3.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/75


RIALACHÁN (AE) 2022/880 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1) nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/885 (3) lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, lenar tugadh isteach roghanna breise maolaithe ón reo sócmhainní agus ón toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus eintitis ainmnithe. Is iomchuí freisin na forálacha maidir le pionóis náisiúnta i gcás sárú na mbeart sa Rialachán sin a shoiléiriú agus a neartú.

(3)

Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6c

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha atá fíor-riachtanach i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar ag fochuideachtaí, atá bunaithe sa Rúis, d’oibreoirí teileachumarsáide an Aontais agus i dtaca le soláthar saoráidí agus seirbhísí bainteacha is gá le haghaidh oibriú, chothabháil agus shlándáil na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin, sa Rúis agus san Aontas.”;

(2)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis, lena n-áirítear pionóis choiriúla de réir mar is iomchuí, is infheidhme i dtaca le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/885 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022).