17.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/54 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann le crúbaigh áirithe ar de bhunadh an Aontais iad a thabhairt isteach san Aontas, crúbaigh a aistrítear go tríú tír nó críoch chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais agus seónna, agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas ina dhiaidh sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 239(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 (2) ón gCoimisiún leagtar síos, inter alia, ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád a thabhairt isteach san Aontas. Go sonrach, le Cuid VI den Rialachán Tarmligthe seo leagtar síos rialacha speisialta maidir le tráchtearraí áirithe de thionscnamh an Aontais a thabhairt isteach san Aontas agus a thabhairt ar ais go dtí an tAontas. Ní áirítear le hAirteagal 177 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 faoi láthair ach rialacha speisialta atá le comhlíonadh ag capaill chláraithe, capaill ar de bhunadh an Aontais iad agus atá ag teacht ar ais go dtí an tAontas tar éis onnmhairiú sealadach go tríú tír nó críoch nó crios di chun bheith rannpháirteach i gcomórtais, rásaí nó imeachtaí cultúrtha eachaíochta.

(2)

Ionas go n-éascófar a rannpháirtíocht in imeachtaí, taispeántais agus seónna (“imeachtaí”) a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas, ní mór foráil a dhéanamh maidir le maolú ar cheanglais ghinearálta áirithe maidir le sláinte ainmhithe, ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 le haghaidh coinsíneachtaí de chrúbaigh ar de bhunadh an Aontais iad a aistrítear go tríú tír nó críoch nó crios di chun bheith rannpháirteach in imeachtaí agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas láithreach. Mar sin féin, chun na rioscaí don tsláinte ainmhithe a íoslaghdú, agus cúinsí reatha maidir le sláinte ainmhithe á gcur san áireamh ó thaobh galair áirithe a dhéanann difear do mhucaigh agus d’éanlaith chlóis, ba cheart an maolú sin a theorannú do speicis áirithe crúbach, mar atá ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair (“maolú le haghaidh na gcrúbach”). Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 177 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun an maolú le haghaidh na gcrúbach a chuimsiú.

(3)

Leis na rialacha speisialta maidir leis an maolú le haghaidh na gcrúbach, na rioscaí sláinte ainmhithe a d’fhéadfadh eascairt as na cineálacha sin gluaiseachtaí le haghaidh imeachtaí, ba cheart na rioscaí sin a chuimsiú, agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis na rioscaí sláinte ainmhithe lena mbaineann. Maidir leis na hainmhithe atá rannpháirteach sna himeachtaí, ba cheart na rialacha speisialta seo a bheith dian a ndóthain chun a áirithiú nach dtagann na hainmhithe sin i dteagmháil le hainmhithe eile a bhfuil stádas sláinte níos ísle acu agus nach gcomhlíonann na ceanglais sláinte ainmhithe ar fad a leagtar síos i ndlí an Aontais.

(4)

Ina theannta sin, i bhfianaise a chosúla atá na hoibríochtaí a dhéantar sna himeachtaí leis na hoibríochtaí a dhéantar sna hionaid tionóil, is iomchuí ceanglais a leagan síos atá coibhéiseach leis na ceanglais is infheidhme sna hionaid tionóil i dtríú tíortha nó críocha, ceanglais a leagtar síos in Airteagal 20(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus atá bunaithe ar na ceanglais is infheidhme san Aontas a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (3).

(5)

Mar aon leis na bearta maolaithe riosca sin ar fad, ní foláir freisin srian a chur leis an tréimhse ina bhfágtar na hainmhithe gan cosaint ar na rioscaí sláinte ainmhithe a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr na gcineálacha sin gluaiseachtaí chun bheith rannpháirteach sna himeachtaí agus de bharr na dtréimhsí a chaitheann na hainmhithe lasmuigh de chríocha an Aontais.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 177 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 177 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Airteagal 177

Ceanglais bhreise maidir le crúbaigh áirithe ar de bhunadh an Aontais iad a thabhairt isteach san Aontas, crúbaigh a aistrítear go tríú tír nó críoch nó crios di chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais, léirithe agus seónna agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas ina dhiaidh sin”

2.

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   De mhaolú ar Airteagal 11, coinsíneachtaí d’ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair, coinsíneachtaí ar de bhunadh an Aontais iad agus a aistrítear ar feadh tréimhse nach faide ná 15 lá go tríú tír nó críoch nó crios di chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais, léirithe nó seónna (‘an t-imeacht’), ceadófar iad a thabhairt isteach san Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(a)

an tríú tír nó críoch nó crios di ina reáchtáiltear an t-imeacht, sin a bheith liostaithe maidir leis an speiceas sonrach d’ainmhithe a thabhairt isteach san Aontas;

(b)

an bhunaíocht ina reáchtáiltear an t-imeacht:

(i)

comhlíonann sí na ceanglais is infheidhme maidir leis na bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí tionóil crúbach, ceanglais a leagtar síos in Airteagal 20(2), pointe (b);

(ii)

ar theacht chuig an mbunaíocht don choinsíneacht agus le linn an imeachta ar fad, ní choimeádtar ach ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach nó ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe a chomhlíonann gach ceanglas lena mbaineann a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le hainmhithe den sórt sin a thabhairt isteach san Aontas;

(c)

seoladh choinsíneacht na n-ainmhithe ón Aontas go dtí an bhunaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) agus ón mbunaíocht sin go dtí an tAontas, is seoladh é a dhéantar trí mhodh iompair a chomhlíonann na ceanglais ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 17 maidir le modh iompair na n-ainmhithe talún, agus is seoladh é a dhéantar gan díluchtú in aon tríú tír eile nó i gcríoch nó crios di;

(d)

ní raibh aon teagmháil ag ainmhithe na coinsíneachta le hainmhithe eile a bhfuil stádas sláinte níos ísle acu ón tráth ar lódáladh le haghaidh a seolta ón Aontas go dtí an bhunaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) agus le linn an imeachta ar fad go dtí gur tháinig siad ar ais go dtí an tAontas.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí geirmeacha a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus le gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).