25.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 49/1


RIALACHÁN (AE) 2022/328 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/327 (1) an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014 ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2).

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3) agus cuirtear toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol le haon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó a sholáthar d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó a aistriú nó a onnmhairiú chuig aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis, más amhlaidh go bhfuil na hítimí sin le haghaidh úsáid mhíleata nó le haghaidh úsáideoirí deiridh míleata. Cuirtear cosc leis freisin ar na hearraí agus ar an teicneolaíocht sin a dhíol le daoine dlítheanacha sonraithe sa Rúis agus cuirtear toirmeasc ar chúnamh teicniúil agus seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar, chomh maith le maoiniú agus cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin. Ina theannta sin, leis an Rialachán, ceanglaítear ar oibreoirí réamhúdarú a fháil i ndáil le teicneolaíochtaí áirithe a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, ar teicneolaíochtaí iad atá le haghaidh an tionscail ola sa Rúis agus cuirtear toirmeasc ar sholáthar seirbhísí gaolmhara atá riachtanach maidir le taiscéalaíocht agus táirgeadh ola domhainmhara, taiscéalaíocht agus táirgeadh ola san Artach agus tionscadail scealla ola sa Rúis, lena n-áirítear Limistéar Eacnamaíoch Eisiach agus Scairbh Ilchríochach na Rúise. Cuirtear toirmeasc freisin, leis an Rialachán, ar sholáthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh nó a bhaineann leis na hearraí sin a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid. Forchuirtear leis freisin srianta ar rochtain ar mhargadh caipitil an Aontais d’institiúidí airgeadais áirithe de chuid na Rúise, d'eintitis de chuid na Rúise, don Rúis, dá Rialtas agus dá Banc Ceannais freisin.

(3)

An 24 Eanáir 2022, á meabhrú di na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí na Nollag 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha ann de dheasca aon ionsaí míleata eile ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine.

(4)

I bhfianaise thromchúis na staide, an 25 Feabhra 2022 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/327 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES agus lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in earnálacha éagsúla, go háirithe in earnáil na cosanta, earnáil an fhuinnimh, earnáil na heitlíochta agus san earnáil airgeadais.

(5)

Le Cinneadh (CBES) 2022/327 ón gComhairle, forchuirtear srianta breise ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ar sholáthar seirbhísí gaolmhara, chomh maith le srianta ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta áirithe a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an Rúis feabhas a chur ar a hearnáil cosanta agus slándála trí bhíthin teicneolaíochta. Leis an gCinneadh sin tugtar isteach freisin srianta ar sholáthar seirbhísí gaolmhara. Tá díolúintí teoranta ar na srianta sin beartaithe chun críoch dlisteanach agus réamhchinntithe. Thairis sin, cuirtear toirmeasc leis an gCinneadh sin ar mhaoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar i ndáil le trádáil leis an Rúis nó infheistíocht sa Rúis, faoi réir eisceachtaí áirithe.

(6)

Le Cinneadh (CBES) 2022/327 ón gComhairle, toirmeasctar earraí agus teicneolaíochtaí sonracha a dhíol leis an Rúis, a sholáthar di, a aistriú nó a onnmhairiú chuici, ar earraí agus teicneolaíochtaí iad a úsáidtear chun ola a scagadh, mar aon le srianta ar sholáthar seirbhísí gaolmhara.

(7)

Anuas air sin, tugtar isteach le Cinneadh (CBES) 2022/327, toirmeasc onnmhairiúcháin lena gcumhdaítear earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid san eitlíocht agus i dtionscal an spáis, agus lena dtoirmeasctar soláthar seirbhísí árachais agus athárachais agus cothabhála i ndáil leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin. Cuirtear toirmeasc, leis freisin, ar chúnamh teicniúil agus seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar chomh maith le maoiniú agus cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin atá faoi réir an toirmisc seo.

(8)

Le Cinneadh (CBES) 2022/327, leathnaítear a thuilleadh na srianta airgeadais atá ann cheana, go háirithe na srianta ar an rochtain atá ag eintitis áirithe de chuid na Rúise ar na margaí caipitil. Cuirtear toirmeasc leis freisin ar sheirbhísí i ndáil le scaireanna eintitis na Rúise faoi úinéireacht stáit a liostú agus a sholáthar ar ionaid trádála an Aontais. Ina dteannta sin, leis an gCinneadh tugtar isteach srianta nua, ar srianta iad a dhéanann insreafaí airgeadais ón Rúis chuig an Aontas a theorannú go mór, trí thoirmeasc a chur ar thaiscí ar mó iad ná luach áirithe a ghlacadh ó náisiúnaigh nó cónaitheoirí de chuid na Rúise, toirmeasc a chur ar chuntais cliant de chuid na Rúise a choinneáil ag taisclanna lárnacha urrús an Aontais agus toirmeasc a chur ar urrúis arna sloinneadh in euro a dhíol le cliaint de chuid na Rúise.

(9)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(10)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(11)

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na mbeart sin. Chun éifeachtacht na rialuithe onnmhairithe a áirithiú ar earraí agus teicneolaíocht an Aontais a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an Rúis feabhas a chur ar a hearnáil cosanta agus slándála trí bhíthin teicneolaíochta, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit, agus le tíortha comhpháirtíochta de réir mar a bheidh, d’fhonn, i gcásanna doiciméadaithe a bhfuil údar maith leo, liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta sin a oiriúnú de réir mar is iomchuí.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 833/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide’ na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(b)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(c)

ciallaíonn ‘cúnamh teicniúil’ aon tacaíocht theicniúil a bhaineann le deisiúcháin, forbairt, monarú, cóimeáil, tástáil, cothabháil, nó aon seirbhís theicniúil eile, agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm teagaisc, comhairle, oiliúna, eolais nó scileanna oibre a tharchur nó seirbhísí comhairliúcháin, lena n-áirítear cineálacha cúnaimh ó bhéal;

(d)

ciallaíonn ‘seirbhísí bróicéireachta’:

(i)

caibidlíocht nó socrú idirbheart chun earraí agus teicneolaíocht nó seirbhísí airgeadais agus teicniúla a cheannach, a dhíol nó a sholáthar, lena n-áirítear ó thríú tír chuig aon tríú tír eile, nó

(ii)

chun earraí agus teicneolaíocht nó seirbhísí airgeadais agus teicniúla a dhíol nó a cheannach, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil siad lonnaithe i dtríú tíortha lena n-aistriú chuig tríú tír eile;

(e)

ciallaíonn ‘seirbhísí infheistíochta’ na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)

orduithe a ghlacadh agus a tharchur i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó;

(ii)

orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant;

(iii)

déileáil ar a chuntas féin;

(iv)

bainistíocht punainne;

(v)

comhairle infheistíochta;

(vi)

ionstraimí airgeadais a fhrithghealladh agus/nó ionstraimí airgeadais a chur ar bhonn ceangaltais dhaingin;

(vii)

ionstraimí airgeadais a chur gan bonn ceangaltais dhaingin;

(viii)

aon seirbhís i ndáil le cead trádála ar mhargadh rialáilte nó cead trádála ar shaoráid trádála iltaobhach;

(f)

ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ na haicmí urrús seo a leanas atá soshannta ar an margadh caipitil, cé is moite d’ionstraimí íocaíochta:

(i)

scaireanna i gcuideachtaí agus in urrúis eile atá coibhéiseach le scaireanna i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó in eintitis eile, agus admhálacha taisclainne i leith scaireanna,

(ii)

bannaí nó cineálacha eile fiachais urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne i leith urrús den sórt sin,

(iii)

aon urrús eile lena dtugtar an ceart aon urrús inaistrithe den sórt sin a fháil nó a dhíol nó as a dtagann socraíocht airgid arna cinneadh trí thagairt d’urrúis inaistrithe;

(g)

ciallaíonn ‘ionstraimí margaidh airgid’ na haicmí ionstraimí sin a ndéileáiltear leo de ghnáth ar an margadh airgid, amhail billí státchiste, deimhnithe taisce agus páipéir thráchtála agus gan ionstraimí íocaíochta a áireamh;

(h)

ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ gnóthas a bhfuil sé de ghnó aige taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá chuntas féin;

(i)

ciallaíonn ‘críoch an Aontais’ críocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh, lena n-áirítear aerspás na mBallstát sin;

(j)

ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ duine dlítheanach mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(k)

ciallaíonn ‘taisce’ iarmhéid sochair atá mar thoradh ar chistí a fágadh i gcuntas nó ar staideanna sealadacha a eascraíonn as gnáth-idirbhearta baincéireachta agus a bhfuil ceanglas ar institiúid creidmheasa maidir lena aisíoc faoi na coinníollacha dlíthiúla agus conarthacha is infheidhme, lena n-áirítear taisce téarma shocraithe agus taisce choigiltis, ach cé is moite d’iarmhéid sochair sna cásanna seo a leanas:

(i)

ní féidir a chruthú gurb ann dó ach amháin le hionstraim airgeadais mar a shainmhínítear í in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), seachas más táirge coigiltis é a léirítear le deimhniú taisce atá déanta amach do dhuine ainmnithe agus arbh ann dó i mBallstát an 2 Iúil 2014;

(ii)

ní chaitear a phríomhshuim a aisíoc ar par;

(iii)

ní chaitear a phríomhshuim a aisíoc ar par ach amháin faoi ráthaíocht nó comhaontú áirithe a cuireadh ar fáil ag an institiúid creidmheasa nó ag tríú páirtí;

(l)

ciallaíonn ‘scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí’ (nó ‘pasanna órga’) na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag Ballstát, lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tíortha a náisiúntacht a fháil mar mhalairt ar íocaíochtaí agus infheistíochtaí réamhchinntithe;

(m)

ciallaíonn ‘scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí’ (nó ‘víosaí órga’) na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag Ballstát, lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tíortha cead cónaithe a fháil i mBallstát mar mhalairt ar íocaíochtaí agus infheistíochtaí réamhchinntithe;

(n)

ciallaíonn ‘ionad trádála’, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(24) de Threoir 2014/65/AE, margadh rialáilte, saoráid trádála iltaobhach (MTF) nó saoráid trádála eagraithe (OTF);

(o)

ciallaíonn ‘maoiniú nó cúnamh airgeadais’ aon ghníomhaíocht, cibé modh áirithe a roghnaítear, trína n-eisíocann an duine, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann, nó trína ngeallann sé go n-eisíocfaidh, a chistí féin nó a acmhainní eacnamaíocha féin go coinníollach nó go neamhchoinníollach, lena n-áirítear deontais, iasachtaí, ráthaíochtaí, urraíochtaí, bannaí, litreacha creidmheasa, creidmheasanna soláthróra, creidmheasanna ceannaitheora, réamhíocaíochtaí allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin agus gach cineál árachais agus athárachais, lena n-áirítear árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin; ní maoiniú ná cúnamh airgeadais atá in íocaíocht an phraghais chomhaontaithe maille leis na téarmaí agus coinníollacha íocaíochta ar earra nó ar sheirbhís, arna déanamh i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas gnó;

(p)

ciallaíonn ‘tír chomhpháirtíochta’ tír a chuireann tacar beart rialaithe onnmhairiúcháin i bhfeidhm atá coibhéiseach go substaintiúil leis na bearta sin a leagtar amach sa Rialachán seo, mar a shainaithnítear iad in Iarscríbhinn VIII;

(q)

ciallaíonn ‘feistí cumarsáide tomhaltóirí’ feistí a úsáideann daoine aonair príobháideacha amhail ríomhairí pearsanta agus forimeallaigh (lena n-áirítear tiomántáin chrua agus printéirí), gutháin phóca, teilifíseáin chliste, feistí cuimhne (tiomántáin USB), agus bogearraí tomhaltóra le haghaidh gach ceann de na hítimí sin.’

(*1)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú) (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1)."

(*3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)."

(2)

Scuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, agus ar sholáthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh teicniúil lena mbaineann, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir le hearraí ná teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe don mhéid seo a leanas:

(a)

chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

(b)

chun críoch leighis nó cógaisíochta;

(c)

onnmhairiú sealadach ítimí atá le húsáid sna meáin nuachta;

(d)

nuashonruithe bogearraí;

(e)

úsáid mar fheistí cumarsáide tomhaltóirí

(f)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Rúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin; nó

(g)

úsáid phearsanta na n-earraí nó teicneolaíochta sin ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus an úsáid sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí trádála atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.

Cé is moite de phointí (f) agus (g) den mhír seo, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe don mhéid seo a leanas:

(a)

comhar idir an tAontas, rialtais na mBallstát agus rialtas na Rúise i gcomhair ábhair shibhialtacha amháin;

(b)

atá ceaptha le haghaidh an chomhair idir-rialtasaigh i gcláir spáis;

(c)

oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

(d)

sábháilteacht mhuirí;

(e)

líonraí teileachumarsáide sibhialta, lena n-áirítear seirbhísí idirlín a sholáthar;

(f)

úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta;

(g)

ionadaíocht taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí nó teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais lena mbaineann sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuarthas an t-údarú sin roimh an 1 Bealtaine 2022.

6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.

7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu:

(i)

chun a chreidiúint go bhféadfadh an t-úsáideoir deiridh a bheith ina úsáideoir deiridh míleata, ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina eintiteas nó ina chomhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV nó gur úsáid deiridh mhíleata a bheith beartaithe do na hearraí; nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, ceaptha i gcomhair úsáid san eitlíocht nó i dtionscal an spáis.

8.   Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú atá deonaithe acu de bhun mhíreanna 4 agus 5 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2a:

‘Airteagal 2a

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, earraí agus teicneolaíocht lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise, nó le forbairt earnáil na cosanta agus na slándála, mar a liostaítear in Iarscríbhinn VII, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, agus soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh teicniúil lena mbaineann, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis na hearraí ná an teicneolaíocht a liostaítear i mír 1, a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil ná an cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe don mhéid seo a leanas:

(a)

chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

(b)

chun críoch leighis nó cógaisíochta;

(c)

onnmhairiú sealadach ítimí atá le húsáid sna meáin nuachta;

(d)

nuashonruithe bogearraí;

(e)

úsáid mar fheistí cumarsáide tomhaltóirí

(f)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Rúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin; nó

(g)

úsáid phearsanta na n-earraí nó teicneolaíochta sin ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus an úsáid sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí trádála atá faoi úinéireacht an ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.

Cé is moite de phointí (f) agus (g) den mhír seo, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí nó an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe don mhéid seo a leanas:

(a)

comhar idir an tAontas, rialtais na mBallstát agus rialtas na Rúise i gcomhair ábhair shibhialtacha amháin;

(b)

atá ceaptha le haghaidh an chomhair idir-rialtasaigh i gcláir spáis;

(c)

oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

(d)

sábháilteacht mhuirí;

(e)

líonraí teileachumarsáide sibhialta, lena n-áirítear seirbhísí idirlín a sholáthar;

(f)

úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta; nó

(g)

ionadaíocht taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí nó an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais sin lena mbaineann dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuarthas an t-údarú sin roimh an 1 Bealtaine 2022.

6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.

7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu

(i)

chun a chreidiúint go bhféadfadh an t-úsáideoir deiridh a bheith ina úsáideoir deiridh míleata, ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina eintiteas nó ina chomhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith beartaithe do na hearraí; nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, ceaptha i gcomhair úsáid san eitlíocht nó i dtionscal an spáis.

8.   Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú atá deonaithe acu de bhun mhíreanna 4 agus 5 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach.’

(4)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

‘Airteagal 2b

1.   Maidir leis na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinn IV, agus de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2) agus Airteagal 2a(1) agus (2), agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide agus na hearraí agus teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn VII a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh airgeadais gaolmhar nó cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, ach amháin tar éis dóibh a chinneadh:

(a)

go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil gaolmhar nó an cúnamh airgeadais gaolmhar riachtanach chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, ar teagmhas é ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol; nó

(b)

go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh airgeadais gaolmhar nó an cúnamh teicniúil gaolmhar sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.

2.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh údaráis inniúla an Bhallstáit iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú atá deonaithe acu de bhun mhír 1 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach.

Airteagal 2c

1.   Cuirfear an fógra faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus Airteagal 2a(3), nuair is féidir, trí mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a mbeidh ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

2.   Eiseofar na húdaruithe uile dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 2a agus Airteagal 2b, nuair is féidir, trí mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a mbeidh ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 2d

1.   Déanfaidh na údaráis inniúla faisnéis maidir leis na húdaruithe arna ndeonú agus na diúltuithe arna n-eisiúint de bhun Airteagal 2, Airteagal 2a agus Airteagal 2b a mhalartú leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún gan mhoill. Déanfar faisnéis a mhalartú trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach dá bhforáiltear de bhun Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2021/821.

2.   Is chun na críche ar iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a úsáidfear an fhaisnéis a gheofar mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, lena n-áirítear na malartuithe a luaitear i mír 4.

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go dtabharfar cosaint d’fhaisnéis rúnda a gheofar de thoradh an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a chuirfear ar fáil nó a mhalartófar faoin Airteagal seo a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir.

3.   Sula ndeonóidh Ballstát údarú i gcomhréir le hAirteagal 2, Airteagal 2a agus Airteagal 2b le haghaidh idirbheart arb ionann é go bunúsach agus idirbheart atá faoi réir diúltú atá fós bailí arna eisiúint ag Ballstát eile nó ag Ballstáit eile, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an mBallstát nó leis na Ballstáit a d’eisigh an diúltú. Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán sin, go gcinneann an Ballstát lena mbaineann údarú a dheonú, cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi, agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile chun an cinneadh a mhíniú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a mhalartú leis na tíortha is comhpháirtithe, d’fhonn tacú le héifeachtacht na mbeart rialaithe onnmhairí faoin Rialachán seo agus d’fhonn tacú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na mbeart rialaithe onnmhairí arna gcur i bhfeidhm ag tíortha is comhpháirtithe.

Airteagal 2e

1.   Beidh toirmeasc ar mhaoiniú poiblí nó ar chúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádáil leis an Rúis nó le haghaidh infheistíocht sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le:

(a)

gealltanais cheangailteacha i dtaca le maoiniú nó cúnamh airgeadais arna mbunú roimh an 26 Feabhra 2022;

(b)

maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais dar luach suas le EUR 10 000 000 ina iomláine in aghaidh an tionscadail a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá bunaithe san Aontas; nó

(c)

maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádáil bia agus chun críoch talmhaíochta, leighis nó daonnúil.’;

(5)

i mír 2 d’Airteagal 3, cuirtear “Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/821” in ionad “Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009”.’;

(6)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

‘Airteagal 3b

1.   Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid i scagadh ola, mar a liostaítear in Iarscríbhinn X, cibé acu de thionscnamh an Aontais iad nó nach ea, beidh toirmeasc ar a ndíol, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis, agus beidh an toirmeasc céanna ar a soláthar, ar a n-aistriú agus ar a n-onnmhairiú.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Na toirmisc i míreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm acu maidir leis an gcur i gcrích, go dtí an 27 Bealtaine 2022 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi cibé coinníollacha is iomchuí leo, na hearraí agus an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn X a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh teicniúil gaolmhar nó cúnamh airgeadais gaolmhar a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh ábhartha teicniúil nó an cúnamh ábhartha airgeadais sin riachtanach chun teagmhas a chosc nó a mhaolú ar teagmhas é ar dhócha dó tionchar tromchúiseach agus suntasach a imirt ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol.

I gcásanna éigeandála a mbeidh údar cuí leo, féadfar an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú a dhéanamh gan réamhúdarú, ar choinníoll go dtabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra don údarás inniúil laistigh de chúig lá oibre ó lá an díola, an tsoláthair, an aistrithe nó an onnmhairithe, agus go mbeidh leis an bhfógra sin mionsonra faoin údar cuí a bhí leis an díol, leis an soláthar, leis an aistriú nó leis an onnmhairiú a rinneadh gan reámhúdarú.

Airteagal 3c

1.   Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid san eitlíocht nó i dtionscal an spáis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI, cibé acu de thionscnamh an Aontais iad nó nach ea, beidh toirmeasc ar a ndíol, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis, agus beidh an toirmeasc céanna ar a soláthar, ar a n-aistriú agus ar a n-onnmhairiú.

2.   Beidh toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn XI, d’aon duine, d’aon eintiteas nó d’aon chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Toirmeascfar aon cheann nó aon chumasc de na gníomhaíochtaí seo a leanas a sholáthar: ollchóiriú, deisiú, iniúchadh, athionadú, modhnú nó ceartú lochta a dhéanamh ar aerárthach nó ar chomhpháirt, cé is moite d’iniúchadh réamheitilte, a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn XI, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

4.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

5.   Maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn XI, agus na toirmisc i míreanna 1 agus 4, ní bheidh feidhm ag na toirmisc sin maidir le cur i gcrích, go dtí an 28 Márta 2022, conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích.’

(7)

in Airteagal 4, mír 2, cuirtear ‘Aontas’ in ionad ‘Aontas Eorpach’.’

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

1.   Urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid a bhfuil aibíocht is mó ná 90 lá acu nó a bhfuil aibíocht is lú ná 30 lá acu, toirmiscfear iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cúnamh a eisiúint ina leith, nó déileáil leo ar shlí eile, go díreach nó go hindíreach, arb urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid iad a eisíodh tar éis an 1 Lúnasa 2014 go dtí an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 12 Aibreán 2022 nó aon urrús inaistrithe agus ionstraim margaidh airgid a eiseofar i ndiaidh an 12 Aibreán 2022, ar ceann díobh seo a leanas a eiseoidh iad:

(a)

mórinstitiúid chreidmheasa, nó mórinstitiúid eile a mbeidh sainordú sainráite aici iomaíochas gheilleagar na Rúise a chur chun cinn, infheistíocht a éagsúlú agus a spreagadh, ar mórinstitiúid í arna bunú sa Rúis a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí ón 1 Lúnasa 2014, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III; nó

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn III; nó

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo nó atá liostaithe in Iarscríbhinn III.

2.   Urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid a eiseofar tar éis an 12 Aibreán 2022, toirmiscfear iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cabhair a eisiúint ina leith, nó déileáil leo ar shlí eile, go díreach nó go hindíreach, ar ceann díobh seo a leanas a eiseoidh iad:

(a)

aon mhórinstitiúid chreidmheasa, nó institiúid eile a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí nó rialú poiblí ón 26 Feabhra 2022, nó aon institiúid chreidmheasa eile a bhfuil ról suntasach aici maidir le tacú le gníomhaíochtaí na Rúise, a rialtas nó an Banc Ceannais agus atá bunaithe sa Rúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XII; nó

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XII; nó

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo.

3.   Urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid, toirmiscfear iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cúnamh a eisiúint ina leith, nó déileáil leo ar shlí eile, go díreach nó go hindíreach, arb urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh a bhfuil aibíocht is mó ná 30 lá acu a eisíodh tar éis an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 12 Aibreán 2022, nó aon urrús inaistrithe agus ionstraim margaidh airgid a eiseofar i ndiaidh an 12 Aibreán 2022, ar ceann díobh seo a leanas a eiseoidh iad:

(a)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis agus a bhfuil baint aige le mórghníomhaíochtaí maidir le ceapadh, táirgeadh, díolacháin nó onnmhairiú trealaimh mhíleata nó seirbhísí míleata den chuid is mó, mar a liostaítear in Iarscríbhinn V, cé is moite de dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá gníomhach in earnáil an spáis nó in earnáil an fhuinnimh núicléach;

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, atá faoi rialú poiblí nó a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí agus ar mó ná RUB 1 trilliún na sócmhainní iomlána a mheastar a bheith aici agus a dtionscnaíonn a ioncaim mheasta as 50 % ar a laghad ó amhola a dhíol nó a iompar nó ó tháirgí peitriliam, mar a liostaítear in Iarscríbhinn VI;

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo; nó

(d)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den mhír seo.

4.   Urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid a eiseofar tar éis an 12 Aibreán 2022, toirmiscfear iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cabhair a eisiúint ina leith, nó déileáil leo ar shlí eile, go díreach nó go hindíreach, ar ceann díobh seo a leanas a eiseoidh iad:

(a)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, atá faoi rialú poiblí nó a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí agus a bhfuil sé de cheart ag an Rúis, a Rialtas nó a Banc Ceannais páirt a ghlacadh i mbrabúis nó a bhfuil gaolmhaireacht eacnamaíoch shubstaintiúil eile, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, ag an Rúis, a Rialtas nó a Banc Ceannais; nó

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XIII; nó

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo.

5.   I gcás urrúis inaistrithe aon duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá bunaithe sa Rúis agus a bhfuil níos mó ná 50% di faoi úinéireacht phoiblí, ón 12 Aibreán 2022, toirmiscfear seirbhísí a liostú agus a sholáthar ar ionaid trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta san Aontas.

6.   Toirmiscfear aon socrú a dhéanamh, nó a bheith ina chuid de shocrú go díreach nó go neamhdhíreach maidir leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

iasachtaí nó creidmheas nua a bhfuil aibíocht is mó ná 30 lá a thabhairt d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i míreanna 1 nó 3, tar éis an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 26 Feabhra 2022; nó

(ii)

iasachtaí nó creidmheas nua a thabhairt d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 3 nó 4 tar éis an 26 Feabhra 2022.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

iasachtaí ná creidmheas a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu maoiniú a sholáthar d’allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú Stát, lena n-áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú Stát eile is gá chun na conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú; nó

(b)

iasachtaí a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu cistiúchán éigeandála a chur ar fáil chun critéir sócmhainneachta agus leachtachta a chomhlíonadh maidir le daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas, a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht aon eintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.

7.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 6 maidir le híostarraingtí ná eisíocaíochtaí arna ndéanamh faoi chonradh arna thabhairt i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, ar choinníoll na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

maidir le téarmaí agus coinníollacha uile na n-íostarraingtí nó na n-eisíocaíochtaí sin:

(i)

comhaontaíodh iad roimh an 26 Feabhra 2022; agus

(ii)

níor modhnaíodh iad ar an dáta sin nó dá éis; agus

(b)

socraíodh dáta aibíochta conarthaí roimh an 26 Feabhra 2022 chun na cistí uile a cuireadh ar fáil a aisíoc ina n-iomláine agus chun na gealltanais, na cearta agus na hoibleagáidí uile faoin gconradh a chealú; agus

(c)

tráth a tugadh an conradh i gcrích, ní raibh sé ag sárú na dtoirmeasc ar an Rialachán seo a bhí i bhfeidhm an tráth sin.

I dtéarmaí agus coinníollacha na n-íostarraingtí agus na n-eisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) áirítear forálacha a bhaineann le fad na tréimhse aisíocaíochta le haghaidh gach íostarraingthe nó eisíocaíochta, an ráta úis arna chur i bhfeidhm nó modh ríofa an ráta úis, agus an t-uasmhéid.’;

(9)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5b

1.   Toirmiscfear aon taisce a ghlacadh ó náisiúnaigh Rúiseacha nó ó dhaoine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis, nó ó dhaoine dlítheanacha, ó eintitis nó ó chomhlachtaí atá bunaithe sa Rúis, más mó ná EUR 100 000 luach iomlán na dtaiscí atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach, ag an eintiteas nó ag an gcomhlacht in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát,

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le taiscí atá riachtanach le haghaidh trádála trasteorann neamhchoiscthe in earraí agus i seirbhísí idir an tAontas agus an Rúis.

Airteagal 5c

1.   De mhaolú ar Airteagal 5b(1), féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad is iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas i dtaca le glacadh le taisce den sórt sin:

(a)

go bhfuil gá léi chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5b(1), agus bunriachtanais a mball teaghlaigh cleithiúnach a chomhlíonadh, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

go bhfuil gá léi le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(d)

go bhfuil gá léi chun críoch oifigiúil misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó chun críoch eagraíochta idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 1(a), (b) agus (d) laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

Airteagal 5d

1.   De mhaolú ar Airteagal 5b(1), féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad is iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas i dtaca le glacadh le taisce den sórt sin:

(a)

go bhfuil gá léi chun críoch daonchairdiúla, amhail seachadadh cúnaimh a sheachadadh nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí liachta, bia, nó aistriú oibrithe daonchairdiúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnaithe; nó

(b)

go bhfuil gá léi le haghaidh ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta, gníomhaíochtaí a chuireann an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta chun cinn ar bhonn díreach sa Rúis.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

Airteagal 5e

1.   Beidh toirmeasc ar thaisclanna lárnacha urrús an Aontais Eorpaigh aon seirbhís a sholáthar mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i gcás urrús inaistrithe a eisítear tar éis an 12 Aibreán 2022 d’aon náisiúnach Rúiseach nó d’aon duine nádúrtha Rúiseach atá ina chónaí sa Rúis nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.

Airteagal 5f

1.   Beidh toirmeasc ar urrúis inaistrithe atá ainmnithe in euro agus a eisítear tar éis an 12 Aibreán 2022, nó aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a chuireann neamhchosaint ar na hurrúis sin ar fáil, a dhíol le haon náisiúnach Rúiseach nó le haon duine nádúrtha Rúiseach a chónaíonn sa Rúis nó le haon duine, eintiteas nó comhlacht dlíthiúil atá bunaithe sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.

Airteagal 5g

1.   Gan dochar do na rialacha infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

(a)

liosta taiscí is mó ná EUR 100 000 atá i seilbh náisiúnach Rúiseach nó daoine nádúrtha atá ina gcónaí sa Rúis nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis a sholáthar d’údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad suite nó don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 27 Bealtaine 2022. Déanfaidh siad nuashonruithe maidir le méideanna na dtaiscí sin a sholáthar gach 12 mhí.

(b)

faisnéis a sholáthar d’údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe maidir le taiscí is mó ná EUR 100 000 atá i seilbh náisiúnach Rúiseach nó daoine nádúrtha atá ina gcónaí sa Rúis a bhfuil saoránacht Ballstáit nó cearta cónaithe i mBallstát faighte acu trí scéim saoránachta d’infheisteoirí nó trí scéim chónaithe infheisteoirí.’;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 6 agus 7:

‘Airteagal 6

1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

mi ndáil le húdaruithe a dheonaítear faoin Rialachán seo;

(b)

mi ndáil le faisnéis a fuarthas faoi Airteagal 5g;

(c)

mi ndáil le sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

3.   Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a sholáthrófar ná a gheofar i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas an fhaisnéis sin, lena n-áirítear éifeachtacht na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú.

Airteagal 7

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinní I agus IX a leasú ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.’;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 11 agus 12:

‘Airteagal 11

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach ná go hindíreach, go hiomlán ná i bpáirt, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna nó le ráthaíocht nó le slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní III, IV, V, VI, XII agus XIII nó dá dtagraítear i bpointí (b) nó (c) d’Airteagal 5(1), i bpointí (b) nó (c) d’Airteagal 5(2), i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 5(3), i bpointí (b) nó (c) d’Airteagal 5(4) agus i bpointí (a), (b) nó (c) d’Airteagal 5a;

(b)

aon Rúiseach, eintiteas Rúiseach nó comhlacht Rúiseach eile;

(c)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo.

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh nó is éifeacht leo dul timpeall ar thoirmisc sa Rialachán seo, lena n-áirítear dul timpeall ar thoirmisc trí ghníomhú in ionad daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 5a, 5b, 5e agus 5f nó trí ghníomhú chun a dtairbhe trí úsáid a bhaint as na heisceachtaí in Airteagail 5(6), 5a(2), 5b(2), 5e(2) nó 5f(2).’;

(12)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 12a

1.   Próiseálfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Áirítear ar na cúraimí sin láimhseáil faisnéise faoi thaiscí agus faisnéis faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear seirbhís an Choimisiúin a liostaítear in Iarscríbhinn I mar ‘rialaitheoir’ don Choimisiún de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725 (*4) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála is gá chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích.’

(*4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).;"

(13)

cuirtear Iarscríbhinn I in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(14)

leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(15)

cuirtear Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV;

(16)

leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

(17)

leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

(18)

cuirtear Iarscríbhinn VII isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo;

(19)

cuirtear Iarscríbhinn VIII isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo;

(20)

cuirtear Iarscríbhinn IX isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo;

(21)

cuirtear Iarscríbhinn X isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo;

(22)

cuirtear Iarscríbhinn XI isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo;

(23)

cuirtear Iarscríbhinn XII isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo;

(24)

cuirtear Iarscríbhinn XIII isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 48, 25.2.2022, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógra a chur chuig an gCoimisiún

AN BHEILG

https://diplomatie.belgium.be/nl/Beleid/beleidsthemas/vrede_en_veiligheid/sancties

https://diplomatie.belgium.be/fr/politique/themes_politiques/paix_et_securite/sanctions

https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

AN BHULGÁIR

https://www.mfa.bg/en/101

POBLACHT NA SEICE

www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

AN DANMHAIRG

http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

AN GHEARMÁIN

http://www.bmwi.de/DE/Themen/Aussenwirtschaft/aussenwirtschaftsrecht,did=404888.html

AN EASTÓIN

http://www.vm.ee/est/kat_622/

ÉIRE

http://www.dfa.ie/home/index.aspx?id=28519

AN GHRÉIG

http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

AN SPÁINN

http://www.exteriores.gob.es/Portal/en/PoliticaExteriorCooperacion/GlobalizacionOportunidadesRiesgos/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

AN FHRAINC

http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

AN CHRÓIT

http://www.mvep.hr/sankcije

AN IODÁIL

https://www.esteri.it/mae/it/politica_estera/politica_europea/misure_deroghe

AN CHIPIR

http://www.mfa.gov.cy/mfa/mfa2016.nsf/mfa35_en/mfa35_en?OpenDocument

AN LAITVIA

http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

AN LIOTUÁIN

http://www.urm.lt/sanctions

LUCSAMBURG

https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

AN UNGÁIR

https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

MÁLTA

https://foreignaffairs.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/Sanctions-Monitoring-Board.aspx

AN ÍSILTÍR

https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

AN OSTAIR

http://www.bmeia.gv.at/view.php3?f_id=12750&LNG=en&version=

AN PHOLAINN

https://www.gov.pl/web/dyplomacja

AN PHORTAINGÉIL

http://www.portugal.gov.pt/pt/ministerios/mne/quero-saber-mais/sobre-o-ministerio/medidas-restritivas/medidas-restritivas.aspx

AN RÓMÁIN

http://www.mae.ro/node/1548

AN tSLÓIVÉIN

http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

AN tSLÓVAIC

https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

AN FHIONLAINN

http://formin.finland.fi/kvyhteistyo/pakotteet

AN tSUALAINN

http://www.ud.se/sanktioner

Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

An Coimisiún Eorpach

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

2 Rue de Spa/Spastraat 2

B-1049 Bruxelles/Brussel, Belgique/België

Seoladh ríomhphoist: relex-sanctions@ec.europa.eu


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

‘IARSCRÍBHINN III

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a)

[…]


IARSCRÍBHINN III

‘IARSCRÍBHINN IV

Liosta de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7), 2a(7) agus Airteagal 2b(1)

Sirius, Cuideachta Comhstoic

Stankoinstrument, Cuideachta Comhstoic Phoiblí Oscailte

Chemcomposite, Cuideachta Comhstoic Oscailite

Kalashnikov, Cuideachta Comhstoic

Tula Arms Plant, Cuideachta Comhstoic

NPK Technologii Maschinostrojenija

Wysokototschnye Kompleksi, Cuideachta Comhstoic Oscailte

Almaz Antey, Cuideachta Comhstoic Oscailte

NPO Bazalt, Cuideachta Comhstoic Oscailte

Longchlós Admiralty, Cuideachta Comhstoic

Institiúid Teicneolaíochta Aleksandrov um Thaighde Eolaíoch NITI

Argut OOO

Ionad cumarsáide na hAireachta Cosanta

Federal Research Center Boreskov Institute of Catalysis

Federal State Budgetary Enterprise of the Administration of the President of Russia

Federal State Budgetary Enterprise Special Flight Unit Rossiya of the Administration of the President of Russia

Federal State Unitary Enterprise Dukhov Automatics Research Institute (VNIIA)

An tSeirbhís um Fhaisnéis Eachtrach (SVR)

Ionad Fóiréinsice Réigiún Nizhniy Novgorod, Príomh-Stiúrthóireacht na hAireachta Gnóthaí Baile

An tIonad Idirnáisiúnta um Optaic Chandamach agus Teicneolaíochtaí Candamacha (Ionad Candamach na Rúise)

Irkut Corporation

Irkut Research and Production Corporation, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Scientific Research Institute of Computing Machinery, Cuideachta Comhstoic

Central Research Institute of Machine Building (JSC TsNIIMash), Cuideachta Comhstoic

Kazan Helicopter Plant Repair Service, Cuideachta Comhstoic

Shipyard Zaliv (Clós longthógála Zaliv), Cuideachta Comhstoic

Rocket and Space Centre – Progress, Cuideachta Comhstoic

Kamensk-Uralsky Metallurgical Works, Cuideachta Comhstoic

Kazan Helicopter Plant, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Komsomolsk-na-Amur Aviation Production Organization (KNAAPO)

Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise

Institiúid Fisice agus Teicneolaíochta Mhoscó

NPO High Precision Systems, Cuideachta Comhstoic

NPO Splav, Cuideachta Comhstoic

OPK Oboronprom

Beriev Aircraft Company, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Irkut Corporation, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Kazan Helicopters, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Institiúid taighde POLYUS de chuid M.F. Stelmakh, Cuideachta Comhstoic

Promtech-Dubna, JSC

United Aircraft Corporation, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Radiotechnical and Information Systems (RTI) Concern

Rapart Services LLC; Rosoboronexport (ROE), Cuideachta Comhstoic Oscailte

Rostec (Russian Technologies State Corporation)

Rostekh – Azimuth

Russian Aircraft Corporation MiG

Russian Helicopters, Cuideachta Comhstoic

SP KVANT (Sovmestnoe Predpriyatie Kvantovye Tekhnologii)

Sukhoi Aviation, Cuideachta Comhstoic

Sukhoi Civil Aircraft

Tactical Missiles Corporation, Cuideachta Comhstoic

Tupolev, Cuideachta Comhstoic

UEC-Saturn

United Aircraft Corporation

AeroKompozit, Cuideachta Comhstoic

United Engine Corporation

UEC-Aviadvigatel, Cuideachta Comhstoic

United Instrument Manufacturing Corporation

United Shipbuilding Corporation

PO Sevmash, Cuideachta Comhstoic

Longcheárta Krasnoye Sormovo

Longcheárta Severnaya

Longcheárta Yantar

UralVagonZavod.


IARSCRÍBHINN IV

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

‘IARSCRÍBHINN V

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(a)

[…]


IARSCRÍBHINN V

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

‘IARSCRÍBHINN VI

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(b)

[…]


IARSCRÍBHINN VI

‘IARSCRÍBHINN VII

Liosta na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 2a(1) agus 2b(1)

Tá feidhm maidir leis an Iarscríbhinn seo ag na Nótaí Ginearálta, na hAcrainmneacha agus na Giorrúcháin, agus ag na Sainmhínithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, cé is moite de “Páirt I - Nótaí Ginearálta, Acrainmneacha agus Giorrúcháin, agus Sainmhínithe, Nótaí Ginearálta a ghabhann le hIarscríbhinn I, pointe 2.”.

Tá feidhm maidir leis an Iarscríbhinn seo ag na sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear Liosta Comhchoiteann Míleata (LCM) an Aontais Eorpaigh (2020/C 85/01).

Gan dochar d’Airteagal 12 den Rialachán seo, maidir le hítimí neamhrialaithe ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna a liostaítear san Iarscríbhinn seo, ní bheidh na hítimí sin faoi réir rialú faoi Airteagal 2b den Rialachán seo.

Catagóir I - Leictreonaic

X.A.I.001

Feistí leictreonacha agus comhpháirteanna.

a.

“Micreachiorcaid mhicreaphróiseálaithe”, “micreachiorcaid mhicriríomhaire” agus micreachiorcaid mhicririalaitheora, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá luas feidhmíochta 5 GFLOPS nó níos mó acu agus aonad loighce uimhríochta acu a bhfuil leithead rochtana aige arb ionann é agus 32 ghiotán nó ar mó é ná sin;

2.

Tá ráta clogmhinicíochta acu ar mó é ná 25 MHz; nó

3.

Tá níos mó ná bus sonraí amháin nó bus treorach amháin nó port cumarsáide srathaí amháin acu, a sholáthraíonn idirnasc seachtrach díreach idir “micreachiorcaid mhicreaphróiseálaithe” chomhthreomhara a bhfuil ráta aistrithe de 2,5 Mb/s acu;

b.

Ciorcaid iomlánaithe stórála, mar a leanas:

1.

Cuimhní inléite amháin in-ríomhchláraithe in-léirscriosta go leictreach (EEPROManna) a bhfuil toilleadh stórála iontu;

a.

Ar mó é ná 16 Mbit in aghaidh an phacáiste le haghaidh cineálacha flaischuimhne; nó

b.

Ar mó é ná ceachtar den dá theorainn seo a leanas le haghaidh chineálacha uile eile EEPROM:

1.

Ar mó é ná 1 Mbit in aghaidh an phacáiste; nó

2.

Ar mó é ná 256 chilighiotán in aghaidh an phacáiste agus a bhfuil uas-aga rochtana aige ar lú é ná 80 ns;

2.

Cuimhní randamrochtana statacha (SRAManna) a bhfuil toilleadh stórála iontu:

a.

Ar mó é ná 1 Mbit in aghaidh an phacáiste; nó

b.

Ar mó é ná 256 chilighiotán in aghaidh an phacáiste a bhfuil uas-aga rochtana aige ar lú é ná 25 ns;

c.

Tiontairí ó analógach go digiteach ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá taifeach 8 ngiotán nó níos mó, ach níos lú ná 12 ghiotán, acu agus ráta aschuir is mó ná 200 Meigeashampla in aghaidh an tsoicind;

2.

Tá taifeach 12 ghiotán acu agus ráta aschuir is mó ná 105 Mheigeashampla in aghaidh an tsoicind;

3.

Tá taifeach acu is mó ná 12 ghiotán ach atá cothrom le 14 ghiotán nó níos lú ná sin, agus ráta aschuir is mó ná 10 Meigeashampla in aghaidh an tsoicind; nó

4.

Tá taifeach acu is mó ná 14 ghiotán agus ráta aschuir is mó ná 2,5 Meigeashampla in aghaidh an tsoicind;

d.

Feistí loighce in-ríomhchláraithe sa réimse a bhfuil uasmhéid ionchur/aschur digiteach aonathraithe acu idir 200 agus 700;

e.

Próiseálaithe Trasfhoirme Tapa Fourier (FFT) a bhfuil aga rite rátaithe acu do FFT coimpléascach phointe 1 024 ar lú é ná 1 ms;

f.

Ciorcaid iomlánaithe shaincheaptha nach eol cén fheidhm a bhaineann leo nó nach eol don mhonaróir an stádas rialaithe atá ag an trealamh ina n-úsáidfear na ciorcaid iomlánaithe, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá níos mó ná 144 theirminéal acu; nó

2.

Tá “moill ar fhorleathadh bunúsach” thipiciúil níos lú ná 0,4 ns acu;

g.

“Feistí folúis leictreonacha” toinne taistil, de thonn bhíogach nó leanúnach, mar a leanas:

1.

Feistí cuasán cúplaithe, nó díorthaigh díobh sin;

2.

Feistí atá bunaithe ar chiorcaid héilics, tonntreorach fillte, nó tonntreorach lúbaí, nó ar dhíorthaigh díobh sin, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá “bandaleithead meandrach” leath ochtáibhe nó níos mó acu, agus meánchumhacht (arna sloinneadh in kW) iolraithe faoin minicíocht (arna sloinneadh in GHz) is mó ná 0,2; nó

b.

Tá “bandaleithead meandrach” acu ar lú é ná leath octáibhe; agus meánchumhacht (arna sloinneadh in kW) iolraithe faoin minicíocht (arna sloinneadh in GHz) is mó ná 0,4;

h.

Tá tonntreoracha solúbtha acu atá ceaptha lena n-úsáid ag minicíochtaí arb airde iad ná 40 GHz;

i.

Feistí tonnta fuaimiúla dromchla agus feistí tonnta fuaimiúla um bearradh dromchla (bulc éadomhain) (i.e., feistí ‘próiseála comharthaí’ lena n-úsáidtear tonnta leaisteacha in ábhair), ar fíor ina leith ceachtar de na nithe seo a leanas:

1.

Tá minicíocht iompróra acu ar mó í ná 1 GHz; nó

2.

Tá minicíocht iompróra acu arb ionann í agus 1 GHz nó ar lú í ná sin; agus

a.

Tá diúltú minicíochta taobhlóba acu ar mó é ná 55 dB;

b.

Is mó toradh na moille uasta agus an bhandaleithid (am i micreashoicindí agus bandaleithead in MHz) acu ná 100; nó

c.

Tá moill spréite acu ar mó í ná 10 micreashoicind;

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.A.I.001.i, is é is ‘diúltú minicíochta taobhlóba’ ann luach uasta an diúltaithe a shonraítear ar an mbileog sonraí.

j.

‘Cealla’ mar a leanas:

1.

'Cealla príomhúla a bhfuil dlús fuinnimh acu arb ionann é agus 550 Wh/kg nó níos lú ag 293 K (20 °C);

2.

'Cealla tánaisteacha a bhfuil dlús fuinnimh acu arb ionann é agus 350 Wh/kg nó níos lú ag 293 K (20 °C);

Nóta:

Le X.A.I.001.j, ní rialaítear ceallraí, lena n-áirítear ceallraí aonchille.

Nótaí Teicniúla:

 

1.

Chun críocha X.A.I.001.j, ríomhfar dlús fuinnimh (Wh/kg) ón voltas ainmniúil á iolrú faoin acmhainneacht ainmniúil in aimpéaruaireanta á roinnt ar an mais i gcileagraim. Mura luaitear an acmhainneacht ainmniúil, ríomhfar an dlús fuinnimh ón voltas ainmniúil á chearnú agus ansin á iolrú faoin ré díluchtaithe in uaireanta á roinnt ar an ualach díluchtaithe in Óim agus an mhais i gcileagraim.

2.

Chun críocha X.A.I.001.j, sainmhínítear ‘cill’ ar fheiste leictriceimiceach a bhfuil leictreoidí dearfacha agus diúltacha, agus leictrilít aici, agus ar foinse fuinnimh leictrigh í. Is é bloc tógála bunúsach an cheallra é.

3.

Chun críoch X.A.I.001.j.1, is éard is 'cill phríomhúil' ann 'cill' nach bhfuil deartha lena luchtú ó aon fhoinse eile.

4.

Chun críoch X.A.I.001.j.2, is éard is 'cill thánaisteach' ann 'cill' atá deartha lena luchtú ó fhoinse leictreach sheachtrach.

k.

Leictreamaighnéid nó solanóidigh ‘fhorsheoltacha’ atá saindeartha lena luchtú nó lena ndíluchtú go hiomlán laistigh de níos lú ná nóiméad amháin, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

Nóta:

Le X.A.I.001.k, ní rialaítear leictreamaighnéid nó solanóidigh “fhorsheoltacha” atá deartha lena n-úsáid i dtrealamh leighis um Íomháú Athshondais Mhaighnéadaigh.

1.

Is mó ná 500 kJ in aghaidh an tsoicind an fuinneamh uasta a sholáthraítear i rith an díluchtaithe á roinnt ar ré an díluchtaithe leo;

2.

Tá trastomhas inmheánach ag na tochráin iompróra srutha acu ar mó é ná 250 mm; agus

3.

Tá siad rátaithe d’ionduchtú maighnéadach ar mó é ná 8 T nó do “dhlús iomlán an tsrutha” ar mó é ná 300 A/mm2 sa tochrán;

l.

Ciorcaid nó córais le haghaidh stóráil fuinnimh leictreamaighnéadaigh a bhfuil comhpháirteanna iontu atá monaraithe as ábhair ‘fhorsheoltacha’ atá saindeartha chun go bhfeidhmeoidh ar a laghad ceann amháin dá gcomhchodaigh ‘fhorsheoltacha’ ag teochtaí arb ísle iad ná an ‘teocht chriticiúil’, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

1.

Tá minicíochtaí oibriúcháin athshondacha acu ar mó iad ná 1 MHz;

2.

Tá dlús fuinnimh thaiscthe acu arb ionann é agus 1 MJ/m3 nó ar mó é ná sin; agus

3.

Tá aga díluchtaithe acu ar lú é ná 1 ms;

m.

Tíreatróin hidrigine/hidrigine-iseatóip atá déanta de mhiotal ceirmeach acu agus atá rátaithe le haghaidh bhuaicshrutha 500 A nó níos mó;

n.

Ní úsáidtear;

o.

Grianchealla, cóimeálacha fuinneog idirnasctha cealla (CIC), grianphainéil agus eagair ghréine, atá “spáscháilithe”, agus nach rialaítear le 3A001.e.4 (1).

X.A.I.002

“Cóimeálacha leictreonacha” ilchuspóireacha, modúil agus trealamh.

a.

Trealamh tástála leictreonach, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

b.

Taifeadáin dhigiteacha sonraí ionstraimíochta téipe maighnéadaí, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas;

1.

Tá uasráta aistrithe an chomhéadain dhigitigh acu ar mó é ná 60 Mbit/s agus úsáidtear teicnící scanta héiliciúla iontu;

2.

Tá uasráta aistrithe an chomhéadain dhigitigh acu ar mó é ná 120 Mbit/s agus úsáidtear teicnící cnoga fhosaithe iontu; nó

3.

“Spáscháilithe”;

c.

Trealamh, a bhfuil uasráta aistrithe an chomhéadain dhigitigh aige ar mó é ná 60 Mbit/s, atá deartha chun fístaifeadáin dhigiteacha téipe maighnéadaí a thiontú chun a n-úsáide mar thaifeadáin dhigiteacha sonraí ionstraimíochta;

d.

Ascalascóip analógacha neamh-mhodúlacha a bhfuil bandaleithead acu arb ionann é agus 1 GHz nó ar mó é ná sin;

e.

Córais ascalascóip analógaigh neamh-mhodúlaigh, ar fíor ina leith ceachtar de na saintréithe seo a leanas:

1.

Tá mór-ríomhaire acu a bhfuil bandaleithead aige arb ionann é agus 1 GHz nó ar mó é ná sin; nó

2.

Tá modúil a phlugáiltear isteach acu a bhfuil bandaleithead aonair acu arb ionann é agus 4 GHz nó ar mó é ná sin;

f.

Ascalascóip analógacha shamplála chun anailís a dhéanamh ar na feiniméin athfhillteacha a bhfuil bandaleithead éifeachtach acu ar mó é ná 4 GHz;

g.

Ascalascóip dhigiteacha agus taifeadáin díomuana, lena úsáidtear teicnící tiontaithe ó analógach go digiteach, lenar féidir díomuanta a stóráil trí shampláil sheicheamhach a dhéanamh ar ionchuir urchair aonair ag eatraimh chomhleantacha ar lú iad ná 1 ns (níos mó ná 1 Ghigeashampla in aghaidh an tSoicind), lena ndigitítear go 8 ghiotán nó taifeach níos mó agus lena stóráiltear 256 shampla nó níos mó.

Nóta:

Le X.A.I.002 rialaítear na comhpháirteanna saindeartha seo a leanas le haghaidh ascalascóip analógacha:

1.

Aonaid a phlugáiltear isteach;

2.

Aimplitheoirí seachtracha;

3.

Réamhaimplitheoirí;

4.

Gairis samplála;

5.

Feadáin gha-chatóideacha.

X.A.I.003

Trealamh próiseála sonrach, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:

a.

Athróirí minicíochta ar féidir dóibh oibriú sa raon minicíochta 300 Hz suas go 600 Hz, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

b.

Mais-speictriméadair, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

c.

Meaisíní x-ghathanna splaince uile, agus comhpháirteanna de chórais cumhachta bíogaí atá deartha díobh, lena n-áirítear gineadóirí Marx, líonraí lena múnlaítear bíog ardchumhachta, toilleoirí ardvoltias, agus truicir;

d.

Bíog-aimplitheoirí, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

e.

Trealamh leictreonach maidir le giniúint moille ama nó tomhas eatraimh ama, mar a leanas:

1.

Gineadóirí moille ama dhigitigh ag a bhfuil taifeach arb ionann é agus 50 nanashoicind nó ar lú é ná sin thar eatraimh ama arb ionann iad agus 1 mhicreashoicind nó ar mó iad ná sin; nó

2.

Méadar eatraimh ilchainéil (3 cinn nó níos mó) nó méadar eatraimh ama mhodúlaigh agus trealamh cronaiméadrachta ag a bhfuil taifeach arb ionann é agus 50 nanashoicind nó ar lú é ná sin thar eatraimh ama arb ionann iad agus 1 mhicreashoicind nó ar mó iad ná sin;

f.

Ionstraimí anailíseacha crómatagrafaíochta agus speictriméadrachta.

X.B.I.001

Trealamh chun comhpháirteanna nó ábhair leictreonacha a mhonarú, mar a leanas agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena aghaidh.

a.

Trealamh atá saindeartha chun leictreonfheadáin, eilimintí optúla agus comhpháirteanna atá saindeartha lena aghaidh a mhonarú, ar trealamh é a rialaítear le 3A001 (2) nó le X.A.I.001;

b.

Trealamh atá saindeartha chun feistí leathsheoltacha, ciorcaid iomlánaithe agus ‘cóimeálacha leictreonacha’ a mhonarú, mar a leanas, agus córais ina n-ionchorpraítear an trealamh sin nó ag a bhfuil saintréithe an trealaimh sin:

Nóta:

Le X.B.I.001.b. freisin, rialaítear trealamh a úsáidtear nó atá modhnaithe lena úsáid chun feistí eile a mhonarú, amhail gairis íomháithe, gairis leictrea-optúla, feistí tonnta fuaimiúla.

1.

Trealamh chun ábhair a phróiseáil chun gairis agus comhpháirteanna a mhonarú mar a shonraítear i gceannteideal X.B.I.001.b, mar a leanas:

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001 feadáin fhoirnéise grianchloiche, líneálacha foirnéise, céaslaí, báid (cé is moite de chásbháid shaindeartha), dí-oighreoirí, caiséid nó breogáin atá saindeartha le haghaidh an trealaimh próiseála a rialaítear le X.B.I.001.b.1.

a.

Trealamh chun sileacan polachriostalach agus ábhair a rialaítear le 3C001 a tháirgeadh (3);

b.

Trealamh atá saindeartha chun ábhair leathsheoltacha III/V agus II/VI a íonú nó a phróiseáil agus a rialaítear le 3C001, 3C002, 3C003, 3C004, nó 3C005 (4) cé is moite de tharraingeoirí criostail – maidir le tarraingeoirí criostail, féachtar X.B.I.001.b.1.c thíos;

c.

Tarraingeoirí criostail agus foirnéisí criostail, mar a leanas:

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001.b.1.c foirnéisí idirleata agus ocsaídiúcháin.

1.

Trealamh ainéalta agus athchriostalaithe seachas na foirnéisí teochta sheasta ina n-úsáidtear rátaí arda aistrithe fuinnimh, ar trealamh é lenar féidir sliseoga a phróiseáil ar ráta is mó ná 0,005 m2 in aghaidh an nóiméid;

2.

Tarraingeoirí criostail den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

a.

Tá siad in-athluchtaithe gan coimeádán an bhreogáin a ionadú;

b.

Tá ar a gcumas feidhmiú ag brúnna os cionn 2.5 x 10105 Pa; nó

c.

Tá ar a gcumas criostail a tharraingt a bhfuil trastomhas acu is mó ná 100 mm;

d.

Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ le haghaidh fás eipealuadrach ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

1.

Tá ar a chumas ciseal sileacain dar tiús nach mó ná ± 2,5 % thar achar 200 mm nó níos mó a tháirgeadh;

2.

Tá ar a chumas ciseal aon ábhair a tháirgeadh seachas sileacan darb aonfhoirmeacht tiúis ar feadh na sliseoige nach lú ná ± 3,5 %; nó

3.

Uainíocht sliseog aonair le linn na próiseála;

e.

Trealamh fáis eipealuadraigh léasacha móilíneacha;

f.

Trealamh ‘spriúchta’ atá feabhsaithe go maighnéadach agus a bhfuil loic lódála chomhtháite saindeartha acu lenar féidir sliseoga a aistriú i dtimpeallacht folúis leithlisithe;

g.

Trealamh atá saindeartha le haghaidh an ian-ionphlandaithe, an idirleata ianfheabhsaithe nó fhótaifheabhsaithe, agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

1.

Cumas patrúnaithe;

2.

Fuinneamh léis (voltas luasghéaraithe) is mó é ná 200 keV;

3.

Tá siad optamaithe chun oibriú ag fuinneamh léis (voltas luasghéaraithe) ar lú é ná 10 keV; nó

4.

Tá ar a gcumas ionphlandú ardfhuinnimh ocsaigine a dhéanamh i “bhfoshraith” téite;

h.

Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ le haghaidh baint roghnaíoch (eitseáil) trí mhodhanna tirime ainiseatrópacha (e.g. plasma), mar a leanas:

1.

‘Cineálacha baisce’ ag a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Aimsiú críochphointe, seachas cineálacha speictreascópacht astaíochta optúla; nó

b.

Brú oibríochta (eitseáil) imoibreora 26,66 Pa nó níos lú;

2.

‘Cineálacha sliseog aonair’ ag a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Aimsiú críochphointe, seachas cineálacha speictreascópacht astaíochta optúla;

b.

Brú oibríochta (eitseáil) imoibreora 26,66 Pa nó níos lú; nó

c.

Láimhseáil caiséad go caiséad agus glasanna ualaí sliseog;

Nótaí:

1.

Tagraíonn 'cineálacha baiste' do mheaisíní nach bhfuil saindeartha chun sliseoga aonair a phróiseáil. Le meaisíní den sórt sin is féidir dhá shliseog nó níos mó a phróiseáil go comhuaineach le paraiméadair phróisis choitianta, e.g., cumhacht RF, teocht, speicis gháis eitseála, rátaí sreafa.

2.

Le 'cineálacha sliseog aonair' tagraítear do mheaisíní atá saindeartha chun sliseoga aonair a phróiseáil. Sna meaisíní sin d'fhéadfadh teicnící uathoibríocha láimhseála sliseog a bheith in úsáid chun sliseog aonair a luchtú sa trealamh lena próiseáil. Sa sainmhíniú áirítear trealamh lenar féidir roinnt sliseog a lódáil agus a phróiseáil ach inar féidir na paraiméadair eitseála, e.g. cumhacht radaimhinicíochta nó críochphointe, a chinneadh go neamhspleách i gcás gach sliseoige aonair.

i.

Trealamh “deascadh trí ghalú ceimiceach” (CVD), e.g., CVD atá feabhsaithe le plasma (PECVD) nó CVD fóta-fheabhsaithe, do mhonarú feistí leathsheoltacha, ar fíor ina leith ceachtar den dá chumas seo a leanas, chun ocsaídí, nítrídí, miotail nó sileacan polaichriostalta a dheascadh:

1.

Trealamh “deascadh gaile ceimiceach” a oibríonn faoi bhun 105 Pa; nó

2.

Trealamh PECVD a oibríonn faoi bhun 60 Pa nó ag a bhfuil láimhseáil sliseog uathoibríoch le fearais caiséad-go-caiséad agus le loic lódála;

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001.b.1.i córais “deascadh ceimiceach galaithe” lagbhrú (LPCVD) ná trealamh imoibríoch den chineál“spriúchta”.

j.

Córais léasacha leictreon atá saindeartha nó atá modhnaithe chun maisc a dhéanamh nó chun feistí leathsheoltacha a phróiseáil, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

1.

Sraonadh léasacha leictreastatacha;

2.

Próifíl léis neamh-Ghuaiseach, í múnlaithe;

3.

Ráta comhshó ó dhigiteach go hanalógach is mó ná 3 MHz;

4.

Cruinneas tiontaithe ó dhigiteach go hanalógach is mó é ná 12 ghiotán; nó

5.

Cruinneas rialaithe aischothúcháin maidir le suíomh ó sprioc go léas 1 mhicreaméadar nó níos míne a rialú;

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001.b.1.j córais deasctha léasacha leictreon ná micreascóip leictreon scanacháin ilchuspóireacha.

k.

Trealamh críochnaithe dromchla chun sliseoga leathsheoltacha a phróiseáil mar a leanas:

1.

Trealamh atá saindeartha chun próiseáil chúlrach a dhéanamh ar shliseoga is tanaí ná 100 micriméadar agus an deighilt ina dhiaidh sin; nó

2.

Trealamh atá saindeartha chun gairbhe dromchla a bhaint amach i ndromchla gníomhach sliseoige próiseáilte dar luach dhá-shigme nach mó ná 2 mhicriméadar, léamh iomlán léirithe (TIR);

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001.b.1.k trealamh lapála agus snasaithe aontaobha chun dromchla sliseog a bhailchríochnú.

l.

Trealamh idirnasctha lena n-áirítear comhchuasáin folúis aonair nó ilchuasáin folúis atá saindeartha chun gur féidir aon trealamh a rialaítear le X.B.I.001 a chomhtháthú i gcóras iomlán;

m.

‘Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ lena n-úsáidtear “léasair” chun “ciorcaid iomlánaithe mhonailiotacha” a dheisiú nó a bhearradh, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

1.

Cruinneas aimsiúcháin suímh is mó ná 1 micriméadar; nó

2.

Tá méid an spota (leithead an ghearrtha) níos lú ná 3 micriméadar.

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.B.I.001.b.1, is éard atá sa ‘spriúchadh’ próiseas brataithe forleagain ina ndéantar iain a bhfuil lucht deimhneach iontu a luathú le réimse leictreach, i dtreo dromchla sprice (ábhar brataithe). Is leor fuinneamh cinéiteach na n-ian tuinsimh chun go scaoilfí adaimh an dromchla sprice agus chun go ndeascfaí iad ar fhoshraith. (Tugtar faoi deara: Is gnáthmhodhnuithe ar an bpróiseas iad spriúchadh trióide, maighnéatróin nó radaimhinicíochta chun greamaitheacht an bhrataithe agus an ráta deasctha a mhéadú.).

2.

Maisc, foshraitheanna masc, trealamh chun maisc a dhéanamh agus trealamh aistrithe íomhánna chun gairis agus comhpháirteanna a mhonarú mar a shonraítear i gceannteideal X.B.I.001, mar a leanas:

Nóta:

Leis an téarma maisc, tagraítear do na maisc a úsáidtear i liteagrafaíocht léasacha leictreon, i liteagrafaíocht X-ghathach, agus i liteagrafaíocht ultraivialait, chomh maith leis an ngnáth-fhótailiteagrafaíocht ultraivialaite agus infheicthe.

a.

Maisc chríochnaithe, mioneangaí agus dearaí lena n-aghaidh, ach amháin:

1.

Maisc nó mioneangacha críochnaithe le haghaidh táirgeadh ciorcad iomlánaithe nach rialaítear le 3A001 (5); nó

2.

Maisc nó mioneangaí ag a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas:

a.

Tá a ndearadh bunaithe ar gheoiméadracht 2,5 micriméadar nó níos mó; agus

b.

Ní áirítear sa dearadh gnéithe speisialta chun an úsáid atá beartaithe a athrú trí threalamh táirgthe nó trí “bhogearraí”;

b.

Foshraitheanna masc, mar a leanas:

1.

“Foshraitheanna” (e.g., gloine, grianchloiche, saifír) dromchla crua (e.g., cróimiam, sileacan, molaibdéineam) atá brataithe chun maisc a ullmhú ag a bhfuil toisí is mó ná 125 mm x 125 mm; nó

2.

Foshraitheanna atá saindeartha le haghaidh maisc x-ghathacha;

c.

Trealamh, seachas ríomhairí ilchuspóireacha, atá saindeartha le haghaidh dearadh ríomhchuidithe (CAD) feistí leathsheoltacha nó ciorcad iomlánaithe;

d.

Trealamh nó meaisíní, mar a leanas, chun maisc nó mioneangaí a mhonarú:

1.

Ceamaraí céime agus athdhéanta fóta-optúla agus athcheamaraí lenar féidir eagair is mó ná 100 mm x 100 mm a tháirgeadh, nó lenar féidir aon nochtadh amháin is mó ná 6 mm x 6 mm a tháirgeadh sa phlána íomhá (i.e., fócasach), nó lenar féidir leithid líne is lú ná 2,5 micriméadar a tháirgeadh san fhótaifhriotaí ar an “bhfoshraith”;

2.

Trealamh chun maisc nó mioneangaí a dhéanamh lena n-úsáidtear liteagrafaíocht léis iain nó “léasair” lenar féidir leithid líne is lú ná 2,5 micriméadar a tháirgeadh; nó

3.

Trealamh nó gabhdáin chun maisc nó mioneangaí a athrú nó chun scannáin a chur isteach nó chun fabhtanna a bhaint;

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001.b.2.d.1 ná le b.2.d.2 trealamh monaraithe masc ina n-úsáidtear modhanna fóta-optúla a bhí ar fáil ar bhonn tráchtála roimh an 1 Eanáir 1980, nó nach fearr a bhfeidhmíocht ná an trealamh sin.

e.

Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ chun maisc, mioneangaí nó scannáin a iniúchadh, a bhfuil na saintréithe seo a leanas aige:

1.

Taifeach 0,25 micriméadar nó taifeach is míne ná sin; agus

2.

Beachtas 0,75 micriméadar nó beachtas is míne ná sin thar fhad 63,5 mm nó níos mó i gcomhordanáid amháin nó dhó;

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001.b.2.e micreascóip leictreon scanacháin ilchuspóireacha ach amháin nuair atá siad saindeartha agus ionstraimithe chun iniúchadh uathoibríoch a dhéanamh ar phatrúin.

f.

Trealamh chun sliseoga a tháirgeadh a ailíniú agus a nochtadh trí mhodhanna fóta-optúla nó x-gha, e.g. trealamh liteagrafaíochta, lena n-áirítear trealamh aistrithe íomhánna teilgin agus trealamh céime agus athdhéanta (céim dhíreach ar an sliseog) nó trealamh céime agus scanta (scanóir), trealamh lenar féidir aon cheann de na feidhmeanna seo a leanas a dhéanamh:

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001.b.2.f trealamh rianaithe fhóta-optúil agus ailíniú agus nochtadh masc gaireachta ná trealamh rianaithe aistriú íomhánna.

1.

Táirgeadh patrúin is lú ná 25 micriméadar;

2.

Ailíniú le beachtas is míne ná ± 0,25 micriméadar (3 shigme);

3.

Forleagan meaisín le meaisín nach fearr ná ± 0,3 micriméadar; nó

4.

Tonnfhad foinse solais is giorra ná 400 nm;

g.

Trealamh léasacha leictreoin, léasacha iain nó trealamh X-ghathach le haghaidh aistriú íomhánna teilgin lenar féidir patrúin is lú é ná 2,5 micriméadar a tháirgeadh;

Nóta:

Maidir le córais dhírithe léasacha sraonta (córais taifeadta dhíreacha), féachtar X.B.I.001.b.1.j.

h.

Trealamh lena n-úsáidtear “léasair” chun taifead díreach a dhéanamh ar shliseoga lenar féidir patrúin is lú ná 2,5 micriméadar a tháirgeadh.

3.

Trealamh chun ciorcaid iomlánaithe a chóimeáil, mar a leanas:

a.

Nascóir dísle den chineál “rialú le ríomhchlár stóráilte” ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

1.

‘Tá siad saindeartha’ do “chiorcaid iomlánaithe hibrideacha”;

2.

Bogadh aimsiúcháin céim X-Y is mó ná 37,5 x 37,5 mm; agus

3.

Cruinneas suiteála i bplána X-Y is míne ná ± 10 micriméadar;

b.

Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ chun roinnt nasc a tháirgeadh in aon oibríocht amháin (e.g., nascóirí léis seolán, nascóirí iompartha sliseanna, nascóirí téipe);

c.

Séalóirí caipíní teo leath-uathoibríocha nó uathoibríocha, lena ndéantar téamh áitiúil ar an gcaipín go teocht is airde ná corp an phacáiste, atá saindeartha le haghaidh pacáistí ceirmeacha micrichiorcaid a rialaítear le 3A001 (6) agus ag a bhfuil tréchur nach lú ná aon phacáiste amháin in aghaidh an nóiméid.

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.001.b.3 spot-táthóirí den chineál friotaíochta ilchuspóirí.

4.

Scagairí le haghaidh seomraí glana lenar féidir timpeallacht ae™ir a sholáthar nach mó ná deich gcáithnín atá inti, ar cáithníní 0,3 micriméadar nó níos lú atá iontu, in aghaidh an 0,02832 m3 agus scagairí lena n-aghaidh.

Nóta Teicniúil:

Chun críocha X.B.I.001, is éard is ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann rialú a úsáideann treoracha atá stóráilte in stóras leictreonach ar féidir do phróiseálaí iad a rith chun feidhmiú feidhmeanna réamhchinntithe a stiúradh. Is féidir do threalamh a bheith faoi ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ bíodh an an stóráil leictreonach á dhéanamh go hinmheánach sa trealamh nó go seachtrach.

X.B.I.002

Trealamh chun comhpháirteanna agus ábhair leictreonacha a iniúchadh nó a thástáil, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh.

a.

Trealamh atá saindeartha chun iniúchadh nó tástáil a dhéanamh ar leictreonfheadáin, ar eilimintí optúla agus ar chomhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, agus a rialaítear le 3A001 (7) nó X.A.I.001;

b.

Trealamh atá saindeartha chun iniuchadh nó tástáil a dhéanamh ar fheistí leathsheoltacha, ar chiorcaid iomlánaithe agus ar “chóimeálacha leictreonacha”, mar a leanas, agus córais ina n-ionchorpraítear an trealamh sin nó ag a bhfuil saintréithe an trealaimh sin:

Nóta:

Le X.B.I.002.b. freisin, rialaítear trealamh a úsáidtear nó atá modhnaithe lena úsáid chun feistí eile a mhonarú, amhail gairis íomháithe, gairis leictrea-optúla, feistí tonnta fuaimiúla.

1.

Trealamh iniúchta den chineál ‘rialaithe faoi chlár storáilte’ chun fabhtanna, earráidí nó éilleáin nach mó ná 0,6 micriméadar a bhrath ar shliseoga nó ar fhoshraitheanna próiseáilte, nó iontu, ce is moite de chláir ciorcaid phriontáilte nó sliseanna, agus úsáid á baint as teicnící chun íomhánna optúla a fháil lena ndéantar comparáid idir patrúin;

Nóta:

Ní rialaítear le Le X.B.I.002.b.1. micreascóip leictreon scanacháin ilchuspóireacha, ach amháin cinn atá saindeartha agus sain-ionstraimithe chun iniúchadh uathoibríoch a dhéanamh ar phatrúin.

2.

Trealamh tomhais agus anailíse den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’, mar a leanas:

a.

Trealamh atá saindeartha chun an cion ocsaigin nó carbóin in ábhair leathsheoltacha a thomhas;

b.

Trealamh chun leithid líne a thomhas le taifeach 1 mhicriméadar nó taifeach is míne ná sin;

c.

Ionstraimí tomhais saindeartha chun plánacht a thomhas, lenar féidir dialltaí ón bplánacht 10 micriméadar nó níos lú a thomhas le taifeach 1 mhicriméadar nó níos lú.

3.

Trealamh scrúdaithe sliseog den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

a.

Cruinneas aimsiúcháin is míne ná 3,5 micriméadar;

b.

Tá ar a chumas tástáil a dhéanamh ar fheistí ina bhfuil líon is mó ná 68 teirminéal; nó

c.

Tá ar a chumas tástáil a dhéanamh ag minicíocht is mó ná 1 GHz;

4.

Trealamh optúil mar a leanas:

a.

Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ atá saindeartha chun feistí leathsheoltacha scoite agus díslí neamh-imchochlaithe a thástáil, lenar féidir tástáil a dhéanamh ag minicíochtaí is airde ná 18 GHz;

Nóta Teicniúil:

I measc na bhfeistí leathsheoltacha scoite tá fótaichill agus grianchill.

b.

Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ atá saindeartha chun tástáil a dhéanamh ar chiorcaid iomlánaithe agus ar “chóimeálacha leictreonacha” lena n-aghaidh, lenar féidir tástáil fheidhmiúil a dhéanamh:

1.

Ag ‘ráta patrúin’ is mó ná 20 MHz; nó

2.

Ag ‘ráta pátrún’ is mó ná 10 MHz ach nach mó ná 20 MHz agus lenar féidir pacáistí ina bhfuil níos mó ná 68 teirminéal a thástáil.

Nótaí:

Ní rialaítear le X.B.I.002.b.4.b. trealamh tástála atá saindeartha chun tástáil a dhéanamh orthu seo a leanas:

1.

Cuimhní;

2.

“Cóimeálacha” nó aicme “cóimeálacha leictreonacha” le haghaidh feidhmeanna baile agus siamsaíochta; agus

3.

Comhpháirteanna leictreonacha, “cóimeálacha leictreonacha” agus ciorcaid iomlánaithe nach rialaítear le 3A001 (8) ná le X.A.I.001, ar choinníoll nach n-ionchorpraítear leis an trealamh tástála sin saoráidí ríomhaireachta le “in-ríomhchláraitheacht atá inrochtana don úsáideoir”.

Nóta Teicniúil:

Chun críocha X.B.I.002.b.4.b, sainmhínítear gurb é is 'ráta patrúin' ann uasmhinicíocht an oibriúcháin dhigitigh atá ag tástálaí. Dá bhrí sin, tá sé coibhéiseach leis an ráta sonraí is airde is féidir le tástálaí a sholáthar sa mhód neamh-ilphléacsaithe. Tagraítear dó freisin mar luas tástála, mar uasmhinicíocht dhigiteach nó mar uasluas digiteach.

c.

Trealamh atá saindeartha chun feidhmíocht eagar plánaí fócasacha a chinneadh ag tonnfhaid is mó ná 1 200 nm, agus lena n-úsáidtear tomhais ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ nó meastóireacht ríomhchuidithe agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

1.

Úsáid trastomhais spota solais scanacháin is lú ná 0,12 mm;

2.

Tá siad deartha chun paraiméadair feidhmíochta fótamhothálacha a thomhas agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfreagairt mhinicíochta, ar fheidhm aistrithe modhnúcháin, ar aonfhoirmeacht na freagrúlachta nó an torainn; nó

3.

Tá siad deartha chun meastóireacht a dhéanamh ar eagair lenar féidir íomhánna a chruthú inar mó ná 32 x 32 dúil líne atá iontu;

5.

Córais tástála léis leictreoin atá deartha chun feidhmiú ag 3 keV nó faoina bhun sin, nó córais léasacha “léasair”, chun scrúdú neamhtheagmhála a dhéanamh ar fheistí leathsheoltacha ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe:

a.

Cumas stróbascópaí le dalladh léis nó stróbáil bhrathadóireachta;

b.

Speictriméadar leictreon chun voltas a thomhas le taifeach is lú ná 0,5 V; nó

c.

Daingneáin tástálacha leictreacha chun anailís feidhmíochta a dhéanamh ar chiorcaid iomlánaithe;

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.I.002.b.5 micreascóip leictreon scanacháin, ach amháin nuair atá siad saindeartha agus sain-ionstraimithe chun scrúdú neamhtheagmhála a dhéanamh ar fheiste leathsheoltach chumhachtaithe.

6.

Córais ilfheidhmeacha léis ian fócasaithe den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ atá saindeartha chun maisc nó feistí leathsheoltacha a mhonarú, a dheisiú, chun anailís a dhéanamh ar a leagan amach fisiciúil agus chun iad a thástáil, agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

a.

Cruinneas rialaithe aischothúcháin maidir le suíomh ó sprioc go léas 1 mhicreaméadar nó níos míne; nó

b.

Cruinneas tiontaithe ó dhigiteach go hanalógach is mó ná 12 giotán;

7.

Córais tomhaiste cáithníní lena n-úsáidtear “léasair” atá deartha chun méid na gcáithníní agus a dtiúchan san aer a thomhas, ag a:

a.

Tá ar a chumas méid cáithníní nach mó ná 0,2 micriméadar a thomhas ag ráta sreafa 0,02832 m3 in aghaidh an nóiméid nó níos mó; agus

b.

Tá ar a chumas aer glan d'Aicme 10 nó níos fearr a shaintréithriú.

Nóta Teicniúil:

Chun críocha X.B.I.002, is éard is ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann rialú a úsáideann treoracha atá stóráilte in stóras leictreonach ar féidir do phróiseálaí iad a rith chun feidhmiú feidhmeanna réamhchinntithe a stiúradh. Is féidir do threalamh a bheith faoi ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ bíodh an an stóráil leictreonach á dhéanamh go hinmheánach sa trealamh nó go seachtrach.

X.C.I.001

Friotáin dhearfacha atá deartha le haghaidh liteagrafaíocht leathsheoltóra atá coigeartaithe go speisialta (optamaithe) lena n-úsáid ag tonnfhaid idir 370 nm agus 193 nm.

X.D.I.001

“Bogearraí” atá saindeartha le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh”, nó “úsáid” gaireas leictreonach nó comhpháirteanna a rialaítear le X.A.I.001, trealamh leictreonach ilchuspóireach a rialaítear le X.A.I.002, nó trealamh monaraíochta agus tástála a rialaítear le X.B.I.001 agus le X.B.I.002; nó “bogearraí” atá saindeartha le haghaidh “úsáid” trealaimh a rialaítear le 3B001.g agus le 3B001.h (9).

X.E.I.001

“Teicneolaíocht” le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” gaireas leictreonach nó comhpháirteanna a rialaítear le X.A.I.001, trealamh leictreonach ilchuspóireach a rialaítear le X.A.I.002, nó trealamh monaraíochta agus tástála a rialaítear le X.B.I.001 nó le X.B.I.002, nó ábhair a rialaítear le X.C.I.001.

Catagóir II – Ríomhairí

Nóta:

Ní rialaítear le Catagóir II earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

X.A.II.001

Ríomhairí, “cóimeálacha leictreonacha” agus trealamh gaolmhar, nach rialaítear le 4A001 ná le 4A003 (10), agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.

Nóta:

Is trí stádas rialaithe trealaimh eile agus córas eile a chinnfear stádas rialaithe na “ríomhairí digiteacha” agus an trealaimh ghaolmhair a dtugtar tuairisc orthu in X.A.II.001, ar na coinníollacha seo a leanas:

a.

Tá na “ríomhairí digiteacha” nó an trealamh gaolmhar fíor-riachtanach chun an trealamh eile nó na córais eile a oibriú;

b.

Ní “príomheilimint” den trealamh eile nó de na córais eile iad na “ríomhairí digiteacha” ná an trealamh gaolmhar; agus

N.B.1:

Is trí stádas rialaithe trealaimh eile, fiú amháin má sháraíonn sé critéar na “príomheiliminte”, a chinnfear stádas rialaithe an trealaimh “próiseála comharthaí” nó an trealaimh “feabhsaithe íomhánna” atá saindeartha le haghaidh trealamh eile a bhfuil a chuid feidhmeanna teoranta do na feidhmeanna a theastaíonn le haghaidh an trealaimh eile.

N.B.2:

Maidir le stádas rialaithe “ríomhairí digiteacha” nó an trealaimh ghaolmhair le haghaidh trealamh teileachumarsáide, féach Catagóir 5, Cuid 1 (Teileachumarsáid) (11).

c.

Cinnfear le 4E an “teicneolaíocht” le haghaidh na “ríomhairí digiteacha” agus an trealaimh ghaolmhair (12).

a.

Ríomhairí leictreonacha agus trealamh gaolmhar, agus “cóimeálacha leictreonacha” agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, atá rátaithe chun oibriú ag teocht chomhthimpeallach os cionn 343 K (70 C);

b.

“Ríomhairí digiteacha”, lena n-áirítear trealamh “próiseála comharthaí” nó trealamh “feabhsaithe íomhánna”, ag a bhfuil “Buaicfheidhmiú Coigeartaithe” (“APP”) atá cothrom le 0,0128 Teireaflap Ualaithe (WT) nó níos mó;

c.

“Cóimeálacha leictreonacha” atá saindeartha nó modhnaithe chun feidhmíocht a fheabhsú trí phróiseálaithe a chomhbhailiú, mar a leanas:

1.

Cinn atá deartha chun bheith in ann comhbhailiú a dhéanamh i gcumraíochtaí ina bhfuil 16 phróiseálaí nó níos mó;

2.

Ní úsáidtear;

Nóta 1:

Níl feidhm ag X.A.II.001.c. ach amháin maidir le “cóimeálacha leictreonacha” agus idirnaisc in-ríomhchláraithe ag a bhfuil “APP” nach sáraíonn na teorainneacha in X.A.II.001.b. tráth a sheoltar iad mar “chóimeálacha leictreonacha” neamh-chomhtháite. Níl feidhm aige maidir le “cóimeálacha leictreonacha” atá teoranta go bunúsach i ngeall ar iad a bheith deartha lena n-úsáid mar threalamh gaolmhar a rialaítear le X.A.II.001.k.

Nóta 2:

Ní rialaítear le X.A.II.001.c. aon “chóimeáil leictreonach” atá saindeartha le haghaidh táirge nó le haghaidh tacar táirgí nach sáraíonn a n-uaschumraíocht na teorainneacha in X.A.II.001.b.

d.

Ní úsáidtear;

e.

Ní úsáidtear;

f.

Trealamh “próiseála comharthaí” nó trealamh “feabhsaithe íomhánna” ag a bhfuil “Buaicfheidhmiú Coigeartaithe” (“APP”) atá cothrom le 0,0128 Teireaflap Ualaithe (WT) nó níos mó;

g.

Ní úsáidtear;

h.

Ní úsáidtear;

i.

Trealamh ina bhfuil ‘trealamh teirminéil comhéadain’ a sháraíonn na teorainneacha in X.A.III.101;

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.A.II.001.i, ciallaíonn ‘trealamh teirminéil comhéadain’ trealamh ag a dtéann faisnéis isteach i gcóras teileachumarsáide, nó amach as e.g. Teileafón, seirbhis sonraí, ríomhaire, etc.

j.

Trealamh atá saindeartha chun idirnasc seachtrach “ríomhairí digiteacha” a sholáthar nó trealamh gaolmhar lenar féidir cumarsáid a dhéanamh ag rátaí sonraí a sháraíonn 80 Meigibheart/s.

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.II.001.j. trealamh idirnasctha inmheánach (e.g. cúlphlánaí, busanna), trealamh idirnasctha éighníomhach, “rialaitheoirí um rochtain ar an líonra” ná ‘rialaitheoirí an chainéil cumarsáide’.

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.A.II.001.j, is iad ‘rialaitheoirí an chainéil cumarsáide’ an comhéadan fisiceach lena rialaítear sreabhadh na faisnéise digití sioncronaí nó aisioncronaí. Cóimeáil atá ann is féidir a chomhtháthú i dtrealamh ríomhaireachta nó i dtrealamh teileachumarsáide ionas go mbeidh rochtain ar chumarsáid.

k.

“Ríomhairí hibride” agus “cóimeálacha leictreonacha” agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, ina bhfuil tiontairí analógach-go-digiteach ag a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas:

1.

32 chainéal nó níos mó; agus

2.

Taifeach 14 ghiotán (maille le sínghiotán) nó níos mó ag a bhfuil ráta comhshó 200 000 Hz nó níos mó.

X.D.II.001

“Bogearraí” cruthaithe agus bailíochtaithe “feidhmchlár”, “bogearraí” lenar féidir “cóid foinse” a ghiniúint go huathoibríoch, agus “bogearraí” córais oibriúcháin atá saindeartha le haghaidh trealamh “próiseála fíor-ama”.

a.

“Bogearraí” cruthaithe agus bailíochtaithe “feidhmchlár” a bhaineann úsáid as teicnící matamaiticiúla agus anailíseacha agus atá deartha nó modhnaithe le haghaidh “feidhmchláir” ag a bhfuil níos mó ná 500 000 treoir maidir le “cóid foinse”;

b.

“Bogearraí” lenar féidir “cóid foinse” a ghiniúint go huathoibríoch ó shonraí a fhaightear ar líne ó bhraiteoirí seachtracha a dtugtar tuairisc orthu i Rialachán (AE) 2021/821; nó

c.

“Bogearraí” córais oibriúcháin atá saindeartha le haghaidh trealamh “próiseála fíor-ama” lena ráthaítear ‘am folaigh idirbhriste uilíoch’ is lú ná 20 micreashoicind.

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.D.II.001, is éard is ‘am folaigh idirbhriste uilíoch’ ann an méid ama a ghlacann sé ar an gcóras ríomhaireachta idirbhriseadh de bharr teagmhais a aithint, an t-idirbhriseadh a sheirbhísiú agus aistriú comhthéacs a dhéanamh chuig tasc malartach cuimhne-lonnaithe atá ar feitheamh ag an idirbhriseadh.

X.D.II.002

“Bogearraí”, cé is moite de na bogearraí a rialaítear le 4D001 (13) atá saindeartha nó modhnaithe le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” trealaimh a rialaítear le 4A101 (14), X.A.II.001.

X.E.II.001

“Teicneolaíocht” chun trealamh a rialaítear le X.A.II.001, nó “bogearraí” a rialaítear le X.D.II.001 nó X.D.II.002 a “fhorbairt”, a “tháirgeadh” nó a “úsáid”.

X.E.II.001

“Teicneolaíocht” le haghaidh “forbairt” nó “táirgeadh” trealaimh atá deartha le haghaidh ‘próiseáil sreafaí sonraí iomadúla’.

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.E.II.001, is éard is ‘próiseáil sreafaí sonraí iomadúla’ ann teicníc micreachláir nó ailtireachta trealaimh a fhágann gur féidir próiseáil chomhuaineach a dhéanamh ar dhá sheicheamh sonraí nó níos mó ná sin faoi rialú ceann amháin nó níos mó de sheichimh treoracha trí bhíthin nithe mar iad seo a leanas:

1.

Ailtireachtaí Il-Sonraí Treoracha Singile (SIMD) amhail próiseálaithe veisteora nó eagair;

2.

Ailtireachtaí Il-Sonraí Il-Treoracha Singile (MSIMD);

3.

Ailtireachtaí Il-Sonraí Il-Treoracha (MIMD), lena n-áirítear cinn atá cúpláilte go teann, cúpláilte go dlúth nó cúpláilte go scaoilte; nó

4.

Eagair struchtúrtha d’eilimintí próiseála, lena n-áirítear eagair shiopstólacha.

Catagóir III. Cuid 1 - Teileachumarsáid

Nóta:

Le Catagóir III, Cuid 1, ní rialaítear earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

X.A.III.101

Trealamh teileachumarsáide.

a.

Aon chineál trealaimh cumarsáide, nach bhfuil á rialú ag 5A001.a (15), atá saincheaptha chun oibriú lasmuigh den raon teochta 219 K (-54 °C) go 397 K (124 °C).

b.

Trealamh agus córais tarchurtha teileachumarsáide, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saincheaptha lena n-aghaidh, ag a bhfuil aon cheann de na tréithe, feidhmeanna nó gnéithe seo a leanas:

Nóta:

Trealamh tarchurtha teileachumarsáide:

a.

Arna aicmiú mar a leanas, nó teaglamaí díobh sin:

1.

Trealamh raidió (e.g., tarchuradóir, glacadóirí agus trasghlacadóirí);

2.

Trealamh teirminéil líne;

3.

Trealamh aimplitheora idirmheánaigh;

4.

Trealamh athchurtha;

5.

Trealamh athghiniúna;

6.

Ionchódóirí aistriúcháin (traschódóirí)

7.

Trealamh ilphléacsaithe (lena n-áirítear ilphléascú staidrimh);

8.

Modhnóirí/dímhodhnóirí (móideimí)

9.

Trealamh tras-ilphléascaithe (féach an Moladh ó CCITT G701);

10.

Trealamh trasnasctha digiteach den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’;

11.

‘Tairsí’ agus ‘droichid’;

12.

‘Aonaid um rochtain meán cumarsáide’; agus

b.

Arna ceapadh le haghaidh a úsáide i gcumarsáid cainéil aonair nó ilchainéil trí aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Sreang (líne);

2.

Cábla comhaiseach;

3.

Cábla snáithín optúil;

4.

Radaíocht leictreamaighnéadach; nó

5.

Forleathadh fuaimthoinne faoi uisce

1.

Ina n-úsáidtear teicnící digiteacha, lena n-áirítear próiseáil dhigiteach comharthaí analógacha, agus é ceaptha chun a bheith ag oibriú ar ‘ráta an aistrithe dhigitigh’ ar an leibhéal is airde ilphléacaithe os cionn 45 Mbit/s nó ar ‘ráta iomlán an aistrithe dhigitigh’ os cionn 90 Mbit/s;

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.III.101.b.1 trealamh atá saindeartha chun a chomhtháite agus a oibrithe in aon chóras satailíte le haghaidh úsáid shibhialta.

2.

Móideimí a úsáideann ‘bandaleithead aon chainéil gutha amháin’ ar a bhfuil 'ráta comharthaíochta sonraí’ os cionn 9 600 giotán in aghaidh an tsoicind;

3.

Tá trealamh trasnasctha digiteach den chineál 'rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann ag a bhfuil “ráta aistrithe dhigitigh” is mó ná 8,5 Mbit/s in aghaidh an phoirt.

4.

Trealamh raidió ina bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:

a.

‘Rialaitheoirí rochtana ar an líonra’ agus an meán coiteann atá gaolmhar leo, ag a bhfuil ‘ráta aistrithe dhigitigh’ is mó ná 33 Mbit/s; nó

b.

‘Rialaitheoirí cainéal cumarsáide’ ag a bhfuil aschur digiteach ag a bhfuil ‘ráta comharthaíochta sonraí’ is mó ná 64 000 bit/s in aghaidh an chainéil;

Nóta:

Más amhlaidh go bhfuil ‘rialaitheoir rochtana ar an líonra’ in aon trealamh neamhrialaithe, ní ceadmhach aon chineál comhéadain teileachumarsáide a bheith aige, cé is moite díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in X.A.III.101.b.4, ach gan é a bheith á rialú aige.

5.

Trealamh lena n-úsáidtear ‘léasar’, ina bhfuil aon cheann de na tréithe seo a leanas:

a.

Tonnfhad tarchurtha os cionn 1 000 nm; nó

b.

Lena n-úsáidtear teicnící analógacha agus ag a bhfuil bandaleithead os cionn 45 MHz;

c.

Úsáidtear leis teicnící optúla comhtháite tarchuradóireachta nó teicnící braite optúla comhtháite (ar a dtugtar teicnící homaidíne nó teicnící heitridíne freisin);

d.

Úsáidtear leis teicnící ilphléacsaithe roinnte tonnfhad; nó

e.

Trealamh a dhéanann ‘aimpliú optúil’;

6.

Trealamh raidió a oibríonn ag minicíochtaí ionchurtha nó aschurtha os cionn:

a.

31.8 GHz le haghaidh feidhmchláir idir satailít agus stáisiún talún; nó

b.

26,5 GHz le haghaidh feidhmchláir eile;

Nóta:

Le X.A.III.101.b.6., ní rialaítear trealamh le haghaidh úsáid shibhialta nuair atá sé i gcomhréir le banda leithdháilte de chuid Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide idir 26,5 GHz agus 31 GHz.

7.

Is trealamh raidió é ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Úsáidtear ann teicnící Modhnúcháin Aimplitiúide Cearnaithe (QAM) os cionn leibhéal 4 más mó ná 8,5 Mbit/s “ráta iomlán an aistrithe dhigitigh”;

b.

Úsáidtear ann teicnící Modhnúcháin Aimplitiúide Cearnaithe (QAM) os cionn leibhéal 16 más cothrom le 8,5 Mbit/s nó más lú ná sin “ráta iomlán an aistrithe dhigitigh”;

c.

Úsáidtear teicnící modhnúcháin dhigiteacha eile ann agus is mó ná 3 bit/s/Hz an ‘éifeachtúlacht speictreach’; nó

d.

Oibríonn sé sa bhanda 1,5 MHz go 87,5 MHz agus ionchorpraítear leis teicnící oiriúnaitheacha lena soláthraítear sochtadh is mó ná 15 dB ar chomhartha trasnaíochta.

Nótaí:

 

1.

Ní rialaítear le X.A.III.101.b.7 trealamh atá saindeartha chun a chomhtháite agus a oibrithe in aon chóras satailíte le haghaidh úsáid shibhialta.

2.

Ní rialaítear le X.A.III.101.b.7 trealamh athsheachadáin raidió a bhfuiltear lena oibriú i mbanda arna leithroinnt ag an Aοntas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (ITU):

a.

Ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Ní théann sé thar 960 MHz; nó

2.

Ní mó ná 8,5 Mbit/s an “ráta iomlán an aistrithe dhigitigh” ann; agus

b.

Ní mó ná 4 bit/s/Hz an “éifeachtúlacht speictreach” ann.

c.

Trealamh lascacháin den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ agus córais chomharthaíochta ghaolmhara, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe, de na feidhmeanna nó de na sainghnéithe seo a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:

Nóta:

Maidir le hilphléacsóirí staitistiúla ag a bhfuil ionchur digiteach agus aschur digiteach agus a chuireann lascachán ar fáil, caitear leo mar lasca den chineál 'rialú le ríomhchlár stóráilte'.

1.

Trealamh nó córais “lascacháin sonraí (teachtaireachtaí)” atá deartha le haghaidh “lascadh paicéid”, cóimealacha leictreonacha agus “comhpháirteanna” lena n-aghaidh, cé is moite dóibh siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

2.

Ní úsáidtear;

3.

Ródú nó lascadh paicéad ‘sonragraim’;

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.III.101.c.3 líonraí nach n-úsáidtear iontu ach ‘rialaitheoirí rochtana ar an líonra’, ná líonraí nach n-úsáidtear iontu ach na ‘rialaitheoirí rochtana ar an líonra’ féin.

4.

Ní úsáidtear;

5.

Tosaíocht il-leibhéil agus réamhthosaíocht le haghaidh lascadh ciorcad;

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.III.101.c.5 réamhthosaíocht glao aon-leibhéil.

6.

Tá sé deartha le haghaidh glaonna raidió cheallaigh ar lasca ceallacha eile a chur ar atreo go huathoibríoch nó le haghaidh nascadh go huathoibríoch le bunachar láraithe suibscríobhaithe a bhfuil níos mó ná aon lasc amháin ag baint úsáid as.

7.

Tá trealamh trasnasctha digiteach den chineál “rialú le ríomhchlár stóráilte” ann ag a bhfuil “ráta aistrithe dhigitigh” is mó ná 8,5 Mbit/s in aghaidh an phoirt.

8.

Tá ‘comharthaíocht cainéil choitinn’ ann a oibríonn i mód oibriúcháin neamh-chomhcheangailte, sin nó i mód oibriúcháin cuasa-chomhcheangailte;

9.

‘Ródú oiriúnaitheach dinimiciúil’;

10.

Is éard ata ann lasca paicéid, lasca ciorcad agus ródairí ag a bhfuil poirt nó línte a théann thar an méid seo a leanas:

a.

“Ráta comharthaíochta sonraí”64 000 bit/s in aghaidh an phoirt le haghaidh ‘rialaitheoir cainéil cumarsáide’; nó

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.III.101.c.10.a naisc ilchodacha ilphléacs nach bhfuil comhdhéanta ach de bhealaí cumarsáide nach rialaítear go leithleach le X.A.III.101.b.1.

b.

“Ráta aistrithe dhigitigh” 33 Mbit/s le haghaidh ‘rialaitheoir um rochtain ar an líonra’ agus meáin choiteanna ghaolmhara;

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.III.101.c.10 lasca paicéid ná ródairí ag a bhfuil poirt nó línte nach dtéann thar na teorainneacha atá in X.A.III.101.c.10.

11.

“Lascadh optúil”;

12.

Úsáidtear teicnící den chineál ‘Modh Aistrithe Aisioncronach’ (‘ATM’) ann.

d.

Snáithíní optúla agus cáblaí snáithíní optúla is faide ná 50m atá deartha le haghaidh oibriú aonmhóid;

e.

Rialú láraithe líonra ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

1.

Faigheann sé sonraí ó na nóid; agus

2.

Déanann sé próiseáil ar na sonraí sin chun rialú tráchta a dhéanamh nach n-éilíonn aon chinntí ón oibreoir, agus ar an gcaoi sin déanann sé ‘ródú oiriúnaitheach dinimiciúil’;

Nóta 1:

Ní chuimsítear le X.A.III.101.e cásanna a bhaineann le cinntí ródúcháin a dhéantar de réir faisnéis réamhshainithe.

Nóta 2:

Ní chuirtear as an áireamh le X.A.III.101.e rialú tráchta a athraíonn de réir dálaí tráchta staitistiúla intuartha.

f.

Aeróga eagair chéimnithe, a oibríonn ag minicíocht is airde ná 10,5 GHz, ina bhfuil eilimintí gníomhacha agus comhpháirteanna dáilte, agus atá deartha ar bhealach a fhágann gur féidir rialú leictreonach a dhéanamh ar mhúnlú agus ar threodhíriú léasa, cé is moite de chórais tuirlingthe ina bhfuil ionstraimí atá de réir chaighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) (corais tuirlingthe micreathoinne (MLS)).

g.

Trealamh cumarsáide móibílí, cé is moite de sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus cóimeálacha leictreonacha agus comhpháirteanna lena n-aghaidh; nó

h.

Trealamh cumarsáide athsheachadáin raidió atá deartha lena úsáid ag minicíochtaí 19,7 GHz nó níos airde, agus comhpháirteanna lena aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.A.III.101:

1)

Modh aistrithe is ea é ‘modh aistrithe aisioncronach’ (‘ATM’) ina n-eagraítear an fhaisnéis i gcealla; tá sé aisioncronach sa bhrí go bhfuil atarlú na gceall ag brath ar an ráta giotán atá ag teastáil nó ar an ráta giotán meandrach.

2)

Trealamh cumarsáide sonraí is ea é ‘bandaleithead aon chainéil gutha amháin’ atá ceaptha oibriú ar aon chainéal gutha amháin, is é sin 3 100 Hz, faoi mar a shainítear i Moladh G.151 ó CCITT.

3)

An comhéadan fisiceach is ea é ‘rialaitheoir an chainéil chumarsáide’, lena rialaítear sreabhadh na faisnéise digití sioncrónaí nó aisioncrónaí. Cóimeáil atá ann is féidir a chomhtháthú i dtrealamh ríomhaireachta nó i dtrealamh teileachumarsáide ionas go mbeidh rochtain ar chumarsáid.

4)

Eintiteas cuimsithe, neamhspleách sonraí is ea é ‘sonragram’ ina n-iompraítear faisnéis leordhóthanach ionas gur féidir í a threorú ón bhfoinse go dtí trealamh teirminéil sonraí an chinn scríbe gan a bheith ag brath ar mhalartuithe a rinneadh ní ba luaithe idir an fhoinse sin agus trealamh teirminéil sonraí an chinn scríbe agus an líonra iompair.

5)

Saoráid is ea é ‘mear-roghnaigh’ a bhfuil feidhm aici maidir le glaonna fíorúla a fhágann go bhfuil trealamh teirminéil in ann cur lena chumas sonraí a tharchur i ‘bpaicéid’ a bhaineann le leagan amach agus imréiteach na nglaonna agus atá lasmuigh de chumais bhunúsacha na nglaonna fíorúla.

6)

‘Tairseach’ is ea í an fheidhm is féidir le haon teanglaim de threalamh agus ‘bogearra’ a dhéanamh, ar feidhm í a dhéanann na coinbhinsiúin a chomhshó chun faisnéis a úsáidtear i gcóras amháin a ionadú, a phróiseáil nó a chur in iúl do na coinbhinsiúin chomhfhreagracha, ach éagsúla, a úsáidtear i gcóras eile.

7)

Líonra digiteach aontaithe ó cheann go ceann is ea é an ‘Líonra Digiteach de Sheirbhísí Comhtháite’ (ISDN), ina dtarchuirtear sonraí ó gach cineál cumarsáide (e.g. Guth, téacs, sonraí, pictiúirí socra agus reatha) ó phort (teirminéal) sa mhalartán (lasc) thar aon líne rochtana go dtí an rannpháirtí agus ar ais uaidh.

8)

Is éard is ‘paicéad’ ann, grúpa de dhigití dénártha lena n-áirítear sonraí agus comharthaí rialaithe glaonna a dhéantar a lascadh mar aonad iomlán comhchodach amháin. Na sonraí, na comharthaí rialaithe glaonna agus an fhaisnéis rialaithe earráide a d’fhéadfadh a bheith ann, déantar iad a shocrú i bhformáid shonraithe.

9.)

Ciallaíonn ‘comharthaíocht cainéil choitinn’ faisnéis rialaithe (comharthaíocht) a tharchur trí chainéal ar leithligh seachas an cainéal a úsáidtear le haghaidh na dteachtaireachtaí. Is gnách go rialaíonn an cainéal comharthaíochta an iliomad cainéal teachtaireachtaí.

10)

Ciallaíonn 'ráta comharthaíochta sonraí' an ráta, mar a shainítear i Moltadh 53-36 ó ITU, agus é á chur san áireamh nach cothrom le chéile, i gcás modhnú neamh-dhénártha, báid in aghaidh an tsoicind agus giotáin in aghaidh an tsoicind. Cuimsítear giotáin le haghaidh códaithe, seiceála agus feidhmeanna sioncronaithe.

11)

Ciallaíonn 'ródú oiriúnaitheach dinimiciúil' trácht a athródú go huathoibríoch agus an t-athródú sin arna bhunú ar bhrath agus ar anailísiú na ndálaí líonra láithreacha iarbhír

12)

Ciallaíonn 'aonaid um rochtain meán cumarsáide' trealamh ina bhfuil comhéadan cumarsáide amháin nó níos mó (“Rialaitheoir rochtana ar an líonra”, “rialaitheoir cainéil cumarsáide”, móideim nó bus ríomhaire) lena nasctar trealamh teirminéil le líonra.

13)

Ciallaíonn ‘éifeachtúlacht speictreach' an “ráta aistrithe dhigitigh” [giotáin/s] / 6 dB bandaleithead speictrim in Hz.

14)

Is éard is ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann rialú a úsáideann treoracha atá stóráilte in stóras leictreonach ar féidir do phróiseálaí iad a rith chun feidhmiú feidhmeanna réamhchinntithe a stiúradh. Nóta: Is féidir do threalamh a bheith faoi ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ bíodh an an stóráil leictreonach á dhéanamh go hinmheánach sa trealamh nó go seachtrach.

X.B.III.101

Trealamh tástála teileachumarsáide, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

X.C.III.101

Réamhfhoirmeacha gloine nó réamhfhoirmeacha d’aon ábhar eile atá optamaithe chun snáithíní optúla a rialaítear le X.A.III.101 a mhonarú.

X.D.III.101

“Bogearraí” atá “saindeartha” nó modhnaithe le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” trealaimh a rialaítear le X.A.III.101 agus le X.B.III.101, agus bogearraí ródaithe oiriúnaithigh dhinimiciúil atá de réir na tuairisce seo a leanas:

a.

“Bogearraí”, cé is moite de bhogearraí i bhfoirm is inrite ag meaisín, atá saindeartha le haghaidh “ródú oiriúnaitheach dinimiciúil”.

b.

Ní úsáidtear;

X.E.III.101

“Teicneolaíocht” le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” trealaimh a rialaítear le X.B.III.101 nó le X.B.III.101, nó “bogearraí” a rialaítear le X.D.III.101, agus “teicneolaíochtaí” eile mar a leanas:

a.

“Teicneolaíochtaí” sonracha mar a leanas:

1.

“Teicneolaíocht” le haghaidh bratuithe a phróiseáil agus a fhorleagan ar shnáithíní optúla atá saindeartha le go mbeidh siad oiriúnach lena n-úsáid faoi uisce;

2.

“Teicneolaíocht” le haghaidh “forbairt” trealaimh ina n-úsáidtear teicnící den chineál ‘Ordlathas Digiteach Sioncronach’ (‘SDH’) nó teicnící den chineál ‘Líonra Optúil Sioncronach’ (‘SONET’).

NótaTeicniúil:

Chun críoch X.E.III.101:

1)

Is éard is ‘ordlathas digiteach sioncronach’ (SDH) ann ordlathas digiteach lena gcuirtear cóir ar fáil chun bainistiú agus ilphléacsú a dhéanamh ar fhoirmeacha éagsúla tráchta dhigitigh, agus chun rochtain a fháil ar an trácht sin, trí fhormáid tarchuir shioncronaigh a úsáid ar chineálacha éagsúla meán. Tá an fhormáid sin bunaithe ar an Modúl Iompair Shioncronaigh (STM) a shainítear i Moladh G.703, G.707, G.708, G.709 ón gCoiste Comhairleach um Nuálaíocht agus Aistriú Teicneolaíochta (CCITT) agus i gcinn eile atá gan foilsiú fós. Is é 155,52 Mbits/s ráta céadleibhéil ‘SDH’.

2)

Is éard is ‘líonra optúil sioncronach’ (SONET) ann líonra lena gcuirtear cóir ar fáil chun bainistiú agus ilphléacsú a dhéanamh ar fhoirmeacha éagsúla tráchta dhigitigh, agus chun rochtain a fháil ar an trácht sin, trí fhormáid tarchuir shioncronaigh a úsáid i snáithíní optúla. Is leagan de chuid Mheiriceá Thuaidh de ‘SDH’ atá san fhormáid agus úsáidtear an Modúl Iompair Shioncronaigh (STM) inti freisin. Mar sin féin, is é an Comhartha Iompair Shioncronaigh (STS) an modúl iompair bunúsach a úsáidtear inti, agus é ag ráta céadleibhéil 51.81 Mbits/s. Tá caighdeáin SONET á gcomhtháthú ionas go mbeidh siad ag teacht le caighdeáin ‘SDH’.

Catagóir III. Cuid 2 - Slándáil Faisnéise

Nóta:

Le Catagóir III, Cuid 2, ní rialaítear earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

X.A.III.201

Trealamh mar a leanas:

a.

Ní úsáidtear;

b.

Ní úsáidtear;

c.

Earraí atá aicmithe mar chriptiú mórmhargaidh i gcomhréir le Nóta Cripteagrafaíochta – Nóta 3 a ghabhann le Catagóir 5, Cuid 2 (16).

X.D.III.201

‘Bogearraí’ na ‘Slándála Faisnéise’ mar a leanas:

Nóta:

Leis an iontráil seo, ní rialaítear ‘bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun cosaint a thabhairt ar dhamáiste mailíseach ríomhaire, e.g., víris, i gcás nach féidir an ‘chripteagrafaíocht’ a úsáid ach amháin le haghaidh fíordheimhnithe, síniú digiteach agus/nó chun sonraí nó comhaid a dhíchriptiú.

a.

Ní úsáidtear;

b.

Ní úsáidtear;

c.

‘Bogearraí’ atá aicmithe mar bhogearraí criptithe mórmhargaidh i gcomhréir le Nóta Cripteagrafaíochta – Nóta 3 a ghabhann le Catagóir 5, Cuid 2 (17).

X.E.III.201

‘Teicneolaíocht’ na ‘Slándála Faisnéise’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, mar a leanas:

a.

Ní úsáidtear;

b.

“Teicneolaíocht”, cé is moite di sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, le haghaidh “úsáid” earraí mórmhargaidh a rialaítear le X.A.III.201.c nó “bogearraí” mórmhargaidh a rialaítear le X.D.III.201.c.

Catagóir IV - Braiteoirí agus léasair

X.A.IV.001

Trealamh fuaime muirí nó talún, atá in ann rudaí nó gnéithe faoi uisce a bhrath nó a aimsiú, nó árthaí dromchla nó feithiclí faoi uisce a shuí; agus comhpháirteanna saindeartha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

X.A.IV.002

Braiteoirí Optúla mar a leanas:

a.

Feadáin dianaitheora íomhá agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

1.

Feadáin dianaitheora íomhá ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá buaicfhreagairt i raon tonnfhaid acu ar mó í ná 400 nm, ach nach mó í ná 1 050 nm;

b.

Tá pláta micreachainéal acu chun aimpliú leictreonach a dhéanamh ar íomhánna agus tá spásáil idir poill (spásáil lár-go-lár) ar lú í ná 25 micriméadar ag an bpláta; agus

c.

Ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

S-20, S-25 nó fótacatóid il-alcaile; nó

2.

Fótacatóid GaAs nó GaInAs;

2.

Tá plátaí micreachainéal acu atá ‘saindeartha’ agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:

a.

15 000 feadán toll nó níos mó in aghaidh an phláta; agus

b.

Spásáil idir poill (spásáil lár-go-lár) ar lú í ná 25 micriméadar.

b.

Trealamh íomháithe amhairc dhírigh a oibríonn sa speictream infheicthe nó sa speictream infridhearg, lena n-ionchorpraítear feadáin dianaitheora íomhá a bhfuil na saintréithe a liostaítear in X.A.IV.002.a.1 acu.

X.A.IV.003

Ceamaraí mar a leanas:

a.

Ceamaraí a chomhlíonann critéir Nóta 3 a ghabhann le 6A003.b.4 (18).

b.

Ní úsáidtear;

X.A.IV.004

Optaic mar a leanas:

a.

Scagairí optúla:

1.

I gcás tonnfhaid atá níos faide ná 250 nm, ar a bhfuil bratuithe optúla agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá bandaleithid acu atá cothrom le 1 nm Lánleithead Leathdhéine (FWHI) nó atá níos lú ná sin agus tá buaic-tharchur 90 % nó níos mó acu; nó

b.

Tá bandaleithid acu atá cothrom le 0,1 nm FWHI nó atá níos lú ná sin agus tá buaic-tharchur 50 % nó níos mó acu;

Nóta:

Le X.A.IV.004, ní rialaítear scagairí optúla ag a bhfuil bearnaí aeir seasta nó scagairí de chineál Lyot.

2.

I gcás tonnfhaid atá níos faide ná 250 nm, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

a.

Tá siad intiúnta thar raon speictrim 500 nm nó níos mó;

b.

Tá bandabhealach meandrach 1,25 nm nó níos mó acu;

c.

Is féidir an tonnfhad a athshocrú laistigh de 0,1 ms le cruinneas 1 nm nó níos fearr laistigh den raon speictreach intiúnta; agus

d.

Tá buaic-tharchur aonair 91 % nó níos mó acu;

3.

Lasca (scagairí) optúla teimhneachta ag a bhfuil réimse radhairc 30° nó níos leithne agus aga freagartha atá cothrom le 1 ns nó atá níos lú ná sin;

b.

Cábla ‘snáithín fluairíde’, nó snáithíní optúla lena aghaidh sin, ag a bhfuil maolú is lú ná 4 dB/km sa réimse tonnfhaid os cionn 1 000 nm ach nach airde ná 3 000 nm.

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.A.IV.004.b, is éard is 'snáithíní fluairíde’ ann snáithíní a monaraíodh as comhdhúile bulcfhluairíde.

X.A.IV.005

‘Léasair’ mar a leanas:

a.

‘Léasair’ dé-ocsaíde carbóin (CO2) ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá cumhacht aschuir CW acu ar mó í ná 10 kW;

2.

Tá aschur bíogach acu ag a bhfuil “fad bíge” is mó ná 10 μs; agus

a.

Tá meánchumhacht aschuir acu ar mó í ná 10 kW; nó

b.

Tá ‘uaschumhacht’ bhíogach acu ar mó í ná 100 kW; nó

3.

Tá aschur bíogach acu ag a bhfuil “fad bíge” 10 μs nó níos lú ná sin; agus

a.

Tá bíogfhuinneamh acu ar mó é ná 5 J sa bhíog agus tá ‘uaschumhacht’ acu ar mó í ná 2,5 kW; nó

b.

Tá meánchumhacht aschuir acu ar mó í ná 2,5 kW;

b.

Léasair leathsheoltóra, mar a leanas:

1.

‘Léasair’ aonair leathsheoltóra aonmhóid thrasnaigh ar fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:

a.

Tá meánchumhacht aschuir acu ar mó í ná 100 mW; nó

b.

Tá tonnfhad acu ar mó é ná 1 050 nm;

2.

‘Léasair’ aonair leathsheoltóra ilmhóid thrasnaigh, nó eagair ‘léasar’ aonair leathsheoltóra, ag a bhfuil tonnfhad ar mó é ná 1 050 nm;

c.

‘Léasair’ rúibíní ag a bhfuil fuinneamh aschuir ar mó é ná 20 J sa bhíog;

d.

‘Léasair bhíogacha’ nach bhfuil ‘intiúnta’ ag a bhfuil tonnfhad aschuir ar mó é ná 975 nm ach nach mó é ná 1 150 nm agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

‘Fad bíge’ atá cothrom le 1 ns nó ar mó é ná 1 ns ach nach mó é ná 1 μs, agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá aschur aonmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 12 % agus tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 10 W agus atá in ann oibriú ag minicíocht atriallta bíge ar mó í ná 1 kHz; nó

2.

Tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 20 W; nó

b.

Tá aschur ilmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 18 % agus tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 30W;

2.

Tá ‘uaschumhacht’ acu ar mó í ná 200 MW; nó

3.

Tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 50 W; nó

2.

Tá ‘fad bíge’ acu ar mó é ná 1 μs, agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá aschur aonmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 12 % agus tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 10 W agus atá in ann oibriú ag minicíocht atriallta bíge ar mó í ná 1 kHz; nó

2.

Tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 20 W; nó

b.

Tá aschur ilmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 18 % agus tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 30 W; nó

2.

Tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 500 W;

e.

‘Léasair’ toinne leanúnaí nach bhfuil ‘intiúnta’, ag a bhfuil tonnfhad aschuir ar mó é ná 975 nm ach nach mó é ná 1 150 nm agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá aschur aonmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 12 % agus tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 10 W agus atá in ann oibriú ag minicíocht atriallta bíge atá níos mó ná 1 kHz; nó

b.

Tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 50 W; nó

2.

Tá aschur ilmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 18 % agus tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 30 W; nó

b.

Tá ‘meánchumhacht aschuir’ acu ar mó í ná 500 W;

Nóta:

Le X.A.IV.005.e.2.b, ní rialaítear ‘léasair’ ilmhóid thrasnaigh thionsclaíocha ag a bhfuil cumhacht aschuir ar lú í ná 2 kW agus mais iomlán ar mó í ná 1 200kg. Chun críoch an nóta seo, áirítear leis an mais iomlán na comhpháirteanna uile is gá chun an “léasar” a oibriú, e.g. an “léasar”, an soláthar cumhachta, an malartóir teasa, ach ní áirítear léi an optaic sheachtrach le haghaidh léasacha a chomhoiriúnú agus/nó a sheachadadh.

f.

‘Léasair’ nach bhfuil ‘intiúnta’, ag a bhfuil tonnfhad aschuir ar mó é ná 1 400 nm ach nach mó é ná 1 555 nm agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá fuinneamh aschuir acu ar mó é ná 100 mJ sa bhíog agus tá ‘uaschumhacht’ bhíogach acu ar mó í ná 1 W; nó

2.

Tá meánchumhacht aschuir nó cumhacht aschuir CW acu ar mó í ná 1 W;

g.

‘Léasair’ saorleictreon.

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.A.IV.005, is é an sainmhíniú atá ar ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ an cóimheas idir an chumhacht aschurtha “léasair” (nó an “mheánchumhacht aschurtha”) agus an chumhacht ionchuir leictrigh iomlán a theastaíonn chun an “léasar” a oibriú, lena n-áirítear an soláthar cumhachta/an comhoiriúnú agus an comhoiriúnú teirmeach/an malartóir teasa.

X.A.IV.006

“Maighnéadaiméadair”, braiteoirí “Forsheoltacha” leictreamaighnéadacha, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

a.

“Maighnéadaiméadair”, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, ag a bhfuil ‘íogaireacht’ is ísle (i.e. is fearr) ná 1,0 nT (luach FMC) in aghaidh an Hz fréimhe cearnaí.

Nóta Teicniúil:

Chun críche X.A.IV.006.a, ciallaíonn ‘íogaireacht’ (an leibhéal torainn) fréamh mheán na gcearnóg den leibhéal gaireas-teoranta torainn arb é an comhartha is ísle is féidir a thomhas é.

b.

Braiteoirí “forsheoltacha” leictreamaighnéadacha, comhpháirteanna atá monaraithe as ábhair “fhorsheoltacha”:

1.

Tá siad deartha chun oibriú ag teocht arb ísle í ná ‘teocht chriticiúil’ ceann amháin ar a laghad de na comhábhair ‘fhorsheoltacha’ (lena n-áirítear gairis éifeacht Josephson nó gairis ‘fhorsheoltacha’ trasnaíochta candamaí (SQUIDS);

2.

Tá siad deartha chun éagsúlachtaí i réimsí leictreamaighnéadacha ag minicíochtaí 1 KHz nó níos lú a bhrath; agus

3.

Ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

a.

Ionchorpraítear leo SQUIDS tanascannáin ag a bhfuil íosmhéid tréithe ar lú í ná 2 μm agus ag a bhfuil ciorcaid chúplála ionchuir agus aschuir;

b.

Tá siad deartha chun oibriú le sliúráta réimse mhaighnéadaigh ar mó é ná 1 x 106 candaim flosca mhaighnéadaigh in aghaidh an tsoicind;

c.

Tá siad deartha chun feidhmiú gan sciathú maighnéadach i réimse maighnéadach timpeallach an domhain; nó

d.

Tá comhéifeacht teochta acu ar lú é ná 0,1 candam flosca mhaighnéadaigh/K.

X.A.IV.007

Meá-mhéadair le haghaidh úsáid ar talamh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:

a.

Tá cruinneas statach acu is lú (i.e. is fearr) ná 100 μGal; nó

b.

Tá siad de chineál na heiliminte grianchloiche (Worden).

X.A.IV.008

Córais, trealamh agus comhpháirteanna móra radair, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

a.

Trealamh radair aerbheirthe, cé is moite de sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh.

b.

Trealamh radair “léasair”“spáscháilithe” nó trealamh Braite Solais agus Raonála (LIDAR) atá saindeartha le haghaidh na suirbhéireachta nó le haghaidh na breathnóireachta meitéareolaíche.

c.

Córais íomháithe radair amhairc fheabhsaithe um thonnta miliméadair atá saindeartha le haghaidh árthaí sciathán rothlach agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

1.

Oibríonn siad ag minicíocht 94 GHz;

2.

Tá meánchumhacht aschuir acu ar lú í ná 20 mW;

3.

Céim amháin atá i leithead an léis radair; agus

4.

Tá raon oibriúcháin acu atá cothrom le 1 500 m nó atá níos mó ná sin.

X.A.IV.009

Trealamh próiseála sonrach, mar a leanas:

a.

Trealamh braite seismeach nach rialaítear le X.A.IV.009.c.

b.

Ceamaraí teilifíse atá cruaite in aghaidh na radaíochta, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

c.

Córais sheismeacha braite ionraidh lena mbraitear, lena n-aicmítear agus lena gcinntear an tionchar ar fhoinse an chomhartha a bhraitear.

X.B.IV.001

Trealamh, lena n-áirítear uirlisí, díslí, daingneáin nó tomhsairí, agus comhpháirteanna agus gabhálais eile atá saindeartha lena aghaidh, atá saindeartha nó modhnaithe chun aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

a.

Chun na nithe seo a leanas a mhonarú nó a iniúchadh:

1.

Inbhéartóir ‘léasair’ saorleictreon maighnéid;

2.

Insteallairí ‘léasair’ saorleictreon grianghraif;

b.

Chun réimse maighnéadach fadchearchaill na ‘léasar’ saorleictreon a chur in oiriúint do na lamháltais is gá.

X.C.IV.001

Snáithíní braite optúla atá modhnaithe ó thaobh struchtúir de chun ‘fad buille’ is ná 500 mm (dé-athraonadh ard) a bheith acu nó ábhair braiteoirí optúla nach dtugtar tuairisc orthu in 6C002.b (19) agus ag a bhfuil cion since 6 % nó níos mó de réir an ‘mhólchodáin.’

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.C.IV.001:

1)

Sainmhínítear ‘mólchodán’ mar chóimheas mhóil ZnTe le suim mhóil CdTe agus ZnTe atá sa chriostal.

2)

Is é ‘fad buille’ an t-achar nach mór do dhá chomhartha atá polaraithe go hortagánach dul, i gcomhphas ar dtús, chun pasdifríocht dhá raidian Pí a bhaint amach.

X.C.IV.002

Ábhair Optúla, mar a leanas:

a.

Ábhair optúla ionsúcháin ísil, mar a leanas:

1.

Comhdhúile bulcfhluairíde ina bhfuil comhábhair ag a bhfuil íonacht 99,999 % nó níos fearr; nó

Nóta:

Le X.C.IV.002.a.1, rialaítear fluairídí siorcóiniam nó alúmanaim agus athraithigh.

2.

Gloine bhulcfhluairíde atá déanta as comhdhúile a rialaítear le 6C004.e.1 (20);

b.

‘Réamhfhoirmeacha snáithín optúil’ atá déanta as comhdhúile bulcfhluairíde ina bhfuil comhábhair ag a bhfuil íonacht 99,999 % nó níos fearr, atá “saindeartha” chun ‘snáithíní fluairíde’ a rialaítear le X.A.IV.004.b a mhonarú.

Nóta Teicniúil:

Chun críoch X.C.IV.002:

1.)

Is éard is 'snáithíní fluairíde’ ann snáithíní arna monarú as comhdhúile bulcfhluairíde.

2)

Is éard is ‘réamhfhoirmeacha snáithín optúil’ ann barraí, tinní, nó slata gloine, plaisteacha nó atá déanta as ábhair eile a sainphróiseáladh lena n-úsáid chun snáithíní optúla a dhéanamh. Is iad saintréithe na réamhfhoirmeacha a chinneann bunpharaiméadair na snáithíní optúla a fhaightear ón bpróiseas monaraíochta.

X.D.IV.001

“Bogearraí”, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/82, atá saindeartha le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” earraí a rialaítear le 6A002, 6A003 (21), X.A.IV.001, X.A.IV.006, X.A.IV.007, nó le X.A.IV.008.

X.D.IV.002

“Bogearraí” atá saindeartha le haghaidh “forbairt” nó “táirgeadh” trealaimh a rialaítear le X.A.IV.002, X.A.IV.004, nó le X.A.IV.005.

X.D.IV.003

‘Bogearraí’ eile, mar a leanas:

a.

‘Cláir’ d’fheidhmchláir ‘bhogearraí’ Rialaithe Aerthráchta (ATC) a óstaítear ar ríomhairí ilfheidhmeacha atá suite in ionaid Rialaithe Aerthráchta, agus a bhfuil ar a gcumas sonraí príomhúla sprice radair a thabhairt ar láimh go huathoibríoch (mura bhfuil siad comhghaolaithe le sonraí ó radar tánaisteach faireachais) ón ionad ATC óstach go hionad ATC eile.

b.

“Bogearraí” atá saindeartha le haghaidh córais braite ionraidh sheismigh in X.A.IV.009.c.

c.

“Cód Foinse” atá saindeartha le haghaidh córais braite ionraidh sheismigh in X.A.IV.009.c.

X.E.IV.001

‘Teicneolaíocht’ chun trealamh atá faoi rialú X.A.IV.001, X.A.IV.006, X.A.IV.007, X.A.IV.008 nó X.A.IV.009.c ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

X.E.IV.002

‘Teicneolaíocht’ chun trealamh, ábhair nó ‘bogearraí’ atá faoi rialú X.A.IV.002, X.A.IV.004, nó X.A.IV.005, X.B.IV.001, X.C.IV.001, X.C.IV.002, nó X.D.IV.003 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.

X.E.IV.003

‘Teicneolaíocht’ eile mar a leanas:

a.

Teicneolaíochtaí don mhonarú optúil chun comhpháirteanna a tháirgeadh go sraitheach ag ráta is mó ná 10 m2 d’achar dromchla in aghaidh na bliana ar aon fhearsaid shingil agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

1.

Achar ar mó é ná 1 m2; agus

2.

Cuaire dromchla ar mó í ná λ/10 (rms) ag an tonnfhad dá ndearadh;

b.

‘Teicneolaíocht’ le haghaidh scagairí optúla a bhfuil bandaleithead acu arb ionann é agus 10 nm nó ar lú ná sin é, réimse amhairc (FOV) ar mó í ná 40° agus taifeach ar mó é ná 0,75 péire líne in aghaidh an mhillearaidiain;

c.

‘Teicneolaíocht’ chun ceamaraí atá faoi rialú X.A.IV.003 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’;

d.

“Teicneolaíocht” atá riachtanach le haghaidh “forbairt” nó “táirgeadh”“maighnéadaiméadar” floscgheata neamh-thrí-aiseach nó córas “maighnéadaiméadair” floscgheata neamh-thrí-aiseach, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

‘Íogaireacht’ ar lú (ar fearr) í ná 0,05 nT (rms) in aghaidh na fréimhe cearnaí de heirts ag minicíochtaí ar lú iad ná 1 Hz; nó

2.

‘Íogaireacht’ ar lú (ar fearr) í ná 1 x 10-3nT (rms) in aghaidh na fréimhe cearnaí de heirts ag minicíochtaí 1 Hz nó ar mó iad ná sin.

e.

“Teicneolaíocht” atá riachtanach le haghaidh “forbairt” nó “tairgeadh” gaireas uastiontúcháin infridhearg, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

1.

Freagairt i réimse an tonnfhaid ar mó í ná 700 nm ach nach mó í ná 1 500 nm; agus

2.

Comhcheangal d’fhotabhraiteoir infridhearg, dé-óid astaithe solais (OLED) agus nanachriostal chun solas infridhearg a thiontú ina sholas infheicthe.

Nóta Teicniúil:

Chun críocha X.E.IV.003, ciallaíonn ‘íogaireacht’ (nó an leibhéal torainn) fréamh mheán na gcearnóg den leibhéal gaireas-teoranta torainn arb é an comhartha is ísle is féidir a thomhas é.

Catagóir V – Loingseoireacht agus Eitleonaic

X.A.V.001

Trealamh teileachumarsáide aerbheirthe, gach córas loingseoireachta táimhe “aerárthaigh”, agus trealamh eitleonaice eile, lena n-áirítear comhpháirteanna, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

Nóta 1:

Ní rialaítear le X.A.V.001. ceannfhearais ná mícreafóin.

Nóta 2:

Ní rialaítear le X.A.V.001. earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

X.B.V.001

Trealamh eile atá saindeartha chun trealamh loingseoireachta nó eitleonaice a thástáil, a iniúchadh nó a “tháirgeadh”.

X.D.V.001

“Bogearraí”, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/82, atá saindeartha le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” trealaimh loingseoireachta, trealaimh teileachumarsáide aerbheirthe agus trealaimh eitleonaice eile.

X.E.V.001

“Teicneolaíocht”, cé is moite di sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/82, atá saindeartha le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” trealaimh loingseoireachta, trealaimh teileachumarsáide aerbheirthe agus trealaimh eitleonaice eile.

Catagóir VI – Cúrsaí Muirí

X.A.VI.001

Soithí, córais nó trealamh muirí, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, comhpháirteanna agus gabhálais, mar a leanas:

a.

Córais radhairc faoi uisce, mar a leanas:

1.

Córais teilifíse (ina bhfuil ceamaraí, solais, trealamh monatóireachta agus tarchurtha comharthaí) a bhfuil taifeach teorannach is mó ná 500 líne agus é á thomhas san aer agus atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun gur féidir iad a chianoibriú le feithicil intumtha; nó

2.

Ceamaraí teilifíse faoi uisce a bhfuil taifeach teorannach acu ar mó é ná 700 líne agus é á thomhas san aer;

Nóta Teicniúil:

I réimse na teilifíse, is éard atá sa ‘taifeach teorannach’ tomhas de thaifeach cothrománach a chuirtear in iúl, de ghnáth, i dtéarmaí uaslíon na línte in aghaidh airde an phictiúir mar a léirítear ar chairt tástála é, i gcomhréir le Caighdeán IEEE 208/1960 nó le haon chaighdeán coibhéiseach eile.

b.

Ceamaraí grianghrafadóireachta socair atá saindeartha nó sainmhodhnaithe lena n-úsáid faoi uisce, a bhfuil formáid scannáin 35 mm nó níos mó acu, agus a bhfuil uathfhócasú nó cianfhócasú acu atá “saindeartha” le haghaidh úsáidte faoi uisce;

c.

Córais solais stróbascópacha, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe lena n-úsáid faoi uisce, ar córais iad ar féidir dóibh fuinneamh solais is mó ná 300 giúl (J) in aghaidh na splaince a aschur;

d.

Trealamh ceamara eile le haghaidh úsáid faoi uisce, cé is moite de sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

e.

Ní úsáidtear;

f.

Soithí (dromchla nó fo-uisce), lena n-áirítear báid inséidte, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.VI.001.f soithí atá ar cónaí go sealadach, a úsáidtear le haghaidh iompar príobháideach nó chun paisinéirí nó earraí a iompar ó chríocha custaim an Aontais nó tríothu.

g.

Innill mhuirí (lena n-áirítear innill istigh agus innill transaim) agus innill fomhuireán agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

h.

Gairis neamhspleácha análaithe (trealamh scúba) agus gabhálais lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

i.

Seaicéad tarrthála, cartúis aershéidte, compáis tumadóireachta, agus ríomhairí tumadóireachta;

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.VI.001.i. earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

j.

Soilsí faoi uisce agus trealamh tiomána faoi uisce;

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.VI.001.j. earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

k.

Comhbhrúiteoirí aeir agus córais scagacháin atá saindeartha chun sorcóirí aeir a líonadh;

X.D.VI.001

“Bogearraí” atá saindeartha nó atá sainmhodhnaithe le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” trealaimh a rialaítear le X.A.VI.001.

X.D.VI.002

“Bogearraí” atá saindeartha chun feithiclí intumtha gan foireann a oibriú, ar feithiclí iad a úsáidtear sa tionscal ola agus gáis.

X.E.VI.001

‘Teicneolaíocht’ chun trealamh a rialaítear le X.A.VI.001 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

Catagóir VII – Aeraspás agus Tiomáint

X.A.VII.001

Innill díosail, agus tarracóirí agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

a.

Innill díosail, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, le haghaidh trucailí, tarracóirí, agus feidhmeanna mótarfheithiclí, ag a bhfuil aschur cumhachta foriomlán 298kW nó níos mó.

b.

Tarracóirí rothacha seach-mhórbhealaigh ag a bhfuil achmhainneacht iompair 9 t nó níos mó; agus comhpháirteanna aguis gabhálais shaindeartha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

c.

Tarracóirí bóthair le haghaidh leathleantóirí, ar a bhfuil acastóirí deiridh singil nó teaindim atá rátaithe le haghaidh 9 t nó níos mó in aghaidh an acastóra agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.VII.001.b ná le X.A.VII.001.c feithiclí atá ar cónaí go sealadach, a úsáidtear le haghaidh iompar príobháideach nó chun paisinéirí nó earraí a iompar ó chríocha custaim an Aontais nó tríothu.

X.A.VII.002

Innill ghástuirbín agus comhpháirteanna, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

a.

Ní úsáidtear.

b.

Ní úsáidtear.

c.

Aerinnill ghástuirbín agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.

Nóta:

Ní rialaítear le X.A.VII.002.c aerinnill gástuirbín a bheartaítear lena n-úsáid in ‘aerárthach’ sibhialta agus atá in úsáid in ‘aerárthach’ sibhialta bona fida le níos mó ná 8 mbliana. Más rud é go bhfuil siad in úsáid in ‘aerárthach’ sibhialta bona fide le níos mó ná 8 mbliana, féach Iarscríbhinn XI.

d.

Ní úsáidtear.

e.

Trealamh análaithe aerárthaigh a oibríonn le comhbhrú, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

X.B.VII.001

Trealamh tástála tonnchreatha agus comhpháirteanna saindeartha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

Nóta:

Ní rialaítear le X.B.VII.001. ach trealamh le haghaidh “forbartha” nó “táirgthe”. Ní rialaítear leis córais faireacháin staide.

X.B.VII.002

“Trealamh”, uirlisiú nó daingneáin atá saindeartha, chun lanna tuirbíní gáis, eití nó múnlaí scriútaí rinne a mhonarú nó a thomhas, mar a leanas:

a.

Trealamh uathoibrithe a úsáideann modhanna neamh-mheicniúla chun tiús ballaí aereiteoige a thomhas;

b.

Uirlisiú, daingneáin nó trealamh tomhais le haghaidh na bpróiseas druileáilte poll ‘léasair’, scaird uisce nó ECM/EDM a rialaítear le 9E003.c (22);

c.

Trealamh láiste croíthe ceirmeacha;

d.

Trealamh nó uirlisí monaraithe croíthe ceirmeacha;

e.

Trealamh ullmhaithe patrún céarach sceallaí ceirmeacha;

f.

Trealamh scriosdóite nó bácála sceallaí ceirmeacha.

X.D.VII.001

“Bogearraí”, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/82, le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” trealaimh a rialaítear le X.A.VII.001 nó le X.B.VII.001.

X.D.VII.002

‘Bogearraí’, chun trealamh a rialaítear le X.A.VII.002 nó le X.B.VII.002 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.

X.E.VII.001

“Bogearraí”, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/82, le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” nó “úsáid” trealaimh a rialaítear le X.A.VII.001 nó le X.B.VII.001.

X.E.VII.002

‘Teicneolaíocht’, chun trealamh a rialaítear le X.A.VII.002 nó le X.B.VII.002 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

X.E.VII.003

Aon ‘teicneolaíocht’, nach dtugtar tuairisc uirthi in 9E003 (23), mar a leanas:

a.

Córais rialaithe le haghaidh glanspás barra lanna rótair a úsáideann ‘teicneolaíocht’ ghníomhach cásála cúitimh atá teoranta do dhearadh agus do bhunachar sonraí forbartha; nó

b.

Imthaca gáis le haghaidh cóimeálacha rótair d’innill tuirbín.


(1)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(2)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(3)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(4)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(5)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(6)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(7)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(8)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(9)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(10)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(11)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(12)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(13)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(14)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(15)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(16)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(17)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(18)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(19)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(20)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(21)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(22)  Féach Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

(23)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821


IARSCRÍBHINN VII

‘IARSCRÍBHINN VIII

Liosta na dtíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagail 2(4), 2a(4) agus 2d(4)

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ


IARSCRÍBHINN VIII

‘IARSCRÍBHINN IX

A.   Samhail le haghaidh foirmeacha fógra, iarratais agus údarúcháin maidir le soláthar, aistriú nó onnmhairiú

(dá dtagraítear in Airteagal 2c den Rialachán seo)

Tá an t-údarú onnmhairiúcháin bailí i ngach Ballstát san Aontas Eorpach go dtí a dháta éaga.

AN tAONTAS EORPACH

ÚDARÚ / FÓGRA ONNMHAIRIÚCHÁIN (Rialachán (AE) Uimh. 2022/238)

Má tá fógra á thabhairt de bhun Airteagal 2(3) nó Airteagal 2a(3) de Rialachán XXX/XXX, léirigh cé na pointí a bhfuil feidhm acu:

☐ (a)

chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

☐ (b)

chun críoch leighis nó cógaisíochta;

☐ (c)

onnmhairiú sealadach ítimí atá le húsáid sna meáin nuachta;

☐ (d)

nuashonruithe bogearraí;

☐ (e)

úsáid mar fheistí cumarsáide tomhaltóirí;

☐ (f)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha agus do chomhlachtaí sa Rúis, cé is moite dá rialtas agus de ghnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin;

☐ (g)

úsáid phearsanta na n-earraí nó teicneolaíochta sin ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó ag daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus an úsáid sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí trádála atá faoi úinéireacht an duine aonair agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol

I gcás údarúchán, léirigh ar iarradh an t-údarúchán de bhun Airteagal 2(4), Airteagal 2(5), Airteagal 2a(4), Airteagal 2a(5) nó Airteagal 2b(1) de Rialachán XXX/XXX:

I gcás údaraithe de bhun Airteagal 2(4) nó Airteagal 2a(4) de Rialachán XXX/XXX, léirigh cé na pointí a bhfuil feidhm acu:

☐ (a)

beartaithe le haghaidh comhar idir an tAontas, rialtais na mBallstát agus rialtas na Rúise i gcomhair ábhair shibhialtacha amháin;

☐ (b)

beartaithe le haghaidh an tionscail spáis, lena n-áirítear comhar sa réimse acadúil agus comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

☐ (c)

beartaithe le haghaidh oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

☐ (d)

beartaithe le haghaidh na sábháilteachta muirí;

☐ (e)

beartaithe le haghaidh líonraí teileachumarsáide sibhialta, lena n-áirítear seirbhísí idirlín a sholáthar;

☐ (f)

beartaithe le haghaidh úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta;

☐ (g)

le haghaidh ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin.

I gcás údarúcháin de bhun Airteagal 2b(1) de Rialachán XXX/XXX, léirigh cé na pointí a bhfuil feidhm acu:

☐ (a)

chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol;

☐ (b)

conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.

1

1.

Onnmhaireoir

2.

Uimhir aitheantais

3.

Dáta éaga (más infheidhme)

 

 

4.

Mionsonraí maidir leis an bpointe teagmhála

5.

Coinsíní

6.

An t-údarás eisiúna

7.

Gníomhaire/Ionadaí (más éagsúil leis an onnmhaireoir)

 

 

8.

Tír an choinsínithe

 

Cód (1)

9.

Úsáideoir deiridh (más éagsúil leis an gcoinsíní)

10.

An Ballstát ina bhfuil nó ina mbeidh na hítimí

 

Cód (2)

11.

An Ballstát ina mbeartaítear dul i mbun an nós imeachta onnmhairiúcháin custaim

 

Cód (2)

 

1

12.

Tír is ceann scríbe

Cód (2)

Deimhnigh gur úsáideoir neamh-mhíleata é an t-úsáideoir deiridh

Is ea/Ní hea

 

13.

Tuairisc ar na hítimí (2)

14.

Tír thionscnaimh

Cód  (2)

15.

Cód an Chórais Chomhchuibhithe nó Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (más infheidhme cód 8 ndigit; uimhir CAS má tá sí ar fáil)

16.

An uimhir ar an liosta rialaithe (i gcás ítimí liostaithe)

17.

Airgeadra agus Luach

18.

Cainníocht na n-ítimí

19.

Úsáid deiridh

Deimhnigh gur úsáid neamh-mhíleata í an úsáid deiridh

Is ea/Ní hea

20.

Dáta an chonartha (más infheidhme )

21.

Nós imeachta onnmhairiúcháin custaim

22.

Faisnéis bhreise:

Ar fáil d’fhaisnéis réamhphriontáilte

De rogha na mBallstát

 

Le comhlánú ag an údarás eisiúna

Síniú

Údarás Eisiúna

Stampa

 

Dáta

 


AAN tAONTAS EORPACH

(Rialachán (AE) 2022/328)

1

Arís

1.

Onnmhaireoir

2.

Uimhir aitheantais

 

 

 

 

 

13.

Tuairisc are na hítimí

14.

Tír thionscnaimh

Cód  (3)

15.

Cód an tráchtearra (cód 8 ndigit más infheidhme; uimhir CAS, má tá sí ar fáil)

16.

An uimhir ar an liosta rialaithe (i gcás ítimí liostaithe)

 

 

17.

Airgeadra agus Luach

18.

Cainníocht na n-ítimí

 

13.

Tuairisc ar na Hatim

14.

Tír thionscnaimh

Cód  (3)

15.

Cód an tráchtearra (más infheidhme cód 8 ndigit; uimhir CAS, má tá sí ar fáil)

16.

An uimhir ar an liosta rialaithe (i gcás ítimí liostaithe)

17.

Airgeadra agus Luach

18.

Cainníocht na n-ítimí

 

13.

Tuairisc ar an hítimí

14.

Tír thionscnaimh

Cód  (3)

15.

Cód an tráchtearra

16.

An uimhir ar an liosta rialaithe

17.

Airgeadra agus luach

18.

Cainníocht na n-ítimí

 

13.

Tuairisc ar na hítimí

14.

Tír thionscnaimh

Cód  (3)

15.

Cód an tráchtearra

16.

An uimhir ar an liosta rialaithe

17.

Airgeadra agus luach

18.

Cainníocht na n-ítimí

 

13.

Tuairisc ar na hítimí

14.

Tír thionscnaimh

Cód  (3)

15.

Cód an tráchtearra

16.

An uimhir ar an liosta rialaithe

17.

Airgeadra agus luach

18.

Cainníocht na n-ítimí

 

13.

Tuairisc ar na hítimí

14.

Tír thionscnaimh

Cód  (3)

15.

Cód an tráchtearra

16.

An uimhir ar an liosta rialaithe

17.

Airgeadra agus luach

18.

Cainníocht na n-ítimí

Nóta: I gcuid 1 de cholún 24, sonraigh an chainníocht atá fós ar fáil, agus i gcuid 2 de cholún 24, sonraigh an chainníocht a asbhaineadh an uair seo.

23.

An ghlanchainníocht/glanluach (an ghlanmhais/aonad eile agus an t-aonad á léiriú)

26.

Doiciméad custaim (Cineál agus uimhir) nó sliocht (Uimhir) agus dáta na hasbhainte

27.

An Ballstát, ainm agus síniú, an stampa asbhainte

24.

In uimhreacha

25.

I bhfocail le haghaidh na cainníochta /an luacha a asbhaineadh

 

 

1.

 

 

 

2.

 

 

 

1.

 

 

 

2.

 

 

 

1.

 

 

 

2.

 

 

 

1.

 

 

 

2.

 

 

 

1.

 

 

 

2.

 

 

 

1.

 

 

 

2.

 

 

 

B.   Samhail chun fógra a thabhairt faoi sheirbhísí bróicéireachta/cúnamh teicniúil, foirmeacha iarratais agus údarúcháin

(dá dtagraítear in Airteagal 2c den Rialachán seo)

AN tAONTAS EORPACH

CÚNAMH TEICNIÚIL A SHOLÁTHAR (Rialachán (AE) 2022/328)

Má tá fógra á thabhairt de bhun Airteagal 2(3) nó Airteagal 2a(3) de Rialachán XXX/XXX, léirigh cé na pointí a bhfuil feidhm acu:

☐ (a)

chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

☐ (b)

chun críoch leighis nó cógaisíochta;

☐ (c)

onnmhairiú sealadach ítimí atá le húsáid sna meáin nuachta;

☐ (d)

nuashonruithe bogearraí;

☐ (e)

úsáid mar fheistí cumarsáide tomhaltóirí;

☐ (f)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha agus do chomhlachtaí sa Rúis, cé is moite dá rialtas agus de ghnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin;

☐ (g)

úsáid phearsanta na n-earraí nó teicneolaíochta sin ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó ag daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus an úsáid sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí trádála atá faoi úinéireacht an duine aonair agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.

I gcás údarúchán, léirigh ar iarradh an t-údarúchán de bhun Airteagal 2(4), Airteagal 2(5), Airteagal 2a(4), Airteagal 2a(5) nó Airteagal 2b(1) de Rialachán XXX/XXX:

I gcás údaraithe de bhun Airteagal 2(4) nó Airteagal 2a(4) de Rialachán XXX/XXX, léirigh cé na pointí a bhfuil feidhm acu:

☐ (a)

beartaithe le haghaidh comhar idir an tAontas, rialtais na mBallstát agus rialtas na Rúise i gcomhair ábhair shibhialtacha amháin;

☐ (b)

beartaithe le haghaidh an tionscail spáis, lena n-áirítear comhar sa réimse acadúil agus comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

☐ (c)

beartaithe le haghaidh oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

☐ (d)

beartaithe le haghaidh na sábháilteachta muirí;

☐ (e)

beartaithe le haghaidh líonraí teileachumarsáide sibhialta, lena n-áirítear seirbhísí idirlín a sholáthar;

☐ (f)

beartaithe le haghaidh úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta;

☐ (g)

le haghaidh ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin.

I gcás údarúcháin de bhun Airteagal 2b(1) de Rialachán XXX/XXX, léirigh cé na pointí a bhfuil feidhm acu:

☐ (a)

chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol;

☐ (b)

conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.

1

1.

Bróicéir/ Soláthróir an chúnaimh theicniúil/ Iarratasóir

2.

Uimhir aitheantais

3.

Dáta éaga (más infheidhme)

 

 

4.

Mionsonraí maidir leis an bpointe teagmhála

5.

Onnmhaireoir sa tríú tír thionscnaimh (más infheidhme)

6.

An t-údarás eisiúna

7.

Coinsíní

 

8.

An Ballstát ina bhfuil an bróicéir/ soláthróir an chúnaimh theicniúil ina chónaí nó bunaithe

Cód (4)

9.

An tír thionscnaimh/ an tír ina bhfuil na hítimí atá faoi réir seirbhísí bróicéireachta

Cód (4)

10.

Úsáideoir deiridh sa tríú tír is ceann scríbe (más éagsúil leis an gcoinsíní)

11.

Tír is ceann scríbe

Cód (4)

 

12.

Na tríú páirtithe atá i gceist, e.g. gníomhairí (más infheidhme)

 

1

 

Deimhnigh gur úsáideoir neamh-mhíleata é an t-úsáideoir deiridh

Is ea/Ní hea

 

13.

Cur síos ar na hítimí /ar an gcúnamh teicniúil.

14.

Cód an Chórais Chomhchuibhithe nó Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (más infheidhme)

15.

An uimhir ar an liosta rialaithe (más infheidhme)

16.

Airgeadra agus Luach

17.

Cainníocht na n-ítimí (más infheidhme)

18.

 

Deimhnigh gur úsáid neamh-mhíleata í an úsáid deiridh

Is ea/Ní hea

19.

Faisnéis bhreise:

Ar fáil d’fhaisnéis réamhphriontáilte

De rogha na mBallstát

 

Le comhlánú ag an údarás eisiúna

Síniú

Údarás Eisiúna

Stampa

 

 

Dáta

 


(1)  Féach Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 (IO L 118, 25.5.1995, lch. 10).

(2)  Más gá, féadfar an tuairisc seo a thabhairt i gceangaltán amháin nó níos mó leis an bhfoirm seo (1bis). Sa chás sin, cuir in iúl líon beacht na gceangaltán sa bhosca seo. Ba cheart go mbeadh an tuairisc chomh cruinn agus is féidir agus, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfaí CAS nó tagairtí eile d’ítimí ceimiceacha a chur inti go háirithe.

(3)  Más gá, féadfar an tuairisc seo a thabhairt i gceangaltán amháin nó níos mó leis an bhfoirm seo (1bis). Sa chás sin, cuir in iúl líon beacht na gceangaltán sa bhosca seo. Ba cheart go mbeadh an tuairisc chomh cruinn agus is féidir agus, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfaí CAS nó tagairtí eile d’ítimí ceimiceacha a chur inti go háirithe.

(4)  Féach Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 (IO L 118, 25.5.1995, lch. 10).


IARSCRÍBHINN IX

‘IARSCRÍBHINN X

Liosta na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3b(1)

AC

Táirge

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid ailcilithe agus isiméirithe

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid táirgthe hidreacarbóin aramataigh

8419 40 00

Aonaid driogtha amhola i bhfolús atmaisféarach

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid chatalaíocha athfhoirmithe / chnagtha

8419 89 98 , 8419 89 30 nó 8419 89 10

Cóicéirí moillithe

8419 89 98 , 8419 89 30 nó 8419 89 10

Aonaid fleisc-chócála

8479 89 97

Imoibreoir hidreascoilte

8419 89 98 , 8419 89 30 , 8419 89 10 , nó 8479 89 97

Árthaigh imoibreora hidreascoilte

8479 89 97 nó 8543 70 90

Teicneolaíocht ginte hidrigine

8421 39 15 , 8421 39 25 , 8421 39 35 , 8421 39 85 , 8479 89 97 nó 8543 70 90

Teicneolaíocht aisghabhála agus íonaithe hidrigine

8479 89 97 nó 8543 70 90

Teicneolaíocht/aonaid hidreachóireála

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid isiméirithe nafta

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid pholaiméirithe

8419 89 10 , 8419 89 30 , nó 8419 89 98 , 8479 89 97 nó 8543 70 90

Cóireáil gáis breosla scaglainne agus teicneolaíocht athghabhála sulfair (lena n-áirítear aonaid sciúrtha aimíní, aonaid aisghabhála sulfair, aonaid cóireála gáis iarmharaigh)

8456 90 00 , 8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid dí-asfaltaithe tuaslagóra

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid táirgthe sulfair

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid ailcilithe aigéid shulfaraigh agus athghiniúna aigéid shulfaraigh

8419 89 10 , 8419 89 30 , nó 8419 89 98 , 8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid scoilte theirmigh

8479 89 97 nó 8543 70 90

[Tolúéin agus aramataigh throma] Aonaid tras-ailcilithe

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid slaodlaghdúcháin

8479 89 97 nó 8543 70 90

Aonaid hidreascoilte ola folúsgháis


IARSCRÍBHINN X

‘IARSCRÍBHINN XI

Liosta na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3c(1)

Cód AC

Tuairisc

88

Aerárthaí, spásárthaí agus páirteanna díobh


IARSCRÍBHINN XI

‘IARSCRÍBHINN XII

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(c)

Alfa Bank;

Bank Otkritie;

Bank Rossiya; agus

Promsvyazbank


IARSCRÍBHINN XII

‘IARSCRÍBHINN XIII

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(4)(a)

Almaz-Antey;

Kamaz;

Calafort Tráchtála Novorossiysk;

Rostec (Russian Technologies State Corporation);

Russian Railways;

JSC PO Sevmash;

Sovcomflot; agus

United Shipbuilding Corporation