|
24.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 15/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/92 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Eanáir 2022
lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí sonraí faireacháin agus leis an bhformáid ina dtuairiscítear dramhaíl a iasctar go héighníomhach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(7), an dara fomhír, di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Threoir (AE) 2019/883, tá na Ballstáit lena áirithiú go mbaileofar sonraí faireacháin maidir le toirt agus méid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus go dtuairisceofar na sonraí sin don Choimisiún. |
|
(2) |
Ba cheart Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola (2) a bheith ina thaca le staitisticí dramhaíola ardcháilíochta éifeachtúla comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus go comhsheasmhach le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun gur féidir sonraí a chur i gcomparáid ar fud na mBallstát. |
|
(3) |
Déanann Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) foráil maidir le tuairisciú leictreonach an réamhfhógra dramhaíola, réamhfhógra ina bhfuil faisnéis maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach, agus ceanglaítear modheolaíocht shonrach a úsáid chun faisnéis maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach a bhailiú ó shoithí iascaireachta atá faoi réir Threoir (AE) 2019/883 ach a eisiatar ó raon feidhme Threoir 2002/59/CE. |
|
(4) |
Idir mhais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach a thomhas an tráth céanna, níl sé sin indéanta agus costéifeachtach i ngach cás. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an mhais a mheas mar fheidhm de chuid na toirte, nó an toirt a mheas mar fheidhm de chuid na maise, agus úsáid á baint as meastachán ar dhlús na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, meastachán a bheadh leormhaith i dtaca leis na tosca. |
|
(5) |
Maidir leis na sonraí a bhailítear le haghaidh faireachán ar thoirt agus ar mhéid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, chun aonchineálacht, cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí sin a áirithiú sna Ballstáit uile ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Threoir (AE) 2019/883 a bheith i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. An modh a úsáideann na Ballstáit chun sonraí a bhailiú maidir le toirt agus mais na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, beidh sé comhsheasmhach le Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola.
2. I gcás soithí iascaireachta atá faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE, baileofar na sonraí maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa réamhfhógra dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883.
3. I gcás soithí iascaireachta nach bhfuil faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE, is ar bhonn modh amháin de na modhanna seo a leanas, modhanna a ndéantar cur síos orthu i Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola, a bhaileofar na sonraí maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach:
|
(a) |
suirbhéanna; |
|
(b) |
foinsí riaracháin nó foinsí eile; |
|
(c) |
nósanna imeachta meastacháin staitistiúla; |
|
(d) |
meascán de na modhanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c). |
Airteagal 2
1. Tuairisceofar an dramhaíl a iasctar go héighníomhach i gcomhréir leis na príomh-eilimintí a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn.
2. Is féidir trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile a bheith i gceist sa dramhaíl a iasctar go héighníomhach, agus féadfar an trealamh sin a thuairisciú ar leithligh ó bhruscar muirí eile.
3. Na heilimintí éigeantacha agus deonacha le haghaidh thuairisciú na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, leagtar amach iad i dTábla 2 den Iarscríbhinn.
4. An fhormáid tuairiscithe le haghaidh na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus an modh comhiomlánaithe, leagtar amach iad i dTábla 3 den Iarscríbhinn.
Airteagal 3
1. Is ina thoirt agus ina mhais a thuairisceofar méid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach.
2. I gcás inarb iomchuí, is de réir na foirmle seo a leanas a ríomhfar an tiontú ó thoirt (V) go mais (m):
m = pV
Sa chás a léiríonn p dlús measta an ábhair (kgm-3), m an mhais (kg) agus V an toirt (m3).
Airteagal 4
Ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh, tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus na faisnéisí i dtaca le tréimhsí bliana ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig. Soláthrófar na tuairiscí go leictreonach laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a mbailíodh iad lena haghaidh.
Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí a bailíodh le haghaidh na bliana 2021 faoin 30 Meitheamh 2022, an méid is féidir i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 151, 7.6.2019, lch. 116.
(2) ‘Manual on waste statistics - A handbook for data collection on waste generation and treatment ’ (Lámhleabhar maidir le staitisticí dramhaíola - Lámhleabhar le haghaidh bailiúchán sonraí faoi ghiniúint agus cóireáil na dramhaíola) [eagrán 2013], Modheolaíochtaí agus Páipéir Oibre Eurostat, doi:10.2785/4198
(3) Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staitisticí dramhaíola (IO L 332, 9.12.2002, lch. 1).
(4) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(5) Treoir 2002/59/CE an 27 Meitheamh 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).
IARSCRÍBHINN
Tábla 1
Príomh-eilimintí dramhaíola a iasctar go héighníomhach
|
Leibhéal 1 |
Plaisteach |
Miotal |
Rubar |
Adhmad |
Teicstílí |
Dramhaíl eile |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Leibhéal 2 |
|
|
|
|
|
|
Tábla 2
Eilimintí tuairiscithe éigeantacha agus deonacha
|
Éigeantach nó deonach |
Cur síos |
Na cealla comhfhreagracha i dTábla 3 atá le tuairisciú |
|
Éigeantach |
Mais iomlán agus toirt iomlán na dramhaíola uile a iasctar go héighníomhach. |
Na cealla i gcolúin 1 agus 4 de shraith 1 (cló trom) |
|
Deonach |
Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir a tionscnaimh: ALDFG (*1) agus bruscar muirí eile. |
Gach ceall i sraith 1 |
|
Deonach |
Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir an chineáil ábhair (plaistigh, miotail, rubar agus dramhaíl eile). |
Gach ceall i gcolúin 1 agus 4 |
|
Deonach |
Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir tionscnaimh agus cineál ábhair |
Gach ceall i dTábla 3 |
Tábla 3
Formáid tuairiscithe le haghaidh dramhaíola a iasctar go héighníomhach
|
|
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
|
Mais iomlán (tonaí) |
ALDFG (*2) (tonaí) |
Bruscar muirí eile (tonaí) |
Toirt iomlán (m3) |
ALDFG (m3) (*2) |
Bruscar muirí eile (m3) |
||
|
1 |
Iomlán |
A1+A2 |
A1 = B1+C1+D1+E1 |
A2 = B2+C2+D2+E2 |
F1+F2 |
F1 = G1+H1+I1+J1 |
F2 = G2+H2+I2+J2 |
|
2 |
Plaistigh |
B1+B2 |
B1 |
B2 |
G1+G2 |
G1 |
G2 |
|
3 |
Miotail |
C1+C2 |
C1 |
C2 |
H1+H2 |
H1 |
H2 |
|
4 |
Rubar |
D1+D2 |
D1 |
D2 |
I1+I2 |
I1 |
I2 |
|
5 |
Adhmad, teicstílí agus dramhaíl eile |
E1+E2 |
E1 |
E2 |
J1+J2 |
J1 |
J2 |
(*1) Trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile
(*2) Trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile.