21.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 40/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/236 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Feabhra 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1) nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(2) |
Ní thugann an tAontas Eorpach aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol agus leanann sé den ionghabháil sin a cháineadh agus dá bhrí sin, ní thugann sé aitheantas do na toghcháin, mar a ghairtear díobh, a reáchtáladh i leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. |
(3) |
Tar éis do Chónaidhm na Rúise toghcháin, mar a ghairtear díobh, a eagrú i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus i gCathair Sevastopol don Dúma Stáit i mí Mheán Fómhair 2021, measann an Chomhairle gur cheart cúigear a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlitheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 iad mar gheall ar an ról atá acu maidir leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear na daoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“204. |
Aleksei Yurievich CHERNIAK (Алексей Юрьевич ЧЕРНЯК) |
Inscne: Fireann Dáta breithe: 27.8.1973 Áit bhreithe: Alma-Ata, PSS Kazakh (dá ngairtear an Chasacstáin anois) Náisiúntacht: Rúiseach |
Comhalta de State Duma of the Russian Federation ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith. Tofa ó ‘Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé’, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i ‘toghcheantar Simferopol’, mar a ghairtear de. Comhalta den pháirtí rialaithe United Russia. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun ‘Poblacht na Crimé’, mar a ghairtear di, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
21.2.2022 |
205. |
Leonid Ivanovich BABASHOV (Леонид Иванович БАБАШОВ) |
Inscne: Fireann Dáta breithe: 31.1.1966 Áit bhreithe: Petrovka, Crimea, Oblast, PSS na hÚcráine (dá ngairtear an Úcráin anois) |
Comhalta de State Duma of the Russian Federation ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith. Tofa ó ‘Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé’, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i ‘toghcheantar Yevpatoria’, mar a ghairtear de. Comhalta den pháirtí rialaithe United Russia. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sí chun ‘Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé’, a ionghabhadh go neamhdhleathach, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
21.2.2022 |
206. |
Tatiana Georgievna LOBACH (Татьяна Георгиевна ЛОБАЧ) |
Inscne: Baineann Dáta breithe: 8.1.1974 Áit bhreithe: Khmelnytskyi, PSS na hÚcráine (dá ngairtear an Úcráin anois) |
Comhalta de State Duma of the Russian Federation ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith. Tofa ó Chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i ‘toghcheantar Sevastopol’, mar a ghairtear de. Comhalta den pháirtí rialaithe United Russia. Ag gníomhú di sa cháil sin a ghlac sí uirthi féin, d’oibrigh sí chun Cathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
21.2.2022 |
207. |
Nina Sergeevna FAUSTOVA (Нина Сергеевна ФАУСТОВА) |
Inscne: Baineann Dáta breithe: 11.7.1983 Áit bhreithe: Kyzyl, Republic of Tuva, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois) |
Ceann choimisiún toghcháin Sevastopol, a bhí páirteach in eagrú na dtoghchán, mar a ghairtear díobh, a reáchtáladh i mí Mheán Fómhair 2021 i ‘Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé’,, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus i gCathair Sevastopol. Ag gníomhú di sa cháil sin a ghlac sí uirthi féin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
21.2.2022 |
208. |
Aleksandr Evgenevich CHMYHALOV (Александр Евгеньевич ЧМЫХАЛОВ) |
Inscne: Fireann Dáta breithe: 13.6.1990 |
Leas-Ceann ar an gcoimisiún toghcháin Sevastopol, a ghlac pháirt in eagrú na dtoghchán, mar a ghairtear díobh, a reáchtáladh i mí Mheán Fómhair 2021 i ‘Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé’, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus i gcathair Sevastopol. Comhalta den pháirtí rialaithe ‘United Russia’. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
21.2.2022” |