13.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 116/3 |
RIALACHÁN (AE) 2022/626 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Aibreán 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/263 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/628 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do roinnt beart dá bhforáiltear le Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle (3), lena n-áirítear bearta sriantacha maidir leis an trádáil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine. |
(2) |
I bhfianaise na géarchéime daonnúla atá ann mar thoradh ar ionradh gan chúis fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, an 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/628, lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 chun eisceachtaí a chur san áireamh lena gcuirtear ar a gcumas do chatagóirí comhlachtaí, daoine, eintiteas, eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí, arna sainiú go soiléir, earraí agus teicneolaíocht atá in úsáid i réimse áirithe, chomh maith le seirbhísí agus cúnamh srianta áirithe a bhaineann le hearraí agus teicneolaíocht den sórt sin, a sholáthar do dhaoine, eintitis agus comhlachtaí na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nó le haghaidh a n-úsáide sna limistéir sin, i gcás inar gá chun críoch daonnúil. Ar an gcaoi chéanna, ceadaítear leis na heisceachtaí seirbhísí agus cúnamh srianta sonrach a sholáthar, a bhaineann go díreach le bonneagar áirithe sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine, i gcás inar gá chun críoch daonnúil. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I Rialachán (AE) 2022/263, cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:
“Airteagal 4a
1. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 4 maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
díolachán, soláthar, aistriú ná onnmhairiú na n-earraí nó na teicneolaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn II; |
(b) |
cúnamh teicniúil ná seirbhísí bróicéireachta a sholáthar go díreach nó go hindíreach ar cúnamh nó seirbhísí iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn II nó a bhaineann le soláthar, monaraíocht, cothabháil agus úsáid na nithe sin; nó |
(c) |
maoiniú ná cúnamh airgeadais a sholáthar go díreach nó go hindíreach, ar maoiniú nó cúnamh é a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn II,d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sna críocha sonraithe nó lena n-úsáid sna críocha sonraithe ag na grúpaí seo a leanas:
|
2. De mhaolú ar Airteagal 4, i gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
díolachán, soláthar, aistriú ná onnmhairiú na n-earraí nó na teicneolaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn II; |
(b) |
cúnamh teicniúil ná seirbhísí bróicéireachta a sholáthar go díreach nó go hindíreach ar cúnamh nó seirbhísí iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn II nó a bhaineann le soláthar, monaraíocht, cothabháil agus úsáid na nithe sin; nó |
(c) |
maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, |
d’eintiteas nó do chomhlacht sna críocha sonraithe nó lena n-úsáid sna críocha sonraithe sin, ar choinníoll go bhfuil gá leis na hearraí, an teicneolaíocht, na seirbhísí agus an cúnamh sin chun críoch daonnúil sna críocha sonraithe.
3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhír 2 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.
4. Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo difear don chomhlíontacht le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (*1).
Airteagal 5a
1. Na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 5(1), ní bheidh feidhm acu maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar, ná seirbhísí bróicéireachta, tógála ná innealtóireachta a sholáthar a bhaineann go díreach leis an mbonneagar sna críocha sonraithe sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) mar a shainítear ar bhonn Iarscríbhinn II, gan beann ar tionscnamh na n-earraí agus na teicneolaíochta, ar cúnamh nó seirbhísí iad arna soláthar ag na grúpaí seo a leanas:
(a) |
comhlachtaí poiblí nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí ón Aontas nó ó na Ballstáit, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí sin chun críoch daonnúil go heisiach sna críocha sonraithe; |
(b) |
eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar comhaontú é ar bunaithe air a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le cúnamh agus seirbhísí den sórt sin chun críoch daonnúil go heisiach sna críocha sonraithe; |
(c) |
eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó a dheimhnítear nó a aithnítear ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí sin chun críoch daonnúil go heisiach sna críocha sonraithe; nó |
(d) |
gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí sin chun críoch daonnúil go heisiach sna críocha sonraithe. |
2. De mhaolú ar Airteagal 5(1), i gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú maidir le soláthar cúnaimh theicniúil nó seirbhísí bróicéireachta, tógála nó innealtóireachta a bhaineann go díreach leis an mbonneagar sna críocha sonraithe sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) mar a shainítear ar bhonn Iarscríbhinn II, gan beann ar thionscnamh na n-earraí agus na teicneolaíochta, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí sin chun críoch daonnúil go heisiach sna críocha sonraithe.
3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhír 2 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.
4. Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo difear don chomhlíontacht le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(2) Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 77).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109).