23.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 42/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/260 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Feabhra 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, d'iarr an Chomhairle ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais. Chuir sí i bhfios go láidir gur gá freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas agus óna Bhallstáit ar aon ghníomhaíocht mhailíseach, neamhdhleathach, shuaiteach bhreise a dhéanfadh an Rúis, agus leas iomlán á bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil don Aontas, agus comhordú á áirithiú leis na comhpháirtithe. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála ('an tArdionadaí') freisin, roghanna a chur i láthair maidir le bearta sriantacha breise, lena n-áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha. |
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 16 Nollaig 2021, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir a phráinní atá sé go mbainfeadh an Rúis an lasair den teannas atá ann de bharr an tóstail mhíleata feadh theorainn na Rúise leis an Úcráin agus de bharr na reitrice ionsaithí. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn an Chomhairle Eorpach go hiomlán le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine. Agus an Chomhairle Eorpach ag moladh go ndéanfaí iarrachtaí taidhleoireachta agus ag tacú le formáid na Normainne mar bhealach chun cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a bhaint amach, luaigh an Chomhairle Eorpach go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon ghreas míleata eile a dhéanfaí i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenar gcomhpháirtithe. |
(5) |
An 24 Eanáir 2022, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí inar cháin sí gníomhaíochtaí agus bagairtí ionsaitheacha leanúnacha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus inar iarr sí ar an Rúis an lasóg a bhaint den bharrach, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh in idirphlé trí na sásraí idirnáisiúnta atá bunaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas iomlán an Aontais do na croíphrionsabail ar a bhfuil slándáil na hEorpa bunaithe, agus atá cumhdaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe agus i ndoiciméid bhunaitheacha na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, lena n-áirítear Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus Cairt Pháras. Áirítear leis na croíphrionsabail sin go háirithe comhionannas ceannasach agus iomláine chríochach Stát, dosháraitheacht na dteorainneacha, staonadh ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid, agus saoirse Stát a socruithe slándála féin a roghnú nó a athrú. Luaigh an Chomhairle nach bhfuil na prionsabail sin inchaibidle ná faoi réir athbhreithniú ná athléiriú agus gur bac é sárú na Rúise ar spás slándála coiteann agus doroinnte san Eoraip, agus go gcuireann sé an tsíocháin agus an chobhsaíocht ar an mór-roinn seo againne i mbaol. Á mheabhrú di na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí na Nollag 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go n-eascródh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha as aon ionsaí míleata breise a dhéanfaidh an Rúis ar an Úcráin, agus go n-áirítear air sin réimse leathan beart sriantach ar earnálacha agus ar dhaoine aonair a ghlacfaí i gcomhar le comhpháirtithe. |
(6) |
An 19 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar léiríodh gur cúis imní é tóstail ollmhór fhórsaí armtha na Rúise san Úcráin agus thart ar an Úcráin agus thathantaigh sé ar an Rúis páirt a ghlacadh in idirphlé fónta agus i dtaidhleoireacht, guaim a choinneáil uirthi féin agus an lasóg a bhaint den bharrach trí go leor fórsaí míleata a tharraingt siar ó theorainneacha na hÚcráine. Luaigh an tAontas go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon ghreas míleata eile a dhéanfadh an Rúis i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenár gcomhpháirtithe. |
(7) |
An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne inar aithníodh neamhspleáchas agus ceannasacht ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’ (féinfhógartha araon) inar ordaíodh fórsaí armtha na Rúise imscaradh in Oirthear na hÚcráine. |
(8) |
An 22 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cháin sé cinneadh Uachtarán Chónaidhm na Rúise aitheantas a thabhairt do na críocha sin nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin mar eintitis neamhspleácha agus an cinneadh a rinneadh ina dhiaidh sin trúpaí Rúiseacha a chur chuig na limistéir sin. Baineann an ghníomhaíocht neamhdhleathach sin an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine a thuilleadh agus is sárú tromchúiseach í ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist, chomh maith le Comhaontuithe Mhionsc agus Rún 2202 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. D’áitigh an tArdionadaí ar an Rúis, mar pháirtí sa choinbhleacht, an t-aitheantas sin a aisiompú, seasamh lena gealltanais, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus filleadh ar an bplé faoi chuimsiú fhormáid na Normainne agus an Ghrúpa Teagmhála Thríthaobhaigh. D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sárúithe is déanaí sin ag an Rúis trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne. |
(9) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 22 dhuine agus 4 eintiteas a chur ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 269/2014 iad. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear na daoine agus na heintitis a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
1. Daoine
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
‘212. |
Sergei SHOIGU (Сергей Кужугетович Шойгу) |
Dáta Breithe: 21.5.1955 Áit bhreithe: Chadan, Republic of Tuva, Russian Federation Náisiúntacht: Rúiseach Feidhm: Aire Cosanta sa Russian Federation Inscne: Fireann |
Is é Sergei Shoigu Aire Cosanta an Russian Federation Chuir sé a thuairimí in iúl go poiblí faoin gCrimé a bheith ina cuid den Rúis agus fanacht de bheith ina cuid den Rúis. Faoina cheannas agus faoina orduithe, chuir trúpaí na Rúise druileanna míleata ar bun sa Chrimé, a ndearnadh í a ionghabháil go mídhleathach, agus rinneadh na trúpaí sin a shuíomh ag an teorainn. Is é sa deireadh atá freagrach as aon ghníomhaíocht mhíleata i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, agus atá ina mbagairt orthu, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme. |
23.2.2022 |
213. |
Anton Vaino (Антон Эдуардович Вайно) |
Dáta Breithe: 17.2.1972 Áit bhreithe: Tallinn, Estonia Náisiúntacht: Rúiseach Feidhm: Ceann Foirne an Presidential Executive Office Inscne: Fireann |
Is é Anton Vaino Ceann Foirne an Presidential Executive Office. Tá ról gníomhach aige i bpróiseas cinnteoireachta an Kremlin trí pháirt a ghlacadh in ‘Security Council’ na Rúise agus trí thionchar a imirt ar fhorbairt chinntí an Uachtaráin i réimse chosaint na Rúise agus shlándáil náisiúnta na Rúise. Freastalaíonn Anton Vaino ar chruinnithe maidir le forbairt shocheacnamaíoch na Crimé agus Sevastopol freisin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, agus atá ina mbagairt orthu, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme. |
23.2.2022 |
214. |
Marat KHUSNULLIN (Марат Шакирзянович Хуснуллин) |
Dáta Breithe: 9.8.1966 Áit bhreithe: Kazan, Republic of Tatarstan, Russian Federation Feidhm: Leas-Phríomh-Aire na Rúise don Fhoirgníocht agus don Fhorbairt Réigiúnach Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is é Marat Khusnullin Leas-Phríomh-Aire na Rúise don Fhoirgníocht agus don Fhorbairt Réigiúnach. Sa cháil sin, tá sé freagrach as beartais rialtasacha na Rúise maidir leis an gCrimé faoi fhorghabháil, lena n-áirítear uisce a sholáthar don Chrimé agus do Sevastopol. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu. |
23.2.2022 |
215. |
Dmitriy Yuryevich GRIGORENKO (Дмитрий Юрьевич ГРИГОРЕНКО) |
Dáta Breithe: 14.7.1978 Áit bhreithe: Nizhnevartovsk, Tyumen Region, Russian Federation Feidhmeanna: Leas-Phríomh-Aire ar Russian Federation – Ceann Foirne Rialtais Russian Federation; Cathaoirleach ar Supervisory Council an VTB Bank Inscne: Fireann |
Is é Dmitriy Grigorenko Leas-Phríomh-Aire ar an Russian Federation agus Ceann Foirne Rialtais ar an Russian Federation. Anuas air sin, Cathaoirleach ar Supervisory Council an VTB Bank, banc ar leis an Stát é agus atá bainteach le Maksim Reshetnikov, comhalta de Supervisory Council an VTB Bank. Ina cháil mar Leas-Stiúrthóir ar Federal Tax Service den Russian Federation, bhí Grigorenko freagrach as reachtaíocht chánach áitiúil nua a bhunú do chríoch na Crimé tar éis a hionghabhála in 2014. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, nó lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht nó shlándáil na hÚcráine. Tá sé freagrach freisin as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a chur ar fáil agus tá sé ag baint tairbhe airgeadais as cinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú oirthear na hÚcráine. |
23.2.2022 |
216. |
Maxim Gennadyevich RESHETNIKOV (Максим Геннадьевич РЕШЕТНИКОВ) |
Dáta Breithe: 11.7.1979 Áit bhreithe: Perm, Russian Federation Feidhm: Aire Forbartha Eacnamaíche sa Russian Federation; Comhalta de Supervisory Council an VTB Bank Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is é Maxim Reshetnikov Aire Forbartha Eacnamaíche sa Russian Federation. Anuas air sin, tá sé ina Chomhalta de Supervisory Council an VTB Bank, banc ar leis an Stát é agus atá bainteach le Dmitriy Grigorenko, comhalta de Supervisory Council an VTB Bank. Ina cháil mar Aire Forbartha Eacnamaíche, tá Maxim Reshetnikov freagrach as cláir forbartha bonneagair sa Chrimé agus in Sevastopol, go háirithe an sprioc-chlár feidearálach “Forbairt Shóisialta agus Eacnamaíoch Phoblacht na Crimé agus Sebastopol go dtí 2022” agus a bhfuil síneadh curtha leis go dtí 2025. Tá ráitis phoiblí déanta aige ina leagtar amach pleananna agus tosaíochtaí rialtas Chónaidhm na Rúise maidir le forbairt eacnamaíoch na Crimé agus Sevastopol. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, nó lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht nó shlándáil na hÚcráine. Tá sé freagrach freisin as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a chur ar fáil agus tá sé ag baint tairbhe airgeadais as cinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú oirthear na hÚcráine. |
23.2.2022 |
217. |
Nikolay Anatolyevich YEVMENOV (dá ngairtear freisin Nikolai YEVMENOV) (Николай Анатольевич Евменов) |
Dáta Breithe: 2.4.1962 Áit bhreithe: Moscow, Russia Feidhm: Ardcheannasaí ar Chabhlach na Rúise Grád: Aimiréil Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is é Nikolay Yevmenov an tArdcheannasaí ar Chabhlach na Rúise. Mar sin, tá sé freagrach as aon oibríocht mhuirí de chuid chabhlach na Rúise, lena n-áirítear san Úcráin nó chuig an Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, agus atá ina mbagairt orthu, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme. |
23.2.2022 |
218. |
Vladimir Lvovich KASATONOV (Владимир Львович Касатонов) |
Dáta Breithe: 17.6.1952 Áit bhreithe: Moscow, Russia Inscne: Fireann |
Is é Vladimir Kasatonov an Leas-Ardcheannasaí ar Chabhlach na Rúise. Mar sin, tá sé freagrach as oibríochtaí cabhlaigh san Úcráin nó chuig an Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, agus atá ina mbagairt orthu, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme. |
23.2.2022 |
219. |
Igor Vladimirovich OSIPOV (Игорь Владимирович Осипов) |
Dáta Breithe: 6.3.1973 Áit bhreithe: Novo-Shunoe settlement, Fedorovsky district, Kostanay region, Kazakh Soviet Socialist Republic (Kazakhstan anois) Feidhm: Ardcheannasaí ar Black Sea Fleet Grád: Aimiréil Náisiúntacht: Rúiseach Inscne Fireann |
Is é Igor Osipov an tArdcheannasaí ar Black Sea Fleet. Mar sin, tá sé freagrach as an oibríocht mhuirí san Úcráin nó chuig an Úcráin tríd an Muir Dhubh agus as srian a chur leis an tsaoirse loingseoireachta sa Mhuir Dhubh. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, agus atá ina mbagairt orthu, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme. |
23.2.2022 |
220. |
Oleg Leonydovych SALYUKOV (Олег Леонидович Салюков) |
Dáta Breithe: 21.5.1955 Áit bhreithe: Saratov, Russian Federation Feidhm: Ardcheannasaí ar Fhórsaí Talún na Rúise Grád: Ginearál an Airm Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is é Oleg Salyukov an tArdcheannasaí ar Fhórsaí Talún na Rúise. Mar sin, tá sé freagrach as oibríochtaí talún na Rúise san Úcráin nó chuig an Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, agus atá ina mbagairt orthu, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme. |
23.2.2022 |
221. |
Sergei SUROVIKIN (сергей суровикин) |
Dáta Breithe: 11.10.1966 Áit bhreithe:: Novosibirsk, Russia Feidhm: Ceannasaí Ginearálta Airm de chuid na Aerospace Forces Grád: Army General Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is é Sergei Surovikin Ceannasaí Ginearálta Airm ar na Russian Aerospace Forces. Mar sin, tá sé freagrach as oibríochtaí aeir san Úcráin nó chuig an Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus de chobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine. |
23.2.2022 |
222. |
Sergey Vladimirovich DRONOV (dá ngairtear freisin Sergei Vladimirovich DRONOV) (Сергей Владимирович ДРОНОВ) |
Dáta Breithe: 11.8.1962 Áit bhreithe:: Almazovka, Voroshilovograd region, Ukraine Feidhm: Ceannasaí ar an Air Force agus Leas-Ceannasaí Ginearálta Airm ar na Air and Space Forces Grád míleata: Lieutenant General Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is é Sergey Vladimirovich Dronov Ceannasaí ar an Air Force agus Leas-hCeannasaí Ginearálta Airm ar na Air and Space Forces. Mar sin, tá sé freagrach as oibríochtaí aeir san Úcráin nó chuig an Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus de chobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine. |
23.2.2022 |
223. |
Violetta PRIGOZHINA (Виолетта Пригожина) |
Daoine aonair comhlachaithe: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (mac); Lyubov Valentinovna Prigozhina (bean mic) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Baineann |
Is í Violetta Prigozhina máthair Yevgeny Prigozhin agus úinéir Concord Management and Consulting LLC, ar leis an Concord Group é, arna bhunú agus faoi úinéireacht a mic go dtí 2019. Is úinéir cuideachtaí eile í a luaitear lena mhac. Tá baint aici le Yevgeny Prigozhin, atá freagrach as amhais Wagner Group a imscaradh san Úcráin agus as leas a bhaint as conarthaí móra poiblí le Aireacht Cosanta na Rúise mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Rúise ar an gCrimé agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu. Dá bhrí sin, thacaigh sí le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
23.2.2022 |
224. |
Lyubov Valentinovna PRIGOZHINA (Любовь Валентиновна Пригожина) |
Daoine aonair comhlachaithe: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (fear céile); Violetta Prigozhina (máthair chéile) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Baineann |
Is í Lyubov Valentinovna Prigozhina céile Yevgeny Prigozhin agus úinéir Agat LLC, fochomhlacht de chuid Concord Management and Consulting LLC, ar leis an Concord Group é, arna bhunú agus faoi úinéireacht a fir céile go dtí 2019. Tá baint aici le Yevgeny Prigozhin, atá freagrach as amhais Wagner Group a imscaradh san Úcráin agus as leas a bhaint as conarthaí móra poiblí le Aireacht Cosanta na Rúise, mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Rúise ar an gCrimé agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu. Dá bhrí sin, thacaigh sí le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
23.2.2022 |
225. |
Denis Aleksandrovich BORTNIKOV (Денис Александрович БОРТНИКОВ) |
Dáta Breithe: 19.11.1974 Feidhm: Leas-Uachtarán agus Cathaoirleach Bhord Bainistíochta VTB Bank Náisiúntacht: Rúiseach Daoine aonair comhlachaithe: Alexander Vasilyevich Bortnikov (athair); Tatiana Borisovna Bortnikova (máthair) |
Is mac le Alexander Bortnikov é Denis Bortnikov, agus dá réir sin tá baint aige leis – Stiúrthóir ar an Federal Security Service (FSB) agus Buanchomhalta den Security Council den Russian Federation é Alexander Bortnikov, a bhfuil baint aige le beartas Rialtas na Rúise a mhúnlú, beartas lena ndéantar bagairt ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. Tá sé ina Leas-Uachtarán agus ina Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta VTB Bank, agus sa phost sin oibríonn sé chun scáth-ioncam/ioncam neamhdhleathach a athar a dhlisteanú. Dá bhrí sin, tá tacaíocht airgeadais á tabhairt aige do chinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú oirthear na hÚcráine. |
23.2.2022 |
226. |
Andrei Leonidovich KOSTIN (Андрей Леонидович КОСТИН) |
Dáta Breithe: 21.9.1956 Áit bhreithe: Moscow, iarUSSR (dá ngairtear Russian Federation anois) Feidhm: Uachtarán Bhord Bainistíochta VTB Bank Daoine comhlachaithe: Tamara Mikhailovna Kostina (máthair); Leonid Alekseevich Kostin (athair) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is é Andrei Leonidovich Kostin uachtarán-chathaoirleach Vneshtorbank (VTB) – ceann de na príomhbhainc sa Rúis atá faoi úinéireacht stáit, agus is comhalta de Supreme Council an pháirtí pholaitiúil ‘United Russia’ é. Tá ráitis phoiblí déanta aige ina dtacaítear le hionghabháil na Crimé agus ina spreagtar saoránaigh na Rúise dul ar saoire go dtí an Chrimé. Tá baint aige freisin le fíonlann agus de réir tuairiscí sna meáin, is úinéir é ar fhíonlann agus ar óstán iontach galánta sa Chrimé. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí agus le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine agus tá sé ag baint tairbhe as ionghabháil na Crimé. |
23.2.2022 |
227. |
Igor SHUVALOV (Игорь Иванович Шувалов) |
Dáta Breithe: 4.1.1967 Áit bhreithe: Bilibino, Russian Federation Inscne: Fireann |
Tá Igor Ivanovich Shuvalov ina chathaoirleach ar State Development Corporation VEB.RF agus is comhalta de Chomhairle an Eurasian Economic Commission é. Bhí sé ina Chéad Leas-Phríomh-Aire ar an Rúis roimhe sin. Sa cháil sin, dúirt sé go n-athródh an Rúis rialacha buiséid chun daonra breise 2 mhilliún a léiriú tar éis don Russian Federation an Chrimé a ionghabháil go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí agus le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
23.2.2022 |
228. |
Margarita SIMONYAN (Маргарита Симоновна Симоньян) |
Dáta Breithe: 6.4.1980 Áit bhreithe:: Krasnodar, iarUSSR (Russian Federation anois) Feidhm: Príomheagarthóir ar an ngréasán nuachta teilifíse Béarla RT (Russia Today) Daoine aonair comhlachaithe: Dmitry Konstantinovich KISELYOV Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Baineann |
Is duine lárnach sa bholscaireacht Rialtais í Margarita Simonyan. Tá sí ina príomheagarthóir freisin ar an ngréasán nuachta teilifíse Béarla RT (Russia Today). Trína feidhm, chuir sí dearcadh dearfach chun cinn maidir le hionghabháil na Crimé agus gníomhaíochtaí na scarúnaithe in Donbas. Dá bhrí sin, thacaigh sí le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
23.2.2022 |
229. |
Maria ZAKHAROVA (Мария Владимировна Захарова) |
Dáta Breithe: 24.12.1975 Áit bhreithe:: Moscow, iarUSSR (Russian Federation anois) Feidhm: Stiúrthóir ar an Information and Press Department d’Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise. Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Baineann |
Is í Maria Zakharova an Stiúrthóir ar an Information and Press Department d’Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise. Mar dhuine lárnach sa bholscaireacht rialtais, chuir sí imscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin chun cinn. Dá bhrí sin, thacaigh sí le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
23.2.2022 |
230. |
Vladimir Roudolfovitch SOLOVIEV (Владимир Рудольфович Соловьёв) |
Dáta Breithe: 20 Deireadh Fómhair 1963 Áit bhreithe:: Moscow, iarUSSR (Russian Federation anois) Feidhm: Bolscaire agus Iriseoir Teilifíse/Raidió Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is Bolscaire agus Láithreoir ar an gcainéal Russia-1 agus Rossia 24 é Vladimir Solovyev. Fuair sé bonn (Order of Alexander Nevsky) do ‘ardghairmiúlacht agus oibiachtúlacht in imeachtaí i bPoblacht na Crimé a chlúdach’. Tá cáil ar Solovyov mar gheall ar a dhearcadh thar a bheith naimhdeach i leith na hÚcráine agus a mholadh do rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
23.2.2022 |
231. |
Konstantin KNYRIK (Константин Кнырик) |
Dáta Breithe: 1989 (féideartha) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is gníomhaí ar son na Rúise é Konstantin Knyrik a bhfuil MediaGroup News Front Ltd á reáchtáil aige, Suíomh nuachta atá cláraithe i leithinis na Crimé, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi. Tá sé ina cheannaire ar rannán na Crimé den Rodina Party, páirtí ar son an Kremlin sa Rúis. Fuair Konstantin Knyrik an bonn ‘chun an Chrimé a thabhairt ar ais’. Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
23.2.2022 |
232. |
Aleksey Konstantinovich PUSHKOV (Алексей Константинович Пушков) |
Dáta Breithe: 10.8.1954 Áit bhreithe:: Beijing, China Náisiúntacht: Rúiseach Teileafón agus facs: 8 (495) 697-58-69 Seoladh na hoifige fáiltithe Russian Federation: 51 Lenina St., Perm, 614000, room 219 Uimhreacha teileafóin agus facs na hoifige fáiltithe i réigiún Russian Federation: (342) 253-66-01 Inscne: Fireann |
Is Seanadóir é Aleksey Konstantinovich Pushkov ó Perm Krai, is comhalta den pháirtí rialaithe United Russia é agus is Cathaoirleach é ar an Commission on Information Policy. Rinne sé roinnt ráiteas chun tacú le hionghabháil Leithinis na Crimé agus dúirt sé gur ‘fait accompli’ é. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
23.2.2022 |
233. |
Pyotr TOLSTOY (a.k.a Petr Olegovich Tolstoy; Pyotr Olegovich Tolstoy) (Пётр Олегович Толстой) |
Dáta Breithe: 20.6.1969 Áit bhreithe:: Moscow, iarUSSR (Russian Federation anois) Feidhm: Iriseoir, léiritheoir, láithreoir agus polaiteoir Rúiseach. Leas-Chathaoirleach an State Duma ó 2016 i leith agus Leas-Chathaoirleach Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa ón 28 Eanáir 2020. Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Is comhalta den State Duma é Pyotr Tolstoy agus is ceann thoscaireacht na Rúise ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (PACE) é. Is láithreoir teilifíse é freisin ar ‘Vremya Pokazhet’. Duine lárnach sa bholscaireacht rialtais, is minic a ghlacann sé seasaimh atá i bhfabhar ionghabháil na Crimé. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
23.2.2022’ |
2. Eintitis
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
‘52. |
Internet Research Agency (Агентство интернет-исследований) |
Dáta a chruthaithe: 2013 Seoladh: Saint Petersburg, Russia Daoine aonair comhlachaithe: Yevgeny Prigozhin |
Is cuideachta Rúiseach í Internet Research Agency atá rannpháirteach in oibríochtaí tionchair ar líne thar ceann na Rúise. Is é an cuspóir deiridh atá aici ná tuairimí an phobail a ionramháil. Bíonn feachtais bhréagaisnéise idir lámha ag an gcuideachta atá dírithe ar chlár oibre na hÚcráine trí thionchar a imirt ar thoghcháin nó ar bhraistintí faoi ionghabháil na Crimé nó faoin gcoinbhleacht in Donbas. Sa cháil sin, tá Internet Research Agency freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairtí iad ar an méid sin. Déanann Yevgeny Prigozhin an chuideachtaí a mhaoiniú, agus dá bhrí sin tá baint aici le duine liostaithe. |
23.2.2022 |
53. |
Bank Rossiya (Банк «Россия») |
An 27.6.1990 a bunaíodh é Seoladh: Pl Rastrelli 2 Liter A Saint Petersburg, 191124 Russian Federation Suíomh gréasáin: Abr.ru Daoine aonair comhlachaithe: Dmitri LEBEDEV (Cathaoirleach); Yuriy Kovalchuk (scairshealbhóir is mó) |
Is é banc pearsanta oifigigh shinsearacha Chónaidhm na Rúise é Bank Rossiya. Sa cháil sin, tacaíonn Bank Rossiya le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú oirthear na hÚcráine agus baineann sé tairbhe astu. Tá bunanna tábhachtacha ag Bank Rossiya sa National Media Group, a rialaíonn, ar a sheal, stáisiúin teilifíse a thacaíonn go gníomhach le beartais rialtas na Rúise chun an Úcráin a dhíchobhsú. Ó ionghabhadh an Chrimé go neamhdhleathach, tá brainsí oscailte ag Bank Rossiya ar fud na Crimé agus Sevastopol. Chuir Bank Rossiya iasacht ar fáil freisin do Federal State Unitary Enterprise ‘Crimean Railway’ agus tacaíonn sé le tógáil an iarnróid ar dhroichead na Crimé. Dá bhrí sin, tugann Bank Rossiya tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine agus ar bagairtí iad ar an méid sin. Baint aige le Yuriy Valentinovich Kovalchuk, an scairshealbhóir is mó in Bank Rossiya. |
23.2.2022 |
54. |
PROMSVYAZBANK (ПАО Промсвязьбанк") |
In 1995 a bunaíodh é Seoladh: Moscow; Suíomh gréasáin: psbank.ru Daoine aonair comhlachaithe: Petr Fradkov, CEO |
Is banc faoi úinéireacht Stát na Rúise é PROMSVYAZBANK, a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil d’earnáil cosanta na Rúise agus d’fhórsaí míleata na Rúise, atá freagrach as imscaradh ollmhór trúpaí Rúiseacha feadh na teorann leis an Úcráin agus as trúpaí Rúiseacha a bheith i láthair i leithinis na Crimé. Tugann Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, treoir dhíreach do PROMSVYAZBANK agus, dá bhrí sin, cuireann sé tacaíocht airgeadais agus ábhartha ar fáil do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as díchobhsú oirthear na hÚcráine agus as ionghabháil neamhdhleathach na Crimé. Oibríonn Promsvyazbank i leithinis na Crimé. |
23.2.2022 |
55. |
VEB.RF (dá ngairtear freisin Vnesheconombank; VEB) (ВЭБ.РФ) |
Bunaíodh é in 1922 mar bhanc agus in 2007 mar institiúid forbartha Seoladh: 9 prospekt Akademika Sakharova, Moscow, Russia; Suíomh gréasáin: veb.ru Daoine aonair comhlachaithe: Igor Shuvalov, Cathaoirleach |
Is institiúid mhór forbartha airgeadais é VEB.RF a gceapann President den Russian Federation, Vladimir Putin, a cathaoirleach go díreach agus a ghlacann treoracha go díreach uaidh. Cruthaíonn VEB.RF foinse thábhachtach ioncaim do Rialtas na Rúise agus bainistíonn sé a chistí pinsean Stáit. Tá ról gníomhach ag VEB.RF in éagsúlú earnáil cosanta Russian Federation agus tá tionscadail aige le cuideachtaí an tionscail cosanta, lena n-áirítear Rostec, a thacaíonn le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Dheonaigh VEB iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa Chrimé agus measann sé gur ‘réigiún tosaíochta’ é agus tá comhpháirtíochtaí aige le Ministry of Crimean Affairs, atá freagrach as ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach a ionghabhadh a chomhtháthú le Russian Federation. Sa cháil sin, tugann VEB.RF tacaíocht ábhartha nó airgeadais, go gníomhach do chinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú oirthear na hÚcráine, nó faigheann sé tairbhe uathu. |
23.2.2022’ |