16.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 88/15

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/432 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 397 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2008/118/CE (2) ón gComhairle trí bhíthin Threoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle (3), lenar tugadh isteach díolúintí ó CBL agus ó dhleacht mháil le haghaidh iarrachtaí cosanta a rinneadh i gcreat an Aontais. Bhí na díolúintí sin le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit ón 1 Iúil 2022.

(2)

Leasaíodh Treoir 2006/112/CE tuilleadh trí bhíthin Threoir (AE) 2021/1159 (4) ón gComhairle, lenar tugadh isteach díolúintí nua ó CBL a bhaineann le bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. I bhfianaise phráinne an cháis a bhaineann le paindéim COVID-19, bhí na díolúintí sin le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021.

(3)

Leis an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle (5) (“an deimhniú”), deimhnítear go gcáilíonn idirbheart le haghaidh díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil faoi Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE. Ba cheart an deimhniú sin a leasú chun cur ar a gcumas do na Ballstáit an díolúine nua ó CBL le haghaidh iarrachtaí cosanta a dhéantar i gcreat an Aontais agus na díolúintí nua ó CBL maidir le bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach.

(4)

Maidir leis na díolúintí nua ó CBL a bhaineann le bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ba cheart an deimhniú a leasú chun an Coimisiún nó aon ghníomhaireacht nó comhlacht a bhunaítear faoi dhlí an Aontais, i gcás ina gcuireann an Coimisiún nó an gníomhaíocht nó an comhlacht sin a gcúraimí i gcrích mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, a chuimsiú mar chomhlacht incháilithe. Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint i gcásanna ina bhfuil soláthairtí díolmhaithe próiseáilte cheana féin leis an leagan reatha den deimhniú, is iomchuí nach gcuirfear an deimhniú, mar a leasaítear trí bhithín an Rialacháin seo, i bhfeidhm go cúlghabhálach.

(5)

Maidir leis an díolúine nua ó CBL le haghaidh iarrachtaí cosanta a rinneadh i gcreat an Aontais, ba cheart an deimhniú a leasú chun an Coimisiún nó aon ghníomhaireachta nó comhlacht a bhunaítear faoi dhlí an Aontais, i gcás ina gcuireann an Coimisiún nó an gníomhaíocht nó an comhlacht a gcúraimí i gcrích mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, agus fórsaí armtha Ballstáit atá rannpháirteach i ngníomhaíocht de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) a chuimsiú mar chomhlachtaí incháilithe. Chun na críche sin, agus i gcomhréir le dáta cur i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá do na Ballstáit chun Treoir (AE) 2019/2235 a chomhlíonadh, ba cheart an deimhniú a leasú le héifeacht ón 1 Iúil 2022.

(6)

I bhfianaise éifeacht chúlghabhálach na ndíolúintí nua ó CBL a bhaineann le bearta arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 mar a leanas:

(1)

cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II;

(2)

cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (1), go dtí an 30 Meitheamh 2022.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (2), ón 1 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE

(1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).

(3)  Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Treoir 2008/118/CE a bhaineann leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí cosanta laistigh de chreat an Aontais (IO L 336, 30.12.2019, lch. 10).

(4)  Treoir (AE) 2021/1159 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a mhéid a bhaineann le díolúintí sealadacha ar allmhairithe agus ar sholáthairtí áirithe, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 250, 15.7.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1).

IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN II

Airteagal 51 den Rialachán seo

AN tAONTAS EORPACH

DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó CBL AGUS/NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL (*)

(Treoir 2006/112/CE - Airteagal 151 – agus Treoir 2008/118/CE - Airteagal 13)

Sraithuimhir (roghnach):

1.

COMHLACHT/DUINE AONAIR INCHÁILITHE

Ainmniúchán/ainm

Sráid agus uimhir

Cód poist, áit

Ballstát (óstach)

2.

ÚDARÁS INNIÚIL ATÁ FREAGRACH AS STAMPÁIL (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)

3.

DEARBHÚ ÓN gCOMHLACHT NÓ ÓN DUINE AONAIR INCHÁILITHE

Dearbhaíonn an comhlacht nó an duine aonair incháilithe (1) leis seo

(a)

go bhfuil na hearraí agus/nó na seirbhísí a leagtar amach i mbosca 5 beartaithe (2)

i gcomhair úsáid oifigiúil

i gcomhair úsáid phearsanta

misin eachtraigh taidhleoireachta

ball de mhisean eachtrach taidhleoireachta

ionadaíochta eachtraí consalaí

ball d’ionadaíocht eachtrach chonsalach

comhlacht Eorpach a bhfuil feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh ina leith

eagraíochta idirnáisiúnta

ball foirne d’eagraíocht idirnáisiúnta

fórsaí armtha Stáit is páirtí i gConradh an Atlantaigh Thuaidh (fórsa ECAT)

fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe atá lonnaithe ar oileán na Cipire

i gcomhair úsáid an Choimisiúin Eorpaigh nó aon ghníomhaireachta nó aon chomhlachta a bhunaítear faoi dhlí an Aontais, i gcás ina gcuireann an Coimisiún nó an gníomhaíocht nó an comhlacht a gcúraimí i gcrích mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

(ainmniúchán na hinstitiúide) (féach bosca 4)

(b)

go gcomhlíonann na hearraí agus/nó na seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5 na coinníollacha agus na teorainneacha is infheidhme maidir leis an díolúine sa Bhallstát óstach a luaitear i mbosca 1, agus

(c)

go dtugtar an fhaisnéis thuas de mheon macánta.

Geallann an comhlacht nó an duine aonair incháilithe leis seo go n-íocfaidh sé leis an mBallstát ónar seoladh na hearraí nó ónar soláthraíodh na hearraí agus/nó na seirbhísí, an CBL agus/nó an dleacht mháil a bheadh dlite i gcás nach gcomhlíonfadh na hearraí agus/nó na seirbhísí na coinníollacha maidir le díolúine nó i gcás nach n-úsáidfí na hearraí agus/nó na seirbhísí ar an mbealach a bhí beartaithe.

Áit, dáta

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

4.

STAMPA AN CHOMHLACHTA (i gcás díolúine i gcomhair úsáid phearsanta)

Áit, dáta

Stampa

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

5.

TUAIRISC AR NA hEARRAÍ AGUS/NÓ NA SEIRBHÍSÍ, A bhFUILTEAR AG IARRAIDH NA DÍOLÚINE Ó CBL AGUS/NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL INA LEITH

A.

Faisnéis a bhaineann leis an soláthróir/leis an gcoimeádaí údaraithe stórais

(1)

ainm agus seoladh:

(2)

Ballstát

(3)

uimhir CBL/uimhir mháil nó uimhir thagartha cánach

B.

Faisnéis a bhaineann leis na hearraí agus/nó na seirbhísí:

Uimh.

Tuairisc mhionsonraithe ar na hearraí agus/nó na seirbhísí (3) (nó tagairt don fhoirm ordaithe atá i gceangal)

Cainníocht nó líon

Luach gan CBL ná dleacht mháil a áireamh

Airgeadra

Luach in aghaidh an aonaid

Luach iomlán

Méid iomlán

6.

DEIMHNIÚ Ó ÚDARÁIS INNIÚLA AN BHALLSTÁIT ÓSTAIGH

Comhlíonann an choinsíneacht/soláthar earraí agus/nó seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5:

go hiomlán

suas le cainníocht

(líon) (4)

na coinníollacha i gcomhair díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil

Áit, dáta

Stampa

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

7.

CEAD CHUN AN STAMPA FAOI BHOSCA 6 A FHÁGÁIL AR LÁR (i gcás díolúine i gcomhair úsáid oifigiúil agus sa chás sin amháin)

De réir litir Uimh:

Dar dáta:

Tá: Ainmniúchán na hinstitiúide incháilithe:

scaoilte ag

Údarás inniúil sa Bhallstát óstach:

ón oibleagáid faoi bhosca 6 stampa a fháil

Áit, dáta

Stampa

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

(*)

Scrios de réir mar is iomchuí.

Nótaí míniúcháin

1.

I gcás an tsoláthróra agus/nó an choimeádaí údaraithe stórais, is doiciméad tacaíochta é an deimhniú seo chun díolúine chánach a fháil ar na soláthairtí earraí agus seirbhísí nó na coinsíneachtaí earraí chuig na comhlachtaí/daoine aonair incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE agus in Airteagal 13 de Threoir 2008/118/CE. Dá réir sin, déanfar deimhniú amháin a tharraingt suas i gcomhair gach soláthróra/coimeádaí stórais. Thairis sin, ní mór don soláthróir/don choimeádaí stórais an deimhniú sin a choimeád mar chuid dá thaifid i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme ina Bhallstát.

2.

(a)

Sonraíocht ghinearálta an pháipéir atá le húsáid, is éard atá ann an tsonraíocht sin a leagtar síos in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach (C 164, 1.7.1989, lch. 3).

Ar pháipéar bán a bheidh na cóipeanna uile agus ba cheart an páipéar a bheith 210 milliméadar faoi 297 milliméadar le lamháltas uasta 5 mhilliméadar níos lú nó 8 milliméadar níos mó maidir lena bhfad.

I gcomhair díolúine ó dhleacht mháil déanfar an deimhniú díolúine a tharraingt suas i ndúblach:

coinneoidh an coinsíneoir cóip amháin;

beidh cóip amháin ag gabháil le gluaiseacht na dtáirgí atá faoi réir dleacht mháil.

(b)

Cuirfear líne trí aon spás nach n-úsáidfear i mbosca 5.B ionas nach féidir aon rud a chur leis.

(c)

Ní mór an doiciméad a líonadh isteach ar bhealach inléite agus ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadaítear aon scriosadh ná forscríobh. Déanfar é a líonadh isteach i dteanga a aithníonn an Ballstát óstach.

(d)

Má thagraíonn an tuairisc ar na hearraí agus/nó seirbhísí (bosca 5.B den deimhniú) d’fhoirm ordaithe ceannaigh a tarraingíodh suas i dteanga seachas teanga a aithníonn an Ballstát óstach, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán a chur i gceangal.

(e)

Os a choinne sin, má tharraingítear suas an deimhniú i dteanga seachas teanga a aithníonn Ballstát an tsoláthróra/an choimeádaí stórais, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na hearraí agus seirbhísí i mbosca 5.B a chur i gceangal.

(f)

Ciallaíonn teanga aitheanta ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil sa Bhallstát nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a dhearbhaíonn an Ballstát mar theanga is féidir a úsáid chun na críche sin.

3.

Trína dhearbhú i mbosca 3 den deimhniú, cuireann an comhlacht/duine aonair incháilithe an fhaisnéis is gá ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarraidh ar dhíolúine sa Bhallstát óstach.

4.

Trína dhearbhú i mbosca 4 den deimhniú, deimhníonn an comhlacht na sonraí i mbosca 1 agus i mbosca 3(a) den doiciméad agus deimhníonn sé gur ball foirne den chomhlacht é an duine aonair incháilithe.

5.

(a)

Ní mór an dáta agus an uimhir ordaithe ar a laghad a bheith sa tagairt don fhoirm ordaithe ceannaigh (bosca 5.B den deimhniú). Ba cheart na heilimintí ar fad atá i mbosca 5 den deimhniú a bheith ar an bhfoirm ordaithe. Más gá d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an deimhniú a stampáil, stampálfar an fhoirm ordaithe freisin.

(b)

An uimhir mháil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena leasítear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 tá an rogha ann an uimhir sin a lua nó gan í a lua; ní mór an uimhir aitheantais CBL nó an uimhir thagartha cánach a lua.

(c)

Ba cheart na hairgeadraí a lua trí bhíthin cód trí litir i gcomhréir le caighdeán chód ISO 4217 arna bhunú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (5).

6.

Maidir leis an dearbhú thuasluaite ón gcomhlacht/duine aonair incháilithe, déanfar é a fhíordheimhniú ag bosca 6 le stampa údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh. Is féidir leis an údarás a shocrú go mbraithfeadh a fhormheas ar chomhaontú údaráis eile ina Bhallstát. Is faoin údarás inniúil cánach é an comhaontú sin a fháil.

7.

Chun an nós imeachta a shimpliú, is féidir leis an údarás inniúil scaoileadh leis an oibleagáid a bhíonn ar an gcomhlacht incháilithe an stampa a iarraidh i gcás díolúine i gcomhair úsáid oifigiúil. Ba cheart don chomhlacht incháilithe an dispeansáid sin a lua i mbosca 7 den deimhniú.

(1)  Scrios de réir mar is iomchuí.

(2)  Cuir cros sa bhosca iomchuí.

(3)  Scrios an spás nach n-úsáidtear. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin má tá foirmeacha ordaithe i gceangal.

(4)  Ba cheart earraí agus/nó seirbhísí nach bhfuil incháilithe a scriosadh i mbosca 5 nó ar an bhfoirm ordaithe atá i gceangal.

(5)  Mar léiriú, seo a leanas roinnt cód a bhaineann le hairgeadraí atá in úsáid faoi láthair: EUR (euro), BGN (lev), CZK (koruna Phoblacht na Seice), DKK (krone na Danmhairge), GBP (punt steirling), HUF (forint), LTL (litas), PLN (zloty), RON (leu na Rómáine), SEK (krona na Sualainne), USD (dollar na Stát Aontaithe).

IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN II

Airteagal 51 den Rialachán seo

AN tAONTAS EORPACH

DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó CBL AGUS/NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL (*)

(Treoir 2006/112/CE - Airteagal 151 – agus Treoir 2008/118/CE - Airteagal 13)

Sraithuimhir (roghnach):

1.

COMHLACHT/DUINE AONAIR INCHÁILITHE

Ainmniúchán/ainm

Sráid agus uimhir

Cód poist, áit

Ballstát (óstach)

2.

ÚDARÁS INNIÚIL ATÁ FREAGRACH AS STAMPÁIL (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)

3.

DEARBHÚ ÓN gCOMHLACHT NÓ ÓN DUINE AONAIR INCHÁILITHE

Dearbhaíonn an comhlacht nó an duine aonair incháilithe (1) leis seo

(a)

go bhfuil na hearraí agus/nó na seirbhísí a leagtar amach i mbosca 5 beartaithe (2)

i gcomhair úsáid oifigiúil

i gcomhair úsáid phearsanta

misin eachtraigh taidhleoireachta

ball de mhisean eachtrach taidhleoireachta

ionadaíochta eachtraí consalaí

ball d’ionadaíocht eachtrach chonsalach

comhlacht Eorpach a bhfuil feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh ina leith

eagraíochta idirnáisiúnta

ball foirne d’eagraíocht idirnáisiúnta

fórsaí armtha Stáit is páirtí i gConradh an Atlantaigh Thuaidh (fórsa ECAT)

fórsaí armtha Ballstáit atá ag glacadh páirt i ngníomhaíocht de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC)

fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe atá lonnaithe ar oileán na Cipire

i gcomhair úsáid an Choimisiúin Eorpaigh nó aon ghníomhaireachta nó aon chomhlachta a bhunaítear faoi dhlí an Aontais, i gcás ina gcuireann an Coimisiún nó an gníomhaíocht nó an comhlacht a gcúraimí i gcrích mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

(ainmniúchán na hinstitiúide) (féach bosca 4)

(b)

go gcomhlíonann na hearraí agus/nó na seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5 na coinníollacha agus na teorainneacha is infheidhme maidir leis an díolúine sa Bhallstát óstach a luaitear i mbosca 1, agus

(c)

go dtugtar an fhaisnéis thuas de mheon macánta.

Geallann an comhlacht nó an duine aonair incháilithe leis seo go n-íocfaidh sé leis an mBallstát ónar seoladh na hearraí nó ónar soláthraíodh na hearraí agus/nó na seirbhísí, an CBL agus/nó an dleacht mháil a bheadh dlite i gcás nach gcomhlíonfadh na hearraí agus/nó na seirbhísí na coinníollacha maidir le díolúine nó i gcás nach n-úsáidfí na hearraí agus/nó na seirbhísí ar an mbealach a bhí beartaithe.

Áit, dáta

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

4.

STAMPA AN CHOMHLACHTA (i gcás díolúine i gcomhair úsáid phearsanta)

Áit, dáta

Stampa

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

5.

TUAIRISC AR NA hEARRAÍ AGUS/NÓ NA SEIRBHÍSÍ, A bhFUILTEAR AG IARRAIDH NA DÍOLÚINE Ó CBL AGUS/NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL INA LEITH

A.

Faisnéis a bhaineann leis an soláthróir/leis an gcoimeádaí údaraithe stórais

(1)

ainm agus seoladh:

(2)

Ballstát

(3)

uimhir CBL/uimhir mháil nó uimhir thagartha cánach

B.

Faisnéis a bhaineann leis na hearraí agus/nó na seirbhísí:

Uimh.

Tuairisc mhionsonraithe ar na hearraí agus/nó na seirbhísí (3) (nó tagairt don fhoirm ordaithe atá i gceangal)

Cainníocht nó líon

Luach gan CBL ná dleacht mháil a áireamh

Airgeadra

Luach in aghaidh an aonaid

Luach iomlán

Méid iomlán

6.

DEIMHNIÚ Ó ÚDARÁIS INNIÚLA AN BHALLSTÁIT ÓSTAIGH

Comhlíonann an choinsíneacht/soláthar earraí agus/nó seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5:

go hiomlán

suas le cainníocht

(líon) (4)

na coinníollacha i gcomhair díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil

Áit, dáta

Stampa

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

7.

CEAD CHUN AN STAMPA FAOI BHOSCA 6 A FHÁGÁIL AR LÁR (i gcás díolúine i gcomhair úsáid oifigiúil agus sa chás sin amháin)

De réir litir Uimh:

Dar dáta:

Tá: Ainmniúchán na hinstitiúide incháilithe:

scaoilte ag

Údarás inniúil sa Bhallstát óstach:

ón oibleagáid faoi bhosca 6 stampa a fháil

Áit, dáta

Stampa

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

(*)

Scrios de réir mar is iomchuí.

Nótaí míniúcháin

1.

I gcás an tsoláthróra agus/nó an choimeádaí údaraithe stórais, is doiciméad tacaíochta é an deimhniú seo chun díolúine chánach a fháil ar na soláthairtí earraí agus seirbhísí nó na coinsíneachtaí earraí chuig na comhlachtaí/daoine aonair incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE agus in Airteagal 13 de Threoir 2008/118/CE. Dá réir sin, déanfar deimhniú amháin a tharraingt suas i gcomhair gach soláthróra/coimeádaí stórais. Thairis sin, ní mór don soláthróir/don choimeádaí stórais an deimhniú sin a choimeád mar chuid dá thaifid i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme ina Bhallstát.

2.

(a)

Sonraíocht ghinearálta an pháipéir atá le húsáid, is éard atá ann an tsonraíocht sin a leagtar síos in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach (C 164, 1.7.1989, lch. 3).

Ar pháipéar bán a bheidh na cóipeanna uile agus ba cheart an páipéar a bheith 210 milliméadar faoi 297 milliméadar le lamháltas uasta 5 mhilliméadar níos lú nó 8 milliméadar níos mó maidir lena bhfad.

I gcomhair díolúine ó dhleacht mháil déanfar an deimhniú díolúine a tharraingt suas i ndúblach:

coinneoidh an coinsíneoir cóip amháin;

beidh cóip amháin ag gabháil le gluaiseacht na dtáirgí atá faoi réir dleacht mháil.

(b)

Cuirfear líne trí aon spás nach n-úsáidfear i mbosca 5.B ionas nach féidir aon rud a chur leis.

(c)

Ní mór an doiciméad a líonadh isteach ar bhealach inléite agus ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadaítear aon scriosadh ná forscríobh. Déanfar é a líonadh isteach i dteanga a aithníonn an Ballstát óstach.

(d)

Má thagraíonn an tuairisc ar na hearraí agus/nó seirbhísí (bosca 5.B den deimhniú) d’fhoirm ordaithe ceannaigh a tarraingíodh suas i dteanga seachas teanga a aithníonn an Ballstát óstach, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán a chur i gceangal.

(e)

Os a choinne sin, má tharraingítear suas an deimhniú i dteanga seachas teanga a aithníonn Ballstát an tsoláthróra/an choimeádaí stórais, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na hearraí agus seirbhísí i mbosca 5.B a chur i gceangal.

(f)

Ciallaíonn teanga aitheanta ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil sa Bhallstát nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a dhearbhaíonn an Ballstát mar theanga is féidir a úsáid chun na críche sin.

3.

Trína dhearbhú i mbosca 3 den deimhniú, cuireann an comhlacht/duine aonair incháilithe an fhaisnéis is gá ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarraidh ar dhíolúine sa Bhallstát óstach.

4.

Trína dhearbhú i mbosca 4 den deimhniú, deimhníonn an comhlacht na sonraí i mbosca 1 agus i mbosca 3(a) den doiciméad agus deimhníonn sé gur ball foirne den chomhlacht é an duine aonair incháilithe.

5.

(a)

Ní mór an dáta agus an uimhir ordaithe ar a laghad a bheith sa tagairt don fhoirm ordaithe ceannaigh (bosca 5.B den deimhniú). Ba cheart na heilimintí ar fad atá i mbosca 5 den deimhniú a bheith ar an bhfoirm ordaithe. Más gá d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an deimhniú a stampáil, stampálfar an fhoirm ordaithe freisin.

(b)

An uimhir aitheantais mháil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (CE) Uimh 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena leasítear Rialachán (CE) Uimh 2073/2004, tá an rogha ann an uimhir sin a lua nó gan í a lua; ní mór an uimhir aitheantais CBL nó an uimhir thagartha cánach a lua.