16.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 295/50 |
TREOIRLÍNE (AE) 2022/2250 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 9 Samhain 2022
lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) (ECB/2022/8) nua giniúna (BCE/2022/39)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 3.1 agus Airteagail 17, 18 agus 22 de,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
An 24 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/8) (1), lena bhforáiltear maidir le tús a chur le hoibríochtaí maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna ón 21 Samhain 2022 an dáta óna bhfuil bainc cheannais an Eurochórais le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) a chomhlíonadh agus óna bhfuil Treoirlíne BCE/2012/27 ón mBanc Ceannais Eorpach (2) le haisghairm. |
(2) |
Chinn an Chomhairle Rialaithe an 20 Deireadh Fómhair 2022 tús oibríochtaí TARGET a athsceidealú le tosú ón 20 Márta 2023 toisc gur gá níos mó ama a thabhairt d’úsáideoirí a dtástáil ar an ardán teicniúil nua a chur i gcrích i dtimpeallacht chobhsaí, agus cineál sistéamach TARGET á chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart do bhainc cheannais an Eurochórais leanúint de Threoirlíne BCE/2012/27 a chomhlíonadh, agus ba cheart go leanfadh an t-Uathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochta Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET2) de bheith ag feidhmiú, go dtí an dáta sin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNTE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 (ECB/2022/8) mar a leanas:
1. |
in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 le héifeacht ón 20 Márta 2023.”; |
2. |
Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Teacht in éifeacht
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo in éifeacht ar an lá a dtabharfar fógra faoi do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu.
2. Comhlíonfaidh bainc cheannais an Eurochórais an Treoirlíne seo ón 21 Samhain 2022.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 9 Samhain 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna agus lena n-aisghairtear Treoirlíne 2013/47/AE (BCE/2012/27) (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).
(2) Treoirlíne BCE/2012/27 ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Nollaig 2012 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochta Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET2) (IO L 30, 30.1.2013, lch. 1).