3.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 152/45


RIALACHÁN (AE) 2022/869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leag an Coimisiún amach, i dteachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (‘an Comhaontú Glas don Eoraip‘), straitéis nua fáis a bhfuil sé mar aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, ina mbainfear amach an cuspóir aeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. I dteachtaireacht uaidh an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition – Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 – Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire], mhol an Coimisiún an sprioc maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéadú go dtí 55 % ar a laghad faoi 2030. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an uaillmhian sin an 11 Nollaig 2020 agus sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an teachtaireacht sin, deimhnítear go mbeidh an meascán fuinnimh san am atá le teacht an-éagsúil lena bhfuil ann faoi láthair agus go bhfuil sé mar bhonn taca leis an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht fuinnimh agus lena leasú más gá. Is léir nach leor na hinfheistíochtaí bonneagair fuinnimh atá ann faoi láthair chun bonneagar fuinnimh san am amach romhainn a athrú agus a thógáil. Chomh maith leis sin, is é is brí leis sin gur gá bonneagar a bheith i bhfeidhm chun tacú leis an aistriú fuinnimh san Eoraip, lena n-áirítear mearleictriú, borradh a chur faoi ghiniúint an leictreachais in-athnuaite agus saor ó bhreoslaí iontaoise, méadú ar úsáid na ngás in-athnuaite agus ísealcharbóin, comhtháthú córais fuinnimh agus níos mó úsáide a bhaint as réitigh nuálacha.

(2)

An sprioc cheangailteach reatha ar leibhéal an Aontais i leith fuinneamh in-athnuaite le haghaidh 2030 dar méid ar a laghad 32 % d’ídiú fuinnimh deiridh agus sprioc cheannlíne ar leibhéal an Aontais i leith éifeachtúlacht fuinnimh dar méid ar a laghad 32,5 %, déanfar iad a athbhreithniú mar chuid d’uaillmhian fheabhsaithe an Aontais atá cumhdaithe i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

(3)

I gComhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (5) (‘Comhaontú Pháras’), leagtar amach sprioc fhadtéarmach chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád i bhfad faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus chun iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú ag 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le hoiriúnú do dhrochthionchar an athraithe aeráide agus le sreafaí airgeadais a chur in oiriúint do chonair i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus forbairt atá athléimneach ó thaobh na haeráide de. An 12 Nollaig 2019, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cuspóir Aontas Eorpach aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras.

(4)

Le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar síos treoirlínte maidir le forbairt thráthúil agus idir-inoibritheacht thráthúil conairí agus réimsí tosaíochta i mbonneagar tras-Eorpach fuinnimh chun cuspóirí bheartas fuinnimh an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, slándáil an tsoláthair agus margaí fuinnimh iomaíocha san Aontas a áirithiú, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilt fuinnimh agus forbairt cineálacha nua fuinnimh agus cineálacha in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn, agus chun idirnascadh gréasán fuinnimh a chur chun cinn. Le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, cuirtear creat i bhfeidhm faoinar féidir leis na Ballstáit agus geallsealbhóirí ábhartha oibriú le chéile i suíomh réigiúnach chun gréasáin fuinnimh a fhorbairt atá nasctha le chéile ar bhealach níos fearr, agus é mar aidhm leis réigiúin atá scoite amach faoi láthair ó mhargaí fuinnimh na hEorpa a cheangal le chéile, na hidirnaisc thrasteorann atá ann faoi láthair a neartú agus idirnaisc thrasteorann nua a chur chun cinn, agus cabhrú le fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú. Trí na cuspóirí sin a shaothrú, rannchuidíonn Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 le fás atá cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus téann sé chun tairbhe an Aontais ar fad ó thaobh iomaíochais de agus ó thaobh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach de.

(5)

Sa mheastóireacht a rinneadh ar Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, léiríodh go soiléir gur cuireadh feabhas éifeachtach ar chomhtháthú ghréasáin na mBallstát leis an gcreat agus gur spreagadh leis an trádáil fuinnimh, rud a thacaigh le hiomaíochas an Aontais. Le tionscadail leasa choitinn i leith leictreachais agus gáis, rannchuidíodh go mór le slándáil an tsoláthair. I gcás an gháis, tá an bonneagar nasctha níos fearr anois agus tháinig feabhas substaintiúil ar athléimneacht an tsoláthair ó bhí 2013 ann. An comhar réigiúnach i ngrúpaí réigiúnacha nó trí leithdháileadh trasteorann costas, is cumasóir tábhachtach é maidir le cur chun feidhme tionscadal. Mar sin féin, is minic nach ndeachaigh an leithdháileadh trasteorann costas chun an bhearna airgeadais sna tionscadail a laghdú de réir mar a bhí beartaithe. Cé gur giorraíodh formhór na nósanna imeachta a bhaineann le ceadanna, i gcásanna áirithe bíonn próiseas fada fós i gceist. Ba thábhachtach an fachtóir é an cúnamh airgeadais ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ós rud é go rabhthas in ann, leis na deontais le haghaidh staidéar, rioscaí a laghdú le linn na gcéimeanna luatha den fhorbairt, agus le deontais le haghaidh oibreacha, tugadh tacaíocht do thionscadail lena dtugtar aghaidh ar na príomhscrogaill nach raibh maoiniú margaidh in ann tabhairt fúthu go leordhóthanach.

(6)

I rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le hathbhreithniú ar na treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh (8), d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus ar a chuspóirí aeráidneodrachta do 2050 agus ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.

(7)

Is ionstraim lárnach é an beartas um ghréasáin fuinnimh thras-Eorpacha ó thaobh margadh inmheánach fuinnimh a fhorbairt agus tá gá leis chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Chun leibhéil níos airde laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, beidh córas fuinnimh níos comhtháite ag teastáil ón Eoraip, rud a bheidh ag brath ar leibhéil níos airde leictrithe atá bunaithe ar fhoinsí breise in-athnuaite agus ísealcharbóin agus ar dhícharbónú na hearnála gáis. Leis an mbeartas um ghréasáin fuinnimh thras-Eorpacha, is féidir a áirithiú go dtacóidh forbairt bhonneagar fuinnimh an Aontais leis an aistriú fuinnimh chuig an aeráidneodracht is gá i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus le neodracht na teicneolaíochta agus, san am céanna, an cumas maidir le hastaíochtaí a laghdú san úsáid deiridh á chur san áireamh. Is féidir idirnaisc, slándáil fuinnimh, comhtháthú margaidh agus córais, agus iomaíocht a théann chun tairbhe na mBallstát uile a áirithiú leis, chomh maith le fuinneamh ar phraghas inacmhainne do theaghlaigh agus do ghnóthais.

(8)

Cé gur bailí fós den chuid is mó iad cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, na hathruithe ar an gcóras fuinnimh a bhfuil coinne leo, athruithe a tharlóidh de bharr an chomhthéacs pholaitiúil nua, agus go háirithe spriocanna uasghrádaithe fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus an cuspóir aeráidneodrachta do 2050 faoin gComhaontú Glas don Eoraip, ní léirítear sa chreat reatha maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha na hathruithe sin go hiomlán go fóill. Dá bhrí sin, i measc gnéithe eile, ní mór cuspóirí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide araon a léiriú go leormhaith sa chreat athbhreithnithe maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha. Chomh maith leis an gcomhthéacs polaitiúil nua agus na cuspóirí polaitiúla nua, forbraíodh an teicneolaíocht go mear le 10 mbliana anuas. Ba cheart aird a thabhairt ar an bhforbairt sin sna catagóirí bonneagair fuinnimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus ar na critéir roghnúcháin le haghaidh tionscadail leasa choitinn mar aon leis na conairí agus na réimsí tosaíochta. Ag an am céanna, níor cheart go ndéanfadh forálacha an Rialacháin seo difear don cheart atá ag Ballstát na coinníollacha a chinneadh maidir lena acmhainní fuinnimh a shaothrú, dá rogha idir foinsí éagsúla fuinnimh agus do struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, i gcomhréir le hAirteagal 194 CFAE.

(9)

Le Treoracha 2009/73/CE (9) agus (AE) 2019/944 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déantar foráil maidir le margadh inmheánach fuinnimh. Cé go bhfuil dul chun cinn an-suntasach déanta ó thaobh an margadh sin a chur i gcrích, tá feabhsúcháin le déanamh fós trí úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar fuinnimh atá ann faoi láthair, trí na méideanna fuinnimh in-athnuaite atá ag dul i méid a chomhtháthú agus trí chomhtháthú córais.

(10)

Ba cheart bonneagar fuinnimh an Aontais a uasghrádú chun cliseadh teicniúil a chosc agus chun cur lena athléimneacht in aghaidh cliseadh den sórt sin agus in aghaidh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, in aghaidh éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus in aghaidh bagairtí ar a shláine, go háirithe a mhéid a bhaineann le bonneagair ríthábhachtacha na hEorpa de bhun Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (11).

(11)

Ba cheart bonneagar fuinnimh an Aontais a bheith athléimneach in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide a bhfuiltear ag dréim leo san Eoraip, éifeachtaí nach féidir a sheachaint d’ainneoin na n-iarrachtaí a dhéantar iad a mhaolú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach na hiarrachtaí a neartú maidir le hoiriúnú agus maolú don athrú aeráide, forbairt athléimneachta agus ullmhacht.

(12)

Agus bonneagar tras-Eorpach fuinnimh á fhorbairt, ba cheart aird a thabhairt, i gcás inar féidir go teicniúil agus nuair is éifeachtúla, ar an bhféidearthacht athrú cuspóra a dhéanamh ar bhonneagar agus ar threalamh atá ann cheana.

(13)

Tá slándáil an tsoláthair mar phríomhspreagthaí taobh thiar de ghlacadh Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, agus tá feabhas suntasach tagtha uirthi de bharr tionscadail leasa choitinn. Ina theannta sin, sa mheasúnú tionchair ón gCoimisiún a ghabhann leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition –Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 – Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire], tá coinne leis go mbeidh laghdú mór ar ídiú an gháis nádúrtha toisc nach bhfuil a úsáid gan srian comhoiriúnach leis an neodracht carbóin. Os a choinne sin, táthar ag dréim leis go dtiocfaidh méadú mór ar ídiú an bhithgháis, na hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin agus breoslaí gásacha sintéiseacha i dtreo 2050. I gcás an gháis, tá an bonneagar nasctha níos fearr anois agus tá feabhas suntasach tagtha ar athléimneacht an tsoláthair ó bhí 2013 ann. Ba cheart an tírdhreach gáis athraithe sin a léiriú nuair atá an bonneagar fuinnimh á bheartú. Mar sin féin, níl gach Ballstát nasctha go leordhóthanach leis an ngréasán gáis Eorpach go fóill agus bíonn ar Bhallstáit oileánacha go háirithe aghaidh a thabhairt fós ar dhúshláin shuntasacha ó thaobh shlándáil an tsoláthair agus leithlisiú fuinnimh de. Cé go bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfar 78 % de thionscadail gháis ar tionscadail leasa choitinn iad a choimisiúnú faoi dheireadh 2025, tá moilleanna suntasacha ar roinnt díobh, lena n-áirítear mar thoradh ar fhadhbanna a bhaineann le ceadanna. Dá bhrí sin, níor cheart don Rialachán seo difear diúltach a dhéanamh do thionscadail leasa choitinn nach bhfuil curtha i gcrích fós ar dháta a theacht i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tionscadail leasa choitinn a áirítear sa chúigiú liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, ar glacadh le comhad iarratais ina leith lena scrúdú ag an údarás inniúil, ba cheart iad a bheith in ann a gcearta agus a n-oibleagáidí a choimeád a mhéid a bhaineann le ceadanna ar feadh tréimhse 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration [Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis Eorpach um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh] (Straitéis Eorpach um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh), aithníodh a thábhachtaí atá eangacha cliste leictreachais, nach n-áirítear leo i gcónaí teorainn fhisiciúil a thrasnú, chun cuspóirí beartais fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Ba cheart na critéir don chatagóir sin a shimpliú, ba cheart forbairtí teicneolaíochta maidir le nuálaíocht agus gnéithe digiteacha a áireamh iontu agus ba cheart comhtháthú an chórais fuinnimh a chumasú leo. Ina theannta sin, ba cheart an ról atá ag tionscnóirí na dtionscadal a shoiléiriú. I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh ar an éileamh ar chumhacht a bhfuil coinne leis san earnáil iompair, go háirithe le haghaidh feithiclí leictreacha ar mhórbhealaí agus i gceantair uirbeacha, ba cheart go gcabhródh teicneolaíochtaí eangaí cliste le feabhas a chur ar thacaíocht a bhaineann leis an gcóras fuinnimh le haghaidh athluchtú ardacmhainneachta trasteorann d’fhonn tacú le dícharbónú na hearnála iompair.

(15)

I Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh, leagadh béim freisin ar an ngá atá ann le pleanáil chomhtháite le haghaidh bonneagar fuinnimh ar fud earnálacha iompróirí fuinnimh, bonneagair agus ídithe. Nuair a chuirtear bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm agus nuair a ghlactar cur chuige iomlánach ó thaobh beartais de agus thar earnálacha ar leith, sin an chéad chéim lena gcuirtear tús le comhtháthú córas den chineál sin. Chomh maith leis sin, tugann sé aghaidh ar riachtanais dícharbónaithe na n-earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo, earnálacha ar nós codanna áirithe tionscail nó modhanna áirithe iompair ina bhfuil dúshlán teicniúil nó eacnamaíoch ag baint le leictriú díreach faoi láthair. I measc na n-infheistíochtaí sin tá hidrigin agus leictrealóirí agus de réir a chéile déanfar iad a chur in úsáid ar scála mór. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe [Straitéis hidrigine le haghaidh Eoraip aeráidneodrach] (‘An Straitéis Hidrigine’), tugtar tosaíocht do tháirgeadh hidrigine ó leictreachas in-athnuaite, arb é an réiteach is glaine é agus is mó a luíonn le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais. In idirthréimhse, áfach, bíonn gá le cineálacha eile hidrigine ísealcharbóin chun an táirgeadh hidrigine atá ann cheana a dhícharbónú ar bhealach níos gasta, ag díriú ar raon éagsúil teicneolaíochtaí glana, agus chun tús a chur le barainneacht scála.

(16)

Thairis sin, ba é an chonclúid a bhain an Coimisiún as an Straitéis Hidrigine uaidh go bhfuil gréasán bonneagair mórscála ag teastáil chun an hidrigin a úsáid mar is gá agus gur gné thábhachtach é sin a bhfuil an tAontas agus an margadh inmheánach, agus iad sin amháin, in ann a chur ar fáil. Faoi láthair, is beag bonneagar tiomanta atá ann chun an hidrigin a iompar agus a thrádáil thar theorainneacha nó chun gleannta hidrigine a chruthú. Ba cheart gurb é is mó a bheidh i mbonneagar den sórt sin sócmhainní arna dtiontú ó shócmhainní gáis nádúrtha agus, mar chomhlánú air sin, sócmhainní nua atá tiomanta don hidrigin. Thairis sin, leagadh sprioc straitéiseach amach sa Straitéis Hidrigine maidir le hacmhainneacht leictrealaithe suiteáilte a mhéadú go 40 Gigeavata (GW) faoi 2030 d’fhonn borradh a chur faoi tháirgiúlacht na hidrigine in-athnuaite agus éascú a dhéanamh ar dhícharbónú na n-earnálacha atá ag brath ar bhreoslaí iontaise, na hearnálacha ar nós an tionscail nó iompair. Dá bhrí sin, mar chuid den bheartas um ghréasáin fuinnimh thras-Eorpacha, ba cheart bonneagar nua athchuspóra le haghaidh tarchur agus stóráil hidrigine mar aon le saoráidí leictrealóra a chur san áireamh. Ba cheart bonneagar le haghaidh tarchur agus stóráil hidrigine a chur san áireamh freisin sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais ionas go mbeifear in ann measúnú cuimsitheach comhsheasmhach a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí a bhaineann leo ó thaobh an chórais fuinnimh de, lena n-áirítear an méid a thacaíonn siad le comhtháthú agus dícharbónú earnála, d’fhonn cnámh droma hidrigine a chruthú don Aontas.

(17)

Thairis sin, ba cheart catagóir nua bonneagair a chruthú le haghaidh eangacha cliste gáis chun tacú le hinfheistíochtaí lena ndéantar iolracha gás ísealcharbóin agus gás atá in-athnuaite go háirithe, amhail an bithghás, an bithmheatán agus an hidrigin, a chomhtháthú sa ghréasán gáis agus chun cuidiú le bainistiú an chórais a éiríonn as sin, córas atá níos casta, trí chur leis na teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha atá ann.

(18)

Trí aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, glactar leis go mbeidh próisis thionsclaíocha fós ann lena n-astaítear dé-ocsaíd charbóin. Meastar go bhfuil an dé-ocsaíd charbóin sin dosheachanta nuair nach féidir an táirgeadh di a sheachaint in ainneoin an optamaithe, mar shampla trí éifeachtúlacht fuinnimh nó leictriú lena gcomhtháthaítear foinsí in-athnuaite. Ba cheart go dtiocfadh glanlaghdú suntasach ar astaíochtaí mar thoradh ar bhonneagar dé-ocsaíde carbóin a fhorbairt, arb astaíochtaí iad nárbh fhéidir a sheachaint murach sin in éagmais roghanna réasúnacha. Cumhdaítear gabháil dé-ocsaíde carbóin le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) chun críche sruthanna dé-ocsaíde carbóin de thionscnamh suiteálacha a chumhdaítear leis an Treoir sin, agus chun críche stórála geolaíche de bhun Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(19)

Le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, cuireadh de cheangal ar thionscadal leasa choitinn is iarrthóir a chruthú gur mór an rannchuidiú a dhéanfaidh sé le ar a laghad critéar amháin de shraith critéar sa phróiseas chun cur le liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn, critéir arbh fhéidir an inbhuanaitheacht a bheith ina measc cé nár ghá sin. Leis an gceangal sin, i gcomhréir leis na riachtanais shonracha atá ag an margadh inmheánach fuinnimh faoi láthair, bhíothas in ann tionscadail leasa choitinn a fhorbairt mar shampla, tionscadail lenar tugadh aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair, cé nár léirigh siad tairbhí ó thaobh inbhuanaitheachta de. Mar sin féin, i bhfianaise riachtanais bhonneagair an Aontais, na spriocanna dícharbónaithe agus conclúidí na Comhairle Eorpaí ó mhí 21 Iúil 2020, ina leagtar amach gur cheart do chaiteachas an Aontais a bheith i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus prionsabal ‘neamhdhíobhála’ an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht ó thaobh foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú san eangach nó ar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa, de réir mar is ábhartha, chun a áirithiú go bhfuil an beartas um ghréasáin fuinnimh thras-Eorpacha comhleanúnach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus le cuspóirí aeráidneodrachta do 2050, agus sainiúlachtaí gach Ballstáit á gcur san áireamh maidir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach. Tugtar aghaidh ar inbhuanaitheacht gréasán iompair dé-ocsaíde carbóin trí laghduithe ionchasacha iomlána saolré tionscadail ar ghás ceaptha teasa agus tríd an easpa réitigh theicneolaíocha mhalartacha chun an leibhéal céanna laghdaithe ar dhé-ocsaíd charbóin a bhaint amach.

(20)

Tionscadail bhonneagair a nascann gréasáin fuinnimh an Aontais le gréasáin fuinnimh tríú tíortha, go háirithe tíortha comharsanachta agus tíortha lena bhfuil comhar sonrach i leith fuinnimh curtha ar bun ag an Aontas, ba cheart don Aontas na tionscadail sin a éascú má tá leas frithpháirteach ag baint leo agus má tá siad riachtanach le haghaidh an aistrithe fuinnimh agus chun na spriocanna aeráide a ghnóthú, agus má chomhlíonann siad sainchritéir na gcatagóirí bonneagair ábhartha de bhun an Rialacháin seo freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do thionscadail chomhleasa a bheith mar chuid de raon feidhme an Rialacháin seo má tá na tionscadail sin inbhuanaithe agus más féidir leo glantairbhí socheacnamaíocha suntasacha ar leibhéal an Aontais a léiriú le haghaidh ar a laghad dhá Bhallstát agus ar a laghad aon tríú tír amháin. Ba cheart tionscadail den chineál sin a bheith incháilithe lena gcur san áireamh i liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa (‘liosta an Aontais’) ar choinníoll go bhfuil ardleibhéal cóineasaithe ag an gcreat beartais, agus go bhfuil sásraí forfheidhmiúcháin ag tacú leis, agus ba cheart go léireofaí leo go rannchuidíonn siad le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais agus na dtríú tíortha maidir le slándáil an tsoláthair agus maidir leis an dícharbónú.

Ba cheart ardleibhéal cóineasaithe an chreata beartais a thoimhdiú i gcás Pháirtithe Conarthacha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nó an Chomhphobail Fuinnimh, nó is féidir é a léiriú i gcás tríú tíortha eile trí chomhaontuithe déthaobhacha lena n-áirítear forálacha ábhartha maidir le cuspóirí beartais aeráide agus fuinnimh i dtaca le dícharbonú agus féadfaidh an grúpa réigiúnach iomchuí measúnú breise a dhéanamh air le tacaíocht ón gCoimisiún. Sa bhreis air sin, i gcás an tríú tír lena gcomhoibríonn an tAontas ó thaobh forbairt tionscadal comhleasa de, ba cheart di amlíne den chineál céanna a éascú chun dlús a chur le cur chun feidhme na dtionscadal, agus chun bearta tacaíochta beartais eile a chur i bhfeidhm, faoi mar a fhoráiltear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart tionscadail chomhleasa a láimhseáil sa bhealach céanna agus a mheastar tionscadail leasa choitinn, agus ba cheart feidhm a bheith ag gach foráil a bhaineann le tionscadail leasa choitinn maidir le tionscadail chomhleasa, mura sonraítear a mhalairt. Ba cheart a thuiscint le glantairbhí móra socheacnamaíocha ar leibhéal an Aontais go gcuirtear feabhas ar idir-inoibritheacht agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, chun tairbhe níos mó ná aon Bhallstát amháin. Maidir le tionscadail le haghaidh stóráil dé-ocsaíde carbóin, níor cheart ach na tionscadail is gá chun gur féidir dé-ocsaíd charbóin a iompar thar theorainneacha agus a stóráil a bheith incháilithe, ar an gcoinníoll go bhfuil caighdeáin agus coimircí lena gcuirtear cosc ar sceitheadh ar bith agus a bhaineann leis an aeráid, sláinte an duine agus éiceachórais maidir le sábháilteacht agus éifeachtacht stóráil bhuan dé-ocsaíde carbóin ar an leibhéal céanna ar a laghad is atá san Aontas. Ba cheart a thoimhdiú go gcomhlíonann an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch na caighdeáin agus na coimircí sin.

(21)

Ba cheart tionscadail chomhleasa a mheas mar uirlis bhreise chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig tríú tíortha sa bhreis ar na tionscadail leasa choitinn sin a rannchuidíonn le cur chun feidhme conaire nó réimse tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Dá bhrí sin, i gcás ina rannchuidíonn tionscadal le tríú tír le conair nó réimse tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a chur chun feidhme, ba cheart é a bheith incháilithe iarratas a dhéanamh ar stádas tionscadail leasa choitinn faoin Rialachán seo. De réir an phrionsabail chéanna, féadfar tionscadail idirnaisc leictreachais le tríú tíortha a raibh stádas tionscadail leasa choitinn bainte amach acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 a roghnú mar thionscadail leasa choitinn, ar choinníoll go gcuirtear faoin bpróiseas roghnúcháin iad agus go gcomhlíontar leo na critéir le haghaidh tionscadail leasa choitinn.

(22)

Thairis sin, chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050 a bhaint amach, ní mór don Aontas borradh suntasach a chur faoi ghiniúint an leictreachais in-athnuaite. Tá na catagóirí bonneagair fuinnimh atá ann faoi láthair le haghaidh tarchur agus stóráil leictreachais ríthábhachtach le haghaidh chomhtháthú an mhéadaithe shuntasaigh ar ghiniúint leictreachais in-athnuaite san eangach chumhachta. Ina theannta sin, éilítear leis sin dlús a chur leis an infheistíocht san fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus é mar aidhm aige sin 300 GW ar a laghad de ghiniúint gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach a shuiteáiltear i gcomhréir le straitéis an Choimisiúin maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 dar teideal An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future [Straitéis AE chun leas a bhaint as acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta do thodhchaí a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de]. Áirítear sa straitéis sin naisc ghathacha lena gceanglaítear acmhainneachtaí nua gaoithe amach ón gcósta, chomh maith le tionscadail chomhtháite hibrideacha. Chomh maith leis sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar phleanáil fhadtéarmach a chomhordú agus ar fhorbairt na n-eangach leictreachais amach ón gcósta agus ar tír. Go háirithe, ba cheart an phleanáil le haghaidh bonneagar amach ón gcósta a athrú ó chur chuige tionscadal ar thionscadal i dtreo cur chuige cuimsitheach comhordaithe lena n-áireofaí forbairt inbhuanaithe na n-eangach comhtháite amach ón gcósta i gcomhréir le hacmhainneacht in-athnuaite amach ón gcósta gach imchuach farraige, cosaint an chomhshaoil agus úsáidí eile na farraige. Ba cheart go mbeadh cur chuige ann atá bunaithe ar chomhar deonach idir na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith freagrach as formheas na dtionscadal leasa choitinn a bhfuil baint acu lena gcríoch agus as na costais ghaolmhara.

(23)

Ba cheart do Bhallstáit ábhartha a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar na tairbhí agus na costais a bhaineann leis na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus réamhanailís a dhéanamh ar chomhroinnt costas ar leibhéal na conaire tosaíochta eangaí amach ón gcósta chun taca a chur faoi ghealltanais pholaitiúla chomhpháirteacha maidir le forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus leis na hoibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) ábhartha agus leis na húdaráis rialála náisiúnta, treoir a fhorbairt maidir le costas is tairbhe sonrach agus comhroinnt costas shonrach le haghaidh pleananna comhtháite maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta, rud ba cheart a chur ar a gcumas do na Ballstáit measúnú leormhaith a dhéanamh.

(24)

Léiríodh gur éifeachtach é próiseas an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais mar bhonn chun tionscadail leasa choitinn i gcatagóirí an leictreachais agus an gháis a shainaithint. Mar sin féin, cé gur tábhachtach an ról atá ag an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘an ENTSO don Leictreachas’), ag an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (‘an ENTSO don Ghás) agus ag OCTanna sa phróiseas, tá gá le tuilleadh grinnscrúdaithe chun muinín as an bpróiseas a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann le cásanna a shainiú don ama atá le teacht, bearnaí fadtéarmacha agus scrogaill fhadtéarmacha sa bhonneagar a shainaithint agus tionscadail ar leith a mheasúnú. Dá bhrí sin, i bhfianaise an ghá le bailíochtú neamhspleách, ba cheart ról méadaithe a bheith ag an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’) agus ag an gCoimisiún sa phróiseas, lena n-áirítear sa phróiseas chun na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais a tharraingt suas de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009 (14) agus (AE) 2019/943 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart go mbainfeadh próiseas an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais tairbhe as ionchur eolaíochtbhunaithe ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách amhail an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide agus ba cheart é a eagrú ar an mbealach is éifeachtaí.

(25)

Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu sula nglacfar na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, ba cheart don ENTSO don Leictreachas agus don ENTSO don Ghás próiseas comhairliúcháin forleathan a dhéanamh a mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach ann. Ba cheart an comhairliúchán a bheith oscailte agus trédhearcach agus ba cheart é a eagrú go tráthúil ionas go mbeidh geallsealbhóirí in ann aiseolas a thabhairt, agus na príomhchéimeanna de na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais á n-ullmhú, amhail forbairt cásanna, sainaithint bearnaí sa bhonneagar agus modheolaíocht na hanailíse costais is tairbhe le haghaidh measúnú tionscadail. Ba cheart don ENTSO don Leictreachas agus don ENTSO don Ghás aird chuí a thabhairt ar an ionchur a fuarthas ó gheallsealbhóirí le linn na gcomhairliúchán agus ba cheart dóibh míniú a thabhairt ar an gcaoi ar chuir siad an t-ionchur sin san áireamh.

(26)

I gcomhréir le conclúidí Fhóram 2020 um Bonneagar Fuinnimh, is gá a áirithiú go ndéanfar gach earnáil ábhartha, amhail earnáil an gháis, an leictreachais, agus an iompair a mheas le dearcadh comhtháite i próisis phleanála an bhonneagair uile ar tír agus amach ón gcósta, an bhonneagair uile tarcurtha agus an bhonneagair uile dáileacháin. Chun Comhaontú Pháras a chomhlíonadh agus chun cuspóirí aeráide 2030 an Aontais agus cuspóirí forbartha fuinnimh 2040 amach ón gcósta a bhaint amach, agus i gcomhréir le cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, ba cheart go mbeadh an creat maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha ag brath ar dhearcadh níos cliste, níos comhtháite, fadtéarmach agus optamaithe maidir le ‘córas an aon fhuinnimh amháin’ trí chreat a úsáid lena gcumasaítear comhordú níos mó i dtaca le pleanáil bonneagair ar fud earnálacha éagsúla agus lena gcruthaítear deis chun réitigh cúplála a chomhtháthú ar an mbealach is fearr, rud lena mbaineann eilimintí éagsúla gréasáin idir bonneagair éagsúla. Ba cheart é sin a áirithiú trí shamhail a chomhtháthaítear de réir a chéile a fhorbairt lena gcumasaítear comhsheasmhacht idir modheolaíochtaí aon earnála bunaithe ar thoimhdí coiteanna agus lena léirítear idirspleáchas.

(27)

Tá sé tábhachtach a áirithiú gurb iad na tionscadail bhonneagair nach bhfuil aon réitigh mhalartacha réasúnta ann dóibh agus na tionscadail sin amháin a fhéadfaidh stádas tionscadail leasa choitinn a fháil. Chuige sin, ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur san áireamh sa tuarascáil maidir le sainaithint na mbearnaí sa bhonneagar arna forbairt i gcomhréir leis an Rialachán seo agus in obair na ngrúpaí réigiúnacha maidir le liostaí réigiúnacha na dtionscadal beartaithe atá ar liosta an Aontais a bhunú. I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart breathnú ar na roghanna malartacha ábhartha uile ar bhonneagar nua chun riachtanais bhonneagair amach anseo a áirithiú, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar shainaithint na mbearnaí sa bhonneagar.

Ba cheart do na grúpaí réigiúnacha, a fhaigheann cabhair ó na húdaráis rialála náisiúnta, na toimhdí agus na torthaí ón measúnú ar bhearnaí sa bhonneagar arna bhforbairt i gcomhréir leis an Rialachán seo a mheas agus a áirithiú go ndéanfar bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a léiriú go hiomlán sa phróiseas roghnúcháin le haghaidh tionscadail leasa choitinn. Sa bhreis air sin, le linn tionscadail a chur chun feidhme, ba cheart do thionscnóirí tionscadail tuairisc a dhéanamh faoi chomhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil agus ba cheart dóibh a léiriú nach ndéanann na tionscadail sin ‘aon dochar suntasach’ don chomhshaol de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). I gcás tionscadail leasa choitinn atá ann cheana agus a bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu, cuirfear é sin san áireamh agus tionscadail á roghnú ag na grúpaí réigiúnacha le haghaidh liostaí Aontais eile ina dhiaidh sin.

(28)

Chun cobhsaíocht voltais agus minicíochta a áirithiú, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar chobhsaíocht an ghréasáin leictreachais Eorpaigh faoi na coinníollacha athraitheacha atá ann, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an méid roghanna solúbthachta, amhail stóráil fuinnimh inbhuanaithe, agus ar an méid leictreachais in-athnuaite a úsáidtear. Ba cheart tosaíocht ar leith a thabhairt d’iarrachtaí chun leibhéal sásúil táirgthe fuinnimh ísealcharbóin pleanáilte a choinneáil agus a áirithiú, chun slándáil an tsoláthair a áirithiú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

(29)

I ndiaidh dlúthchomhairliúcháin leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ar fad, shainaithin an Coimisiún 14 thosaíocht straitéiseacha maidir le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, a bhfuil a gcur chun feidhme bunriachtanach chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050 a bhaint amach. Cumhdaíonn na tosaíochtaí sin réigiúin gheografacha nó réimsí téamacha éagsúla i réimsí tharchur agus stóráil an leictreachais, na n-eangach amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, tharchur agus stóráil na hidrigine, na leictrealóirí, na n-eangach cliste gáis, na n-eangach cliste leictreachais, agus iompar agus stóráil na dé-ocsaíde carbóin.

(30)

Ba cheart do thionscadail leasa choitinn critéir choiteanna, thrédhearcacha agus oibiachtúla a chomhlíonadh i bhfianaise a rannchuidithe leis na cuspóirí beartais fuinnimh. Chun go mbeadh siad incháilithe lena n-áireamh ar na liostaí Aontais, ba cheart do thionscadail leictreachais agus hidrigine a bheith sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil. Ó tharla nach gcumhdaítear bonneagar hidrigine sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais faoi láthair, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir le tionscadail hidrigine ach ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh chun críocha an dara liosta Aontais a bhunófar suas de bhun an Rialacháin seo.

(31)

Ba cheart grúpaí réigiúnacha a bhunú chun tionscadail leasa choitinn a mholadh agus a athbhreithniú, agus a mbeadh bunú liostaí réigiúnacha de thionscadail leasa choitinn mar thoradh orthu. Chun comhaontú leathan a áirithiú, ba cheart do na grúpaí réigiúnacha sin dlúthchomhar a áirithiú idir Ballstáit, údaráis rialála náisiúnta, tionscnóirí tionscadail agus geallsealbhóirí ábhartha. I gcomhthéacs an chomhair sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta comhairle a chur ar na grúpaí réigiúnacha más gá, inter alia, maidir le féidearthacht na ngnéithe rialála de thionscadail bheartaithe agus maidir le féidearthacht an tráthchláir bheartaithe i gcomhair formheas rialála.

(32)

Chun éifeachtúlacht an phróisis a mhéadú, ba cheart comhar idir na grúpaí réigiúnacha a neartú agus a spreagadh tuilleadh. Is gá go mbeadh ról tábhachtach ag an gCoimisiún maidir leis an gcomhar sin a éascú d’fhonn dul i ngleic leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail ar ghrúpaí réigiúnacha eile.

(33)

Ba cheart liosta nua de chuid an Aontais a bhunú gach 2 bhliain. Tionscadail leasa choitinn atá tugtha chun críche nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir agus na ceanglais ábhartha faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo, níor cheart iad a bheith ar liosta an Aontais ina dhiaidh sin. Ar an gcúis sin, maidir le tionscadail leasa choitinn atá ann cheana agus atá le cur san áireamh i liosta an Aontais ina dhiaidh sin, ba cheart iad a bheith faoi réir an phróisis roghnúcháin lena mbunaítear na liostaí réigiúnacha agus liosta an Aontais, an próiseas céanna a bhfuil tionscadail bheartaithe faoina réir. Mar sin féin, ba cheart an t-ualach riaracháin a laghdú a mhéid is féidir, mar shampla trí úsáid a bhaint as faisnéis a tíolacadh roimhe sin agus trí aird a thabhairt ar thuarascálacha bliantúla na dtionscnóirí tionscadail. Chuige sin, na tionscadail leasa choitinn atá ann faoi láthair agus a bhfuil dul chun cinn suntasach déanta acu, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint, sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, as próiseas cuíchóirithe maidir lena gcur san áireamh.

(34)

Ba cheart tionscadail leasa choitinn a chur chun feidhme chomh tapa agus is féidir agus ba cheart dlúthfhaireachán agus dlúthmheastóireacht a dhéanamh orthu, agus ag an am céanna aird chuí a thabhairt ar na ceanglais maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus reachtaíocht chomhshaoil, agus an t-ualach riaracháin i leith tionscnóirí tionscadail á choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ba cheart don Choimisiún comhordaitheoirí Eorpacha a ainmniú le haghaidh tionscadail a bhfuil deacrachtaí nó moilleanna ar leith ag baint leo. An dul chun cinn atá déanta ó thaobh cur chun feidhme tionscadal ar leith mar aon le comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis an Rialachán seo, ba cheart aird a thabhairt orthu sa phróiseas roghnúcháin le haghaidh liostaí Aontais ina dhiaidh sin do na tionscadail sin.

(35)

Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, níor cheart ualaí riaracháin atá ar neamhréir le méid nó le castacht tionscadail ná bacainní ar fhorbairt na ngréasán tras-Eorpach agus ar rochtain ar an margadh a bheith mar thoradh air.

(36)

Ba cheart pleanáil agus cur chun feidhme thionscadail leasa choitinn an Aontais i réimsí an bhonneagair fuinnimh, iompair agus teileachumarsáide a chomhordú chun sineirgí a chruthú i gcás inarb indéanta é sin a dhéanamh ó thaobh na pleanála foriomláine eacnamaíche, teicniúla, comhshaoil, aeráide nó spásúla de agus le haird chuí á tabhairt ar na gnéithe ábhartha sábháilteachta. Mar sin, nuair atá gréasáin éagsúla Eorpacha á bpleanáil, ba cheart go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do ghréasáin iompair, chumarsáide agus fuinnimh a chomhtháthú chun a áirithiú gurb é an méid is lú is féidir de thalamh a chumhdófar. Tá gá le fís chomhchoiteann maidir leis na gréasáin chun an córas fuinnimh a chomhtháthú sna hearnálacha éagsúla, á áirithiú san am céanna, i gcás inar féidir, go mbainfear athúsáid as bealaí atá ann cheana nó bealaí nach bhfuil in úsáid a thuilleadh chun aon drochthionchar sóisialta, eacnamaíoch, comhshaoil agus airgeadais a laghdú a mhéid is féidir.

(37)

Ba cheart stádas tosaíochta ar an leibhéal náisiúnta a thabhairt do thionscadail leasa choitinn chun cóireáil mhear riaracháin agus cóireáil phráinneach a áirithiú i ngach nós imeachta breithiúnach nó réitithe díospóide a bhaineann leo. Ba cheart d’údaráis inniúla iad a mheas a bheith ar mhaithe le leas an phobail. Ar chúiseanna leasa phoiblí sháraithigh, ba cheart tionscadail a bhfuil drochthionchar acu ar an gcomhshaol a údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus i dTreoir 92/43/CEE ón gComhairle (18).

(38)

Tá sé buntábhachtach go ndéanfaí faisnéis a sholáthar do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, agus go rachfaí i gcomhairle leo, chun rath na dtionscadal a áirithiú agus chun srian a chur le hagóidí ina gcoinne.

(39)

Chun castacht a laghdú, éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú agus cuidiú leis an gcomhar idir na Ballstáit a fheabhsú, ba cheart údarás inniúil nó údaráis inniúla a bheith ann chun comhtháthú nó comhordú a dhéanamh ar na próisis deonaithe ceadanna uile.

(40)

Chun an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh eangacha amach ón gcósta don fhuinneamh in-athnuaite a dhéanamh níos simplí agus a bhrostú, ba cheart pointí teagmhála uathúla a ainmniú do thionscadail trasteorann amach ón gcósta atá ar liosta an Aontais, rud a laghdóidh an t-ualú riaracháin ar fhorbróirí tionscadail. Leis na pointí teagmhála uathúla, ba cheart castacht a laghdú, éifeachtúlacht a mhéadú agus dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh sócmhainní tarchurtha amach ón gcósta a bhíonn trasna a lán dlínsí go minic.

(41)

D’ainneoin go bhfuil caighdeáin sheanbhunaithe ann lena n-áirithítear rannpháirtíocht an phobail i nósanna imeachta cinnteoireachta maidir leis an gcomhshaol, caighdeáin a bhfuil feidhm iomlán acu maidir le tionscadail leasa choitinn, tá gá fós le bearta breise faoin Rialachán seo chun na caighdeáin trédhearcachta agus rannpháirtíochta poiblí is fearr is féidir a áirithiú maidir leis na saincheisteanna ábhartha uile sa phróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail leasa choitinn. I gcás ina bhfuil sé cumhdaithe cheana féin faoi na rialacha náisiúnta leis na caighdeáin chéanna agus atá sa Rialachán seo nó le caighdeáin níos airde ná mar atá sa Rialachán seo, ba cheart an réamhchomhairliúchán a dhéantar roimh an nós imeachta a bhaineann le ceadanna a dhéanamh roghnach agus ba cheart ceanglais dlí dhúbailte a sheachaint leis.

(42)

Le cur chun feidhme ceart comhordaithe Threoracha 2001/42/CE (19) agus 2011/92/AE (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, i gcás inarb infheidhme, Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (21), arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 (‘Coinbhinsiún Aarhus’), agus an Choinbhinsiúin maidir le measúnú tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann (22), arna shíniú in Espoo an 25 Feabhra 1991 (‘Coinbhinsiún Espoo’), ba cheart comhchuibhiú na bpríomhphrionsabal maidir le measúnú ar éifeachtaí comhshaoil agus aeráide a áirithiú, lena n-áirítear i gcomhthéacs trasteorann. Tá treoir eisithe ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit agus bearta leordhóthanacha reachtacha agus neamhreachtacha á sainiú acu chun na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil le haghaidh bonneagar fuinnimh a chuíchóiriú agus chun cur i bhfeidhm comhleanúnach na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais le haghaidh tionscadail leasa choitinn a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a measúnuithe maidir le tionscadail leasa choitinn a chomhordú agus foráil a dhéanamh maidir le measúnuithe comhpháirteacha, más féidir. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun dea-chleachtas agus fothú acmhainneachta riaracháin a mhalartú eatarthu féin sna próisis deonaithe ceadanna.

(43)

Tá sé tábhachtach an próiseas deonaithe ceadanna a chuíchóiriú agus a fheabhsú, agus urraim á tabhairt, a mhéid is féidir agus le haird chuí ar phrionsabal na coimhdeachta, d’inniúlachtaí agus nósanna imeachta náisiúnta le haghaidh bonneagar nua fuinnimh a thógáil. I bhfianaise a phráinní agus atá sé bonneagair fuinnimh a fhorbairt, nuair a dhéantar simpliú ar an bpróiseas deonaithe ceadanna, ba cheart teorainn ama shoiléir a shocrú do na húdaráis ábhartha maidir le cinneadh a dhéanamh i leith thógáil an tionscadail. Leis an teorainn ama sin, ba cheart sainiú agus láimhseáil níos éifeachtúla na nósanna imeachta a spreagadh, agus níor cheart, in imthosca ar bith, an bonn a bhaint de na hardchaighdeáin maidir le cosaint an chomhshaoil i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhshaoil agus le rannpháirtíocht an phobail. Ba cheart uasteorainneacha ama a bhunú leis an Rialachán seo. Is féidir leis na Ballstáit, áfach, iarracht a dhéanamh teorainneacha ama níos giorra a bhaint amach i gcás inarb indéanta agus, go háirithe, a mhéid a bhaineann le tionscadail amhail eangacha cliste, nach gá go mbeadh próiseas a bhaineann le ceadanna ag baint leo atá chomh casta leis an gceann le haghaidh bonneagar tarchurtha. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith freagrach as comhlíonadh na dteorainneacha ama a áirithiú.

(44)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cinntí a chur san áireamh i gcinntí cuimsitheacha, ar cinntí iad a rinneadh i gcomhthéacs caibidlíochta le húinéirí talún aonair maidir le rochtain, úinéireacht nó ceart áitithe a dheonú i gcás maoine i gcomhthéacs pleanáil spásúil, lena gcinntear úsáid ghinearálta talún i réigiún sainithe, lena n-áirítear forbairtí eile amhail mórbhealaí, iarnróid, foirgnimh agus limistéir faoi chosaint fiadhúlra, agus ar pleanáil í nach ndearnadh chun críoch shonrach an tionscadail phleanáilte agus chun ceadanna oibríochtúla a dheonú. I gcomhthéacs an phróisis um dheonú ceadanna, ba cheart gurbh fhéidir le bonneagar gaolmhar a bheith mar chuid de thionscadal leasa choitinn a mhéid a bhfuil sé sin riachtanach do thógáil nó d’fheidhmiú an tionscadail. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, agus go háirithe ag na forálacha maidir le ceadanna a dheonú, le rannpháirtíocht phoiblí agus le tionscadail leasa choitinn a chur chun feidhme, gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus forálacha arna nglacadh faoin gComhbheartas Iascaigh agus an Beartas Muirí Comhtháite, go háirithe Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(45)

Ba cheart, i gcoitinne, gurb iad úsáideoirí an bhonneagair a sheasfadh costais iomlána thógáil, oibriú agus chothabháil na dtionscadal leasa choitinn. Le leithdháileadh na gcostas, ba cheart a áirithiú nach gcuirfear ualach díréireach ar úsáideoirí deiridh, go háirithe dá mba rud é go bhféadfadh bochtaineacht fuinnimh teacht as an méid sin. Ba cheart do thionscadail leasa choitinn a bheith incháilithe do leithdháileadh costas trasteorann i gcás ina léiríonn measúnú ar éileamh an mhargaidh nó ar na héifeachtaí ionchasacha ar tharaifí nach féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh na taraifí a íocfaidh úsáideoirí an bhonneagair na costais a aisghnóthú.

(46)

Ba cheart an plé maidir le leithdháileadh iomchuí costas a bhunú ar anailís ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le tionscadal bonneagair, anailís a dhéanfar ar bhonn modheolaíochta comhchuibhithe chun anailís uile-chórais a dhéanamh ar fhuinneamh, agus na cásanna ábhartha uile á n-úsáid a bhunaítear faoi chuimsiú na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais arna n-ullmhú de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009 agus (AE) 2019/943, ar measúnú é a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú air, agus cásanna breise maidir le pleanáil chun gréasáin a fhorbairt, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le beartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. San anailís sin, is féidir aird a thabhairt ar tháscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha le haghaidh comparáid a dhéanamh ar na costais aonaid infheistíochta. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, ba cheart iad sin a bheith comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus ba cheart iad a bheith faoi réir próiseas cuimsitheach comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe.

(47)

I margadh inmheánach fuinnimh atá ag éirí níos comhtháite, tá gá le rialacha soiléire trédhearcacha maidir le leithdháileadh costas thar theorainneacha chun dlús a chur le hinfheistíocht i mbonneagar trasteorann agus i dtionscadail a bhfuil tionchar trasteorann acu. Tá sé bunriachtanach creat maoiniúcháin cobhsaí a áirithiú le haghaidh forbairt tionscadal leasa choitinn agus, san am céanna, laghdú a dhéanamh a oiread is féidir ar an ngá atá le tacaíocht airgeadais, agus ag an am céanna infheisteoirí leasmhara a spreagadh, le dreasachtaí agus sásraí airgeadais iomchuí. Agus an leithdháileadh costas trasteorann á chinneadh acu, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta costais infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil a leithdháileadh, de réir mar is ábhartha i bhfianaise a gcineálacha cur chuige náisiúnta agus a modheolaíochtaí náisiúnta le haghaidh bonneagar comhchosúil, thar theorainneacha agus go huile agus go hiomlán, agus iad a chur san áireamh sna taraifí náisiúnta, agus, ina dhiaidh sin, más ábhartha, ba cheart dóibh a chinneadh an bhféadfadh a dtionchar ar tharaifí náisiúnta a bheith ina ualach díréireach ar thomhaltóirí ina mBallstáit faoi seach. An baol go mbeadh tacaíocht dhúbailte ann do thionscadail, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta an baol sin a sheachaint trí na muirir agus na hioncaim, idir iarbhír agus mheasta, a chur san áireamh. Níor cheart na muirir agus na hioncaim sin a chur san áireamh ach amháin a mhéid a bhaineann siad leis na tionscadail agus a mhéid atá siad ceaptha chun na costais lena mbaineann a chumhdach.

(48)

Tá gá le tionscadail trasearnála a bhfuil dea-thionchar acu ar eangach chumhachta an Aontais, amhail eangacha cliste leictreachais nó leictrealóirí, gan comhtheorainn chrua a bheith i gceist.

(49)

Ceanglaítear leis an reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh go bhforáiltear le taraifí le haghaidh rochtain ar na gréasáin do dhreasachtaí iomchuí chun infheistíocht a dhéanamh. Mar sin féin, is dócha go mbeadh costais sheachtracha ag baint le roinnt tionscadal leasa choitinn de chineálacha éagsúla, agus d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí iad a chumhdach ná a chúiteamh go hiomlán tríd an ngnáthchóras taraifí. Agus an reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh á cur i bhfeidhm acu, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta creat rialála agus airgeadais atá cobhsaí agus intuartha a áirithiú le dreasachtaí le haghaidh tionscadail leasa choitinn, lena n-áirítear dreasachtaí fadtéarmacha, atá i gcomhréir le leibhéal riosca shonraigh an tionscadail. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcreat sin go háirithe maidir le tionscadail trasteorann, teicneolaíochtaí tarchurtha nuálacha le haghaidh leictreachais lena gcumasaítear comhtháthú mórscála an fhuinnimh in-athnuaite, comhtháthú na n-acmhainní fuinnimh leithdháilte nó comhtháthú na freagartha ar an éileamh i ngréasáin idirnasctha, agus tionscadail na teicneolaíochta fuinnimh agus digitithe, tionscadail ar dócha go mbeadh rioscaí níos airde ag baint leo, nó a bhféadfadh tairbhí níos airde don Aontas teacht astu, i gcomparáid le tionscadail den chineál céanna atá lonnaithe laistigh de Bhallstát amháin. Thairis sin, ba cheart rochtain ar dhreasachtaí iomchuí le haghaidh infheistíochta a bheith ag baint le tionscadail a bhfuil costais oibríochtúla airde acu. Go háirithe, i gcás na n-eangach amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, eangacha défheidhmiúla ar idirnascairí leictreachais iad mar aon le nasc le haghaidh tionscadail amach ón gcósta chun an fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint, is dócha go mbeadh rioscaí níos airde ag baint leo ná mar a bhaidh ag baint le tionscadail bhonneagair ar tír den chineál céanna, de bharr an cheangail intrigh atá acu le sócmhainní giniúna, rud a bhfuil rioscaí rialála agus airgeadais ag baint leis, amhail an gá atá ann le hinfheistíochtaí oircheallacha, mar aon le rioscaí margaidh agus rioscaí a bhaineann le húsáid na dteicneolaíochtaí nua nuálacha.

(50)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le deonú ceadanna le haghaidh tionscadail leasa choitinn, le rannpháirtíocht an phobail sna tionscadail sin agus lena láimhseáil rialála. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann forálacha náisiúnta a ghlacadh chun na rialacha céanna nó rialacha comhchosúla a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail eile nach bhfuil stádas tionscadail leasa choitinn acu de réir raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir leis na dreasachtaí rialála, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann forálacha náisiúnta a ghlacadh chun na rialacha céanna nó rialacha comhchosúla a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail leasa choitinn a thagann faoi chatagóir na stórála leictreachais.

(51)

Na Ballstáit nach leagann faoi láthair an suntas náisiúnta is airde is féidir ar thionscadail bhonneagair fuinnimh i gcomhthéacs an phróisis deonaithe ceadanna, ba cheart iad a spreagadh le féachaint ar stádas den chineál sin a thabhairt isteach, go háirithe trí mheastóireacht a dhéanamh an rud é sin a chuirfeadh dlús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.

(52)

Na Ballstáit nach bhfuil nósanna imeachta breithiúnacha atá brostaithe nó práinneach i bhfeidhm acu faoi láthair, nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le tionscadail bonneagair fuinnimh, ba cheart iad a spreagadh le féachaint ar nósanna imeachta den chineál sin a thabhairt isteach, go háirithe trí mheastóireacht a dhéanamh an rud é sin a chuirfeadh dlús le cur chun feidhme na dtionscadal sin.

(53)

Léiríonn Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 an breisluach a bhaineann le cistiú príobháideach a ghiaráil trí chabhair shuntasach airgeadais ón Aontas, d’fhonn an deis a chruthú do chur chun feidhme na dtionscadal sin a bhfuil tábhacht leo ar leibhéal na hEorpa. I bhfianaise na staide eacnamaíche agus airgeadais, agus srianta buiséadacha, ba cheart leanúint den tacaíocht spriocdhírithe, trí bhíthin deontas agus ionstraimí airgeadais, faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, chun na tairbhí do shaoránaigh an Aontais a uasmhéadú agus chun infheisteoirí nua a mhealladh chun infheistíocht a dhéanamh sna conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ranníocaíocht bhuiséadach an Aontais á coinneáil chomh híseal agus is féidir san am céanna.

(54)

Ba cheart tionscadail leasa choitinn a bheith incháilithe do chúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh staidéir agus, faoi choinníollacha áirithe, le haghaidh oibreacha de bhun Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) i bhfoirm deontas nó i bhfoirm ionstraimí airgeadais nuálacha chun a áirithiú gur féidir tacaíocht shaincheaptha a thabhairt do na tionscadail leasa choitinn sin nach bhfuil inmharthana faoin gcreat rialála agus faoi na dálaí margaidh atá ann faoi láthair. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí aon saobhadh ar iomaíochas a sheachaint, go háirithe idir tionscadail arb é is aidhm dóibh an chonaire tosaíochta chéanna de chuid an Aontais a bhaint amach. Ba cheart go n-áiritheoidh an cúnamh airgeadais sin na sineirgí is gá leis na Cistí Struchtúrtha, d’fhonn gréasáin chliste le haghaidh dáileachán fuinnimh a mhaoiniú, agus le sásra maoiniúcháin an Aontais um fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún (25), de bhun Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

Ba cheart loighic trí chéim a chur i bhfeidhm maidir le hinfheistíochtaí i dtionscadail leasa choitinn. Sa chéad dul síos, ba cheart an tosaíocht a bheith ag an margadh chun infheistíocht a dhéanamh. Sa dara dul síos, mura ndéanann an margadh infheistíochtaí, ba cheart réitigh rialála a lorg, agus ba cheart an creat rialála ábhartha a choigeartú más gá, agus feidhmiú iomchuí an chreata rialála ábhartha a áirithiú. Sa tríú dul síos, i gcás nach leor an chéad dá chéim chun na hinfheistíochtaí atá ag teastáil ó thionscadail leasa choitinn a bhaint amach, ba cheart é a bheith indéanta cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú i gcás ina gcomhlíonann an tionscadal leasa choitinn na critéir incháilitheachta is infheidhme. D’fhéadfaí tionscadail leasa choitinn a bheith incháilithe faoin gclár InvestEU freisin, rud atá comhlántach le maoiniú deontais.

(55)

Ba cheart don Aontas tionscadail fuinnimh a éascú i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste, nach bhfuil nasctha chomh maith céanna le réigiúin eile, i réigiúin fhorimeallacha nó i réigiúin iargúlta chun rochtain ar na gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha a chumasú chun dlús a chur leis an bpróiseas dícharbónaithe agus chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

(56)

I gcás nach bhfuil aon oibreoir córais tarchurtha (OCT) i mBallstát, beidh feidhm mutatis mutandis maidir le hoibreoirí córais dáileacháin (OCD) ag na tagairtí sa Rialachán seo do OCT.

(57)

Ba cheart deontais le haghaidh oibreacha a bhaineann le tionscadail chomhleasa a bheith ar fáil faoi na coinníollacha céanna atá ann le haghaidh catagóirí eile i gcás ina rannchuidíonn siad le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais agus i gcás ina bhfuil cuspóirí dícharbónaithe an tríú tír ag teacht le Comhaontú Pháras.

(58)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 (27), agus (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944 a leasú dá réir.

(59)

De bhrí gurb é is aidhm le hathrú cuspóra bhonneagar an gháis nádúrtha ná na gréasáin gháis a dhícharbónú, rud lena gceadófaí úsáid thiomnaithe hidrigine íne, d’fhéadfaí, le hidirthréimse, cumasc réamhshainithe hidrigine le gás nádúrtha nó bithmheatán a iompar nó a stóráil. D’fhéadfaí cumasc hidrigine le gás nádúrtha nó le bithmheatán a úsáid chun an acmhainneacht táirgthe hidrigine a uas-scálú agus chun iompar hidrigine a éascú. Chun an t-aistriú chuig hidrigin a áirithiú, ba cheart don tionscnóir tionscadail a léiriú, lena n-áirítear trí chonarthaí tráchtála, conas a dhéanfar sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin de na sócmhainní gáis nádúrtha faoi dheireadh na hidirthréimhse agus conas a chuirfear feabhas ar úsáid hidrigine le linn na hidirthréimhse. I gcomhthéacs an chleachtaidh faireacháin, ba cheart don Ghníomhaireacht an t-aistriú tráthúil den tionscadal chuig sócmhainn atá tiomnaithe don hidrigin a fhíorú. Ba cheart aon mhaoiniú a dhéantar ar na tionscadail sin de bhun Rialachán (AE) 2021/1153 le linn na hidirthréimhse a bheith faoi réir coinníll sa chomhaontú deontais go ndéanfaí an maoiniú a aisíoc i gcás ina gcuirfí moill ar aistriú tráthúil an tionscadail chuig sócmhainn atá tiomnaithe don hidrigin, agus faoi réir forálacha leordhóthanacha lena gceadaítear an coinníoll sin a fhorfheidhmiú.

(60)

I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011 nár cheart d’aon Bhallstát leanúint de bheith scoite amach ó ghréasáin gháis agus leictreachais na hEorpa tar éis 2015 nó go gcuirfí a shlándáil fuinnimh i mbaol de dheasca easpa nasc iomchuí, tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo rochtain ar na gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha a áirithiú trí dheireadh a chur le leithlisiú fuinnimh na Cipire agus Mhálta, nach bhfuil idirnasctha fós leis an ngréasán gáis tras-Eorpach. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach trí chead a thabhairt do thionscadail atá á bhforbairt nó á bpleanáil ar tugadh stádas tionscadail leasa choitinn dóibh faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 a stádas a choinneáil go dtí go mbeidh an Chipir agus Málta idirnasctha leis an ngréasán gáis tras-Eorpach. Seachas rannchuidiú le forbairt an mhargaidh fuinnimh in-athnuaite, solúbthacht agus athléimneacht an chórais fuinnimh, agus slándáil an tsoláthair, leis na tionscadail sin, áiritheofar go mbeidh rochtain ar mhargaí fuinnimh amach anseo, lena n-áirítear hidrigin, agus rannchuideofar le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach.

(61)

Níor cheart tionscadail leasa choitinn a bheith incháilithe do chúnamh airgeadais ón Aontas i gcás ina bhfuil na tionscnóirí tionscadail, na hoibreoirí nó na hinfheisteoirí i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), amhail i gcásanna ina gciontaítear i gcalaois, éilliú nó iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil. Ba cheart gur féidir tionscadal leasa choitinn a bhaint de liosta an Aontais más rud é gur áiríodh ar an liosta sin é bunaithe ar fhaisnéis mhícheart ar thoisc chinntitheach í lena áireamh, nó mura gcomhlíontar dlí an Aontais leis an tionscadal sin. I gcás tionscadal leasa choitinn atá lonnaithe sna Ballstáit a thairbhíonn de mhaolú faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit sin a áirithiú, agus iad ag tacú le haon iarratais ar mhaoiniú de bhun Rialachán (AE) 2021/1153 do thionscadail den sórt sin, nach rachaidh na tionscadail chun tairbhe daoine ná eintiteas, go díreach nó go hindíreach, atá i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(62)

Chun forbairt thráthúil tionscadal bonneagair fuinnimh riachtanach don Aontas a áirithiú, ba cheart don chúigiú liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn leanúint d’fheidhm a bheith aige go dtí go dtiocfaidh an chéad liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa arna bhunú de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm. Thairis sin, ionas gur féidir tionscadail leasa choitinn ar an gcúigiú liosta de chuid an Aontais a fhorbairt, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a mhaoiniú, ba cheart d’fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 leanúint d’fheidhm a bheith acu agus ba cheart éifeacht a bheith acu go dtí go dtiocfaidh an chéad liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa arna bhunú de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm.

(63)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 a aisghairm.

(64)

Chun a áirithiú go mbeidh liosta an Aontais teoranta do na tionscadail ar mó a rannchuidiú le cur chun feidhme na gconairí agus réimsí tosaíochta straitéiseacha maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun liosta an Aontais a bhunú agus a athbhreithniú, agus ceart na mBallstát chun tionscadail ar liosta an Aontais a bhaineann lena gcríocha a fhormheas á urramú ag an am céanna. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (29). Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I gcás ina measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gur gá sin, féadfaidh siad araon saineolaithe a chur chuig cruinnithe shainghrúpaí an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe chuig a mbeidh cuireadh faighte ag saineolaithe ó na Ballstáit.

Tá an plé sna grúpaí réigiúnacha ríthábhachtach chun go nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe lena mbunaítear liostaí an Aontais. Dá bhrí sin, is iomchuí, a mhéid is féidir agus is comhoiriúnach le creat an Rialacháin seo, go gcuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon chruinniú de chuid na ngrúpaí réigiúnacha agus go bhféadfaidh siad saineolaithe a chur chuig na cruinnithe sin i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Agus an gá atá le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú á chur san áireamh agus i bhfianaise líon na dtionscadal atá ar liostaí de chuid an Aontais go dtí seo, ba cheart líon iomlán na dtionscadal ar liosta an Aontais a bheith fós inláimhsithe agus, dá bhrí sin, níor cheart líon mórán níos mó ná 220 a bheith ann.

(65)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon forbairt agus idir-inoibritheacht na ngréasán fuinnimh tras-Eorpach agus nascadh leis na gréasáin sin a rannchuidíonn le maolú ar an athrú aeráide a áirithiú, go háirithe spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus a chuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus le hidirnaisc, slándáil fuinnimh, comhtháthú margaidh agus córais, iomaíocht a théann chun tairbhe na mBallstát ar fad agus praghsanna inacmhainne fuinnimh a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar, cuspóirí agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos treoirlínte maidir le forbairt thráthúil agus idir-inoibritheacht thráthúil na gconairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh (conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a rannchuidíonn le maolú ar an athrú aeráide a áirithiú, go háirithe spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus a chuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus le hidirnaisc, slándáil fuinnimh, comhtháthú margaidh agus córais agus iomaíocht a théann chun tairbhe na mBallstát ar fad agus praghsanna inacmhainne fuinnimh a áirithiú.

2.   Go háirithe, déantar na nithe seo a leanas leis an Rialachán seo:

(a)

déantar foráil maidir le sainaithint tionscadal ar liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa arna bhunú de bhun Airteagal 3 (liosta an Aontais);

(b)

éascaítear cur chun feidhme tráthúil tionscadal ar liosta an Aontais trí na próisis deonaithe ceadanna a chuíchóiriú, a chomhordú níos dlúithe agus a bhrostú, agus trí thrédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí a fheabhsú;

(c)

cuirtear rialacha ar fáil maidir le leithdháileadh trasteorann costas agus maidir le dreasachtaí a bhaineann le riosca do thionscadail ar liosta an Aontais;

(d)

cinntear na coinníollacha faoina mbeidh tionscadail ar liosta an Aontais incháilithe chun cúnamh airgeadais ón Aontas a fháil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe i Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2018/1999, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus i dTreoracha 2009/73/CE, (AE) 2018/2001 (30) agus (AE) 2019/944, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘bonneagar fuinnimh’ aon trealamh fisiceach nó saoráid fhisiceach a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh agus atá lonnaithe san Aontas, nó a nascann an tAontas le tríú tír amháin nó níos mó;

(2)

ciallaíonn ‘scrogaill bonneagair fuinnimh’ srianadh ar shreafaí fisiceacha i gcóras fuinnimh mar gheall ar acmhainneacht neamhleor tarchurtha, lena n-áirítear inter alia easpa bonneagair;

(3)

ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an cinneadh nó an tsraith cinntí a ghlacann údarás Ballstáit nó údaráis Bhallstáit, gan cúirteanna ná binsí a chur san áireamh, lena gcinntear cibé acu a údaraítear nó nach n-údaraítear do thionscnóir tionscadail bonneagar fuinnimh a thógáil chun tionscadal leasa choitinn nó tionscadal comhleasa a bhaint amach trína bheith ábalta tús a chur leis na hoibreacha tógála nó iad a sholáthar agus tús a chur leo (céim ‘réidh le tógáil’) gan dochar d’aon chinneadh arna nglacadh i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;

(4)

ciallaíonn ‘tionscadal’ ceann amháin nó níos mó de línte, de phíblínte, de shaoráidí, de threalamh nó de shuiteálacha a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(5)

ciallaíonn ‘tionscadal leasa choitinn’ tionscadal a bhfuil gá leis chun na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme agus atá ar liosta an Aontais;

(6)

ciallaíonn ‘tionscadal comhleasa’ tionscadal a chuireann an tAontas chun cinn i gcomhar le tríú tíortha de bhun litreacha tacaíochta ó rialtais na dtíortha a ndéantar difear dóibh go díreach nó de bhun comhaontuithe neamhcheangailteacha eile, a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(a) nó (f), pointe 3(a), nó pointe 5(a) nó (c) d’Iarscríbhinn II, a rannchuidíonn le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus atá ar liosta an Aontais;

(7)

ciallaíonn ‘tionscadail iomaíocha’ tionscadail lena dtugtar aghaidh, go hiomlán nó i bpáirt, ar an mbearna chéanna a aithnítear sa bhonneagar nó ar an riachtanas bonneagair réigiúnach céanna;

(8)

ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ ceann díobh seo a leanas:

(a)

oibreoir córais tarchurtha (OCT), oibreoir córais dáileacháin (OCD) nó oibreoir nó infheisteoir eile a fhorbraíonn tionscadal atá ar liosta an Aontais;

(b)

i gcás inarb ann do níos mó ná OCT amháin den sórt sin, OCD amháin den sórt sin, oibreoir eile amháin den sórt sin nó infheisteoir eile amháin den sórt sin, nó aon ghrúpa díobh sin, an t-eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme a ndearnadh é a ainmniú trí shocrú conarthach eatarthu agus a bhfuil sé d’acmhainneacht aige oibleagáidí dlíthiúla a ghabháil air féin agus dliteanas airgeadais a glacadh chuige thar ceann na bpáirtithe sa socrú conarthach;

(9)

ciallaíonn ‘eangach chliste leictreachais’ gréasán leictreachais, lena n-áirítear ar oileáin nach bhfuil idirnasctha leis na gréasáin fuinnimh tras-Eorpacha, nó nach bhfuil nasctha go leordhóthanach leo, a chumasaíonn comhtháthú ar bhealach costéifeachtach agus rialú gníomhach ar iompar agus gníomaíochtaí gach úsáideora atá nasctha leis, lena n-áirítear gineadóirí, tomhaltóirí agus táirgeoirí is tomhaltóirí, chun córas cumhachta inbhuanaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a áirithiú ag a bhfuil caillteanais ísle agus ardleibhéil comhtháthaithe foinsí in-athnuaite, slándála soláthair agus sabháilteacha, agus ar gréasán é inar féidir le hoibreoir na heangaí faireachán a dhéanamh go digiteach ar ghníomhaíochtaí na n-úsáideoirí atá nasctha leis, agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun cumarsáid a dhéanamh le hoibreoirí eangaí, gineadóirí, saoráidí stórála fuinnimh agus tomhaltóirí nó táirgeoirí is tomhaltóirí atá nasctha leis, d’fhonn leictreachas a tharchur agus a dháileadh ar bhealach inbhuanaithe, costéifeachtach agus slán;

(10)

ciallaíonn ‘eangach chliste gháis’ gréasán gáis a bhaineann úsáid as réitigh dhigiteacha agus nuálacha chun iolrachas foinsí gáis ísealcharbóin agus foinsí gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú ar bhealach costéifeachtach i gcomhréir le riachtanais tomhaltóirí agus ceanglais cháilíochta gáis chun lorg carbóin an ídithe gáis ghaolmhair a laghdú, sciar méadaithe de gháis in-athnuaite ísealcharbóin a éascú, agus naisc le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile a chruthú, lena n-áirítear na huasghráduithe fisiceacha gaolmhara má tá siad fíor-riachtanach d’fheidhmiú an trealaimh agus na suiteálacha chun gáis ísealcharbóin agus gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú;

(11)

ciallaíonn ‘údarás lena mbaineann’ údarás atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, ceadanna agus údaruithe éagsúla a eisiúint a bhaineann le pleanáil, dearadh agus tógáil sócmhainní dochorraithe, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh;

(12)

ciallaíonn ‘údarás rialála náisiúnta’ údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE nó údarás rialála ar an leibhéal náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir (AE) 2019/944;

(13)

ciallaíonn ‘údaráis rialála náisiúnta ábhartha’ an t-údaráis rialála náisiúnta sna Ballstáit a bhfuil na tionscadail á n-óstáil acu agus i mBallstáit ar a bhfuil tionchar dearfach suntasach ag an tionscadal;

(14)

ciallaíonn ‘oibreacha’ ceannach, soláthar agus úsáid comhpháirteanna, córas agus seirbhísí lena n-áirítear bogearraí, cur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha, athraithe cuspóra, tógála agus suiteála a bhaineann le tionscadal, glacadh le suiteálacha agus seoladh tionscadail;

(15)

ciallaíonn ‘staidéir’ gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tionscadail a ullmhú, amhail staidéir ullmhúcháin, féidearthachta, mheastóireachta, thástála agus bhailíochtaithe, lena n-áirítear bogearraí, agus aon bheart tacaíochta teicniúla eile lena n-áirítear réamhghníomhaíocht chun tionscadal a shainiú agus a fhorbairt agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail réamhshuirbhéireacht na suíomhanna lena mbaineann agus ullmhú an phacáiste airgeadais;

(16)

ciallaíonn ‘coimisiúnú’ an próiseas a bhaineann le tionscadal a chur i mbun oibríochta ó uair a thógtha;

(17)

ciallaíonn ‘sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin’ bonneagar atá réidh le glacadh le hidirgin íon gan tuilleadh oibreacha oiriúnaithe, lena n-áirítear gréasáin phíblíne nó saoráidí stórála atá nuathógtha, sócmhainní gáis nádúrtha ar athraíodh a gcuspóir chun gréasáin phíblíne nó saoráidí stórála a dhéanamh díobh, nó an dá rud;

(18)

ciallaíonn ‘athrú cuspóra’ bonneagar gáis nádúrtha atá ann cheana a uasghrádú go teicniúil nó a mhodhnú chun a áirithiú go bhfuil sé tiomnaithe le haghaidh úsáid hidrigine íne;

(19)

ciallaíonn ‘oiriúnú don athrú aeráide’ próiseas lena n-áirithítear go mbaintear amach athléimneach an bhonneagair fuinnimh i gcoinne dhrochthionchair fhéideartha an athraithe aeráide trí mheasúnú leochaileachta agus riosca a dhéanamh maidir leis an aeráid, lena n-áirítear trí bhearta ábhartha oiriúnúcháin.

CAIBIDIL II

Tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa

Airteagal 3

Liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa

1.   Bunófar grúpaí réigiúnacha (Grúpaí) i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn III. Beidh comhaltas gach Grúpa bunaithe ar gach conaire agus réimse tosaíochta agus ar chumhdach geografach gach ceann acu sin mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh cumhacht cinnteoireachta sna Grúpaí teoranta do na Ballstáit agus don Choimisiún (comhlacht cinnteoireachta), agus beidh sí bunaithe ar chomhthoil.

2.   Déanfaidh gach Grúpa a chuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh, ag féachaint do na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

3.   Déanfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa liosta réigiúnach de thionscadail, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn III, le rannchuidiú gach tionscadail i dtaobh chur chun feidhme na gconairí agus na réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4 ag na tionscadail sin.

I gcás ina ndéanann Grúpa a liosta réigiúnach a tharraingt suas:

(a)

beidh ar gach togra aonair le haghaidh tionscadail formheas a fháil ó na Ballstáit a bhfuil baint ag an tionscadal lena gcríoch; i gcás nach ndéanann Ballstát togra a fhormheas, cuirfidh sé a chuid cúiseanna réasúnaithe leis sin faoi bhráid an Ghrúpa lena mbaineann;

(b)

cuirfidh sé san áireamh an chomhairle ón gCoimisiún agus é mar aidhm leis sin líon iomlán inláimhsithe tionscadal leasa choitinn a bheith ar liosta an Aontais.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo chun liosta an Aontais a bhunú, faoi réir an dara mír d’Airteagal 172 CFAE.

Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar liosta an Aontais a bhunú gach 2 bhliain ar bhonn na liostaí réigiúnacha a ghlacann comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí arna mbunú de bhun Roinn 1, pointe(1), d’Iarscríbhinn III, agus an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo á leanúint.

Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe lena mbunaítear an chéad liosta de chuid an Aontais de bhun an Rialacháin seo faoin 30 Samhain 2023.

Mura féidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun na míre seo teacht i bhfeidhm mar thoradh ar agóid arna cur in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 20(6), tionólfaidh an Coimisiún na Grúpaí láithreach chun liostaí réigiúnacha nua a tharraingt suas, agus na cúiseanna leis an agóid á gcur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe nua lena mbunaítear liosta an Aontais a luaithe is féidir.

5.   Agus liosta an Aontais á bhunú trí na liostaí réigiúnacha dá dtagraítear i mír 3 a chur le chéile, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, agus aird chuí á tabhairt aige ar phléití na nGrúpaí:

(a)

a áirithiú nach n-áireofar ach na tionscadail a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

comhleanúnachas trasréigiúnach a áirithiú, agus an tuairim ón nGníomhaireacht dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (14), d’Iarscríbhinn III á cur san áireamh;

(c)

na tuairimí ó na Ballstáit dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (10), d’Iarscríbhinn III a chur san áireamh;

(d)

féachaint lena áirithiú go bhfuil líon iomlán inláimhsithe tionscadal leasa choitinn ar liosta an Aontais.

6.   Beidh tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ina gcuid lárnach de na pleananna infheistíochta réigiúnacha ábhartha faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943agus ina gcuid lárnach de na pleananna náisiúnta ábhartha forbartha gréasáin 10 mbliana faoi Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944 agus pleananna bonneagair náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí. Tabharfar an tosaíocht is airde is féidir do na tionscadail leasa choitinn sin laistigh de gach ceann de na pleananna sin. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha, tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil amhail dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III ná maidir le tionscadail chomhleasa.

7.   Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II agus ar tionscadail iomaíocha iad nó ar tionscadail iad nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a sholáthar amhail dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III, féadfar iad a áireamh sna pleananna infheistíochta réigiúnacha ábhartha, sna pleananna náisiúnta forbartha gréasáin 10 mbliana agus i bpleananna náisiúnta bonneagair eile, de réir mar is iomchuí, mar thionscadail atá á mbreithniú.

Airteagal 4

Critéir maidir le measúnú ar thionscadail ag na Grúpaí

1.   Le tionscadal leasa choitinn, chomhlíonfar na critéir ghinearálta seo a leanas:

(a)

tá an tionscadal riachtanach do cheann amháin, ar a laghad, de na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

is mó tairbhí foriomlána féideartha an tionscadail, arna measúnú i gcomhréir leis na critéir ábhartha shonracha i mír 3, ná costais an tionscadail, lena n-áirítear san fhadtéarma;

(c)

comhlíontar aon cheann de na critéir seo a leanas leis an tionscadal:

(i)

baineann sé le dhá Bhallstát ar a laghad trí theorainn dhá Ballstát nó níos mó a thrasnú, go díreach nó go hindíreach, trí idirnasc le tríú tír;

(ii)

tá sé lonnaithe i gcríoch aon Bhallstáit amháin, bíodh sin intíre nó amach ón gcósta, lena n-áirítear oileáin, agus tá tionchar suntasach trasteorann aige mar a leagtar amach i bpointe (1) d’Iarscríbhinn IV.

2.   Le tionscadal comhleasa, comhlíonfar na critéir ghinearálta seo a leanas:

(a)

rannchuidíonn an tionscadal go suntasach leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus le cuspóirí an tríú tír, go háirithe sa chaoi is nach gcuirtear bac ar acmhainneacht an tríú tír chun sócmhainní giniúna breosla iontaise dá hídiú intíre a chéimniú amach, agus le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach agus trí ghiniúint in-athnuaite a tharchur agus a dháileadh chuig mórionaid ídithe agus láithreáin stórála;

(b)

is mó tairbhí foriomlána féideartha an tionscadail ar leibhéal an Aontais, arna measúnú i gcomhréir leis na critéir shonracha ábhartha i mír 3, ná costais an tionscadail laistigh den Aontas, lena n-áirítear san fhadtéarma;

(c)

tá an tionscadal lonnaithe i gcríoch aon Bhallstáit amháin ar a laghad agus i gcríoch tríú tír amháin ar a laghad agus tá tionchar suntasach trasteorann aige mar a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn IV;

(d)

maidir leis an gcuid atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit, tá an tionscadal i gcomhréir le Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944 i gcás ina dtagann sé faoi na catagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1) agus (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(e)

tá ardleibhéal cóineasaithe ann maidir le creat beartais an tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann agus léirítear sásraí forfheidhmiúcháin dlí chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go maith;

(ii)

slándáil an tsoláthair bunaithe, inter alia, ar fhoinsí éagsúla, ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht;

(iii)

córas fuinnimh, lena n-áirítear táirgeadh, tarchur agus dáileadh, ag bogadh i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus sceitheadh carbóin á sheachaint go háirithe;

(f)

tacaíonn an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann le stádas tosaíochta an tionscadail, mar a leagtar amach in Airteagal 7, agus tugann sí nó siad gealltanas go gcomhlíonfaidh sí nó siad amlíne le haghaidh cur chun feidhme brostaithe agus bearta tacaíochta beartais agus rialála eile, ar amlíne í atá comhchosúil leis an amlíne is infheidhme maidir le tionscadail leasa choitinn san Aontas.

Maidir le tionscadail le haghaidh stóráil dé-ocsaíde carbóin a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5)(c) d’Iarscríbhinn II, beidh gá leis an tionscadal chun iompar agus stóráil trasteorann dé-ocsaíde carbóin a cheadú agus beidh creat dlíthiúil leordhóthanach ag an tríú tír ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, ar creat é atá bunaithe ar shásraí forfheidhmiúcháin atá léirithe a bheith éifeachtach chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag caighdeáin agus coimircí maidir leis an tionscadal, lena gcoiscfear aon sceitheadh dé-ocsaíde carbóin, agus a bhaineann leis an aeráid, le sláinte an duine agus le héiceachórais a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus éifeachtacht na stórála buaine dé-ocsaíd charbóin, ar caighdeáin agus coimircí iad atá ag an leibhéal céanna, ar a laghad, leis na cinn dá bhforáiltear le dlí an Aontais.

3.   Beidh feidhm ag na critéir shonracha seo a leanas maidir le tionscadail leasa choitinn a thagann faoi chatagóirí bonneagair fuinnimh sonracha:

(a)

maidir leis na tionscadail tarchurtha, dáileacháin agus stórála leictreachais a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach, agus trí ghiniúint in-athnuaite a tharchur nó a dháileadh chuig mórionaid ídithe agus láithreáin stórála, agus le ciorrú fuinnimh a laghdú, i gcás inarb infheidhme, agus rannchuidítear le ceann amháin ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

comhtháthú margaidh, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le leithlisiú fuinnimh ceann amháin de na Ballstáit ar a laghad agus trí scrogaill bonneagair fuinnimh a laghdú, an iomaíocht, an idir-inoibritheacht agus solúbthacht an chórais;

(ii)

slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht, solúbthacht an chórais, an chibearshlándáil, naisc iomchuí agus oibriú slán iontaofa an chórais;

(b)

maidir le tionscadail eangaí cliste leictreachais a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach, agus rannchuidítear le dhá cheann ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht tarchurtha agus dáilte leictreachais in oibriú an ghréasáin ó lá go lá, tríd an bplódú a sheachaint, agus trí chomhtháthú agus rannpháirtíocht úsáideoirí gréasáin;

(ii)

comhtháthú margaidh, lena n-áirítear tríd an gcóras a oibriú go héifeachtúil agus idirnascairí a úsáid;

(iii)

slándáil gréasáin, solúbthacht agus cáilíocht an tsoláthair, lena n-áirítear trí ghlacadh méadaithe le nuálaíocht sa chothromú, margaí solúbthachta, an chibearshlándáil, faireachán, rialú an chórais agus ceartú earráidí;

(iv)

comhtháthú na hearnála cliste, bíodh sé sa chóras fuinnimh trí iompróirí agus earnálacha éagsúla fuinnimh a nascadh, nó ar bhealach níos leithne, trí thús áite a thabhairt do shineirgí agus do chomhordú idir earnálacha an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide;

(c)

maidir le tionscadail iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú sna suiteálacha tionsclaíocha nasctha agus rannchuidítear leis na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a sheachaint agus slándáil an tsoláthair á coinneáil ar bun ag an am céanna;

(ii)

athléimneacht agus slándáil iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a mhéadú;

(iii)

úsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní, trí nascadh iliomad foinsí agus láithreán stórála dé-ocsaíde carbóin a éascú trí bhonneagar coiteann agus trí ualach agus rioscaí comhshaoil a íoslaghdú;

(d)

maidir le tionscadail hidrigine a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, trí fheabhas a chur ar imscaradh hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin, agus béim á leagan ar hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite go háirithe i bhfeidhmeanna úsáide deiridh, amhail earnálacha ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú, ar earnálacha iad nach féidir réitigh éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a chur i bhfeidhm iontu, agus tacú le giniúint cumhachta in-athnuaite inathraithí trí sholúbthacht, réitigh stórála, nó an dá rud, a thairiscint agus rannchuidítear, leis an tionscadal, go suntasach le ceann amháin, ar a laghad, de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

comhtháthú margaidh, lena n-áirítear trí ghréasáin hidrigine de chuid na mBallstát atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn a nascadh, nó trí rannchuidiú ar shlí eile le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais chun hidrigin a iompar agus a stóráil, agus trí idir-inoibritheacht córas nasctha a áirithiú;

(ii)

slándáil an tsoláthair agus solúbthacht, lena n-áirítear trí naisc iomchuí agus trí oibriú slán iontaofa an chórais a éascú;

(iii)

an iomaíocht, lena n-áirítear trí rochtain ar an iliomad foinsí soláthair agus úsáideoirí gréasáin a cheadú ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach;

(e)

maidir le leictrealóirí a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le gach ceann de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

an inbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus feabhas a chur ar imscaradh hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin, go háirithe ó fhoinsí in-athnuaite, chomh maith le breoslaí sintéiseacha ó na foinsí sin;

(ii)

slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear trí chur le hoibriú slán éifeachtúil iontaofa an chórais nó trí stóráil, réitigh solúbthachta, nó an dá rud, a thairiscint, amhail freagairt ar an éileamh agus seirbhísí cothromúcháin;

(iii)

seirbhísí solúbthachta amhail freagairt don éileamh agus stóráil a chumasú trí chomhtháthú na hearnála fuinnimh cliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile;

(f)

maidir le tionscadail eangaí cliste gáis a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trína áirithiú go ndéantar iolrachais gás ísealcharbóin agus gás atá in-athnuaite go háirithe, lena n-áirítear i gcás ina bhfoinsítear iad go háitiúil, amhail bithmheatán nó hidrigin in-athnuaite, a chomhtháthú sna córais tarchurtha, dáileacháin nó stórála gáis chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus rannchuidítear, leis an tionscadal sin, le ceann amháin de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

slándáil an ghréasáin agus cáilíocht an tsoláthair trí éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht na gcóras tarchurtha, dáileacháin nó stórála gáis a fheabhsú le linn oibriú an ghréasáin ó lá go lá trí aghaidh a thabhairt, inter alia, ar dhúshláin a eascraíonn as gáis de cháilíochtaí éagsúla a instealladh;

(ii)

feidhmiú an mhargaidh agus seirbhísí le haghaidh custaiméirí;

(iii)

comhtháthú earnáil an fhuinnimh chliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile agus trí fhreagairt don éileamh a chumasú.

4.   Maidir le tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a mheasúnú i gcomhréir leis na táscairí a leagtar amach i bpointí (3) go (8) d’Iarscríbhinn IV.

5.   Chun measúnú ar gach tionscadal a d’fhéadfadh a bheith incháilithe mar thionscadail leasa choitinn agus a d’fhéadfaí a chur san áireamh ar liosta réigiúnach a éascú, déanfaidh gach Grúpa measúnú ar an méid a rannchuidíonn gach tionscadal le cur chun feidhme na conaire tosaíochta céanna nó an réimse tosaíochta chéanna maidir le bonneagar fuinnimh ar bhealach trédhearcach oibiachtúil. Déanfaidh gach Grúpa a mhodh measúnaithe a chinneadh ar bhonn an mhéid chomhiomlánaithe a rannchuidíonn sé leis na critéir dá dtagraítear i mír 3. Mar thoradh ar an measúnú sin, déanfar tionscadail a rangú lena n-úsáid go hinmheánach ag an nGrúpa. Ní bheidh aon rangú sa liosta réigiúnach ná i liosta an Aontais, ná ní úsáidfear an rangú chun aon chríche dá éis seachas mar a thuairiscítear i Roinn 2, pointe (16), d’Iarscríbhinn III.

Agus tionscadail á measúnú, chun modh measúnaithe comhsheasmhach i measc na nGrúpaí a áirithiú, tabharfaidh gach Grúpa aird chuí ar na nithe seo a leanas:

(a)

práinn gach tionscadail atá beartaithe agus an méid a rannchuidíonn gach tionscadal atá beartaithe chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráideneodrachta do 2050, comhtháthú an mhargaidh, an iomaíocht, an inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair a bhaint amach;

(b)

comhlántacht gach tionscadail atá beartaithe le tionscadail eile atá beartaithe, lena n-áirítear tionscadail iomaíocha nó tionscadail a d’féadfadh a bheith in iomaíocht le chéile;

(c)

sineirgí féideartha le conairí tosaíochta agus réimsí téamacha a sainaithnítear faoi ghréasáin thras-Eorpacha le haghaidh iompair agus teileachumarsáide;

(d)

i gcás na dtionscadal atá beartaithe atá ar liosta an Aontais, tráth an mheasúnaithe, an dul chun cinn atá déanta maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe agus trédhearcachta leo.

A mhéid a bhaineann le tionscadail eangaí cliste leictreachais agus tionscadail eangaí cliste gáis a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(e) agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, déanfar an rangú i gcás na dtionscadal sin a dhéanann difear don dá Bhallstát chéanna, agus tabharfar aird chuí freisin ar líon na n-úsáideoirí a ndéanann an tionscadal difear dóibh, ar an ídiú fuinnimh bliantúil agus ar sciar na giniúna ó acmhainní nach féidir a sheoladh sa limistéar arna chumhdach ag na húsáideoirí sin.

Airteagal 5

Tionscadail ar liosta an Aontais a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu

1.   Dréachtóidh tionscnóirí tionscadail plean cur chun feidhme le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais, lena n-áirítear tráthchlár le haghaidh gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

staidéir féidearthachta agus dheartha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil agus an phrionsabail arb é ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’;

(b)

formheas ag an údarás rialála náisiúnta nó ag aon údarás eile lena mbaineann;

(c)

tógáil agus coimisiúnú;

(d)

an próiseas deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 10(6), pointe (b).

2.   Comhoibreoidh OCTanna, OCDanna agus oibreoirí eile le chéile chun forbairt tionscadal leasa choitinn atá ar liosta an Aontais ina limistéar féin a éascú.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Grúpaí lena mbaineann faireachán ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na dtionscadal ar liosta an Aontais agus, i gcás inar gá, déanfaidh siad moltaí chun cur chun feidhme na dtionscadal sin a éascú. Féadfaidh na Grúpaí faisnéis bhreise a iarraidh i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6, cruinnithe a thionól leis na páirtithe ábhartha agus iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis a cuireadh ar fáil a fhíorú ar an láthair.

4.   Faoin 31 Nollaig gach bliain tar éis na bliana a dhéantar tionscadal a áireamh ar liosta an Aontais, cuirfidh tionscnóirí tionscadail tuarascáil bhliantúil, maidir le gach tionscadal a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

Áireofar sa tuarascáil sin mionsonraí maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt, tógáil agus coimisiúnú an tionscadail, go háirithe maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus an nós imeachta comhairliúcháin, chomh maith le comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil, an phrionsabail nach ndéantar ‘dochar suntasach’ don chomhshaol leis an tionscadal, agus bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide a rinneadh;

(b)

i gcás inarb ábhartha, moilleanna i gcomparáid leis an bplean cur chun feidhme, na cúiseanna le moilleanna den sórt sin agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;

(c)

i gcás inarb ábhartha, plean athbhreithnithe arb é is aidhm dó na moilleanna a shárú.

5.   Faoin 28 Feabhra gach bliain tar éis na bliana ina mbeidh ar an tionscnóir tionscadail an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den airteagal seo a thíolacadh, cuirfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo faoi bhráid na Gníomhaireachta agus an Ghrúpa ábhartha arna forlíonadh le faisnéis faoin dul chun cinn agus, i gcás inarb ábhartha, faoi mhoilleanna ar chur chun feidhme na dtionscadal ar liosta an Aontais atá lonnaithe ina gcríoch féin maidir leis na próisis deonaithe ceadanna, agus faoi na cúiseanna le moilleanna den sórt sin. Déanfar rannchuidiú na n-údarás inniúil leis an tuarascáil a mharcáil go soiléir dá réir agus dréachtófar é gan an téacs arna thabhairt isteach ag na tionscnóirí tionscadail a mhodhnú.

6.   Faoin 30 Aibreán gach bliain inar cheart liosta nua de chuid an Aontais a ghlacadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil chomhdhlúite faoi bhráid na nGrúpaí maidir leis na tionscadail ar an liosta sin de chuid an Aontais atá faoi réir inniúlacht údarás rialála náisiúnta, ina ndéanfar meastóireacht ar an dul chun cinn atá déanta agus athruithe a bhfuiltear ag súil leo maidir le costais tionscadail, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí moltaí i dtaobh conas na moilleanna agus na deacrachtaí a tháinig chun cinn a shárú. Déanfar meastóireacht freisin sa tuarascáil chomhdhlúite sin, i gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/942, ar chur chun feidhme comhsheasmhach na bpleananna forbartha gréasáin uile-Aontais i dtaca leis na conairí agus na réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise a iarraidh atá riachtanach chun a cúraimí a leagtar amach sa mhír seo a dhéanamh.

7.   I gcás ina mbíonn moill ar choimisiúnú tionscadail atá ar liosta an Aontais nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an bplean cur chun feidhme, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach bhfuil neart ag an tionscnóir tionscadail orthu, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:

(a)

sa mhéid go bhfuil feidhm ag bearta dá dtagraítear in Airteagal 22(7), pointe (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2009/73/CE agus Airteagal 51(7), pointe (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2019/944 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena mbaineann, áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go ndéanfar an infheistíocht;

(b)

más rud é nach bhfuil feidhm ag bearta údarás rialála náisiúnta de bhun phointe (a), roghnóidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de 24 mhí ón dáta coimisiúnaithe a leagtar amach sa phlean cur chun feidhme, tríú páirtí chun an tionscadal ar fad nó cuid de a mhaoiniú nó a thógáil;

(c)

mura roghnaítear tríú páirtí i gcomhréir le pointe (b), féadfaidh an Ballstát nó, i gcás ina bhforálann an Ballstát amhlaidh, an t-údarás rialála náisiúnta, laistigh de 2 mhí ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b), tríú páirtí a ainmniú chun an tionscadal a mhaoiniú nó a thógáil lena nglacfaidh an tionscnóir tionscadail;

(d)

i gcás inar faide ná 26 mhí an mhoill i gcomparáid leis an dáta coimisiúnaithe sa phlean cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir chomhaontú na mBallstát lena mbaineann agus le comhar iomlán leo, glao ar thograí a sheoladh a bheidh oscailte d’aon tríú páirtí atá i gcumas a bheith ina thionscnóir tionscadail chun an tionscadal a thógáil i gcomhréir le tráthchlár comhaontaithe;

(e)

i gcás ina gcuirtear na bearta dá dtagraítear i bpointe (c) nó (d) i bhfeidhm, tabharfaidh an t-oibreoir córais, a bhfuil an infheistíocht lonnaithe ina limistéar féin, gach faisnéis is gá chun an infheistíocht a réadú do na hoibreoirí cur chun feidhme, do na hinfheisteoirí cur chun feidhme nó don tríú páirtí, nascfaidh an t-oibreoir córais sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha nó, i gcás inarb infheidhme, an gréasán dáileacháin agus déanfaidh an t-oibreoir córais, go ginearálta, sárdhícheall chun cur chun feidhme na hinfheistíochta a éascú agus chun oibríocht agus cothabháil shlán, iontaofa agus éifeachtúil an tionscadail atá ar liosta an Aontais a éascú.

8.   Féadfar tionscadal atá ar liosta an Aontais a bhaint de liosta an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3(4) más rud é gur áiríodh ar an liosta sin é bunaithe ar fhaisnéis mhícheart ar thoisc chinntitheach í lena áireamh, nó mura gcomhlíontar dlí an Aontais leis an tionscadal.

9.   Tionscadail nach bhfuil ar liosta an Aontais a thuilleadh, caillfidh siad gach ceart agus oibleagáid atá nasctha le stádas tionscadail leasa choitinn nó tionscadail chomhleasa dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Mar sin féin, maidir le tionscadal nach bhfuil ar liosta an Aontais a thuilleadh ach ar glacadh le comhad iarratais ina leith lena scrúdú ag an údarás inniúil, coimeádfaidh sé na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III, seachas i gcás inar baineadh an tionscadal de liosta an Aontais ar na cúiseanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo.

10.   Ní dochar an tAirteagal seo d’aon chúnamh airgeadais ón Aontas arna dheonú d’aon tionscadal atá ar liosta an Aontais sula ndéantar é a bhaint de liosta an Aontais.

Airteagal 6

Comhordaitheoirí Eorpacha

1.   I gcás ina mbaineann deacrachtaí suntasacha cur chun feidhme le tionscadal leasa choitinn, féadfaidh an Coimisiún comhordaitheoir Eorpach a ainmniú, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann, ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó.

2.   Déanfaidh an comhordaitheoir Eorpach an méid seo a leanas:

(a)

na tionscadail, ar ina leith a ainmníodh é nó í mar chomhordaitheoir Eorpach, agus an t-idirphlé trasteorann idir na tionscnóirí tionscadail agus gach geallsealbhóir lena mbaineann a chur chun cinn;

(b)

cúnamh a thabhairt do gach páirtí, de réir mar is gá, dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, trí ródú malartach a phlé, i gcás inarb iomchuí, agus na ceadanna is gá a fháil do na tionscadail;

(c)

i gcás inarb iomchuí, comhairle a chur ar thionscnóirí tionscadail maidir leis an tionscadal a mhaoiniú;

(d)

a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an tacaíocht straitéiseach iomchuí agus an treoir straitéiseach iomchuí ar fáil le haghaidh ullmhú agus chur chun feidhme na dtionscadal;

(e)

gach bliain, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chríochnú a sainordaithe dóibh, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dul chun cinn na dtionscadal agus maidir le haon deacrachtaí agus bacainní ar dócha go gcuirfidh siad moill shuntasach ar dháta coimisiúnaithe na dtionscadal.

Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ón gcomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear i bpointe (e) chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na Grúpaí lena mbaineann.

3.   Roghnófar an comhordaitheoir Eorpach tar éis próiseas oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus ar bhonn na taithí atá ag iarrthóir maidir leis na cúraimí sonracha a shannfar dó nó di i dtaca leis na tionscadail lena mbaineann.

4.   Sa chinneadh lena n-ainmnítear an comhordaitheoir Eorpach, sonrófar na téarmaí tagartha, ina mionsonrófar fad tréimhse an tsainordaithe, na cúraimí sonracha agus na spriocdhátaí a ghabhann leo, agus an mhodheolaíocht atá le leanúint. Beidh an iarracht chomhordaithe comhréireach le castacht agus le costais mheasta na dtionscadal.

5.   Oibreoidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar iomlán leis an gcomhordaitheoir Eorpach le linn do na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a bheith á gcur i gcrích.

CAIBIDIL III

Ceadanna a dheonú agus rannpháirtíocht phoiblí

Airteagal 7

Stádas tosaíochta na dtionscadal ar liosta an Aontais

1.   Le glacadh liosta an Aontais, suífear, chun críocha aon chinntí arna n-eisiúint sa phróiseas deonaithe ceadanna, an gá atá le tionscadail ar liosta an Aontais ó thaobh beartas fuinnimh agus aeráide de, gan dochar do shuíomh beacht, do ródú beacht nó do theicneolaíocht bheacht an tionscadail.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.

2.   Chun próiseáil éifeachtúil riaracháin na gcomhad iarratais a bhaineann le tionscadail ar liosta an Aontais a áirithiú, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann go láimhseálfar na comhaid sin ar an mbealach is gasta is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

3.   Gan dochar do na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, deonófar an stádas náisiúnta is airde is féidir do thionscadail ar liosta an Aontais, i gcás inarb ann do stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus déanfar iad a láimhseáil go hiomchuí sna próisis deonaithe ceadanna agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, déanfar iad a láimhseáil i bpleanáil spáis, lena n-áirítear na próisis sin a bhaineann le measúnuithe comhshaoil, ar an mbealach a ndéantar foráil do láimhseáil den sórt sin sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcineál comhfhreagrach bonneagair fuinnimh.

4.   Gach nós imeachta réitithe díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann le tionscadail ar liosta an Aontais os comhair aon chúirteanna náisiúnta, aon bhinsí náisiúnta nó aon phainéil náisiúnta, lena n-áirítear idirghabháil nó eadráin, i gcás inarb ann dóibh sa dlí náisiúnta, láimhseálfar iad mar ábhair phráinneacha, i gcás ina bhforáiltear, agus a mhéid a fhoráiltear, do nósanna imeachta práinne den sórt sin sa dlí náisiúnta.

5.   Agus aird chuí á tabhairt acu ar an treoir atá ann cheana, arna heisiúint ag an gCoimisiún, maidir leis na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais a chuíchóiriú, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar cé na bearta reachtacha agus neamhreachtacha is gá chun na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil a chuíchóiriú agus chun a gcur i bhfeidhm comhleanúnach a áirithiú agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe sin.

6.   Faoin 24 Márta 2023, glacfaidh na Ballstáit na bearta neamhreachtacha a shainaithin siad faoi mhír 5.

7.   Faoin 24 Meitheamh 2023, glacfaidh na Ballstáit na bearta reachtacha a shainaithin siad faoi mhír 5. Ní dochar na bearta reachtacha sin d’oibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.

8.   Maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol ar díríodh orthu in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE agus in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE, measfar go bhfuil baint ag na tionscadail sin ar liosta an Aontais le leas an phobail ó thaobh beartas fuinnimh de, agus féadfar a mheas gur ar mhaithe le leas sáraitheach an phobail iad, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leagtar amach sna Treoracha sin.

I gcás ina bhfuil gá le tuairim ón gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE, áiritheoidh an Coimisiún agus an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo go ndéanfar an cinneadh maidir le tionscadal lena mbaineann leas sáraitheach an phobail laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2) den Rialachán seo.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil i gcomhréir le Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.

Airteagal 8

An próiseas deonaithe ceadanna a eagrú

1.   Faoin 23 Meitheamh 2022, déanfaidh gach Ballstát nuashonrú, i gcás inar gá, ar ainmniú údaráis inniúil náisiúnta amháin a bheidh freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais a éascú agus a chomhordú.

2.   Féadfar freagrachtaí an údaráis inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nó na cúraimí a bhaineann leis a tharmligean chuig údarás eile, nó féadfaidh an t-údarás eile sin iad a dhéanamh, in aghaidh an tionscadail ar liosta an Aontais nó in aghaidh na catagóire áirithe de thionscadail ar liosta an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

tugann an t-údarás inniúil náisiúnta fógra don Choimisiún faoin tarmligean sin agus foilsíonn an t-údarás inniúil náisiúnta nó an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis atá ann ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7);

(b)

níl ach údarás amháin freagrach in aghaidh an tionscadail ar liosta an Aontais, agus is é an t-údarás sin an t-aon phointe teagmhála atá ag an tionscnóir tionscadail sa phróiseas sula ndéantar cinneadh cuimsitheach i leith tionscadal ar leith ar liosta an Aontais, agus comhordaíonn sé tíolacadh na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad.

Féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta an fhreagracht as bunú teorainneacha ama a choinneáil, gan dochar do na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).

3.   Gan dochar do cheanglais ábhartha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta agus, a mhéid nach dtiocfaidh sé salach orthu, faoin dlí náisiúnta, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta eisiúint an chinnidh chuimsithigh a éascú. Eiseofar an cinneadh cuimsitheach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2) agus i gcomhréir le ceann amháin de na scéimeanna seo a leanas:

(a)

scéim chomhtháite:

eiseoidh an t-údarás inniúil náisiúnta an cinneadh cuimsitheach agus is é an t-aon chinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de a eascróidh as an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna. I gcás ina mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, féadfaidh siad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an nós imeachta, agus cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta é sin san áireamh;

(b)

scéim chomhordaithe:

cuimseofar sa chinneadh cuimsitheach an iliomad cinntí aonair atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ar cinntí iad a d’eisigh roinnt údarás lena mbaineann agus a ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta iad a chomhordú. Féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta meitheal oibre a bhunú ina ndéanfar ionadaíocht thar ceann na n-údarás uile lena mbaineann chun sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 10(6), pointe (b), agus chun faireachán agus comhordú a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Bunóidh an t-údarás inniúil náisiúnta, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus gan dochar do theorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2), teorainn ama réasúnta faoina ndéanfar na cinntí aonair a eisiúint, de réir an cháis. Féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta cinneadh aonair a ghlacadh thar ceann údarás náisiúnta eile lena mbaineann, i gcás nach ndéanann an t-údarás sin an cinneadh laistigh den teorainn ama agus nach féidir údar leormhaith a thabhairt leis an moill; nó, i gcás ina bhforáiltear sin faoin dlí náisiúnta, agus sa mhéid go bhfuil an méid sin ag luí le dlí an Aontais, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta a mheas gur fhormheas údarás náisiúnta eile lena mbaineann an tionscadal nó gur dhiúltaigh sé dó i gcás nach nglacann an t-údarás sin an cinneadh laistigh den teorainn ama. I gcás ina bhforáiltear sin faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta neamhaird a thabhairt ar chinneadh aonair de chuid údaráis náisiúnta eile lena mbaineann má mheasann sé nach bhfuil bunús leordhóthanach leis an gcinneadh maidir leis an bhfianaise fholuiteach arna tíolacadh ag an údarás náisiúnta lena mbaineann; agus an méid sin á dhéanamh, áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta go n-urramófar na ceanglais ábhartha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena chinneadh;

(c)

scéim chomhoibríoch:

déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta an cinneadh cuimsitheach a chomhordú. Bunóidh an t-údarás inniúil náisiúnta, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus gan dochar do theorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2), teorainn ama réasúnta faoina ndéanfar na cinntí aonair a eisiúint, de réir an cháis. Déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh na dteorainneacha ama ag na húdaráis lena mbaineann.

Cuirfidh na Ballstáit na scéimeanna chun feidhme ar bhealach lena rannchuideofar, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le heisiúint an chinnidh chuimsithigh ar an gcaoi is éifeachtúla agus is tráthúla.

Is féidir inniúlacht na n-údarás lena mbaineann a ionchorprú in inniúlacht an údaráis inniúil náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 nó is féidir leis na húdaráis lena mbaineann a n-inniúlacht neamhspleách a choinneáil ar bun, go pointe áirithe, i gcomhréir leis an scéim ábhartha a bhaineann le ceadanna atá roghnaithe ag an mBallstát i gcomhréir leis an mír seo chun eisiúint an chinnidh chuimsithigh a éascú agus chun comhoibriú leis an údarás inniúil náisiúnta dá réir sin.

I gcás nach bhfuil údarás lena mbaineann ag dréim leis go soláthróidh sé cinneadh aonair laistigh den teorainn ama a leagadh síos, cuirfidh an t-údarás sin an t-údarás inniúil náisiúnta ar an eolas láithreach, agus na cúiseanna leis an moill á dtabhairt aige. Ina dhiaidh sin, leagfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta teorainn ama eile síos faoina ndéanfar an cinneadh aonair sin a eisiúint, i gcomhréir leis na teorainneacha ama foriomlána a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).

Déanfaidh na Ballstáit rogha as na trí scéim dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír chun a gcuid nósanna imeachta a éascú agus a chomhordú agus cuirfidh siad chun feidhme an scéim is éifeachtaí dóibh i bhfianaise sainiúlachtaí náisiúnta ina bpróisis phleanála agus ina bpróisis deonaithe ceadanna. I gcás ina ndéanann Ballstát an scéim chomhoibríoch a roghnú, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin.

4.   Féadfaidh na Ballstáit na scéimeanna a leagtar amach i mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail leasa choitinn ar tír agus amach ón gcósta atá ar liosta an Aontais.

5.   I gcás inar gá cinntí a ghlacadh in dhá Bhallstát nó níos mó mar gheall ar thionscadal atá ar liosta an Aontais, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha na céimeanna is gá chun comhar agus cumarsáid éifeachtúil éifeachtach a áirithiú eatarthu féin, lena n-áirítear na céimeanna dá dtagraítear in Airteagal 10(6). Féachfaidh na Ballstáit le nósanna imeachta comhpháirteacha a sholáthar, go háirithe maidir leis an measúnú ar na tionchair ar an gcomhshaol.

6.   Údaráis inniúla náisiúnta ábhartha na mBallstát atá rannpháirteach i dtionscadal atá ar liosta an Aontais ar le ceann de na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I iad, déanfaidh siad pointe teagmhála uathúil do thionscnóirí tionscadail a ainmniú, i gcomhpháirt, as a measc féin in aghaidh gach tionscadail, a bheidh freagrach as an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le próiseas deonaithe ceadanna an tionscadail, agus é mar aidhm leis sin an próiseas sin a éascú chomh maith le heisiúint cinntí ag na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha maidir leis an tionscadal. Féadfaidh na pointí teagmhála uathúla gníomhú mar stóras lena gcomhiomlánaítear na doiciméid atá ann cheana a bhaineann leis na tionscadail.

Airteagal 9

Trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí

1.   Faoin 24 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil náisiúnta, i gcomhoibriú le húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme, lámhleabhar nósanna imeachta nuashonraithe a fhoilsiú le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail ar liosta an Aontais chun an fhaisnéis a shonraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn IV ar a laghad a chur san áireamh. Ní bheidh an lámhleabhar ceangailteach ó thaobh an dlí de, ach déanfaidh sé tagairt d’fhorálacha dlíthiúla ábhartha nó iad a lua. I gcás inarb ábhartha, oibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le húdaráis tíortha comharsanachta agus aimseoidh siad sineirgí leo d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú agus an próiseas deonaithe ceadanna a éascú, go háirithe chun an lámhleabhar nósanna imeachta a fhorbairt.

2.   Gan dochar do dhlí an chomhshaoil ná d’aon cheanglais faoi Choinbhinsiún Aarhus, faoi Choinbhinsiún Espoo ná faoi dhlí ábhartha an Aontais, cloífidh na páirtithe go léir a bhfuil baint acu leis an bpróiseas deonaithe ceadanna leis na prionsabail maidir le rannpháirtíocht phoiblí a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn VI.

3.   Déanfaidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de thréimhse ama tháscach 3 mhí ó thús an phróisis deonaithe ceadanna de bhun Airteagal 10(3), coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta, tríd an bpróiseas a dtugtar achoimre air sa lámhleabhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leanúint agus i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Iarrfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta modhnuithe nó formheasfaidh sé an coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí laistigh de 3 mhí tar éis an coincheap a fháil, agus aird chuí á tabhairt aige ar aon chineál rannpháirtíochta poiblí agus comhairliúcháin phoiblí a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, sa mhéid gur comhlíonadh ceanglais an Airteagail seo le rannpháirtíocht phoiblí den sórt sin agus comhairliúchán poiblí den sórt sin.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an tionscnóir tionscadail athruithe suntasacha a dhéanamh ar choincheap formheasta maidir le rannpháirtíocht phoiblí, cuirfidh sé an t-údarás inniúil náisiúnta ar an eolas faoin méid sin. Sa chás sin, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta modhnuithe a iarraidh.

4.   I gcás nach gceanglaítear é cheana faoin dlí náisiúnta ag na caighdeáin chéanna nó ag caighdeáin níos airde, déanfaidh an tionscnóir tionscadail nó, i gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí náisiúnta, an t-údarás inniúil náisiúnta comhairliúchán poiblí amháin ar a laghad, sula gcuirfidh an tionscnóir tionscadail an comhad iarratais críochnaitheach agus iomlán faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta de bhun Airteagal 10(7). Ní dochar an comhairliúchán poiblí sin d’aon chomhairliúchán poiblí a dhéanfar tar éis iarraidh ar thoiliú le haghaidh na forbartha a thíolacadh de bhun Airteagal 6(2) de Threoir 2011/92/AE. Leis an gcomhairliúchán poiblí, cuirfear na geallsealbhóirí dá dtagraítear i bpointe (3)(a) d’Iarscríbhinn VI ar an eolas faoin tionscadal ag céim luath agus cuideofar leis an suíomh, an treo nó an teicneolaíocht is oiriúnaí a shainaithint, i gcás inarb ábhartha, i bhfianaise breithnithe leordhóthanacha maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide le haghaidh an tionscadail, leis na tionchair uile atá ábhartha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a shainaithint, agus leis na saincheisteanna ábhartha a shainaithint a dtabharfar aghaidh orthu sa chomhad iarratais. Leis an gcomhairliúchán poiblí, comhlíonfar na híoscheanglais a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn VI. Gan dochar do na rialacha nós imeachta agus na rialacha trédhearcachta sna Ballstáit, foilseoidh an tionscnóir tionscadail tuarascáil ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo ina míneofar conas a cuireadh na tuairimí a nochtadh sna comhairliúcháin phoiblí san áireamh trí léiriú a thabhairt ar na leasuithe a rinneadh ar shuíomh, treo agus dearadh an tionscadail, nó trí na cúiseanna a thabhairt nár cuireadh tuairimí den sórt sin san áireamh.

Ullmhóidh an tionscnóir tionscadail tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail roimh thíolacadh an chomhaid iarratais, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.

Déanfaidh an tionscnóir tionscadail na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír in éineacht leis an gcomhad iarratais a chur faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta. Tabharfar aird chuí ar thorthaí na dtuarascálacha sin sa chinneadh cuimsitheach.

5.   I gcás tionscadail trasteorann lena bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfear na comhairliúcháin phoiblí arna ndéanamh de bhun mhír 4 i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann ar siúl laistigh de thréimhse nach faide ná 2 mhí ón dáta a thosaigh an chéad chomhairliúchán poiblí.

6.   Maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh tionchar suntasach trasteorann acu i mBallstát comharsanachta amháin nó níos mó, a bhfuil feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE agus ag Coinbhinsiún Espoo maidir leo, cuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát comharsanachta lena mbaineann. Sa phróiseas chun fógra a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát comharsanachta lena mbaineann in iúl an mian leo, nó an mian le haon údarás eile lena mbaineann, páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta ábhartha comhairliúcháin phoiblí.

7.   Déanfaidh an tionscnóir tionscadail suíomh gréasáin tiomnaithe a bhunú agus a nuashonrú go tráthrialta ar a mbeidh faisnéis iomchuí faoin tionscadal leasa choitinn, ar suíomh gréasáin é a bheidh nasctha le suíomh gréasáin an Choimisiúin agus leis an ardán trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus a chomhlíonfaidh na ceanglais a shonraítear i bpointe (6) d’Iarscríbhinn VI. Coinneofar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.

Chomh maith leis sin, foilseoidh tionscnóirí tionscadail faisnéis ábhartha trí mheáin faisnéise iomchuí eile a mbeidh teacht ag an bpobal orthu.

Airteagal 10

Fad tréimhse agus cur chun feidhme an phróisis deonaithe ceadanna

1.   Beidh dhá nós imeachta i gceist leis an bpróiseas deonaithe ceadanna:

(a)

an nós imeachta réamhiarratais, lena gcumhdaítear an tréimhse idir tús an phróisis deonaithe ceadanna agus an tráth a ghlacfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta leis an gcomhad iarratais arna thíolacadh, ar nós imeachta é a sheolfar laistigh de thréimhse ama tháscach de 24 mhí; agus

(b)

an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna, lena gcumhdaítear an tréimhse idir an dáta a ghlactar leis an gcomhad iarratais arna thíolacadh go dtí an tráth a dhéanfar an cinneadh cuimsitheach, nach rachaidh thar 18 mí.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna atá níos giorra ná 18 mí.

2.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta nach rachaidh comhfhad an dá nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 thar thréimhse 42 mhí.

Mar sin féin, i gcás ina measann an t-údarás inniúil náisiúnta nach mbeidh ceann amháin de na nósanna imeachta nó an dá cheann acu curtha i gcrích laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 1, féadfaidh sé síneadh a chur le ceann amháin de na teorainneacha ama sin nó leis an dá cheann acu sula rachaidh siad in éag agus de réir an cháis. Ní chuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta síneadh nach faide ná 9 mí le comhfhad an dá nós imeachta seachas in imthosca eisceachtúla.

I gcás ina gcuireann an t-údaráis inniúil náisiúnta síneadh leis na teorainneacha ama, cuirfidh sé an Grúpa lena mbaineann ar an eolas agus cuirfidh sé in iúl dó na bearta a rinneadh nó atá le déanamh chun an próiseas deonaithe ceadanna a chur i gcrích, sa tréimhse ama is giorra is féidir. Féadfaidh an Grúpa a iarraidh go dtuairisceodh an t-údarás inniúil náisiúnta go tráthrialta ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis sin agus ar na cúiseanna a bhí le haon mhoill.

3.   Chun tús an phróisis deonaithe ceadanna a bhunú, tabharfaidh na tionscnóirí tionscadail fógra i scríbhinn d’údarás inniúil náisiúnta gach Ballstáit lena mbaineann agus áireoidh siad achoimre réasúnta mionsonraithe ar an tionscadal leis.

Laistigh de 3 mhí tar éis an fógra a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil náisiúnta an fógra nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách aibí le dul isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna, diúltóidh sé don fhógra i scríbhinn, lena n-áirítear thar ceann na n-údarás eile lena mbaineann. I gcás ina ndiúltaítear don fhógra, tabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta na cúiseanna lena chinneadh, lena n-áirítear thar ceann údaráis eile lena mbaineann. Is é an dáta a shíneoidh an t-údarás inniúil náisiúnta admháil an fhógra a mharcálfaidh tús an phróisis deonaithe ceadanna. I gcás ina bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó, is é an dáta a ghlacann an t-údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann leis an bhfógra deiridh a mharcálfaidh tús an phróisis deonaithe ceadanna.

Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta go gcuirfear dlús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an gCaibidil seo i gcás gach catagóire tionscadal leasa choitinn. Chuige sin, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a riachtanais a oiriúnú le haghaidh thús an phróisis deonaithe ceadanna agus le haghaidh ghlacadh an chomhaid iarratais arna thíolacadh, chun iad a dhéanamh oiriúnach le haghaidh tionscadail a bhféadfadh sé go dteastódh uathu, de bharr a gcineáil nó a dtoise nó de bharr nach gá aon mheasúnú comhshaoil a dhéanamh orthu faoin dlí náisiúnta, níos lú údaruithe agus formheasanna chun an chéim ‘réidh le tógáil’ a bhaint amach. Féadfaidh Ballstáit a chinneadh nach mbeidh gá leis an nós imeachta réamhiarratais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 6 den Airteagal seo le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear san fhomhír seo.

4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta san áireamh sa phróiseas deonaithe ceadanna aon staidéir bhailí a rinneadh agus aon cheadanna nó údaruithe a eisíodh le haghaidh tionscadal ar leith ar liosta an Aontais sular tháinig an tionscadal isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ní éileoidh siad staidéir dhúbailte, ceadanna dúbailte nó údaruithe dúbailte.

5.   I mBallstáit nach féidir an cinneadh i dtaobh bealaigh nó suímh, arna dhéanamh chun críche sonraí tionscadail phleanáilte agus chun na críche sonraí sin amháin, lena n-áirítear conairí sonracha do bhonneagair eangaí a phleanáil, a chur san áireamh sa phróiseas sula ndéantar an cinneadh cuimsitheach, déanfar an cinneadh comhfhreagrach laistigh de thréimhse leithleach 6 mhí a thosaíonn an dáta ar a dtíolacann an tionscnóir na doiciméid iarratais chríochnaitheacha agus iomlána.

Sna himthosca a thuairiscítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar an síneadh dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, a laghdú go 6 mhí, seachas in imthosca eisceachtúla, lena n-áirítear i gcás an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír seo.

6.   Cuimseofar na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta réamhiarratais:

(a)

a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre de mhír 3, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta, ar bhonn an tseicliosta dá dtagraítear i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn VI, agus i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann, agus i gcás inarb iomchuí ar bhonn togra ón tionscnóir tionscadail, raon feidhme na dtuarascálacha agus na ndoiciméad agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tíolacadh ag an tionscnóir tionscadail a chinneadh, mar chuid den chomhad iarratais, chun iarratas a dhéanamh ar an gcinneadh cuimsitheach;

(b)

déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann agus torthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi phointe (a) den mhír seo á gcur san áireamh, i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn VI;

(c)

ar an dréachtchomhad iarratais a fháil, iarrfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta, i gcás inar gá, ar a shon féin nó ar son údaráis eile lena mbaineann, ar an tionscnóir tionscadail faisnéis a thíolacadh atá ar iarraidh agus a bhaineann leis na heilimintí a iarradh dá dtagraítear i bpointe (a).

Áireofar sa nós imeachta réamhiarratais ullmhúchán aon tuarascálacha comhshaoil a dhéanann na tionscnóirí tionscadail, de réir mar is gá, lena n-áirítear an doiciméadacht maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide.

Laistigh de 3 mhí ón bhfaiséis atá ar iarraidh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a thíolacadh, glacfaidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn nó ar ardáin dhigiteacha, leis an iarratas lena scrúdú, lena gcuirfear tús leis an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Ní fhéadfar iarrataí ar fhaisnéis bhreise a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtugann imthosca nua údar cuí leo.

7.   Áiritheoidh an tionscnóir tionscadail go bhfuil an comhad iarratais iomlán agus leordhóthanach agus iarrfaidh an tionscnóir tionscadail tuairim an údaráis inniúil náisiúnta maidir leis an ábhar sin a luaithe is féidir le linn an phróisis deonaithe ceadanna. Oibreoidh an tionscnóir tionscadail go hiomlán i gcomhar leis an údarás inniúil náisiúnta chun na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

8.   Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú nach mbeidh mar thoradh ar aon leasuithe ar an dlí náisiúnta go gcuirfear síneadh le haon phróiseas deonaithe ceadanna ar cuireadh tús leis roimh theacht i bhfeidhm na leasuithe sin. D’fhonn próiseas deonaithe ceadanna brostaithe a chothabháil le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta oiriúnú leordhóthanach ar an sceideal arna bhunú i gcomhréir le mír 6, pointe (b), den Airteagal seo chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach sárófar na teorainneacha ama don phróiseas deonaithe ceadanna a leagtar amach san Airteagal seo.

9.   Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.

Na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainneacha ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.

CAIBIDIL IV

PLEANÁIL BONNEAGAIR TRASEARNÁLA

Airteagal 11

Anailís uile-chórais chostais is tairbhe ar fhuinneamh

1.   Déanfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás dréacht-mhodheolaíochtaí comhsheasmhacha aon earnála a dhréachtú, lena n-áirítear an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, i gcomhair anailís chomhchuibhithe uile-chórais chostais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais le haghaidh tionscadal ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (d) agus (f) agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II.

Déanfar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a tharraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, beidh siad bunaithe ar thoimhdí coiteanna lena bhféadfar tionscadail a chur i gcomparáid, agus beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, chomh maith leis na rialacha agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Cuirfear na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i bhfeidhm maidir le hullmhú gach plean 10 mbliana uile-Aontais maidir le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin arna fhorbairt ag an ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943 nó ag an ENTSO don Ghás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

Faoin 24 Aibreán 2023, foilseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a ndréacht-mhodheolaíochtaí comhsheasmhacha aon earnála faoi seach agus cuirfidh siad faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta iad, tar éis dóibh ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2.

2.   Sula gcuirfidh siad a gcuid dréacht-mhodheolaíochtaí faoi seach faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta i gcomhréir le mír 1, foilseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí agus seolfaidh siad próiseas forleathan comhairliúcháin agus lorgóidh siad moltaí ó na Ballstáit agus, ar a laghad, ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear an t-eintiteas d’oibreoirí córas dáileacháin san Aontas arna bhunú de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2019/943 (eintiteas AE do OCDanna), comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta agus, i gcás ina meastar é a bheith iomchuí, na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile.

Laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú na réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí tosaigh faoin gcéad fhomhír, féadfaidh aon gheallsealbhóir dá dtagraítear san fhomhír sin moladh a thíolacadh.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), ar a thionscnamh féin, tuairim a thíolacadh maidir leis na dréacht-mhodheolaíochtaí.

I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na Ballstáit, agus geallsealbhóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a moltaí a thíolacadh agus a chur ar fáil go poiblí agus déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a thuairim a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus a chur ar fáil go poiblí agus, de réir mar is infheidhme, a chur faoi bhráid an ENTSO don Leictreachas nó an ENTSO don Ghás.

Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte, tráthúil agus trédhearcach. Ullmhóidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás tuarascáil maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí í.

I gcás nach ndearna an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás na moltaí ó na Ballstáit nó ó na geallsealbhóirí, agus na moltaí ó na húdaráis náisiúnta, nó an tuairim ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a chur san áireamh, nó nár chuir siad san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh siad na cúiseanna leis.

3.   Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil in éineacht leis an ionchur a fuarthas sa phróiseas comhairliúcháin agus sa tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim ar fáil don ENTSO don Leictreachas agus don ENTSO don Ghás. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoina tuairim don ENTSO don Leictreachas, don ENTSO don Ghás, do na Ballstáit, agus don Choimisiún agus foilseoidh sí ar a suíomh gréasáin í.

4.   Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil, féadfaidh na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt don ENTSO don Leictreachas agus don ENTSO don Ghás agus don Choimisiún. Chun an comhairliúchán a éascú, féadfaidh an Coimisiún cruinnithe sonracha de na Grúpaí a eagrú chun na dréacht-mhodheolaíochtaí a phlé.

5.   Laistigh de 3 mhí tar éis na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a fháil, leasóidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a modheolaíochtaí faoi seach chun na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit a chur san áireamh go hiomlán agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad, in éineacht leis an tuairim ón nGníomhaireacht, lena bhformheas. Eiseoidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 3 mhí tar éis don ENTSO don Leictreachas agus don ENTSO don Ghás, faoi seach, na modheolaíochtaí a thíolacadh.

6.   Laistigh de 2 sheachtain tar éis an fhormheasa ón gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, foilseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a gcuid modheolaíochtaí faoi seach ar a suíomhanna gréasáin. I bhfoirm atá cruinn go leor faoi réir srianta faoin dlí náisiúnta agus faoi réir comhaontuithe ábhartha rúndachta, foilseoidh siad na sonraí ionchuir comhfhreagracha agus sonraí ábhartha eile maidir leis an ngréasán, lód na sreibhe agus an margadh. Na sonraí a gheobhaidh siadsan agus aon pháirtí a dhéanfaidh obair anailíse ar a son ar bhonn na sonraí sin, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go láimhseálfar iad go rúnda.

7.   Déanfar na modheolaíochtaí a nuashonrú agus a fheabhsú go tráthrialta de réir an nós imeachta a thuairiscítear i míreanna 1 go 6. Go háirithe, leasófar iad tar éis an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 a thíolacadh. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó údaráis rialála náisiúnta nó ó gheallsealbhóirí, agus tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar gach geallsealbhóir ábhartha dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, agus leis an gCoimisiún, féadfaidh sí nuashonruithe agus feabhsúcháin den sórt sin a iarraidh, agus na cúiseanna leis sin agus tráthchlár á dtabhairt. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí arna ndéanamh ag údaráis rialála náisiúnta nó ag geallsealbhóirí agus na doiciméid go léir nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de as a dtiocfaidh iarraidh ón nGníomhaireacht ar nuashonrú nó feabhsúchán.

8.   I gcás tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(c) agus (e) agus i bpointí (2), (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, áiritheoidh an Coimisiún forbairt na modheolaíochtaí le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais chostais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais. Beidh na modheolaíochtaí sin comhoiriúnach, ó thaobh tairbhí agus costas de, leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag an ENTSO don Leictreachas agus ag an ENTSO don Ghás. Agus tacaíocht á fáil aici ó na húdaráis rialála náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhsheasmhacht na modheolaíochtaí sin leis na modheolaíochtaí arna dtarraingt suas ag an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a chur chun cinn. Forbrófar na modheolaíochtaí ar bhealach trédhearcach, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle go forleathan leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

9.   Gach 3 bliana, bunóidh agus foilseoidh an Ghníomhaireacht tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha chun costais infheistíochta aonaid a chur i gcomparáid le haghaidh thionscadail inchomparáide na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a áirítear in Iarscríbhinn II. Déanfaidh tionscnóirí tionscadail na sonraí arna n-iarraidh a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta agus don Ghníomhaireacht.

Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1), (2) agus (3) d’Iarscríbhinn II faoin 24 Aibreán 2023, sa mhéid go mbeidh sonraí ar fáil chun táscairí stóinsithe agus luachanna tagartha stóinsithe a ríomh. Féadfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás na luachanna tagartha sin a úsáid le haghaidh na n-anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh le haghaidh pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais ina dhiaidh sin.

Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, faoin 24 Aibreán 2025.

10.   Faoin 24 Meitheamh 2025, tar éis próiseas forleathan comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, déanfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás samhail a chomhtháthaítear de réir a chéile a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta go comhpháirteach, lena soláthrófar comhsheasmhacht idir modheolaíochtaí aon earnála bunaithe ar thoimhdí coiteanna lena n-áirítear bonneagar tarchurtha leictreachais, gáis agus hidrigine chomh maith le saoráidí stórála, gás nádúrtha leachtaithe agus leictrealóirí, lena gcumhdófar na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I arna dtarraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

11.   Leis an tsamhail dá dtagraítear i mír 10, cumhdófar, ar a laghad, na hidirnaisc idir na hearnálacha ábhartha ag gach céim den phleanáil bonneagair, go sonrach cásanna, teicneolaíochtaí agus réiteach spásúil, sainaithint bearnaí sa bhonneagar go háirithe maidir le hacmhainneachtaí trasteorann, agus measúnú tionscadal.

12.   Tar éis don Choimisiún an tsamhail dá dtagraítear i mír 10 a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 1 go 5, áireofar í sna modheolaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, a leasófar dá réir sin.

13.   Gach 5 bliana ar a laghad, ag tosú óna formheas i gcomhréir le mír 10, agus níos minice nuair is gá, déanfar an tsamhail agus na modheolaíochtaí comhsheasmhacha costais is tairbhe aon earnála a nuashonrú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 7.

Airteagal 12

Cásanna le haghaidh na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana

1.   Faoin 24 Eanáir 2023, déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di próiseas forleathan comhairliúcháin a chur i gcrích lena mbainfidh an Coimisiún, na Ballstáit, an ENTSO don Leictreachas, an ENTSO don Ghás, eintiteas AE do OCDanna agus ar a laghad na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar chomhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, na creat-treoirlínte le haghaidh na gcásanna comhpháirteacha a bheidh le forbairt ag an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a fhoilsiú. Déanfar na treoirlínte sin a nuashonrú go tráthrialta de réir mar is gá.

Bunófar sna treoirlínte critéir maidir le forbairt thrédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus stóinsithe cásanna ina gcuirfear san áireamh dea-chleachtais i réimse an mheasúnaithe ar bhonneagair agus na pleanála maidir le forbairt gréasáin. Beidh sé mar aidhm freisin leis na treoirlínte a áirithiú go bhfuil an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhréir go hiomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus cuirfear san áireamh iontu na cásanna is déanaí atá ar fáil ón gCoimisiún, chomh maith leis na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, nuair is ábhartha.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar maidir le conas is féidir comhlíontacht cásanna le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 a áirithiú. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar an ionchur sin sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás nach ndearna an Ghníomhaireacht na moltaí ó na Ballstáit, ó gheallsealbhóirí agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach a chur san áireamh, nó nár chuir sí san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh sí na cúiseanna leis.

2.   Leanfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás creat-treoirlínte na Gníomhaireachta nuair atá na cásanna comhpháirteacha á bhforbairt acu atá le húsáid le haghaidh na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.

Áireofar dearcadh fadtéarmach go dtí 2050 freisin sna cásanna comhpháirteacha agus áireofar céimeanna idirghabhálacha iontu de réir mar is iomchuí.

3.   Tabharfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás cuireadh do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, chun páirt a ghlacadh sa phróiseas forbartha cásanna, go háirithe maidir le príomhghnéithe amhail toimhdí agus an chaoi a léirítear i sonraí na gcásanna iad.

4.   Foilseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás dréacht-tuarascáil maidir le cásanna comhpháirteacha agus cuirfidh siad faoi bhráid na Gníomhaireachta, na mBallstát agus an Choimisiúin í chun a dtuairim a fháil.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt ar an tuarascáil maidir le cásanna comhpháirteacha.

5.   Laistigh de 3 mhí tar éis an dréacht-tuarascáil maidir le cásanna comhpháirteacha a fháil in éineacht leis an ionchur a fuarthas sa phróiseas comhairliúcháin agus tuarascáil faoin mbealach ar cuireadh san áireamh é, cuirfidh an Ghníomhaireacht a tuairim maidir le comhlíontacht na gcásanna leis na creat-treoirlínte dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, lena n-áirítear moltaí féideartha le haghaidh leasuithe, faoi bhráid an ENTSO don Leictreachas, an ENTSO don Ghás, na mBallstát, agus an Choimisiúin.

Laistigh den teorainn ama chéanna, féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt maidir le comhoiriúnacht na gcásanna le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050.

6.   Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim dá dtagraítear i mír 5 a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit á gcur san áireamh aige, an dréacht-tuarascáil maidir le cásanna comhpháirteacha a fhormheas nó iarrfaidh sé ar an ENTSO don Leictreachas agus ar an ENTSO don Ghás í a leasú.

Tabharfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás na cúiseanna lena mínítear an chaoi ar tugadh aghaidh ar aon iarraidh ar leasuithe ón gCoimisiún.

I gcás nach bhformheasfaidh an Coimisiún an tuarascáil maidir le cásanna comhpháirteacha, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe don ENTSO don Leictreachas agus don ENTSO don Ghás.

7.   Laistigh de 2 sheachtain tar éis fhormheas na tuarascála maidir le cásanna comhpháirteacha i gcomhréir le mír 6, foilseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás ar a suíomh gréasáin í. Foilseoidh siad freisin na sonraí ionchuir agus aischuir comhfhreagracha i bhfoirm atá soiléir agus cruinn go leor go bhféadfaidh tríú páirtí na torthaí a athchruthú, agus aird chuí á tabhairt acu ar an dlí náisiúnta agus ar chomhaontuithe ábhartha rúndachta agus ar fhaisnéis íogair.

Airteagal 13

Sainaithint bearnaí sa bhonneagar

1.   Laistigh de 6 mhí ó fhormheas na tuarascála maidir le cásanna comhpháirteacha de bhun Airteagal 12(6) agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás na tuarascálacha maidir le bearnaí sa bhonneagar arna bhforbairt faoi chreat na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.

Agus measúnú á dhéanamh ar na bearnaí sa bhonneagar, bunóidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a n-anailís ar na cásanna arna mbunú faoi Airteagal 12, cuirfidh siad bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus breithneoidh siad ar bhonn tosaíochta gach rogha mhalartach ábhartha ar bhonneagar nua. Agus réitigh bhonneagair nua á mbreithniú, cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar na costais ábhartha go léir, lena n-áirítear athneartuithe gréasáin.

Leis an measúnú ar bhearnaí sa bhonneagar, díreofar go háirithe ar na bearnaí sin sa bhonneagar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhaint amach spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh agus don aeráid agus do bhaint amach a chuspóra aeráidneodrachta do 2050.

Sula bhfoilseoidh siad a dtuarascálacha faoi seach, seolfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás próiseas forleathan comhairliúcháin lena mbainfidh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta, an Ghníomhaireacht agus ionadaithe uile na mBallstát atá páirteach sna conairí tosaíochta ábhartha maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Cuirfidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a ndréacht-tuarascálacha faoi seach maidir le bearnaí sa bhonneagar faoi bhráid na Gníomhaireachta, an Choimisiúin agus na mBallstát chun a dtuairim a fháil.

3.   Laistigh de 3 mhí tar éis an tuarascáil maidir le bearnaí sa bhonneagar a fháil in éineacht leis an ionchur a fuarthas sa phróiseas comhairliúcháin agus tuarascáil faoin mbealach ar cuireadh san áireamh é, cuirfidh an Ghníomhaireacht a tuairim faoi bhráid an ENTSO don Leictreachas nó an ENTSO don Ghás, faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid na mBallstát, agus cuirfidh sí ar fáil go poiblí í.

4.   Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim ón nGníomhaireacht dá dtagraítear i mír 3 a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh aige agus le hionchur ó na Ballstáit, a thuairim a dhréachtú agus a chur faoi bhráid an ENTSO don Leictreachas nó an ENTSO don Ghás.

5.   Déanfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a dtuarascálacha maidir le bearnaí sa bhonneagar a oiriúnú agus aird chuí á tabhairt acu ar an tuairim ón nGníomhaireacht agus i gcomhréir leis na tuairimí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad.

CAIBIDIL V

Eangacha amach ón gcósta le haghaidh comhtháthú in-athnuaite

Airteagal 14

Eangacha amach ón gcósta a phleanáil

1.   Faoin 24 Eanáir 2023, déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, laistigh dá gconairí tosaíochta sonracha eangaí amach ón gcósta, a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn I, agus sainiúlachtaí agus forbairt i ngach réigiún á gcur san áireamh, comhaontú neamhcheangailteach go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile maidir le spriocanna do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chur i gcrích, ar spriocanna iad a imscarfar laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040, i gcomhréir lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus an acmhainneacht in-athnuaite amach ón gcósta maidir le gach imchuach farraige.

Déanfar an comhaontú neamhcheangailteach sin i scríbhinn maidir le gach imchuach farraige atá nasctha le críoch na mBallstát, agus ní dochar é do cheart na mBallstát tionscadail a fhorbairt ar a bhfarraige theorann agus ina limistéar eacnamaíoch eisiach. Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir leis an obair sna Grúpaí.

2.   Faoin 24 Eanáir 2024 , agus mar chuid de gach plean forbartha gréasáin 10 mbliana ina dhiaidh sin, le rannpháirtíocht na OCTanna ábhartha, na n-údarás inniúil ábhartha, na mBallstát agus an Choimisiúin, agus i gcomhréir leis an gcomhaontú neamhcheangailteach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an ENTSO don Leictreachas pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta a fhorbairt agus a fhoilsiú, mar thuarascáil ar leithligh ar cuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais í, le haghaidh gach imchuach farraige, i gcomhréir leis na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus cosaint an chomhshaoil agus úsáidí eile na farraige á gcur san áireamh.

Agus na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta á bhforbairt laistigh den amlíne dá bhforáiltear i mír 1, breithneoidh an ENTSO don Leictreachas na comhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear i mír 1 chun forbairt a dhéanamh ar chásanna an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.

Leis na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta, soláthrófar peirspictíocht ardleibhéil maidir le cumas na n-acmhainneachtaí giniúna amach ón gcósta agus maidir leis na riachtanais a in eangacha amach ón gcósta a thagann dá bharr, lena n-áirítear na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith le hidirnascairí, tionscadail hibrideacha, naisc ghathacha, athneartuithe agus bonneagar hidrigine.

3.   Beidh na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta comhsheasmhach le pleananna infheistíochta réigiúnacha a fhoilsítear de bhun Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus déanfar iad a chomhtháthú sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais chun forbairt chomhleanúnach ar phleanáil eangaí ar tír agus amach ón gcósta agus na hathneartuithe is gá a áirithiú.

4.   Faoin 24 Nollaig 2024 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit a gcomhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nuashonrú, lena n-áirítear i bhfianaise thorthaí chur i bhfeidhm na hanailíse costais is tairbhe agus na comhroinnte costas i dtaca leis na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta, nuair a thagann na torthaí sin chun bheith ar fáil.

5.   Tar éis gach nuashonraithe ar na comhaontuithe neamhcheangailteacha i gcomhréir le mír 4, déanfaidh an ENTSO don Leictreachas, i gcás gach imchuach farraige, na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta a nuashonrú laistigh de phleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais eile dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 15

Comhroinnt trasteorann costas maidir le heangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite

1.   Faoin 24 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún, le rannpháirtíocht na mBallstát, na OCTanna ábhartha, na Gníomhaireachta agus na n-údarás rialála náisiúnta, treoir a fhorbairt le haghaidh modheolaíocht shonrach chostais is tairbhe agus comhroinnte costas chun na pleananna comhtháite maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta le haghaidh imchuacha farraige dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na comhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 14(1). Beidh an treoir sin comhoiriúnach le hAirteagal 16(1). Déanfaidh an Coimisiún a threoir a nuashonrú nuair is iomchuí, agus torthaí a cur chun feidhme á gcur san áireamh.

2.   Faoin 24 Meitheamh 2025, déanfaidh an ENTSO don Leictreachas torthaí chur i bhfeidhm an chostais is tairbhe agus na comhroinnte costas ar na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta a thíolacadh, le rannpháirtíocht na OCTanna ábhartha, na Gníomhaireachta, na n-údarás rialála náisiúnta agus an Choimisiúin.

CAIBIDIL VI

Creat rialála

Airteagal 16

Infheistíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu a chumasú

1.   Na costais infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil, nach bhfuil costais chothabhála san áireamh iontu, a bhaineann le tionscadal leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II agus tionscadail leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, i gcás ina dtagann siad faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta i ngach Ballstát lena mbaineann, ní mór don OCT ábhartha nó do thionscnóirí tionscadail an bhonneagair tarchurtha sna Ballstáit ina bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal na costais sin a íoc, agus, sa mhéid nach gcumhdaítear le cíosanna ó phlódú ná le muirir eile, íocfaidh úsáideoirí gréasáin astu trí tharaifí a ghearrfar as rochtain ar an ngréasán sa Bhallstát sin nó sna Ballstáit sin.

2.   Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le tionscadal leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d), (f) agus pointe (3) d’Iarscríbhinn II, i gcás ina n-iarrann tionscnóir tionscadail amháin ar a laghad ar na húdaráis náisiúnta ábhartha iad a chur i bhfeidhm le haghaidh chostais an tionscadail.

Féadfaidh tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) agus i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II tairbhiú d’fhorálacha an Airteagail seo i gcás ina n-iarrann tionscnóir tionscadail amháin ar a laghad ar na húdaráis náisiúnta ábhartha é a chur i bhfeidhm.

I gcás ina mbeidh roinnt tionscnóirí tionscadail ag tionscadal, iarrfaidh na húdaráis rialála náisiúnta gan mhoill ar na tionscnóirí tionscadail uile an iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh go comhpháirteach i gcomhréir le mír 4.

3.   I gcás tionscadal leasa choitinn a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir leis, coinneoidh na tionscnóirí tionscadail gach údarás rialála náisiúnta ábhartha ar an eolas go tráthrialta, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, agus go dtí go gcoimisiúnófar an tionscadal, maidir le dul chun cinn an tionscadail agus maidir le sainaithint na gcostas agus an tionchair a bhaineann leis.

4.   A luaithe a bheidh tionscadal leasa choitinn den sórt sin tar éis aibíocht leordhóthanach a bhaint amach, agus a mheasfar é a bheith réidh le tús a chur leis an gcéim thógála laistigh de na chéad 36 mhí eile, déanfaidh na tionscnóirí tionscadail, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna ó na Ballstáit a fhaigheann glantionchar dearfach suntasach uaidh, iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh. Cuirfear san áireamh san iarraidh sin ar infheistíocht iarraidh ar leithdháileadh trasteorann costas agus cuirfear faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha go léir lena mbaineann í, mar aon leis an méid seo a leanas ar fad:

(a)

anailís chostais is tairbhe thionscadalsonrach atá cothrom le dáta agus comhsheasmhach leis an modheolaíocht arna tarraingt suas de bhun Airteagal 11 agus aird á tabhairt ar thairbhí lasmuigh de theorainneacha na mBallstát a bhfuil an tionscadal lonnaithe ina gcríoch trí na cásanna comhpháirteacha arna mbunú chun forbairt gréasáin a phleanáil dá dtagraítear in Airteagal 12, ar a laghad, a bhreithniú. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad sin comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as aon chásanna breise a mheasúnú agus as a áirithiú go gcomhlíonann siad an mhír seo;

(b)

plean gnó ina ndéantar meastóireacht ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail, lena n-áirítear an réiteach maoinithe a roghnaíodh agus, i gcás tionscadal leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, torthaí na tástála margaidh;

(c)

i gcás ina bhfuil tionscnóirí tionscadail ar aon intinn faoi, togra réasúnaithe le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann.

I gcás ina bhfuil tionscadal á chur chun cinn ag roinnt tionscnóirí tionscadail, tíolacfaidh siad a n-iarraidh ar infheistíocht go comhpháirteach.

Tar éis dóibh í a fháil, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha cóip de gach iarraidh ar infheistíocht a tharchur chuig an nGníomhaireacht, gan mhoill, chun críoch faisnéise.

Coinneoidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.

5.   Laistigh de 6 mhí ón dáta a fhaigheann an ceann deireanach de na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an iarraidh ar infheistíocht, déanfaidh na húdaráis sin cinntí comhpháirteacha comhordaithe, tar éis dul i gcomhairle leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil agus atá le híoc ag gach oibreoir córais le haghaidh an tionscadail, agus maidir leis na costais sin a áireamh sna taraifí, nó maidir le diúltú don iarraidh ar infheistíocht, go hiomlán nó go páirteach, má chinntear san anailís choiteann a dhéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha nach n-éiríonn leis an tionscadal nó le cuid de glantairbhe shuntasach a sholáthar in aon cheann de Bhallstáit na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na costais infheistíochta ábhartha arna dtabhú go héifeachtúil a áireamh i dtaraifí, mar a shainmhínítear sa mholadh dá dtagraítear i mír 11, i gcomhréir le leithdháileadh na gcostas atá le híoc ag gach oibreoir córais le haghaidh an tionscadail. Maidir le tionscadail atá ar chríocha a mBallstát faoi seach, measfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, ina dhiaidh sin, i gcás inarb iomchuí, an bhféadfadh aon saincheisteanna inacmhainneachta teacht chun cinn mar gheall ar na costais infheistíochta a bheith san áireamh i dtaraifí.

Agus na costais á leithdháileadh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha aird:

(a)

ar na cíosanna ó phlódú nó ar na muirir eile iarbhír nó mheasta,

(b)

ar na hioncaim iarbhír nó mheasta a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha arna bhunú faoi Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/943.

Le leithdháileadh na gcostas thar theorainneacha, cuirfear san áireamh costais agus tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na dtionscadal sna Ballstáit lena mbaineann agus an gá le creat maoinithe cobhsaí a áirithiú le haghaidh fhorbairt na dtionscadal leasa choitinn fad atá an gá le tacaíocht airgeadais á íoslaghdú ag an am céanna.

Agus costais á leithdháileadh thar theorainneacha, féachfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna lena mbaineann, le comhaontú frithpháirteach a bhaint amach a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, ach nach mbeidh teoranta di. Ina measúnú, breithneofar na cásanna ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 12 agus cásanna eile maidir le pleanáil forbartha gréasáin, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le beartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12.

I gcás ina maolaíonn tionscadal leasa choitinn seachtrachtaí diúltacha, amhail lúbshreabha, agus i gcás ina gcuirtear an tionscadal leasa choitinn sin chun feidhme sa Bhallstát arb é is bunphointe don tseachtracht dhiúltach, ní fhéachfar ar mhaolú den sórt sin mar thairbhe trasteorann agus, dá bhrí sin, ní bheidh sé ina bhonn le costais a leithdháileadh ar OCT na mBallstát a ndéanann na seachtrachtaí diúltacha sin difear dóibh.

6.   Costais iarbhír arna dtabhú ag OCT nó ag tionscnóir tionscadail eile i ngeall ar infheistíochtaí, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, ar bhonn an leithdháilte costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, na costais sin a chur san áireamh agus taraifí á socrú nó á bhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 41(1), pointe (a), de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 59(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944, a mhéid go bhfreagraíonn na costais sin do chostais oibreora atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de.

Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha fógra don Ghníomhaireacht. gan mhoill. faoin gcinneadh maidir le leithdháileadh costas, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha go léir i dtaca leis an gcinneadh sin. Go háirithe, leagfar amach sa chinneadh maidir le leithdháileadh costas cúiseanna mionsonraithe maidir le leithdháileadh costas i measc na mBallstát, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)

meastóireacht ar an tionchar sainaitheanta ar gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear iadsan a bhaineann le taraifí gréasáin;

(b)

meastóireacht ar an bplean gnó dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b);

(c)

seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht, a ghinfeadh an tionscadal;

(d)

toradh an chomhairliúcháin leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann.

Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh costas.

7.   I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar infheistíocht laistigh de 6 mhí ón dáta a fhaigheann an ceann deireanach de na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an iarraidh, cuirfidh siad an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.

Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig an nGníomhaireacht, an cinneadh faoin iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5.

Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis na tionscnóirí tionscadail. Féadfar an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír a fhadú 2 mhí i gcás ina n-iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil.

I measúnú na Gníomhaireachta, breithneofar na cásanna ábhartha uile arna mbunú faoi Airteagal 12 agus cásanna eile maidir le pleanáil forbartha gréasáin, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le spriocanna bheartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12.

Ina cinneadh maidir leis an iarradh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann, fágfaidh an Ghníomhaireacht faoi na húdaráis náisiúnta ábhartha é tráth chur chun feidhme an chinnidh sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a ndéantar costais infheistíochta a áireamh sna taraifí i gcomhréir leis an leithdháileadh costas trasteorann a forordaíodh.

Foilseofar an cinneadh maidir leis an iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh trasteorann costas. Beidh feidhm ag Airteagal 25(3) agus Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942.

8.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cóip de na cinntí uile maidir le leithdháileadh costas, i dteannta na faisnéise ábhartha uile maidir le gach cinneadh, don Choimisiún gan mhoill. Féadfar an fhaisnéis sin a thíolacadh i bhfoirm chomhiomlán. Coinneoidh an Coimisiún aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.

9.   Ní bheidh tionchar ag cinntí maidir le leithdháileadh na gcostas ar an gceart atá ag OCTanna táillí a chur i bhfeidhm ná ar an gceart atá ag údaráis rialála náisiúnta táillí a fhormheas le haghaidh rochtain ar ghréasáin i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(3) go (6) de Rialachán (AE) 2019/943, Airteagal 32 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944.

10.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tionscadail leasa choitinn a bhfuil díolúine faighte acu ón méid seo a leanas:

(a)

Airteagail 32, 33 agus 34 agus Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE, de bhun Airteagal 36 den Treoir sin;

(b)

Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944, de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;

(c)

rialacha maidir le díchuachadh nó rochtain tríú páirtí, de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) nó de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.

11.   Faoin 24 Meitheamh 2023, glacfaidh an Ghníomhaireacht moladh chun dea-chleachtais a shainaithint chun iarrataí infheistíochta le haghaidh tionscadail leasa choitinn a láimhseáil. Nuashonrófar an moladh sin go tráthrialta, de réir mar is gá, go háirithe chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na prionsabail maidir le comhroinnt trasteorann costas na n-eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 15(1). Agus an moladh á ghlacadh nó á leasú aici, cuirfidh an Ghníomhaireacht próiseas comhairliúcháin forleathan i gcrích a mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile páirteach ann.

12.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le tionscadail chomhleasa.

Airteagal 17

Dreasachtaí rialála

1.   I gcás ina dtabhaíonn tionscnóir tionscadail rioscaí níos airde maidir le forbairt, tógáil, feidhmiú nó cothabháil tionscadail leasa choitinn a thagann faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta, nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na rioscaí arna dtabhú ag tionscadal bonneagair inchomparáide de ghnáth, féadfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála náisiúnta dreasachtaí iomchuí a dheonú don tionscadal sin i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(3) go (6), de Rialachán (AE) 2019/943, Airteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 58, pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil díolúine faighte ag an tionscadal leasa choitinn:

(a)

ó Airteagail 32, 33, agus 34 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 36 den Treoir sin;

(b)

ó Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó ó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;

(c)

de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE;

(d)

de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

2.   I gcás cinneadh lena ndéantar na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú, breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta torthaí na hanailíse costais is tairbhe atá comhsheasmhach leis an modheolaíocht arna tarraingt suas de bhun Airteagal 11 agus go háirithe na seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais arna nginiúint ag an tionscadal. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuilleadh anailíse ar na rioscaí sonracha arna dtabhú ag na tionscnóirí tionscadail, ar na bearta maolaithe riosca arna ndéanamh agus ar na cúiseanna atá leis an bpróifíl riosca i bhfianaise an ghlantionchair dhearfaigh arna chur ar fáil ag an tionscadal, i gcomparáid le rogha eile lena mbaineann riosca níos ísle. Áireofar go háirithe ar rioscaí incháilithe rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua tarchurtha, ar tír agus amach ón gcósta araon, rioscaí a bhaineann le haisghabháil neamhiomlán costas agus rioscaí forbartha.

3.   Sa chinneadh chun na dreasachtaí a dheonú, cuirfear cineál sonrach an riosca arna thabhú san áireamh agus féadfar dreasachtaí a dheonú a chumhdóidh, inter alia, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a)

na rialacha maidir le hinfheistíocht oirchilleach;

(b)

na rialacha maidir le sainaithint costas arna dtabhú go héifeachtúil roimh choimisiúnú an tionscadail;

(c)

na rialacha lena ndéantar foráil do thoradh breise a fháil ar an gcaipiteal arna infheistiú le haghaidh an tionscadail;

(d)

aon bheart eile a mheastar a bheith riachtanach agus iomchuí.

4.   Faoin 24 Eanáir 2023, cuirfidh gach údarás rialála náisiúnta faoi bhráid na Gníomhaireachta a mhodheolaíocht agus na critéir arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair fuinnimh agus ar na rioscaí níos airde arna dtabhú leis na tionscadail sin, arna nuashonrú i bhfianaise na bhforbairtí reachtacha, beartais, teicniúla agus margaidh is déanaí. Leis an modheolaíocht agus na critéir sin tabharfar aghaidh go sainráite freisin ar na rioscaí sonracha arna dtabhú ag eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear i bpointe (1)(f) d’Iarscríbhinn II agus ag tionscadail a thabhaíonn caiteachas oibríochtúil suntasach cé go bhfuil caiteachas caipitil íseal acu.

5.   Faoin 24 Meitheamh 2023, agus aird chuí á tabhairt ar an bhfaisnéis a fuarthas de bhun mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhroinnt dea-chleachtas a éascú agus déanfaidh sí moltaí i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2019/942:

(a)

maidir leis na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn thagarmharcáil an dea-chleachtais arna déanamh ag údaráis rialála náisiúnta;

(b)

maidir le modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí níos airde arna dtabhú i gcás infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair fuinnimh.

6.   Faoin 24 Meán Fómhair 2023, foilseoidh gach údarás rialála náisiúnta a mhodheolaíocht agus na critéir arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair fuinnimh agus ar na rioscaí níos airde arna dtabhú leo.

7.   Nuair nach leordhóthanach iad na bearta dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 chun cur chun feidhme tráthúil na dtionscadal leasa choitinn a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir leis na dreasachtaí a leagtar síos san Airteagal seo.

CAIBIDIL VII

Maoiniú

Airteagal 18

Incháilitheacht na dtionscadal le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) 2021/1153

1.   Beidh tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 24 agus Iarscríbhinn II incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh staidéir agus ionstraimí airgeadais.

2.   Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 24 agus i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo uile a leanas leo:

(a)

leis an anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach arna déanamh de bhun Airteagal 16(4), pointe (a), cuirtear fianaise ar fáil maidir le seachtrachtaí suntasacha dearfacha a bheith ann, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht;

(b)

tá cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann faighte ag an tionscadal de bhun Airteagal 16 nó, a mhéid a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, i gcás nach dtagann siad faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta agus nach bhfaigheann siad cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an tionscadal seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha, tugtar nuálaíocht theicneolaíoch isteach leis agus áirithítear sábháilteacht oibriú na heangaí trasteorann leis;

(c)

ní féidir an tionscadal a mhaoiniú tríd an margadh nó tríd an gcreat rialála i gcomhréir leis an bplean gnó agus le measúnuithe eile, go háirithe na cinn sin a rinne infheisteoirí ionchasacha, creidiúnaithe nó an t-údarás rialála náisiúnta, agus aird á tabhairt ar aon chinneadh maidir le dreasachtaí agus cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth a mheastar an gá atá ag an tionscadal cúnamh airgeadais ón Aontas a fháil.

3.   Maidir leis na tionscadail leasa choitinn a dhéantar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7), pointe (d), beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) agus pointí (2) agus (5) d’Iarscríbhinn II, beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha, i gcás inar féidir leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, i meastóireacht arna déanamh ag an údarás náisiúnta ábhartha nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás rialála náisiúnta, seachtrachtaí suntasacha dearfacha a thagann as na tionscadail a léiriú go soiléir, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht, arna nginiúint leis na tionscadail, agus más féidir leo fianaise shoiléir a sholáthar maidir leis an easpa inmharthanachta a bhaineann leo ó thaobh na tráchtála de, i gcomhréir leis an anailís costais is tairbhe, an plean gnó agus na measúnuithe arna ndéanamh, go háirithe ag infheisteoirí ionchasacha nó ag creidiúnaithe ionchasacha nó, i gcás inarb infheidhme, ag údarás rialála náisiúnta.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le tionscadail chomhleasa.

Beidh tionscadail chomhleasa incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1153. Sa mhéid a bhaineann le deontais le haghaidh oibreacha, beidh tionscadail chomhleasa incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus i gcás ina rannchuidíonn an tionscadal le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais.

Airteagal 19

Treoir maidir leis na critéir dhámhachtana do chúnamh airgeadais ón Aontas

Beidh feidhm ag na critéir shonracha a leagtar amach in Airteagal 4(3) den Rialachán seo agus na paraiméadair a leagtar amach in Airteagal 4(5) den Rialachán seo chun críche critéir dhámhachtana a bhunú le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i Rialachán (AE) 2021/1153. Maidir le tionscadail leasa choitinn a thagann faoi Airteagal 24 den Rialachán seo, beidh feidhm ag na critéir maidir le comhtháthú an mhargaidh, slándáil an tsoláthair, iomaíocht agus inbhuanaitheacht.

CAIBIDIL VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 23 Meitheamh 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 21

Tuairisciú agus meastóireacht

Faoin 30 Meitheamh 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur chun feidhme tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Soláthrófar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus, i gcás inarb ábhartha, moilleanna ar an gcur chun feidhme agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;

(b)

na cistí arna n-úsáid agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais, i gcomparáid le luach iomlán na dtionscadal arna gcistiú atá ar liosta an Aontais;

(c)

an dul chun cinn atá déanta i dtéarmaí comhtháthaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe trí phleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais;

(d)

maidir leis na hearnálacha leictreachais agus gáis in-athnuaite nó ísealcharbóin lena n-áirítear hidrigin, an éabhlóid ar leibhéal an idirnaisc idir na Ballstáit, an éabhlóid chomhfhreagrach ar na praghsanna fuinnimh, chomh maith le líon na n-uaireanta a chlis an córas gréasáin, na cúiseanna leis sin agus an costas gaolmhar eacnamaíoch;

(e)

an próiseas deonaithe ceadanna agus rannpháirtíocht phoiblí, go háirithe:

(i)

meántréimhse iomlán agus uastréimhse iomlán an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais, lena n-áirítear fad tréimhse gach céime den nós imeachta réamhiarratais, i gcomparáid leis an uainiú a fhoráiltear leis na mór-gharspriocanna tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(6);

(ii)

an leibhéal freasúra i gcoinne tionscadal ar liosta an Aontais, go háirithe líon na n-agóidí i scríbhinn le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí agus líon na ngníomhaíochtaí ina mbíonn caingean dlí;

(iii)

na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí;

(iv)

na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le maolú ar thionchair ar an gcomhshaol, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide, le linn próisis deonaithe ceadanna agus cur chun feidhme tionscadal;

(v)

éifeachtacht na scéimeanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) maidir le comhlíonadh na dteorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).

(f)

láimhseáil rialála, go háirithe:

(i)

líon na dtionscadal leasa choitinn ar ina leith a tugadh cinneadh maidir le leithdháileadh trasteorann costas de bhun Airteagal 16;

(ii)

líon agus cineál na dtionscadal leasa choitinn a fuair dreasachtaí sonracha de bhun Airteagal 17;

(g)

a éifeachtaí atá an Rialachán seo maidir le rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.

Airteagal 22

Athbhreithniú

Faoin 30 Meitheamh 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, ar bhonn thorthaí an tuairiscithe agus na meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Rialachán seo, agus ar bhonn an fhaireacháin, an tuairiscithe agus na meastóireachta a dhéantar de bhun Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2021/1153.

Airteagal 23

Faisnéis agus poiblíocht

Bunóidh an Coimisiún ardán trédhearcachta a bheidh inrochtana go héasca ar an idirlíon ag an bpobal i gcoitinne agus coinneoidh sé ar bun é. Déanfar an t-ardán a nuashonrú go tráthrialta le faisnéis ó na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(4) agus ón suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7). Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an ardán:

(a)

faisnéis ghinearálta nuashonraithe, lena n-áirítear faisnéis gheografach, le haghaidh gach tionscadal atá ar liosta an Aontais;

(b)

an plean cur chun feidhme mar a leagtar amach é in Airteagal 5(1) le haghaidh gach tionscadal atá ar liosta an Aontais, arna chur i láthair ar bhealach lena gceadófar measúnú a dhéanamh tráth ar bith ar an dul chun cinn maidir lena chur chun feidhme;

(c)

na príomhthairbhí a bhfuiltear ag dréim leo agus a mhéid a chuireann siad leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus costais na dtionscadal, ach amháin aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de;

(d)

liosta an Aontais;

(e)

na cistí arna leithdháileadh agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh na dtionscadal uile ar liosta an Aontais.

(f)

na naisc leis an lámhleabhar náisiúnta nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9;

(g)

na staidéir ar imchuacha farraige agus na pleananna atá ann cheana do gach conair tosaíochta eangaí amach ón gcósta, gan aon chearta maoine intleachtúla a shárú.

Airteagal 24

Maolú maidir le hidirnaisc don Chipir agus do Mhálta

1.   I gcás na Cipire agus Mhálta, nach bhfuil idirnasctha leis an ngréasán gáis tras-Eorpach, beidh feidhm ag maolú ar Airteagal 3, Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), Airteagal 4(5), Airteagal 16(4), pointe (a), agus Iarscríbhinní I, II agus III, gan dochar d’Airteagal 32(2). Coinneofar an stádas tionscadail leasa choitinn atá ag idirnasc amháin le haghaidh gach ceann de na Ballstáit sin faoin Rialachán seo leis na cearta agus na hoibleagáidí ábhartha go léir, i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an idirnasc sin:

(a)

tá sé á fhorbairt nó á phleanáil an 23 Meitheamh 2022;

(b)

tugadh stádas tionscadail leasa choitinn dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013; agus

(c)

tá sé riachtanach chun idirnasc buan na mBallstát sin leis an ngréasán gáis tras-Eorpach a dhaingniú.

Leis na tionscadail sin, áiritheofar go mbeidh an cumas ann amach anseo margaí nua fuinnimh, lena n-áirítear hidrigin, a rochtain.

2.   Cuirfidh na tionscnóirí tionscadail fianaise leordhóthanach ar fáil do na Grúpaí ábhartha maidir leis an gcaoi a dtabharfaidh na hidirnaisc dá dtagraítear i mír 1 rochtain ar mhargaí nua fuinnimh, lena n-áirítear hidrigin, i gcomhréir le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais. Áireofar i bhfianaise den sórt sin measúnú ar an soláthar agus an t-éileamh don hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin mar aon le ríomh an laghdaithe ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna chumasú ag an tionscadal.

Fíoróidh an Coimisiún an measúnú agus an ríomh sin go tráthrialta, mar aon le cur chun feidhme tráthúil an tionscadail.

3.   I dteannta na gcritéar sonrach a leagtar amach in Airteagal 19 maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas, déanfar na hidirnaisc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhearadh d’fhonn rochtain ar mhargaí fuinnimh a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear hidrigin, a áirithiú, ní thiocfaidh fadú ar shaolré na sócmhainní gáis nádúrtha astu agus áiritheofar idir-inoibritheacht na ngréasán comharsanach thar theorainneacha leo. An 31 Nollaig 2027, tiocfaidh deireadh le haon incháilitheacht le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Airteagal 18.

4.   Léireofar go soiléir in aon iarraidh ar chúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh oibreacha an aidhm an tsócmhainn a thiontú ina sócmhainn atá tiomnaithe don hidrigin faoi 2036, más féidir de réir dhálaí an mhargaidh, trí bhíthin treochlár le hamlíne bheacht.

5.   Beidh feidhm ag an maolú a leagtar amach i mír 1 go dtí go mbeidh an Chipir nó Málta, faoi seach, idirnasctha go díreach leis an ngréasán gáis tras-Eorpach nó go dtí an 31 Nollaig 2029, cibé acu is túisce.

Airteagal 25

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009

In Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘10.   Gach 2 bhliain, glacfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail dá dtagraítear i mír 3, pointe (b). Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháite, lena n-áirítear gréasáin hidrigine, forbairt cásanna, dearcadh Eorpach i leith leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar athléimneacht an chórais sa phlean forbartha uile-Chomhphobail.’.

Airteagal 26

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/942

In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/942, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c)

na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5, Airteagal 11(3), Airteagal 11(6) go (9), Airteagail 12, 13 agus 17 agus i Roinn 2, pointe (12), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) a chur i gcrích;

(d)

cinntí a dhéanamh maidir le hiarrataí ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann de bhun Airteagal 16(7) de Rialachán (AE) 2022/869;

Airteagal 27

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/943

In Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2019/943, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Cuimseofar sa phlean forbartha uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (b), samhaltú an ghréasáin chomhtháite, lena n-áirítear forbairt cásanna agus measúnú ar athléimneacht an chórais. Beidh na paraiméadair ionchuir ábhartha don samhaltú amhail toimhdí maidir le praghsanna breosla agus carbóin nó suiteáil foinsí in-athnuaite ag teacht go hiomlán leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a forbraíodh de bhun Airteagal 23.’.

Airteagal 28

Leasú ar Threoir 2009/73/CE

In Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(v)

na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 5(7) agus Airteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) a chur i gcrích.

Airteagal 29

Leasú ar Threoir (AE) 2019/944

In Airteagal 59(1) de Threoir (AE) 2019/944, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(aa)

na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 5(7) agus Airteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) a chur i gcrích.

Airteagal 30

Forálacha idirthréimhseacha

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do dheonú, leanúint ná modhnú an chúnaimh airgeadais arna dheonú ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33).

Ní bheidh feidhm ag Caibidil III maidir le tionscadail leasa choitinn atá curtha isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna agus a ndearna tionscnóir tionscadail comhad iarratais a thíolacadh ina leith roimh an 16 Samhain 2013.

Airteagal 31

Tréimhse idirthréimhseach

1.   Le linn idirthréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2029, féadfar sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin arna dtiontú ó shócmhainní gáis nádúrtha a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a úsáid chun cumasc réamhshainithe hidrigine le gás nádúrtha nó le bithmheatán a iompar nó a stóráil.

2.   Le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 1, comhoibreoidh na tionscnóirí tionscadail go dlúth maidir le dearadh agus cur chun feidhme na dtionscadal chun idir-inoibritheacht gréasán comharsanach a áirithiú.

3.   Tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fianaise leordhóthanach, lena n-áirítear trí chonarthaí tráchtála, ina léireofar conas a scoirfidh na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo de bheith ina sócmhainní gáis nádúrtha agus conas a dhéanfar sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin díobh, mar a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, agus conas a chumasófar úsáid mhéadaithe na hidrigine le linn na hidirthréimhse. Áireofar i bhfianaise den sórt sin measúnú ar an soláthar agus an t-éileamh don hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin mar aon le ríomh an laghdaithe ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna chumasú ag an tionscadal. I gcomhthéacs an fhaireacháin a dhéantar ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn, fíoróidh an Ghníomhaireacht an t-aistriú tráthúil den tionscadal chuig sócmhainn atá tiomnaithe don hidrigin mar a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II.

4.   An 31 Nollaig 2027, tiocfaidh deireadh le hincháilitheacht tionscadal dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le haghaidh cúnamh airgeadais an Aontais faoi Airteagal 18.

Airteagal 32

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 amhail ón 23 Meitheamh 2022. Ní thiocfaidh aon chearta aníos faoin Rialachán seo i gcás na dtionscadal a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, maidir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/564 ón gCoimisiún (34) , ina bhfuil an cúigiú liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn, agus maidir le hAirteagail 2 go 10, Airteagail 12, 13 agus 14, agus Iarscríbhinní I go IV agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu agus beidh éifeacht acu maidir leis na tionscadail leasa choitinn a áiríodh ar an gcúigiú liosta de chuid an Aontais go dtí go dtiocfaidh an chéad liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa arna bhunú de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm.

3.   D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, tionscadail a áiríodh sa chúigiú liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus ar glacadh le comhad iarratais ina leith lena scrúdú ag an údarás inniúil, bainfidh siad leas as na gcearta agus as na hoibleagáidí a eascraíonn as Caibidil III den Rialachán seo ar feadh tréimhse 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO C 220, 9.6.2021, lch. 51.

(2)   IO C 440, 29.10.2021, lch. 105.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022.

(4)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(5)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(8)   IO C 371, 15.9.2021, lch. 68.

(9)  Treoir (AE) 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/AE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(10)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO J 158, 14.6.2019, lch. 125).

(11)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(12)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(13)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).

(15)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(16)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(17)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(18)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(19)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

(20)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(21)   IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(22)   IO C 104, 24.4.1992, lch. 7.

(23)  Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí, (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).

(24)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 lena mbunaítear sásra maoiniúcháin an Aontais um fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

(28)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(29)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(30)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollag 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L, 328, 21.12.2018, lch. 82).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 15).

(33)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010, (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(34)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/564 an 19 Samhain 2021 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta tionscadal leasa choitinn an Aontais (IO L 109, 8.4.2022, lch. 14).


IARSCRÍBHINN I

CONAIRÍ AGUS RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA MAIDIR LE BONNEAGAR FUINNIMH

(dá dtagraítear in Airteagal 1(1))

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na conairí agus réimsí tosaíochta seo a leanas maidir le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh:

1.   CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LEICTREACHAIS

(1)

Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (ITT leictreachas an Iarthair): idirnaisc idir Ballstáit an réigiúin agus limistéar na Meánmhara lena n-áirítear leithinis na hIbéire, go háirithe chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú, bonneagair eangaí inmheánaí a athneartú chun comhtháthú margaidh sa réigiún a chothú agus chun deireadh a chur le leithlisiú na hÉireann, agus a áirithiú go ndéanfar na faduithe is gá ar eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus na hathneartuithe is gá ar an eangach ar tír chun eangach tarchurtha leormhaith agus iontaofa a áirithiú agus chun leictreachas arna ghiniúint amach ón gcósta a sholáthar do Bhallstáit thalamhiata.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil.

(2)

Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (ITT Leictreachas an Oirthir): idirnaisc agus línte inmheánacha i dtreonna Thuaidh-Theas agus Soir-Siar chun an margadh inmheánach a chur i gcrích, chun giniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú agus chun deireadh a chur le leithlisiú na Cipire, agus a áirithiú go ndéanfar na faduithe is gá ar eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus na hathneartuithe is gá ar an eangach ar tír chun eangach tarchurtha leormhaith agus iontaofa a áirithiú agus chun leictreachas arna ghiniúint amach ón gcósta a sholáthar do Bhallstáit thalamhiata.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Chróit, an Ghréig, an Chipir, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.

(3)

Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa leictreachas (Leictreachas PIMBF): idirnaisc idir na Ballstáit agus línte inmheánacha sa réigiún Baltach, chun comhtháthú an mhargaidh a chothú agus an sciar den fhuinneamh in-athnuaite atá ag dul i méid sa réigiún a chomhtháthú ag an am céanna.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.

2.   CONAIRÍ TOSAÍOCHTA EANGAÍ AMACH ÓN gCÓSTA

(4)

Eangacha amach ón gcósta sna Mara Thuaidh (EACMT): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann, sa Mhuir Cheilteach, i Muir nIocht, agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír, agus an tSualainn;

(5)

Eangacha amach ón gcósta de chuid an Phlean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (PIMBF amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara i Muir Bhailt agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: An Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.

(6)

Eangacha amach ón gcósta de chuid an Deiscirt agus an Iarthair (EDI amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mheánmhuir, lena n-áirítear Murascaill Cadiz, agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Málta agus an Phortaingéil.

(7)

Eangacha amach ón gcósta de chuid an Deiscirt agus an Oirthir (EDO amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an Chróit, an Ghréig, an Iodáil, an Chipir, an Rómáin agus an tSlóivéin.

(8)

Eangacha Atlantacha amach ón gcósta: forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, forbairt eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta agus na hidirnascairí gaolmhara san Aigéan Atlantach Thuaidh chun leictreachas a iompar ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála agus chun malartú leictreachais trasteorann a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: Éire, an Spáinn, an Fhrainc agus an Phortaingéil.

3.   CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LE hAGHAIDH HIDRIGINE AGUS LEICTREALÓIRÍ

(9)

Idirnaisc hidrigine in Iarthar na hEorpa (HI an Iarthair): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.

Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil.

(10)

Idirnaisc hidrigine i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (HI an Oirthir): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.

Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.

(11)

Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach sa hidrigin (Hidrigin PIMBF): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.

Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.

4.   RÉIMSÍ TÉAMACHA TOSAÍOCHTA

(12)

Úsáid eangach cliste leictreachais: teicneolaíochtaí eangaí cliste a ghlacadh ar fud an Aontais chun iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí uile atá nasctha leis an ngréasán leictreachais a chomhtháthú go héifeachtúil, go háirithe giniúint méideanna móra leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó leithdháilte fuinnimh agus freagairt ar éileamh ó thomhaltóirí, stóráil fuinnimh, feithiclí leictreacha agus foinsí solúbthachta eile atá ar fáil agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.

(13)

Gréasán dé-ocsaíde carbóin trasteorann: bonneagar a fhorbairt chun dé-ocsaíd charbóin a iompar agus a stóráil idir na Ballstáit agus le tríú tíortha comharsanachta, ar bonneagar é lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a ghabháil agus a stóráil, arna gabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha ar mhaithe le buanstóráil gheolaíoch chomh maith le dé-ocsaíd charbóin a úsáid le haghaidh gáis bhreosla shintéisigh lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a neodrú go buan.

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.

(14)

Eangacha cliste gáis: teicneolaíochtaí eangaí cliste gáis a ghlacadh ar fud an Aontais chun iolrachas foinsí gáis ísealcharbóin agus foinsí gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú sa ghréasán gáis go héifeachtúil, tacú le glacadh réiteach nuálach agus digiteach maidir le bainistiú gréasáin agus comhtháthú na hearnála cliste fuinnimh agus freagairt don éileamh a éascú, lena n-áirítear na huasghráduithe fisiciúla gaolmhara má tá sé fíor-riachtanach d’fheidhmiú an trealaimh agus na suiteálacha chun gáis ísealcharbóin agus gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú.

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.


IARSCRÍBHINN II

CATAGÓIRÍ BONNEAGAIR FUINNIMH

Is iad seo a leanas na catagóirí bonneagair fuinnimh atá le forbairt chun na tosaíochtaí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme:

(1)

maidir leis an leictreachas:

(a)

línte tarchurtha lasnairde ardvoltais agus fíor-ardvoltais a thrasnaíonn teorainn nó laistigh de chríoch Ballstáit, lena n-áirítear an limistéar eacnamaíoch eisiach, más rud é gur dearadh iad le haghaidh voltais de 220 kV nó níos mó, agus cáblaí tarchurtha faoi thalamh agus fomhuirí, más rud é gur dearadh iad le haghaidh voltais de 150 kV nó níos mó. I gcás Ballstáit agus córais bheaga scoite a bhfuil córas tarchurtha foriomlán de voltas níos ísle acu, is ionann na tairseacha voltais sin agus an leibhéal voltais is airde ina gcórais leictreachais faoi seach;

(b)

aon trealamh nó aon suiteáil a thagann faoi chuimsiú na catagóire bonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) lena gcumasaítear tarchur leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta ó láithreáin ghiniúna amach ón gcósta (bonneagar fuinnimh le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta);

(c)

saoráidí stórála fuinnimh, i bhfoirm aonair nó i bhfoirm chomhbhailithe, a úsáidtear chun fuinneamh a stóráil ar bhonn buan nó ar bhonn sealadach i mbonneagar os cionn talún nó faoi thalamh nó ar láithreáin gheolaíocha, ar choinníoll go bhfuil siad ceangailte go díreach de línte tarchurtha ardvoltais agus línte dáileacháin a ceapadh le haghaidh voltais de 110 kV nó níos mó. I gcás Ballstáit agus córais bheaga scoite a bhfuil córas tarchurtha foriomlán de voltas níos ísle acu, is ionann na tairseacha voltais sin agus an leibhéal voltais is airde ina gcórais leictreachais faoi seach;

(d)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte slán éifeachtúil na gcóras dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe ar gach leibhéal voltais agus ag gach fostáisiún;

(e)

eangacha cliste leictreachais: aon trealamh nó suiteáil, córais dhigiteacha agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), trí ardáin dhigiteacha oibríochtúla, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite ar an leibhéal tarchurtha agus ar leibhéal dáileacháin meánvoltais agus ardvoltais araon, arb é is aidhm dóibh gréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachais níos éifeachtúla agus níos cliste a áirithiú, acmhainneacht mhéadaithe chun cineálacha nua giniúna, stórála fuinnimh agus ídithe a chomhtháthú agus trí shamhlacha nua gnó agus struchtúir mhargaidh a éascú, lena n-áirítear infheistíochtaí in oileáin agus i gcórais oileánda chun leithlisiú fuinnimh a laghdú, chun tacú le réitigh nuálacha agus eile ina bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad a bhfuil tionchar suntasach dearfach acu ar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus ar a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus chóras fuinnimh an Aontais;

(f)

aon trealamh nó suiteáil a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) atá défheidhmiúil: idirnascadh agus córas nasctha eangaí amach ón gcósta ó láithreáin ghiniúna in-athnuaite amach ón gcósta chuig dhá Bhallstát nó níos mó agus tríú tíortha atá rannpháirteach i dtionscadail ar liosta an Aontais, lena n-áirítear an trealamh sin a shíneadh ar tír chomh fada leis an gcéad fhostáisiún sa chóras tarchurtha ar tír, chomh maith le haon trealamh nó suiteáil cóngarach amach ón gcósta atá riachtanach chun oibriú go sábháilte, go slán agus go héifeachtúil, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe, agus fostáisiúin riachtanacha má áirithíonn siad freisin idir-inoibritheacht na teicneolaíochta, inter alia, comhoiriúnacht na gcomhéadan idir teicneolaíochtaí éagsúla (eangacha amach ón gcósta d’fhuinneamh in-athnuaite);

(2)

maidir le heangacha cliste gáis: aon ní ón trealamh nó ón tsuiteáil seo a leanas arb é is aidhm dóibh comhtháthú iolrachais gás ísealcharbóin agus gás atá in-athnuaite go háirithe, lena n-áirítear bithmheatán nó hidrigin, sa ghréasán gáis a chumasú agus a éascú: córais dhigiteacha agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear TFC, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite chun gur féidir faireachán, méadrú, rialú cáilíochta agus bainistiú idirghníomhach agus cliste a dhéanamh ar tháirgeadh, tarchur, dáileadh, stóráil agus ídiú gáis laistigh de ghréasán gáis. Ina theannta sin, féadfar a áireamh ar na tionscadail sin trealamh chun sreabha cúltreo a chumasú ón leibhéal dáilte go dtí an leibhéal tarchurtha, lena n-áirítear na huasghráduithe fisiciúla gaolmhara má tá siad fíor-riachtanach d’fheidhmiú an trealaimh agus na suiteálacha chun gáis ísealcharbóin agus gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú;

(3)

maidir leis an hidrigin:

(a)

píblínte chun hidrigin a iompar, go príomha faoi ardbhrú, lena n-áirítear bonneagar gáis nádúrtha ar athraíodh a chuspóir, lena dtugtar rochtain d’ilúsáideoirí gréasáin ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

saoráidí stórála atá nasctha leis na píblínte hidrigine ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh hidrigin leachtaithe nó hidrigin atá leabaithe i substaintí ceimiceacha eile agus é de chuspóir an hidrigin a instealladh, i gcás inarb infheidhme, isteach san eangach;

(d)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais hidrigine nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;

(e)

aon trealamh nó suiteáil lena gceadaítear úsáid breoslaí hidrigine nó breoslaí arna ndíorthú ó hidrigin in earnáil an iompair laistigh de chroíghréasán TEN-T arna sainaithint i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Féadfaidh aon cheann de na sócmhainní a liostaítear i bpointí (a), go (d) a bheith ina sócmhainn nuathógtha nó ina sócmhainn gáis nádúrtha ar athraíodh a cuspóir chun sócmhainn hidrigine a dhéanamh di, nó a bheith ina teaglaim den dá rud;

(4)

maidir le saoráidí leictrealóra:

(a)

leictrealóirí:

(i)

a bhfuil acmhainneacht 50 MW ar a laghad acu, arna soláthair ag leictrealóir amháin nó ag sraith leictrealóirí atá ina dtionscadal comhordaithe aonair;

(ii)

a gcomhlíonann an táirgeadh an ceanglas maidir le laghdú 70 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré i gcoibhneas le táirge comparáide breoslaí iontaise de 94g CO2eq/MJ mar a leagtar amach in Airteagal 25(2) agus in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. Déantar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, de rogha air sin, trí úsáid a bhaint as ISO 14067 nó ISO 14064-1. Ní mór astaíochtaí indíreacha a áireamh in astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré. Déanfar laghduithe cainníochtaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 i gcás inarb infheidhme, nó ag tríú páirtí neamhspleách; agus

(iii)

a bhfuil feidhm acu a bhaineann leis an ngréasán, go háirithe d’fhonn solúbthacht fhoriomlán an chórais agus éifeachtúlacht fhoriomlán córais na líonraí leictreachais agus hidrigine a bhaint amach;

(b)

trealamh gaolmhar, lena n-áirítear nasc píblíne leis an ngréasán;

(5)

maidir le dé-ocsaíd charbóin:

(a)

píblínte tiomnaithe, seachas gréasán píblínte réamhtheachtach, a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin a iompar ó níos mó ná foinse amháin, ar mhaithe le stóráil bhuan gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin de bhun Threoir 2009/31/CE;

(b)

saoráidí seasta do leachtú, stóráil mhaolánach agus tiontairí dé-ocsaíde carbóin d’fhonn í a iompar ina dhiaidh sin trí phíblínte agus i modhanna tiomnaithe iompair amhail long, báirse, trucail agus traein;

(c)

gan dochar d’aon toirmeasc ar stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin i mBallstát, saoráidí dromchla agus insteallta a bhaineann le bonneagar laistigh d’fhoirmiú geolaíoch a úsáidtear, i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE, le haghaidh buanstóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin, i gcás nach mbaineann siad le dé-ocsaíd charbóin a úsáid le haghaidh gnóthú hidreacarbón faoi spreagadh agus a bhfuil gá leo chun iompar agus stóráil trasteorann dé-ocsaíde carbóin a cheadú;

(d)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú cuí, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN III

LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA TIONSCADAL

1.   RIALACHA DO GHRÚPAÍ

(1)

Maidir le bonneagar fuinnimh a thagann faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta, i ngach Grúpa beidh ionadaithe ó na Ballstáit, ó na húdaráis rialála náisiúnta, ó na OCTanna, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht, ó eintiteas AE do OCDanna agus ón ENTSO eile le haghaidh Leictreachais nó ón ENTSO don Ghás.

Maidir le catagóirí eile bonneagair fuinnimh, i ngach Grúpa beidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit, tionscnóirí tionscadail a bhaineann le gach ceann de na tosaíochtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

(2)

Ag brath ar líon na dtionscadal iarrthach ar liosta an Aontais, ar bhearnaí sa bhonneagar réigiúnach agus ar fhorbairtí, féadfaidh na Grúpaí agus comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí foirmíochtaí éagsúla a roinnt, a chumasc nó teacht le chéile iontu, de réir mar is gá, chun plé a dhéanamh ar ábhair is coiteann do na Grúpaí uile nó a bhaineann le réigiúin ar leith, agus leo amháin. Féadfar a áireamh leis na nithe sin saincheisteanna atá ábhartha do chomhsheasmhacht thrasréigiúnach nó an líon tionscadal beartaithe ar na dréachtliostaí réigiúnacha atá i mbaol éirí doláimhsithe.

(3)

Eagróidh gach Grúpa a chuid oibre i gcomhréir le hiarrachtaí comhair réigiúnaigh de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943, Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 61 de Threoir (AE) 2019/944, agus struchtúir chomhair réigiúnaigh eile atá ann cheana.

(4)

Tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí chun na conairí agus réimsí tosaíochta ábhartha maidir le bonnegar fuinnimh a ainmnítear in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme, do thionscnóirí tionscadail a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh roghnúcháin mar thionscadal leasa choitinn, mar aon le hionadaithe riarachán náisiúnta, údarás rialála, na sochaí sibhialta, agus OCTanna ó thríú tíortha. Is trí chomhthoil a dhéanfar an cinneadh cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thríú tíortha.

(5)

I gcás na gconairí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí, d’ionadaithe ó na Ballstáit thalamhiata, ó na húdaráis inniúla, ó na húdaráis rialála náisiúnta agus ó OCTanna.

(6)

Tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí, do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe ó thríú tíortha, agus, i gcás ina meastar gurb iomchuí, go díreach do na geallsealbhóirí, lena n-áirítear táirgeoirí, OCDanna, soláthraithe, tomhaltóirí, pobail áitiúla agus eagraíochtaí cosanta comhshaoil atá bunaithe san Aontas chun a saineolas sonrach a chur in iúl. Eagróidh gach Grúpa éisteachtaí nó comhairliúcháin i gcás inarb ábhartha ar mhaithe lena chúraimí a chur i gcrích.

(7)

Maidir le cruinnithe na nGrúpaí, déanfaidh an Coimisiún na rialacha inmheánacha, liosta nuashonraithe de bhalleagraíochtaí, faisnéis a nuashonraítear go tráthrialta maidir le dul chun cinn na hoibre, cláir oibre na gcruinnithe, chomh maith le miontuairiscí cruinnithe, i gcás ina mbeidh fáil orthu, a fhoilsiú ar ardán atá inrochtana do gheallsealbhóirí. Beidh plé chomhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí agus rangú na dtionscadal faoi rún, i gcomhréir le hAirteagal 4(5). Is trí chomhthoil idir na Ballstáit agus an Coimisiún a dhéanfar na cinntí uile a bhaineann le feidhmiú agus le hobair na ngrúpaí réigiúnacha.

(8)

Féachfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Grúpaí le comhsheasmhacht a bhaint amach idir na Grúpaí. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, nuair is ábhartha, malartú faisnéise faoin obair go léir lena ndéantar ionadaíocht ar leas idir-réigiúnach idir na Grúpaí lena mbaineann.

(9)

Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht na n-údarás rialála náisiúnta agus na Gníomhaireachta sna Grúpaí dochar do chomhlíonadh a gcuspóirí agus a ndualgas faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/942, Airteagail 40 agus 41 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagail 58, 59 agus 60 de Threoir (AE) 2019/944.

2.   PRÓISEAS CHUN LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA A BHUNÚ

(1)

Maidir le tionscnóirí tionscadail a d’fhéadfadh a bheith incháilithe lena roghnú mar thionscadal ar liosta an Aontais ar mian leo an stádas sin a fháil, cuirfidh siad iarratas ar roghnú mar thionscadal ar liosta an Aontais faoi bhráid an Ghrúpa lena n-áirítear:

(a)

measúnú ar a dtionscadail maidir leis an dóigh a gcuireann siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

léiriú na catagóire tionscadail ábhartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(c)

anailís ar chomhlíonadh na gcritéar ábhartha a leagtar síos in Airteagal 4;

(d)

maidir le tionscadail a bhfuil céim leordhóthanach aibíochta bainte amach acu, anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach atá comhsheasmhach leis na modheolaíochtaí arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 11; tion

(e)

i gcás tionscadail comhleasa, na litreacha tacaíochta ó rialtais na dtíortha a ndéantar difear díreach dóibh, lena gcuirtear in iúl a dtacaíocht don tionscadal nó do chomhaontuithe neamhcheangailteacha eile;

(f)

aon fhaisnéis ábhartha eile le haghaidh mheastóireacht an tionscadail.

(2)

Áiritheoidh gach faighteoir go gcoinneofar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.

(3)

Beidh na tionscadail tarchurtha agus stórála leictreachais atá beartaithe ar tionscadail leasa choitinn iad agus a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) a ghabhann le hIarscríbhinn II den Rialachán seo ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil do leictreachas, arna fhorbairt ag an ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943. Na tionscadail tarchurtha leictreachais atá beartaithe ar tionscadail leasa choitinn iad agus a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(b) agus (f) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, eascróidh siad as an bhforbairt chomhtháite gréasáin amach ón gcósta agus as na hathneartuithe ar an eangach dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo agus beidh siad comhsheasmhach leo.

(4)

Ón 1 Eanáir 2024, beidh na tionscadail bheartaithe hidrigine leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Chomhphobail is déanaí atá ar fáil do ghás, arna fhorbairt ag an ENTSO don Ghás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

(5)

Faoin 30 Meitheamh 2022, agus ina dhiaidh sin, i gcás gach plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, eiseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás treoirlínte nuashonraithe maidir le tionscadail a áireamh ina bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais féin dá dtagraítear i bpointí (3) agus (4) chun cóir chomhionann agus trédhearcacht an phróisis a áirithiú. I gcás na dtionscadal uile ar liosta an Aontais i bhfeidhm ag an am, bunóidh na treoirlínte próiseas simplithe chun iad a áireamh sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, agus na doiciméid agus na sonraí a tíolacadh cheana le linn phróisis an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais roimhe sin á gcur san áireamh, ar choinníoll go mbeidh na doiciméid agus na sonraí a tíolacadh cheana fós bailí.

Rachaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht faoina ndréacht-treoirlínte féin maidir le tionscadail a áireamh sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais agus tabharfaidh siad aird chuí ar na moltaí ón gCoimisiún agus ón nGníomhaireacht sula bhfoilseofar na treoirlínte deiridh.

(6)

Maidir le tionscadail bheartaithe iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, cuirfear i láthair iad mar chuid de phlean, arna fhorbairt ag dhá Bhallstát ar a laghad, d’fhonn bonneagar trasteorann iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a fhorbairt, a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann nó na heintitis arna n-ainmniú ag na Ballstáit sin faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Cuirfidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás faisnéis ar fáil do na Grúpaí faoin gcaoi ar chuir siad na treoirlínte i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar a gcuimsiú sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.

(8)

I gcás na dtionscadal a thagann faoina n-inniúlacht déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, agus más gá sin an Ghníomhaireacht, i gcás inar féidir i gcomhthéacs an chomhair réigiúnaigh de bhun Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 61 de Threoir (AE) 2019/944, seiceáil ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar agus ar mhodheolaíocht na hanailíse costais is tairbhe agus meastóireacht ar a n-ábharthacht trasteorann. Déanfaidh siad a measúnú a thíolacadh don Ghrúpa. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na critéir agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn IV i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe chun comhsheasmhacht a áirithiú sna grúpaí réigiúnacha.

(9)

I gcás na dtionscadal uile nach gcumhdaítear i bpointe (8) den Iarscríbhinn seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an fhéidearthacht a bhaineann lena leathnú amach anseo chun Ballstáit bhreise a chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a thíolacadh don Ghrúpa. I gcás na dtionscadal a chuireann isteach ar stádas tionscadail comhleasa, tabharfar cuireadh d’ionadaithe ó thríú tíortha agus d’údaráis rialála chuig cur i láthair an mheasúnaithe.

(10)

Maidir le gach Ballstát nach mbaineann tionscadal atá beartaithe lena chríoch, ach a bhféadfadh an tionscadal atá beartaithe glantionchar dearfach ionchasach nó éifeacht shuntasach ionchasach a bheith air, amhail maidir leis an gcomhshaol nó maidir le hoibríocht an bhonneagair fuinnimh ina chríoch, féadfaidh sé tuairim lena sonraítear a chúiseanna imní a thíolacadh don Ghrúpa.

(11)

Scrúdóidh an Grúpa, arna iarraidh sin do Bhallstát den Ghrúpa, na cúiseanna réasúnaithe arna gcur i láthair ag Ballstát de bhun Airteagal 3(3) gan tionscadal a bhfuil baint aige lena chríoch a fhormheas.

(12)

Breithneoidh an Grúpa an ndéanfar bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis na riachtanais réigiúnacha bonneagair a bhunú agus a mhéid a bhaineann le gach ceann de na tionscadail iarrthacha. Breithneoidh an Grúpa, go háirithe, réitigh amhail bainistiú ar éileamh, réitigh socraithe margaidh, réitigh dhigiteacha a chur chun feidhme, agus athchóiriú foirgneamh mar réitigh tosaíochta i gcás ina meastar iad a bheith níos costéifeachtaí ó thaobh uile-chórais de ná bonneagar nua soláthair a thógáil.

(13)

Tiocfaidh an Grúpa le chéile chun na tionscadail atá beartaithe a scrúdú agus a rangú bunaithe ar mheasúnú trédhearcach na dtionscadal, agus trí úsáid a bhaint as na critéir a leagtar amach in Airteagal 4, agus measúnú na rialálaithe, nó measúnú an Choimisiúin ar thionscadail nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta á gcur san áireamh.

(14)

Déanfar dréachtliostaí réigiúnacha na dtionscadal atá beartaithe agus a thagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta arna dtarraingt suas ag na Grúpaí, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (10) den Roinn seo, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta 6 mhí roimh dháta glactha liosta an Aontais. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na dréachtliostaí réigiúnacha agus na tuairimí a ghabhann leo a mheasúnú laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighfear iad. Soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim maidir leis na dréachtliostaí réigiúnacha, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar agus anailís costais is tairbhe thar réigiúin. Déanfar an tuairim ón nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2019/942.

(15)

Laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an tuairim ón nGníomhaireacht, déanfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa a liosta réigiúnach críochnaitheach de thionscadail bheartaithe, lena n-urramaítear na forálacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), ar bhonn an togra ón nGrúpa agus an tuairim ón nGníomhaireacht agus measúnú na n-údarás rialála náisiúnta arna thíolacadh i gcomhréir le pointe (8), nó measúnú an Choimisiúin le haghaidh tionscadail nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta a beartaíodh i gcomhréir le pointe (9), á gcur san áireamh, agus ar an gcomhairle ón gCoimisiún arb é is aidhm di líon iomlán inláimhsithe tionscadal a áirithiú ar liosta an Aontais, go háirithe ag teorainneacha a bhfuil baint acu le tionscadail iomaíocha nó le tionscadail iomaíocha ionchasacha. Cuirfidh comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí na liostaí réigiúnacha críochnaitheacha faoi bhráid an Choimisiúin, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (10).

(16)

Más rud é, ar bhonn na ndréachtliostaí réigiúnacha, agus tar éis an tuairim ón nGníomhaireacht a chur san áireamh, go dtéann líon iomlán na dtionscadal atá beartaithe ar liosta an Aontais thar líon inláimhsithe, tabharfaidh an Coimisiún comhairle do gach Grúpa lena mbaineann, gan tionscadail ar thug an Grúpa lena mbaineann an rangú is ísle dóibh a áireamh ar an liosta réigiúnach, i gcomhréir leis an rangú a bunaíodh de bhun Airteagal 4(5).

IARSCRÍBHINN IV

RIALACHA AGUS TÁSCAIRÍ A BHAINEANN LE CRITÉIR DO THIONSCADAIL

(1)   

Is é a bheidh i dtionscadal leasa choitinn a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige tionscadal ar chríoch Bhallstáit agus comhlíonfar leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le tarchur leictreachais, méadaítear leis an tionscadal acmhainneacht aistrithe na n-eangach, nó an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh sreabha tráchtála, ag teorainn an Bhallstáit sin le Ballstát eile nó le roinnt Ballstát eile, a mbeadh de thoradh air go mbeadh méadú 500 Meigeavata (MW) ar a laghad ar acmhainneacht aistrithe na n-eangach trasteorann ag teorainn an Bhallstáit sin le Ballstát eile nó le roinnt Ballstát eile i gcomparáid leis an acmhainneacht aistrithe a bheadh ann mura ndéanfaí an tionscadal a choimisiúnú, nó laghdaítear leis an tionscadal leithlisiú fuinnimh na gcóras neamh-idirnasctha i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit agus méadaítear leis an acmhainneacht aistrithe eangaí trasteorann idir dhá Bhallstát faoi ar a laghad 200 MW;

(b)

maidir le stóráil leictreachais, cuirtear ar a laghad acmhainneacht suiteáilte de 225 MW ar fáil leis an tionscadal agus tá acmhainneacht stórála aige lena gceadaítear giniúint bhliantúil ghlan leictreachais de 250 GW in aghaidh na huaire/na bliana;

(c)

maidir le heangacha cliste leictreachais, tá an tionscadal ceaptha do threalamh agus do shuiteálacha ar leibhéal ardvoltais agus meánvoltais, agus tá OCTanna, OCTanna agus OCDanna, nó OCDanna ó dhá Bhallstát ar a laghad i gceist leis. Ní fhéadfaidh ach OCDanna a bheith bainteach leis an tionscadal ar choinníoll gur as dhá Bhallstát ar a laghad iad agus ar choinníoll go n-áiritheofar an idir-inoibritheacht. Comhlíonfaidh an tionscadal dhá cheann ar a laghad de na critéir seo a leanas: beidh 50 000 úsáideoir, gineadóir, tomhaltóir nó táirgeoir is tomhaltóir leictreachais bainteach leis, gabhtar limistéar ídithe de 300 uair an chloig GW in aghaidh na huaire/bliana ar a laghad leis, tagann 20 % ar a laghad den ídiú leictreachais atá nasctha leis an tionscadal ó acmhainní in-athnuaite athraitheacha, nó laghdaíonn sé leithlisiú fuinnimh na gcóras neamh-idirnasctha i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Ní gá comhtheorainn fhisiciúil a bheith ag an tionscadal; I gcás na dtionscadal a bhaineann le córais bheaga scoite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (42), de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear oileáin, beidh na leibhéil voltais sin cothrom leis an leibhéal voltais is airde sa chóras leictreachais ábhartha;

(d)

maidir le tarchur hidrigine, déantar leis an tionscadal, tarchur hidrigine thar theorainneacha na mBallstát lena mbaineann a chumasú, nó acmhainneacht iompair hidrigine trasteorann atá ann cheana ag teorainn idir dhá Bhallstát a mhéadú faoi 10 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh choimisiúnú an tionscadail, agus déantar leis an tionscadal a léiriú go leordhóthanach gur cuid riachtanach de ghréasán hidrigine trasteorann pleanáilte é agus cruthúnas leordhóthanach a chur ar fáil maidir leis na pleananna atá ann cheana agus leis an gcomhar le tíortha comharsanachta agus le hoibreoirí gréasáin, nó, i gcás na dtionscadal a laghdaíonn leithlisiú fuinnimh na gcóras neamh-idirnasctha i mBallstát amháin nó níos mó, go bhfuil sé d’aidhm ag an tionscadal freastal ar dhá Bhallstát ar a laghad, go díreach nó go hindíreach;

(e)

i gcás saoráidí stórála hidrigine nó saoráidí glactha hidrigine dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, is é is aidhm don tionscadal freastal ar dhá Bhallstát ar a laghad go díreach nó go hindíreach;

(f)

i gcás leictrealóirí, soláthraíonn an tionscadal ar a laghad 50 MW d’acmhainneacht suiteáilte arna soláthar ag leictrealóir amháin nó ag sraith leictreoirí a dhéanann suas tionscadal aonair comhordaithe agus a bhfuil tairbhí ag baint leis, go díreach nó go hindíreach, do dhá Bhallstát ar a laghad, agus, go sonrach, maidir le tionscadail ar oileáin agus ar chórais oileánda, tacaíonn sé le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo agus a bhfuil tionchar dearfach suntasach acu ar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus ar a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidíonn sé go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin nó le córas fuinnimh an Aontais;

(g)

maidir le heangacha cliste gáis, baineann an tionscadal le OCTanna, OCTanna agus OCD, nó OCDanna ó dhá Bhallstát ar a laghad. Féadfaidh OCDanna a bheith rannpháirteach, ach le tacaíocht ó na OCTanna ó dhá Bhallstát ar a laghad a bhfuil dlúthbhaint acu leis an tionscadal agus lena n-áirithítear idir-inoibritheacht;

(h)

i gcás tarchur leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta, tá an tionscadal deartha chun leictreachas a aistriú ó shuíomhanna giniúna amach ón gcósta ag a bhfuil acmhainneacht 500 MW ar a laghad agus lenar féidir leictreachas a tharchur chuig eangach ar tír de chuid Ballstáit ar leith, rud a mhéadóidh méid an leictreachais in-athnuaite atá ar fáil ar an margadh inmheánach. Forbrófar an tionscadal sna limistéir sin a bhfuil tionchar íseal acu ar leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta agus léireoidh sé go bhfuil tionchar dearfach suntasach aige ar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus ar a chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus rannchuideoidh sé go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh agus le comhtháthú an mhargaidh gan bac a chur ar acmhainneachtaí trasteorann ná sreabha trasteorann ag an am céanna;

(i)

i gcás tionscadail dé-ocsaíde carbóin, úsáidtear an tionscadal chun dé-ocsaíd charbóin antrapaigineach a thagann ó dhá Bhallstát ar a laghad a iompar agus, i gcás inarb infheidhme, a stóráil;

(2)   

Is é a bheidh i dtionscadal comhleasa a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige tionscadal agus comhlíonfar leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás tionscadail comhleasa sa chatagóir a leagtar amach i bpointe (1)(a) agus (f) d’Iarscríbhinn II, méadaíonn an tionscadal acmhainneacht aistrithe na heangaí, nó an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh sreabha tráchtála, ag teorainn an Bhallstáit sin le tríú tír amháin nó níos mó ná sin agus tugann sé tairbhí suntasacha, bíodh sin go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), faoi réir critéir shonracha a leagtar síos in Airteagal 4(3), ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Leictreachas ríomh na dtairbhí do na Ballstáit faoi chuimsiú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;

(b)

i gcás tionscadail comhleasa sa chatagóir a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, éascaíonn an tionscadal hidrigin a tharchur thar theorainn Ballstáit le tríú tír amháin nó níos mó agus éiríonn leis tairbhí suntasacha a thabhairt, bíodh sin go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), faoi réir critéir shonracha a leagtar síos in Airteagal 4(3), ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Ghás ríomh na dtairbhí do na Ballstáit faoi chuimsiú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;

(c)

le haghaidh tionscadail chomhleasa sa chatagóir a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, féadfaidh ar a laghad dhá Bhallstát agus tríú tír amháin an tionscadal a úsáid chun dé-ocsaíd charbóin antrapaigineach a iompar agus a stóráil.

(3)   

Maidir le tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:

(a)

tarchur giniúna fuinnimh in-athnuaite chuig mórionaid ídithe agus chuig láithreáin stórála arna thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

maidir le tarchur leictreachais, méid na hacmhainneachta giniúna ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a mheas (de réir teicneolaíochta, i MW), atá nasctha agus tarchurtha i ngeall ar an tionscadal, i gcomparáid leis an acmhainneacht iomlán phleanáilte giniúna ó na cineálacha sin foinsí in-athnuaite fuinnimh sa Bhallstát lena mbaineann in 2030 de réir na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna dtíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999;

(ii)

nó stóráil fuinnimh, agus comparáid á déanamh idir an acmhainneacht nua a ndéanann an tionscadal foráil ina leith agus an acmhainneacht iomlán atá ann faoi láthair don teicneolaíocht stórála chéanna i réimse na hanailíse mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(b)

comhtháthú margaidh, iomaíochas agus solúbthacht an chórais, arna dtomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

i gcás tionscadail trasteorann, lena n-áiritear tionscadail athinfheistíochta, an tionchar ar acmhainneacht aistrithe na n-eangacha sa dá threo den sreabhadh cumhachta a ríomh, arna dtomhas i dtéarmaí mhéid na cumhachta (i MW), agus an rannchuidiú leis an sprioc íosta de 15 % i dtaca le hidirnascadh a bhaint amach, agus i gcás na dtionscadal a bhfuil tionchar suntasach trasteorann acu, an tionchar ar acmhainneacht aistrithe na n-eangacha a ríomh ag teorainneacha idir na Ballstáit ábhartha, idir na Ballstáit ábhartha agus tríú tíortha nó laistigh de Bhallstáit ábhartha agus an tionchar ar chothromú éilimh-soláthair agus ar oibríochtaí gréasáin a ríomh sna Ballstáit ábhartha;

(ii)

measúnú a dhéanamh ar an tionchar, don limistéar anailíse mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn V, maidir le giniúint uile-chórais fuinnimh agus costais tarchurtha agus éabhlóid agus cóineasú na margadhphraghsanna a ndéanann an tionscadal foráil ina leith faoi chásanna pleanála éagsúla, ag cur na n-athruithe a spreagtar ar an ord fiúntais san áireamh go háirithe;

(c)

slándáil an tsoláthair, idir-inoibritheacht agus oibriú córais atá slán, arna dtomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an tionscadail ar chaillteanas an ionchais ualaigh don réimse anailíse mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V maidir le leordhóthanacht giniúna agus tarchurtha i sraith tréimhsí ualaigh saintréitheacha, ag cur san áireamh aon athruithe a bhfuiltear ag súil leo i dteagmhais aimsire crua a bhaineann leis an aeráid agus an tionchar a bheadh acu sin ar athléimneacht an bhonneagair. I gcás inarb infheidhme, déanfar tionchar an tionscadail ar rialú neamhspleách agus iontaofa oibriú an chórais agus na seirbhísí a thomhas.

(4)   

Maidir le tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:

(a)

leibhéal na hinbhuanaitheachta, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid agus a bheidh na heangacha ábalta fuinneamh in-athnuaite athraitheach a nascadh agus a iompar;

(b)

slándáil an tsoláthair, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal na gcaillteanas i ngréasáin dáileacháin, i ngréasáin tarchurtha, nó iontu araon, úsáid chéatadánach (i.e. an mheánlódáil) comhpháirteanna an ghréasáin leictreachais, infhaighteacht chomhpháirteanna an ghréasáin (a bhaineann le cothabháil phleanáilte agus neamhphleanáilte) agus a thionchar ar fheidhmíochtaí gréasán, agus ar fhad agus minicíocht bristeacha, lena n-áirítear suaitheadh a bhaineann leis an aeráid;

(c)

comhtháthú margaidh, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar ghlacadh nuálach i dtaca le hoibriú an chórais, laghdú ar leithlisiú fuinnimh agus idirnascadh, chomh maith lena oiread a dhéantar earnálacha eile a chomhtháthú agus samhlacha nua gnó agus struchtúir mhargaidh nua a éascú;

(d)

slándáil gréasáin, solúbthacht agus cáilíocht an tsoláthair, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcur chuige nuálach maidir le solúbthacht an chórais, cibearshlándáil, inoibritheacht éifeachtúil idir leibhéal OCTanna agus OCDanna, an acmhainneacht chun freagairt don éileamh a chur san áireamh, stóráil, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, úsáid chostéifeachtúil uirlisí digiteacha agus TFC chun críoch faireacháin agus rialaithe, cobhsaíocht an chórais leictreachais agus feidhmíocht cháilíochta voltais.

(5)   

Maidir le hidrigin a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:

(a)

inbhuanaitheacht, arna tomhas mar rannchuidiú tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfeidhmeanna úsáide deiridh éagsúla in earnálacha ar deacair iad a mhaolú, amhail tionscal nó iompar; solúbthacht agus roghanna stórála séasúracha le haghaidh giniúint leictreachais in-athnuaite; nó hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhtháthú d’fhonn riachtanais an mhargaidh a chur san áireamh agus hidrigin in-athnuaite a chur chun cinn;

(b)

comhtháthú margaidh agus idir-inoibritheacht, arna dtomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le comhtháthú na limistéar margaidh agus cóineasú praghsanna, le solúbthacht fhoriomlán an chórais;

(c)

slándáil an tsoláthair agus an tsolúbthacht arna tomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le hathléimneacht, éagsúlacht agus solúbthacht an tsoláthair hidrigine;

(d)

iomaíochas arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leis an éagsúlú a sholáthar, lena n-áirítear rochtain ar fhoinsí dúchasacha soláthair hidrigine a éascú.

(6)   

Maidir le tionscadail eangacha cliste gáis a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:

(a)

leibhéal na hinbhuanaitheachta arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an sciar de gháis in-athnuaite agus ísealcharbóin arna gcomhtháthú sa ghréasán gáis, an laghdú gaolmhar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtreo dhícharbónú iomlán an chórais agus brath leordhóthanach sceite;

(b)

cáilíocht agus slándáil an tsoláthair arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcóimheas idir an soláthar gáis atá ar fáil go hiontaofa agus buaicéileamh, ar an sciar d’allmhairithe a gcuirtear gáis ísealcharbóin agus in-athnuaite áitiúla ina n-ionad, ar chobhsaíocht an oibrithe córais, ar fhad agus ar mhinicíocht bristeacha in aghaidh an chustaiméara;

(c)

seirbhísí solúbthachta amhail freagairt don éileamh agus stóráil a chumasú trí chomhtháthú na hearnála fuinnimh cliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas costais arna gcumasú in earnálacha agus córais fuinnimh, amhail an córas teasa agus cumhachta, iompar agus tionscal.

(7)   

Maidir le tionscadail leictrealóra a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:

(a)

inbhuanaitheacht. arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an sciar de hidrigin in-athnuaite nó de hidrigin ísealcharbóin, go háirithe ó fhoinsí in-athnuaite a chomhlíonann na critéir a shainítear i bpointe (4)(a)(ii) d’Iarscríbhinn II, nó meastachán dá mhéid a imscaradh na breoslaí sintéiseacha ó na foinsí sin, agus an laghdú gaolmhar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(b)

slándáil an tsoláthair arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn sé le sábháilteacht, cobhsaíocht agus éifeachtúlacht oibriú an ghréasáin, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar chiorrú giniúna leictreachais in-athnuaite a seachnaíodh;

(c)

seirbhísí solúbthachta amhail freagairt don éileamh agus stóráil a chumasú trí chomhtháthú na hearnála fuinnimh cliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas costais arna gcumasú in earnálacha agus córais fuinnimh, amhail na gréasáin gháis, hidrigine, chumhachta agus teasa, agus earnálacha an iompair agus na tionsclaíochta.

(8)   

Maidir le bonneagar dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:

(a)

inbhuanaitheacht, arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar shaolré iomlán tionscadail a bhfuiltear ag súil leo agus ar an easpa réiteach teicneolaíoch malartach amhail éifeachtúlacht fuinnimh, leictriú lena gcomhtháthaítear foinsí in-athnuaite, ach gan a bheith teoranta do na nithe sin, chun an leibhéal céanna laghduithe ar ghás ceaptha teasa a bhaint amach agus atá le bailiú i suiteálacha tionsclaíocha nasctha ar chostas inchomparáide laistigh d’amlíne inchomparáide, lena gcuirfear san áireamh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón bhfuinneamh is gá chun an dé-ocsaíd charbóin a ghabháil, a iompar agus a stóráil, de réir mar is infheidhme, agus an bonneagar á mheas, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, úsáidí féideartha eile sa todhchaí;

(b)

athléimneacht agus slándáil, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar shlándáil an bhonneagair;

(c)

an t-ualach agus an riosca comhshaoil a mhaolú trí dhé-ocsaíd charbóin a neodrú go buan.


IARSCRÍBHINN V

ANAILÍS CHOSTAIS IS TAIRBHE AR AN gCÓRAS FUINNIMH UILE

Na modheolaíochtaí i dtaca leis na hanailísí costais is tairbhe a d’fhorbair an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás, ba cheart iad a bheith comhsheasmhach, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh. Beidh na modheolaíochtaí le haghaidh anailís chomhchuibhithe agus thrédhearcach costais is tairbhe ar fud an chórais fuinnimh le haghaidh na dtionscadal ar liosta an Aontais aonfhoirmeach i gcás gach catagóire bonneagair, mura mbeidh údar maith le himeacht uaidh sin. Tabharfaidh siad aghaidh ar chostais sa chiall is leithne, lena n-áirítear seachtrachtaí, i bhfianaise spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóra aeráidneodracht do 2050 agus cloífidh siad leis na prionsabail seo a leanas:

(1)

sa limistéar sin ina ndéanfar anailís ar thionscadal ar leith, cuimseofar gach Ballstát agus tríú tír a bhfuil an tionscadal lonnaithe ina gcríoch, gach Ballstát comharsanachta atá go díreach in aice láimhe agus gach Ballstát eile a bhfuil tionchar suntasach ag an tionscadal orthu. Chun na críche sin, oibreoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhar leis na hoibreoirí córais ábhartha go léir sna tríú tíortha ábhartha. I gcás na dtionscadal a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, oibreoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhar leis an tionscnóir tionscadail, lena n-áirítear i gcás nach oibreoir córais é;

(2)

áireofar i ngach anailís costais is tairbhe anailísí íogaireachta maidir leis an tacar sonraí ionchuir, lena n-áirítear costas giniúna agus gás ceaptha teasa chomh maith le forbairt ionchasach an éilimh agus an tsoláthair, lena n-áirítear maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus lena n-áirítear solúbthacht an dá rud, agus infhaighteacht stórála, dáta coimisiúnaithe tionscadal éagsúil sa réimse céanna anailíse, tionchair ar an aeráid agus paraiméadair ábhartha eile;

(3)

bunófar leo an anailís atá le déanamh, bunaithe ar an tacar sonraí ionchuir ilearnála ábhartha, tríd an tionchar a chinneadh le gach tionscadal agus dá n-uireasa, agus áireoidh siad idirspleáchais ábhartha le tionscadail eile;

(4)

tabharfaidh siad treoir maidir le forbairt a dhéanamh ar an samhaltú gréasáin fuinnimh agus margaidh is gá le haghaidh na hanailíse costais is tairbhe agus maidir le húsáid an tsamhaltaithe sin. Leis an samhaltú, féadfar measúnú iomlán a dhéanamh ar thairbhí eacnamaíocha, lena n-áirítear comhtháthú margaidh, slándáil an tsoláthair agus iomaíocht, agus deireadh a chur leis an leithlisiú fuinnimh, tionchair shóisialta agus chomhshaoil agus aeráide, lena n-áirítear na tionchair thrasearnálacha. Beidh an mhodheolaíocht go hiomlán trédhearcach agus áireofar inti mionsonraí maidir le cad chuige a ríomhtar gach ceann de na tairbhí agus na costais, cad a ríomhtar agus cén chaoi;

(5)

cuimseofar iontu agus míneoidh siad an chaoi a gcuirtear bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme le linn gach céim de na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;

(6)

míneofar iontu nach gcuirfidh an tionscadal isteach ar fhorbairt ná ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite;

(7)

áiritheofar leo go sainaithneofar na Ballstáit a bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal orthu, na tairbhithe, na Ballstáit a bhfuil glantionchar diúltach ag an tionscadal orthu, agus iadsan a sheasfaidh an costas, a d’fhéadfadh a bheith ina mBallstáit seachas iad siúd a bhfuil an bonneagar tógtha ar a gcríoch;

(8)

cuirfidh siad san áireamh, ar a laghad, an caiteachas caipitiúil, costais caiteachais oibríochtúla agus cothabhála, mar aon leis na costais de thoradh an chórais ghaolmhair ar feadh shaolré theicniúil an tionscadail ina iomláine, amhail costais díchoimisiúnaithe agus bainistíochta dramhaíola, lena n-áirítear costais sheachtracha. Tabharfar treoir sna mhodheolaíochtaí maidir le rátaí lascaine, saolré theicniúil agus luach iarmharach atá le húsáid sna ríomhanna costais agus tairbhe. Ina theannta sin, áireofar iontu modheolaíocht éigeantach chun an cóimheas costais agus tairbhe agus an glanluach reatha a ríomh, chomh maith le difreáil ar thairbhí i gcomhréir le leibhéal iontaofachta a modhanna meastacháin. Cuirfear san áireamh freisin modhanna chun tionchair na dtionscadal ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a ríomh agus a mhéid a rannchuidítear le spriocanna fuinnimh an Aontais, amhail dul i bhfód na bhfoinsí in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus spriocanna idirnasctha;

(9)

áiritheofar leo go ndéanfar na bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide a dhéantar do gach tionscadal a mheasúnú agus go léireofar leo costas na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus go bhfuil an measúnú stóinseach agus comhsheasmhach le beartais eile an Aontais ionas go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh le réitigh eile nach mbeidh bonneagair nua ag teastáil dóibh.


IARSCRÍBHINN VI

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ

(1)   

Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sa lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1):

(a)

sonraíochtaí na gcodanna ábhartha den reachtaíocht ar a mbunaítear cinntí agus tuairimí maidir leis na cineálacha éagsúla tionscadal ábhartha leasa choitinn, lena n-áirítear dlí an chomhshaoil;

(b)

an liosta de na cinntí agus na tuairimí ábhartha atá le fáil;

(c)

ainmneacha agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil, údarás eile agus na ngeallsealbhóirí móra lena mbaineann;

(d)

an sreabhadh oibre, ina dtugtar achoimre ar gach céim sa phróiseas, lena n-áirítear amlíne tháscach agus léargas achomair ar an bpróiseas cinnteoireachta i dtaca leis na cineálacha éagsúla tionscadal ábhartha leasa choitinn;

(e)

faisnéis faoi raon feidhme, faoi struchtúr agus faoi leibhéal mionsonraithe na ndoiciméad atá le tíolacadh leis an iarratas ar chinntí, lena n-áirítear seicliosta;

(f)

na céimeanna agus na modhanna trína mbeidh an pobal i gcoitinne rannpháirteach sa phróiseas;

(g)

an bealach ina léireoidh an t-údarás inniúil, údaráis eile lena mbaineann agus an tionscnóir tionscadal gur cuireadh san áireamh na tuairimí a cuireadh in iúl sa chomhairliúchán poiblí, mar shampla trí léiriú a thabhairt ar na leasuithe a rinneadh ar shuíomh agus dearadh an tionscadail nó trí na cúiseanna a thabhairt nár cuireadh tuairimí den sórt sin san áireamh;

(h)

a mhéid is féidir, aistriúcháin ar a bhfuil ann i dteangacha uile na mBallstát comharsanachta arna ndéanamh i gcomhar leis na Ballstáit chomharsanachta ábhartha;

(2)   

Sonrófar sa sceideal mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 10(6), pointe (b), an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

na cinntí agus na tuairimí atá le fáil;

(b)

na húdaráis, na geallsealbhóirí agus an pobal ar dócha a mbeidh baint acu leis;

(c)

na céimeanna aonair den nós imeachta agus an fad tréimhse a bhaineann leo;

(d)

garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh;

(e)

na hacmhainní atá pleanáilte ag na húdaráis agus riachtanais acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann.

(3)   

Gan dochar do na ceanglais maidir le comhairliúcháin phoiblí faoi dhlí an chomhshaoil, chun rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas deonaithe ceadanna a mhéadú agus chun faisnéis agus comhphlé leis an bpobal a áirithiú roimh ré, cuirfear i bhfeidhm na prionsabail seo a leanas:

(a)

na geallsealbhóirí a bhfuil tionchar ag tionscadal leasa choitinn orthu, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha, úinéirí talún agus saoránaigh atá ina gcónaí i gcóngar an tionscadail, an pobal i gcoitinne agus a gcomhlachais, a n-eagraíochtaí nó a ngrúpaí, cuirfear ar an eolas iad go forleathan agus rachfar i gcomhairle leo ag céim luath, ar bhealach cuimsitheach, nuair is féidir ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ar an bpobal fós a chur san áireamh, ar bhealach cuimsitheach, oscailte agus trédhearcach. I gcás inarb ábhartha, tacóidh an t-údarás inniúil go gníomhach leis na gníomhaíochtaí a ghabhann an tionscnóir tionscadail ar láimh;

(b)

áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar nósanna imeachta comhairliúcháin phoiblí do thionscadail leasa choitinn a ghrúpáil le chéile nuair is féidir, lena n-áirítear comhairliúcháin phoiblí a cheanglaítear cheana faoin dlí náisiúnta. Cumhdófar faoi gach comhairliúchán poiblí gach ábhar a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta, agus ní thabharfar aghaidh ar ábhar amháin a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta i níos mó ná comhairliúchán poiblí amháin; féadfaidh comhairliúchán poiblí amháin, áfach, tarlú i níos mó ná suíomh geografach amháin. Cuirfear na hábhair a dtabharfar aghaidh orthu i gcomhairliúchán poiblí in iúl go soiléir san fhógra maidir leis an gcomhairliúchán poiblí;

(c)

ní bheidh barúlacha ná agóidí inghlactha ach amháin ó thús an chomhairliúcháin phoiblí go dtí go rachaidh an spriocdháta in éag;

(d)

áiritheoidh na tionscnóirí tionscadail go ndéanfar comhairliúcháin le linn tréimhse ina bhféadfaidh an pobal a bheith rannpháirteach go hoscailte agus go cuimsitheach.

(4)   

Áireofar sa choincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí faisnéis faoi na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

na geallsealbhóirí lena mbaineann agus a bhfuil teagmháil déanta leo;

(b)

na bearta a beartaíodh, lena n-áirítear láithreacha ginearálta atá beartaithe agus dátaí cruinnithe tiomnaithe;

(c)

an amlíne;

(d)

na hacmhainní daonna atá leithdháilte ar chúraimí éagsúla;

(5)   

I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí atá le déanamh roimh an gcomhad iarratais a thíolacadh, déanfaidh na páirtithe ábhartha na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

bileog faisnéise nach mó ná 15 leathanach a fhoilsiú go leictreonach agus, i gcás inarb ábhartha, i scríbhinn ina dtabharfar, ar bhealach soiléir agus achomair, léargas ar thuairisc ar chéimeanna forbartha an tionscadail, ar chuspóir na gcéimeanna sin agus ar réamh-thráthchlár le haghaidh na gcéimeanna sin, plean forbartha na heangacha náisiúnta, bealaí malartacha a breithníodh, cineálacha agus saintréithe an tionchair fhéideartha, lena n-áirítear tionchar de chineál trasteorann, agus bearta maolaithe féideartha, agus tá bileog faisnéise den sórt sin le foilsiú roimh thús an chomhairliúcháin agus tá seoltaí gréasáin shuíomh gréasáin an tionscadail leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 9(7), an t-ardán trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus an lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (1) den Iarscríbhinn seo le liostú inti;

(b)

an fhaisnéis faoin gcomhairliúchán a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an tionscadail leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 9(7), ar bhoird fógraí in oifigí riarachán áitiúil, agus, ar a laghad, i gceann amháin nó, i gcás inarb infheidhme, in dhá cheann de na foinsí meán áitiúla;

(c)

tabharfar cuireadh, i scríbhinn nó go leictreonach, do na geallsealbhóirí ábhartha, comhlachais, eagraíochtaí agus grúpaí a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu chuig cruinnithe tiomanta, agus pléifear aon imní a bheidh orthu lena linn.

(6)   

Foilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar shuíomh gréasáin an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 9(7):

(a)

an dáta a nuashonraíodh suíomh gréasáin an tionscadail an uair dheireanach;

(b)

aistriúcháin ar a inneachar i dteangacha uile na mBallstát lena mbaineann an tionscadal nó a bhfuil tionchar suntasach trasteorann ag an tionscadal air i gcomhréir le pointe (1) d’Iarscríbhinn IV;

(c)

an bhileog faisnéise dá dtagraítear i bpointe (5) arna nuashonrú le dáta leis na sonraí is déanaí faoin tionscadal;

(d)

achoimre neamhtheicniúil a nuashonraítear go tráthrialta ina léirítear stádas reatha an tionscadail, lena n-áirítear faisnéis gheografach, agus ina gcuirtear in iúl go soiléir, i gcás nuashonruithe, athruithe ar leaganacha roimhe sin;

(e)

an plean cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 5(1) arna nuashonrú leis na sonraí is déanaí faoin tionscadal;

(f)

na cistí arna leithdháileadh agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh an tionscadail;

(g)

pleanáil an tionscadail agus an chomhairliúcháin phoiblí, ag léiriú go soiléir dátaí agus láithreacha do chomhairliúcháin phoiblí agus na hábhair ar dócha go bhfuil baint acu leis na héisteachtaí sin;

(h)

sonraí teagmhála d’fhonn faisnéis nó doiciméid bhreise a fháil;

(i)

sonraí teagmhála d’fhonn barúlacha agus agóidí a chur in iúl le linn na gcomhairliúchán poiblí.