4.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 130/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/699 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Bealtaine 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an Rúis, ina cáil mar cheann scríbe, a bhaint de raon feidhme na n-údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (1), agus go háirithe Airteagal 17(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise ionsaí neamhdhleathach na Rúise ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine agus i bhfianaise na mbagairtí faoi seach ar leasanna bunúsacha slándála an Aontais, chinn an tAontas tuilleadh srianta a fhorchur ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ar sholáthar seirbhísí gaolmhara. Le Rialachán (AE) 2022/328 ón gComhairle (2), forchuirtear, i measc nithe eile, srianta ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ar sholáthar seirbhísí gaolmhara. Le Rialachán (AE) 2022/394 ón gComhairle (3), forchuirtear srianta breise ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochtaí loingseoireachta. Le Rialachán (AE) 2022/428 ón gComhairle (4), forchuirtear srianta ar onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta agus seirbhísí do thionscal fuinnimh na Rúise (cé is moite den tionscal núicléach agus d’earnáil iartheachtach an iompair fuinnimh). Le Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle (5), forchuirtear srianta breise ar raon ardteicneolaíochtaí.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/821, tugtar isteach ocht n-údarú ghinearálta onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh onnmhairiú ítimí áirithe chuig cinn scríbe áirithe faoi choinníollacha sonracha agus faoi cheanglais shonracha. Faoi láthair, is féidir trí údarú ghinearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid i gcás onnmhairí chuig an Rúis: EU003 (athonnmhairiú ítimí tar éis iad a dheisiú nó a athsholáthar san Aontas), EU004 (onnmhairiú ítimí le haghaidh aonach nó taispeántas), EU005 (onnmhairiú trealaimh teileachumarsáide).

(3)

I bhfianaise ghníomhaíochtaí an Aontais i gcoinne na Rúise, is iomchuí an Rúis a bhaint de liostaí na gceann scríbe in údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas Uimh. EU003, Uimh. EU004 agus Uimh. EU005, chun cosc a chur ar an Rúis rochtain a fháil ar theicneolaíochtaí criticiúla agus ar ítimí dé-úsáide.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/821 a leasú dá réir.

(5)

I bhfianaise na bagartha dírí atá ann do shíocháin agus do shlándáil na hEorpa de dheasca na coinbhleachta, tá mórfhorais práinne ann an Rúis a bhaint de raon feidhme na n-údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas Uimh. EU003, Uimh. EU004 agus Uimh. EU005. Ar an gcúis sin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2021/821 agus ba cheart an gníomh tarmligthe seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 206, 11.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2022/328 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 49, 25.2.2022, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2022/394 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 81, 9.3.2022, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2022/428 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 13).

(5)  Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 111, 8.4.2022, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(1)

i Roinn C “ONNMHAIRIÚ TAR ÉIS DEISIÚCHÁIN/ATHSHOLÁTHAIR”, Cuid 2 “Cinn Scríbe”, scriostar an fhleasc a bhaineann leis an Rúis;

(2)

i Roinn D “ONNMHAIRIÚ SEALADACH LE hAGHAIDH TAISPEÁNTAIS NÓ AONAIGH”, Cuid 2 “Cinn Scríbe”, scriostar an fhleasc a bhaineann leis an Rúis;

(3)

i Roinn E “TEILEACHUMARSÁID”, Cuid 2 “Cinn Scríbe”, scriostar an fhleasc a bhaineann leis an Rúis.