7.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 154/23 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/887 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 a mhéid a bhaineann le cóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus cóid an Chórais Chomhchuibhithe agus coinníollacha allmhairiúcháin táirgí ilchodacha áirithe, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a mhéid a bhaineann le hearraí áirithe agus peataí éin atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le táirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 48, pointí (b), (d), (e), (f), agus (h), agus Airteagal 126(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe agus earraí áirithe le haghaidh a dtomhailte ag an duine, ó thríú tíortha nó ó réigiúin de na tíortha sin chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad. |
(2) |
Cé is moite den cheangal go dtiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch le haghaidh a dtomhailte ag an duine isteach san Aontas ó thríú tír nó ó réigiún den tír sin a áirítear sna liostaí ábhartha, tagraítear in Airteagal 3, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 do chóid shonracha Ainmníochta Comhcheangailte (“Cóid AC”) agus do chóid an Chórais Chomhchuibhithe (“cóid CC”) nach mór a bheith leagtha síos do na táirgí lena mbaineann. |
(3) |
Go dtí an 31 Nollaig 2020, ceadaíodh allmhairiú vitimín D3 a dhíorthaítear ó lanailin olann caorach dá dtagraítear sna cóid CC faoi cheannteideal 2936 i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3) bunaithe ar bhearta idirthréimhseacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/185 ón gCoimisiún (4). Tá an tAontas ag brath go mór ar allmhairiú an táirge sin. Mar gheall ar an bpróiseas láidir trína bhfaightear vitimín D3 ó lanailin, níl aon imní faoi shláinte phoiblí a bhaineann le hallmhairiú an táirge sin. Ba cheart allmhairiú vitimín D3 a dhíorthaítear ó lanailin a údarú arís agus ba cheart an ceannteideal iomchuí a thabhairt isteach in Airteagal 3, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. |
(4) |
Déantar capsúil de gheilitín chruaite nó capsúil de gheilitín neamhchruaite as geilitín trí théamh feabhsaithe. Ba cheart an geilitín sin na coinníollacha allmhairiúcháin maidir le geilitín a chomhlíonadh, amhail an ceanglas gur de thionscnamh tríú tíortha nó réigiúin díobh na táirgí sin, tíortha nó réigiúin atá údaraithe na táirgí sin a onnmhairiú chuig an Aontas agus na ráthaíochtaí atá le tabhairt maidir le monarú amhábhar i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. Mar sin féin, ós rud é gur diomaibhseach an riosca atá ann don tsláinte phoiblí ó bhunaíochtaí a mhonaraíonn geilitín den sórt sin, ba cheart capsúil gheilitín a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas i ndáil le bunaíochtaí agus deimhniúchán, ach amháin a mhéid a bhaineann le deimhniúchán, nuair a dhíorthaítear iad ó chnámha athchogantacha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(5) |
Foráiltear le hAirteagail 3, 5, 12 agus 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le ceanglais allmhairiúcháin i leith coinsíneachtaí earraí dá dtagraítear i gcód AC nó CC áirithe i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87. Is iomchuí na cóid is infheidhme a shoiléiriú chun aon débhríocht a sheachaint a mhéid a bhaineann leis na cóid a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin. Ba cheart cóid atá in easnamh a chur leis agus cóid neamhábhartha nó cóid iomarcacha a bhaint. |
(6) |
D’fhéadfadh baol don tsláinte phoiblí a bheith i gceist le plúr pailine beach, dá dtagraítear sa chód AC ex 1212 99 95, a bhaineann le hiarmhair éilleán comhshaoil a bheith ann mar atá i dtáirgí beachaireachta eile. Ba cheart na ceanglais i dtaca le plúr pailine beach a bheith comhchosúil leis na ceanglais i dtaca le táirgí beachaireachta eile maidir le teacht isteach san Aontas. |
(7) |
Le Rialachán (AE) 2021/1756 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leasaítear Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/625, lena ndéantar é a leathnú chuig eicínideirmigh uile nach scagbheathóirí iad, seachas chuig súmairí cladaigh amháin, an fhéidearthacht a leagtar síos in Airteagal 18(7), pointe (g), de Rialachán (AE) 2017/625 de mhaolú ar an gceanglas maidir le haicmiú a dhéanamh ar limistéir tháirgthe agus limistéir an athsheachadta. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, ina sonraítear coinníollacha an mhaolaithe sin, a leasú dá réir. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 12(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, táirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán sin nach gá iad a iompar nó a stóráil ag teocht rialaithe agus ina bhfuil táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch cé is moite d’fheoil phróiseáilte, a bhfuil ceanglais leagtha síos ina leith in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ní mór iad a bheith de thionscnamh tríú tíortha nó réigiúin díobh atá údaraithe chun táirgí feola, táirgí déiríochta, táirgí bunaithe ar ghruth buí, táirgí iascaigh nó táirgí uibhe a onnmhairiú chuig an Aontas ar bhonn cheanglais an Aontais maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí, agus ar táirgí iad a liostaítear i ndáil le ceann amháin ar a laghad de na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch de bhun Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. |
(9) |
Agus na rioscaí do shláinte ainmhithe a bhaineann le táirgí bunaithe ar ghruth buí agus an easpa cóireálacha éifeachtacha chun iad a mhaolú, á gcur san áireamh, ba cheart táirgí ilchodacha fadré ina bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí a bheith de thionscnamh tíortha atá údaraithe táirgí gruth buí a onnmhairiú chuig an Aontas. Níor cheart táirgí ilchodacha fadré ina bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí a bheith ina dtairbhithe ón bhféidearthacht fianú príobháideach seachas deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil leo. |
(10) |
Is féidir geilitín, collaigin agus táirgí áirithe an-mhínphróiseáilte a allmhairiú gan plean faireacháin maidir le hiarmhair a chur isteach agus, dá bhrí sin, níor cheart é a bheith riachtanach go mbeadh cead ag tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (8) na táirgí sin a onnmhairiú chuig an Aontas nó na táirgí sin a úsáid mar chomhábhair i dtáirgí ilchodacha lena n-onnmhairiú chuig an Aontas, cé go bhfuil liostú i gcomhréir le hAirteagal 18, Airteagal 19 nó Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (9) éigeantach i gcónaí. Ina theannta sin, ba cheart do thríú tíortha áirithe a bheith in ann táirgí ilchodacha fadré a onnmhairiú chuig an Aontas, ar táirgí iad nach bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí nó feoil phróiseáilte ina bhfuil táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch iontu agus a fuarthas ó Bhallstát nó ó thríú tír a liostaítear, maidir leis an speiceas/tráchtearra ábhartha óna ndíorthaítear na táirgí próiseáilte sin, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE. |
(11) |
Mar gheall ar a bpróiseas monaraithe, is diomaibhseach an riosca a bhaineann le táirgí ilchodacha fadré i gcás gurb iad vitimín D3, breiseáin bhia, einsímí bia nó blastáin bhia na táirgí ainmhithe amháin atá sa táirge ilchodach deiridh. Ba cheart, dá bhrí sin, na táirgí sin a dhíolmhú ó liostú tíortha agus ó na ceanglais maidir le fianú príobháideach. |
(12) |
Le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, leagtar síos ceanglais a mhéid a bhaineann le deimhniúchán maidir le hainmhithe áirithe agus earraí le haghaidh a dtomhailte ag an duine, a theacht isteach san Aontas. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh maidir le ceanglais deimhniúcháin i gcás ina dtagann na hainmhithe agus na hearraí sin ó thríú tír isteach i dtríú tír, agus i gcás idirthurais. |
(13) |
Le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, leagtar síos nach mór fianú príobháideach a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha áirithe. Ba cheart an fhoclaíocht atá ann faoi láthair a shoiléiriú a mhéid a bhaineann le táirgí ilchodacha a bhfuil feidhm ag an bhforáil seo maidir leo. |
(14) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) ón 21 Aibreán 2021, lena ndéantar roinnt gníomhartha dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 a aisghairm. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht, is iomchuí na tagairtí sin a thabhairt cothrom le dáta. |
(15) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún (11), leagtar síos catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
(16) |
Foráiltear le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 maidir le doiciméid éagsúla nach mór a bheith ag gabháil le samplaí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Ba cheart a shoiléiriú cad iad na doiciméid nach mór a bheith ag gabháil le samplaí de bhunadh ainmhíoch, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir lena dteacht isteach san Aontas. Go háirithe, ba cheart a shoiléiriú nach mór an fianú ábhartha sláinte ainmhithe ar a laghad a bheith sna deimhnithe a ghabhann leis na samplaí sin. Thairis sin, ba cheart a shoiléiriú cé na tríú tíortha óna bhféadfaidh na samplaí sin a theacht isteach san Aontas. |
(17) |
Foráiltear le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 go ndíolmhaítear coinsíneachtaí beaga earraí áirithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha agus nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart soiléiriú a dhéanamh maidir leis na catagóirí earraí atá díolmhaithe. Ina theannta sin, ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear chun tagairt a dhéanamh do roinnt de na hearraí sin in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a ailíniú leis an téarmaíocht i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
(18) |
Foráiltear le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 go bhfuil peataí éin a thagann isteach san Aontas le linn gluaiseacht neamhthráchtála i gcomhréir le Cinneadh 2007/25/CE ón gCoimisiún (13) díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Cuireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún (14) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún (15) in ionad Chinneadh 2007/25/CE, áfach, agus rinneadh é a aisghairm le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938. Ba cheart tagairtí don Chinneadh sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a thabhairt cothrom le dáta dá bhrí sin. |
(19) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún (16), díolmhaítear catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá táirgí ilchodacha fadré ina bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí, nó feoil phróiseáilte seachas geilitín, collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear i Roinn XVI d’Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a eisiamh ó na táirgí atá le díolmhú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630. |
(20) |
Is diomaibhseach an riosca a bhaineann le táirgí ilchodacha fadré i gcás ina dtagann na táirgí ainmhithe go léir atá sa táirge ilchodach deiridh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), nó i gcás nach bhfuil ach vitimín D3 sa chuid ainmhíoch sin. Dá bhrí sin, ba cheart iad a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
(21) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1703 (20), leasaíodh na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le táirgí déiríochta agus uibheacha atá i dtáirgí ilchodacha, a leagtar síos in Airteagal 163, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (21). Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá tagairt a dhéanamh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 do na ceanglais dhlíthiúla nua maidir le táirgí déiríochta agus uibhe atá i dtáirgí ilchodacha. |
(22) |
Ós rud é go bhfuil na leasuithe ar Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/625, (AE) 2019/2122 agus (AE) 2021/630 nasctha le chéile a mhéid a bhaineann siad le hoiriúnú a dhéanamh ar na coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh táirgí ilchodacha fadré ina bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí, agus ós rud é nach mbaineann na leasuithe eile ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ach le mion-nuashonruithe ar thagairtí, is iomchuí na leasuithe sin a dhéanamh in aon ghníomh amháin. |
(23) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/625, (AE) 2019/2122 agus (AE) 2021/630 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 Ainmhithe agus earraí ar gá dóibh teacht ó thríú tíortha nó ó réigiúin de na tíortha sin a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625 Coinsíneachtaí na n-ainmhithe agus na n-earraí seo a leanas le haghaidh a dtomhailte ag an duine, ní thiocfaidh siad isteach san Aontas ach ó thríú tír nó ó réigiún den tír sin a áirítear ar an liosta le haghaidh na n-ainmhithe agus na n-earraí sin, liosta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (*1):
(*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin de na tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe le haghaidh a dtomhailte ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118)." (*2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1)”;" |
(2) |
in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(3) |
in Airteagal 8(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(4) |
in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcás coinsíneachtaí táirgí iascaigh a thagann isteach san Aontas go díreach ó shoitheach cuisniúcháin, ó mhonarcha nó ó reothrálaer a bhfuil bratach tríú tír ar foluain aige, féadfaidh an captaen an deimhniú oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 14(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (*3) a shíniú. (*3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, i dtaca le teacht isteach coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).”;" |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: “Airteagal 12 Ceanglais maidir le táirgí ilchodacha 1. Maidir le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha dá dtagraítear sna cóid AC faoi cheannteidil 0901, 1517, 1518, 1601 00, 1602, 1603 00, 1604, 1605, 1702, 1704, 1806, 1901, 1902, 1904, 1905, 2001, 2004, 2005, 2008, 2101, 2103, 2104, 2105 00, 2106, 2202 nó 2208 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, ní thiocfaidh siad isteach san Aontas lena gcur ar an margadh ach amháin más rud é gur táirgeadh gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha i mbunaíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha nó i réigiúin sna tíortha sin agus gur údaraíodh iad chun na táirgí próiseáilte sin de bhunadh ainmhíoch a onnmhairiú chuig an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 5 nó gur táirgeadh iad i mbunaíochtaí atá lonnaithe sna Ballstáit. 2. Go dtí go mbunóidh an Coimisiún liosta sonrach de thríú tíortha nó de réigiúin de na tíortha sin a údaraítear chun táirgí ilchodacha a onnmhairiú chuig an Aontas, féadfaidh coinsíneachtaí táirgí ilchodacha ó thríú tíortha nó ó réigiúin de na tíortha sin a theacht isteach san Aontas, faoi réir chomhlíonadh na rialacha seo a leanas:
3. Ní thiocfaidh táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach ó thríú tír nó ó réigiún den tír sin a áirítear ar an liosta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE agus atá ar tír í ag a bhfuil plean formheasta maidir le faireachán a dhéanamh ar na hiarmhair i gcomhréir le Treoir 96/23/CE le haghaidh an speicis/an tráchtearra óna ndíorthaítear na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha, cé is moite de chollaigin, geilitín agus na táirgí atá an-mhínphróiseáilte a liostaítear i Roinn XVI, pointe 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004. 4. Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 den Airteagal seo maidir le táirgí ilchodacha fadré i gcás ina dtagann na táirgí ainmhithe go léir atá sa táirge ilchodach deiridh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) nó, Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), go n-úsáidtear sa táirge ilchodach sin iad i gcomhréir leis na Rialacháin sin nó i gcás gur vitimín D3 amháin atá sa chuid ainmhíoch sin. (*4) Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7)." (*5) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16)." (*6) Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).”;" |
(6) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
(7) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Maidir le coinsíneachtaí beaga táirgí de bhunadh ainmhíoch, táirgí ilchodacha, táirgí a dhíorthaítear ó sheachtháirgí ainmhithe, plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a chuirtear chuig daoine nádúrtha, nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh, díolmhaítear iad ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann ar choinníoll go mbaineann siad le ceann amháin ar a laghad de na catagóirí a liostaítear in Airteagal 7, pointí (b) go (g).”; |
(3) |
in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):
(*12) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (IO L 396, 10.11.2021, lch. 4)." (*13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2021 lena mbunaítear an doiciméad aitheantais caighdeánach maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE (IO L 396, 10.11.2021, lch. 47).”;" |
(4) |
leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Beidh na táirgí ilchodacha fadré seo a leanas díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann:
(*14) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55)." (*15) Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7)." (*16) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16)." (*17) Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).”;" |
(2) |
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla go rialta ar na táirgí ilchodacha fadré dá dtagraítear in Airteagal 3, ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2017/625 a chur san áireamh.”. |
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe le haghaidh a dtomhailte ag an duine, a theacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).
(3) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2017/185 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2017 lena leagtar síos bearta idirthréimhseacha chun forálacha áirithe de chuid Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (IO L 29, 3.2.2017, lch. 21).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2021/1756 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas chun comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe frithmhiocróbach a áirithiú agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a mhéid a bhaineann le soláthar díreach feola ó éanlaith chlóis agus ó ghiorriaigh (IO L 357, 8.10.2021, lch. 27).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
(8) Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna a chuir tríú tíortha isteach i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe le haghaidh a dtomhailte ag an duine, a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).
(10) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 45).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún agus ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).
(13) Cinneadh 2007/25/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach agus gluaiseachtaí peataí éan isteach sa Chomhphobal in éineacht lena n-úinéir (IO L 8, 13.1.2007, lch. 29).
(14) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (IO L 396, 10.11.2021, lch. 4).
(15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2021 lena mbunaítear an doiciméad aitheantais samplach maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE (IO L 396, 10.11.2021, lch. 47).
(16) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 17).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7).
(18) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ón gComhairle agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).
(20) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1703 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá i dtáirgí ilchodacha a theacht isteach san Aontas (IO L 339, 24.9.2021, lch. 29).
(21) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|