhniú réadaithe bainc agus cruthúnas ar thabhairt i dtír) a nascadh leis an iarratas ar líne. Eisíonn Údarás Réigiúnach ábhartha Rialtas na hIndia an creidmheas dleachta tar éis dó na doiciméid a ghrinnscrúdú. Fad a chuireann an t-onnmhaireoir an doiciméad ábhartha ar fáil, níl aon rogha ag an Údarás Réigiúnach maidir leis na creidmheasanna dleachta a dheonú.

(d)    Ranníocaíocht agus tairbhe airgeadais

(74)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán, shuigh an Coimisiún go dtugtar an tairbhe don fhaighteoir tráth a dhéantar idirbheart onnmhairiúcháin faoin scéim sin. I láthair na huaire, eisíonn Rialtas na hIndia creidmheas dleachta, a chuireann an táirgeoir is onnmhaireoir in áirithe mar chuntas infhála ar féidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin é a fhritháireamh tráth ar bith. Is ionann sin agus ranníocaíocht airgeadais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. Tráth a eisíonn na húdaráis chustaim bille loingseoireachta onnmhairiúcháin, níl aon rogha ag Rialtas na hIndia maidir leis an bhfóirdheontas a dheonú nó gan é a dheonú. I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí measúnú a dhéanamh ar an tairbhe faoi MEIS mar shuim na méideanna arna dtuilleamh ar idirbhearta onnmhairiúcháin a rinneadh faoin scéim sin i rith thréimhse an imscrúdaithe.

(e)    Sainiúlacht

(75)

Thairis sin, tá MEIS ag brath de réir dlí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, agus dá bhrí sin meastar é a bheith sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán.

(f)    Conclúid maidir le MEIS

(76)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur sholáthair MEIS fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia is ea creidmheas dleachta MEIS, ós rud é go n-úsáidfear an creidmheas ar deireadh chun dleachtanna ar allmhairí a íoctar ar earraí caipitiúla a fhritháireamh, rud lena laghdófar an t-ioncam ó dhleacht le haghaidh Rialtas na hIndia, a bheadh dlite murach sin. Ina theannta sin, le creidmheas dleachta MEIS, tugtar tairbhe don onnmhaireoir nach bhfuil faoi réir íocaíocht na ndleachtanna sin ar allmhairí. I gcás cuideachta a dhíolann scruithí MEIS ar an margadh, déantar foráil leis an scéim maidir le ranníocaíocht airgeadais dhíreach.

(77)

Thug an Coimisiún dá aire go ndeachaigh MEIS in éag tar éis thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, an 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, go dtí deireadh 2021, féadfaidh na cuideachtaí iarratas a dhéanamh fós ar scruitheanna MEIS le haghaidh na n-idirbheart onnmhairiúcháin a rinneadh in 2020. Thairis sin, tá na cuideachtaí fós in ann scruith MEIS a fuarthas in 2021 a úsáid chun dleachtanna allmhairiúcháin atá dlite a chothromú, go dtí an 15 Meán Fómhair 2023. Dá bhrí sin, fuarthas tairbhí faoin scéim sin le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus leanfar díobh fiú tar éis na bearta a fhorchur.

(78)

Thug an Coimisiún dá aire thairis sin gur fhoilsigh Rialtas na hIndia, i mí Lúnasa 2021, treoirlínte maidir le scéim nua darb ainm Remission of Duties and Taxes on Exported Products Scheme [Scéim um Loghadh Dleachtanna agus Cánacha ar Tháirgí Onnmhairithe] (“RoDTEP”), a thagann in ionad MEIS. Luaitear scéim RoDTEP mar shásra chun cánacha/dleachtanna/tobhaigh a aisíoc, ar an leibhéal láir, stáit agus áitiúil, nach bhfuil á n-aisíoc faoi láthair faoi aon sásra eile, ach a thabhaítear i bpróiseas monaraíochta agus dáileacháin táirgí onnmhairithe (19). D’fhógair Rialtas na hIndia rátaí aisíocaíochta le haghaidh na n-earnálacha difriúla. Bíonn na rátaí sin faoi réir a n-athbhreithnithe tráth ar bith. Cé nár fógraíodh na rátaí le haghaidh thionscal an iarainn ná an táirge lena mbaineann tráth an imscrúdaithe, d’iarr an earnáil go n-áireofaí sa scéim í, rud a dheimhnigh an táirgeoir comhoibríoch, Tata Metaliks Limited freisin, agus bhí ráta le haghaidh an tionscail fós á phlé (20).

3.3.1.3.   Conclúid

(79)

I bhfianaise nach bhfuil an cás dlíthiúil athraithe go substaintiúil, mheas an Coimisiún gur lean MEIS de thairbhe a thabhairt do thionscal na bpíopaí insínte le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Fuair an Coimisiún na torthaí céanna i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433.

(80)

I ngeall ar an easpa comhair, níorbh fhéidir leibhéal beacht fhóirdheonú na scéime sin a ríomh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Chuaigh an Coimisiún i muinín na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán chun na críche sin. I dtaca leis an ráta fóirdheontais i dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh maidir le FPS a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh agus ar tháinig MEIS ina ionad (a cinneadh gur tugadh tairbhí comhchosúla leis), bhí rátaí éagsúla i gceist idir 3,11 % agus 4,35 % (féach aithris (61).

(81)

Ós rud é gur 3 % FOB a bhí i gceist le ráta MEIS i gcomparáid le 5 % FOB faoi FPS i dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh, chuaigh an tairbhe a fuair an tionscal píopaí insínte faoi MEIS i laghad tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin dá réir. I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433, ba iad 1,87 % agus 1,92 % ar ráta 2 % MEIS na tairbhí a cinneadh le haghaidh na dtáirgeoirí cruach dosmálta fuar-rollta. Mheas an Coimisiún, ar an gcaoi chéanna dá bhrí sin, gur beagán faoi bhun 3 % a bheadh i gceist le tairbhí do na táirgeoirí píopaí insínte faoi MEIS agus dá bhrí sin, nach tairbhí diomaibhseacha a bheadh iontu.

(82)

Tar éis an nochta, d’áitigh Tata Metaliks Limited go ndearnadh foráil le MEIS maidir le haisíoc (a) cánacha neamhdhíreacha atá nasctha le táirgeadh agus le dáileadh na dtáirgí onnmhairithe, agus (b) cánacha neamhdhíreacha carnacha ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh táirgí allmhairithe. D’áitigh sé, faoi Chomhaontú SCM, nach bhfuil aisíoc chatagóirí sin na gcánacha in-fhrithchúitithe. Mhaigh sé freisin, fiú dá mba rud go gcinnfí go raibh MEIS in-fhrithchúitithe, gur foirceannadh an clár sin an 31 Nollaig 2020.

(83)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. Mar a mhínítear in aithrisí (60)-(81), is i bhfoirm scruithdhleachta atá cothrom le céatadán seasta de luach SAB na n-onnmhairí a aisíoctar cuideachtaí san India. Le coinníollacha na scéime, ní fhorchuirtear nach mór do luach na scruithdhleachta comhfhreagairt do shuim na gcánacha a d’íoc cuideachtaí, ná ní dhéantar na suimeanna sin a fhíorú. Maidir leis an dóchúlacht go leanfar den scéim fóirdheontais, mar a luaitear in aithris (77), tá cuideachtaí fós in ann scruith MEIS a fuarthas in 2021 a úsáid chun dleachtanna allmhairiúcháin atá dlite a chothromú, go dtí an 15 Meán Fómhair 2023. Dá bhrí sin, leanfar de na tairbhí faoin scéim sin i bhfad thar thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(84)

Mhaígh Tata Metaliks Limited nach ndearnadh foráil le RoDTEP maidir le tairbhí tráth a haighneachta (an 31 Márta 2022) agus nach féidir leis an gCoimisiún a mheas dá bhrí sin, i bhfianaise an fhíorais go raibh an tairbhe á phlé, gur dócha go bhfóirdheonófaí an táirge lena mbaineann (amach anseo).

(85)

I ndáil le scéim RoDTEP, thug an Coimisiún dá aire gur mheas Tata Metaliks Limited féin le linn na cros-seiceála cianda go bhfuil idirbheartaíocht le déanamh maidir le ráta nua le haghaidh thionscal na bpíopaí insínte. I dtaca leis an bhfíoras nár cinneadh an ráta tráth a haighneachta, níor fhág sin go raibh ceist faoin dóchúlacht láidir go leagfar an ráta nua síos agus go leanfar den fhóirdheonú faoin scéim nua sin ar feadh tréimhse tar éis 2023. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.3.2.   Export Promotion of Capital Goods Scheme [Scéim um Chur Chun Cinn Onnmhairiúcháin Earraí Caipitiúla]

3.3.2.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(86)

San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún go ndearnadh foráil maidir le fóirdheontas in-fhrithchúitithe leis an scéim darb ainm di Export Promotion of Capital Goods Scheme [Scéim um Chur Chun Cinn Onnmhairiúcháin Earraí Caipitiúla] (“EPCGS”), agus gur ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia a bhí ann. B’infheidhme an scéim sin le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin fós.

(a)    Bunús dlí

(87)

Tá an tuairisc mhionsonraithe ar EPCGS i gcaibidil 5 de FTP 2015-2020 agus i gcaibidil 5 de HOP 2015-2020.

(b)    Incháilitheacht

(88)

Tá monaróirí-onnmhaireoirí, onnmhaireoirí-ceannaithe atá “faoi cheangal le” monaróirí agus soláthraithe seirbhíse a thacaíonn leis an mbeart seo incháilithe don bheart sin.

(c)    Cur chun feidhme praiticiúil

(89)

Faoi choinníoll oibleagáide onnmhairiúcháin, ceadaítear do chuideachta earraí caipitiúla (earraí caipitiúla nua agus earraí caipitiúla athláimhe suas le 10 mbliana d’aois) a allmhairiú de réir ráta dleachta laghdaithe. Chuige sin, eisíonn Rialtas na hIndia ceadúnas EPCGS, ar iarratas agus ar tháille a íoc. Foráiltear leis an scéim do ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí is infheidhme maidir leis na hearraí caipitiúla uile a allmhairítear faoin scéim. Chun an oibleagáid onnmhairiúcháin a chomhlíonadh, ní mór na hearraí caipitiúla allmhairithe a úsáid chun méid áirithe earraí a mheastar a bheidh le honnmhairiú a tháirgeadh le linn tréimhse áirithe. Faoi FTP 2015-2020 is féidir na hearraí caipitiúla a allmhairiú le ráta dleachta 0 % faoi EPCGS. Is ionann an oibleagáid onnmhairiúcháin agus 6 oiread na dleachta a dhéantar a choigilt, agus ní mór í a chomhlíonadh laistigh de thréimhse 6 bliana ar a mhéad.

(90)

Is féidir le sealbhóir ceadúnais EPCGS na hearraí caipitiúla a fhoinsiú go dúchasach freisin. Sa chás sin, féadfaidh monaróir dúchasach na n-earraí caipitiúla leas a bhaint as an tairbhe chun comhpháirteanna a allmhairiú saor ó dhleacht, ar comhpháirteanna iad is gá chun na hearraí caipitiúla sin a mhonarú. De rogha air sin, is féidir leis an monaróir dúchasach tairbhe an onnmhairithe mheasta a éileamh i leith earraí caipitiúla a sholáthar do shealbhóir ceadúnais EPCGS.

(d)    Conclúid maidir le EPCGS

(91)

Le EPCGS soláthraítear fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia atá sa laghdú dleachta, ós rud é go laghdaítear leis an lamháltas sin an t-ioncam ó dhleacht le haghaidh Rialtas na hIndia, a bheadh dlite murach sin. Ina theannta sin, leis an laghdú ar an dleacht tugtar tairbhe don onnmhaireoir, toisc go gcuirtear feabhas ar leachtacht na cuideachta leis na dleachtanna ar allmhairiú a dhéantar a choigilt.

(92)

Thairis sin, tá EPCGS ag brath de réir dlí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, ós rud é nach féidir ceadúnais den sórt sin a fháil gan gealltanas a thabhairt maidir le honnmhairiú. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil sé sonrach agus in-fhrithchúitithe faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(4) den bhun-Rialachán.

(93)

Ní féidir a mheas gur córas aisíoca dleachta incheadaithe ná córas aisíocaíochta ionadaíochta é EPCGS de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. Ní chumhdaítear earraí caipitiúla faoi raon feidhme na gcóras incheadaithe sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (I) den bhun-Rialachán, toisc nach n-ídítear iad i dtáirgeadh na dtáirgí onnmhairithe.

(94)

San imscrúdú bunaidh, rinneadh méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den bhun-Rialachán, ar bhonn na dleachta custaim neamhíoctha ar earraí caipitiúla allmhairithe agus iad leata ar feadh tréimhse lena léirítear gnáth-thréimhse dímheasa na n-earraí caipitiúla sin sa tionscal lena mbaineann. Coigeartaíodh an tsuim a ríomhadh amhlaidh, atá inchurtha i leith thréimhse an imscrúdaithe, trí ús a chur leis le linn na tréimhse sin chun luach lánaimseartha an airgid a léiriú. Measadh go raibh an ráta úis tráchtála san India iomchuí chun na críche sin le linn thréimhse an imscrúdaithe. I gcomhréir le hAirteagal 7(1)(a) den bhun-Rialachán, maidir leis na táillí arna dtabhú ag na cuideachtaí chun an fóirdheontas a fháil, asbhaineadh iad ón méid iomlán fóirdheontais i gcás inar éilíodh iad.

(95)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus le hAirteagal 7(3) den bhun-Rialachán, leithdháileadh an méid fóirdheontais sin thar an láimhdeachas onnmhairiúcháin iomchuí le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh mar an t-ainmneoir iomchuí toisc go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus nár tugadh é faoi threoir na gcainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh.

(96)

Bhí an ráta fóirdheontais a leagadh síos i dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh maidir leis an scéim sin idir 0,03 % agus 0,38 %.

3.3.2.2.   Leanúint den scéim fóirdheontais

(97)

San iarraidh ar athbhreithniú agus in iarscríbhinní comhfhreagracha, sholáthair an t-iarratasóir fianaise gur lean táirgeoirí píopaí insínte san India de thairbhiú den scéim. Dhearbhaigh Rialtas na hIndia gurbh ann don scéim san fhreagra ar an gceistneoir freisin. Thairis sin, shuigh an Coimisiún gur úsáid Tata Metaliks Limited an scéim chun earraí caipitiúla a allmhairiú ar earraí iad a úsáidtear i monarú an táirge lena mbaineann. D’fhéadfaí tairbhe na scéime a leithdháileadh ar an táirge lena mbaineann le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(98)

Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil fianaise leordhóthanach ann lena dtaispeántar gur lean na táirgeoirí onnmhairiúcháin de thairbhiú de na fóirdheontais faoi scéim EPCGS i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(99)

I ngeall ar an easpa comhair, níorbh fhéidir leibhéal beacht fhóirdheonú na scéime sin a ríomh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Chuaigh an Coimisiún i muinín na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán chun na críche sin. Bhí an ráta fóirdheontais a leagadh síos i dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh maidir leis an scéim sin idir 0,03 % agus 0,38 % (féach aithris (96)).

(100)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár dhiomaibhseach leibhéal an fhóirdheonaithe a tugadh leis an scéim sin i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus in aon chás nach raibh sé faoi bhun na leibhéal a suíodh san imscrúdú bunaidh.

(101)

Tar éis an nochta, d’áitigh Tata Metaliks Limited gur fóirdheontas incheadaithe é scéim EPCGS toisc go ndearnadh foráil léi maidir le díolmhú cánacha táirgí onnmhairithe i gcás inarb é tomhaltas intíre a gceann scríbe, agus nach bhféadfaí é a fhrithchúiteamh dá bhrí sin.

(102)

Mar a mheabhraítear in aithris (93), ní chumhdaítear earraí caipitiúla faoi raon feidhme na gcóras incheadaithe sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (I) den bhun-Rialachán, toisc nach n-ídítear iad i dtáirgeadh na dtáirgí onnmhairithe. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.3.3.   Scéim Aisíocaíochta Dleachta

3.3.3.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(103)

San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún gur thairbhigh táirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann de Scéim Aisíocaíochta Dleachta lena ndearnadh foráil maidir le haisíocaíocht céatadáin áirithe de luach FOB d’onnmhairí (“ráta DDS”). Ba é 1,9 % de luach SAB ráta DDS le haghaidh an táirge lena mbaineann i dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh. B’infheidhme scéim DDS le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin fós.

(a)    Bunús dlí

(104)

Ba iad Custom & Central Excise Duties Drawback Rules 1995 [Rialacha Aisíocaíochta Dleachtanna Custaim agus Máil 1995] (“Rialacha DDS 1995”), arna leasú in 2006 agus ansin na Rialacha Aisíocaíochta Dleachtanna Custaim agus Máil Láir, 2017 (“Rialacha 2017”), a tháinig i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2017 an bunús dlí ab infheidhme le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Tugtar tuairisc ar mhodh ríofa na scéime aisíocaíochta dleachta sin faoi Riail 3(2) de Rialacha DDS 1995. Le Riail 12(1)(a)(ii) de na Rialacha DDS sin rialaítear an Dearbhú nach mór do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhdú chun tairbhiú den scéim. Is comhionann i gcónaí na Rialacha sin le Rialacha DDS 2017 agus comhfhreagraíonn siad do Riail 3(2) agus do Riail 13(1)(a)(ii) faoi seach.

(105)

Ina theannta sin, tá treoracha sonracha i gCiorclán Uimh. 24/2001 maidir leis an mbealach le Riail 3(2) a chur chun feidhme mar aon leis an Dearbhú nach mór d’onnmhaireoirí a chur le chéile faoi Riail 12(1)(a)(ii).

(106)

Sonraítear le Riail 4 de Rialacha DDS 1995 go bhféadfaidh an Rialtas Láir athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid nó ar rátaí a chinntear faoi Riail 3. Tá roinnt modhnuithe déanta ag Rialtas na hIndia, agus is iad na modhnuithe deireanacha a rinneadh na modhnuithe lena ndearnadh athbhreithniú ar na rátaí, agus is iad Fógra Uimh. 95/2018 – CUSTOMS agus Fógra Uimh. 7/2020 – CUSTOMS atá i gceist.

(107)

Ba é 1,9 % de luach SAB ráta DDS le haghaidh an táirge lena mbaineann i dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh.

(b)    Incháilitheacht

(108)

Beidh aon mhonaróir-onnmhaireoir nó aon cheannaí-onnmhaireoir incháilithe don scéim sin.

(c)    Cur chun feidhme praiticiúil

(109)

Faoin scéim seo, tá aon chuideachta a onnmhairíonn táirgí incháilithe i dteideal méid a chomhfhreagraíonn do chéatadán de luach dearbhaithe SAB an táirge onnmhairithe a fháil. Sonraítear i Riail 3(2) de na Rialacha Aisíocaíochta Custaim agus Dleachtanna Máil Láir an bealach a ríomhfar méid an fhóirdheontais. Tá an méid in-aisíoctha bunaithe ar mheánluachanna na ndleachtanna custaim ábhartha ar fud an tionscail ar dleachtanna iad a íoctar ar amhábhair allmhairithe agus ar mheán-chóimheas tomhaltais tionscail a bhailítear uathu siúd a mheasann Rialtas na hIndia mar mhonaróirí atá ionadaíoch ar na táirgí onnmhairiúcháin incháilithe (an ráta ar a dtugtar “All Industry Rate” (“An Ráta Uile-Thionscail”] nó “AIR”). Ansin, déanann Rialtas na hIndia an méid atá le haisíoc a shloinneadh mar chéatadán de mheánluach onnmhairiúcháin na dtáirgí onnmhairithe incháilithe.

(110)

Úsáideann Rialtas na hIndia an céatadán sin chun méid na haisíocaíochta dleachta a ríomh a bhfuil gach onnmhaireoir incháilithe i dteideal a fháil. Is é Rialtas na hIndia a chinneann an ráta le haghaidh na scéime sin ar bhonn táirge ar tháirge.

(111)

De réir Rialtas na hIndia, is féidir aisíocaíocht dleachta a chinneadh bunaithe ar tharlú iarbhír na dleachta freisin, i gcás táirgí, nach bhfuil incháilithe do “AIR”, nó i gcás cuideachtaí, i gcás ina gcinnfear gur lú ná 80 % de tharlú iarbhír na dleachta/cánach iad lacáistí “AIR”.

(112)

Chun bheith incháilithe chun tairbhiú den scéim sin, ní mór do chuideachta onnmhairiú a dhéanamh. Agus sonraí lastais á gcur isteach san fhreastalaí custaim, tugtar le fios go bhfuil an t-onnmhairiú ag tarlú faoi DDS agus go bhfuil méid DDS socraithe go neamh-inchúlghairthe. Tar éis don loingsiú agus don chuideachta an Lastliosta Onnmhairiúcháin Ginearálta a chomhdú agus don oifig chustaim an doiciméad sin a chur i gcomparáid go sásúil le sonraí an bhille loingseoireachta, comhlíontar na coinníollacha uile chun íoc mhéid na haisíocaíochta a údarú trí íocaíocht dhíreach ar chuntas bainc an onnmhaireora nó trí dhréacht.

(113)

Ní mór don onnmhaireoir fianaise a sholáthar freisin maidir le fáltais onnmhairiúcháin a réadú trí Dheimhniú um Fhíorú Bainc (“BRC”). Is féidir an doiciméad sin a sholáthar tar éis méid na haisíocaíochta a bheith íoctha. Aisghabhann Rialtas na hIndia an méid a íocadh má mhainníonn an t-onnmhaireoir BRC a chur isteach laistigh de sprioc-am áirithe.

(114)

Is féidir méid na haisíocaíochta a úsáid chun aon chríche agus, i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta na hIndia, is féidir an méid a ríomh ar bhonn fabhraithe mar ioncam sna cuntais tráchtála, tar éis don oibleagáid onnmhairiúcháin a bheith comhlíonta.

(d)    Conclúid maidir leis an DDS

(115)

San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún go soláthraíonn DDS fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(I) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Is ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia é an méid ar a dtugtar aisíocaíocht dleachta toisc go bhfuil sé i bhfoirm aistriú díreach cistí ó Rialtas na hIndia. Níl aon srianta maidir le húsáid na gcistí sin. Ina theannta sin, tugann méid na haisíocaíochta dleachta tairbhe don onnmhaireoir, toisc go gcuireann sé feabhas ar leachtacht an onnmhaireora.

(116)

Is é Rialtas na hIndia a chinneann an ráta aisíocaíochta dleachta le haghaidh onnmhairí ar bhonn táirge ar tháirge. Mar sin féin, cé go ngairtear aisíocaíocht dleachta don fhóirdheontas, níl saintréithe uile córais aisíoca dleachta incheadaithe ná córais aisíocaíochta ionadaíochta ag an scéim de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán; Ná níl an scéim i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I ítim (I), in Iarscríbhinn II (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíocaíocht) agus in Iarscríbhinn III (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíocaíocht ionadaíochta) den bhun-Rialachán. Ní gá go mbeadh an íocaíocht in airgead tirim leis an onnmhaireoir nasctha le híocaíochtaí iarbhír dleachtanna ar allmhairí maidir le hamhábhair, agus ní creidmheas dleachta í chun dleachtanna ar allmhairí a fhritháireamh ar allmhairí amhábhar san am atá thart nó sa todhchaí. Ina theannta sin, níl aon chóras ná nós imeachta i bhfeidhm lena dheimhniú cé na hionchuir a ídítear i dtáirgeadh na dtáirgí onnmhairithe agus céard iad na méideanna a bhíonn i gceist. Ina theannta sin, ní dhearna Rialtas na hIndia tuilleadh scrúdaithe bunaithe ar na hionchuir iarbhír lena mbaineann, cé gur ghá sin a dhéanamh in éagmais córas fíorúcháin a chuirfí i bhfeidhm go héifeachtach (Iarscríbhinn II(5) agus Iarscríbhinn III(II)(3) a ghabhann leis an mbun-Rialachán).

(117)

An íocaíocht a dhéanfaidh Rialtas na hIndia i ndiaidh onnmhairí arna ndéanamh ag onnmhaireoirí, braitheann sí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus dá bhrí sin, meastar go bhfuil an scéim sin sonrach agus in-fhrithchúitithe faoi Airteagal 4(4)(a) den bhun-Rialachán.

(118)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil DDS in-fhrithchúitithe.

(e)    Méid an fhóirdheontais a ríomh

(119)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán, ríomh an Coimisiún san imscrúdú bunaidh méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe i dtéarmaí an tairbhe a thugtar don fhaighteoir (ar é sin an méid a fhaightear mar an aisíocaíocht dleachta), a suíodh a bheith ann le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh. I ndáil leis sin, shuigh an Coimisiún go dtugtar an sochar don fhaighteoir tráth a dhéantar idirbheart onnmhairiúcháin faoin scéim sin. I láthair na huaire, tá Rialtas na hIndia faoi dhliteanas méid na haisíocaíochta a íoc, ar ranníocaíocht airgeadais é de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(I) den bhun-Rialachán. A luaithe a eiseoidh na húdaráis chustaim bille loingseoireachta onnmhairiúcháin lena dtaispeánfar, inter alia, méid na haisíocaíochta atá le deonú i leith an idirbhirt onnmhairiúcháin sin, níl aon rogha ag Rialtas na hIndia maidir leis an bhfóirdheontas a dheonú nó gan é a dheonú.

(120)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú na bpríomh-tháirgeoirí onnmhairiúcháin, mar a luaitear in aithris (55), ní raibh an Coimisiún in ann a fhíorú cé acu a íocann siad dleachtanna ar allmhairí le fírinne le haghaidh na n-amhábhar a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann nó nach n-íocann. Dá mba rud é go ndearnadh agus gur dearbhaíodh an maíomh sin, d’ainneoin nach raibh córas ná nós imeachta ann chun na hionchuir a ídítear i dtáirgeadh na dtáirgí onnmhairithe a dheimhniú ná na méideanna a bhí i gceist leo, bheadh fíorú déanta ag an gCoimisiún ar na dleachtanna custaim a íoctar chun an loghadh iomarcach a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn II (5) a ghabhann leis an mbun-Rialachán.

(121)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún gurb iomchuí measúnú a dhéanamh ar an tairbhe faoi DDS mar shuim na méideanna aisíocaíochta arna dtuilleamh ar idirbhearta onnmhairiúcháin a rinneadh faoin scéim sin le linn an imscrúdaithe bunaidh.

(122)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán, leithdháil an Coimisiún na méideanna fóirdheontais sin thar láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán na cuideachta le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh mar an t-ainmneoir iomchuí, toisc go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus nár deonaíodh é faoi threoir na gcainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh.

(123)

Bhí na rátaí fóirdheontais a leagadh síos maidir leis an scéim sin i dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh idir 1,37 % agus 1,66 %.

3.3.3.2.   Leanúint den scéim fóirdheontais

(124)

San iarraidh ar athbhreithniú agus in iarscríbhinní comhfhreagracha, sholáthair an t-iarratasóir fianaise gur lean tionscal na bpíopaí insínte de thairbhiú de DDS le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, dheimhnigh Rialtas na hIndia gur leanadh de DDS sa fhreagra ar an gceistneoir. Ina theannta sin, thairbhigh an táirgeoir comhoibríoch, Tata Metaliks Limited den scéim freisin le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, le haghaidh a onnmhairí chuig tríú tíortha go príomha.

(125)

Ina bhfreagraí ar an gceistneoir, d’áitigh idir Tata Metaliks Limited agus Rialtas na hIndia nár fhóirdheontas in-fhrithchúitithe a bhí i gceist le DDS. D’áitigh Rialtas na hIndia thairis sin, chun DDS a bheith ina fhóirdheontas, nár mhór d’aisíocaíocht na gcánacha indíreacha nó na muirear ar allmhairí a bheith níos mó ná na cánacha nó na muirir sin a thoibhítear iarbhír ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. Fiú i gcásanna den sórt sin, níorbh fhéidir ach an aisíocaíocht iomarcach a fhrithchúiteamh dar le Rialtas na hIndia. Chun tacú leis an maíomh, thagair Rialtas na hIndia don Tuarascáil Phainéil, European Union - Countervailing Measures on Certain Polyethylene Terephthalate from Pakistan [An tAontas Eorpach - Bearta Frithchúitimh ar Theireaftaláit Phoileitléine ón bPacastáin], WT/DS486/R.

(126)

D’áitigh Rialtas na hIndia thairis sin nach raibh an incháilitheacht laistigh den scéim ag brath ar an bhfeidhmíocht onnmhairiúcháin ná nach raibh sé teoranta d’aon earnáil, tionscal agus/nó réigiún. Dar leis-sean, neodraítear leis an aisíocaíocht na Dleachtanna Custaim agus Máil Láir a íoctar agus iad á ríomh ar mheánchainníochtaí d’ionchuir ábhartha (arna n-allmhairiú agus ionchuir intíre), ar ionchuir iad a fheictear mar ionchuir a úsáidtear de ghnáth chun aicme na n-earraí onnmhairithe a mhonarú. I dtaca leis an mbealach difriúil a bhíonn i gceist ag onnmhaireoirí aonair chun ionchuir a fhoinsiú, cuirtear sin san áireamh agus réitítear é le meánfhigiúirí. Dá bhrí sin, mheas Rialtas na hIndia gur lacáiste cánach/dleachta a bhí i gceist le DDS agus nach fóirdheontas a bhí ann.

(127)

Mar a thuairiscítear in aithrisí (115)-(118), mheas an Coimisiún san imscrúdú bunaidh nach raibh na saintréithe uile córais aisíoca dleachta incheadaithe ná córais aisíoca ionadaíochta ag DDS de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. I gcodarsnacht le ráitis Rialtas na hIndia, níl aon nasc díreach ag tairbhí a fhaigheann na cuideachtaí faoi scéimeanna DDS le dleachtanna atá dlite ar allmhairí amhábhar a úsáideann an chuideachta sna táirgí onnmhairithe. Faigheann cuideachta onnmhairiúcháin íocaíochtaí in airgead tirim, íocaíochtaí nach bhfuil nasctha ach le luach SAB onnmhairí na cuideachta. Ní cheanglaítear ar chuideachtaí aon amhábhair a allmhairiú ar chor ar bith.

(128)

Dá bhrí sin, agus toisc nach ndéantar foráil le sásra na scéime maidir le measúnú ar bhonn cuideachta ar chuideachta ar na cánacha/muirir a íoctar le haghaidh na n-ionchur táirgthe a ídítear, ní féidir leis an gCoimisiún suim iomlán na haisíocaíochta dleachta faoi DDS a mheas díreach mar chúiteamh as dleachtanna/muirir a íocann cuideachtaí ar amhábhar a ídítear i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann. Ar deireadh, i bhfianaise neamh-chomhoibriú na bpríomh-tháirgeoirí onnmhairiúcháin, ní raibh an Coimisiún in ann naisc a bhaineann le cásanna sonracha a fhíorú idir an tairbhe faoi DDS agus na dleachtanna féideartha a íoctar ar amhábhair a allmhairiú, ar amhábhair iad a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann.

(129)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, gur lean DDS de thairbhe a sholáthar do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na bpíopaí insínte san India. Thairis sin, in éagmais comhair ó tháirgeoir onnmhairiúcháin ag a bhfuil méid onnmhairiúcháin ionadaíoch chuig an Aontas i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ní raibh aon fhaisnéis a bhain le cuideachtaí sonracha ag an gCoimisiún ar a ríomhfaí méid an fhóirdheontais a tugadh, ar fóirdheontas é a tugadh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Mar sin féin, i dtaca leis an gcinneadh ar ar thángthas maidir leis an bhfóirdheonú leantach san athbhreithniú éaga atá i bhfeidhm faoi láthair, níor mheas an Coimisiún gur riachtanach méideanna den sórt sin a ríomh. Thairis sin, cé gur tháinig laghdú de bheagán ó thráth thréimhse an imscrúdaithe bunaidh ar an aisíocaíocht dleachta le haghaidh an táirge lena mbaineann (ó 1,9 % go 1,8 % agus ansin go 1,6 % i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin), tá rialacha DDS fós gan athrú. Fiú dá mba rud é gurbh amhlaidh gur laghdú comhréireach ar leibhéil an fhóirdheonaithe a d’eascródh as an laghdú (16 %) ar ráta DDS, i gcomparáid leis na leibhéil a cinneadh san imscrúdú bunaidh (1,37 % go 1,66 %), mheas an Coimisiún gur leibhéal fóirdheonaithe neamh-dhiomaibhseachfós é an leibhéal sin faoin scéim.

(130)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, gur lean DDS de thairbhe a sholáthar do tháirgeoirí píopaí insínte.

(131)

Tar éis an nochta, d’áitigh go bhfuil nascacht leordhóthanach ann idir na rátaí aisíocaíochta agus na dleachtanna a íoctar ar ábhair a ídítear i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann. Luaitear go háirithe, chun an aisíocaíocht dleachta a fháil, nach mór d’onnmhaireoirí an bille loingseoireachta a chur isteach, agus é á lua go bhfuil feidhm ag an éileamh ar aisíocaíocht dleachta maidir leis an táirge. Is tar éis fíoraithe agus sa chás sin amháin a ghineann Custaim na hIndia bille loingseoireachta lena luaitear an méid aisíocaíochta. Dá bhrí sin, dar leis-sean, ní raibh an aisíocaíocht dleachta ina loghadh iomarcach.

(132)

Mar a míníodh go mionsonraithe cheana féin in aithris (109), mheas an Coimisiún go mbaineann an t-éileamh ar dhleacht aisíocaíochta le céatadán seasta de mhéid atá le haisíoc. Thug sé dá aire nár ghá go gcomhfhreagródh méid den sórt sin do mhéid na ndleachtanna a d’íocfadh cuideachta as ionchuir a ídítear sa táirgeadh. Thairis sin, mar a tugadh dá aire in aithris (128), d’fhág neamh-chomhoibriú na bpríomh-tháirgeoirí onnmhairiúcháin go raibh sé dodhéanta a fhíorú cé acu a íocann siad dleachtanna ar allmhairí le fírinne le haghaidh na n-amhábhar a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann nó nach n-íocann. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.3.4.   Soláthar amhiarainn ar luach saothair nach leordhóthanach

3.3.4.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(133)

San imscrúdú bunaidh, mheas an Coimisiún, le sraith beart, gur chuir Rialtas na hIndia ar iontaoibh na gcuideachtaí mianadóireachta amhiarainn amhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach. Tairbhe airgeadais do na faighteoirí ab ea an soláthar earraí sin agus cinneadh go raibh sé sonrach, agus dá bhrí sin, in-fhrithchúitithe (21).

(134)

Ar dtús, ó mhí an Mhárta 2007, d’fhorchuir Rialtas na hIndia cánacha onnmhairiúcháin ar an amhiarann, ar ráta 300 INR in aghaidh an tona i dtosach báire (a chomhfhreagraíonn do chéatadán idir 12 % agus 15 %). I mí an Mhárta 2011 méadaíodh an ráta go 20 %, agus i mí na Nollag 2011, méadaíodh a thuilleadh go 30 % é. Tá sé d’aidhm ag srian ar onnmhairí den sórt sin trí chánacha onnmhairiúcháin tionscail iartheachtacha a chosaint agus a chur chun cinn trí amhábhair agus ionchuir a sholáthar do thionscail iartheachtacha intíre ar phraghas saor.

(135)

Ina dhiaidh sin, i mí na Bealtaine 2008 thug Ministry of Railways [Aireacht na nIarnród] “Dual-Freight Policy” (“DFP”) [Beartas maidir le Lasta Déach] isteach, ar difríocht sa last-táille a bhí ann idir iompar amhiarainn le haghaidh tomhaltas intíre agus a iompar le haghaidh a onnmhairithe. Toisc gurb eol go bhfuil lastaí iarnróid ina gcuid an-suntasach de chostas iomlán an amhiarainn, bhí a thrí oiread de mheándifríocht idir iompar amhiarainn le haghaidh tomhaltas intíre agus a iompar le haghaidh a onnmhairithe.

(136)

Is é ab aidhm don dá bheart sin, dá bhrí sin, onnmhairí amhiarainn a dhíspreagadh, rud a bhí ina chóras de “shrianta onnmhairiúcháin spriocdhírithe”, agus bunaíodh iad in 2007/2008 go bunúsach agus leathnaíodh a thuilleadh iad i mí an Mhárta agus i mí na Nollag 2011 leis na méaduithe ar ráta na cánach onnmhairiúcháin ar an amhiarann.

(137)

Chun a chinneadh cé acu ar comhlíonadh an chéad ghné nó nár comhlíonadh, i.e. cé acu a raibh cur ar iontaoibh nó ordú do na cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn ó Rialtas na hIndia nó nach raibh, rinne an Coimisiún anailís ar cé acu ar “chuspóir” beartais rialtais a bhí i gceist go héifeachtach le tacaíocht Rialtas na hIndia do thionscal na bpíopaí insínte (go háirithe tríd an saobhadh praghais a suíodh maidir le hamhiarann) nó nárbh ea (seachas díreach “fo-iarsma” fheidhmiú na gcumhachtaí rialála ginearálta). Thug an Coimisiún dá aire gur thacaigh roinnt doiciméad lena chonclúid gur shaothraigh Rialtas na hIndia tacaíocht thionscal na bpíopaí insínte mar chuspóir beartais go sainráite. Go háirithe, i dTuarascáil Dang, 2005, bhí an cuspóir beartais go sainráite maidir le tairbhiú do tháirgeoirí cruach na hIndia (‘assured access to indigenous iron ore supplies at a discount to world prices’ [rochtain áirithithe ar sholáthairtí amhiarainn dúchasacha ar lascaine ó phraghasanna an domhain]) mar aon leis an léiriú nár mhór an buntáiste sin a chaomhnú agus a spreagadh. Luaigh an Coimisiún, de bhun na gcuspóirí beartais a leagadh amach sa Tuarascáil sin, go ndearna Rialtas na hIndia bearta áirithe chun tacú lena thionscal píopaí insínte go sonrach.

(138)

Taispeánadh le doiciméid oifigiúla éagsúla an nasc idir na cuspóirí beartais chun tacú le tionscal na bpíopaí insínte agus na bearta gaolmhara ar éirigh le Rialtas na hIndia a dhéanamh chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh, amhail go háirithe, tuarascáil na Meithle um an Tionscal Cruach le haghaidh an 12ú plean 5 bliana, a eisíodh i mí na Samhna 2011.

(139)

Shuigh an Coimisiún dá bhrí sin, trí shrianta ar onnmhairí spriocdhírithe den sórt sin a fhorchur (go háirithe trí chánacha onnmhairiúcháin agus an beartas maidir le lasta déach), gur chuir Rialtas na hIndia cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn na hIndia i gcás a bhí neamhréasúnta go heacnamaíoch, lenar spreagadh iad lena n-earraí a dhíol ar phraghas ní b’ísle ná a d’fhéadfaidís a fháil in éagmais an bheartais sin. Go deimhin, chuir na bearta a rinne Rialtas na hIndia srian le saoirse gníomhaíochta na gcuideachtaí mianadóireachta amhiarainn tríd an gcinneadh gnó acu a theorannú sa chleachtas maidir leis an áit lena dtáirge a dhíol agus leis an bpraghas a bheadh air, á dtreorú leis sin chun amhiarann a sholáthar ar bhonn intíre ar luach saothair nach leordhóthanach.

(140)

Shuigh an Coimisiún freisin go raibh “coinne” ag Rialtas na hIndia nach ndéanfadh na cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn laghdú ollmhór ar an aschur intíre (i bhfianaise na mbeart onnmhairiúcháin sriantach a bhí i bhfeidhm) ach go gcoinneoidís soláthar cobhsaí den amhiarann intíre ar bun. Go deimhin, thug an Coimisiún faoi deara go raibh sé éasca foráil a dhéanamh ex-ante nach gcuirfeadh na cuideachtaí mianadóireachta méine iarainn bac ar infheistíochtaí tosaigh suntasacha ná ar chostais arda sheasta tríd an aschur táirgthe a ísliú díreach chun rósholáthar agus brú anuas ina dhiaidh sin ar phraghsanna intíre a sheachaint de bhun bhearta an GOI. Coimisiún go raibh sé éasca a thuar ex ante nach gcuirfeadh na cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn bac ar infheistíochtaí tosaigh suntasacha ná ar ardchostais sheasta tríd an aschur táirgthe a laghdú díreach chun rósholáthar agus brú síos ar phraghsanna intíre dá éis sin a sheachaint de bhun bhearta Rialtas na hIndia. Lena chur in iúl ar bhealach eile, agus na srianta spriocdhírithe ar onnmhairí á gcur i bhfeidhm, bhí an bealach a fhreagróidh na táirgeoirí amhiarainn do na bearta ar eolas ag Rialtas na hIndia mar aon leis na hiarmhairtí a eascróidh astu. I bhfianaise a n-oibríochtaí gnó agus a struchtúir chostais, cé go bhféadfaidh na táirgeoirí sin a dtáirgeadh intíre a laghdú de bheagán chun freagairt don srian ar onnmhairí, ní dhúnfaidís é ná an táirgeadh a oiriúnú le bheith ar leibhéal an-íseal agus, go deimhin, taispeánadh na héifeachtaí beartaithe sin leis na sonraí. Sa tréimhse 2012-2013, tháinig laghdú de bhreis agus 60 % ar na díolacháin onnmhairí i gcomparáid le 2011-2012 agus lean an laghdú suntasach orthu, agus titim de bhreis agus 84 % á sroicheadh in 2014-2015 i gcomparáid le 2011-2012. An tráth céanna níor tháinig ach laghdú 24 % ar an táirgeadh idir 2011-2012 agus 2014-2015. Sa chiall sin de, shuigh an Coimisiún gur chuir an rialtas ar iontaoibh na dtáirgeoirí ionchuir nó gur threoraigh an rialtas dóibh earraí a sholáthar d’úsáideoirí intíre an amhiarainn, i.e. monaróirí cruach, lena n-áirítear táirgeoirí na bpíopaí insínte, ar luach saothair nach leordhóthanach. Tugadh de fhreagracht do na cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn margadh intíre a chruthú san India a bheadh saorga, roinnte ina chodanna agus lenar bhain praghsanna ísle agus, ina leith sin, ghníomhaigh siad mar ionadú le haghaidh Rialtas na hIndia chun a bheartas a chomhlíonadh maidir leis an amhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach do thionscal na bpíopaí insínte.

(141)

Ar deireadh, d’aimsigh an Coimisiún freisin fianaise lenar taispeánadh gur aithin Rialtas na hIndia féin gur éirigh lena bheartas maidir le srianta spriocdhírithe ar onnmhairí, á thaispeáint gur beartaithe a bhí an toradh agus ní díreach fo-iarsma de bhearta rialála.

(142)

Mar chonclúid, shuigh an Coimisiún gur chuir Rialtas na hIndia ar iontaoibh na gcuideachtaí mianadóireachta a bheartas a chomhlíonadh chun margadh intíre a chruthú a bheadh roinnte ina chodanna agus chun amhiarann a sholáthar don tionscal iarainn agus cruach intíre ar luach saothair nach leordhóthanach. Níor bheart simplí chun ioncam a mhéadú a bhí ann ná baol air, b’amhlaidh gur gníomhaíochtaí dearfacha a bhí sa cháin onnmhairiúcháin agus in DFP, a rinne Rialtas na hIndia chun tabhairt ar chuideachtaí mianadóireachta amhiarainn cuspóir luaite an bheartais a dhéanamh chun tacú leis na tionscail iarainn agus chruach, agus go háirithe, tionscal na bpíopaí insínte.

(143)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an dara gné ansin, i.e. cé acu is “comhlachtaí príobháideacha” iad na cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn san India nó nach ea, atá curtha ar iontaoibh ag Rialtas na hIndia de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den Bhun-Rialachan CVD. Ina leith sin, shuigh an Coimisiún gur ó ghnóthais phríobháideacha a bhí an dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na hIndia ag ceannach fhormhór mór an amhiarainn, seachas cainníocht bheag amhiarainn a ceannaíodh ó National Mineral Development Corporation [Corparáid Forbraíochta Náisiúnta Mianraí] (“NMDC”), ar cuideachta faoi úinéireacht an Stáit atá ann. Gan beann ar thréithe úinéireachta poiblí NMDC (agus an saintréithriú mar “chomhlacht poiblí” a d’fhéadfadh a bheith aige), mheas an Coimisiún gur “chomhlachtaí príobháideacha” iad na soláthróirí uile sin a bhí curtha ar iontaoibh nó treoraithe ag Rialtas na hIndia de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den Bhun-Rialachán chun amhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach.

(144)

Sa chéad chéim eile, d’fhíoraigh an Coimisiún an tríú gné, i.e. cé acu a rinne na cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn an beartas thuasluaite de chuid an rialtais chun amhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach nó nach ndearna. Ina leith sin, thug an Coimisiún dá aire gur baineadh amach leis na srianta spriocdhírithe ar onnmhairí an sprioc a bhí á saothrú ag Rialtas na hIndia maidir le honnmhairí a dhíspreagadh agus amhiarann a choimeád ar fáil don tionscal iartheachtach intíre ar phraghsanna intíre. D’ainneoin laghdú ar tháirgeadh an amhiarainn i ngeall ar dhúnadh roinnt mianach i bhfianaise cúiseanna comhshaoil, thaispeáin margadh na hIndia ró-acmhainneacht sheasta agus neamhréasúnta i gcomparáid le suim an tomhaltais intíre agus na n-onnmhairí lúide allmhairí. D’eascair soláthar amhiarainn iomarcach ar an margadh intíre as sin mar a d’aithin agus mar a lorg Rialtas na hIndia, i bhfianaise a dhodhéanta go nádúrtha a bheadh sé ag na cuideachtaí mianadóireachta a dtáirgeadh a oiriúnú go tapa do na srianta ar onnmhairí.

(145)

Rinne an Coimisiún anailís thairis sin ar thionchar ar an soláthar amhiarainn iomarcach i ngeall ar na srianta ar onnmhairí de chuid Rialtas na hIndia ar phraghas intíre an amhiarainn san India. Agus praghas allmhairiúcháin an amhiarainn sa tSín (agus arb í an tSín an t-allmhaireoir amhiarainn is mó) á chur le praghas FOB coigeartaithe ón Astráil (chun costais an lastais idirnáisiúnta a bhaint as) mar na hionaduithe ba chóngaraí ab fhéidir le haghaidh praghas intíre gan saobhadh san India, shuigh an Coimisiún go raibh tionchar ag idirghabhálacha Rialtas na hIndia i leith an amhiarainn (as ar eascair laghdú ollmhór ar onnmhairí amhiarainn agus soláthar iomarcach san India) ar phraghsanna intíre an amhiarainn freisin. Ar an gcéad dul síos, toisc go raibh praghsanna intíre 2008 an amhiarainn san India ní b’ísle go seasta ná praghsanna idirnáisiúnta, agus ar an dara dul síos, cé gur thaispeáin praghsanna idirnáisiúnta méadú suntasach ar feadh na mblianta ó 2008 go 2011, ag comhfhreagairt don dá phointe ama nuair a tugadh na srianta ar onnmhairí isteach (2007/2008) agus nuair a feabhsaíodh iad (2011), bhí treocht phraghsanna intíre an amhiarainn san India cuíosach comhréidh, amhail is dá mba rud é nach raibh an tír faoi thionchar an cháis sa chuid eile den domhan agus í deighilte uaidh. Dá bhrí sin, de réir an Choimisiúin, leis na srianta spriocdhírithe ar onnmhairí de chuid Rialtas na hIndia, baineadh amach an cuspóir maidir leis an amhiarann a chur ar fáil do thionscail intíre ar phraghsanna ní b’ísle tríd an bpraghas intíre san India a choimeád cobhsaí, cé go raibh méadú suntasach ag teacht ar phraghsanna an amhiarainn ar mhargadh an domhain. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis ann nár cheart do phraghsanna na hIndia treochtaí na bpraghsanna idirnáisiúnta a leanúint, ach amháin córas na srianta spriocdhírithe ar onnmhairí a chuir Rialtas na hIndia ar bun. Ba mhó a thairbheodh táirgeoirí amhiarainn na hIndia de dhíolacháin ní ba bhrabúsaí ar na praghsanna idirnáisiúnta ní b’airde in éagmais na srianta spriocdhírithe ar onnmhairí. Ina áit sin, tugadh orthu leanúint den táirgeadh agus amhiarann a sholáthar go háitiúil ar phraghsanna ní b’ísle chun cuspóirí bheartas Rialtas na hIndia a chur chun feidhme.

(146)

Ar deireadh, scrúdaigh an Coimisiún an dá ghné dheiridh, i.e. cé acu a bheadh an fheidhm maidir le hamhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach dílsithe i Rialtas na hIndia de ghnáth nó nach mbeadh, agus cé acu a bhfuil nó nach bhfuil an cleachtas sin difriúil ar aon bhealach i ndáiríre le cleachtais a leanann Rialtas na hIndia. Shuigh an Coimisiún i dtaca le feidhm sholáthar an amhiarainn atá lonnaithe in ithir na hIndia don tionscal cruach de chuid na hIndia, ina fheidhm a dhílsítear i Rialtas na hIndia de ghnáth, ós rud é gur chinn Rialtas na hIndia trí na rialacháin dá chuid, an bealach chun amhábhair atá lonnaithe laistigh den India a sholáthar i bhfeidhmiú a ceannasachta ar a hacmhainní nádúrtha. A mhéid a bhaineann leis an gcritéar “nach bhfuil sé difriúil ar aon bhealach i ndáiríre”, thug an Coimisiún dá aire go gceanglaítear cinneadh dearfach leis an gcritéar sin, nach bhfuil soláthar na n-earraí ag na comhlachtaí príobháideacha atá curtha ar iontaoibh difriúil, ar aon bhealach i ndáiríre, leis an hipitéis gur sholáthair an rialtas na hearraí sin é féin. Ina leith sin, shuigh an Coimisiún nach raibh aon difríocht, ar aon bhealach i ndáiríre, idir idirghabháil dhíreach a dhéanamh sa mhargadh agus amhiarann á sholáthar faoi chóras ina n-athraítear praghsanna rialtais go seasta nó tríd an bhfreagracht a chur ar iontaoibh cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn amhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach.

(147)

Mar achoimre, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis na srianta spriocdhírithe ar onnmhairí, gur thug Rialtas na hIndia ar na cuideachtaí mianadóireachta amhiarainn intíre amhiarann a dhíol go háitiúil agus gur chuir sé de ar a n-iontaoibh nó gur threoraigh dóibh an t-amhábhar sin a sholáthar san India ar luach saothair nach leordhóthanach. Leis na bearta atá i gceist, baineadh amach an éifeacht inmhianaithe chun margadh intíre an amhiarainn san India a shaobhadh agus chun an praghas a bhrú síos go leibhéal a bhí íseal go saorga ar mhaithe leis an tionscal iartheachtach. I dtaca leis an bhfeidhm amhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach, is feidhm í sin a dhílsítear sa rialtas de ghnáth agus níl cleachtas an rialtais, ar aon bhealach i ndáiríre, difriúil le cleachtais a leanann rialtais de ghnáth. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur sholáthair Rialtas na hIndia ranníocaíocht airgeadais indíreach de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) agus (iii) de Bhun-Rialachán CVD, arna léirmhíniú agus arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le caighdeán ábhartha na hEagraíochta Domhanda Trádála faoi Airteagal 1.1(a)(iv) agus (iii) de Chomhaontú SCM.

3.3.4.2.   Leanúint den scéim fóirdheontais

(148)

D’áitigh idir Tata Metaliks Limited agus Rialtas na hIndia gur scoireadh ceann den dá shrian spriocdhírithe ar onnmhairí a d’aithin an Coimisiún san imscrúdú bunaidh, Scéim DFP, an 10 Bealtaine 2016. D’áitigh siad gurbh amhlaidh ón dáta sin, go bhfuil iompar an amhiarainn le haghaidh tomhaltas intíre agus lena onnmhairiú araon, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcostas céanna.

(149)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfianaise uile a bhí san iarraidh ar athbhreithniú agus sna hiarscríbhinní comhfhreagracha maidir le leanúint an bhirt, mar aon leis an bhfianaise a aimsíodh le linn an imscrúdaithe. Nochtadh leis an imscrúdú, d’ainneoin gur scoireadh Scéim DFP i mí na Bealtaine 2016, trí iontaoibh na gcuideachtaí mianadóireachta amhiarainn, i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, gur lean Rialtas na hIndia d’amhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann de chuid na hIndia.

(150)

Ar an gcéad dul síos, i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, bhí cáin onnmhairiúcháin 30 % ar amhiarann ardghráid fós i bhfeidhm. Dheimhnigh Rialtas na hIndia go ndearnadh an t-athrú deiridh ar chánacha onnmhairiúcháin trí fhógra Uimh. 15/2016 arna dhátú ar mhaithe le Custaim an 1 Márta 2016 á shocrú go raibh amhiarainn ísealghráid (a raibh ábhar iarainn faoi bhun 58 % iontu) díolmhaithe ón dleacht onnmhairiúcháin (ní úsáideann cuideachtaí na bpíopaí insínte an t-amhiarann ísealghráid).

(151)

Dá éis sin, thug an Coimisiún dá aire gur ghlac Rialtas na hIndia beartas nua maidir le trácht amhiarainn an 15 Eanáir 2021 (22). Leis an mbeartas (ar a dtugtar ‘Iron Ore Policy, 2021’ [Beartas Amhiarainn]), cuirtear próiseas ar bun lena dtugtar tosaíocht a bhaineann le luchtú agus le díluchtú an amhiarainn bunaithe ar chatagóirí custaiméirí difriúla i gcás ina dtabharfar tosaíocht d’iompar intíre an amhiarainn thar iompar an amhiarainn lena onnmhairiú. Mar a luaitear go sainráite, is é cuspóir an bheartais nua ‘promote of domestic manufacture of steel’ [an monarú intíre cruach a chur chun cinn]. Dá bhrí sin, comhchosúil le Scéim DFP a bhí ann roimhe, is léir gur beart breise atá sa bheartas nua sin, ar beart é atá i bhfabhar an tionscail cruach intíre agus atá á chur chun feidhme ag Rialtas na hIndia lena dtaispeántar gur d’aon ghnó gurb é cuspóir an bheartais go mbeidh praghas amhiarainn níos ísle ann ar mhaithe leis féin.

(152)

An tríú pointe, sa bhreis ar Bheartas Amhiarainn Nua 2021 sin, léiríodh le roinnt páipéar eile beartas, dar leis an gCoimisiún, gur lean Rialtas na hIndia de na hiarrachtaí amhábhar níos saoire a sholáthar don tionscal intíre ó tharla an t-imscrúdú bunaidh agus i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(153)

Mar shampla, deimhníodh le 2017 National Steel Policy [Beartas Náisiúnta Cruach 2017], a bhfuil feidhm aige sa lá atá inniu ann fós, gurbh é cuspóir an bheartais tacú leis an tionscal cruach intíre (23). Leagtar béim leis an mBeartas sin ar thábhacht an amhiarainn a bheith ar fáil ar bhonn intíre ar phraghsanna iomaíocha:

 

‘Availability of raw materials at competitive rates is imperative for the growth of the steel industry’ [Is ríthábhachtach amhábhair a bheith ar fáil ar phraghsanna iomaíocha le haghaidh fhás an tionscail chruach] (24).

 

‘India”s competitive advantage in steel production is driven, to a large extent, from the indigenous availability of high grade iron ore and non-coking coal – the two critical inputs of steel production’ (25) [Is é infhaighteacht dhúchasach amhiarainn ardghráid agus ghuail neamhchóic – an dá ionchur chriticiúla i dtáirgeadh cruach, is mó, cuid mhaith, is cúis le buntáiste iomaíoch na hIndia i dtáirgeadh cruach].”

 

“Misean: (…) Cost-efficient production and domestic availability of iron ore, coking coal and natural gas (26) [Táirgeadh costéifeachtúil agus infhaighteacht intíre an amhiarainn, an ghuail cóic agus an gháis nádúrtha].”

 

“(…) Availability of raw materials will be ensured by facilitating auction of non-coking coal exclusively for steel/sponge iron sector and increasing the iron ore availability in the domestic market” (27) [Áiritheofar infhaighteacht na n-amhábhar trí cheant don ghual neamhchóic a éascú le haghaidh na hearnála cruach/iarainn spúinsigh go heisiach agus trí infhaighteacht an amhiarainn a mhéadú sa mhargadh intíre].

(154)

Deimhnítear le Ráiteas Bheartas Trádála Eachtraí 2015-2020 gurbh é beartas na hIndia a áirithiú go mbeidh amhiarann iartheachtach ar phraghas saor ann ar bhonn intíre chun táirgí réamhthachtacha ar phraghas saor a onnmhairiú:

The recent lifting of the ban on iron ore mining in some States will unshackle iron ore mining activity. At the same time India is embarking upon a programme of manufacturing for which iron ore would be required at home’ (28)

(155)

Aithnítear freisin le Beartas Náisiúnta Mianraí 2019 an tábhacht a bhaineann le mianraí ar phraghas saor a bheith ann le haghaidh na dtionscal iartheachtach: ‘Securing access to sufficient, reliable, affordable, and sustainable supplies of minerals is increasingly becoming an important factor for functioning of downstream industries and the overall economy’ (29) [Rochtain a dhaingniú ar sholáthairtí leordhóthanacha, iontaofa, inacmhainne, agus inbhuanaithe de mhianraí, tá an rochtain sin ag teacht chun bheith níos tábhachtaí mar thoisc le haghaidh fheidhmiú na dtionscal iartheachtach agus an gheilleagair fhoriomláin].

(156)

Dá bhrí sin, taispeánadh leis na fíorais atá ar fáil don Choimisiún agus leis na gnéithe nua atá sna comhaid, go bhfuil torthaí an imscrúdaithe bunaidh fós bailí, agus le sraith beart, lena n-áirítear córas de shrianta ar onnmhairí, gur lean Rialtas na hIndia i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin de chur ar iontaoibh na gcuideachtaí mianadóireachta amhiarainn amhiarann a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin, i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, gur lean Rialtas na hIndia de ranníocaíocht airgeadais indíreach a sholáthar de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) agus (iii) den bhun-Rialachán, arna léirmhíniú agus arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le caighdeán ábhartha na hEagraíochta Domhanda Trádála faoi Airteagal 1.1(a)(iv) agus (iii) de Chomhaontú SCM.

(157)

I ngeall ar an easpa comhair, níorbh fhéidir leibhéal beacht fhóirdheonú na scéime sin a ríomh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus chuaigh an Coimisiún i muinín fíoras a bhí ar fáil de réir Airteagal 28 den bhun-Rialachán, agus go háirithe an iarraidh ar athbhreithniú ina raibh fianaise gur fhan praghsanna an amhiarainn san India faoi bhun na bpraghsanna idirnáisiúnta i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(158)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár dhiomaibhseach leibhéal an fhóirdheonaithe a tugadh leis an scéim sin i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus in aon chás nach raibh sé faoi bhun na leibhéal a suíodh san imscrúdú bunaidh.

(159)

Tar éis an nochta, d’áitigh Tata Metaliks Limited gurb amhlaidh faoi dhlí EDT nach féidir cánacha onnmhairiúcháin a fhrithchúiteamh. Thairis sin, mheas sé nach raibh de chuspóir le Beartas Amhiarainn nua 2020 ach éascú le hiompar tapa éifeachtúil an amhiarainn trasna na tíre, agus nach raibh foráil sa bheartas sin maidir le haon tairbhe airgeadais. Mheas sé dá bhrí sin go raibh conclúidí an Choimisiúin maidir leis an scéim mícheart.

(160)

Dhearbhaigh an Coimisiún an athuair, amhail dá dtagraítear in aithris (151), go raibh sé de chuspóir ag an mbeartas amhiarainn nua monaraíocht cruach intíre a chur chun cinn. Dá bhrí sin, is léir gur beart breise atá sa bheartas nua, ar beart é atá i bhfabhar an tionscail cruach intíre agus atá á chur chun feidhme ag Rialtas na hIndia. Cé nach ndearnadh foráil leis an mbeart maidir le fóirdheontas airgeadais díreach, ó thaobh an fhíorais de go dtugtar tosaíocht d’iompar intíre an amhiarainn thar iompar an amhiarainn lena onnmhairiú, taispeántar go soiléir gur ann d’aon turas a bhí an cuspóir go mbeadh cúrsaí chun leasa thionscal na píopaí insínte de chuid na hIndia.

(161)

I bhfianaise na dtorthaí a mhionsonraítear thuas in aithrisí (148)-(158), d’áitigh an Coimisiún, d’ainneoin gur scoireadh Scéim DFP i mí na Bealtaine 2016, gurb amhlaidh go raibh na cánacha onnmhairiúcháin in éineacht leis an mbeartas amhiarainn nua ina gcóras de “shrianta spriocdhírithe ar onnmhairí” lenar lean Rialtas na hIndia de ranníocaíocht airgeadais indíreach a sholáthar de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) agus (iii) den bhun-Rialachán, arna léirmhíniú agus arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le caighdeán ábhartha na hEagraíochta Domhanda Trádála faoi Airteagal 1.1(a)(iv) agus (iii) de Chomhaontú SCM.

3.4.   Conclúid maidir le leanúint den fhóirdheonú

(162)

I bhfianaise na nithe thuas a chuirtear san áireamh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur lean tionscal na bpíopaí insínte agus na táirgeoirí feadán san India de thairbhiú d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. D’ainneoin an laghdú ar rátaí MEIS agus DDS, níor nochtadh aon léiriú leis an imscrúdú gur tháinig laghdú substaintiúil ar leibhéal an fhóirdheonaithe i gcomparáid leis an imscrúdú bunaidh. Ina áit sin, deimhníodh leis an bhfianaise san iarraidh ar athbhreithniú agus a sholáthair an táirgeoir comhoibríoch de chuid na hIndia go mbeadh na tairbhí faoi na fóirdheontais sin fós suntasach, in aon chás cuid mhaith os cionn de minimis.

(163)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gurbh amhlaidh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, gur lean na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia den táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas ar phraghsanna fóirdheonaithe.

3.5.   An dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú dá rachadh na bearta as feidhm

(164)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don fhóirdheonú leanúnach le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú, dá rachadh na bearta as feidhm.

(165)

Mar a leagtar amach in aithris (162), suíodh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin gur lean onnmhaireoirí an táirge lena mbaineann de chuid na hIndia de thairbhiú den fhóirdheonú in-fhrithchúitithe ó údaráis na hIndia.

(166)

Bronntar tairbhí athfhillteacha leis na cláir fóirdheontais agus níl aon léiriú ann go gcuirfear deireadh leis na tairbhí sin go ceann tamall fada, fiú má athraítear na scéimeanna féin de bheagán. Thairis sin, bíonn gach onnmhaireoir incháilithe le haghaidh roinnt de na fóirdheontais.

(167)

Rinneadh scrúdú chomh maith le fáil amach an ndéanfaí líon mór onnmhairí chuig an Aontas dá gcuirfí deireadh leis na bearta. Rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe a leanas go háirithe: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht spártha san India, praghsanna ón India do thríú tíortha agus tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí mhéid an mhargaidh agus praghsanna.

3.5.1.   Acmhainneacht táirgeachta, acmhainneacht spártha san India agus praghsanna ón India do thríú tíortha

(168)

I dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ba é thart faoi 2 mhilliún tona in aghaidh na bliana táirgeacht iomlán mheasta tháirgeoirí de chuid na hIndia maidir leis an táirge lena mbaineann. Is é thart faoi 2,5 milliún tona an acmhainneacht táirgeachta mheasta. Dá bhrí sin, bhí an acmhainneacht spártha agus thart ar 500 000 tona sa bhliain, ar mó ná tomhaltas an táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse athbhreithnithe imscrúdaithe, arb é a bhí ann [388 000 go 454 000] tona.

(169)

Bunaithe ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach agus a deimhníodh leis an bhfaisnéis ón táirgeoir comhoibríoch, Tata Metaliks Limited, tá sé beartaithe ag roinnt de na táirgeoirí de chuid na hIndia lena n-áirítear Tata Metaliks Limited (30) infheistiú i méaduithe breise ar an acmhainneacht (31). Meastar gur thart faoi 1,5 milliún tona na hacmhainneachtaí breise iomlána atá le suiteáil sna blianta beaga amach romhainn.

(170)

Comhfhreagraíonn an fás ionchasach ar acmhainneachtaí leis an bhfás a mheastar a thiocfaidh ar an éileamh ar mhargadh na hIndia. Mar sin féin, tá sé beartaithe ag na mórtháirgeoirí aitheanta díriú ar na margaí onnmhairiúcháin (32). Mar shampla, luaigh an chuideachta Electrosteel Limited (cuid de Vedenta Group) go sainráite, i staidéar féidearthachta, go raibh a saoráid nua lonnaithe in aice le calafort, rud lena bhfeabhsaítear a sheans onnmhairiúcháin. Luadh go háirithe poitéinseal mór onnmhairí chuig Oirthear na hEorpa sa tuarascáil. (33). Luaigh an chuideachta chomhoibríoch, Tata Metaliks Limited, le linn chros-seiceáil chianda a fhreagra ar an gceistneoir go raibh sé beartaithe aige leathnú chuig margadh an Aontais sa todhchaí freisin.

(171)

Thairis sin, de réir ceann de na himreoirí móra, an chuideachta Srikalahasthi Pipes Limited (“SPL”), sa mhéantéarma agus san fhadtéarma (7 go 10 mbliana), toisc go mbeidh na tionscadail dramhuisce agus uisce tugtha chun críche, is mó an soláthar ná an t-éileamh a bheidh ann ar mhargadh na hIndia. Dá thoradh sin, beidh sé sin ina spreagadh breise do tháirgeoirí na hIndia chun díriú ar mhargaí onnmhairiúcháin níos mó agus níos mó.

(172)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht spártha shuntasach ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia, a d’fhéadfaidís a úsáid chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul as feidhm, agus go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh tuilleadh fáis ar an acmhainneacht spártha sin.

(173)

Maidir leis an praghsanna ón India do thríú tíortha, scrúdaigh an Coimisiún na praghsanna sin ar bhonn na staitisticí onnmhairiúcháin in Global Trade Atlas (“GTA”) ar leibhéal chód AN i.e. 7303 00 30. Bunaithe ar na staitisticí sin, shuigh an Coimisiún go bhfuil margadh an Aontais fós tarraingteach i dtéarmaí a mhéide agus a phraghsanna toisc gurb é go mór fada an margadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí é do tháirgeoirí na bpíopaí insínte de chuid na hIndia, agus is é a thógann 40 % dá n-onnmhairí ar an iomlán. Thairis sin, tá onnmhairí chuig an Aontas 25 % níos airde ná onnmhairí chuig an dara margadh onnmhairiúcháin is mó dá bhfuil ag an India, eadhon Catar. Ní thógann an margadh deiridh sin ach 2 % d’onnmhairí iomlána na hIndia. Ar deireadh, bhí praghsanna allmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia chuig margadh an Aontais beagán ní b’airde ná na praghsanna allmhairiúcháin chuig tíortha eile le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá thoradh sin, dá mba rud é go ligfí do na bearta dul as feidhm, bheadh spreagadh ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin chun a n-onnmhairí chuig an Aontas a mhéadú a thuilleadh fós.

3.5.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna ar mhargadh an Aontais

(174)

Tá margadh na bpíopaí insínte san Aontas tábhachtach [388 000 go 454 000] tona, féach aithris (168). Tá coinne ag na hiarratasóirí leis go mbeidh an margadh ag fás a thuilleadh laistigh de na chéad 5 bliana eile (34).

(175)

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ba é EUR [1 020 – 1 200] an meánphraghas in aghaidh an tona ar mhargadh an Aontais. Sa tréimhse chéanna, ba é EUR 595 in aghaidh an tona (praghas díreach ón monarcha) an praghas ar mhargadh na hIndia. Dá bhrí sin, bhí na praghsanna ar mhargadh an Aontais thart faoi dhá oiread níos airde i gcomparáid le praghsanna na n-onnmhairí ón India.

(176)

Dá bhrí sin, i dtéarmaí na méide agus na bpraghsanna, bhí margadh an Aontais fós ina mhargadh tarraingteach le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia. Tugtar tuilleadh tacaíochta dó sin ós rud é go raibh tábhacht i gcónaí leis an sciar den mhargadh a bhí ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia sa tréimhse athbhreithnithe imscrúdaithe le linn na tréimhse athbhreithnithe imscrúdaithe (féach Tábla 2), agus, mar a mhínítear san aithris (173), gurbh é a bhí i margadh an Aontais 40 % d’onnmhairí iomlána an táirge lena mbaineann ón India.

3.6.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú

(177)

Thaispeáin an t-imscrúdú gur lean onnmhairí na hIndia de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna fóirdheonaithe le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(178)

D’aimsigh an Coimisiún fianaise freisin gur dócha go leanfar den fhóirdheonú dá rachadh na bearta as feidhm. Bhí an acmhainneacht spártha san India suntasach i gcomparáid le tomhaltas an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, i dtaca le tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna, tacaíonn sí leis an dóchúlacht go ndéanfaí onnmhairí agus acmhainneacht spártha na hIndia a dhíriú i dtreo mhargadh an Aontais, dá ligfí do na bearta dul as feidhm. Dá thoradh sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go ndéanfaí onnmhairí fóirdheonaithe den táirge lena mbaineann a athdhíriú chuig margadh an Aontais dá rachadh na bearta frithchúitimh in éag. I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go leanfar den fhóirdheonú mar thoradh ar dhul in éag na mbeart frithchúitimh.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(179)

Laistigh den Aontas, táirgeann cúig chuideachta an táirge lena mbaineann. Tá trí cinn de na cuideachtaí sin ina mball den ghrúpa céanna. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ón iarraidh, níorbh ann d’aon táirgeoir eile de chuid an Aontais maidir leis an táirge lena mbaineann san Aontas. Dá bhrí sin, is iad sin “an tionscal de chuid an Aontais” de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán.

(180)

Toisc gur díorthaíodh na sonraí a bhain leis an measúnú díobhála ón ngrúpa céanna táirgeoirí go príomha, mar a luaitear in aithris (15), is i raonta nó i bhfoirm Innéacsaithe a thugtar na figiúirí le haghaidh na hanailíse ar dhíobháil, ar chúiseanna rúndachta.

(181)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ag [372 000 – 436 000] tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir leis an tionscal de chuid an Aontais, amhail maicreashonraí a sholáthair na hiarratasóirí agus sonraí a bailíodh ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn an imscrúdaithe.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(182)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéid dhíolacháin iomlána an tionscail de chuid an Aontais san Aontas, ar an táirgeadh faoi chuing ar bhonn na sonraí a bailíodh ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus ar na meastacháin le haghaidh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a bhí fágtha, meastacháin a sholáthair na hiarratasóirí, móide iomlán na n-allmhairí ó gach tír chuig an Aontas mar a thuairiscigh Eurostat (bunachar sonraí Comext).

(183)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (i 1 000 tona)

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Tomhaltas Iomlán an Aontais

[376 - 440 ]

[389 - 455 ]

[420 - 492 ]

[388 - 454 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

103

111

103

Margadh faoi chuing

[15 - 17 ]

[13 - 16 ]

[10 - 12 ]

[2 - 3 ]

Innéacs

100

91

68

18

An saormhargadh

[361 - 423 ]

[375 - 439 ]

[410 - 479 ]

[385 - 450 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

103

113

106

Foinse:

Eurostat Comext

(184)

Tháinig luaineacht i dtomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an iomlán, tháinig méadú beag 3 % air in 2018, méadú 8 % in 2019 agus tháinig laghdú 8 % air in 2020. Mar thoradh air sin, tháinig méadú 3 % ar an tomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(185)

Is le hinfheistíocht i mbonneagar maidir le cóireáil uisce a bhaineann úsáid na bpíopaí d’iarann insínte i ngeall ar a bhfeidhm, agus is ó na cuideachtaí soláthair uisce agus cóireála uisce, cé acu is cuideachtaí faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach iad, is mó a éilíonn na píopaí d’iarann insínte san Aontas. Is i dtionscadail bonneagair mhóra is mó a úsáidtear píopaí insínte. Thairis sin, i dtaca le treocht thomhaltas an Aontais, níor taispeánadh tionchar mór i ngeall ar phaindéim COVID-19 toisc gur tosaíocht bhuan le haghaidh na n-údarás poiblí is ea feabhas a chur ar líonraí uisce. Dá bhrí sin, léiríonn treocht na hinfheistíochta bonneagair treocht thomhaltas an Aontais.

(186)

Thuairiscigh an tionscal de chuid an Aontais úsáid faoi chuing an táirge lena mbaineann, ar méid ba lú ná 5 % de thomhaltas iomlán an Aontais a bhí i gceist leis an úsáid sin in 2017 agus ar ar tháinig laghdú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, laghdú ar lú ná 1 % é i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh aon tionchar fiúntach ag an úsáid faoi chuing ar an anailís ar dhíobháil.

4.3.   Allmhairí ón India

4.3.1.   Méid na n-allmhairí ón India agus a sciar den mhargadh

(187)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn Eurostat (bunachar sonraí Comext). Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn thomhaltas an Aontais, mar a leagtar amach in aithris (182).

(188)

Tháinig forbairt ar allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas ón India mar seo a leanas:

Tábla 2

Méid na n-allmhairí (i 1 000 tona) agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid na n-allmhairí ón India

[45 - 52 ]

[38 - 45 ]

[64 - 75 ]

[44 - 52 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

86

143

98

An sciar den mhargadh (mar %)

[11 - 15 ]

[9 - 13 ]

[14 - 18 ]

[10 - 14 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

83

128

95

Foinse:

Eurostat Comext

(189)

Tháinig luaineacht shuntasach sna méideanna allmhairí ón India agus sa sciar den mhargadh acu le linn na tréimhse faoi bhreathnú: in 2018, tháinig laghdú 14 % ar mhéid na n-allmhairí, in 2019 tháinig méadú 68 % orthu agus ar deireadh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig laghdú 31 % orthu.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón India

(190)

Shuigh an Coimisiún meánphraghsanna ualaithe na n-allmhairí ar bhonn staidreamh Eurostat Comext.

(191)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ón India:

Tábla 3

Praghsanna allmhairí (EUR/tona)

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An India

553

562

586

585

Innéacs (2017 = 100)

100

101

105

105

Foinse:

Eurostat Comext

(192)

In 2017-2018, bhí na praghsanna allmhairiúcháin cuíosach cobhsaí. Ó 2019 amach, tháinig méadú 5 % ar na praghsanna allmhairiúcháin agus d’fhan siad cobhsaí le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

4.3.3.   Sladghearradh praghsanna

(193)

Faoi mar a luaitear in aithris (55), níor chomhoibrigh ach aon táirgeoir amháin de chuid na hIndia leis an imscrúdú. Dhearbhaigh an táirgeoir sin gur cainníocht dhiomaibhseach a onnmhairíodh chuig an Aontas, ag comhfhreagairt do mhéid ba lú ná 1 % de mhéid allmhairí iomlána an táirge lena mbaineann ón India chuig an Aontas. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nárbh ionadaíoch an méid onnmhairí sin d’onnmhairí an táirge lena mbaineann chuig an Aontas agus chinn an sladghearradh praghais a shuíomh bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil.

(194)

Chuir an Coimisiún meánphraghsanna allmhairiúcháin ualaithe na hIndia ó thaobh chostas, árachas agus last-táille de, arna gcoigeartú le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin, i gcomparáid le meánphraghas ualaithe an tionscail de chuid an Aontais. Le praghsanna allmhairiúcháin na hIndia, gearradh thart faoi [30 – 45] %]faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

4.3.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an India

(195)

Le linn thréimhse an athbhreithnithe imscrúdaithe, ba é [8 700 - 20 200] tona agus [2 - 4] % de thomhaltas an Aontais faoi seach líon na n-allmhairí ó thríú tíortha seachas an India agus an sciar den mhargadh a bhí acu. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí meánphraghas ualaithe na n-allmhairí ó thríú tíortha ar leibhéil inchomparáide de phraghsanna tháirgeoirí samplála an Aontais in 2017-2018, agus thart ar 25 % níos ísle don tréimhse 2019-2020 (féach Tábla 8). Cé gur tháinig méadú beag ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha, i.e. méadú 2 %, ní raibh tionscnamh na bpíopaí insínte allmhairithe cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar shampla, in 2017, tháinig na príomh-allmhairí ó thríú tíortha ón tSín, ón Rúis agus ón Eilvéis, agus le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ba iad an Tuirc agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabach na príomh-allmhaireoirí.

(196)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid comhiomlánaithe na n-allmhairí isteach san Aontas mar aon leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghais le haghaidh allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte ó thríú tíortha eile:

Tábla 4

Méid na n-allmhairí agus sciar den mhargadh ó thríú tíortha eile

Tír

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An tSín

Méid (tona)

[2 900 - 3 400 ]

[1 400 - 1 700 ]

[3 900 - 4 600 ]

[200 - 400 ]

Innéacs

100

50

133

10

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 2 ]

[0 - 1 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

48

119

9

Meánphraghas (EUR/tona)

701

933

738

833

Innéacs (2017 = 100)

100

133

105

118

An Rúis

Méid (tona)

[2 000 - 2 500 ]

[1 400 - 1 600 ]

[2 900 - 3 600 ]

[1 200 - 1 600 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

67

147

63

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

65

132

61

Meánphraghas (EUR/tona)

568

697

735

698

Innéacs (2017 = 100)

100

122

129

122

An Eilvéis

Méid (tona)

[3 400 - 4 400 ]

[1 800 - 2 200 ]

[1 600 - 2 000 ]

[800 - 1 000 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

52

47

23

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

51

42

23

Meánphraghas (EUR/tona)

1 604

1 656

1 714

1 817

Innéacs (2017 = 100)

100

103

106

113

An Tuirc

Méid (tona)

[10 - 20 ]

[10 - 20 ]

[3 100 - 3 650 ]

[4 200 - 5 000 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

115

25 750

35 070

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[1 - 2 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

111

23 065

34 035

Meánphraghas (EUR/tona)

1 136

1 750

838

1 007

Innéacs (2017 = 100)

100

153

73

88

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Méid (tona)

[460 - 590 ]

[3 700 - 4 400 ]

[4 800 - 5 600 ]

[6 400 - 7 600 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

766

988

1 322

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[1 - 2 ]

[1 - 2 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

741

884

1 282

Meánphraghas (EUR/tona)

712

786

722

705

Innéacs (2017 = 100)

100

110

101

99

Tríú tíortha eile

Méid (tona)

[10 - 20 ]

[150 - 200 ]

[10 - 50 ]

[150 - 300 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

994

200

1 457

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

962

179

1 414

Meánphraghas

508

1 422

1 980

897

Innéacs (2017 = 100)

100

279

389

176

Iomlán na dtríú tíortha uile cé is moite den India

Méid (tona)

[8 700 - 11 200 ]

[8 800 - 10 500 ]

[16 000 - 19 600 ]

[13 500 - 15 800 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

94

180

145

An sciar den mhargadh (mar %)

[1 - 3 ]

[1 - 3 ]

[3 - 5 ]

[3 - 5 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

91

161

141

Meánphraghas (EUR/tona)

1 033

1 004

856

879

Innéacs (2017 = 100)

100

97

82

85

Foinse:

Bunachar Sonraí Eurostat Comext

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(197)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(198)

Mar a luaitear in aithris (15), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais a mheasúnú.

(199)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí a bhain leis na táirgeoirí uile de chuid an Aontais, rud atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Bhain na sonraí le táirgeoirí sampláilte an Aontais. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais.

(200)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe, agus téarnamh ó dhumpáil nó ó fhóirdheonú roimhe sin.

(201)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(202)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 5

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid táirgeachta (i 1 000 tona)

[408 - 478 ]

[452 - 530 ]

[436 - 510 ]

[372 - 436 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

110

106

91

An acmhainneacht táirgeachta (i 1 000 tona)

[824 - 965 ]

[824 - 965 ]

[824 - 965 ]

[743 - 870 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

100

100

90

An úsáid acmhainneachta (mar %)

[47 - 51 ]

[52 - 56 ]

[50 - 54 ]

[48 - 51 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

110

106

101

Foinse:

sonraí arna soláthar ag an tionscal de chuid an Aontais agus i bhfreagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(203)

Tháinig laghdú 9 % ar tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú tar éis méadú 10 % in 2018.

(204)

Bhí treocht chomhchosúil i gceist leis an acmhainneacht táirgeachta agus laghdú 10 % ag teacht uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(205)

D’fhan an úsáid acmhainneachta cobhsaí agus an laghdú ar an acmhainneacht táirgeachta ag teacht i ndiaidh an laghdaithe ar tháirgeacht an Aontais.

(206)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited nach bhféadfadh na hallmhairí ón India a bheith ina gcúis leis an tionscal de chuid an Aontais a acmhainneacht táirgeachta a laghdú ach an laghdú ar an éileamh i gcomparáid le 2019.

(207)

Rinneadh cinneadh an tionscail de chuid an Aontais chun laghdú a dhéanamh ar a acmhainneacht táirgeachta roimh ghéarchéim COVID-19 agus ní raibh aon nasc dá bhrí sin ag an gcinneadh leis an laghdú ar an tomhaltas idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(208)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 6

Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh atá ag na táirgeoirí de chuid an Aontais

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (i 1 000 tona)

[321 - 376 ]

[341 - 399 ]

[338 - 396 ]

[329 - 386 ]

Innéacs

100

106

105

102

An sciar den mhargadh (mar %)

[82 - 88 ]

[84 - 90 ]

[77 - 83 ]

[81 - 87 ]

Innéacs

100

102

94

99

Díolacháin an mhargaidh faoi chuing (i 1 000 tona)

[15 - 17 ]

[13 - 16 ]

[10 - 12 ]

[2 - 3 ]

Innéacs

100

91

68

18

An sciar den mhargadh ag díolacháin an mhargaidh faoi chuing (mar %)

[3 - 4 ]

[3 - 4 ]

[2 - 3 ]

[0 - 1 ]

Innéacs

100

88

61

18

Foinse:

Sonraí arna soláthar ag an tionscal de chuid an Aontais agus i bhfreagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(209)

I dtaca le méid dhíolacháin an táirge chomhchosúil ag an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus leis an sciar den mhargadh, níor lean siad an méadú ar thomhaltas an Aontais. Go háirithe, in 2019, níor thairbhigh an tionscal de chuid an Aontais den mhéadú ar an tomhaltas, i gcodarsnacht leis na hallmhairí ón India.

(210)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited go raibh an sciar den mhargadh ag an tionscal de chuid an Aontais fós ard ag thart faoi 85 % agus gur tháinig méadú air i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gcomparáid le blianta roimhe. Bhí méid dhíolacháin an Aontais os cionn bhliain 2017 go comhsheasmhach freisin. D’fhéadfadh an méid i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a bheith ní b’airde gan tionchar ghéarchéim COVID-19. Mheas an páirtí nár léirigh conclúid an Choimisiúin an staid fhíorasach.

(211)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár thairbhigh an tionscal de chuid an Aontais de sciar ard den mhargadh. Mar a mhínítear in aithris (234), rinne na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais caillteanais le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú, de dheasca an bhrú shubstaintiúil praghsanna ó na hallmhairí ón India (féach aithris (245)). Chomh maith leis sin, mar a mhínítear in aithris (209), níor lean an sciar den mhargadh de chuid an Aontais an méadú ar thomhaltas an Aontais agus, neamhchosúil le hallmhairí ón India, níor thairbhigh díolacháin an Aontais den mhéadú ar an tomhaltas in 2019. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.2.3.   Fás

(212)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 3 % ar thomhaltas an Aontais, ach tháinig méadú 2 % ar mhéid na ndíolachán le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas. Dá thoradh sin, d’ainneoin an mhéadaithe ar an tomhaltas, tháinig laghdú beag ar an sciar den mhargadh ag an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(213)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 7

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Líon na bhfostaithe

[1 820 - 2 540 ]

[1 820 - 2 540 ]

[1 810 - 2 530 ]

[1 700 - 2 390 ]

Innéacs

100

100

99

93

An táirgiúlacht (tona/fostaí)

[162 - 226 ]

[179 - 250 ]

[173 - 242 ]

[157 - 220 ]

Innéacs

100

110

107

97

Foinse:

Sonraí arna soláthar ag an tionscal de chuid an Aontais agus i bhfreagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(214)

D’fhan an líon fostaithe sa tionscal de chuid an Aontais a bhí ag gabháil do tháirgeadh an táirge lena mbaineann cobhsaí le linn na tréimhse 2017-2018 agus tháinig laghdú thart faoi 6 % air le linn na tréimhse 2019-2020.

(215)

Tháinig méadú 10 % ar feadh na tréimhse 2017-2018 ar tháirgiúlacht lucht saothair an tionscail de chuid an Aontais, arna tomhas mar aschur (tonaí) in aghaidh an fhostaí, agus tháinig laghdú 13 % air an táirgiúlacht sin le linn na tréimhse 2018-2020. Is féidir é sin a mhíniú mar an iarmhairt chomhcheangailte mar thoradh ar:

Stopadh táirgeachta ag láithreán táirgeachta príomh-tháirgeora amháin de chuid an Aontais, as ar eascair an táirgeacht níos ísle ó mhí na Nollag 2019 go mí Feabhra 2020, agus;

Táirgeacht níos lú ag na táirgeoirí de chuid an Aontais le linn an dara ráithe de 2020, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, rud nach raibh ag teacht leis an líon fostaithe ar scaoileadh leo.

4.4.2.5.   Méid an fhóirdheonaithe agus an téarnaimh ón bhfóirdheonú roimhe

(216)

Mar a mhínítear in aithris (193), ba theoranta an comhar a bhí ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón India.

(217)

Leis na táscairí díobhála, d’ainneoin na mbeart frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm ó 2016 i leith, as ar eascair faoiseamh éigin agus roinnt feidhmíochta feabhsaithe i dtosach, taispeántar go raibh staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais díobhálach fós. Mar sin, ní fhéadfaí aon téarnamh ón bhfóirdheonú roimhe sin a shuí.

(218)

Bhí leibhéal an fhóirdheonaithe i bhfad os cionn an leibhéil de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid iarbhír an fhóirdheonaithe ar an tionscal de chuid an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón India.

(219)

D’fhág praghsáil éagórach leanúnach ó onnmhaireoirí ón India freisin go raibh sé dodhéanta don tionscal de chuid an Aontais téarnamh ó chleachtais fhóirdheonaithe roimhe seo.

(220)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited nach ann d’aon dearbh-mhéadú ar mhéid na n-allmhairí ón India agus nach raibh de sciar den mhargadh ag na hallmhairí sin ach thart faoi 15 %. Thairis sin, chuir an páirtí leasmhar in iúl gur tháinig feabhas ar fheidhmíocht airgeadais an tionscail de chuid an Aontais tar éis fhorchur na mbeart tosaigh agus gur tháinig laghdú ar an bhfeidhmíocht sin dá éis sin. Dá bhrí sin, ní raibh allmhairí na hIndia ina gcúis le díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

(221)

Luaigh an Coimisiún nár thug an páirtí leasmhar údar lena mhaíomh gur tháinig feabhas ar fheidhmíocht eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais tar éis fhorchur na mbeart tosaigh. Mar a luaitear in aithris (234), is diúltach a bhí brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(222)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 8

Praghsanna díola san Aontas agus costas in aghaidh an aonaid

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/tona)

[950 - 1 110 ]

[960 - 1 130 ]

[1 020 - 1 190 ]

[1 020 - 1 200 ]

Innéacs

100

101

107

107

Costas aonaid na táirgeachta (EUR/tona)

[1 000 - 1 100 ]

[900 - 1 100 ]

[1 000 - 1 100 ]

[1 000 - 1 200 ]

Innéacs

100

97

101

105

Foinse:

freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(223)

Tháinig méadú 7 % ar mheánphraghas díola aonaid thionscal an Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus an méadú ar chostas aonaid na táirgeachta á léiriú (5 %).

(224)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited gur thaispeáin an laghdú líomhnaithe ar na praghsanna tagtha i dtír nach bhfuil na hallmhairí ina gcúis le haon bhrú ná ísliú praghsanna.

(225)

Luaigh an Coimisiún nár thug an páirtí leasmhar údar lena mhaíomh faoin mbealach nach raibh na praghsanna tagtha i dtír, lenar gearradh faoi phraghsanna an Aontais thart faoi 40 %, le linn na tréimhse faoi bhreathnú ina gcúis le haon bhrú ná ísliú praghsanna do tháirgeoirí de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.3.2.   Costais saothair

(226)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR in aghaidh an fhostaí)

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

[56 000 - 66 000 ]

[57 000 - 66 000 ]

[57 000 - 67 000 ]

[53 000 - 62 000 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

100

101

94

Foinse:

freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(227)

Bhí meánchostais an tsaothair in aghaidh an fhostaí cobhsaí fós go dtí 2019 agus tháinig laghdú 6 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Laistigh de thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig laghdú ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí de réir mar a mhaoinigh Stát na Fraince an dífhostaíocht i ngeall ar mhúchadh COVID-19.

(228)

Tar éis an nochta deiridh, thug Tata Metaliks Limited dá aire nach ann d’aon díobháil don tionscal de chuid an Aontais faoin bparaiméadar sin.

(229)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris (227) thuas, gurbh é an cistiú urghnách a fuarthas ó Stát na Fraince i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ba chúis leis an laghdú ar mheánchostais saothair in aghaidh an fhostaí. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.4.3.3.   Fardail

(230)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 10

Fardail

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Stoic dheiridh (i 1 000 tona)

[87 - 102 ]

[77 - 90 ]

[84 - 98 ]

[68 - 79 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

88

95

77

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht in %)

[20 - 25 ]

[15 - 17 ]

[18 - 20 ]

[18 - 20 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

79

89

85

(231)

D’fhan leibhéal na stoc deiridh ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais cobhsaí i gcoibhneas leis an táirgeacht.

(232)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited gur tháinig laghdú suntasach ar an bhfardal le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, á thaispeáint gur dhírigh an tionscal de chuid an Aontais ar a tháirgeacht a laghdú. Mhaígh an páirtí leasmhar gur cheart méadú a bheith tagtha ar an bhfardal seachas a bheith faoi thionchar allmhairí ón India.

(233)

Mar a chonacthas in aithris (203), bhí an laghdú ar tháirgeacht an Aontais ag gabháil leis an laghdú san fhardal a bhreathnaigh an páirtí le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, níor chinn an Coimisiún gurbh ann d’aon chomhghaol idir an laghdú ar an bhfardal a breathnaíodh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin go príomha agus na hallmhairí ón India toisc maidir le tionchar na n-allmhairí ón India, nach le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin amháin a breathnaíodh iad ach ar feadh na tréimhse ar fad faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(234)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 11

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (mar % de dhíolacháin)

[-5 - -9 ]

[-1 - -5 ]

[-1 - -5 ]

[-3 - -7 ]

Innéacs (2017 = 100)

- 100

-33

-36

-69

Sreabhadh airgid (EUR milliún)

[-31 - -37 ]

[-46 - -54 ]

[-73 - -85 ]

[-43 - -51 ]

Innéacs (2017 = 100)

- 100

- 145

- 231

- 138

Infheistíocht (EUR milliún)

[20 - 24 ]

[30 - 36 ]

[33 - 39 ]

[15 - 18 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

149

161

73

An toradh ar infheistíochtaí (in %)

[-6 - -8 ]

[-7 --9 ]

[-10 --12 ]

[-5 - -7 ]

Innéacs (2017 = 100)

- 100

- 131

- 194

- 106

Foinse:

freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(235)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Bhí brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte diúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar [-5 – -9] % in 2017 go [-3 – -7] % sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithnúcháin.

(236)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. I dtaca leis an bhforbairt ar an treocht maidir le glansreabhadh airgid, d’fhan sé diúltach ar feadh na tréimhse uile faoi bhreathnú cé is moite de 2018.

(237)

I dtaca leis na hinfheistíochtaí (a bhí dírithe go príomha ar uasghráduithe ar an trealamh táirgthe, méadú ar an gcáilíocht, ar an táirgiúlacht agus ar an tsolúbthacht sa phróiseas táirgthe), tháinig méadú orthu ar feadh na tréimhse 2017-2019 agus laghdú orthu go dtí an leibhéal ab ísle in 2020.

(238)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Ba chomhchosúil an treocht a tháinig chun cinn agus treocht na brabúsachta, ag dul i laghad go mór in 2019 agus feabhas de bheagán ag teacht air in 2020. Bhí sí diúltach fós agus tháinig meath 53 % uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.5.   Conclúid faoi dhíobháil

(239)

D’ainneoin na mbeart frithchúitimh a bhí i bhfeidhm, ba shubstaintiúil fós allmhairí na bpíopaí insínte ón India agus bhí sciartha cobhsaí den mhargadh ag baint leo, idir thart ar [9 - 18 %] % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an sciar den mhargadh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin idir [10 –14] %. Ag an am céanna, léiríodh sna praghsanna allmhairiúcháin treocht laghdaithe agus ghearr siad praghsanna an Aontais ar an meán faoi [30-45] % le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithniúcháin, in ainneoin na mbeart frithchúitimh agus frithdhumpála a bheith ann.

(240)

Maidir le forbairt na dtáscairí maicreacnamaíocha, go háirithe an méid táirgeachta agus méid na ndíolachán, fostaíocht agus táirgiúlacht, taispeánadh treochtaí a bhí ag laghdú go cobhsaí nó de bheagán leo. Tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh ag tionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tráth ar bhain sé leibhéal comhchosúil leis an leibhéal ag a raibh sé in 2017 amach. Is i ngeall ar laghdú a bheith ag teacht ar an tomhaltas le linn na tréimhse céanna a tháinig méadú ar an sciar den mhargadh in 2018 d’ainneoin go raibh méid na ndíolachán cobhsaí go leor. Cé gur éirigh leis an tionscal de chuid an Aontais méid na ndíolachán aige agus a sciar den mhargadh a choinneáil ar bun den chuid is mó, bhí a bhrabúsacht agus táscairí airgeadais eile thíos leis, mar a mhínítear san aithris a leanas.

(241)

Cé gur tháinig méadú 7 % ar mheánphraghas díola aonaid na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a bhí ní b’airde ná an méadú 5 % ar an gcostas táirgthe, níor éirigh leis an tionscal de chuid an Aontais corrlaigh bhrabúis inbhuanaithe a bhaint amach fós. Mar thoradh ar an mbrú praghsanna a bhain leis na hallmhairí ón India, níorbh fhéidir leis an tionscal de chuid an Aontais a phraghsanna díola a mhéadú chun an meánchostas táirgthe a chumhdach agus dá bhrí sin, rinne sé caillteanas ar feadh na tréimhse ar fad faoi bhreathnú (cé is moite de 2018 nuair ba bheag nár bhris sé cothrom). Dá réir sin, chuir na hallmhairí ón India brú suntasach praghsanna ar dhíolacháin na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin freisin. Bhí treocht chomhchosúil i gceist le táscairí airgeadais eile (sreabhadh airgid, toradh ar infheistíocht) agus a bhí leis an mbrabúsacht, agus taispeánadh luachanna diúltacha nó ísle leo le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Maidir le hinfheistíochtaí, cé gur tháinig méadú éigin orthu in 2017 agus 2018, b’íseal i gcoitinne na leibhéil a bhí i gceist leo freisin.

(242)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais.

5.   CÚISÍOCHT

(243)

I gcomhréir le hAirteagal 8(5) den bhun-Rialachán, d’fhéach an Coimisiún lena fháil amach ar bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí fóirdheonaithe allmhairí an táirge lena mbaineann ón India. I gcomhréir le hAirteagal 8(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca tosca aitheanta eile san am céanna. Maidir le haon díobháil go mb’fhéidir go ndearnadh le fachtóirí eile seachas le hallmhairí fóirdheonaithe an táirge lena mbaineann ón India, d’áirithigh an Coimisiún nár measadh gurbh iad na hallmhairí ba chúis leis an díobháil chéanna.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí fóirdheonaithe

(244)

Ar dtús, scrúdaigh an Coimisiún cé acu a raibh nasc cúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe agus an díobháil a bhain don tionscal de chuid an Aontais.

(245)

Ba shubstaintiúil na hallmhairí píopaí insínte ón India agus bhí sciartha den mhargadh arbh fhiú níos mó ná 10 % iad ag baint leo le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú agus bhí siad ag leibhéal praghsanna íseal le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, d’ainneoin na mbeart frithchúitimh agus frithdhumpála a bhí i bhfeidhm. De dheasca an bhrú shubstaintiúil praghsanna a bhain leis na hallmhairí ón India, níorbh fhéidir leis an tionscal de chuid an Aontais a gcostais táirgthe a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, rud a d’fhág go ndearna sé caillteanais le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go raibh méid agus leibhéil phraghsanna na n-allmhairí a bhí faoi imscrúdú ina gcúis le díobháil ábhartha.

(246)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited gur i ngeall ar thosca eile a tharla an laghdú ar fheidhmíocht airgeadais an tionscail de chuid an Aontais seachas na hallmhairí ar líomhnaítear ina leith gur allmhairí fóirdheonaithe iad.

(247)

Luaigh an Coimisiún nár thug an páirtí gnéithe nua ar aghaidh lena bhféadfaí a chonclúid a aisiompú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(248)

D’áitigh Tata Metaliks Limited freisin nárbh ann d’aon chomhghaol idir treocht na n-allmhairí agus an leibhéal caillteanas a thuairiscigh an tionscal de chuid an Aontais, agus nach raibh aon nasc cúisíoch ann dá bhrí sin idir na hallmhairí agus feidhmíocht airgeadais an tionscail de chuid an Aontais.

(249)

Mar a luaitear in aithris (194), chinn an Coimisiún gur ghearr na praghsanna allmhairiúcháin ón India faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais go suntasach. Thairis sin, luaigh an Coimisiún nár thug an páirtí aon fhianaise ar aghaidh lenar léiríodh go raibh tionchar ag tosca eile ar an tionscal de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(250)

Thairis sin, mhaígh Tata Metaliks Limited nach raibh sé in ann scrúdú a dhéanamh ar an gcomhghaol idir an sladghearradh praghais agus feidhmíocht eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais toisc nár nocht an Coimisiún ríomhanna maidir leis an sladghearradh praghais le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú.

(251)

Thug an Coimisiún dá aire gur soláthraíodh an fhaisnéis don pháirtí ar faisnéis í ba ghá chun a shuíomh gurbh ann don sladghearradh praghais. Maidir le tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, leagadh na torthaí maidir leis an sladghearradh praghais amach in aithrisí (193) agus (194) thuas. I gcás na mblianta 2017, 2018 agus 2019, soláthraíodh in aithris (191) na praghsanna in aghaidh an aonaid le haghaidh allmhairí na hIndia agus soláthraíodh in aithris (222) meánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara. Dá bhrí sin, bhí an fhaisnéis uile ag an bpáirtí, ar ar a bonn sin a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh ann don sladghearradh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(252)

Ar deireadh, mhaígh an páirtí gur tháinig laghdú ar mhéid na ndíolachán idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, tháinig an páirtí ar an gconclúid nárbh ann d’aon éifeacht maidir le méid.

(253)

Luaigh an Coimisiún go ndeachaigh na hallmhairí ón India ar ais go leibhéal 2017 i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, suíodh gur ar leibhéal na bpraghsanna ísle a bhí príomhthionchar na n-allmhairí ón India, rud as ar eascair brú suntasach ar phraghsanna mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

(254)

Is é a bhí sna méideanna a allmhairíodh ó thríú tíortha méid idir 2 % agus 4 % den sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnúcháin. Mar a léirítear i dtábla 4, le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithniúcháin, bhí an meánphraghas allmhairiúcháin ó thríú tíortha 50 % níos airde ná an meánphraghas allmhairiúchain ón India.

(255)

Mar a léirítear in aithris (42), mhaígh páirtí amháin gur cheart saincheisteanna ginearálta ó thaobh na hiomaíochta de a bheith ina n-údar le cinneadh nár leanadh de dhíobháil nó nár tharla an díobháil arís. Liostaigh an páirtí tosca éagsúla amhail an laghdú ar thomhaltas píopaí insínte an Aontais a tharla ón ngéarchéim sa Limistéar euro, rud as ar eascair laghdú ar an gcaiteachas poiblí, deacrachtaí le foireann a mhealladh, leis an staid cheannasach a choinneáil ar bun, agus an brú ó allmhairí ón tSín atá níos saoire ar an bpróiseas tairisceana le haghaidh soláthar poiblí. Thairis sin, mhaígh an páirtí gurbh iad na píopaí plaisteacha an chéad iomaitheoir don tionscal de chuid an Aontais toisc nach bhfuil siad chomh costasach agus go mealltar cuid shuntasach de thairiscintí poiblí chucu dá bhrí sin.

(256)

I gcodarsnacht le maíomh an pháirtí, tháinig méadú ar thomhaltas an Aontais agus ar an sciar den mhargadh a bhí ag an tionscal de chuid an Aontais, agus d’fhan an fhostaíocht réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thairis sin, níl aon fhianaise ann gur ghnóthaigh na píopaí plaisteacha sciartha den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú in aghaidh píopaí insínte. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach bhfuil píopaí plaisteacha san iomaíocht le haghaidh na bpíopaí ar trastomhas mór. Dá thoradh sin, níor chuir na tosca sin leis an díobháil a suíodh. Ina theannta sin, rinneadh na hallmhairí ón tSín ar phraghsanna a bhí cuid mhaith ní b’airde ná allmhairí ón India, agus bhí méideanna i bhfad ní b’ísle i gceist leo. Ar deireadh, mhainnigh an páirtí an bealach a shonrú lena bhféadfadh an staid cheannasach, dá mba ann di, a bheith ina cúis le díobháil. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(257)

Maidir le feidhmíocht onnmhairiúcháin an tionscail de chuid an Aontais, is mar a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid na n-onnmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Feidhmíocht onnmhairiúcháin an tionscail de chuid an Aontais

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid na n-allmhairí (i 1 000 tona)

[119 - 140 ]

[147 - 172 ]

[102 - 119 ]

[66 - 77 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

122

85

55

Meánphraghas (EUR/tona)

[760 - 890 ]

[750 - 880 ]

[840 - 980 ]

[890 - 1 040 ]

Innéacs (2017 = 100)

100

99

110

117

Foinse:

an t-iarratasóir maidir le méid agus freagraí fíoraithe ar an gceistneoir maidir le luachanna

(258)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 50 % ar na méideanna. Cé gur tháinig méadú 17 % ar phraghsanna na n-onnmhairí, níor leordhóthanach é sin chun na costais táirgthe ar feadh na tréimhse uile faoi bhreathnú a chumhdach mar a léirítear i dTábla 8 thuas. Dá bhrí sin, níor maolaíodh an nasc cúisíoch leis na honnmhairí idir na honnmhairí fóirdheonaithe ón India agus an díobháil a suíodh.

(259)

Scrúdaíodh tosca féideartha eile freisin, amhail géarchéim COVID-19, ach ní fhéadfadh aon toisc acu an nasc cúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe agus an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais a mhaolú. Dhealaigh agus scar an Coimisiún éifeachtaí na dtosca aitheanta uile ar staid an tionscail de chuid an Aontais de dheasca éifeachtaí díobhála na n-allmhairí fóirdheonaithe.

(260)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited go raibh tionchar diúltach ag géarchéim COVID-19 ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais sa chéad seimeastar de 2020. Shonraigh an páirtí gurbh éigean do go leor tionscadail foirgníochta stopadh i ngeall ar na tréimhsí dianghlasála tosaigh a forchuireadh ar mhaithe le bearta sláinte poiblí.

(261)

Mar a thuairiscítear thuas, ní dhearna na tréimhsí dianghlasála i ngeall ar ghéarchéim COVID-19 dochar suntasach do mhargadh an Aontais le haghaidh píopaí insínte le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Ba chomhchosúil tomhaltas iomlán an Aontais sa bhliain sin le bliain 2018. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(262)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na hallmhairí fóirdheonaithe ón India ina gcúis le díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha. Is léir an díobháil go háirithe maidir le treocht na táirgeachta, úsáid na hacmhainneachta, méid na ndíolachán i margadh an Aontais, an sciar den mhargadh, an táirgiúlacht, an bhrabúsacht agus an toradh ar infheistíochtaí.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL DÁ nDÉANFAÍ NA BEARTA A AISGHAIRM

(263)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (242) gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den bhun-Rialachán, ar cé acu a bheadh dóchúlacht ann go leanfar den díobháil arbh iad na hallmhairí fóirdheonaithe ón India ba chúis léi dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(264)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht spártha san India, an gaol idir praghsanna san Aontas agus praghsanna na hIndia; tarraingteacht mhargadh an Aontais agus tionchar allmhairí féideartha ón India ar staid an tionscail de chuid an Aontais dá rachadh na bearta as feidhm;

6.1.   An acmhainneacht táirgeachta, an acmhainneacht spártha san India, agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(265)

Mar a tuairiscíodh in aithrisí (168) go (172), bhí an acmhainneacht spártha san India thart ar 500 000 tona sa bhliain, ar mó ná tomhaltas an táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais, arb é a bhí ann le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithniúcháin [388 000 go 454 000] tona. Thairis sin, bhí sé beartaithe ag táirgeoirí de chuid na hIndia infheistiú in acmhainneacht táirgeachta nua. Dá bhrí sin, ar feadh na mblianta atá amach romhainn, is mó an soláthar ná an t-éileamh a bheidh ann ar mhargadh na hIndia. Dá thoradh sin, beidh sé sin ina spreagadh breise do tháirgeoirí na hIndia chun díriú ar mhargaí onnmhairiúcháin níos mó agus níos mó.

(266)

An acmhainneacht spártha atá ar fáil ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin san India agus a bheidh ann amach anseo, d’fhéadfaí an acmhainneacht sin a úsáid chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(267)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited nárbh ann d’aon fhianaise gur gá go n-úsáidfear an acmhainneacht táirgeachta spártha líomhnaithe san India chun píopaí insínte a tháirgeadh agus go n-onnmhaireofar iad de thoradh soláthar iomarcach i gcomparáid leis an éileamh san India. Thairis sin, níor scrúdaigh an Coimisiún tarraingteacht na margaí onnmhairiúcháin eile ná ní dhearna sé anailís ar aon sonraí iarthréimhse imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Ar deireadh, mhaígh an páirtí i dtaca le haon chinneadh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheontas agus den díobháil, nach mór dó a bheith bunaithe ar fhianaise dhearfach (35). Dá bhrí sin, tháinig an páirtí ar an gconclúid go raibh an chonclúid maidir leis an dóchúlacht mícheart.

(268)

Luaigh an Coimisiún gur dheimhnigh an páirtí gurbh ann d’acmhainneacht spártha san India. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithrisí (168) go (172) thuas, leag an Coimisiún amach an acmhainneacht spártha atá i gceist go sonrach le haghaidh an táirge lena mbaineann. Chomh maith leis sin, mar a mhínítear sna haithrisí céanna, shuigh an Coimisiún go síothlóidh an t-éileamh ar mhargadh na hIndia go fadtéarmach agus d’admháil an páirtí féin go raibh pleananna aige a dhíolacháin a leathnú chuig margadh an Aontais. Thairis sin, mar a thuairiscítear thíos i Roinn 6.2, measadh go raibh margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí de chuid na hIndia, agus go bhféadfaí teacht ar an gconclúid, dá bhrí sin, go ndéanfaí acmhainneachtaí spártha atá ar fáil san India, go páirteach ar a laghad, a úsáid chun onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(269)

Maidir leis an bhfianaise dhearfach a cheanglaítear faoin gcás-dlí a luadh, mheas an Coimisiún gur chomhlíon sé ceanglais uile na dlí-eolaíochta atá ann cheana agus go raibh a mheasúnú ar an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú agus den díobháil agus a chonclúid ina leith bunaithe ar fhianaise dhearfach, a bailíodh le linn an imscrúdaithe. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(270)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gurb é is dóichí a tharlódh go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí fóirdheonaithe ón India ar phraghsanna lena ngearrfaí faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais dá rachadh na bearta in éag, rud a chuirfeadh leis an díobháil a bhainfeadh don tionscal de chuid an Aontais a thuilleadh. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht an tionscail de chuid an Aontais i mbaol mór.

6.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(271)

Tá margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh a mhéide agus a phraghsanna de. Mar a thuairiscítear in aithris (176), is é go mór fada an margadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí é do tháirgeoirí píopaí insínte san India agus is é a thógann 40 % dá n-onnmhairí ar an iomlán. Tá onnmhairí chuig an Aontas 25 huaire níos airde ná onnmhairí chuig an dara margadh onnmhairiúcháin is mó dá bhfuil ag an India, eadhon Catar, a thógann 2 % de na hallmhairí píopaí insínte ón India. Chomh maith leis sin, bhí praghsanna allmhairiúcháin na hIndia chuig margadh an Aontais beagán ní b’airde ná na praghsanna sin chuig tíortha eile le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(272)

In ainneoin na mbeart atá ann cheana, dhíol táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia líon suntasach píopaí insínte leis an Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí sciar nach beag den mhargadh fós acu le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithniúcháin ([10-14] %). An praghas ar a díoladh iad, fiú agus na dleachtanna frithchúitimh i bhfeidhm, ba phraghas é lenar gearradh faoi phraghsanna díola an tionscail de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais go suntasach.

(273)

Dá bhrí sin, meastar go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí na hIndia, agus is féidir teacht ar an gconclúid go ndéanfaí acmhainneachtaí spártha atá ar fáil san India, go páirteach ar a laghad, a úsáid chun onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú. Maidir leis sin, meabhraítear go raibh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na hIndia chomh hard le [17 – 19] % le linn na tréimhse imscrúdaithe an imscrúdaithe bunaidh, i.e. sula ndearnadh dleachtanna frithchúitimh a fhorchur.

6.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den díobháil agus/nó go dtarlóidh sí arís

(274)

Ar an mbonn sin, agus ag tabhairt faoi deara staid dhíobhálach thionscal an Aontais san am atá thart agus san am i láthair, is é is dóichí go mbeadh méadú suntasach ar allmhairí fóirdheonaithe an tairge lena mbaineann ón India ar phraghsanna díobhálacha in éagmais beart, rud a d’fhágfadh go mbeadh caillteanais níos airde fós ann do tháirgeoirí an Aontais. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh é is dóichí go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí fóirdheonaithe ón India ar phraghsanna díobhálacha dá ligfí do na bearta dul as feidhm, agus gur dócha go leanfar den díobháil ábhartha.

7.   LEAS AN AONTAIS

(275)

I gcomhréir le hAirteagal 31 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist cé acu a bheadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe leasmhara éagsúla uile a bhí i gceist, lena n-áirítear leasanna an tionscail de chuid an Aontais, leasanna na n-allmhaireoirí, na n-úsáideoirí agus leasanna an bheartais phoiblí maidir leis an táirge lena mbaineann mar a chorpraítear i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) (“An Treoir maidir leis an Éicidhearthóireacht”) agus a Rialacháin a bhaineann le táirgí sonracha. I gcomhréir le hAirteagal 31(1), an tríú habairt den bhun-Rialachán, tugadh aird ar leith ar an ngá atá leis an tionscal a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann leis an bhfóirdheonú díobhálach.

(276)

Tugadh an deis do gach páirtí leasmhar a dtuairim a chur in iúl de bhun Airteagal 31(2) den bhun-Rialachán.

7.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(277)

Tá an tionscal de chuid an Aontais lonnaithe i dtrí Bhallstát (an Fhrainc, an Ghearmáin, agus an Spáinn), agus fostaítear díreach os cionn 2 200 fostaí ann i ndáil leis an táirge lena mbaineann.

(278)

Níor chuir na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm cosc ar allmhairí fóirdheonaithe ón India teacht isteach i margadh an Aontais agus bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(279)

Ar bhonn a bhfuil thuas, shuigh an Coimisiún go bhfuil dóchúlacht láidir ann go leanfar den díobháil arbh iad allmhairí ón tír sin ba chúis léi dá rachadh na bearta in éag. Bheadh rabharta de mhéideanna substaintiúla d’allmhairí fóirdheonaithe ón India ina chúis le tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais.

(280)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited gur cosnaíodh an tionscal de chuid an Aontais le breis agus 6 bliana agus sciar den mhargadh de 85 % aige. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeadh tionchar ar an tionscal de chuid an Aontais má aisghairtear na bearta atá ann faoi láthair. I gcás inarb amhlaidh go mbeidh an tAontas faoi thionchar, féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le himscrúdú nua.

(281)

I gcodarsnacht leis an maíomh a rinne an páirtí leasmhar, shuigh an Coimisiún go bhfuil an tionscal de chuid an Aontais fós thíos le díobháil ábhartha arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón India ba chúis léi, bunaithe ar an anailís ar na táscairí díobhála ábhartha uile lena n-áirítear forbairt an sciar den mhargadh ag an Tionscal de chuid an Aontais. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go leanfar den díobháil agus go rachaidh an díobháil in olcas má ligtear do na bearta dul in éag. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(282)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go mbeadh sé chun leas an tionscail de chuid an Aontais na bearta frith-fhóirdheontais in aghaidh na hIndia a choinneáil ar bun.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara, trádálaithe neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(283)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, na trádálaithe neamhghaolmhara agus na húsáideoirí neamhghaolmhara aitheanta uile. Níor fhreagair duine ar bith díobh ceistneoir an Choimisiúin.

(284)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil lenar léiríodh go mbeadh tionchar diúltach suntasach ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad ar na hallmhaireoirí ná ar na húsáideoirí, ar mhó é ná tionchar dearfach na mbeart ar an tionscal de chuid an Aontais.

7.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(285)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí an táirge lena mbaineann, ar de thionscnamh na hIndia iad, a choinneáil ar bun.

8.   BEARTA FRITH-FHÓIRDHEONTAIS

(286)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir le leanúnachas an fhóirdheonaithe, leanúnachas na díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frith-fhóirdheontais ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ón India a choinneáil ar bun.

(287)

Tar éis an nochta, d’áitigh Tata Metaliks Limited gur cheart leanúint de na bearta a mheas mar eisceacht seachas mar an gnáthnós. Rinne sé tagairt go háirithe d’Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán agus d’Airteagal 21.3 de Chomhaontú ASCM, lena sonraítear nach bhfanfaidh beart i bhfeidhm ach fad a bheidh gá leis agus go rachaidh sé in éag 5 bliana tar éis a fhorchurtha. Ós rud é gur leathnaíodh na dleachtanna ar feithimh an athbhreithnithe sin, d’áitigh sé, faoin am ar dócha go mbeadh an t-athbhreithniú sin tugtha i gcrích, go mbeadh na dleachtanna i bhfeidhm ar feadh breis agus 7 mbliana cheana féin. Ar an ábhar sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún an t-imscrúdú a fhoirceannadh.

(288)

Mheabhraigh an Coimisiún, i dtaca leis an gcinneadh leanúint de na bearta, go raibh an cinneadh sin bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach ar na fíorais uile a suíodh le linn an imscrúdaithe den athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, níorbh uathoibríoch ná níor “ghnáthrud’ é an leanúint de na bearta. Dhiúltaigh sé dá bhrí sin don mhaíomh gur cheart na bearta a fhoirceannadh.

(289)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin de bharr na hard-difríochta i rátaí dleachta a íoslaghdú, tá gá le bearta speisialta chun a áirithiú go gcuirfear na dleachtanna aonair frithchúitimh i bhfeidhm. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithchúitimh aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn an sonrasc sin ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(290)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithchúitimh a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar is amhlaidh i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.”

(291)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ó cheann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 23(1) den Bhun-rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí scrúdú san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le ráta(í) dleachta aonair a bhaint agus forchur dleachta ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

(292)

Maidir leis na rátaí dleachta frithchúitimh le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na hIndia arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithchúitimh.

(293)

Tar éis an nochta, d’iarr Tata Metaliks Limited ar an gCoimisiún corrlach frithchúitimh aonair a shannadh dó. Ina mhalairt de chás, mheas sé gur cheart don Choimisiún, ar a laghad, breithniú ar na rátaí frithchúitimh aonair a leathnú air, ar rátaí iad a shanntar ar tháirgeoirí comhoibríocha eile an táirge lena mbaineann ón India san imscrúdú bunaidh, i bhfianaise a chomhair leis an gCoimisiún san imscrúdú seo den athbhreithniú éaga.

(294)

Mheabhraigh an Coimisiún maidir le cuspóir imscrúdaithe d’athbhreithniú éaga faoi Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán, gur chun a chinneadh cé acu is gá na bearta atá ann cheana fós nó nach gá, é an cuspóir sin agus é sin amháin. Leis an gcineál imscrúdaithe sin, ní féidir rátaí dleachta aonair a leagan síos le haghaidh cuideachtaí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú bunaidh. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar mhaímh den sórt sin ach amháin faoi imscrúduithe athbhreithniúcháin de bhun Airteagal 19(3) nó Airteagal 19(4) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don iarraidh.

(295)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithchúitimh i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (37). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(296)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(297)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin), gan feadáin ná píopaí d’iarann teilgthe insínte nach bhfuil bratú inmheánach ná seachtrach orthu (“píopaí loma”) a áireamh, atá faoi láthair faoi chóid AN ex 7303 00 10 (Cód TARIC 7303001010) agus ex 7303 00 90 (Cód TARIC 7303009010) agus ar de thionscnamh na hIndia iad.

2.   Is é seo a leanas na rátaí maidir leis an dleacht frithchúitimh chinntitheach is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, i gcás an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh

Cód breise TARIC

Jindal Saw Limited

6,0  %

C054

Electrosteel Castings Ltd

9,0  %

C055

Gach cuideachta eile

9,0  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta frithchúitimh aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) na bhfeadán agus na bpíopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú san India. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/387 ón gCoimisiún an 17 Márta 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin), ar de thionscnamh na hIndia iad (IO L 73, 18.3.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/388 ón gCoimisiún an 17 Márta 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad (IO L 73, 18.3.2016, lch. 53).

(4)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2019, Jindal Saw agus Jindal Saw Italia SpA v an Coimisiún, T-301/16, ECLI:EU:T:2019:234 agus T-300/16, ECLI:EU:T:2019:235.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/526 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad maidir le Jindal Saw Limited tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta in T-300/16 (IO L 118, 16.4.2020, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/527 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad maidir le Jindal Saw Limited tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta in T-301/16 (IO L 118, 16.4.2020, lch. 14).

(7)  Fógra maidir le dul in éag beart frith-fhóirdheontais áirithe atá le tarlú (IO C 210, 24.6.2020, lch. 28).

(8)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).

(9)  Fógra Tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme maidir le hallmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte de thionscnamh na hIndia (IO C 90, 17.3.2021, lch. 8).

(10)  Fógra Tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte de thionscnamh na hIndia (IO C 90, 17.3.2021, lch. 19).

(11)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?ref=ong&id=2521&sta=1&en=20&page=1&c_order=date&c_oder_dir=Down

(12)  Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(13)  IO C 210, 24.6.2020, lch. 28.

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí earraí áirithe d’alcóil pholaivinile ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1), aithrisí (442) agus (460-471).

(15)  An 1 Deireadh Fómhair 2013 go dtí an 30 Meán Fómhair 2014.

(16)  Taispeánadh na figiúirí san imscrúdú bunaidh i raonta nó in innéacsanna ar mhaithe le rúndacht.

(17)  Bhí méid ní ba lú ná 0,1 % i dtéarmaí láimhdeachas an táirge lena mbaineann i gceist leis na cainníochtaí onnmhairithe a léiríodh i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún an 15 Márta 2022, lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 88, 16.3.2022, lch. 24, aithrisí (190)-(205).

(19)  Treoirlínte maidir le Scéim RoDtep https://fieo.org/uploads/files/file/Notification%20No_%2019%20English.pdf agus https://commerce.gov.in/press-releases/centre-notifies-rodtep-scheme-guidelines-and-rates/

(20)  https://www.livemint.com/industry/govt-should-include-iron-and-steel-in-rodtep-to-make-exports-competitive-eepc-11640938763351.html

(21)  An Rialachán bunaidh, aithrisí (131) – (278).

(22)  Suíomh Gréasáin Iarnróid na hIndia, https://indianrailways.gov.in/railwayboard/uploads/directorate/traffic_tran/downloads/2021/Policy-Iron-Ore-Traffic-220121.pdf

(23)  Féach an Beartas Náisiúnta Cruach 2017, Iarscríbhinn 9 den Iarraidh ar athbhreithniú.

(24)  Féach an Beartas Náisiúnta Cruach 2017, Iarscríbhinn 9 den Iarraidh ar athbhreithniú, lch. 24

(25)  Féach an Beartas Náisiúnta Cruach 2017, Iarscríbhinn 9 den Iarraidh ar athbhreithniú, lch. 20.

(26)  Féach an Beartas Náisiúnta Cruach 2017, Iarscríbhinn 9 den Iarraidh ar athbhreithniú, lch. 22.

(27)  Féach an Beartas Náisiúnta Cruach 2017, Iarscríbhinn 9 den Iarraidh ar athbhreithniú, lch. 29.

(28)  Féach an Beartas Trádála Coigríche 2015-2020, lch. 43-44, Iarscríbhinn 9 den Iarraidh ar athbhreithniú.

(29)  Féach Beartas Náisiúnta Mianraí 2019, lch. 9, Iarscríbhinn 9 den Iarraidh ar Athbhreithniú.

(30)  Foilsítear an ciorclán ábhartha ar shuíomh gréasáin Iarnróid na hIndia, https://indianrailways.gov.in/railwayboard/uploads/directorate/traffic_comm/Freight_Rate_2016/RC_16_16.pdf.

https://www.tatametaliks.com/tata-metalik-ir-20-21/focus-on-downstream.html#:~:text=Tata%20Metaliks%20had%20foreseen%20the,in%20H1%20FY%202022%2D23.

(31)  Chuir mórtháirgeoirí an táirge lena mbaineann san India, amhail Vedanda, in iúl go poiblí go raibh sé ar intinn acu infheistiú i méadú ar an acmhainneacht.

(32)  Iarraidh ar athbhreithniú, Iarscríbhinn 17.

(33)  Iarraidh ar athbhreithniú, Iarscríbhinn 17.

(34)  Iarraidh ar athbhreithniú, Roinn 5.1.6.

(35)  United States – Sunset reviews of Anti-dumping Measures on Oil Country Tubular Goods From Argentina [Na Stáit Aontaithe – Athbhreithnithe éaga ar Bhearta Frithdhumpála ar Earraí Feadánacha Tíre Ola ón Airgintín] [(WT/DS/268/AB/R).

(36)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais um Éicidhearthóireacht maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10). Cuirtear an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht chun feidhme trí Rialacháin a bhaineann le táirgí sonracha is infheidhme go díreach i ngach tír den Aontas. Cumhdaítear leis an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht na ceanglais nua maidir le hÉicidhearthóireacht i dtaca le claochladáin chumhachta bheaga, mheánmhéide agus mhóra. Tháinig Leibhéal 1 den Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht i bhfeidhm an 1 Iúil 2015, agus tháinig Leibhéal 2 i bhfeidhm an 1 Iúil 2021. Tá na ceanglais maidir le Leibhéal 2 níos déine ná na ceanglais sin le haghaidh Leibhéal 1. Cé nach féidir measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí iomlána fós le linn tréimhse chomh gearr ó tháinig Leibhéal 2 i bhfeidhm, creidtear go ginearálta go gceanglófar leis na ceanglais sin ar Leibhéal 2 na cineálacha den chaighdeán is airde de na táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní chun claochladáin a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach cost-éifeachtúil agus laistigh de na teorainneacha spáis atá riachtanach.

(37)  Commission européenne, Direction générale du commerce, Direction G, Rue de la Loi 170, 1040 Bruxelles, Belgique.

(38)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).