8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 111/67


RIALACHÁN (AE) 2022/577 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2).

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 do na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2022/579 ón gComhairle (3) forchuirtear bearta sriantacha breise lena gcuirtear toirmeasc ar urrúis inaistrithe arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit, agus ar nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an mBealarúis.

(4)

Leis an gCinneadh sin freisin, forchuirtear bearta sriantacha breise lena gcuirtear toirmeasc ar ghnóthais iompair de bhóthar atá bunaithe sa Bhealarúis earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 1:

‘25.

ciallaíonn ‘gnóthas iompair de bhóthar’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a ghabhann do chuspóir tráchtála maidir le hiompar lasta trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí.’

(2)

in Airteagal 1y, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfear toirmeasc ar urrúis inaistrithe arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit agus a eisítear tar éis an 12 Aibreán 2022, nó aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a chuireann neamhchosaint ar na hurrúis sin ar fáil, a dhíol le haon náisiúnach de chuid na Bealarúise nó le haon duine nádúrtha a chónaíonn sa Bhealarúis nó le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dlíthiúil atá bunaithe sa Bhealarúis.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1za:

“Airteagal 1za

1.   Cuirtear toirmeasc ar nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an mBealarúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, lena n-áirítear an rialtas agus Banc Ceannais na Bealarúise, nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit ar choinníoll go bhfuil gá iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú le haghaidh an méid seo a leanas:

(a)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha a thaistealaíonn go dtí an Bhealarúis nó baill dá ngartheaghlaigh atá ag taisteal leo; nó

(b)

críocha oifigiúla misin taidhleoireachta, post consalachta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.’;

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Article 1zc

1.   Cuirtear toirmeasc ar aon ghnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Bhealarúis earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí faoi bhealach.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le gnóthais iompair de bhóthar a iompraíonn post mar sheirbhís uilíoch.

3.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 go dtí 16 Aibreán 2022 maidir le hiompar earraí a tosaíodh roimh an 9 Aibreán 2022, ar choinníoll an mhéid seo a leanas maidir le feithicil an ghnóthais iompair de bhóthar:

(a)

go raibh sí ar chríoch an Aontais cheana féin ar an 9 Aibreán 2022; nó

(b)

gur gá di dul tríd an Aontas agus é faoi bhealach chun filleadh ar an mBealarúis.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit iompar earraí a dhéanann gnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Bhealarúis a údarú má chinneann na húdaráis inniúla go bhfuil gá leis an iompar sin chun an méid seo leanas a dhéanamh:

(a)

gás agus ola nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, mar aon le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas;

(b)

táirgí cógaisíochta, míochaine, talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar agus leasacháin a cheadaítear a allmhairiú, a cheannach agus a iompar faoin gCinneadh seo;

(c)

chun críoch daonnúil; nó,

(d)

ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalachta an Aontais agus na mBallstát sa Bhealarúis a fheidhmiú, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis ag a bhfuil díolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

5.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 4 laistigh de choicís ón údarú.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/579 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 111, 8.4.2022 81).