4.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/698 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Bealtaine 2022

lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach défheineasáit a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2005/58/CE ón gCoimisiún (2), áirítear défheineasáit mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

An formheas ar an tsubstaint ghníomhach défheineasáit, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Iúil 2022.

(4)

Cuireadh iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí défheineasáit a athnuachan faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith iomlán.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 29 Eanáir 2016.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 4 Eanáir 2017, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh défheineasáit na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, conclúid ina shainaithin EFSA ardriosca d’éin, mamaigh agus artrapóid nach spriocartrapóid iad le haghaidh gach úsáide ionadaíche agus ina theannta sin, shainaithin sé ardriosca d’oibreoirí agus oibrithe le haghaidh fhormhór na n-úsáidí ionadaíocha. Thairis sin, ní fhéadfaí an measúnú riosca d’orgánaigh uisceacha agus tomhaltóirí a thabhairt chun críche.

(9)

An 17 Samhain 2020, thug an Coimisiún sainordú do EFSA measúnú a dhéanamh ar an riosca i gcás ina n-úsáidtear défheineasáit uair sa bhliain agus úsáid á baint as an leibhéal dáileoige is ísle a chuirtear i láthair sa sainchomhad. Thug an Ballstát is rapóirtéir a dhréacht-Tuarascáil maidir le Measúnú ar Athnuachan cothrom le dáta dá réir sin agus thug an tÚdarás a chonclúid cothrom le dáta an 30 Lúnasa 2021 (7), conclúid inar shainaithint sé ardriosca d’éin trí nochtadh fadtéarmach do dhéfheineasáit le haghaidh gach úsáide ionadaíche. Thairis sin, ní fhéadfaí an measúnú riosca do thomhaltóirí a thabhairt chun críche. Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le défheineasáit faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 19 Iúil 2017 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021 mar aon le dréacht den Rialachán seo an 1 Nollaig 2021.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an dá chonclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 (8), maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(11)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach défheineasáit, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(12)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an formheas ar dhéfheineasáit a athnuachan.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus srianta áirithe. Is iomchuí, go háirithe, úsáid táirgí cosanta plandaí ina bhfuil défheineasáit a shrianadh do bharra nach bhfuil inite i dtithe gloine buana agus tuilleadh faisnéis dhaingnitheach a éileamh.

(14)

Maidir lena húsáid a shrianadh do bharra nach bhfuil inite, eisiafar nochtadh cothúcháin tomhaltóirí agus éilítear é toisc nach bhféadfaí an measúnú riosca do thomhaltóirí a thabhairt chun críche. Toisc gur sainaithníodh ardriosca d’éin trí nochtadh fadtéarmach do dhéfheineasáit, le srianadh d’úsáid i dtithe gloine mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 áiritheofar nach nochtfar éin do dhéfheineasáit. Ina theannta sin, toisc gur shainaithin an tÚdarás ardriosca do mhamaigh le haghaidh roinnt úsáidí ionadaíocha agus ardriosca ainsealach do bheacha bunaithe ar na sonraí atá ar fáil, leis an srianadh d’úsáid i dtithe gloine amháin, déanfar nochtadh na n-orgánach sin nach spriocorgánaigh iad chomh maith le láithreacht in uisce óil a chosc freisin.

(15)

A mhéid a bhaineann leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a aithint, critéir a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (9), ar bhonn na faisnéise eolaíche atá ar fáil a ndearnadh achoimre uirthi i gconclúid an Údaráis, cinneann an Coimisiún nach ceart a mheas go bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag défheineasáit.

(16)

Chun cur leis an muinín as an gconclúid nach bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag défheineasáit, ba cheart don iarratasóir measúnú nuashonraithe a chur ar fáil, i gcomhréir le pointe 2.2(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, is é sin, measúnú ar na critéir a leagtar síos i bpointe 3.6.5 agus pointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus i gcomhréir leis an treoir maidir le réabóirí iontálacha a aithint (10).

(17)

An measúnú riosca maidir le hathnuachan an fhormheasa ar an tsubstaint ghníomhach défheineasáit, tá sé bunaithe ar úsáidí ionadaíocha mar acairicíd. I bhfianaise an mheasúnaithe riosca sin, ní gá an srianadh maidir lena húsáid mar acairicíd amháin a choinneáil ar bun.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(19)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún (11), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na défheineasáite go dtí an 31 Iúil 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, beidh feidhm ag an Rialachán seo a luaithe is féidir.

(20)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas ar an tsubstaint ghníomhach a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí défheineasáit, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha agus na srianta a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2005/58/CE ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2005 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun défheineasáit agus milbimeictin a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 246, 22.9.2005, lch. 17).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(6)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(1):4693. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

(7)   “EFSA Updated peer review of the pesticide risk assessment of the active substance bifenazate” [Athbhreithniú piaraí nuashonraithe EFSA a rinneadh ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí défheineasáit], EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(8):6818.

(8)  Cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 in ionad Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20). Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir leis an nós imeachta chun formheas na substaintí gníomhacha seo a leanas a athnuachan: (1) na substaintí gníomhacha sin a dtagann deireadh lena dtréimhse formheasa roimh an 27 Márta 2024; (2) na substaintí gníomhacha sin dá gcuireann Rialachán síneadh lena dtréimhse formheasa go dtí an 27 Márta 2024 nó go dtí dáta níos déanaí, Rialachán a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ar an 27 Márta 2021 nó ina dhiaidh.

(9)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33).

(10)  ECHA (An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán) agus EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia) le tacaíocht theicniúil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), Andersson N, Arena M, Auteri D, Barmaz S, Grignard E, Kienzler A, Lepper P, Lostia AM, Munn S, Parra Morte JM, Pellizzato F, Tarazona J, Terron A agus Van der Linden S, 2018. “Guidance for the identification of endocrine disruptors in the context of Regulations (EU) No 528/2012 and (EC) No 1107/2009” [An treoir maidir le réabóirí iontálacha a aithint i gcomhthéacs Rialacháin (AE) Uimh. 528/2012 agus (CE) Uimh. 1107/2009]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(6):5311, 135 lch.

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, carbónáit chailciam, captan, dé-ocsaíd charbóin, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, úsc as crann tae, famocsadón, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, flumocsaisín, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, heipteamalocsalaglúcan, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, própamacarb, próitiaconasól, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 160, 7.5.2021, lch. 89).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Défheanasáit

149877-41-8

736

2-(4-meatocsaidhéfheinil-3-il)hiodraisíneaformáit iseapróipile

980 g/kg

Tá tolúéin ina chúis imní ó thaobh na tocsaineolaíochta de agus níor cheart dó dul thar 0,7 g/kg san ábhar teicniúil ann.

1 Iúil 2022

30 Meitheamh 2037

Ní údarófar ach úsáidí ar bharra nach bhfuil inite i dtithe gloine buana.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le défheineasáit, agus go háirithe Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II a ghabhann leis.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á áirithiú go n-áirítear cur i bhfeidhm trealaimh cosanta phearsanta leordhóthanaigh sna coinníollacha úsáide;

an riosca do bheacha agus do bhumbóga a scaoiltear chun pailniú a dhéanamh i dtithe gloine buana.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí.

Faoin 24 Bealtaine 2024, déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis dhaingnitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis a mhéid a bhaineann le pointe 3.6.5 agus pointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605, go háirithe measúnú nuashonraithe ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach cheana agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis bhreise chun a dheimhniú nach ann do ghníomhaíocht iontálach.


(1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 109 maidir le défheineasáit;

(2)

i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

152

Défheanasáit

149877-41-8

736

2-(4-meatocsaidhéfheinil-3-il)hiodraisíneaformáit iseapróipile

980 g/kg

Tá tolúéin ina chúis imní ó thaobh na tocsaineolaíochta de agus níor cheart dó dul thar 0,7 g/kg san ábhar teicniúil ann.

1 Iúil 2022

30 Meitheamh 2037

Ní údarófar ach úsáidí ar bharra nach bhfuil inite i dtithe gloine buana.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le défheineasáit, agus go háirithe Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II a ghabhann leis.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á áirithiú go n-áirítear cur i bhfeidhm trealaimh cosanta phearsanta leordhóthanaigh sna coinníollacha úsáide;

an riosca do bheacha agus do bhumbóga a scaoiltear chun pailniú a dhéanamh i dtithe gloine buana.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí.

Faoin 24 Bealtaine 2024, déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis dhaingnitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis a mhéid a bhaineann le pointe 3.6.5 agus pointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605, go háirithe measúnú nuashonraithe ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach cheana agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis bhreise chun a dheimhniú nach ann do ghníomhaíocht iontálach.


(1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.”