9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 28/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/169 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Feabhra 2022

lena n-údaraítear foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 28 Nollaig 2018, chuir an chuideachta Fair Insects BV (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) i roinnt earraí bianna atá beartaithe don phobal i gcoitinne.

(4)

Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar chosaint sonraí dílseánaigh le haghaidh roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas. Is iad sin, an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (3), na sonraí anailíseacha maidir leis an gcomhdhéanamh (4), na staidéir chobhsaíochta (5), an staidéar ar dhíleáiteacht na bpróitéiní (6), an staidéar cíteatocsaineachta, lena n-áirítear tuarascálacha staidéir iomlána (7), liosta na sonraí anailíseacha maidir leis an gcomhdhéanamh (8), an measúnú ar iontógáil, agus úsáidí beartaithe agus leibhéil úsáidí (9).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 9 Lúnasa 2019, agus d’iarr sé air tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh ar ullmhóidí reoite agus triomaithe ó mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach.

(6)

An 7 Iúil 2021 ghlac an tÚdarás, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283, a thuairim eolaíoch maidir le “Safety of frozen and dried formulations from whole yellow mealworm (Tenebrio molitor larva) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283” (10) (“Sábháilteacht foirmlithe reoite agus triomaithe ó mhinphéist bhuí iomlán (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283].

(7)

Sa tuairim a thug an tÚdarás chinn sé go bhfuil foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí iomlán (larbha Tenebrio molitor) sábháilte de réir na gcineálacha úsáide agus na leibhéal úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor), faoi na coinníollacha úsáide sonracha, na coinníollacha chun iad a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Sa tuairim sin agus i dtuairim an Údaráis maidir le “Sábháilteacht foirmlithe reoite agus triomaithe de mhinphéist bhuí iomlán (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283” (11), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin, ar bhonn na fianaise teoranta atá foilsithe maidir le hailléirgí bia le feithidí, go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh a bheith ina chúis le híogrú phríomha agus le frithghníomhuithe ailléirgeacha le próitéiní minphéisteanna buí. I gcomhréir le moladh an Údaráis taighde a dhéanamh ar ailléirgineacht larbhaí Tenebrio molitor, tá an Coimisiún ag féachaint faoi láthair ar na bealaí inar féidir an taighde is gá a dhéanamh. Go dtí go nginfear na sonraí leis an taighde agus go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí sin, agus ós rud é, go dtí seo, nár tuairiscíodh ach an líon beag cásanna ailléirgí de réir na sonraí atá ar fáil do thionscal feithidí larbhaí Tenebrio molitor (12), aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú a bhaineann leis an bhféidearthacht go bhféadfadh larbha Tenebrio molitor a bheith ina chúis le híogrú príomha, measann an Coimisiún nár cheart aon cheanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(9)

Sna tuairimí sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás daoine atá ailléirgeach le crústaigh agus le fíneoga deannaigh mar gheall ar thras-imoibríocht. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach, más rud é go bhfuil na hailléirginí sin ann sa tsubstráit a thugtar mar bhia do na feithidí. Féadfar a áireamh leis sin ailléirginí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Dá bhrí sin, foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) arna chur ar fáil don tomhaltóir mar bhia ann féin agus bianna a bhfuil na hullmhóidí sin iontu, is iomchuí iad a lipéadú go hiomchuí de réir na gceanglas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

(10)

Sa tuairim sin ón Údarás, maidir leis an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe, na sonraí anailíseacha ar an gcomhdhéanamh, na staidéir chobhsaíochta, an staidéar ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, an staidéar cíteatocsaineachta, lena n-áirítear tuarascálacha staidéir iomlána, thug sé dá aire gur leor iad mar bhonn chun sábháilteacht an bhia núíosaigh a shuí. Thug an tÚdarás dá aire freisin nach bhféadfadh leis teacht ar a chonclúid gan na sonraí sin, ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad.

(11)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige ar an tagairt do na sonraí sin, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(12)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh na cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha ar na sonraí ina sheilbh aige faoin dlí náisiúnta tráth déanta an iarratais agus dá bhrí sin nach mbeadh tríú páirtithe in ann rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh do na sonraí sin ach oiread.

(13)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (14), na sonraí anailíseacha ar an gcomhdhéanamh (15), na staidéir chobhsaíochta (16), an staidéar ar dhíleáiteacht na bpróitéiní (17), an staidéar cíteatocsaineachta, lena n-áirítear tuarascálacha staidéir iomlána (18), atá i gcomhad an iarratasóra agus ar ar bhunaigh an tÚdarás a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart iad sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse sin.

(14)

Mar sin féin, i dtaca leis an srianadh ar fhoirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) a údarú agus ar thagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin faoi Rialachán (AE) 2015/2283 atá a n-iarratas bunaithe.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor), mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin:

cuideachta: Fair Insects BV;

seoladh: Industriestraat 3 5107 NC Dongen, an Ísiltír,

a bheidh údaraithe chun an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh lena mbaineann gan tagairt do na sonraí atá faoi chosaint de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo nó le comhaontú ó Fair Insects BV.

3.

An iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1, áireofar inti na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Na staidéir atá sa chomhad iarratais, sonraí ar ar a mbonn a ndearna an tÚdarás an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú gan iad, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Fair Insects BV.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Roinn 2.3_An próiseas táirgthe, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín C11; Aguisín C17 - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).

(4)  Roinn 2.4_Na sonraí maidir leis an gcomhdhéanamh, lena n-áirítear nuashonruithe; Roinn 2.9_Faisnéis chothúcháin, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín B4, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín B5, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín C20; Aguisín D1, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D2, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D6, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).

(5)  Roinn 2.4.4_Cobhsaíocht, nuashonruithe san áireamh; Aguisín C21; Aguisín C22; Aguisín D7, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).

(6)  Aguisín D4, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe); Staidéar DIASS (roinn 2.8_nuashonraithe, roinn 2.9_nuashonraithe, roinn 2.11_nuashonraithe).

(7)  Roinn 2.10_Faisnéis thocsaineolaíoch, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D5, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).

(8)  Aguisín B2, Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).

(9)  Measúnú ar iontógáil arna dhéanamh ag Schuttelaar & Partners (roinn 2.7_nuashonraithe); Úsáid bheartaithe agus sonraí maidir le leibhéil úsáide a mheas Schuttelaar & Partners (roinn 2.7_nuashonraithe) - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe);

(10)  EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(8):6778.

(11)  EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(1):6343.

(12)  Margaítear larbha Tenebrio molitor i roinnt Ballstát faoi na bearta idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(14)  Roinn 2.3_An próiseas táirgthe, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín C11; Aguisín C17 - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).

(15)  Roinn 2.4_Na sonraí maidir leis an gcomhdhéanamh, lena n-áirítear nuashronruithe; Roinn 2.9_Faisnéis chothúcháin, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín B4, nuashonruithe san áireamh; Aguisín B5, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín C20; Aguisín D1, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D2, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D6, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).

(16)  Roinn 2.4.4_Cobhsaíocht, nuashonruithe san áireamh; Aguisín C21; Aguisín C22; Aguisín D7, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).

(17)  Aguisín D4, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe); Staidéar DIASS (roinn 2.8_nuashonraithe, roinn 2.9_nuashonraithe, roinn 2.11_nuashonraithe).

(18)  Roinn 2.10_Faisnéis thocsaineolaíoch, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D5, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

“Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor)

Catagóir bia shonraithe

Uasleibhéil (g/100g)

(margaithe faoi mar atá nó é athbhunaithe i gcomhréir leis na treoracha)

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘minphéist bhuí reoite (larbha Tenebrio molitor)’, ‘minphéist bhuí thriomaithe (larbha Tenebrio molitor)’ nó ‘púdar minphéiste buí (larbha Tenebrio molitor)’ a bheidh air, ag brath ar an bhfoirm a úsáidtear.

2.

Ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor), beidh ráiteas á rá go bhféadfadh an comhábhar sin a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le crústaigh agus le táirgí díobh, agus le fíneoga deannaigh. Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar.

 

Údaraithe an 1 Márta 2022. Tá an cuimsiú sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: Fair Insects BV, Industriestraat 3 5107 NC Dongen, an Ísiltír.

Is é Fair Insects BV amháin atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283, sin nó le comhaontú ó Fair Insects BV.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 1 Márta 2027.”

Reoite

Triomaithe nó púdar

Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor)

 

 

Arán agus rollaí ilghráin; craicir agus cipíní aráin

30

10

Barraí gránaigh

30

15

Táirgí pasta-bhunaithe triomaithe; miasa pasta-bhunaithe (seachas pasta borrtha triomaithe); pizza agus miasa ar nós pizza

15

10

Táirgí pasta-bhunaithe triomaithe stuáilte

30

15

Réamh-mheascáin (thirime) le haghaidh táirgí bácáilte

30

15

Anlainn

30

10

Miasa bunaithe ar phrátaí agus/nó ar léagúim

15

10

Púdar meidhg

40

20

Analóga feola

80

50

Anraithí agus sailéid

20

5

Brioscáin

40

20

Deochanna de chineál beorach; deochanna alcólacha measctha; meascáin le haghaidh deochanna alcólacha

1

1

Milseogra seacláide

30

10

Cnónna, síolta ola agus sicphiseánaigh

40

30

Táirgí reoite coipthe atá bunaithe ar bhainne

15

5

Ullmhóidí feola

40

16

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

‘Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is é atá sa bhia núíosach foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor). Tagraíonn an téarma ‘minphéist’ d’fhoirm larbhach Tenebrio molitor, is é sin speiceas feithidí a bhaineann le fine Tenebrionidae (ciaróga darkling). Comhchiallach eolaíochta eile atá aitheanta is é Tenebrio molitor Linnaeus.

Is iad na minphéisteanna ina n-iomláine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine gan aon chuid díobh bainte.

Tá gá le tréimhse troscaidh 24 uair an chloig ar a laghad sula reofar na feithidí chun iad a mharú, chun ligean do na lócaistí fásta an méid atá ina bputóg a fholmhú.

Tá sé beartaithe an bia núíosach a chur ar an margadh i dtrí fhoirm éagsúla, eadhon: larbha T. molitor iomlán, bánaithe agus reoite (reoite); larbha T. molitor iomlán, bánaithe agus reothriomaithe (triomaithe) a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm púdair (púdar).

Paraiméadair

Reoite

Triomaithe nó púdar

Saintréithe/Comhdhéanamh

Luaith

0,9-1,10

3,6-4,1

Taise (% w/w)

69-75

≤ 5

Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w)

14-19

54-60

Saill (% w/w)

ar aigéid shailleacha sháithithe an méid seo a leanas di (% saill)

7-12,5

20-29

27-30

20-29

Carbaihiodráití indíleáite (% w/w)

1-2

4-8

Snáithín cothaitheach (% w/w)

1,2-3,5

4-6

Citin(*) (% w/w)

≤ 3

4-9

Luach sárocsaíde (Meq O2/kg saill)

≤ 5

≤ 5

Éilleáin

Miotail throma

 

 

Luaidhe (mg/kg)

≤ 0,01

≤ 0,075

Caidmiam (mg/kg)

≤ 0,05

≤ 0,1

Míceatocsainí

 

 

Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2) (μg/kg)

≤ 4

≤ 4

Aflatocsain B1 (μg/kg)

≤ 2

≤ 2

Dí-ocsainiviléanól (μg/kg)

≤ 200

≤ 200

Ócratocsain A (μg/kg)

≤ 1

≤ 1

Dé-ocsainí agus PCBanna

 

 

Suim dé-ocsainí agus dl-PCBanna (UB, WHO-TEQ2005)(**) (pg/g saill)

≤ 0,75

≤ 0,75

Critéir mhicribhitheolaíochta

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán (CFU/g)

≤ 105

≤ 105

Enterobacteriaceae (toimhde) (CFU/g)

≤ 100

≤ 100

Escherichia coli (CFU/g)

≤ 50

≤ 50

Listeria monocytogenes

Gan a bheith ann in 25 g

Gan a bheith ann in 25 g

Salmonella spp.

Gan a bheith ann in 25 g

Gan a bheith ann in 25 g

Bacillus cereus (toimhde) (CFU/g)

≤ 100

≤ 100

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha (CFU/g)

≤ 100

≤ 100

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít (CFU/g)

≤ 30

≤ 30

Giostaí agus múscáin (CFU/g)

≤ 100

≤ 100

(*)

Ríomhtar citin tríd an difríocht idir an codán Snáithín Glantaigh Aigéadaigh agus an codán Lignin Glantaigh Aigéadaí (ADF-ADL) a oibriú amach, de réir mar a thuairiscíonn Hahn et al. (2018).

(**)

Suim cuimse uachtair de dhébheinsi-dé-ocsain pholaclóirínithe (PCDDanna)-débheinseafúrán polaclóirínithe (PCDFanna) agus défheinilí polaclóirínithe de chineál dé-ocsaine (PCBanna) arna sloinneadh mar choibhéis thocsaineach de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (agus úsáid á baint as WHO-TEFanna ó 2005)).

CFU: aonaid déanta coilíneachta.”