16.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 322/15


TREOIR (AE) 2022/2464 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] (“an Comhaontú Glas”), thug an Coimisiún gealltanas chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a bhaineann le tuairisciú neamhairgeadais. Is é an Comhaontú Glas straitéis nua fáis an Aontais. Is é is aidhm dó geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de a dhéanamh den Aontas, áit nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) faoi 2050. Tá sé d”aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine saoránach de chuid an Aontais a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Is é is aidhm don Chomhaontú Glas an fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní, agus a áirithiú go mbeidh gach réigiún agus saoránach de chuid an Aontais ina rannpháirtí in aistriú a bheidh cóir ar bhonn sóisialta chuig córas eacnamaíoch inbhuanaithe, ina áiritheofar nach bhfágtar aon duine nó aon áit ar lár. Beidh sé ina rannchuidiú leis an gcuspóir geilleagar a oibríonn do na daoine a fhorbairt, geilleagar margaidh shóisialta an Aontais a threisiú, chun cuidiú lena áirithiú go mbeidh sé réidh don todhchaí agus go soláthróidh sé cobhsaíocht, poist, fás agus infheistíocht inbhuanaithe.

Tá na spriocanna sin tábhachtach go háirithe i bhfianaise an damáiste shocheacnamaíoch a rinneadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus an gá atá le téarnamh inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus cóir. Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), rinneadh cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ceangailteach san Aontas. Thairis sin, sa teachtaireacht uaidh an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], geallann an Coimisiún go n-áiritheoidh sé go ndéanfar éiceachórais uile an domhain a athchóiriú, go mbeidh teacht aniar iontu agus go gcosnófar iad go leormhaith faoi 2050. Is é is aidhm don straitéis sin bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar shlí téarnaimh faoi 2030.

(2)

Ina Theachtaireacht an 8 Márta 2018 dar teideal Action Plan: Financing Sustainable Growth [Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú] (“an Plean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú”), leag an Coimisiún amach bearta chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach: sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe ionchuimsitheach a bhaint amach, rioscaí airgeadais a eascraíonn as an athrú aeráide, ídiú acmhainní, díghrádú comhshaoil agus saincheisteanna sóisialta a bhainistiú, agus trédhearcacht agus fadtéarmachas i ngníomhaíocht airgeadais agus eacnamaíoch a chothú. Réamhriachtanas chun na cuspóirí sin a bhaint amach is ea nochtadh faisnéise ábhartha, inchomparáide agus iontaofa inbhuanaitheachta ag catagóirí áirithe gnóthas. Tá roinnt gníomhartha reachtacha glactha ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle mar chuid de chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú. Rialaítear le Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an chaoi a bhfuil rannpháirtithe margaí airgeadais agus comhairleoirí airgeadais le faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh d”infheisteoirí deiridh agus úinéirí sócmhainní.

Cruthaítear le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) córas aicmithe le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus é mar aidhm leis scálaí infheistíochtaí inbhuanaithe a mhéadú agus dul i ngleic le glas-snasú táirgí airgeadais a maítear go míchuí ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe. Tugtar isteach le Rialachán (AE) 2019/2089 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), arna chomhlánú ag Rialacháin Tarmligthe (AE) 2020/1816 (8), (AE) 2020/1817 (9) agus (AE) 2020/1818 (10) ón gCoimisiún, ceanglais maidir le nochtadh comhshaoil, sóisialta agus rialachais (“ESG”) le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna agus íoschaighdeáin chun Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a chruthú.

Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) ar institiúidí móra a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faisnéis a nochtadh ar rioscaí ESG ón 28 Meitheamh 2022. Sa chreat stuamachta le haghaidh gnólachtaí infheistíochta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus le Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), tá forálacha maidir le gné riosca ESG a thabhairt isteach sa Phróiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (“SREP”) ag údaráis inniúla, agus tá ceanglais maidir le nochtadh rioscaí ESG ann le haghaidh gnólachtaí infheistíochta, a mbeidh feidhm acu ón 26 Nollaig 2022. An 6 Iúil 2021, ghlac an Coimisiún freisin togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha, mar obair leantach ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú.

(3)

Ina Theachtaireacht an 17 Meitheamh 2019, dar teideal Guidelines on non-financial reporting: Supplement on reporting climate-related information [Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais: Forlíonadh ar fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú] (“Treoirlínte maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú”), leag an Coimisiún béim ar na tairbhí do chuideachtaí a bhaineann le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú, go háirithe trí fheasacht agus tuiscint ar rioscaí agus deiseanna a bhaineann leis an aeráid laistigh den chuideachta a mhéadú, an bonn infheisteoirí a éagsúlú, costas níos ísle caipitil a chruthú agus idirphlé cuiditheach leis na geallsealbhóirí uile a fheabhsú. Thairis sin, d”fhéadfadh sé go n-imreodh éagsúlacht ar bhoird cuideachtaí tionchar ar chinnteoireacht, ar rialachas corparáideach agus ar athléimneacht.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 5 Nollaig 2019 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá faisnéis iontaofa, inchomparáide agus ábhartha maidir le rioscaí inbhuanaitheachta, deiseanna agus tionchair, agus d”iarr sí ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chaighdeán tuairiscithe neamhairgeadais Eorpach a fhorbairt.

(5)

Ina rún an 29 Bealtaine 2018 maidir le maoiniú inbhuanaithe (14), d”iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar cheanglais tuairiscithe neamhairgeadais faoi chuimsiú Threoir 2013/34/AE. Ina rún an 17 Nollaig 2020 maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe (15), chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh ghealltanas an Choimisiúin chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2013/34/AE agus léirigh sí an gá atá le creat cuimsitheach de chuid an Aontais um thuairisciú neamhairgeadais a bhunú ina bhfuil caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais shainordaitheacha de chuid an Aontais. D”iarr Parlaimint na hEorpa raon feidhme na gceanglas tuairiscithe a leathnú chun catagóirí breise gnóthas a chur san áireamh agus chun ceanglas iniúchta a bhunú.

(6)

Sa rún uaidh an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] (“Clár Oibre 2030”), ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (NA) creat nua domhanda um fhorbairt inbhuanaithe. Tá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (“SFInna”) i gcroílár Chlár Oibre 2030 agus cumhdaítear trí ghné na hinbhuanaitheachta leis: eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil. sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 dar teideal Next steps for a sustainable European future: European action for sustainability [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: Gníomhaíocht Eorpach um inbhuanaitheacht], rinneadh SFInna a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear na spriocanna sin san áireamh i ngníomhaíochtaí agus i dtionscnaimh bheartais uile an Aontais, laistigh den Aontas agus lasmuigh de, ón tús. Sna conclúidí uaithi an 20 Meitheamh 2017 maidir le “Todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: “Freagairt an Aontais do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, dheimhnigh an Chomhairle tiomantas an Aontais agus na mBallstát do chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus le geallsealbhóirí eile.

(7)

Le Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), leasaíodh Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis neamhairgeadais a bheith á nochtadh ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe. Le Treoir 2014/95/AE, cuireadh ceanglas ar ghnóthais faisnéis a thuairisciú maidir le hábhair chomhshaoil, shóisialta agus fostaithe, meas ar chearta an duine, agus ábhair frithéillithe agus frithbhreabaireachta, ar a laghad. Maidir leis na topaicí sin, le Treoir 2014/95/AE, ceanglaíodh ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoi na réimsí tuairiscithe seo a leanas: samhail ghnó; beartais, lena n-áirítear próisis díchill chuí; toradh na mbeartas sin; rioscaí agus bainistíocht riosca; agus príomhtháscairí feidhmíochta atá ábhartha don ghnó.

(8)

Measann go leor geallsealbhóirí go bhfuil an téarma “neamhairgeadais” míchruinn, go háirithe toisc go dtugann sé sin le fios nach bhfuil aon tábhacht airgeadais leis an bhfaisnéis atá i gceist. De réir a chéile, tá ábharthacht airgeadais ag baint le faisnéis den sórt sin, áfach. Tagraíonn go leor eagraíochtaí, tionscnamh agus cleachtóirí i réimse an tuairiscithe inbhuanaitheachta do “fhaisnéis inbhuanaitheachta”. Dá bhrí sin, is fearr an téarma “faisnéis inbhuanaitheachta” a úsáid in ionad “faisnéis neamhairgeadais”. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2013/34/AE a leasú chun an t-athrú sin sa téarmaíocht a chur san áireamh.

(9)

Más rud é go ndearna gnóthais tuairisciú inbhuanaitheachta níos fearr, is iad saoránaigh aonair agus coigilteoirí a bheadh ina dtairbhithe deiridh, lena n-áirítear ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe a bheadh ar an eolas go leormhaith agus, dá bhrí sin, a bheadh in ann páirt níos fearr a ghlacadh san idirphlé sóisialta. Má theastaíonn ó choigilteoirí infheistiú ar bhealach inbhuanaithe, tabharfar deis dóibh déanamh amhlaidh, agus, ag an am céanna, bhainfeadh na saoránaigh uile tairbhe as córas eacnamaíoch atá cobhsaí, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Chun tairbhithe den sórt sin a bhaint amach, ní mór an fhaisnéis inbhuanaitheachta a nochtar i dtuarascálacha bliantúla gnóthas a chur in iúl do dhá phríomhghrúpa úsáideoirí ar dtús. Is infheisteoirí atá sa chéad ghrúpa úsáideoirí, lena n-áirítear bainisteoirí sócmhainní, ar mian leo tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí agus deiseanna a chruthaíonn saincheisteanna inbhuanaitheachta dá n-infheistíochtaí agus na tionchair a bhíonn ag na hinfheistíochtaí sin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Is gníomhaithe na sochaí sibhialta atá sa dara grúpa, lena n-áirítear, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus páirtithe sóisialta, ar mian leo gnóthais a thabhairt chun cuntais ar bhealach níos fearr maidir leis na tionchair a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. D”fhéadfadh geallsealbhóirí eile úsáid a bhaint freisin as faisnéis inbhuanaitheachta a nochtar i dtuarascálacha bliantúla, go háirithe chun inchomparáideacht a chothú ar fud earnálacha an mhargaidh agus laistigh díobh.

D„fhéadfadh comhpháirtithe gnó gnóthas, lena n-áirítear custaiméirí, brath ar fhaisnéis inbhuanaitheachta chun a rioscaí agus a dtionchair inbhuanaitheachta a thuiscint agus, i gcás inar gá, tuairisciú orthu ar fud a slabhraí luacha féin. Is féidir le lucht ceaptha beartas agus gníomhaireachtaí comhshaoil úsáid a bhaint as faisnéis den sórt sin, go háirithe ar bhonn comhiomlán, chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí comhshaoil agus sóisialta, chun cur le cuntais chomhshaoil, agus chun faisnéis a chur ar fáil i gcomhair beartas poiblí. Is beag saoránach aonair nó tomhaltóir a fhéachann go díreach ar thuarascálacha bliantúla gnóthas, ach d”fhéadfaidís úsáid a bhaint as faisnéis den sórt sin go hindíreach, mar shampla, agus comhairle nó tuairimí ó chomhairleoirí airgeadais nó ó eagraíochtaí neamhrialtasacha á meas acu. Ceannaíonn go leor infheisteoirí agus bainisteoirí sócmhainní faisnéis inbhuanaitheachta ó sholáthraithe sonraí tríú páirtí, a bhailíonn faisnéis ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear tuarascálacha corparáideacha poiblí.

(10)

Tá an margadh le haghaidh faisnéis inbhuanaitheachta ag fás go gasta, agus tá ról na soláthraithe sonraí tríú páirtí ag dul i dtábhacht i bhfianaise na n-oibleagáidí nua is gá d”infheisteoirí agus do bhainisteoirí sócmhainní a chomhlíonadh. Agus níos mó sonraí imdhealaithe ar fáil, ba cheart an costas atá ar fhaisnéis inbhuanaitheachta a bheith níos réasúnaí. Leis na leasuithe ar Threoir 2013/34/AE dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo, meastar go méadófar inchomparáideacht na sonraí agus go gcomhchuibheofar caighdeáin. Táthar ag dréim leis go dtiocfaidh feabhas ar chleachtais na soláthraithe sonraí tríú páirtí agus go dtiocfaidh méadú ar an saineolas sa réimse sin, lena bhféadfaí poist a chruthú.

(11)

Tháinig méadú an-suntasach ar an éileamh ar fhaisnéis inbhuanaitheachta chorparáideach le blianta beaga anuas, go háirithe ón bpobal infheistíochta. Tá an méadú sin ar an éileamh á spreagadh ag cineál athraitheach na rioscaí do ghnóthais agus feasacht níos mó na n-infheisteoirí ar impleachtaí airgeadais na rioscaí sin. Is ionann an cás go háirithe maidir le rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid. Tá méadú ag teacht freisin ar an bhfeasacht ar na rioscaí agus na deiseanna atá ann do ghnóthais agus d”infheistíochtaí a eascraíonn as saincheisteanna comhshaoil eile, amhail cailliúint na bithéagsúlachta, agus as saincheisteanna sláinte agus sóisialta, lena n-áirítear saothar leanaí agus saothar éignithe. Tá an méadú ar an éileamh ar fhaisnéis inbhuanaitheachta á spreagadh ag an bhfás i dtáirgí infheistíochta freisin, a fhéachann go sainráite le caighdeáin inbhuanaitheachta áirithe a chomhlíonadh nó cuspóirí inbhuanaitheachta áirithe a ghnóthú, agus comhleanúnachas a áirithiú le huaillmhian Chomhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a glacadh an 12 Nollaig 2015 (“Comhaontú Pháras”), Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus beartais an Aontais. Tá cuid den mhéadú sin mar iarmhairt loighciúil na reachtaíochta de chuid an Aontais a glacadh roimhe seo, go háirithe Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2020/852. Tharlódh cuid den mhéadú sin in aon chás, toisc go bhfuil feasacht saoránach, roghanna tosaíochta tomhaltóirí agus cleachtais mhargaidh ag athrú go tapa. Tháinig méadú níos mó ar riachtanais faisnéise úsáideoirí de bharr phaindéim COVID-19, go háirithe ós rud é gur nochtadh leochaileachtaí oibrithe agus slabhraí luacha gnóthas dá thoradh. Tá faisnéis faoi thionchair chomhshaoil ábhartha freisin i gcomhthéacs paindéimí sa todhchaí a mhaolú, ós rud é go bhfuil baint níos mó ag teacht idir suaitheadh éiceachóras a dhéanann an duine agus tarlú agus scaipeadh galar.

(12)

D”fhéadfadh na gnóthais féin tairbhiú de thuairisciú ardchaighdeáin a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta. Maidir leis an méadú ar líon na dtáirgí infheistíochta a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí inbhuanaitheachta a shaothrú, ciallaíonn sé sin go bhféadfaí rochtain níos fearr ar chaipiteal airgeadais a thabhairt do ghnóthas le tuairisciú inbhuanaitheachta maith. Féadfaidh tuairisciú inbhuanaitheachta cuidiú le gnóthais chun a gcuid rioscaí agus deiseanna féin a aithint agus a bhainistiú i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta. Is féidir leis a bheith ina bhonn i gcomhair idirphlé agus cumarsáid níos fearr idir na gnóthais agus a ngeallsealbhóirí, agus is féidir leis cuidiú le gnóthais chun feabhas a chur ar an gcáil atá orthu. Ina theannta sin, dá mbeadh bonn comhsheasmhach ann don tuairisciú inbhuanaitheachta i bhfoirm caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, sholáthrófaí faisnéis ábhartha leordhóthanach agus, ar an gcaoi sin, laghdófaí go suntasach iarrataí ad hoc ar fhaisnéis.

(13)

I dtuarascáil ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 maidir leis na clásail athbhreithnithe i dTreoracha 2013/34/AE, 2014/95/AE, agus 2013/50/AE agus an tseiceáil oiriúnachta a ghabhann léi ar chreat an Aontais maidir le tuairisciú poiblí ag cuideachtaí (“Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na clásail athbhreithnithe agus an tseiceáil oiriúnachta a ghabhann léi”), sainaithníodh fadhbanna maidir le héifeachtacht Threoir 2014/95/AE. Tá fianaise shuntasach ann nach nochtann a lán gnóthas faisnéis ábhartha maidir leis na príomhthopaicí uile a bhaineann le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis an aeráid amhail na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile, agus na tosca a mbíonn tionchar acu ar an mbithéagsúlacht. Sainaithníodh sa tuarascáil freisin gur fadhbanna suntasacha iad inchomparáideacht theoranta agus iontaofacht na faisnéise inbhuanaitheachta. Sa bhreis air sin, i gcás go leor gnóthas óna mbíonn faisnéis inbhuanaitheachta ag teastáil ó úsáideoirí, ní bhíonn sé d”oibleagáid orthu faisnéis den sórt sin a thuairisciú. Dá réir sin, tá gá soiléir le creat tuairiscithe láidir agus inacmhainne a mbeidh cleachtais iniúchóireachta éifeachtacha ag gabháil leis chun iontaofacht sonraí a áirithiú agus chun glas-snasú agus comhaireamh dúbailte a sheachaint.

(14)

In éagmais gníomhaíocht bheartais, meastar go dtiocfaidh méadú ar an mbearna idir riachtanais faisnéise úsáideoirí agus an fhaisnéis inbhuanaitheachta atá á soláthar ag gnóthais. Tá iarmhairtí diúltacha suntasacha ag an mbearna sin. Ní féidir le hinfheisteoirí aird chuí a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht ina gcuid cinntí infheistíochta. Má dhéantar go leor cinntí infheistíochta le chéile nach dtugtar aird chuí leo ar na rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht d”fhéadfaí rioscaí córasacha a chruthú dá bharr sin, rud a d”fhéadfadh an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Tá aird tarraingthe ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, ar na rioscaí córasacha sin, go háirithe maidir leis an aeráid. Bíonn deis níos lú ag infheisteoirí acmhainní airgeadais a threorú chuig gnóthais agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a thugann aghaidh ar fhadhbanna sóisialta agus comhshaoil agus nach ngéaraíonn na fadhbanna sin, rud a dhéanann dochar do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, an Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú agus Chomhaontú Pháras. Tá sé níos deacra ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, páirtithe sóisialta, comhphobail a ndéanann gníomhaíochtaí gnóthas difear dóibh, agus geallsealbhóirí eile gnóthais a thabhairt chun cuntais maidir leis na tionchair a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Cruthaíonn sé sin easnamh ó thaobh cuntasachta de, agus d”fhéadfadh sé a bheith ina chúis le leibhéil níos ísle iontaoibhe ag saoránaigh i ngnólachtaí, rud a bhféadfadh tionchair dhiúltacha a bheith aige ar fheidhmiú éifeachtúil gheilleagar an mhargaidh shóisialta. Tá an easpa méadrachtaí agus modhanna a nglactar leo go ginearálta chun rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a thomhas, a luacháil agus a bhainistiú ina bacainn freisin ar na hiarrachtaí a dhéanann gnóthais chun a áirithiú go bhfuil a gcuid samhlacha gnó agus a ngníomhaíochtaí inbhuanaithe. Leis an easpa faisnéise inbhuanaitheachta, cuirtear teorainn freisin le cumas na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear gníomhaithe na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe, dul i mbun idirphlé le gnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta.

(15)

Sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na clásail athbhreithnithe agus an tseiceáil oiriúnachta a ghabhann léi, sainaithníodh méadú suntasach ar iarrataí chuig gnóthais ar fhaisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an mbearna faisnéise atá ann cheana idir riachtanais faisnéise úsáideoirí agus an fhaisnéis inbhuanaitheachta chorparáideach atá ar fáil. Chomh maith leis sin, is dócha go mbeidh coinne fós leis go n-úsáidfeadh gnóthais réimse creataí agus caighdeán agus d”fhéadfaí béim níos mó a leagan air sin de réir mar a éiríonn faisnéis inbhuanaitheachta níos tábhachtaí. In éagmais gníomhaíocht beartais chun comhdhearcadh a spreagadh maidir leis an bhfaisnéis is gá do ghnóthais a thuairisciú, tiocfaidh méaduithe suntasacha ó thaobh costas agus ualaí de do ghnóthais tuairiscithe agus d”úsáideoirí faisnéise den sórt sin.

(16)

Mar gheall ar an mbearna faisnéise atá ann faoi láthair, is mó an seans go dtabharfaidh Ballstáit aonair isteach rialacha nó caighdeáin náisiúnta atá ag éirí níos éagsúla. Le ceanglais tuairiscithe dhifriúla i mBallstáit dhifriúla d”fhéadfaí costais bhreise agus castacht níos mó a chruthú do ghnóthais a oibríonn thar theorainneacha agus dhéanfaí dochar don mhargadh inmheánach dá bhrí sin, agus d”fhéadfaí dochar a dhéanamh freisin don cheart chun caipiteal a bhunú agus a bhogadh go héasca ar fud an Aontais. De thoradh ar cheanglais tuairiscithe dhifriúla den sórt sin, d”fhéadfadh sé a bheith níos deacra freisin an fhaisnéis a thuairiscítear a chur i gcomparáid lena chéile thar theorainneacha, rud a dhéanfadh dochar d”aontas na margaí caipitil.

(17)

Tá feidhm ag Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE maidir le gnóthais mhóra atá ina n-eintitis leasa phoiblí ina bhfuil breis agus 500 fostaí ar an meán, agus maidir le heintitis leasa phoiblí atá ina máthairghnóthais ar ghrúpa mór ina bhfuil breis agus 500 fostaí ar an meán ar bhonn comhdhlúite, faoi seach. I bhfianaise an mhéadaithe ar riachtanais úsáideoirí i ndáil le faisnéis inbhuanaithe, ba cheart a chur de cheangal ar chatagóirí breise gnóthas faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar gach gnóthas mór agus gach gnóthas, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú. Le forálacha na Treorach leasaithí seo lena leasaítear Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE, leagtar amach go sainráite raon feidhme na gceanglas tuairiscithe faoi threoir Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2013/34/AE. Dá bhrí sin, ní dhéantar ceanglas eile a shimpliú ná a mhodhnú leo agus ní bheidh feidhm ag an srian ar dhíolúintí d”eintitis leasa phoiblí dá bhforáiltear in Airteagal 40 de Threoir 2013/34/AE. Go háirithe, níor cheart caitheamh le heintitis leasa phoiblí mar ghnóthais mhóra chun críocha chur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta. Dá réir sin, ba cheart cead a bheith ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas ar eintitis leasa phoiblí iad tuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide. Ina theannta sin, ba cheart do na gnóthais uile atá ina máthairghnóthais ar ghrúpaí móra tuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú ar an leibhéal grúpa. Thairis sin, ós rud é go dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 d”Airteagal 19a agus d”Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE, na gnóthais a chuirtear le raon feidhme na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta, beidh orthu Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 a chomhlíonadh freisin.

(18)

Maidir leis an gceanglas dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo gur cheart do ghnóthais mhóra nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas faisnéis a nochtadh faoi ábhair inbhuanaitheachta, tá údar maith leis go príomha mar gheall ar imní faoi thionchair agus cuntasacht gnóthas den sórt sin, lena n-áirítear trína slabhra luacha. Chuige sin, ba cheart gach gnóthas mór a bheith faoi réir na gceanglas céanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú go poiblí. Ina theannta sin, bíonn faisnéis de dhíth ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais freisin ó na gnóthais mhóra nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas.

(19)

An ceanglas dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo gur cheart do ghnóthais tríú tír a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas faisnéis a nochtadh freisin maidir le hábhair inbhuanaitheachta, is é is aidhm dó freagairt do riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais maidir le faisnéis ó na gnóthais sin chun a chur ar a gcumas rioscaí agus tionchair a n-infheistíochtaí a thuiscint agus chun na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh.

(20)

Ba cheart a cheangal ar ghnóthais tríú tír a bhfuil gníomhaíocht shuntasach acu ar chríoch an Aontais freisin faisnéis inbhuanaitheachta a sholáthar, go háirithe maidir lena dtionchar ar ábhair shóisialta agus chomhshaoil, chun a áirithiú go bhfuil gnóthais tríú tír freagrach as a dtionchar ar dhaoine agus ar an gcomhshaol agus go bhfuil cothrom iomaíochta ann do chuideachtaí atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart gnóthais tríú tír a ghineann glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 150 milliún san Aontas, agus a bhfuil foghnóthas nó brainse acu ar chríoch an Aontais, a bheith faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta. Chun comhréireacht agus in-fhorfheidhmitheacht na gceanglas sin a áirithiú, an tairseach go mbeadh glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 40 milliún ann, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le brainsí na ngnóthas tríú tír, agus na tairseacha a bhaineann le bheith measta mar ghnóthas mór nó gnóthas beag nó meánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le foghnóthais tríú tír, ós rud é gur cheart foghnóthais agus brainsí den sórt sin a bheith freagrach as tuarascáil inbhuanaitheachta an ghnóthais tríú tír a fhoilsiú. Ba cheart na tuarascálacha inbhuanaitheachta arna bhfoilsiú ag foghnóthas nó brainse de ghnóthas tríú tír a ullmhú i gcomhréir leis na caighdeáin atá le glacadh ag an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh 2024 trí ghníomhartha tarmligthe.

Ba cheart d”fhoghnóthas nó do bhrainse de ghnóthas tríú tír a bheith in ann tuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme maidir le gnóthais atá bunaithe san Aontas, nó i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach de bhun gníomh cur chun feidhme. I gcás nach soláthraíonn gnóthas tríú tír an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoin Treoir leasaitheach seo, d”ainneoin iarrachtaí fhoghnóthas nó bhrainse an ghnóthais tríú tír sin an fhaisnéis is gá a fháil, ba cheart don fhoghnóthas sin nó don bhrainse sin an fhaisnéis uile atá ina sheilbh a sholáthar agus ráiteas a eisiúint ina léirítear nár chuir an gnóthas tríú tír an chuid eile den fhaisnéis a éilíodh ar fáil. Chun cáilíocht agus iontaofacht an tuairiscithe a áirithiú, ba cheart na tuarascálacha inbhuanaitheachta ó ghnóthais tríú tír a fhoilsiú in éineacht le tuairim dearbhaithe arna cur in iúl ag duine nó gnólacht atá údaraithe chun tuairim a thabhairt maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, faoi dhlí náisiúnta an ghnóthais tríú tír nó Ballstáit. I gcás nach soláthraítear tuairim dearbhaithe den sórt sin, ba cheart d”fhoghnóthas nó do bhrainse an ghnóthais tríú tír ráiteas a eisiúint ina léirítear nár thug an gnóthas tríú tír an tuairim dearbhaithe ba ghá. Ba cheart an tuarascáil inbhuanaitheachta a chur ar fáil saor in aisce don phobal trí chláir lárnacha, tráchtála nó cuideachtaí na mBallstát, nó de rogha air sin ar shuíomh gréasáin fhoghnóthas nó bhrainse an ghnóthais tríú tír.

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi fhoghnóthais nó brainsí na ngnóthas tríú tír a chomhlíon an ceanglas maidir le foilsiú agus faoi na cásanna inar foilsíodh tuarascáil ach inar luaigh foghnóthas nó brainse an ghnóthais tríú tír nach bhféadfadh sé an fhaisnéis is gá a fháil ón ngnóthas tríú tír. Ba cheart don Choimisiún liosta de na gnóthais tríú tír a d”fhoilsigh tuarascáil inbhuanaitheachta a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin.

(21)

I bhfianaise ábharthacht mhéadaitheach na rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus é á chur san áireamh go bhfuil gnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas ina gcion suntasach de na gnóthais mheánmhéide uile a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, chun cosaint infheisteoirí a áirithiú, is iomchuí a cheangal ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta a nochtadh. Le ceanglas den sórt sin a thabhairt isteach, cuideofar lena áirithiú gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais gnóthais bheaga a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas a chur san áireamh i bpunanna infheistíochta, ar an mbonn go dtuairiscíonn siad an fhaisnéis inbhuanaitheachta atá de dhíth ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.

Dá bhrí sin, cuideoidh sé chun rochtain ar chaipiteal airgeadais a chosaint agus a fheabhsú do ghnóthais bheaga a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, agus chun idirdhealú in aghaidh na ngnóthas sin a sheachaint ar thaobh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Is gá freisin an ceanglas a thabhairt isteach ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas faisnéis a nochtadh maidir le hábhair inbhuanaitheachta chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a theastaíonn ó ghnóthais infheistíochta ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chun go mbeidh siad in ann a gceanglais féin maidir le nochtadh inbhuanaitheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh. Ba cheart an deis a thabhairt do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas tuairisciú i gcomhréir le caighdeáin atá comhréireach lena n-acmhainneachtaí agus lena n-acmhainní, agus atá ábhartha do scála agus castacht a ngníomhaíochtaí. Ba cheart an deis a bheith ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas rogha a dhéanamh caighdeáin chomhréireacha den sórt sin a úsáid ar bhonn deonach.

Beidh na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide ina dtagairt do ghnóthais a thagann faoi raon feidhme na gceanglas a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo maidir le leibhéal na faisnéise inbhuanaitheachta a d”fhéadfaidís a iarraidh go réasúnach ó ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ar soláthróirí nó cliaint sna slabhraí luacha den sórt sin iad. Ina theannta sin, ba cheart go leor ama a thabhairt do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas chun ullmhú do chur i bhfeidhm na bhforálacha lena gceanglaítear tuairisciú inbhuanaitheachta áfach, toisc go bhfuil siad níos lú agus go bhfuil níos lú acmhainní acu, agus aird á tabhairt ar na cúinsí eacnamaíocha deacra a tháinig mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach a mhéid a bhaineann le gnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis. Tar éis an dáta sin, ar feadh idirthréimhse 2 bhliain, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas diúltú do na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar síos sa Treoir leasaitheach seo, ar choinníoll go luann siad go hachomair ina dtuarascáil bhainistíochta na cúiseanna nár soláthraíodh an fhaisnéis inbhuanaitheachta.

(22)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchar a mbeart trasuí náisiúnta ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird ar leith le tabhairt ar mhicreaghnóthais agus ar ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta a thabhairt isteach chun tacú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta á gcur i bhfeidhm acu.

(23)

Tá feidhm ag Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) maidir le gnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. Chun a áirithiú go dtagann gnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, lena n-áirítear eisitheoirí tríú tír, faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta céanna, ba cheart na crostagairtí riachtanacha d”aon cheanglas maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta sa tuarascáil airgeadais bhliantúil a bheith i dTreoir 2004/109/CE.

(24)

Le pointe (i) den chéad fhomhír d”Airteagal 23(4) agus an ceathrú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE, tugtar de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh chun sásra a chur ar bun ar mhaithe le comhionannas na faisnéise a éilítear faoin Treoir sin a chinneadh, agus chun critéir chomhionannais ghinearálta a bhunú maidir le caighdeáin chuntasaíochta, faoi seach. Leis an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE, tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin na cinntí is gá a dhéanamh maidir le comhionannas na gcaighdeán cuntasaíochta a úsáideann eisitheoirí tríú tír. Chun cuimsiú na gceanglas inbhuanaitheachta i dTreoir 2004/109/CE a léiriú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sásra a bhunú chun coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna gcur i bhfeidhm ag eisitheoirí tríú tír a chinneadh, cosúil leis an méid dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún (18) ina leagtar amach na critéir chun coibhéis na gcaighdeán cuntasaíochta arna gcur i bhfeidhm ag eisitheoirí tríú tír a chinneadh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun na cinntí is gá a dhéanamh maidir le comhionannas na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a úsáideann eisitheoirí tríú tír. Leis na leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo, áiritheofar córais chomhionannais chomhsheasmhacha le haghaidh ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta agus ceanglais tuairiscithe airgeadais i ndáil leis an tuarascáil airgeadais bhliantúil.

(25)

Le hAirteagal 19a(3) agus Airteagal 29a(3) de Threoir 2013/34/AE, díolmhaítear foghnóthais ón oibleagáid faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú i gcás ina gcuimsítear na gnóthais sin agus a bhfoghnóthais i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a máthairghnóthais, ar choinníoll go gcuimsítear leis an tuarascáil sin faisnéis neamh-airgeadais a thuairiscítear de bhun na Treorach sin. Is gá a áirithiú áfach, go bhféadfaidh úsáideoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis inbhuanaitheachta go héasca agus chun a áirithiú go bhfuil trédhearcacht ann maidir le máthairghnóthas an fhoghnóthais dhíolmhaithe atá ag tuairisciú ar an leibhéal grúpa. Dá bhrí sin, is gá a cheangal ar na foghnóthais sin ainm agus oifig chláraithe an mháthairghnóthais a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta ar an leibhéal grúpa a áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta, na naisc ghréasáin chuig tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a máthairghnóthais agus tagairt ina dtuarascáil bhainistíochta don fhíoras go bhfuil siad díolmhaithe ó thuairisciú inbhuanaitheachta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar an máthairghnóthas an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a fhoilsiú sna teangacha a nglacann siad leo agus go soláthróidh an máthairghnóthas aon aistriúchán is gá sna teangacha sin. Ba cheart feidhm a bheith ag díolúine den sórt sin freisin i gcás ina bhfuil an máthairghnóthas atá ag tuairisciú ar an leibhéal grúpa ina ghnóthas tríú tír a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choibhéiseacha.

Le Treoir 2004/109/CE, arna leasú leis an Treoir leasaitheach seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí iomchuí chun coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a chinneadh, agus ba cheart a cheangal ar ghnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas agus ar ghnóthais nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas a thuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta chéanna. Sa chomhthéacs sin, maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacann an Coimisiún de bhun phointe (i) den chéad fhomhír d”Airteagal 23(4) agus an cheathrú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE lena mbunaítear sásra chun comhionannas caighdeán a chinneadh, ba cheart iad a úsáid chun a chinneadh ar cheart foghnóthais de chuid máthairghnóthas tríú tír a dhíolmhú faoi chóras Threoir 2013/34/AE. Dá bhrí sin, ba cheart an foghnóthas a dhíolmhú nuair a dhéantar an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacann an Coimisiún de bhun Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna ghlacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE. Níor cheart feidhm a bheith ag díolúine den sórt sin maidir le gnóthais mhóra a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas ar chúiseanna cosanta infheisteoirí, chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú a mhéid a bhaineann le gnóthais den sórt sin.

(26)

Le hAirteagal 23 de Threoir 2013/34/AE, díolmhaítear máthairghnóthais ón oibleagáid chun ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a ullmhú i gcás ina bhfuil máthairghnóthais ina bhfoghnóthais de mháthairghnóthas eile a chomhlíonann an oibleagáid sin. Ba cheart a shonrú áfach, maidir leis an gcóras díolúine le haghaidh ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite, go bhfeidhmítear an córas sin ar leithligh ón gcóras díolúine le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite. Dá bhrí sin, féadfaidh gnóthas a bheith díolmhaithe ó cheanglais tuairiscithe airgeadais comhdhlúite ach gan a bheith díolmhaithe ó cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcás ina n-ullmhaíonn a mháthairghnóthas deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite i gcomhréir le dlí an Aontais, nó i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha má tá an gnóthas bunaithe i dtríú tír, ach nach ndéanann tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcomhréir le dlí an Aontais, nó i gcomhréir leis na ceanglais choibhéiseacha má tá an gnóthas bunaithe i dtríú tír. Tá sé riachtanach go dtabharfaidh máthairghnóthais a thuairiscíonn ar an leibhéal grúpa tuiscint leormhaith ar na rioscaí dá bhfoghnóthais agus ar na tionchair atá acu, lena n-áirítear faisnéis maidir lena bpróisis díchill chuí i gcás inarb iomchuí. D”fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeadh na difríochtaí idir staid an ghrúpa agus staid a fhoghnóthas aonair, nó idir staid foghnóthas aonair i gcríocha éagsúla an-suntasach agus, in éagmais faisnéis bhreise faoin bhfoghnóthas aonair lena mbaineann, go dtiocfadh úsáideoir na faisnéise ar chonclúid atá an-difriúil maidir leis na rioscaí don fhoghnóthas nó maidir leis na tionchair atá aige.

(27)

Bíonn ról lárnach ag institiúidí creidmheasa agus gnóthais árachais san aistriú i dtreo córas eacnamaíoch agus airgeadais atá iomlán inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas. D”fhéadfadh tionchair shuntasacha dhearfacha agus dhiúltacha a bheith acu trína gcuid gníomhaíochtaí iasachta, infheistíochta agus frithgheallta. Institiúidí creidmheasa agus gnóthais árachais seachas na cinn sin a n-éilítear orthu Treoir 2013/34/AE a chomhlíonadh, lena n-áirítear comharchumainn agus gnóthais fhrithpháirteacha, ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta, dá bhrí sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir mhéide áirithe. Ar an gcaoi sin, chuirfí ar chumas úsáideoirí faisnéise inbhuanaitheachta measúnú a dhéanamh ar thionchair na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnóthas árachais sin ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol agus ar na rioscaí a eascraíonn as ábhair inbhuanaitheachta a d”fhéadfadh a bheith roimh institiúidí creidmheasa agus gnóthais árachais den sórt sin. Foráiltear le Treoir 2013/34/AE maidir le trí chritéar a d”fhéadfadh a bheith ann chun a chinneadh an measfar gnóthas a bheith ina “gnóthas mór”, eadhon iomlán an chláir chomhardaithe, glanláimhdeachas agus meánlíon na bhfostaithe le linn na bliana airgeadais.

Is gá critéar an ghlanláimhdeachais a oiriúnú i gcás institiúidí creidmheasa agus i gcás gnóthais árachais trí thagairt a dhéanamh don sainmhíniú atá ar ghlanláimhdeachas i dTreoracha 86/635/CEE (19) agus 91/674/CEE (20) ón gComhairle in ionad an tsainmhínithe ghinearálta arna leagan síos i dTreoir 2013/34/AE. Chun comhleanúnachas le ceanglais tuairiscithe Threoir 86/635/CEE a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú gan ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa a liostaítear in Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(28)

Ba cheart an liosta de na hábhair inbhuanaitheachta nach mór do ghnóthais tuairisciú ina leith a bheith chomh comhsheasmhach agus is féidir leis an sainmhíniú ar an téarma “tosca inbhuanaitheachta” a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 agus ba cheart cosc a chur ar neamhréir idir faisnéis a éilíonn úsáideoirí sonraí agus faisnéis atá le tuairisciú ag na gnóthais. Chomh maith leis sin, ba cheart an liosta sin a bheith ag freagairt do riachtanais agus ionchais úsáideoirí agus gnóthas, a bhaineann úsáid as na téarmaí “comhshaoil”, “sóisialta” agus “rialachas” go minic mar bhealach chun na trí phríomhábhar inbhuanaitheachta a chatagóiriú. Mar sin féin, ní áirítear ábhair rialachais go sainráite sa sainmhíniú ar an téarma “tosca inbhuanaitheachta” a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088. Dá bhrí sin, leis an sainmhíniú ar an téarma “ábhair inbhuanaitheachta” i dTreoir 2013/34/AE, arna leasú leis an Treoir leasaitheach seo, ba cheart cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus tosca rialachais, a chumhdach, agus ba cheart an sainmhíniú ar an téarma “tosca inbhuanaitheachta” a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a ionchorprú. Níor cheart gur dochar ceanglais tuairiscithe Threoir 2013/34/AE d”oibleagáidí tuairiscithe náisiúnta.

(29)

Le hAirteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear faisnéis a thuairisciú a mhéid is gá chun tuiscint a fháil ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais, agus faisnéis a thuairisciú freisin a bhfuil gá léi chun tuiscint a fháil ar thionchar ghníomhaíochtaí an ghnóthais ar ábhair chomhshaoil, shóisialta agus fostaithe, meas ar chearta an duine, agus ábhair frithéillithe agus frithbhreabaireachta. Dá bhrí sin, leis na hAirteagail sin, ceanglaítear ar ghnóthais tuairisciú a dhéanamh ar thionchair ghníomhaíochtaí an ghnóthais ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, agus ar an mbealach a dhéanann ábhair inbhuanaitheachta difear don ghnóthas. Tagraítear dó sin mar pheirspictíocht na hábharthachta dúbailte, ina léiríonn na rioscaí don ghnóthas agus tionchair an ghnóthais faoi seach peirspictíocht ábharthachta amháin. Léiríonn an tseiceáil oiriúnachta ar thuairisciú corparáideach nach dtuigtear an dá pheirspictíocht sin go maith nó nach gcuirtear i bhfeidhm iad go minic. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú nach mór do ghnóthais an dá pheirspictíocht ábharthachta a chur san áireamh ina gceart féin, agus nach mór dóibh faisnéis a nochtadh atá ábhartha ón dá pheirspictíocht chomh maith le faisnéis nach bhfuil ábhartha ach ó pheirspictíocht amháin.

(30)

Le hAirteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoi chúig réimse tuairiscithe: an tsamhail ghnó; beartais, lena n-áirítear próisis dhíchill chuí arna gcur chun feidhme; toradh na mbeartas sin; rioscaí agus bainistíocht riosca; agus na príomhtháscairí feidhmíochta atá ábhartha don ghnó. Níl tagairtí sainráite in Airteagal 19a(1) de Threoir 2013/34/AE do réimsí tuairiscithe eile a mheasann úsáideoirí faisnéise a bheith ábhartha, a bhfuil cuid acu i gcomhréir le nochtaí a chuirtear san áireamh i gcreataí idirnáisiúnta, lena n-áirítear moltaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid. Ba cheart ceanglais maidir le nochtadh a shonrú ar bhealach atá mionsonraithe go leor chun a áirithiú go dtuairisceoidh gnóthais faisnéis faoina n-athléimneacht i ndáil le rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. Sa bhreis ar na réimsí tuairiscithe a shainaithnítear in Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ba cheart a cheangal ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoina straitéis ghnó agus athléimneacht na samhla gnó agus na straitéise gnó i ndáil le rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. Ba cheart ceangal a bheith orthu freisin aon phleananna a d”fhéadfadh a bheith acu a nochtadh chun a áirithiú go bhfuil a samhail ghnó agus a straitéis ghnó comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis na cuspóirí an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, mar a bhunaítear i Rialachán (AE) 2021/1119, gan aon taraimsiú nó le taraimsiú teoranta.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh pleananna a bhaineann leis an aeráid bunaithe ar na tuarascálacha eolaíochta is déanaí, lena n-áirítear tuarascálacha ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus tuarascálacha ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide. Le faisnéis a nochtar i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir le méid an chaiteachais chaipitiúil (CapEx) nó an chaiteachais oibríochtúil (OpEx) a bhaineann le gníomhaíochtaí atá ailínithe leis an tacsanomaíocht, d”fhéadfaí tacú le pleananna airgeadais agus infheistíochta a bhaineann le pleananna den sórt sin i gcás inarb iomchuí. Ba cheart a cheangal ar ghnóthais freisin a nochtadh cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear leasanna na ngeallsealbhóirí san áireamh ina samhail ghnó agus ina straitéis ghnó agus conas a chuirtear leasanna na ngeallsealbhóirí san áireamh; aon deiseanna don ghnóthas a leanann ó ábhair inbhuanaitheachta; cur chun feidhme na ngnéithe den straitéis ghnó a dhéanann difear d”ábhair inbhuanaitheachta nó a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear dóibh; aon sprioc inbhuanaitheachta a shocraigh an gnóthas agus an dul chun cinn a rinneadh i dtreo iad a bhaint amach; ról an bhoird agus an lucht bainistíochta maidir le hábhair inbhuanaitheachta; na príomh-dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais; agus conas a rinne an gnóthas sainaithint ar an bhfaisnéis ar ina leith a dhéanann sé tuairisciú. I gcás ina gceanglaítear nochtadh a dhéanamh ar ghnéithe amhail spriocanna agus an dul chun cinn ionsar iad a bhaint amach, ní bheidh gá a thuilleadh leis an gceanglas ar leithligh i leith nochtadh a dhéanamh ar thorthaí na mbeartas.

(31)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú le hionstraimí idirnáisiúnta amhail “Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat na Náisiún Aontaithe maidir le Cosaint, Urraim agus Leigheas” a chur chun feidhme (“Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine”), Treoirlínte ECFE d”Fhiontair Ilnáisiúnta agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Gnó Freagrach, ba cheart na ceanglais maidir le nochtadh díchill chuí a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe ná mar atá faoi láthair i gcás phointe (b) d”Airteagal 19a(1) agus phointe (b) d”Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE. Is é atá i gceist le dícheall cuí an próiseas a dhéanann gnóthais chun na príomh-dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chosc, a mhaolú, a leigheas nó deireadh a chur leo agus lena sainaithnítear conas a thugann gnóthais aghaidh ar na drochthionchair sin. Áirítear le tionchair a bhaineann le ghníomhaíochtaí gnóthais na tionchair sin a mbíonn an gnóthas ina chúis leo go díreach, tionchair a gcuireann an gnóthas leo, agus tionchair a bhfuil baint acu le slabhra luacha an ghnóthais ar chaoi éigin eile. Baineann an próiseas díchill chuí le slabhra luacha iomlán an ghnóthais, lena n-áirítear a oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó agus a shlabhraí soláthair. I gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, measfar drochthionchar iarbhír nó féideartha a bheith ina phríomh-dhrochthionchar i gcás ina n-áirítear é sna tionchair is mó a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais bunaithe ar an méid seo a leanas: a thromchúisí atá an tionchar ar dhaoine nó ar an gcomhshaol; an líon daoine a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, nó méid an damáiste don chomhshaol; a éasca is atá sé an díobháil a réiteach, agus an comhshaol nó na daoine a ndearnadh difear dóibh a chur ar ais mar a bhí siad roimhe sin.

(32)

Ní éilítear le Treoir 2013/34/AE go nochtfaí faisnéis faoi acmhainní doláimhsithe seachas sócmhainní doláimhsithe a aithnítear sa chlár comhardaithe. Aithnítear go forleathan, nach ndéantar go leor tuairiscithe ar fhaisnéis faoi shócmhainní doláimhsithe agus tosca doláimhsithe eile, lena n-áirítear acmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach, rud a chuireann bac ar mheasúnú ceart a dhéanamh ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh gnóthais, agus ar an bhfaireachán a dhéantar ar infheistíochtaí. Chun é a chur ar a gcumas d”infheisteoirí tuiscint níos fearr a fháil ar an mbearna mhéadaitheach idir leabharluach cuntasaíochta go leor gnóthas agus a luacháil margaidh, a thugtar faoi deara i mórán earnálacha den gheilleagar, ba cheart tuairisciú leordhóthanach ar acmhainní doláimhsithe a éileamh i gcás gnóthais mhóra go léir agus gnóthais go léir, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. Mar sin féin, tá faisnéis áirithe maidir le hacmhainní doláimhsithe ina cuid dhílis d”ábhair inbhuanaitheachta, agus dá bhrí sin, beidh sí mar chuid den tuairisciú inbhuanaitheachta. Mar shampla, is ionann faisnéis faoi scileanna, inniúlachtaí agus taithí fostaithe, mar aon lena ndílseacht don ghnóthas agus a n-inspreagadh chun próisis, earraí agus seirbhísí a fheabhsú, agus faisnéis inbhuanaitheachta faoi ábhair shóisialta a d”fhéadfaí a mheas freisin mar fhaisnéis faoi acmhainní doláimhsithe. Ar an gcuma chéanna, faisnéis faoi cháilíocht na gcaidreamh idir an gnóthas agus a gheallsealbhóirí, lena n-áirítear custaiméirí, soláthraithe agus pobail a bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí an ghnóthais orthu, is ionann an fhaisnéis sin agus faisnéis inbhuanaitheachta is ábhartha d”ábhair shóisialta nó rialachais a d”fhéadfaí a mheas freisin mar fhaisnéis faoi acmhainní doláimhsithe. Léiríonn na samplaí sin an chaoi nach féidir, i gcásanna áirithe, faisnéis faoi acmhainní doláimhsithe a idirdhealú ó fhaisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta.

(33)

Ní shonraítear in Airteagal 19a(1) ná Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE cibé an gá an fhaisnéis atá le tuairisciú a bheith ina faisnéis réamhbhreathnaitheach nó ina faisnéis ar fheidhmíocht roimhe seo. Tá easpa nochtaí réamhbhreathnaitheacha ann faoi láthair, rud a mbíonn ardmheas ag úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta orthu. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE nach mór faisnéis réamhbhreathnaitheach agus faisnéis chúlghabhálach, agus faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil araon, a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear. Ba cheart an fhaisnéis a bheith bunaithe ar fhianaise dhochloíte eolaíoch i gcás inarb iomchuí. Ba cheart faisnéis a bheith comhchuibhithe, inchomparáide agus bunaithe ar tháscairí aonfhoirmeacha i gcás inarb iomchuí, agus tuairisciú a bhaineann go sonrach le gnóthais aonair á cheadú ag an am céanna agus nach gcuirtear suíomh tráchtála an ghnóthais i mbaol léi. Ba cheart na físeanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a chur san áireamh leis an bhfaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear freisin, agus ba cheart faisnéis a bheith iontu faoi shlabhra luacha iomlán an ghnóthais, lena n-áirítear a chuid oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó, agus a shlabhra soláthair, de réir mar is iomchuí. Maidir le faisnéis faoi shlabhra luacha iomlán an ghnóthais, ba cheart faisnéis a chuimsiú a bhaineann lena shlabhra luacha laistigh den Aontas Eorpach agus faisnéis a chumhdaíonn tríú tíortha más rud é go síneann slabhra luacha an ghnóthais lasmuigh den Aontas Eorpach. Maidir leis na chéad 3 bliana de chur i bhfeidhm na mbeart atá le glacadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Treoir leasaitheach seo, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir leis an slabhra luacha ar fáil, ba cheart don ghnóthas míniú a thabhairt ar na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis a fháil faoina shlabhra luacha, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis sin a fháil, agus pleananna an ghnóthais faisnéis den sórt sin a fháil amach anseo.

(34)

Níl sé mar chuspóir leis an Treoir leasaitheach seo a cheangal ar ghnóthais caipiteal intleachtúil, maoin intleachtúil, fios gnó nó torthaí nuálaíochta a nochtadh a cháileodh mar rúin trádála mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Dá bhrí sin, níor cheart gur dochar na ceanglais tuairiscithe dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo do Threoir (AE) 2016/943.

(35)

Le hAirteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar ghnóthais tagairtí do na méideanna a tuairiscíodh sna ráitis airgeadais bhliantúla a chur san áireamh ina dtuairisciú neamhairgeadais, chomh maith le mínithe breise ina leith. Ní chuireann na hAirteagail sin ceangal ar ghnóthais tagairtí a dhéanamh d”fhaisnéis eile sa tuarascáil bhainistíochta áfach, ná chun mínithe breise a chur leis an bhfaisnéis sin. Dá bhrí sin, tá easpa comhsheasmhachta ann faoi láthair idir an fhaisnéis neamhairgeadais a thuairiscítear agus an chuid eile den fhaisnéis a nochtar sa tuarascáil bhainistíochta. Is gá ceanglais shoiléire a leagan síos maidir leis sin.

(36)

Le hAirteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar ghnóthais míniú soiléir agus réasúnaithe a sholáthar ar an gcúis nár saothraíodh beartais i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na hábhair atá liostaithe sna hAirteagail sin, i gcás nach ndéanann an gnóthas amhlaidh. Toisc gur pléadh go difriúil le nochtaí faoi na beartais a d”fhéadfadh a bheith ag gnóthais, i gcomparáid le réimsí tuairiscithe eile a áirítear sna hAirteagail sin, cruthaíodh mearbhall idir gnóthais tuairiscithe agus níor chuidigh sé sin chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a thuairiscítear. Dá bhrí sin, ní gá leanúint leis an láimhseáil dhifriúil sin i ndáil le beartais sa Treoir sin. Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart a chinneadh cén fhaisnéis is gá a nochtadh i ndáil le gach ceann de na réimsí tuairiscithe a luaitear in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE arna leasú leis an Treoir leasaitheach seo.

(37)

Féadfaidh gnóthais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE brath ar chreataí tuairiscithe náisiúnta, creataí tuairiscithe atá bunaithe san Aontas nó creataí tuairiscithe idirnáisiúnta, agus i gcás ina ndéanann siad amhlaidh, ní mór dóibh na creataí sin ar ar bhraith siad a shonrú. Mar sin féin, le Treoir 2013/34/AE, ní chuirtear ceanglas ar ghnóthais creat tuairiscithe coiteann nó caighdeán tuairiscithe coiteann a úsáid, agus ní chuirtear cosc léi ar ghnóthais a roghnú gan aon chreat tuairiscithe ná aon chaighdeán tuairiscithe in aon chor a úsáid. Mar a cheanglaítear le hAirteagal 2 de Threoir 2014/95/AE, an 5 Iúil 2017, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal Guidelines on non-financial reporting (methodology for reporting non-financial information) [Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais (modheolaíocht chun faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú] (“Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais”), lena bhforáiltear do threoirlínte neamhcheangailteacha le haghaidh gnóthais a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

An 17 Meitheamh 2019, ghlac an Coimisiún a Threoirlínte maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú, ina bhfuil treoirlínte breise, go sonrach maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú. Rinneadh moltaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid a ionchorprú go sainráite sna Treoirlínte sin maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil nach raibh tionchar suntasach ag na Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais ar cháilíocht an tuairiscithe neamhairgeadais a rinne gnóthais a thagann faoi raon feidhme Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE. Ciallaíonn cineál deonach na dtreoirlínte go bhfuil sé de shaoirse ag na gnóthais féin iad a chur i bhfeidhm nó gan iad a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní féidir a áirithiú leis na treoirlínte amháin go mbeidh an fhaisnéis go léir a nochtfaidh gnóthais dhifriúla inchomparáide ná go nochtfar an fhaisnéis uile a mheasann úsáideoirí na faisnéise sin a bheith ábhartha. Is é sin an chúis go bhfuil gá le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choiteanna shainordaitheacha chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis inchomparáide agus go ndéantar gach faisnéis ábhartha a nochtadh. Ag cur le prionsabal na hábharthachta dúbailte, ba cheart an fhaisnéis uile atá ábhartha d”úsáideoirí na faisnéise sin a chumhdach sna caighdeáin. Tá gá le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choiteanna freisin chun dearbhú agus digitiú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chumasú agus chun maoirseacht agus forfheidhmiú ina leith a éascú.

Is gá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choiteanna shainordaitheacha a fhorbairt chun teacht ar chás ina bhfuil stádas ag faisnéis inbhuanaitheachta atá inchomparáide le stádas na faisnéise airgeadais. Le glacadh caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, d”áiritheofaí tuairisciú inbhuanaitheachta comhchuibhithe ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, bheadh ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta Threoir 2013/34/AE á gcomhlíonadh ag gnóthas trí thuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Agus caighdeáin den sórt sin á sainiú, tá sé ríthábhachtach aird chuí a thabhairt, a mhéid is féidir, ar na príomhchaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a úsáidtear ar fud an domhain, agus gan uaillmhian na Treorach leasaithí seo agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bun a laghdú ag an am céanna.

(38)

Níl aon chaighdeán ná creat ann faoi láthair lena sásaítear riachtanais an Aontais i ndáil le tuairisciú inbhuanaitheachta leis féin. Maidir leis an bhfaisnéis a éilítear le Treoir 2013/34/AE, is gá faisnéis a chumhdach léi atá ábhartha ó thaobh gach ceann de na peirspictíochtaí ábharthachta, is gá na hábhair inbhuanaitheachta uile a chumhdach léi agus is gá í a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, le hoibleagáidí eile faoi dhlí an Aontais chun faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh, lena n-áirítear oibleagáidí a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2020/852. Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta shainordaitheacha le haghaidh ghnóthais an Aontais a bheith i gcomhréir le leibhéal uaillmhéine an Chomhaontaithe Ghlais agus chuspóir an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 chomh maith leis na spriocanna idirmheánacha faoi Rialachán (AE) 2021/1119. Dá bhrí sin, is gá an Coimisiún a chumhachtú chun caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a ghlacadh, lena gcuirfear ar a chumas dó iad a ghlacadh go tapa agus a áirithiú go bhfuil ábhar na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta sin comhsheasmhach le riachtanais an Aontais.

(39)

Is comhlachas neamhbhrabúis é an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) a bunaíodh faoi dhlí na Beilge agus a oibríonn chun leasa an phobail trí chomhairle a sholáthar don Choimisiún maidir le caighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta a fhormhuiniú. Tá EFRAG tar éis cáil a bhaint amach mar lárionad saineolais Eorpach um thuairisciú corparáideach, agus is áit mhaith é chun comhordú a chothú idir caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais agus tionscnaimh idirnáisiúnta a fhéachann le caighdeáin a fhorbairt atá comhsheasmhach ar fud an domhain. I mí an Mhárta 2021, rinne tascfhórsa ilpháirtithe leasmhara, a bhunaigh EFRAG, moltaí a fhoilsiú maidir leis an bhféidearthacht caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt le haghaidh an Aontais. Tá tograí sna moltaí sin chun sraith chomhleanúnach agus chuimsitheach caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt, lena gcumhdófar gach ábhar inbhuanaitheachta ó pheirspictíocht na hábharthachta dúbailte. Áirítear leis na moltaí sin freisin treochlár mionsonraithe chun caighdeáin den sórt sin a fhorbairt, chomh maith le tograí chun comhar a threisiú go frithpháirteach idir tionscnaimh dhomhanda maidir le socrú caighdeán agus tionscnaimh de chuid an Aontais maidir le socrú caighdeán. I mí an Mhárta 2021, d”fhoilsigh Uachtarán Bhord EFRAG moltaí maidir le hathruithe féideartha ar rialachas EFRAG i gcás ina n-iarrfaí air comhairle theicniúil a fhorbairt i ndáil le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Áirítear i moltaí Uachtarán Bhord EFRAG colún nua tuairiscithe inbhuanaitheachta a bhunú laistigh de EFRAG, agus, ag an am céanna, gan modhnú suntasach a dhéanamh ar an gcolún tuairiscithe airgeadais atá ann cheana. I mí an Mhárta 2022, cheap Comhthionól Ginearálta EFRAG comhaltaí Bhord Tuairiscithe Inbhuanaitheachta EFRAG a cruthaíodh le déanaí. Nuair atá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta á nglacadh, ba cheart don Choimisiún comhairle theicniúil a fhorbróidh EFRAG a chur san áireamh.

Chun caighdeáin ardcháilíochta a áirithiú a rannchuidíonn le leas an phobail Eorpaigh agus a chomhlíonann riachtanais gnóthas agus úsáideoirí na faisnéise a thuairiscítear, ba cheart cistiú poiblí leordhóthanach a bheith ag EFRAG chun a neamhspleáchas a áirithiú. Ba cheart a chomhairle theicniúil a fhorbairt le próis chuí chóir, formhaoirseacht phoiblí agus trédhearcacht, agus bunaithe ar shaineolas ionadaíocht chothrom na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear gnóthais, infheisteoirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ceardchumainn, agus ba cheart anailísí costais is tairbhe a bheith ag gabháil léi. Ba cheart rannpháirtíocht in obair EFRAG ar an leibhéal teicniúil a bheith coinníollach ar shaineolas i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus níor cheart í a bheith coinníollach ar aon ranníocaíocht airgeadais, gan dochar do rannpháirtíocht comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí náisiúnta maidir le socrú caighdeán san obair sin. Ba cheart próiseas trédhearcach lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa a ráthú. Chun a áirithiú go gcuirfear dearcaí na mBallstát san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais, ba cheart don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na caighdeáin sin, dul i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852, (“Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe”) agus leis an gCoiste Rialála Cuntasaíochta, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), (“an Coiste Rialála Cuntasaíochta”) i ndáil le comhairle theicniúil EFRAG.

Tá ról ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) i gcaighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus is gá comhleanúnachas a bheith ann idir na caighdeáin theicniúla rialála sin agus na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), tá ról ag ÚEUM freisin i gcóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus tuairisciú inbhuanaitheachta á fhorfheidhmiú ag eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas agus a gceanglófar orthu tuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC tuairim a sholáthar maidir le comhairle theicniúil EFRAG. Ba cheart tuairimí den sórt sin a sholáthar laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ón gCoimisiún. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, BCE, Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta (CCEFI) agus an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe chun a áirithiú go bhfuil na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta comhleanúnach le beartas agus dlí ábhartha an Aontais. I gcás ina gcinneann aon cheann de na heintitis sin tuairim a thíolacadh, ba cheart dóibh déanamh amhlaidh laistigh de 2 mhí ón dáta a chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leo.

(40)

Chun rialú daonlathach, grinnscrúdú agus trédhearcacht a chothú, ba cheart don Choimisiún, uair sa bhliain ar a laghad, dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus go comhpháirteach le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus leis an gCoiste Rialála Cuntasaíochta maidir le clár oibre EFRAG a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt.

(41)

Ba cheart na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bheith comhleanúnach le dlí eile de chuid an Aontais. Go háirithe, ba cheart na caighdeáin sin a ailíniú leis na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088, agus ba cheart a chur san áireamh leis na caighdeáin sin na táscairí agus modheolaíochtaí forluiteacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe éagsúla arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852, na ceanglais maidir le nochtadh is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmhairc de bhun Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), na híoschaighdeáin chun Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a chruthú, agus aon obair a rinne ÚBE agus ceanglais Cholún III maidir le nochtadh atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur chun feidhme.

Ba cheart dlí comhshaoil an Aontais a chur san áireamh sna caighdeáin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), agus ba cheart Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún (28), na hiarscríbhinní a ghabhann leis agus na nuashonruithe orthu a chur san áireamh freisin. Ba cheart dlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), agus ceanglais eile a leagtar síos i ndlí an Aontais do ghnóthais a mhéid a bhaineann le dualgais stiúrthóirí agus dícheall cuí, a chur san áireamh freisin.

(42)

Ba cheart na Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais agus na Treoirlínte maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart ceanglais tuairiscithe eile i dTreoir 2013/34/AE, nach mbaineann go díreach leis an inbhuanaitheacht, a chur san áireamh leo freisin, d”fhonn tuiscint níos fearr a thabhairt d”úsáideoirí na faisnéise a thuairiscítear ar fhorbairt, feidhmíocht, seasamh agus tionchar an ghnóthais, tríd an leas is mó is féidir a bhaint as na naisc idir an fhaisnéis inbhuanaitheachta agus faisnéis eile a thuairiscítear i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE.

(43)

Ba cheart na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bheith comhréireach agus ní cheart dóibh ualach riaracháin gan ghá a chur ar na cuideachtaí a gcuirtear ceangal orthu iad a úsáid. Chun an suaitheadh a íoslaghdú do ghnóthais a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta cheana féin, ba cheart a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta na caighdeáin agus creataí atá ann cheana féin maidir le cuntasaíocht agus tuairisciú inbhuanaitheachta i gcás inarb iomchuí. Le caighdeáin agus creataí den sórt sin atá ann cheana, áirítear an Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú, an Bord um Chaighdeáin Chuntasaíochta Inbhuanaitheachta, an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite, an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta, an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, an Bord um Chaighdeáin Nochtadh Carbóin, agus CDP, ar a dtugtaí an Tionscadal Nochtadh Carbóin roimhe seo.

Ba cheart aon chaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a forbraíodh faoi choimirce na Fondúireachta Idirnáisiúnta um Chaighdeáin Tuairiscithe Airgeadais a chur san áireamh le caighdeáin an Aontais. Chun deighilt rialála gan ghá a sheachaint, a d”fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith aici do ghnóthais a oibríonn go domhanda, ba cheart do chaighdeáin an Aontais cuidiú le próiseas an chóineasaithe ar chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ar leibhéal domhanda trí thacú le hobair an Bhoird Idirnáisiúnta um Chaighdeáin Inbhuanaitheachta (ISSB). Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais, ba cheart an riosca a laghdú go mbeadh ceanglais tuairiscithe neamhréireacha ann do ghnóthais a oibríonn ar fud an domhain trí inneachar na gcaighdeán bonnlíne domhanda atá le forbairt ag ISSB a chomhtháthú, a mhéid atá inneachar na gcaighdeán bonnlíne sin comhsheasmhach le creat dlíthiúil an Aontais agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais.

(44)

Sa Chomhaontú Glas, gheall an Coimisiún go dtacódh sé le gnólachtaí agus geallsealbhóirí eile chun cleachtais chuntasaíochta caighdeánaithe don chaipiteal nádúrtha a fhorbairt laistigh den Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta, agus é mar aidhm aige bainistiú iomchuí ar rioscaí comhshaoil agus deiseanna maolaithe a áirithiú, agus na costais idirbhirt lena mbaineann a laghdú.

Tá an Tionscadal Trédhearcach atá urraithe faoin gClár um an gComhshaol agus um Ghníomhú ar son na hAeráide (clár LIFE) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) ag forbairt na chéad mhodheolaíochta cuntasaíochta caipitil nádúrtha, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca na modhanna atá ann cheana a chur i gcomparáid agus a bheith níos trédhearcaí agus, ag an am céanna, an tairseach a ísliú do chuideachtaí chun na córais a ghlacadh agus a úsáid chun tacú lena ngnó a dhéanamh slán i bhfad na haimsire. Is tagairt thábhachtach é an Prótacal Caipitil Nádúrtha i réimse chuntasaíocht an chaipitil nádúrtha freisin. Cé gurb é an phríomhchúis le modhanna cuntasaíochta caipitil nádúrtha ná cinntí bainistíochta inmheánacha a neartú, ba cheart iad a chur san áireamh go hiomchuí nuair atá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta á mbunú. Bíonn sé d”aidhm ag roinnt modheolaíochtaí cuntasaíochta caipitil nádúrtha luach airgid a shannadh do na tionchair chomhshaoil a bhíonn i gceist de thoradh gníomhaíochtaí cuideachtaí, rud a d”fhéadfadh cuidiú le húsáideoirí faisnéise inbhuanaitheachta tuiscint níos fearr a fháil ar thionchair den sórt sin. Dá bhrí sin, is iomchuí go bhféadfaí táscairí airgid ar thionchair inbhuanaitheachta a chuimsiú i gcaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta má mheastar go bhfuil gá leis sin.

(45)

Ba cheart prionsabail agus creataí maidir le hiompar gnó freagrach a aithnítear go hidirnáisiúnta a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin, mar aon le freagracht shóisialta chorparáideach, agus forbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear SFInna, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach agus treoirlínte earnálacha gaolmhara, an Comhshocrú Domhanda, Dearbhú Tríthaobhach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, caighdeán ISO 26000 maidir le freagracht shóisialta, agus Prionsabail na Náisiún Aontaithe um Infheistíocht Fhreagrach.

(46)

Ba cheart a áirithiú go gcomhlíontar, leis an bhfaisnéis a thuairiscíonn gnóthais i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, riachtanais na n-úsáideoirí agus nach gcuirtear ualach díréireach ó thaobh iarrachta agus costas de ar na gnóthais tuairiscithe agus orthu siúd a ndéantar difear dóibh go hindíreach mar chuid de shlabhra luacha na ngnóthas sin. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis is gá do ghnóthais a nochtadh maidir leis na príomhthosca comhshaoil uile, lena n-áirítear a dtionchair agus spleáchais ar an aeráid, ar aer, talamh, uisce agus bithéagsúlacht. Soláthraítear aicmiú ar chuspóirí comhshaoil an Aontais le Rialachán (AE) 2020/852.

Ar mhaithe leis an gcomhleanúnachas, is iomchuí aicmiú comhchosúil a úsáid chun na tosca comhshaoil a shainaithint nach mór aghaidh a thabhairt orthu le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart a bhreithniú agus a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta aon fhaisnéis gheografach nó chomhthéacsúil eile nach mór do ghnóthais a nochtadh chun tuiscint a sholáthar ar na príomhthionchair a bhíonn acu ar ábhair inbhuanaitheachta agus ar na príomhrioscaí don ghnóthas a leanann ó ábhair inbhuanaitheachta. Agus an fhaisnéis faoi thosca comhshaoil atá le nochtadh ag gnóthais á sonrú, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú leis na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/852 agus leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán sin agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin.

(47)

Maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid, is spéis le húsáideoirí eolas a bheith acu faoi rioscaí fisiciúla agus aistrithe gnóthas, agus faoina n-athléimneacht i dtaca le cásanna aeráide éagsúla, agus pleananna chun oiriúnú dóibh, agus pleananna chun oiriúnú do chuspóir an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá spéis acu freisin i leibhéal agus raon feidhme na n-aistrithe agus na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chuirtear i leith an ghnóthais, lena n-áirítear a mhéid a úsáideann an gnóthas fritháirimh agus foinse na bhfritháireamh sin. Is gá caighdeáin fritháirimh agus cuntasaíochta gás ceaptha teasa a ailíniú chun geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach. Bíonn faisnéis iontaofa de dhíth ar úsáideoirí maidir le fritháirimh lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní i ndáil le comhaireamh dúbailte agus rómheastacháin fhéideartha, i bhfianaise na rioscaí a d”fhéadfaí a chruthú le comhaireamh dúbailte agus rómheastachán i ndáil le spriocanna aeráide a bhaint amach. Is spéis le húsáideoirí freisin a bheith ar an eolas faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag cuideachtaí chun dearbhastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go héifeachtach mar chuid dá straitéisí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear astaíochtaí raon feidhme 1, astaíochtaí raon feidhme 2 agus, i gcás inarb ábhartha, astaíochtaí raon feidhme 3.

Maidir le hastaíochtaí raon feidhme 3, is tosaíocht d”úsáideoirí é faisnéis a fháil maidir le catagóirí raon feidhme 3 atá suntasach i gcás an ghnóthais, agus maidir leis na hastaíochtaí i ngach ceann de na catagóirí raon feidhme 3 sin. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis is gá do ghnóthais a thuairisciú maidir le hábhair den sórt sin a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta.

(48)

Ní mór na hearnálacha eacnamaíocha uile a shlógadh go hiomlán chun geilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus timpeallacht gan truailliú idirleata a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach úsáid fuinnimh a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chuige sin, mar úsáidtear fuinneamh ar fud na slabhraí soláthair. Dá bhrí sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar ghnéithe fuinnimh i gcaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, go háirithe i ndáil le hábhair chomhshaoil, lena n-áirítear ábhair a bhaineann leis an aeráid.

(49)

Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis ba cheart do ghnóthais a nochtadh maidir le tosca sóisialta, lena n-áirítear dálaí oibre, rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, cómhargáil, comhionannas, neamh-idirdhealú, éagsúlacht agus cuimsiú, agus cearta an duine. Ba cheart na tionchair a bhíonn ag an gnóthas ar dhaoine, lena n-áirítear ar oibreoirí agus ar shláinte daoine, a chumhdach le faisnéis den sórt sin. Ba cheart faisnéis faoi shaothar éignithe agus dúshaothrú leanaí ina slabhraí luacha agus soláthair a chur san áireamh san fhaisnéis a nochtann gnóthais faoi chearta an duine i gcás inarb ábhartha. Níor cheart do cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta maidir le saothar éignithe a bheith saor ó na húdaráis phoiblí atá freagrach as aghaidh a thabhairt, trí bheartas trádála agus trí mhodhanna taidhleoireachta, ar allmhairiú earraí a tháirgtear mar thoradh ar sháruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear saothar éignithe. Ba cheart do ghnóthais a bheith in ann tuairisc a thabhairt freisin ar rioscaí agus treochtaí a d”fhéadfadh a bheith ann maidir le fostaíocht agus ioncaim.

I gcás caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar thosca sóisialta, ba cheart a shonrú iontu an fhaisnéis is gá do ghnóthais a nochtadh maidir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta atá ábhartha do ghnólachtaí, lena n-áirítear deiseanna comhionanna do gach duine agus dálaí oibre. Leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Coimisiún an 4 Márta 2021, éilítear go gcuirfí ceanglais níos láidre ar ghnóthais chun tuairisciú a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna sóisialta. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin an fhaisnéis ba cheart do ghnóthais a nochtadh maidir le cearta an duine, saoirsí bunúsacha, prionsabail dhaonlathacha agus caighdeáin dhaonlathacha arna mbunú sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus croíchoinbhinsiúin eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Eorpach na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, coinbhinsiúin bhunúsacha EIS, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Cairt Shóisialta na hEorpa, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an tuairisciú a dhéantar ar thosca sóisialta, agus ar thosca comhshaoil agus rialachais freisin, a bheith comhréireach le raon feidhme agus le spriocanna na Treorach leasaithí seo. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar chomhionannas inscne agus ar phá comhionann as obair ar comhionann a luach, i measc nithe eile, faisnéis atá le tuairisciú faoin mbearna phá idir na hinscní, agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais á chur san áireamh. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar fhostaíocht agus ar chuimsiú daoine faoi mhíchumas, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le tuairisciú faoi bhearta inrochtaineachta arna ndéanamh ag an ngnóthas.

Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar oiliúint agus ar fhorbairt scileanna, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le tuairisciú faoi chion agus miondealú na n-oibrithe atá rannpháirteach san oiliúint. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar an gcómhargáil, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le nochtadh faoi chomhairlí oibreacha a bheith ann chomh maith le comhaontuithe comhchoiteanna a bheith ann agus cion na n-oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe den sórt sin. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar rannpháirtíocht oibrithe, ba cheart a shonrú, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le nochtadh faoi rannpháirtíocht na n-oibrithe ar bhoird riaracháin agus mhaoirseachta. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar éagsúlacht, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le tuairisciú ar éagsúlacht inscne ag an ardbhainistíocht agus líon na gcomhaltaí den ghnéas tearcionadaithe ar a mboird.

(50)

Bíonn faisnéis faoi thosca rialachais de dhíth ar úsáideoirí. Déantar na tosca rialachais is ábhartha d”úsáideoirí a liostú i gcreataí tuairiscithe údarásacha amhail an Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú agus an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, agus ag creataí domhanda údarásacha amhail Prionsabail Rialachais Dhomhanda an Líonra Idirnáisiúnta um Rialachas Corparáideach agus Prionsabail Rialachais Chorparáidigh G20/ECFE. An fhaisnéis ba cheart do ghnóthais a nochtadh maidir le tosca rialachais, ba cheart í a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart a cumhdach le faisnéis den sórt sin an ról atá ag comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta gnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta, an saineolas agus na scileanna is gá chun an ról sin a chomhlíonadh nó an rochtain atá ag comhlachtaí den sórt sin ar shaineolas agus scileanna den sórt sin, an bhfuil beartas ag an gcuideachta maidir leis na dreasachtaí a thairgtear do chomhaltaí na gcomhlachtaí sin agus atá nasctha le hábhair inbhuanaitheachta, agus faisnéis faoi chórais inmheánacha rialaithe agus bainistithe riosca gnóthais i ndáil leis an bpróiseas tuairiscithe inbhuanaitheachta. Bíonn faisnéis de dhíth ar úsáideoirí faoi chultúr corparáideach na ngnóthas agus a gcur chuige i leith eitic ghnó freisin, ar gnéithe iad a aithnítear mar ghnéithe de chreataí údarásacha maidir le rialachas corparáideach amhail Prionsabail Rialachais Dhomhanda an Líonra Idirnáisiúnta um Rialachas Corparáideach, lena n-áirítear faisnéis faoi fhrithéilliú agus frithbhreabaireacht, agus faoi ghníomhaíochtaí agus gealltanais an ghnóthais arb é is aidhm dóibh a thionchar polaitiúil a fheidhmiú, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí brústocaireachta.

Le faisnéis faoi bhainistiú an ghnóthais agus faoi cháilíocht an chaidrimh le custaiméirí, soláthraithe agus pobail dá ndéanann gníomhaíochtaí an ghnóthais difear, cuidítear le húsáideoirí tuiscint a fháil ar rioscaí agus tionchair gnóthais a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. Áirítear san fhaisnéis faoi na caidrimh le soláthraithe cleachtais íocaíochta a bhaineann leis an dáta nó an tréimhse íocaíochta, an ráta úis maidir le híocaíocht dhéanach nó an cúiteamh i leith costais téarnaimh dá dtagraítear i dTreoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Gach bliain, bíonn ualaí riaracháin agus airgeadais ar na mílte gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), toisc go n-íoctar go déanach iad, nó nach n-íoctar in aon chor iad. Sa deireadh, tarlaíonn dócmhainneacht agus féimheacht de bharr íocaíochtaí déanacha, agus bíonn droch-éifeachtaí acu sin ar shlabhraí luacha ina n-iomláine. Má mhéadaítear an méid faisnéise faoi chleachtais íocaíochta, ba cheart go ndéanfaí gnóthais eile a chumhachtú chun íocóirí iontaofa a íocann go pras a aithint, chun cleachtais íocaíochta éagóracha a aithint, rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi na gnólachtaí lena mbíonn siad ag trádáil, agus téarmaí íocaíochta níos córa a chaibidliú.

(51)

Ba cheart léiriú níos comhtháite ar an bhfaisnéis go léir a fhoilsíonn gnóthais sa tuarascáil bhainistíochta a chur chun cinn leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ionas go gcuirfí tuiscint níos fearr ar fáil d”úsáideoirí na faisnéise sin ar fhorbairt, fheidhmíocht, sheasamh agus thionchar an ghnóthais. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, de réir mar is gá, idir an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh agus tuairisciú á dhéanamh acu ar leibhéal aonair agus an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh agus tuairisciú á dhéanamh acu ar an leibhéal grúpa. Ba cheart treoraíocht do ghnóthais a bheith sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin maidir leis an bpróiseas a leantar chun an fhaisnéis inbhuanaitheachta nach mór a chur san áireamh sa tuarascáil bhainistíochta a aithint, ós rud é nár cheart a cheangal ar ghnóthas a nochtadh ach an fhaisnéis atá ábhartha chun tuiscint a fháil ar a thionchair ar ábhair inbhuanaitheachta, agus an fhaisnéis atá ábhartha chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d”fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais.

(52)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar tuairisciú inbhuanaitheachta i gcomhréir le cearta oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart do lucht bainistíochta an ghnóthais ionadaithe na n-oibrithe ar an leibhéal iomchuí a chur ar an eolas agus an fhaisnéis ábhartha agus na modhanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a fháil agus a fhíorú a phlé leo. Tugtar le tuiscint leis sin, chun críoch na Treorach leasaithí seo, go mbunófar idirphlé agus malartú tuairimí idir ionadaithe na n-oibrithe agus an bhainistíocht lárnach nó aon leibhéal eile bainistíochta a d”fhéadfadh a bheith níos iomchuí, ag am den sórt sin, ar bhealach den sórt sin agus le hábhar den sórt sin a chuirfeadh ar chumas ionadaithe na n-oibrithe a dtuairim a chur in iúl. Ba cheart a dtuairim a chur in iúl, i gcás inarb infheidhme, do na comhlachtaí ábhartha riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta.

(53)

Is minic a bhíonn gnóthas san earnáil chéanna nochta do rioscaí inbhuanaitheachta comhchosúla, agus bíonn tionchair chomhchosúla acu ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol go minic freisin. Tá sé fíorluachmhar d”infheisteoirí agus d”úsáideoirí eile na faisnéise inbhuanaitheachta comparáidí a dhéanamh idir gnóthais san earnáil chéanna. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis ar cheart do ghnóthais i ngach earnáil a nochtadh agus an fhaisnéis ar cheart do ghnóthais a nochtadh ag brath ar a n-earnáil gníomhaíochta. Tá tábhacht ar leith ag baint le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha i gcás earnálacha a mbaineann rioscaí arda inbhuanaitheachta leo don chomhshaol, do chearta an duine agus don rialachas nó a mbíonn tionchair arda inbhuanaitheachta acu ar an gcomhshaol, ar chearta an duine agus ar an rialachas, lena n-áirítear na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d”Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), agus i gcás na ngníomhaíochtaí ábhartha laistigh de na hearnálacha sin. Agus caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a shonraítear leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin comhréireach le scála na rioscaí agus na dtionchar a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta a bhaineann go sonrach le gach earnáil, agus é á chur san áireamh go bhfuil rioscaí agus tionchair earnálacha áirithe níos airde ná rioscaí agus tionchair earnálacha eile. Ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh freisin nach gá go mbeadh baint ag gach gníomhaíocht laistigh d”earnálacha den sórt sin le rioscaí nó tionchair arda inbhuanaitheachta. I gcás gnóthais a oibríonn in earnálacha a bhíonn ag brath go háirithe ar acmhainní nádúrtha, chuirfí de cheangal orthu, le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha, tionchair a bhaineann leis an dúlra agus rioscaí don bhithéagsúlacht agus d”éiceachórais a nochtadh.

Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart aird a thabhairt freisin ar na deacrachtaí a d”fhéadfadh a bheith ag gnóthais maidir le faisnéis a bhailiú ó ghníomhaithe ar fud a slabhra luacha, go háirithe ó sholáthraithe ar gnóthais bheaga nó mheánmhéide iad agus ó sholáthraithe i margaí agus geilleagair éiritheacha. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart nochtaí a shonrú a bhaineann le slabhraí luacha atá comhréireach agus ábhartha maidir le scála agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnóthas, agus ba cheart acmhainneachtaí agus saintréithe gnóthas i slabhraí luacha a shonrú, go háirithe na hacmhainneachtaí agus saintréithe sin atá ag gnóthais nach bhfuil faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, níor cheart nochtaí a shonrú lena gceanglófaí ar ghnóthais faisnéis a fháil ó ghnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide ina slabhra luacha a sháraíonn an fhaisnéis atá le nochtadh i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide. Níor cheart gur dochar an méid sin d”aon cheanglais de chuid an Aontais maidir le gnóthais próiseas díchill chuí a sheoladh.

(54)

Chun riachtanais faisnéise úsáideoirí a chomhlíonadh go tráthúil, agus go háirithe i bhfianaise na práinne chun riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chomhlíonadh faoi réir na gceanglas a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 4(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2019/2088, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an chéad sraith de chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2023. Ba cheart a shonrú sa tsraith caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta sin an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh maidir le gach réimse tuairiscithe agus ábhar inbhuanaitheachta, agus nach mór do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais na hoibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an dara sraith caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2024, lena sonraítear an fhaisnéis chomhlántach is ceart do ghnóthais a nochtadh faoi ábhair inbhuanaitheachta agus réimsí tuairiscithe, i gcás inar gá, agus faisnéis a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina n-oibríonn an gnóthas. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh gach 3 bliana ar na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, lena n-áirítear na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairt caighdeán idirnáisiúnta.

(55)

Ní éilítear le Treoir 2013/34/AE go gcuirfí an tuarascáil bhainistíochta ar fáil i bhformáid dhigiteach, rud a chuireann bac ar sho-aimsitheacht agus ar inúsáidteacht na faisnéise a thuairiscítear. Bíonn coinne ag úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta i gcónaí go mbeidh an fhaisnéis sin so-aimsithe, inchomparáide agus inléite ag meaisín i bhformáidí digiteacha. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta de Threoir 2013/34/AE a dtuarascálacha bainistíochta a chur ar fáil saor in aisce don phobal ar a suíomhanna gréasáin. Leis an digitiú, cruthaítear deiseanna chun faisnéis a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla agus d”fhéadfaí coigilteas costais suntasach a dhéanamh d”úsáideoirí agus do ghnóthais araon. Leis an digitiú, cumasaítear freisin lárú sonraí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát i bhformáid oscailte inrochtana lena n-éascaítear an léamh agus lenar féidir comparáid a dhéanamh idir sonraí. Ba cheart a cheangal ar ghnóthais, dá bhrí sin, a dtuarascáil bhainistíochta a ullmhú san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún (33), agus a dtuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil, lena n-áirítear na nochtaí a cheanglaítear le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an bhformáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a luaithe a chinnfear an méid sin.

Beidh gá le tacsanomaíocht dhigiteach le haghaidh caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais ionas go mbeifí in ann an fhaisnéis a thuairiscítear a chlibeáil i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin. Ba cheart na ceanglais sin a chur san áireamh san obair maidir leis an digitiú a d”fhógair an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European strategy for data [Straitéis Eorpach le haghaidh sonraí], agus sa teachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal Digital Finance Strategy for the EU [Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas]. Chomhlánódh na ceanglais sin pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) d”fhaisnéis chorparáideach phoiblí mar a bheartaítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Méan Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses - new action plan [Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua] ina gcuirtear san áireamh freisin an gá atá le faisnéis inchomparáide a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach.

(56)

Chun gur féidir an fhaisnéis inbhuanaitheachta tuairiscithe a áireamh in ESAP, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseoidh gnóthais nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas a dtuarascáil bhainistíochta, lena n-áirítear tuairisciú inbhuanaitheachta, san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815.

(57)

Le hAirteagal 19a(4) de Threoir 2013/34/AE cuirtear ar a gcumas do Bhallstáit gnóthais a dhíolmhú ón ráiteas neamhairgeadais a éilítear faoi Airteagal 19a(1) den Treoir sin a chur san áireamh sa tuarascáil bhainistíochta. Tá sé de chead ag Ballstáit é sin a dhéanamh i gcás ina n-ullmhaíonn an gnóthas lena mbaineann tuarascáil ar leithligh a fhoilsítear in éineacht leis an tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin, nó i gcás ina gcuirtear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an ghnóthais laistigh de thréimhse réasúnach ama nach mó ná 6 mhí tar éis dháta an chláir chomhardaithe, agus go dtagraítear di sa tuarascáil bhainistíochta. Tá an fhéidearthacht chéanna ann maidir leis an ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite dá dtagraítear i dTreoir 2013/34/AE. Bhain fiche Ballstát leas as an rogha sin. Leis an bhféidearthacht maidir le tuarascáil ar leithligh a fhoilsiú, cuirtear bac ar infhaighteacht na faisnéise a nascann faisnéis airgeadais agus faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta, áfach. Cuireann sé sin bac ar sho-aimsitheacht agus inrochtaineacht na faisnéise d”úsáideoirí freisin, go háirithe infheisteoirí, a bhfuil spéis acu i bhfaisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta araon. Géaraítear an fhadhb sin leis an bhféidearthacht d”amanna foilsithe difriúla le haghaidh faisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta. Má dhéantar foilsiú i dtuarascáil ar leithligh, féadfar a thabhairt le fios freisin, go hinmheánach agus go seachtrach, go mbaineann faisnéis inbhuanaitheachta le catagóir faisnéise nach bhfuil chomh hábhartha céanna, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d”iontaofacht braite na faisnéise. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú i roinn ar leith den tuarascáil bhainistíochta ar féidir a aithint go soiléir agus níor cheart a cheadú do Bhallstáit a thuilleadh gnóthais a dhíolmhú ón oibleagáid chun faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta a chuimsiú sa tuarascáil bhainistíochta.

Cuideoidh oibleagáid den sórt sin freisin chun ról na n-údarás náisiúnta inniúil a shoiléiriú maidir le maoirseacht a dhéanamh ar thuairisciú inbhuanaitheachta, mar chuid den tuarascáil bhainistíochta a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2004/109/CE. Chomh maith leis sin, maidir le gnóthais a gceanglaítear orthu faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú, níor cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid chun an tuarascáil bhainistíochta a fhoilsiú, mar tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirtear faisnéis inbhuanaitheachta ar fáil go poiblí.

(58)

Le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE ceanglaítear ar ghnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas ráiteas rialachais chorparáidigh a chuimsiú ina dtuarascáil bhainistíochta, nach mór tuairisc ar an mbeartas éagsúlachta a chuir an gnóthas i bhfeidhm i ndáil lena comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann. Le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE fágtar solúbthacht do ghnóthais a chinneadh cén gnéithe den éagsúlacht a ndéanfaidh siad tuairisciú ina leith. Ní chuirtear oibleagáid leis ar ghnóthais go sainráite chun faisnéis a chuimsiú ar aon ghné ar leith den éagsúlacht. Chun bogadh i dtreo rannpháirtíocht níos cothroime ó thaobh inscne de i gcinnteoireacht eacnamaíoch, is gá a áirithiú go ndéanann gnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas tuairisciú ar a gcuid beartais maidir le héagsúlacht inscne agus ar chur chun feidhme na mbeartas sin. Mar sin féin, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, ba cheart an deis a bheith ag gnóthais den sórt sin cuid den fhaisnéis a éilítear le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE a thuairisciú in éineacht le faisnéis inbhuanaitheachta eile. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, ba cheart a áireamh sa ráiteas rialachais chorparáidigh tagairt do thuairisciú inbhuanaitheachta an ghnóthais, agus ba cheart an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 20 de Threoir 2013/34/AE a bheith fós faoi réir cheanglais dearbhaithe an ráitis rialachais chorparáidigh.

(59)

Le hAirteagal 33 de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go bhfuil sé de fhreagracht chomhchoiteann ar chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais a áirithiú go ndéantar na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite, an tuarascáil bhainistíochta, an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite, an ráiteas rialachais chorparáidigh agus an ráiteas rialachais chorparáidigh comhdhlúite a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. Ba cheart an fhreagracht chomhchoiteann sin a shíneadh chuig na ceanglais maidir le digitiú a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815, chuig an gceanglas chun caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a chomhlíonadh agus chuig an gceanglas chun tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil.

(60)

Déanann gairm an dearbhaithe idirdhealú idir dearbhuithe iontaofachta teoranta agus dearbhuithe iontaofachta réasúnacha. Soláthraítear an chonclúid ar dhearbhú iontaofachta teoranta le léiriú diúltach de ghnáth, trína lua nár aithin an cleachtóir aon ábhar as a mbainfí an chonclúid gur tugadh míráiteas ábhartha i leith an ábhair atá i gceist. I gcás dearbhú iontaofachta teoranta, déanann an t-iniúchóir líon níos lú tástálacha ná mar a dhéantar le dearbhú iontaofachta réasúnach. Dá bhrí sin, bíonn méid níos lú oibre i gceist le gníomhaíocht dearbhaithe theoranta ná mar a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach. Cuimsítear nósanna imeachta fairsinge leis an méid oibre a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach lena n-áirítear breithniú ar rialuithe inmheánacha an ghnóthais atá ag tuairisciú agus tástáil shubstainteach, agus dá bhrí sin, bíonn an iarracht oibre i bhfad níos mó ná mar a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta teoranta.

Tugtar conclúid dearbhaithe iontaofachta réasúnaigh i bhfoirm dhearfach de ghnáth agus is é an toradh a bhíonn air tuairim ar an ábhar a thomhas in aghaidh critéar a sainíodh cheana féin. Le Treoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go seiceálann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta cibé an ndearnadh an ráiteas neamhairgeadais nó an tuarascáil ar leithligh a sholáthar. Ní éilítear leis an Treoir go ndéanfadh soláthraí neamhspleách de sheirbhísí dearbhaithe an fhaisnéis a fhíorú, cé go gcuireann sé ar chumas na mBallstát an fíorú sin a éileamh más mian leo. In éagmais ceanglas dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, i gcodarsnacht leis an gceanglas a chuirtear ar an iniúchóir reachtúil iniúchtaí reachtúla a dhéanamh bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach, chuirfí creidiúnacht na faisnéise inbhuanaitheachta a nochtar i mbaol, agus ar an gcaoi, sin ní fhéadfaí riachtanais úsáideoirí beartaithe na faisnéise a chomhlíonadh. Cé gurb é an cuspóir leibhéal dearbhaithe comhchosúil a bhaint amach maidir le tuairisciú airgeadais agus inbhuanaitheachta, tá an baol ann go mbeidh tuiscintí agus ionchais dhifriúla ann i ndáil leis an méid a bheadh i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach le haghaidh catagóirí difriúla faisnéise inbhuanaitheachta toisc nach bhfuil caighdeán a comhaontaíodh i gcomhpháirt ann maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú, go háirithe maidir le nochtaí réamhbhreathnaitheacha agus cáilíochtúla.

Dá bhrí sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar chur chuige forásach chun feabhas a chur ar leibhéal an dearbhaithe a éilítear maidir le faisnéis inbhuanaitheachta, ag tosú le hoibleagáid ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta chun tuairim a chur in iúl maidir lena mhéid a chomhlíontar ceanglais an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta. Ba cheart a chumhdach leis an tuairim sin cibé acu an gcomhlíontar caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta nó nach gcomhlíontar, mar aon leis an bpróiseas a dhéanann an gnóthas chun an fhaisnéis a thuairiscítear a aithint de bhun na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an chomhlíontacht leis an gceanglas chun tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil. Ba cheart don iniúchóir measúnú a dhéanamh freisin ar cibé an gcomhlíonann tuairisciú an ghnóthais na ceanglais maidir le tuairisciú atá in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 nó nach gcomhlíonann. Chun comhthuiscint agus ionchais choiteann a áirithiú maidir leis an méid a bheadh i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach, ba cheart ansin a cheangal ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta tuairim a chur in iúl bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach maidir lena mhéid a chomhlíontar ceanglais an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta, nuair a ghlacann an Coimisiún caighdeáin dearbhaithe le haghaidh dearbhú réasúnach ar thuairisciú inbhuanaitheachta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe tráth nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair 2028, tar éis measúnú chun a chinneadh an mbeadh dearbhú réasúnach indéanta d”iniúchóirí agus do ghnóthais.

Leis an gcur chuige de réir a chéile ó dhearbhuithe iontaofachta teoranta go dearbhuithe iontaofachta réasúnacha, chumasófaí forbairt fhorásach an mhargaidh um dhearbhú maidir le faisnéis inbhuanaitheachta, agus forbairt fhorásach chleachtais tuairiscithe na ngnóthas freisin. Ar deireadh, le cur chuige de réir a chéile den sórt sin, thabharfaí isteach an méadú ar chostais de réir a chéile do ghnóthas atá ag tuairisciú, ós rud é go bhfuil dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach níos costasaí ná dearbhú ar thuairisciú inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta. Ba cheart do ghnóthais atá faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a bheith in ann cinneadh a dhéanamh tuairim dearbhaithe a fháil maidir lena dtuairisciú inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach más mian leo, agus sna cásanna sin ba cheart a mheas gur chomhlíon siad an oibleagáid tuairim a bheith acu bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta. Níl sa tuairim atá bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach maidir le faisnéis réamhbhreathnaitheach ach dearbhú gur ullmhaíodh an fhaisnéis sin i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme.

(61)

Déanann iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta na ráitis airgeadais agus an tuarascáil bhainistíochta a fhíorú cheana féin. I gcás ina ndéanfadh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, chuideodh sé sin chun nascacht agus comhsheasmhacht a áirithiú idir faisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta, rud atá fíorthábhachtach d”úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta. Tá an baol ann go ndéanfaí an margadh iniúchóireachta a chomhchruinniú tuilleadh, áfach, rud a chuirfeadh neamhspleáchas iniúchóirí i mbaol agus mhéadódh táillí iniúchóireachta nó táillí a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

I bhfianaise phríomhról na n-iniúchóirí reachtúla agus dearbhú á sholáthar acu ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus faisnéis inbhuanaitheachta iontaofa á háirithiú, d”fhógair an Coimisiún go ngníomhóidh sé chun cáilíocht iniúchóireachta a fheabhsú tuilleadh agus chun margadh iniúchóireachta níos oscailte agus níos éagsúlaithe a chruthú, ar coinníollacha iad chun an Treoir leasaitheach seo a chur i bhfeidhm go rathúil. Ina theannta sin, is inmhianaithe rogha níos leithne soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a thairiscint do ghnóthais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) chun tuairim dearbhaithe a sholáthar maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, ar cheart í a fhoilsiú in éineacht leis an tuarascáil bhainistíochta. Ina theannta sin, ba cheart an rogha a thabhairt do na Ballstáit cead a thabhairt d”iniúchóir reachtúil, seachas an ceann nó na cinn a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar na ráitis airgeadais, tuairim dearbhaithe a chur in iúl maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta. Thairis sin, má cheadaíonn siad do sholáthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i gcrích, ba cheart do na Ballstáit a cheadú freisin d”iniúchóir reachtúil, seachas an ceann nó na cinn a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar na ráitis airgeadais, tuairim dearbhaithe ar thuairisciú inbhuanaitheachta a chur in iúl.

Ba cheart do na Ballstáit ceanglais a leagan amach lena n-áirithítear cáilíocht dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanann soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha agus torthaí comhsheasmhacha i dtaca le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Dá bhrí sin, ba cheart gach soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách a bheith faoi réir ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus iad á n-oiriúnú do shaintréithe soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha nach ndéanann iniúchtaí reachtúla. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit ceanglais choibhéiseacha a leagan amach maidir le hoiliúint agus scrúdú, oideachas leanúnach, córais dearbhaithe cáilíochta, eitic ghairmiúil, neamhspleáchas, rúndacht oibiachtúlachta agus ghairmiúil, ceapadh agus dífhostú, eagrú oibre na soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha, imscrúduithe agus smachtbhannaí, agus tuairisciú neamhrialtachtaí. Ar an gcaoi sin, ráthófaí cothrom iomaíochta i measc na ndaoine agus na ngnólachtaí uile a gceadaíonn Ballstáit dóibh tuairim dearbhaithe a sholáthar maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, lena n-áirítear iniúchóirí reachtúla. Má lorgaíonn gnóthas tuairim ó sholáthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách creidiúnaithe seachas an t-iniúchóir reachtúil i ndáil lena thuairisciú inbhuanaitheachta, níor cheart gur gá dó tuairim dearbhaithe a iarraidh ón iniúchóir reachtúil maidir lena thuairisciú inbhuanaitheachta chomh maith.

Soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a chreidiúnaigh Ballstát cheana féin le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart cead a bheith acu i gcónaí é sin a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, faoi dháta chur i bhfeidhm na gceanglas nua maidir le hoiliúint agus scrúdú, nach mbeidh soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha atá ag dul faoina phróiseas creidiúnaithe faoi réir na gceanglas nua creidiúnaithe sin, ar choinníoll go gcríochnóidh siad an próiseas sin laistigh de 2 bhliain ón dáta a gcuirfear na ceanglais nua sin i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, áfach, go bhfaighidh na soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha uile arna gcreidiúnú ag Ballstát le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, laistigh de 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na gceanglas nua maidir le creidiúnú, an t-eolas is gá maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus dearbhú tuairiscithe inbhuanaitheachta trí oideachas gairmiúil leanúnach.

(62)

Chun saorghluaiseacht seirbhísí a chothú, ba cheart do na Ballstáit a cheadú do sholáthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha atá bunaithe i mBallstát eile dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh ina gcríoch. Bheadh sé sin i bhfabhar freisin an margadh dearbhaithe a oscailt fiú nuair nach gceadaíonn na Ballstáit uile creidiúnú soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha ina gcríoch. I gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta i gcríoch Ballstáit óstaigh, ba cheart don Bhallstát óstach sin a bheith in ann a chinneadh maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha, i bhfianaise na féidearthachta chun giaráil a dhéanamh ar an gcreat arna chur chun feidhme le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

(63)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina gceanglaítear ar ghnóthas le dlí an Aontais eilimintí dá thuairisciú inbhuanaitheachta a bheith fíoraithe ag tríú páirtí neamhspleách creidiúnaithe, gur cheart tuarascáil an tríú páirtí neamhspleách chreidiúnaithe a chur ar fáil mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil bhainistíochta nó ar aon mhodh eile a bhfuil rochtain ag an bpobal air. Le cur ar fáil na tuarascála sin, níor cheart teacht roimh thoradh na tuairime dearbhaithe ar cheart don fhíorú tríú páirtí a bheith neamhspleách ina leith. Níor cheart aon dúbláil oibre a bheith i gceist leis idir an t-iniúchóir nó an soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách a chuireann an tuairim dearbhaithe in iúl agus an tríú páirtí neamhspleách creidiúnaithe.

(64)

Leagtar amach i dTreoir 2006/43/CE rialacha maidir leis an iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus chomhdhlúite. Is gá a áirithiú go gcuirtear rialacha comhsheasmhacha i bhfeidhm maidir leis an iniúchadh a dhéanann an t-iniúchóir reachtúil ar ráitis airgeadais agus an dearbhú a dhéanann sé ar thuairisciú inbhuanaitheachta. Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2006/43/CE i gcás inarb iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a chuireann an tuairim dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta in iúl.

(65)

Leis na rialacha maidir le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a fhormheas agus a aithint, ba cheart cead a thabhairt d”iniúchóirí reachtúla cáiliú freisin le haghaidh dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ag iniúchóirí reachtúla, ar mian leo cáiliú chun tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú, ar ábhair is ábhartha maidir leis an dearbhú sin agus go bhfuil an cumas acu an t-eolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas.

Dá bhrí sin, ba cheart d”iniúchóirí reachtúla oiliúint phraiticiúil 8 mí ar a laghad a chur i gcrích maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite nó i seirbhísí eile a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus taithí fostaíochta roimhe sin á cur san áireamh. Maidir le hiniúchóirí reachtúla a ndearna Ballstát iad a fhaomhadh nó a aithint cheana féin, áfach, ba cheart a cheadú dóibh dearbhú maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh daoine nádúrtha atá ag dul faoin bpróiseas formheasa faoi dháta chur i bhfeidhm na gceanglas maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta a bhunaítear leis an Treoir leasaitheach seo a dhearbhú faoi réir na gceanglas sin, ar choinníoll go gcríochnóidh siad an próiseas faoi cheann 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, áfach, go bhfaighidh iniúchóirí reachtúla arna bhformheas laistigh de 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm na gceanglas sin agus ar mian leo tabhairt faoi dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta an t-eolas riachtanach maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú trí oideachas gairmiúil leanúnach. Daoine nádúrtha a chinneann a bheith formheasta mar iniúchóirí reachtúla le haghaidh iniúchadh reachtúil amháin, ba cheart dóibh a bheith in ann cinneadh a dhéanamh ag tráth níos déanaí cáiliú freisin chun tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Chun an méid sin a dhéanamh, ba cheart do na daoine sin na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach ag na Ballstáit a chomhlíonadh chun a áirithiú go bhfuil an leibhéal riachtanach eolais theoiriciúil ar na hábhair is ábhartha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú agus go mbeidh an cumas iontu an t-eolas sin a chur i bhfeidhm go praiticiúil.

(66)

Ba cheart a áirithiú maidir leis na ceanglais a fhorchuirtear ar iniúchóirí a mhéid a bhaineann leis an iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanann siad, go bhfuil siad comhsheasmhach. Dá bhrí sin, ba cheart duine ainmnithe amháin (“príomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta”) a bheith ann ag a bhfuil baint ghníomhach le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh (“príomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta”). Agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta á dhéanamh, ba cheart a cheangal ar iniúchóirí reachtúla am leordhóthanach a chaitheamh agus acmhainní agus saineolas leordhóthanach a shannadh chun a ndualgais a dhéanamh go hiomchuí. Ba cheart a shonrú i dtaifead an chuntais cliant na táillí a ghearrtar as dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus ba cheart comhad dearbhaithe a chruthú chun faisnéis a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur san áireamh. I gcás inarb é nó í an t-iniúchóir reachtúil céanna a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart é a bheith indéanta an comhad dearbhaithe a áireamh sa chomhad iniúchóireachta. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag ceanglais a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta arna bhforchur ar na hiniúchóirí reachtúla sin ach amháin maidir le hiniúchóirí reachtúla a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

(67)

Ba cheart ardleibhéal saineolais theicniúil agus speisialaithe i réimse na hinbhuanaitheachta a bheith ag iniúchóirí reachtúla nó ag gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann dearbhú ar thuairisciú inbhuanaitheachta.

(68)

Le Treoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar Bhallstáit rialacha iomchuí a chur ar bun chun a áirithiú i gcás ina soláthraítear seirbhísí breise don eintiteas ar a ndearnadh iniúchadh nach mbeadh tionchar aige sin ar na táillí don iniúchadh reachtúil agus nach mbeadh na táillí sin bunaithe ar aon chineál teagmhais. Leis an Treoir sin, ceanglaítear ar Bhallstáit freisin a áirithiú go gcomhlíonann iniúchóirí reachtúla a dhéanann iniúchtaí reachtúla na rialacha maidir le heitic ghairmiúil, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil. Ar chúiseanna comhleanúnachais, is iomchuí go sínfear na rialacha sin chuig iniúchóirí reachtúla a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

(69)

Chun foráil a dhéanamh maidir le cleachtais dearbhaithe aonfhoirmeacha agus dearbhú ardchaighdeáin an tuairiscithe inbhuanaitheachta ar fud an Aontais, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun caighdeáin dearbhaithe inbhuanaitheachta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais náisiúnta dearbhaithe a chur i bhfeidhm fad nach mbeidh caighdeán dearbhaithe glactha ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna. Ba cheart a leagan amach i gcaighdeáin dearbhaithe den sórt sin na nósanna imeachta atá le déanamh ag an iniúchóir chun teacht ar a chonclúidí maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún caighdeáin dearbhaithe le haghaidh dearbhú teoranta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026. D’fhonn comhchuibhiú dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ar fud na mBallstát a éascú, ba cheart CCEFI a spreagadh chun treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun na nósanna imeachta atá le déanamh a leagan amach agus tuairim dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta á cur in iúl, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún caighdeán dearbhaithe lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna.

(70)

Le Treoir 2006/43/CE leagtar amach rialacha maidir le hiniúchadh reachtúil a dhéanamh ar ghrúpa gnóthas. Ba cheart rialacha comhchosúla a leagan amach maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite.

(71)

Le Treoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí reachtúla torthaí a n-iniúchta reachtúil a chur i láthair i dtuarascáil iniúchóireachta. Ba cheart rialacha comhchosúla a leagan amach maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Ba cheart torthaí dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i láthair i dtuarascáil dearbhaithe. I gcás inarb é nó í an t-iniúchóir reachtúil céanna a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart é a bheith indéanta an fhaisnéis faoi dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i láthair sa tuarascáil iniúchóireachta.

(72)

Le Treoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar Bhallstáit córas a bhunú chun athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta. Chun a áirithiú go ndéantar athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta freisin i ndáil le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus chun a áirithiú go bhfuil oideachas gairmiúil agus taithí ábhartha iomchuí i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ag na daoine a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, ba cheart an ceanglas sin chun córas a bhunú le haghaidh athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh a shíneadh chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chumhdach. Mar bheart idirthréimhseach, go dtí an 31 Nollaig 2025, ba cheart na daoine a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhíolmhú ón gceanglas taithí ábhartha a bheith acu i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta nó i seirbhísí inbhuanaitheachta gaolmhara eile.

(73)

Le Treoir 2006/43/CE ceanglaítear ar Bhallstáit córas imscrúduithe agus pionós a bhunú le haghaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla. Leis an Treoir sin, ceanglaítear freisin ar Bhallstáit córas éifeachtach a eagrú chun formhaoirseacht phoiblí a dhéanamh, agus chun a áirithiú go gceadaítear, le socruithe rialála i ndáil le córais formhaoirseachta phoiblí, comhar éifeachtach ar leibhéal an Aontais i leith ghníomhaíochtaí formhaoirseachta na mBallstát. Ba cheart ceanglais den sórt sin a shíneadh chun go gcumhdófar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann dearbhuithe iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta chun comhsheasmhacht a áirithiú ó thaobh na n-imscrúduithe, na bpionós agus na gcreataí formhaoirseachta a bhunaítear ar mhaithe le hobair an iniúchóra san iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

(74)

Tá rialacha i dTreoir 2006/43/CE maidir le ceapadh agus dífhostú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla. Ba cheart na rialacha sin a shíneadh chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chumhdach, chun comhsheasmhacht a áirithiú sna rialacha a fhorchuirtear ar iniúchóirí a mhéid a bhaineann lena gcuid oibre ar an iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

(75)

De bhun Airteagal 6 de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé de cheart ag scairshealbhóirí gnóthas a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó i dteannta a chéile, míreanna a chur ar chlár oibre an chruinnithe ghinearálta, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt nó dréachtrún atá le glacadh ag an gcruinniú ginearálta ag gabháil le gach mír sin, agus go bhfuil sé de cheart acu dréachtrúin a chur síos le haghaidh míreanna atá san áireamh nó atá le háireamh ar chlár oibre an chruinnithe ghinearálta, de réir mar a bheidh. I gcás ina bhfuil na cearta sin faoi réir an choinníll go bhfuil bun íosta ag an scairshealbhóir nó ag na scairshealbhóirí ábhartha sa ghnóthas, ní rachaidh an geall íosta sin thar 5 % den scairchaipiteal. Maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart do scairshealbhóirí a bheith in ann na cearta a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir 2007/36/CE a fheidhmiú chun dréachtrúin atá le glacadh ag an gcruinniú ginearálta a chur síos, lena gceanglaítear, ar an gcéad dul síos, go n-ullmhódh tríú páirtí creidiúnaithe nach mbaineann leis an ngnólacht iniúchóireachta céanna nó leis an líonra céanna leis an iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil tuarascáil ar ghnéithe áirithe den tuairisciú inbhuanaitheachta agus, ar an dara dul síos, go gcuirfí tuarascáil den sórt sin ar fáil don chruinniú ginearálta.

I gcás gnóthais atá faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo agus nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 6 de Threoir 2007/36/CE, ba cheart an ceart a thabhairt do scairshealbhóirí ar mó iad ná 5 % de na cearta vótála nó 5 % de chaipiteal an ghnóthais, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó i dteannta a chéile, dréachtrún atá le glacadh ag an gcruinniú ginearálta a chur síos, lena gceanglaítear, ar an gcéad dul síos, go n-ullmhódh tríú páirtí creidiúnaithe nach mbaineann leis an ngnólacht iniúchóireachta céanna ná leis an líonra céanna leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil tuarascáil ar ghnéithe áirithe den tuairisciú inbhuanaitheachta agus, ar an dara dul síos, go gcuirfí tuarascáil den sórt sin ar fáil don chruinniú ginearálta.

(76)

Le Treoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go bhfuil coiste iniúchóireachta ag gach eintiteas leasa phoiblí, agus go sonraíonn sé a chuid cúraimí maidir leis an iniúchadh reachtúil. Ba cheart cúraimí áirithe a shannadh don choiste iniúchóireachta maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart a chuimsiú leis na cúraimí sin an oibleagáid chun comhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis leasa phoiblí a chur ar an eolas faoi thoradh an dearbhaithe iontaofachta ar an tuairisciú inbhuanaitheachta agus a mhíniú conas a chuidigh an coiste iniúchóireachta le sláine an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus cén ról a bhí ag an gcoiste iniúchóireachta sa phróiseas sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú gurbh é an comhlacht riaracháin nó maoirseachta ina iomláine nó comhlacht tiomnaithe arna bhunú ag an gcomhlacht sin a dhéanfadh na feidhmeanna a shanntar don choiste iniúchóireachta a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta agus a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

(77)

Tá ceanglais i dTreoir 2006/43/CE maidir le heintitis iniúchóireachta agus iniúchóirí tríú tír a chlárú agus formhaoirseacht a dhéanamh orthu. Chun a áirithiú gurb ann do chreat comhsheasmhach le haghaidh obair na n-iniúchóirí san iniúchadh reachtúil agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta araon, is gá síneadh a chur leis na ceanglais sin chuig dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

(78)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) maidir le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí. Chun neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil a áirithiú agus iniúchóireacht reachtúil á déanamh aige nó aici, bunaítear leis an Rialachán sin teorainn maidir leis na táillí do sheirbhísí eile is féidir leis an iniúchóir reachtúil a fháil. Is den tábhacht a shoiléiriú nár cheart dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a áireamh agus an teorainn sin á ríomh. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, cuirtear cosc ar sholáthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta áirithe thar thréimhsí áirithe tráth a dhéanann iniúchóir reachtúil an t-iniúchadh reachtúil. Maidir le seirbhísí a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú, lena n-áirítear aon seirbhísí comhairliúcháin, ba cheart iad a mheas freisin mar sheirbhísí toirmiscthe thar an tréimhse a fhorordaítear i Rialachán (AE) Uimh. 537/2014. Ba cheart feidhm a bheith ag toirmeasc soláthair seirbhísí den sórt sin i ngach cás inarb é an t-iniúchóir reachtúil a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais.

Chun neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil a áirithiú, ba cheart toirmeasc a chur freisin ar sheirbhísí áirithe neamh-iniúchóireachta nuair atá dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta á dhéanamh ag an iniúchóir reachtúil. Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ar iniúchóirí reachtúla neamhrialtachtaí a thuairisciú don eintiteas a ndéantar iniúchadh air agus, in imthosca áirithe, d”údaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit atá freagrach as na neamhrialtachtaí sin a imscrúdú. Ba cheart na hoibleagáidí sin a shíneadh freisin, de réir mar is iomchuí, le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta maidir lena gcuid oibre ar dhearbhú tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí.

(79)

Le Treoir 2004/109/CE, sanntar cúram ar mhaoirseoirí náisiúnta forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas tuairiscithe chorparáidigh ag gnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. Le hAirteagal 4 den Treoir sin, sonraítear an t-ábhar atá le háireamh sna tuarascálacha airgeadais bliantúla, ach níl tagairt shainráite ann d”Airteagal 19a ná 29a de Threoir 2013/34/AE, lena gceanglaítear ráiteas neamhairgeadais agus ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite a ullmhú. Mar thoradh air sin, níl aon sainordú dlíthiúil ag údaráis náisiúnta inniúla Ballstát áirithe chun na ráitis neamhairgeadais sin a mhaoirsiú, go háirithe i gcás ina bhfoilsítear na ráitis neamhairgeadais sin i dtuarascáil ar leithligh, lasmuigh den tuarascáil airgeadais bhliantúil, rud a fhéadfaidh na Ballstáit a cheadú faoi láthair. Is gá, dá bhrí sin, tagairt don tuairisciú inbhuanaitheachta a chur isteach in Airteagal 4(5) de Threoir 2004/109/CE. Is gá, freisin, a cheangal ar na daoine atá freagrach laistigh den eisitheoir a dheimhniú sa tuarascáil airgeadais bhliantúil go ndéantar, chomh fada agus is eol dóibh, an tuarascáil bhainistíochta a ullmhú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta.

Ina theannta sin, i bhfianaise chineál úrnua na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart do ÚEUM treoirlínte a eisiúint d”údaráis inniúla náisiúnta chun maoirseacht chóineasaithe ar thuairisciú inbhuanaitheachta arna déanamh ag eisitheoirí faoi réir Threoir 2004/109/CE a chur chun cinn. Níor cheart feidhm a bheith ag na treoirlínte sin ach amháin maidir le maoirseacht ar ghnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas.

(80)

Chun na ceanglais a leagtar amach sa Treoir leasaitheach seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bhunú agus caighdeáin a bhunú maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (38). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(81)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach leasaithí seo, lena n-áirítear, inter alia: measúnú ar bhaint amach spriocanna na Treorach seo, lena n-áirítear cóineasú na gcleachtas tuairiscithe idir na Ballstáit; measúnú ar líon na ngnóthas beag agus meánmhéide a úsáideann caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta go deonach; measúnú ar cibé ar cheart raon feidhme na gceanglas tuairiscithe a leathnú tuilleadh agus conas é sin a dhéanamh, go háirithe i ndáil le gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus go gnóthais tríú tír a oibríonn go díreach ar mhargadh inmheánach an Aontais gan foghnóthas nó brainse i gcríoch an Aontais; measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe ar fhoghnóthais agus ar bhrainsí gnóthas tríú tír a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo, lena n-áirítear measúnú ar líon na ngnóthas tríú tír a bhfuil fochuideachta, gnóthas nó brainse acu atá faoi réir ceanglais tuairiscithe i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE; measúnú ar an sásra forfheidhmiúcháin agus ar na tairseacha ábhartha a leagtar amach i dTreoir 2013/34/AE; measúnú ar cibé ar cheart inrochtaineacht ar thuairisciú inbhuanaitheachta arna fhoilsiú ag gnóthais a thagann faoi raon feidhme na Treorach leasaithí seo a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas agus conas an rochtain sin a áirithiú.

Ba cheart an tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach leasaithí seo a fhoilsiú faoin 30 Aibreán 2029 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, agus ba cheart tograí reachtacha a bheith ag gabháil léi, más iomchuí. Faoin 31 Nollaig 2028, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar leibhéal comhchruinnithe an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta. Ba cheart na córais náisiúnta is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a chur san áireamh san athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh an rannchuidíonn na córais náisiúnta sin le hoscailt an mhargaidh dearbhaithe agus a mhéid a rannchuidíonn siad leis an margadh sin a oscailt. Faoin 31 Nollaig 2028, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar bhearta dlíthiúla féideartha chun éagsúlú leordhóthanach an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta agus cáilíocht tuairiscithe inbhuanaitheachta iomchuí a áirithiú. Ba cheart an tuarascáil ar leibhéal comhchruinnithe an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Nollaig 2028 agus ba cheart tograí reachtacha a bheith ag gabháil léi, más iomchuí.

(82)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach leasaithí seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir leasaitheach seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(83)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE a leasú dá réir sin.

(84)

Chuathas i gcomhairle le BCE agus thug sé tuairim uaidh an 7 Meán Fómhair 2021,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2013/34/AE

Leasaítear Treoir 2013/34/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   Beidh feidhm freisin ag na bearta comhordúcháin a fhorordaítear le hAirteagail 19a, 29a, 29d, 30 agus 33, pointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1), Airteagal 34(2) agus (3) agus Airteagal 51 den Treoir seo maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na gnóthais seo a leanas, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, ar choinníoll gur gnóthais mhóra iad na gnóthais sin, nó gur gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad, cé is moite de mhicreaghnóthais, ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir seo:

(a)

gnóthais árachais de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 91/674/CEE ón gComhairle (*1);

(b)

institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d”Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan na bearta comhordúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na gnóthais a liostaítear i bpointí (2) go (23) d”Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

4.   Ní bheidh feidhm ag na bearta comhordúcháin a fhorordaítear le hAirteagail 19a, 29a agus 29a maidir le táirgí airgeadais a liostaítear i bpointí (b) agus (f) de phointe (12) d”Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

5.   Beidh feidhm freisin ag na bearta comhordaithe a fhorordaítear le hAirteagail 40a go 40d maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le foghnóthais agus brainsí gnóthas nach rialaítear le dlí Ballstáit ach a bhfuil a bhfoirm dhlíthiúil inchomparáide leis na cineálacha gnóthas a liostaítear in Iarscríbhinn I.

(*1)  Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite ghnóthais árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)."

(*3)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)."

(*4)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):

“(5)

ciallaíonn “glanláimhdeachas” na méideanna arna ndíorthú ó dhíol táirgí agus ó sholáthar seirbhísí tar éis lacáistí díolacháin agus cáin bhreisluacha agus cánacha eile a bhaineann go díreach le láimhdeachas a asbhaint; mar sin féin, maidir le gnóthais árachais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo, sainmhíneofar “glanláimhdeachas” i gcomhréir le hAirteagal 35 agus pointe 2 d”Airteagal 66 de Threoir 91/674/CEE ón gComhairle (*5); maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo, sainmhíneofar “glanláimhdeachas” i gcomhréir le pointe (c) d”Airteagal 43(2) de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle (*6); agus maidir le gnóthais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 40a(1) den Treoir seo, ciallaíonn “glanláimhdeachas” an t-ioncam mar a shainmhínítear sa chreat tuairiscithe airgeadais ar ar a bhonn a ullmhaítear ráitis airgeadais an ghnóthais nó de réir bhrí an chreata sin;

(*5)  Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7)."

(*6)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(17)

ciallaíonn “ábhair inbhuanaitheachta” cearta comhshaoil, ceara sóisialta agus cearta an duine, agus tosca rialachais, lena n-áirítear tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear i bpointe (24) d”Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088;

(18)

ciallaíonn “tuairisciú inbhuanaitheachta” tuairisciú faisnéise a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta i gcomhréir le hAirteagail 19a, 29a agus 29d;

(19)

ciallaíonn “príomhacmhainní doláimhsithe” acmhainní gan substaint fhisiceach ar a mbraitheann samhail ghnó an ghnóthais go bunúsach agus ar foinse cruthaithe luacha don ghnóthas iad;

(20)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách” comhlacht um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) le haghaidh na gníomhaíochta sonraí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 34(1), an dara fomhír, pointe (aa) den Treoir seo.

(*7)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).”;"

(3)

in Airteagal 19(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Déanfaidh gnóthais mhóra, agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 faisnéis a thuairisciú maidir leis na príomhacmhainní doláimhsithe agus míneoidh siad an chaoi a mbraitheann samhail ghnó an ghnóthais go bunúsach ar acmhainní den sórt sin agus conas is foinse cruthaithe luacha don ghnóthas iad acmhainní den sórt sin.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19a:

“Airteagal 19a

Tuairisciú inbhuanaitheachta

1.   Gnóthais mhóra, agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2, áireoidh siad sa tuarascáil bhainistíochta an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar thionchair an ghnóthais ar ábhair inbhuanaitheachta, agus an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d”fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais.

Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír inaitheanta go soiléir laistigh den tuarascáil bhainistíochta, trí roinn ar leith den tuarascáil bhainistíochta.

2.   Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)

tuairisc ghearr ar shamhail ghnó agus straitéis ghnó an ghnóthais, lena n-áirítear:

(i)

athléimneacht shamhail ghnó agus straitéis ghnó an ghnóthais i ndáil le rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta;

(ii)

na deiseanna don ghnóthas a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta;

(iii)

pleananna an ghnóthais, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cur chun feidhme agus pleananna airgeadais agus infheistíochta gaolmhara, chun a áirithiú go bhfuil a shamhail ghnó agus a straitéis ghnó comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1,5°C i gcomhréir le Comhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a glacadh an 12 Nollaig 2015 (“Comhaontú Pháras”) agus leis an gcuspóir an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 mar a bunaíodh i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8), agus, i gcás inarb ábhartha, neamhchosaint an ghnóthais ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás;

(iv)

conas a chuirtear leasanna gheallsealbhóirí an ghnóthais agus tionchair an ghnóthais ar ábhair inbhuanaitheachta san áireamh i samhail ghnó agus straitéis ghnó an ghnóthais;

(v)

conas a cuireadh straitéis an ghnóthais chun feidhme maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

(b)

tuairisc ar na spriocanna faoi cheangal ama a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta arna leagan síos ag an ngnóthas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, dearbhspriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú do 2030 agus 2050 ar a laghad, tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta ag an ngnóthas i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach, agus ráiteas i dtaobh an bhfuil spriocanna an ghnóthais a bhaineann le tosca comhshaoil bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhochloíte;

(c)

tuairisc ar ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair inbhuanaitheachta, agus ar a saineolas agus a scileanna i ndáil leis an ról sin a chomhlíonadh nó ar an rochtain atá ag comhlachtaí den sórt sin ar shaineolas den sórt sin agus ar scileanna den sórt sin;

(d)

tuairisc ar bheartais an ghnóthais i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta;

(e)

faisnéis faoi scéimeanna dreasachta a bheith ann atá nasctha le hábhair inbhuanaitheachta agus a thairgtear do chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta;

(f)

tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

an próiseas díchill chuí arna chur chun feidhme ag an ngnóthas maidir le hábhair inbhuanaitheachta, agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le ceanglais an Aontais ar ghnóthais próiseas díchill chuí a sheoladh;

(ii)

na príomh-dhrochthionchair iarbhír nó fhéideartha a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus lena shlabhra luacha, lena n-áirítear a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó agus a shlabhra soláthair, gníomhaíochtaí a dhéantar chun na tionchair sin a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh orthu, agus drochthionchair eile a cheanglaítear ar an ngnóthas a shainaithint de bhun ceanglais eile de chuid an Aontais ar ghnóthais próiseas díchill chuí a sheoladh;

(iii)

aon ghníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a chosc, a mhaolú nó a leigheas nó chun deireadh a chur leo, agus toradh gníomhaíochtaí den sórt sin;

(g)

tuairisc ar na príomhrioscaí don ghnóthas a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta, lena n-áirítear tuairisc ar phríomhspleáchais an ghnóthais ar na hábhair sin, agus conas a bhainistíonn an gnóthas na rioscaí sin;

(h)

táscairí atá ábhartha maidir leis na nochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g).

Tuairisceoidh gnóthais an próiseas a dhéantar chun an fhaisnéis atá curtha san áireamh acu sa tuarascáil bhainistíochta a shainaithint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Áireofar san fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo faisnéis a bhaineann le tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, de réir mar is infheidhme.

3.   I gcás inarb infheidhme, beidh san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faisnéis faoi oibríochtaí an ghnóthais féin agus faoina shlabhra luacha, lena n-áirítear a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó agus a shlabhra soláthair.

Maidir leis na chéad 3 bliana de chur i bhfeidhm na mbeart atá le glacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir (AE)2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9), agus i gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir lena shlabhra luacha ar fáil, míneoidh an gnóthas na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis is gá a fháil faoina shlabhra luacha, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis is gá a fháil, agus a phleananna chun an fhaisnéis is gá a fháil amach anseo.

I gcás inarb infheidhme, áireofar freisin san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 tagairtí don fhaisnéis eile a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 19 agus do na méideanna a thuairiscítear sna ráitis airgeadais bhliantúla agus mínithe breise ar an bhfaisnéis sin agus ar na méideanna sin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le forbairtí nó ábhair atá le tarlú le linn idirbheartaíochta a fhágáil ar lár i gcásanna eisceachtúla inarb amhlaidh, sa tuairim lena bhfuil údar cuí ó chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta agus ar a bhfuil freagracht chomhchoiteann as an tuairim sin, a dhéanfaí dochar mór do sheasamh tráchtála an ghnóthais dá nochtfaí an fhaisnéis sin, ar choinníoll nach gcoisctear, mar gheall ar an méid sin a fhágáil ar lár, tuiscint chothrom ná chóir a fháil ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais ná ar thionchar a ghníomhaíochta.

4.   Tuairisceoidh gnóthais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b.

5.   Cuirfidh lucht bainistíochta an ghnóthais ionadaithe na n-oibrithe ar an leibhéal iomchuí ar an eolas agus pléifidh siad leo an fhaisnéis ábhartha agus na modhanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a fháil agus a fhíorú. Cuirfear tuairim ionadaithe na n-oibrithe in iúl, i gcás inarb infheidhme, do na comhlachtaí ábhartha riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 2 go 4 den Airteagal seo, agus gan dochar do mhíreanna 9 agus 10 den Airteagal seo, maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, institiúidí beaga neamhchasta a shainmhínítear i bpointe (145) d”Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gnóthais árachais faoi chuing a shainmhínítear i bpointe (2) d”Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) agus gnóthais athárachais faoi chuing a shainmhínítear i bpointe (5) d”Airteagal 13 den Treoir sin, féadfaidh siad a dtuairisciú inbhuanaitheachta a theorannú don fhaisnéis seo a leanas:

(a)

tuairisc ghearr ar shamhail ghnó agus ar straitéis ghnó an ghnóthais;

(b)

tuairisc ar bheartais an ghnóthais i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta;

(c)

príomh-dhrochthionchair iarbhír nó fhéideartha an ghnóthais ar ábhair inbhuanaitheachta, agus aon ghníomhaíochtaí a dhéantar chun na drochthionchair iarbhír nó fhéideartha sin a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó a leigheas nó chun faireachán a dhéanamh orthu;

(d)

na príomhrioscaí don ghnóthas a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta agus an chaoi a ndéanann an gnóthas na rioscaí sin a bhainistiú;

(e)

príomhtháscairí is gá le haghaidh na nochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d).

Maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide, institiúidí beaga neamhchasta agus gnóthais árachais faoi chuing agus athárachais faoi chuing a bhraitheann ar an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tuairisceoidh siad i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 29c.

7.   Le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús roimh an 1 Eanáir 2028, de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 a chinneadh gan an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta. I gcásanna den sórt sin, luafaidh an gnóthas go hachomair, mar sin féin, ina thuarascáil bhainistíochta an fáth nár soláthraíodh an tuairisciú inbhuanaitheachta.

8.   Gnóthais a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus gnóthais a bhraitheann ar an maolú a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo, measfar gur chomhlíon siad an ceanglas a leagtar amach sa tríú fomhír d”Airteagal 19(1).

9.   Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír den mhír seo, déanfar gnóthas ar foghnóthas é a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo (“an foghnóthas díolmhaithe”) má áirítear foghnóthas den sórt sin agus a fhoghnóthais i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite máthairghnóthais, arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 29a. Gnóthas ar foghnóthas é de mháthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír, déanfar é a dhíolmhú freisin ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo i gcás ina n-áirítear gnóthas den sórt sin agus a fhoghnóthais i dtuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite an mháthairghnóthais sin atá bunaithe i dtríú tír agus i gcás ina ndéantar an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite sin i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11).

Beidh an díolúine sa chéad fhomhír faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an fhaisnéis uile seo a leanas i dtuarascáil bhainistíochta an fhoghnóthais dhíolmhaithe:

(i)

ainm agus oifig chláraithe an mháthairghnóthais a thuairiscíonn faisnéis ar an leibhéal grúpa i gcomhréir leis an Airteagal seo nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b den Treoir seo, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE;

(ii)

na naisc ghréasáin chuig tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite an mháthairghnóthais nó, i gcás inarb infheidhme, chuig tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite an mháthairghnóthais, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus chuig an tuairim dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) den Treoir seo nó chuig an tuairim dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo;

(iii)

an fhaisnéis go bhfuil an gnóthas díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo;

(b)

má tá an máthairghnóthas bunaithe i dtríú tír, déanfar a thuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite agus an tuairim dearbhaithe maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta chomhdhlúite, arna chur in iúl ag duine amháin nó níos mó ná duine amháin nó ag gnólacht amháin nó níos mó ná gnólacht amháin atá údaraithe chun tuairim a thabhairt maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta faoin dlí lena rialaítear an máthairghnóthas sin, a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir seo, agus i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena rialaítear an foghnóthas díolmhaithe;

(c)

má tá an máthairghnóthas bunaithe i dtríú tír, déanfar na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12), lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí a dhéanann an foghnóthas díolmhaithe atá bunaithe san Aontas agus a fhoghnóthais, a áireamh i dtuarascáil bhainistíochta an fhoghnóthais dhíolmhaithe, nó sa tuairisciú comhdhlúite inbhuanaitheachta arna dhéanamh ag an máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír.

An Ballstát a rialaítear an foghnóthas díolmhaithe lena dhlí náisiúnta, féadfaidh sé a cheangal go bhfoilseofar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó, i gcás inarb infheidhme, an tuarascáil chomhdhlúite inbhuanaitheachta, i dteanga a nglacann an Ballstát sin léi, agus go soláthrófar aon aistriúchán is gá go dtí teanga den sórt sin. In aon aistriúchán nach bhfuil deimhnithe, cuirfear ráiteas in iúl maidir leis sin.

Gnóthais atá díolmhaithe ó thuarascáil bhainistíochta a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 37, ní bheidh sé d”oibleagáid orthu an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (iii) den dara fomhír den mhír seo a sholáthar, ar choinníoll go bhfoilseoidh gnóthais den sórt sin an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 37.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, agus i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déileálfar leo mar fhoghnóthais de chuid an chomhlachta lárnaigh sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, maidir le gnóthais árachais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo ar cuid de ghrúpa iad, ar bhonn gaolmhaireachtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) d”Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE, agus atá faoi réir maoirseacht grúpa i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) d”Airteagal 213(2) den Treoir sin, déileálfar leo mar fhoghnóthais de mháthairghnóthas an ghrúpa sin.

10.   Beidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos i mír 9 freisin maidir le heintitis leasa phoiblí atá faoi réir cheanglais an Airteagail seo, cé is moite de ghnóthais mhóra ar eintitis leasa phoiblí iad a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir seo.

(*8)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1)."

(*9)  Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15)."

(*10)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."

(*11)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38)."

(*12)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).”;"

(5)

leasaítear Airteagal 20(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

tuairisc ar an mbeartas éagsúlachta a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais maidir le hinscne agus gnéithe eile amhail aois, míchumais nó cúlra oideachais agus gairmiúla, cuspóirí an bheartais éagsúlachta sin, conas a cuireadh chun feidhme é agus na torthaí sa tréimhse tuairiscithe. Mura gcuirtear beartas den sórt sin i bhfeidhm, beidh míniú sa ráiteas i dtaobh cén fáth gurb amhlaidh atá.”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Measfar go bhfuil gnóthais atá faoi réir Airteagal 19a tar éis an oibleagáid a leagtar síos i bpointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh i gcás ina n-áiríonn siad an fhaisnéis a cheanglaítear faoin bpointe sin mar chuid dá dtuairisciú inbhuanaitheachta agus ina n-áirítear tagairt don mhéid sin sa ráiteas rialachais chorparáidigh.”;

(6)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

maidir leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (a) agus an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite den ghrúpa gnóthas níos mó, tarraingeoidh máthairghnóthas an ghrúpa sin suas iad, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena rialaítear an máthairghnóthas sin, i gcomhréir leis an Treoir seo, cé is moite de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29a, nó i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;”;

(b)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i):

“(i)

i gcomhréir leis an Treoir seo, cé is moite de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29a,”;

(c)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(iii):

“(iii)

ar bhealach atá coibhéiseach le ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite a tharraingítear suas i gcomhréir leis an Treoir seo, cé is moite de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29a, nó”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29a:

“Airteagal 29a

Tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite

1.   Máthairghnóthais grúpa mhóir dá dtagraítear in Airteagal 3(7), áiritheoidh siad sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar thionchair an ghrúpa ar ábhair inbhuanaitheachta a thuiscint, agus an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d”fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais.

Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír inaitheanta go soiléir laistigh den tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite, trí roinn ar leith den tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite.

2.   Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)

tuairisc ghearr ar shamhail ghnó agus straitéis ghnó an ghrúpa, lena n-áirítear:

(i)

athléimneacht shamhail ghnó agus straitéis ghnó an ghrúpa i ndáil le rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta;

(ii)

na deiseanna don ghrúpa a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta;

(iii)

pleananna an ghrúpa, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cur chun feidhme agus pleananna airgeadais agus infheistíochta gaolmhara, chun a áirithiú go mbeidh a shamhail ghnó agus a straitéis ghnó comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gcuspóir an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 mar a bunaíodh i Rialachán (AE) 2021/1119 agus, i gcás inarb ábhartha, neamhchosaint an ghrúpa ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás;

(iv)

conas a chuirtear leasanna gheallsealbhóirí an ghrúpa agus tionchair an ghrúpa ar ábhair inbhuanaitheachta san áireamh i samhail ghnó agus straitéis ghnó an ghrúpa;

(v)

conas a cuireadh straitéis an ghrúpa chun feidhme maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

(b)

tuairisc ar na spriocanna faoi cheangal ama a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta arna leagan síos ag an ngrúpa, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, dearbhspriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú do 2030 agus 2050 ar a laghad, tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta ag an ngrúpa i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach, agus ráiteas i dtaobh an bhfuil spriocanna an ghrúpa a bhaineann le tosca comhshaoil bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhochloíte;

(c)

tuairisc ar ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair inbhuanaitheachta, agus ar a saineolas agus a scileanna i ndáil leis an ról sin a chomhlíonadh nó ar an rochtain atá ag comhlachtaí den sórt sin ar shaineolas den sórt sin agus ar scileanna den sórt sin;

(d)

tuairisc ar bheartais an ghrúpa i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta;

(e)

faisnéis faoi scéimeanna dreasachta a bheith ann atá nasctha le hábhair inbhuanaitheachta agus a thairgtear do chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta;

(f)

tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

an próiseas díchill chuí arna chur chun feidhme ag an ngrúpa maidir le hábhair inbhuanaitheachta, agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le ceanglais an Aontais ar ghnóthais próiseas díchill chuí a sheoladh;

(ii)

na príomh-dhrochthionchair iarbhír nó fhéideartha a bhaineann le hoibríochtaí an ghrúpa féin agus lena shlabhra luacha, lena n-áirítear a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó agus a shlabhra soláthair, gníomhaíochtaí a dhéantar chun na tionchair sin a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh orthu, agus drochthionchair eile a cheanglaítear ar an máthairghnóthas a shainaithint de bhun ceanglais eile de chuid an Aontais próiseas díchill chuí a sheoladh;

(iii)

aon ghníomhaíochtaí a dhéanann an grúpa chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a chosc, a mhaolú nó a leigheas nó chun deireadh a chur leo, agus toradh gníomhaíochtaí den sórt sin;

(g)

tuairisc ar na príomhrioscaí don ghrúpa a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta, lena n-áirítear príomhspleáchais an ghrúpa ar na hábhair sin, agus conas a bhainistíonn an grúpa na rioscaí sin;

(h)

táscairí atá ábhartha maidir leis na nochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g).

Tuairisceoidh máthairghnóthais an próiseas a dhéantar chun an fhaisnéis atá curtha san áireamh acu sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a shainaithint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Áireofar san fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo faisnéis a bhaineann le tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, de réir mar is infheidhme.

3.   I gcás inarb infheidhme, beidh san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faisnéis faoi oibríochtaí an ghrúpa féin agus faoina shlabhra luacha, lena n-áirítear a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó agus a shlabhra soláthair.

Maidir leis na chéad 3 bliana de chur i bhfeidhm na mbeart atá le glacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464, agus i gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir lena shlabhra luacha ar fáil, míneoidh an máthairghnóthas na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis is gá a fháil faoina shlabhra luacha, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis uile is gá a fháil, agus a phleananna chun an fhaisnéis is gá a fháil amach anseo.

I gcás inarb infheidhme, áireofar freisin san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 tagairtí don fhaisnéis eile a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 29 den Treoir seo agus do na méideanna a thuairiscítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite agus mínithe breise ar an bhfaisnéis sin agus ar na méideanna sin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le forbairtí nó ábhair atá le tarlú le linn idirbheartaíochta a fhágáil ar lár i gcásanna eisceachtúla inarb amhlaidh, sa tuairim lena bhfuil údar cuí ó chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta agus ar a bhfuil freagracht chomhchoiteann as an tuairim sin, a dhéanfadh dochar mór do sheasamh tráchtála an ghrúpa dá nochtfaí an fhaisnéis sin, ar choinníoll nach gcoisctear, mar gheall ar an méid sin a fhágáil ar lár, tuiscint chothrom ná chóir a fháil ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghrúpa ná ar thionchar a ghníomhaíochta.

4.   I gcás ina n-aithníonn an gnóthas tuairiscithe difríochtaí suntasacha idir na rioscaí don ghrúpa agus na tionchair atá ag an ngrúpa agus na rioscaí do cheann amháin nó níos mó dá fhoghnóthais agus na tionchair atá ag ceann amháin nó níos mó dá fhoghnóthais, tabharfaidh an gnóthas tuiscint leormhaith, de réir mar is iomchuí, ar na rioscaí don fhoghnóthas lena mbaineann nó do na foghnóthais lena mbaineann agus ar na tionchair atá aige nó acu.

Léireoidh gnóthais cé na foghnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú atá díolmhaithe ó thuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó ó thuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite de bhun Airteagal 19a(9) nó Airteagal 29a(8) faoi seach.

5.   Tuairisceoidh máthairghnóthais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlactar de bhun Airteagal 29b.

6.   Cuirfidh lucht bainistíochta an mháthairghnóthais ionadaithe na n-oibrithe ar an leibhéal iomchuí ar an eolas agus pléifidh siad leo an fhaisnéis ábhartha agus na modhanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a fháil agus a fhíorú. Cuirfear tuairim ionadaithe na n-oibrithe in iúl, i gcás inarb infheidhme, do na comhlachtaí ábhartha riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta.

7.   Máthairghnóthas a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, measfar gur chomhlíon sé na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír d”Airteagal 19(1) agus Airteagal 19a.

8.   Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír den mhír seo, déanfar máthairghnóthas ar foghnóthas é a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo (“an máthairghnóthas díolmhaithe”) má áirítear máthairghnóthas den sórt sin agus a fhoghnóthais i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite máthairghnóthais, arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 29 agus leis an Airteagal seo. Máthairghnóthas ar foghnóthas é de mháthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír, déanfar é a dhíolmhú freisin ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i gcás ina n-áirítear máthairghnóthas den sórt sin agus a fhoghnóthais i dtuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite an mháthairghnóthais sin atá bunaithe i dtríú tír agus i gcás ina ndéantar an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite sin i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE.

Beidh an díolúine sa chéad fhomhír faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an fhaisnéis uile seo a leanas i dtuarascáil bhainistíochta an mháthairghnóthais dhíolmhaithe:

(i)

ainm agus oifig chláraithe an mháthairghnóthais a thuairiscíonn faisnéis ar an leibhéal grúpa i gcomhréir leis an Airteagal seo, nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b den Treoir seo, arna gcinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE;

(ii)

na naisc ghréasáin chuig tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite an mháthairghnóthais nó, i gcás inarb infheidhme, chuig tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite an mháthairghnóthais, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus chuig an tuairim dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) den Treoir seo nó chuig an tuairim dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo;

(iii)

an fhaisnéis go bhfuil an máthairghnóthas díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo;

(b)

má tá an máthairghnóthas bunaithe i dtríú tír, déanfar a thuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite agus an tuairim dearbhaithe, arna chur in iúl ag duine amháin nó níos mó ná duine amháin nó ag gnólacht amháin nó níos mó ná gnólacht amháin atá údaraithe chun tuairim a thabhairt maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta faoin dlí náisiúnta lena rialaítear an máthairghnóthas, a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 30, agus i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena rialaítear an máthairghnóthas díolmhaithe.

(c)

má tá an máthairghnóthas bunaithe i dtríú tír, déanfar na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí a dhéanann an foghnóthas atá bunaithe san Aontas agus díolmhaithe ó thuairisciú inbhuanaitheachta ar bhonn Airteagal 19a(9) den Treoir seo, a áireamh i dtuarascáil bhainistíochta an mháthairghnóthais dhíolmhaithe, nó sa tuairisciú inbhuanaitheachta chomhdhlúite a dhéanann an máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír.

An Ballstát a rialaítear an máthairghnóthas díolmhaithe lena dhlí náisiúnta, féadfaidh sé a cheangal go bhfoilseofar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó, i gcás inarb infheidhme, an tuarascáil chomhdhlúite inbhuanaitheachta, i dteanga a nglacann an Ballstát sin léi, agus go soláthrófar aon aistriúchán is gá go dtí teanga den sórt sin. In aon aistriúchán nach bhfuil deimhnithe, cuirfear ráiteas in iúl maidir leis sin.

Máthairghnóthais atá díolmhaithe ó thuarascáil bhainistíochta a ullmhú de bhun Airteagal 37, ní bheidh sé d”oibleagáid orthu an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (a)(iii) den dara fomhír den mhír seo a sholáthar, ar choinníoll go bhfoilseoidh gnóthais den sórt sin an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 37.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, agus i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déileálfar leo mar fhoghnóthais de chuid an chomhlachta lárnaigh sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, maidir le gnóthais árachais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo ar cuid de ghrúpa iad, ar bhonn gaolmhaireachtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) d”Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE, agus atá faoi réir maoirseacht grúpa i gcomhréir le pointí (a) go (c) d”Airteagal 213(2) den Treoir sin, déileálfar leo mar fhoghnóthais de mháthairghnóthas an ghrúpa sin.

9.   Beidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos i mír 8 freisin maidir le heintitis leasa phoiblí atá faoi réir cheanglais an Airteagail seo, cé is moite de ghnóthais mhóra ar eintitis leasa phoiblí iad a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir seo.”;

(8)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

“CAIBIDIL 6A

CAIGHDEÁIN TUAIRISCITHE INBHUANAITHEACHTA

Airteagal 29b

Caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Treoir seo chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, sonrófar an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais i gcomhréir le hAirteagail 19a agus 29a agus, i gcás inarb ábhartha, sonrófar iontu an struchtúr atá le húsáid chun an fhaisnéis sin a chur i láthair.

Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, sonróidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2023, an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais i gcomhréir le hAirteagal 19a(1) agus (2), agus Airteagal 29a(1) agus (2) i gcás inarb iomchuí, ina n-áireofar ar a laghad an fhaisnéis a theastaíonn ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sonróidh an Coimisiún an méid seo a leanas faoin 30 Meitheamh 2024:

(i)

faisnéis chomhlántach atá le tuairisciú ag gnóthais maidir leis na hábhair inbhuanaitheachta agus na réimsí tuairiscithe a liostaítear in Airteagal 19a(2), i gcás inar gá;

(ii)

faisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina n-oibríonn siad.

Ní thiocfaidh na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm níos luaithe ná 4 mhí tar éis don Choimisiún iad a ghlacadh.

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (ii) den tríú fomhír a shonrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar scála na rioscaí agus na dtionchar a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta do gach earnáil, agus é á chur san áireamh go bhfuil rioscaí agus tionchair níos airde ann i gcás earnálacha áirithe ná i gcás earnálacha eile.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, ar a laghad gach 3 bliana tar éis a gcur i bhfeidhm, ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, agus comhairle theicniúil an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) á cur san áireamh, agus, i gcás inar gá, leasóidh sé gníomhartha tarmligthe de sórt sin chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairtí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta.

Uair amháin sa bhliain ar a laghad, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus rachaidh sí i gcomhairle go comhpháirteach le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an Coiste Rialála Cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, maidir le clár oibre EFRAG a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt.

2.   Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, áiritheofar cáilíocht na faisnéise tuairiscithe, trína cheangal go bhfuil sí intuigthe, ábhartha, infhíoraithe, inchomparáide agus go ndéantar í a chur in láthair ar bhealach dílis. Seachnófar leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ualach riaracháin díréireach a fhorchur ar ghnóthais, lena n-áirítear trí obair na dtionscnamh domhanda maidir le socrú caighdeán le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta a chur san áireamh, a mhéid is féidir, mar a cheanglaítear le pointe (a) de mhír 5.

Déanfar an méid seo a leanas leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus ábhar caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ar leith á chur san áireamh:

(a)

an fhaisnéis a shonrú atá le nochtadh ag gnóthais maidir leis na tosca comhshaoil seo a leanas:

(i)

maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear maidir le astaíochtaí gás ceaptha teasa raon feidhme 1, astaíochtaí gás ceaptha teasa raon feidhme 2 agus, i gcás inarb ábhartha, astaíochtaí gás ceaptha teasa raon feidhme 3;

(ii)

oiriúnú don athrú aeráide;

(iii)

uisce agus acmhainní muirí;

(iv)

úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach;

(v)

truailliú;

(vi)

bithéagsúlacht agus éiceachórais;

(b)

an fhaisnéis a shonrú atá le nochtadh ag gnóthais maidir leis na tosca sóisialta seo a leanas agus na tosca seo a leanas a bhaineann le cearta an duine:

(i)

cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách, lena n-áirítear comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach, oiliúint agus forbairt scileanna, fostaíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas, bearta in aghaidh foréigean agus ciapadh san áit oibre, agus éagsúlacht;

(ii)

dálaí oibre, lena n-áirítear fostaíocht shlán, am oibre, pá leormhaith, idirphlé sóisialta, saoirse comhlachais, comhairlí oibreacha a bheith ann, cómhargáil, lena n-áirítear cion na n-oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe comhchoiteanna, cearta faisnéise, comhairliúcháin agus rannpháirtíochta na n-oibrithe, cothromaíocht oibre is saoil, agus sláinte agus sábháilteacht;

(iii)

urraim do chearta an duine, saoirsí bunúsacha, prionsabail dhaonlathacha agus caighdeáin a bhunaítear sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus croíchoinbhinsiúin eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Cairt Shóisialta na hEorpa, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

(c)

an fhaisnéis a shonrú atá le nochtadh ag gnóthais maidir leis na tosca rialachais seo a leanas:

(i)

ról chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta, agus a gcomhdhéanamh, chomh maith lena gcuid saineolais agus scileanna i ndáil leis an ról sin a chomhlíonadh nó maidir leis an rochtain atá ag comhlachtaí den sórt sin ar shaineolas agus scileanna den sórt sin;

(ii)

príomhghnéithe chórais inmheánacha rialaithe agus bainistithe riosca an ghnóthais, i ndáil leis an bpróiseas tuairiscithe inbhuanaitheachta agus leis an bpróiseas cinnteoireachta;

(iii)

eitic ghnó agus cultúr corparáideach, lena n-áirítear frithéilliú agus frithbhreabaireacht, cosaint sceithirí agus leas ainmhithe;

(iv)

gníomhaíochtaí agus gealltanais an ghnóthais a bhaineann lena thionchar polaitiúil a fheidhmiú, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí brústocaireachta;

(v)

bainistiú agus cáilíocht an chaidrimh le custaiméirí, soláthraithe agus pobail a ndéanann gníomhaíochtaí an ghnóthais difear dóibh, lena n-áirítear cleachtais íocaíochta, go háirithe maidir le híocaíocht dhéanach le gnóthais bheaga agus mheánmhéide.

3.   Sonrófar sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis réamhbhreathnaitheach, chúlghabhálach, cháilíochtúil agus chainníochtúil, de réir mar is iomchuí, atá le tuairisciú ag gnóthais.

4.   Cuirfear san áireamh sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta na deacrachtaí a d”fhéadfadh a bheith ag gnóthais agus faisnéis á bailiú ó ghníomhaithe ar feadh a slabhra luacha, go háirithe uathu siúd nach bhfuil faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 19a nó 29a agus ó sholáthróirí i margaí agus geilleagair i mbéal forbartha. Sonrófar sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta nochtaí maidir le slabhraí luacha atá comhréireach agus ábhartha do chumais agus saintréithe na ngnóthas i slabhraí luacha, agus do scála agus castacht a ngníomhaíochtaí, go háirithe na cinn sin de na gnóthais sin nach bhfuil faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta in Airteagal 19a nó 29a. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ní shonrófar nochtaí lena gceanglófaí ar ghnóthais faisnéis a fháil ó ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ina slabhra luacha a sháraíonn an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 29c.

Ní dochar an chéad fhomhír do cheanglais an Aontais maidir le gnóthais próiseas díchill chuí a sheoladh.

5.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh a mhéid is féidir:

(a)

obair tionscnamh domhanda maidir le socrú caighdeán le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta, agus caighdeáin agus creata atá ann cheana maidir le cuntasaíocht an chaipitil nádúrtha agus cuntasaíocht gás ceaptha teasa, iompar gnó freagrach, freagracht shóisialta chorparáideach, agus forbairt inbhuanaithe;

(b)

an fhaisnéis atá ag teastáil ó rannpháirtithe margaidh airgeadais chun a n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin a chomhlíonadh;

(c)

na critéir, na táscairí agus na modheolaíochtaí a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852, lena n-áirítear na critéir scagtha theicniúla a bhunaítear de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2) den Rialachán sin agus na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 8 den Rialachán sin;

(d)

na ceanglais maidir le nochtadh is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmharcanna sa ráiteas tagarmhairc agus sa mhodheolaíocht tagarmhairc agus na híoschaighdeáin chun Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a chruthú i gcomhréir le Rialacháin Tarmligthe (AE) 2020/1816 (*13), (AE) 2020/1817 (*14) agus (AE) 2020/1818 (*15) ón gCoimisiún;

(e)

na nochtaí a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 434a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(f)

Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún (*16);

(g)

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17);

(h)

Rialachán (AE) 2021/1119;

(i)

Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*18);

(j)

Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19).

Airteagal 29c

Caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2024, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Treoir seo chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá comhréireach agus ábhartha maidir le hacmhainneachtaí agus saintréithe gnóthas beag agus meánmhéide agus maidir le scála agus castacht a ngníomhaíochtaí. Sonrófar sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, i gcás na ngnóthas beag agus meánmhéide dá dtagraítear i bpointe (1)(a) d”Airteagal 2, an fhaisnéis atá le tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 19a(6).

Ní thiocfaidh na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm níos luaithe ná 4 mhí tar éis don Choimisiún iad a ghlacadh.

2.   Cuirfear san áireamh sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide na critéir a leagtar amach in Airteagal 29b(2) go (5). Sonrófar iontu freisin, a mhéid is féidir, an struchtúr atá le húsáid chun an fhaisnéis sin a chur i láthair.

3.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, gach 3 bliana ar a laghad tar éis a gcur i bhfeidhm, ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, agus comhairle theicniúil EFRAG á cur san áireamh agus, i gcás inar gá, leasóidh sé gníomhartha tarmligthe den sórt sin chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairtí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta.

(*13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear (IO L 406, 3.12.2020, lch. 1)."

(*14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1817 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íosmhéid inneachair a bheidh sa mhíniú ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais sa mhodheolaíocht tagarmhairc (IO L 406, 3.12.2020, lch. 12)."

(*15)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17)."

(*16)  Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1)."

(*17)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32)."

(*18)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 agus Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1)."

(*19)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).”;"

(9)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

“CAIBIDIL 6B

FORMÁID TUAIRISCITHE LEICTREONACH AONAIR

Airteagal 29d

Formáid tuairiscithe leictreonach aonair

1.   Ullmhóidh gnóthais atá faoi réir cheanglais Airteagal 19a den Treoir seo a dtuarascáil bhainistíochta san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún (*20) agus déanfaidh siad a dtuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil, lena n-áirítear na nochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an bhformáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear sa Rialachán Tarmligthe sin.

2.   Ullmhóidh máthairghnóthais atá faoi réir cheanglais Airteagal 19a a dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 agus déanfaidh siad a dtuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil, lena n-áirítear na nochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an bhformáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear sa Rialachán Tarmligthe sin.

(*20)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaigh aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1).”;"

(10)

in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais laistigh de thréimhse réasúnta, nach faide ná 12 mhí tar éis dháta an chláir chomhardaithe, na ráitis airgeadais bhliantúla arna bhformheas go cuí agus an tuarascáil bhainistíochta, san fhormaid tuairiscithe leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 29d den Treoir seo i gcás inarb infheidhme, in éineacht leis an tuairim agus an ráiteas arna dtíolacadh ag an iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34 den Treoir seo, mar a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le Caibidil III de Theideal 1 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*21).

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir Airteagail 19a agus 29a an tuarascáil bhainistíochta a chur ar fáil don phobal ar a suíomh gréasáin, saor in aisce. I gcás nach bhfuil suíomh gréasáin ag gnóthas, féadfaidh na Ballstáit a cheangal air cóip i scríbhinn dá thuarascáil bhainistíochta a chur ar fáil arna iarraidh sin.

I gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) in iúl, foilseofar an tuairim sin in éineacht leis na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, gnóthais a dhíolmhú ón oibleagáid an tuarascáil bhainistíochta a fhoilsiú i gcás inar féidir cóip iomlán de thuarascáil den sórt sin nó cuid de thuarascáil den sórt sin a fháil go héasca, arna iarraidh sin, ar phraghas nach mó ná a costas riaracháin.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos sa cheathrú fomhír den mhír seo maidir le gnóthais atá faoi réir ceanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a.

(*21)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).”;"

(11)

in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh freagracht chomhchoiteann ar chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta de chuid gnóthais, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta, as a áirithiú go ndéanfar na doiciméid seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo agus, i gcás inarb infheidhme, leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815, leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 29b nó 29c den Treoir seo, agus le ceanglais Airteagal 29d den Treoir seo:

(a)

na ráitis airgeadais bhliantúla, an tuarascáil bhainistíochta agus an ráiteas rialachais chorparáidigh nuair a sholáthraítear ar leithligh é; agus

(b)

na ráitis airgeadais chomhdhlúite, na tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite agus an ráiteas rialachais chorparáidigh nuair a sholáthraítear ar leithligh é.”;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 8:

“Iniúchóireacht agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta”;

(13)

leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a)

i mír 1, leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(ii):

“(ii)

cibé acu a ullmhaíodh an tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme, seachas na ceanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 19a den Treoir seo;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

i gcás inarb infheidhme, tuairim a chur in iúl bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta a mhéid a bhaineann le comhlíonadh cheanglais na Treorach seo ag an tuairisciú inbhuanaitheachta, lena n-áirítear comhlíonadh na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b nó 29c ag an tuairisciú inbhuanaitheachta, an próiseas a dhéanann an gnóthas chun an fhaisnéis a thuairiscítear de bhun na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta sin a shainaithint, agus comhlíonadh an cheanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil i gcomhréir le hAirteagal 29d, agus a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheadú d”iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta seachas an ceann nó na cinn a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír de mhír 1 a chur in iúl.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do sholáthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách atá bunaithe ina gcríoch an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír de mhír 1 a chur in iúl, ar choinníoll go bhfuil soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách den sórt sin faoi réir ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*22) a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear i bpointe 22 d”Airteagal 2 den Treoir sin, go háirithe na ceanglais maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

oiliúint agus scrúdú, lena áirithiú go bhfaighidh soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha an saineolas is gá maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta;

(b)

oideachas leanúnach;

(c)

córais dearbhaithe cáilíochta;

(d)

eitic ghairmiúil, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil;

(e)

ceapadh agus dífhostú;

(f)

imscrúduithe agus smachtbhannaí;

(g)

obair an tsoláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách a eagrú, go háirithe maidir le hacmhainní leordhóthanacha agus pearsanra leordhóthanach agus taifid agus comhaid chuntais na gcliant a chothabháil; agus

(h)

neamhrialtachtaí tuairiscithe.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo in iúl, go n-ullmhófar an tuairim sin i gcomhréir le hAirteagail 26a, 27a agus 28a de Threoir 2006/43/CE agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfaidh an coiste iniúchóireachta, nó coiste tiomnaithe, athbhreithniú agus faireachán ar neamhspleáchas an tsoláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách i gcomhréir le pointe (e) d”Airteagal 39(6) de Threoir 2006/43/CE.

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha, arna gcreidiúnú roimh an 1 Eanáir 2024 le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, faoi réir na gceanglas maidir le hoiliúint agus scrúdú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha atá ag dul faoin bpróiseas creidiúnúcháin an 1 Eanáir 2024, i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta ábhartha, faoi réir na gceanglas maidir le hoiliúint agus scrúdú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ar choinníoll go mbeidh an próiseas sin curtha i gcrích acu faoin 1 Eanáir 2026.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha dá dtagraítear sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír an t-eolas is gá i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta tríd an gceanglas maidir le hoideachas leanúnach dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

Má chinneann Ballstát, de bhun na chéad fhomhíre, a cheadú do sholáthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír de mhír 1 a chur in iúl, ceadóidh sé freisin d”iniúchóir reachtúil seachas an ceann nó na cinn a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais déanamh amhlaidh, dá bhforáiltear i mír 3.

5.   Ón 6 Eanáir 2027, Ballstát a bhain úsáid as an rogha dá bhforáiltear i mír 4 (“an Ballstát óstach”), ceadóidh sé do sholáthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách atá bunaithe i mBallstát eile seachas an Ballstát óstach (“an Ballstát baile”) dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh.

Beidh an Ballstát baile freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha atá bunaithe ina chríoch, mura rud é go gcinneann an Ballstát óstach maoirseacht a dhéanamh ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanann soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha ina chríoch.

Má chinneann an Ballstát óstach maoirseacht a dhéanamh ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanann soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha ina chríoch, ar soláthraithe iad atá cláraithe i mBallstát eile:

(a)

ní dhéanfaidh an Ballstát óstach ceanglais ná dliteanas a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha den sórt sin atá níos déine ná na ceanglais a cheanglaítear leis na dlíthe náisiúnta le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta do sholáthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha nó iniúchóirí atá bunaithe sa Bhallstát óstach sin; agus

(b)

cuirfidh an Ballstát óstach na Ballstáit eile ar an eolas faoina chinneadh maoirseacht a dhéanamh ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanann soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha atá bunaithe i mBallstáit eile.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gceanglaítear ar ghnóthas le dlí an Aontais gnéithe dá thuairisciú inbhuanaitheachta a bheith fíoraithe ag tríú páirtí neamhspleách creidiúnaithe, go gcuirtear tuarascáil an tríú páirtí neamhspleách chreidiúnaithe ar fáil mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil bhainistíochta nó ar mhodh eile a bhfuil rochtain ag an bpobal air.

(*22)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).”;"

(14)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

“CAIBIDIL 9A

TUAIRISCIÚ A BHAINEANN LE GNÓTHAIS TRÍÚ TÍR

Airteagal 40a

Tuarascálacha inbhuanaitheachta a bhaineann le gnóthais tríú tír

1.   Ceanglóidh Ballstát ar fhoghnóthas atá bunaithe ina chríoch agus a bhfuil a mháthairghnóthas deiridh á rialú ag dlí tríú tír tuarascáil inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chur ar fáil lena gcumhdaítear an fhaisnéis a shonraítear i bpointí (a)(iii) go (a)(vi), pointí (b) go (f) agus, i gcás inarb iomchuí, pointe (h) d”Airteagal 29a(2) ar leibhéal grúpa an mháthairghnóthais tríú tír deiridh sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le foghnóthais mhóra agus maidir le foghnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2.

Ceanglóidh Ballstát ar bhrainse atá lonnaithe ina chríoch, agus ar brainse é de ghnóthas a rialaítear le dlí tríú tír, nach cuid de ghrúpa é nó atá i seilbh gnóthais a bunaíodh i gcomhréir le dlí tríú tír sa deireadh, tuarascáil inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chur ar fáil lena gcumhdaítear an fhaisnéis a shonraítear i bpointí (a)(iii) go (a)(v), pointí (b) go (f) agus, i gcás inarb iomchuí, pointe (h) d”Airteagal 29a(2), ar leibhéal grúpa an ghnóthais tríú tír, nó, murab infheidhme, ar leibhéal aonair an ghnóthais tríú tír.

Ní bheidh feidhm ag an riail dá dtagraítear sa tríú fomhír ach amháin maidir le brainse i gcás nach bhfuil foghnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag an ngnóthas tríú tír, agus i gcás inar ghin an brainse glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 40 milliún sa bhliain airgeadais roimhe sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ná ag an tríú fomhír maidir leis na foghnóthais nó na brainsí dá dtagraítear sna fomhíreanna sin ach amháin i gcás inar ghin an gnóthas tríú tír, ar a leibhéal grúpa, nó, murab infheidhme, ar an leibhéal aonair, glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 150 milliún san Aontas do gach ceann den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar fhoghnóthais nó brainsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa tríú fomhír faisnéis a chur chucu faoin nglanláimhdeachas a ghin na gnóthais tríú tír ina gcríoch agus san Aontas.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar an tuarascáil inbhuanaitheachta a chuireann an foghnóthas nó an brainse dá dtagraítear i mír 1 in iúl a tharraingt suas i gcomhréir leis na caighdeáin arna nglacadh de bhun Airteagal 40b.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfar an tuarascáil inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharraingt suas i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna ghlacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE.

I gcás nach bhfuil an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil inbhuanaitheachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a tharraingt suas ar fáil, iarrfaidh an foghnóthas nó an brainse dá dtagraítear i mír 1 ar na gnóthais tríú tír an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dóibh chun a chur ar a gcumas a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis uile is gá, déanfaidh an foghnóthas nó an brainse dá dtagraítear i mír 1 an tuarascáil inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a chur ar fáil, ina bhfuil an fhaisnéis uile atá ina sheilbh, idir fhaisnéis a fuarthas agus fhaisnéis ar thángthas uirthi, agus eiseoidh sé ráiteas ina léirítear nár chuir an gnóthas tríú tír an fhaisnéis is gá ar fáil.

3.   Ceanglóidh na Ballstáit go bhfoilseofar an tuarascáil inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 agus go mbeidh tuairim dearbhaithe ag gabháil léi, ar tuairim í arna cur in iúl ag duine nó gnólacht amháin nó níos mó atá údaraithe chun tuairim a thabhairt maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta faoi dhlí náisiúnta an ghnóthais tríú tír nó an Bhallstáit.

I gcás nach gcuireann an gnóthas tríú tír an tuairim dearbhaithe ar fáil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, eiseoidh an foghnóthas nó an brainse ráiteas ina léirítear nár chuir an gnóthas tríú tír an tuairim dearbhaithe is gá ar fáil.

4.   Féadfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi fhoghnóthais nó brainsí na ngnóthas tríú tír a chomhlíon an ceanglas maidir le foilsiú a leagtar síos in Airteagal 40d agus faoi na cásanna inar foilsíodh tuarascáil ach inar ghníomhaigh an foghnóthas nó an brainse i gcomhréir leis an gceathrú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo. Cuirfidh an Coimisiún liosta ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin de na gnóthais tríú tír a fhoilsíonn tuarascáil inbhuanaitheachta.

Airteagal 40b

Caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais tríú tír

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe faoin 30 Meitheamh 2024 i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Treoir seo chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais tríú tír lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur san áireamh sna tuarascálacha inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 40a.

Airteagal 40c

Freagracht as tuarascálacha inbhuanaitheachta a bhaineann le gnóthais tríú tír a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a chur ar fáil

Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh brainsí na ngnóthas tríú tír freagrach as a áirithiú, chomh fada agus is eol dóibh agus chomh maith agus is féidir leo, go ndéanfar a dtuarascáil inbhuanaitheachta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 40a, agus go ndéanfar an tuarascáil sin a fhoilsiú agus a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 40d.

Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh freagracht chomhchoiteann ar chomhaltaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na bhfoghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 40a as a áirithiú, chomh fada agus is eol dóibh agus chomh maith agus is féidir leo, go ndéanfar a dtuarascáil inbhuanaitheachta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 40a, agus go ndéanfar an tuarascáil sin a fhoilsiú agus a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 40d.

Airteagal 40d

Foilsiú

1.   Foilseoidh na foghnóthais agus na brainsí dá dtagraítear in Airteagal 40a(1) den Treoir seo a dtuarascáil inbhuanaitheachta, in éineacht leis an tuairim dearbhaithe agus, i gcás inarb infheidhme, an ráiteas a luaitear sa cheathrú fomhír d”Airteagal 40a(2) den Treoir seo, laistigh de 12 mhí ó dháta an chláir chomhardaithe den bhliain airgeadais dá dtarraingítear suas an tuarascáil, dá bhforáiltear ag gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagail 14 go 28 de Threoir (AE) 2017/1132 agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 36 den Treoir sin.

2.   I gcás nach ndéantar an tuarascáil inbhuanaitheachta in éineacht leis an tuairim dearbhaithe agus, i gcás inarb infheidhme, leis an ráiteas a fhoilsítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a chur ar fáil don phobal, saor in aisce, ar shuíomh gréasáin an chláir dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tuarascáil inbhuanaitheachta in éineacht leis an tuairim dearbhaithe agus, i gcás inarb infheidhme, leis an ráiteas a fhoilsíonn na gnóthais i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a chur ar fáil don phobal i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais, saor in aisce, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta an chláir chomhardaithe den bhliain airgeadais dá dtarraingítear suas an tuarascáil, ar shuíomh gréasáin an fhoghnóthais nó an bhrainse dá dtagraítear in Airteagal 40a(1) den Treoir seo.”;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 11:

“CAIBIDIL 11

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA”;

(16)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 48i

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Go dtí an 6 Eanáir 2030, ceadóidh na Ballstáit d”fhoghnóthas de chuid an Aontais atá faoi réir Airteagal 19a nó 29a agus nach rialaítear a mháthairghnóthas le dlí Ballstáit tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite a ullmhú, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 29a, ina n-áirítear foghnóthais uile an Aontais de mháthairghnóthas den sórt sin atá faoi réir Airteagal 19a nó 29a.

Go dtí an 6 Eanáir 2030, tabharfaidh na Ballstáit cead go n-áireofar sa tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí a dhéanann foghnóthais uile an Aontais den mháthairghnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo atá faoi réir Airteagal 19a nó 29a den Treoir seo.

2.   Beidh an foghnóthas de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ar cheann d”fhoghnóthais an Aontais den ghrúpa a ghin an láimhdeachas is mó san Aontas i gceann amháin ar a laghad de na 5 bliana airgeadais roimhe sin, ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme.

3.   Foilseofar an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 30.

4.   Chun críoch na díolúine a leagtar síos in Airteagal 19a(9) agus Airteagal 29a(8), measfar gurb ionann tuairisciú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus tuairisciú ag máthairghnóthas ar an leibhéal grúpa i ndáil leis na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú. Maidir le tuairisciú i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, measfar go gcomhlíontar leis na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír d”Airteagal 19a(9) agus i bpointe (c) den dara fomhír d”Airteagal 29a(8), faoi seach.”;

(17)

leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(2), Airteagal 3(13), Airteagail 29b, 29c agus 40b, agus Airteagal 46(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 5 Eanáir 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2), Airteagal 3(13), Airteagail 29b, 29c agus 40b, agus Airteagal 46(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3b.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagail 29b agus 29c, cuirfidh an Coimisiún comhairle theicniúil ó EFRAG san áireamh, ar choinníoll:

(a)

gur forbraíodh comhairle den sórt sin le próis chuí cheart, formhaoirseacht phoiblí agus trédhearcacht, le saineolas agus rannpháirtíocht chothrom na ngeallsealbhóirí ábhartha, agus le cistiú poiblí leordhóthanach chun a neamhspleáchas a áirithiú, agus ar bhonn clár oibre a ndeachthas i gcomhairle leis an gCoimisiún ina leith;

(b)

go bhfuil anailísí costais is tairbhe ag gabháil le comhairle den sórt sin ina n-áirítear anailísí ar thionchair na comhairle teicniúla ar ábhair inbhuanaitheachta;

(c)

go bhfuil míniú ag gabháil le comhairle den sórt sin ar an gcaoi a gcuirtear san áireamh inti na gnéithe a liostaítear in Airteagal 29b(5);

(d)

go bhfuil rannpháirtíocht in obair EFRAG ar an leibhéal teicniúil bunaithe ar shaineolas i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus nach bhfuil sí ag brath ar ranníocaíocht airgeadais.

Ní dochar pointí (a) agus (d) do rannpháirtíocht comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí náisiúnta maidir le socrú caighdeán in obair theicniúil EFRAG.

Tíolacfar na doiciméid a ghabhann le comhairle theicniúil EFRAG in éineacht leis an gcomhairle theicniúil sin.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle go comhpháirteach le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2020/852, agus leis an gCoiste Rialála Cuntasaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, maidir leis na dréachtghníomhartha tarmligthe sula nglacfar iad, dá dtagraítear in Airteagail 29b agus 29c den Treoir seo.

Iarrfaidh an Coimisiún tuairim ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), ón Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) maidir leis an gcomhairle theicniúil arna soláthar ag EFRAG, go háirithe maidir lena comhsheasmhacht le Rialachán (AE) 2019/2088 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin. Soláthróidh ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC a dtuairimí laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ón gCoimisiún.

Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Banc Ceannais Eorpach, Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta agus an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a bunaíodh de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis an gcomhairle theicniúil arna soláthar ag EFRAG roimh ghlacadh na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 29b agus 29c den Treoir seo. Má chinneann aon cheann de na comhlachtaí sin tuairim a thíolacadh, déanfaidh siad é laistigh de 2 mhí ón dáta a chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leo.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(2), Airteagal 3(13), Airteagail 29b, 29c nó 40b, nó Airteagal 46(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2004/109/CE

Leasaítear Treoir 2004/109/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(r)

ciallaíonn “tuairisciú inbhuanaitheachta” tuairisciú inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear i bpointe (18) d”Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*23).

(*23)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ráitis arna ndéanamh ag na daoine atá freagrach laistigh den eisitheoir, a léireofar a n-ainmneacha agus a bhfeidhmeanna go soiléir, á rá gurb amhlaidh, chomh fada agus is eol dóibh, a thugtar léargas fíor cothrom sna ráitis airgeadais a ullmhaíodh i gcomhréir leis an tsraith caighdeán cuntasaíochta is infheidhme, ar léargas é ar shócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas an eisitheora agus na ngnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú ina iomláine agus gurb amhlaidh a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta athbhreithniú cothrom ar fhorbairt agus feidhmíocht an ghnó agus ar staid an eisitheora agus na ngnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú ina iomláine, in éineacht le tuairisc ar na príomhrioscaí agus príomh-neamhchinnteachtaí atá rompu agus, i gcás inarb iomchuí, a ullmhaítear i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE agus leis na sonraíochtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*24).

(*24)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

“4.   Déanfar iniúchadh ar na ráitis airgeadais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d”Airteagal 34(1) agus Airteagal 34(2) de Threoir 2013/34/AE.

Tabharfaidh an t-iniúchóir reachtúil an tuairim agus an ráiteas maidir leis an tuarascáil bhainistíochta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) agus in Airteagal 34(2) de Threoir 2013/34/AE.

Déanfar an tuarascáil iniúchóireachta, dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*25), arna síniú ag an duine nó na daoine atá freagrach as an obair a leagtar amach in Airteagal 34(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE, a nochtadh ina hiomláine don phobal in éineacht leis an tuarascáil airgeadais bhliantúil.

I gcás inarb infheidhme, soláthrófar tuairim dearbhaithe ar thuairisciú inbhuanaitheachta i gcomhréir le pointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) agus Airteagal 34(2) go (5) de Threoir 2013/34/AE.

Déanfar an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 28a de Threoir 2006/43/CE a nochtadh ina hiomláine don phobal in éineacht leis an tuarascáil airgeadais bhliantúil.

5.   Déanfar an tuarascáil bhainistíochta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 19, 19a agus 20, agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, agus áireofar inti na sonraíochtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2020/852, nuair atá sí tarraingthe suas ag gnóthais dá dtagraítear sna forálacha sin.

I gcás ina bhfuil ceangal ar an eisitheoir cuntais chomhdhlúite a ullmhú, déanfar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 29a agus Airteagal 29d(2) de Threoir 2013/34/AE, agus áireofar inti na sonraíochtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2020/852, nuair atá sí tarraingthe suas ag gnóthais dá dtagraítear sna forálacha sin.

(*25)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).”;"

(3)

leasaítear Airteagal 23(4) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír agus an cheathrú mír:

“Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Treoir seo, na cinntí is gá maidir le coibhéis na gcaighdeán cuntasaíochta faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 30(3) den Treoir seo agus maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE a úsáideann eisitheoirí tríú tír. Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil caighdeáin chuntasaíochta tríú tír ná caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta tríú tír coibhéiseach, féadfaidh sé a cheadú do na heisitheoirí lena mbaineann leanúint de chaighdeáin den sórt sin a úsáid le linn idirthréimhse iomchuí.

I gcomhthéacs an tríú fomhír den mhír seo, glacfaidh an Coimisiún freisin, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(2a), (2b) agus (2c), agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagail 27a agus 27b, bearta arb é is aidhm dóibh critéir choibhéise ghinearálta a bhunú maidir le caighdeáin chuntasaíochta agus caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá ábhartha maidir le heisitheoirí ó bhreis agus tír amháin.”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Leis na critéir a úsáidfidh an Coimisiún agus measúnú á dhéanamh aige ar choibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a úsáideann eisitheoirí tríú tír dá dtagraítear sa tríú fomhír, áiritheofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

ceanglaítear leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoi thosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais;

(b)

ceanglaítear leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ar ghnóthais an fhaisnéis is gá a nochtadh chun tuiscint a fháil ar a dtionchair ar ábhair inbhuanaitheachta, agus an fhaisnéis is gá a nochtadh chun tuiscint a fháil i dtaobh conas a dhéanann ábhair inbhuanaitheachta difear dá bhfhorbairt, bhfeidhmíocht agus seasamh.”;

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28d

Treoirlínte ÚEUM

Tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, eiseoidh ÚEUM treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis an maoirseacht a dhéanann údaráis náisiúnta inniúla ar thuairisciú inbhuanaitheachta.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2006/43/CE

Leasaítear Treoir 2006/43/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha maidir leis an iniúchadh reachtúil a dhéantar ar chuntais bhliantúla agus chomhdhlúite agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2 go 6:

“2.

ciallaíonn “iniúchóir reachtúil” duine nádúrtha atá formheasta i gcomhréir leis an Treoir seo ag údaráis inniúla Ballstáit chun iniúchtaí reachtúla agus, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh;

3.

ciallaíonn “gnólacht iniúchóireachta” duine dlítheanach nó aon eintiteas eile, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, atá formheasta i gcomhréir leis an Treoir seo chun iniúchtaí reachtúla agus, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh;

4.

ciallaíonn “eintiteas iniúchóireachta tríú tír” eintiteas, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, a dhéanann iniúchtaí ar ráitis airgeadais bhliantúla nó chomhdhlúite, nó, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid cuideachta atá corpraithe i dtríú tír, seachas eintiteas atá cláraithe mar ghnólacht iniúchóireachta in aon Bhallstát mar thoradh ar fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 3;

5.

ciallaíonn “iniúchóir tríú tír” duine nádúrtha a dhéanann iniúchtaí ar ráitis airgeadais bhliantúla nó chomhdhlúite nó, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid cuideachta atá corpraithe i dtríú tír, seachas duine atá cláraithe mar iniúchóir reachtúil in aon Bhallstát mar thoradh ar fhormheas i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 44;

6.

ciallaíonn “grúpiniúchóir” an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar na cuntais chomhdhlúite nó, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“16a.

ciallaíonn “príomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta nó príomh-chomhpháirtithe inbhuanaitheachta”:

(a)

an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla a ainmníonn gnólacht iniúchóireachta le haghaidh dearbhú iontaofachta ar leith a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta chun bheith freagrach go príomha as dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta; nó

(b)

i gcás dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite, ar a laghad, an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla a ainmníonn gnólacht iniúchóireachta chun bheith freagrach go príomha as dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh ar an leibhéal grúpa agus an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla a ainmnítear chun bheith freagrach go príomha ar leibhéal na bhfoghnóthas suntasach; nó

(c)

an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla a shíníonn an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 28a;”;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“21.

ciallaíonn “tuairisciú inbhuanaitheachta” tuairisciú inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear i bpointe (18) d”Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE;

22.

ciallaíonn “dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta” feidhmíocht na nósanna imeachta as a dtagann tuairim arna cur in iúl ag an iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta i gcomhréir le pointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) agus Airteagal 34(2) de Threoir 2013/34/AE;

23.

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách” comhlacht um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*26) le haghaidh na gníomhaíochta sonraí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) de Threoir 2013/34/AE.

(*26)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).”;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Cáilíochtaí oideachais

1.   Gan dochar d”Airteagal 11, ní fhéadfar duine nádúrtha a fhormheas chun iniúchadh reachtúil a dhéanamh ach amháin tar éis leibhéal iontrála ollscoile nó leibhéal coibhéiseach a bhaint amach, ansin cúrsa teagaisc theoiriciúil a chur i gcrích, dul faoi oiliúint phraiticiúil agus pas a fháil i scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil ar leibhéal scrúdaithe deiridh ollscoile nó ar leibhéal scrúdaithe choibhéisigh, atá eagraithe nó aitheanta ag an mBallstát lena mbaineann.

2.   Sa bhreis ar an bhformheas chun iniúchtaí reachtúla dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, féadfar duine nádúrtha a fhormheas chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh nuair a chomhlíontar ceanglais shonracha bhreise Airteagal 7(2), Airteagal 8(3), an dara fomhír d”Airteagal 10(1) agus an ceathrú fomhír d”Airteagal 14(2) den Treoir seo.

3.   Rachaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32 i gcomhar le chéile d”fhonn cóineasú na gceanglas a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach. Le linn dóibh dul i mbun comhar den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla sin san áireamh forbairtí san iniúchóireacht agus i ngairm na hiniúchóireachta agus, go háirithe, cóineasú a baineadh amach sa ghairm cheana. Rachaidh siad i gcomhar le Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta (CCEFI) agus leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 a mhéid a bhaineann cóineasú den sórt sin leis an iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil

1.   Leis an scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 6, ráthófar an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ar ábhair atá ábhartha maidir le hiniúchadh reachtúil agus an cumas an t-eolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Déanfar ar a laghad cuid den scrúdú sin i scríbhinn.

2.   Chun go bhformheasfar freisin an t-iniúchóir reachtúil chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, ráthófar, leis an scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 6, an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ar ábhair is ábhartha maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an cumas an t-eolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Déanfar ar a laghad cuid den scrúdú sin i scríbhinn.”;

(5)

in Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Chun go bhformheasfar freisin an t-iniúchóir reachtúil chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, cumhdófar freisin sa tástáil ar eolas teoiriciúil dá dtagraítear i mír 1 na hábhair seo a leanas ar a laghad:

(a)

ceanglais dhlíthiúla agus caighdeáin tuairiscithe a bhaineann le hullmhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite;

(b)

anailís inbhuanaitheachta;

(c)

próisis díchill chuí maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

(d)

ceanglais dhlíthiúla agus caighdeáin dearbhaithe le haghaidh an tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 26a.”;

(6)

in Airteagal 10(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Chun go bhformheasfar freisin an t-iniúchóir reachtúil nó an t-oiliúnaí chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, bainfidh ar a laghad 8 mí den oiliúint phraiticiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite nó le seirbhísí eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Meascán d”oiliúint phraiticiúil agus teagasc teoiriciúil

1.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfear tréimhsí teagaisc theoiriciúil sna hábhair dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (2) san áireamh sna tréimhsí gníomhaíochta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 11, ar choinníoll go bhfianaítear teagasc den sórt sin le scrúdú a aithníonn an Ballstát. Ní mhairfidh teagasc den sórt sin níos lú ná bliain amháin, ná ní fhéadfar, mar gheall air, tréimhse na gníomhaíochta gairmiúla a laghdú níos mó ná 4 bliana.

2.   Ní bheidh tréimhse na gníomhaíochta gairmiúla ná na hoiliúna praiticiúla níos giorra ná cúrsa an teagaisc theoiriciúil in éineacht leis an oiliúint phraiticiúil a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír d”Airteagal 10(1).”;

(8)

in Airteagal 14(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Chun go bhformheasfar an t-iniúchóir reachtúil chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh freisin, cumhdófar leis an triail inniúlachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír eolas leordhóthanach an iniúchóra reachtúil ar dhlíthe agus rialacháin an Bhallstáit óstaigh a mhéid is ábhartha maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 14

Iniúchóirí reachtúla a fhormheastar nó a aithnítear roimh an 1 Eanáir 2024 agus daoine atá ag dul faoi phróiseas formheasa na n-iniúchóirí reachtúla an 1 Eanáir 2024

Maidir le hiniúchóirí reachtúla a fhormheastar nó a aithnítear chun iniúchtaí reachtúla a dhéanamh roimh an 1 Eanáir 2024, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad faoi réir cheanglais Airteagal 7(2), Airteagal 8(3), an dara fomhír d”Airteagal 10(1) agus an cheathrú fomhír d”Airteagal 14(2).

Maidir le daoine atá i mbun an phróisis formheasa dá bhforáiltear in Airteagail 6 go 14 an 1 Eanáir 2024, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad faoi réir cheanglais Airteagal 7(2), Airteagal 8(3), an dara fomhír d”Airteagal 10(1) agus an cheathrú fomhír d”Airteagal 14(2), ar choinníoll go gcuireann siad an próiseas sin i gcrích faoin 1 Eanáir 2026.

Maidir le hiniúchóirí reachtúla a fhormheastar roimh an 1 Eanáir 2026 ar mian leo dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh siad an t-eolas is gá ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena n-áirítear eolas maidir leis na hábhair a liostaítear in Airteagal 8(3), tríd an oideachas leanúnach dá dtagraítear in Airteagal 13.”;

(10)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir le hiniúchóirí reachtúla, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa chlár poiblí:

(a)

ainm, seoladh agus cláruimhir;

(b)

más infheidhme, ainm, seoladh, seoladh suímh gréasáin agus cláruimhir an ghnólachta iniúchóireachta nó na ngnólachtaí iniúchóireachta lena bhfuil an t-iniúchóir reachtúil fostaithe, nó lena bhfuil an t-iniúchóir reachtúil comhlachaithe mar chomhpháirtí nó ar bhealach eile;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil an t-iniúchóir reachtúil formheasta freisin chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh;

(d)

gach clárú eile mar iniúchóir reachtúil le húdaráis inniúla de chuid Ballstát eile agus mar iniúchóir le tríú tíortha, lena n-áirítear ainm an údaráis clárúcháin nó ainmneacha na n-údarás clárúcháin, agus, más infheidhme, an cláruimhir nó na cláruimhreacha, agus léiriú cé acu a bhaineann an clárú leis an iniúchadh reachtúil, le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, nó leo araon.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Léireofar sa chlár cé acu atá nó nach bhfuil na hiniúchóirí tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír cláraithe chun an t-iniúchadh reachtúil, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, nó iad araon, a dhéanamh.”;

(11)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

ainm agus cláruimhir na n-iniúchóirí reachtúla uile atá fostaithe ag an ngnólacht iniúchóireachta nó atá comhlachaithe mar chomhpháirtithe nó ar bhealach eile leis, agus léiriú cé acu a formheasadh nó nár formheasadh iad freisin chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh;”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

gach clárú eile mar ghnólacht iniúchóireachta le húdaráis inniúla de chuid Ballstát eile agus mar eintiteas iniúchóireachta le tríú tíortha, lena n-áirítear ainm an údaráis clárúcháin nó ainmneacha na n-údarás clárúcháin, agus, más infheidhme, an chláruimhir nó na cláruimhreacha, agus léiriú cé acu a bhaineann an clárú leis an iniúchadh reachtúil, le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, nó leo araon.”;

(c)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Léireofar sa chlár cé acu atá na heintitis iniúchóireachta tríú tír cláraithe chun an t-iniúchadh reachtúil, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, nó iad araon, a dhéanamh.”;

(12)

leasaítear Airteagal 24b mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair atá an t-iniúchadh reachtúil á dhéanamh ag gnólacht iniúchóireachta, go n-ainmneoidh an gnólacht iniúchóireachta sin ar a laghad aon phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta amháin. Soláthróidh an gnólacht iniúchóireachta acmhainní leordhóthanacha don phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta nó do na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta mar aon le pearsanra ag a bhfuil an inniúlacht agus na cumais is gá chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh go hiomchuí.

Áiritheoidh na Ballstáit, nuair atá dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta á dhéanamh ag gnólacht iniúchóireachta, go n-ainmneoidh an gnólacht iniúchóireachta sin ar a laghad aon phríomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta amháin, agus féadfaidh sé gurb é an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta é nó gur ceann amháin de na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta é. Soláthróidh an gnólacht iniúchóireachta acmhainní leordhóthanacha don phríomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta nó do na príomh-chomhpháirtithe inbhuanaitheachta mar aon le pearsanra ag a bhfuil an inniúlacht agus na cumais is gá chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh go hiomchuí.

Is é cáilíocht, neamhspleáchas agus inniúlacht na hiniúchóireachta agus an dearbhaithe a dhaingniú na príomhchritéir a bheidh ag an ngnólacht iniúchóireachta agus an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta nó na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta agus, i gcás inarb infheidhme, an príomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta nó na príomh-chomhpháirtithe inbhuanaitheachta atá le hainmniú á roghnú aige.

Beidh an príomh-comhpháirtí iniúchóireachta nó na príomh-comhpháirtithe iniúchóireachta rannpháirteach go gníomhach agus an t-iniúchadh reachtúil á dhéanamh. Beidh an príomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta rannpháirteach go gníomhach agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta á dhéanamh.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta á dhéanamh, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil am leordhóthanach a thabhairt don dearbhú iontaofachta agus sannfaidh an t-iniúchóir reachtúil acmhainní leordhóthanacha ionas go mbeifear in ann a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh go hiomchuí.”;

(c)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

“(b)

i gcás gnólacht iniúchóireachta, ainm an phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta nó ainmneacha na bpríomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an phríomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta nó ainmneacha na bpríomh-chomhpháirtithe inbhuanaitheachta;

(c)

na táillí a ghearrtar ar an iniúchadh reachtúil, na táillí a ghearrtar ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus na táillí a ghearrtar ar sheirbhísí eile in aon bhliain airgeadais.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   Cruthóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta comhad dearbhaithe le haghaidh gach dearbhaithe iontaofachta a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta.

Doiciméadóidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar a laghad na sonraí arna dtaifeadadh de bhun Airteagal 22b maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

Coinneoidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta aon sonraí eile agus aon doiciméid eile a bhfuil tábhacht ag baint leo chun tacú leis an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 28a agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na Treorach seo agus na gceanglas dlí eile is infheidhme maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

Dúnfar an comhad dearbhaithe tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis dháta sínithe na tuarascála dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 28a.

I gcás inarb é nó í an t-iniúchóir reachtúil céanna a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, féadfar an comhad dearbhaithe a áireamh sa chomhad iniúchóireachta.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“Coinneoidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta taifid d”aon ghearáin arna ndéanamh i scríbhinn faoi fheidhmíocht na n-iniúchtaí reachtúla a dhéantar agus faoi fheidhmíocht na ndearbhuithe iontaofachta a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhéantar.”;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

Táillí iniúchóireachta agus dearbhaithe

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha leordhóthanacha i bhfeidhm lena bhforáiltear an méid seo a leanas maidir le táillí ar iniúchtaí reachtúla agus ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta:

(a)

ní bheidh tionchar orthu ag soláthar seirbhísí breise don eintiteas atá faoi réir an iniúchta reachtúil nó dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus ní chinnfear iad mar gheall ar sholáthar seirbhísí breise den sórt sin; agus

(b)

ní féidir iad a bheith bunaithe ar aon chineál teagmhais.”;

(14)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 25b

Eitic ghairmiúil, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta

Na ceanglais in Airteagail 21 go 24a a mhéid a bhaineann leis an iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

Airteagal 25c

Seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe i gcásanna ina ndéanann an t-iniúchóir reachtúil dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí

1.   Ní dhéanfaidh iniúchóir reachtúil ná gnólacht iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí, ná aon chomhalta den líonra ar comhalta de an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) agus pointí (e) go (k) den dara fomhír d”Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 a sholáthar, go díreach ná go hindíreach, don eintiteas leasa phoiblí atá faoi réir dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, dá mháthairghnóthas ná dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas sna tréimhsí a leanas:

(a)

an tréimhse idir tús na tréimhse atá faoi réir dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus eisiúint na tuarascála dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta; agus

(b)

an bhliain airgeadais díreach roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo i ndáil leis na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (e) den dara fomhír d”Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014.

2.   Féadfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí agus, i gcás ina mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta le líonra, aon chomhalta de líonra den sórt sin, seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc a sholáthar don eintiteas leasa phoiblí atá faoi réir dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta nó dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe, seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó i gcás inarb infheidhme, na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear sa dara fomhír d”Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 nó seirbhísí a mheasann na Ballstáit a bheith ina mbagairt ar neamhspleáchas amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán sin, faoi réir fhormheas an choiste iniúchóireachta tar éis dó measúnú ceart a dhéanamh ar bhagairtí ar neamhspleáchas agus ar na coimircí arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22b den Treoir seo.

3.   Nuair a sholáthraíonn comhalta de líonra ar comhalta de an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do ghnóthas atá corpraithe i dtríú tír, ar gnóthas é a rialaíonn an t-eintiteas leasa phoiblí atá faoi réir dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta lena mbaineann measúnú i dtaobh an mbainfí dá neamhspleáchas mar gheall ar chomhalta den líonra a bheith ag soláthar seirbhísí den sórt sin.

Má dhéantar difear dá neamhspleáchas, cuirfidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta coimircí i bhfeidhm chun na bagairtí a d”éirigh ó sholáthar na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i dtríú tír a mhaolú. Ní fhéadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta leanúint le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid an eintitis leasa phoiblí a dhéanamh ach amháin más féidir leis nó léi údar a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 22b, nach ndéanann soláthar seirbhísí den sórt sin difear dá bhreithiúnas gairmiúil nó dá breithiúnas gairmiúil ná don tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta.

Airteagal 25d

Neamhrialtachtaí

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 maidir le hiniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ar eintitis leasa phoiblí.”;

(15)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 26a

Caighdeáin dearbhaithe le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin dearbhaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3.

2.   Féadfaidh na Ballstáit caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais náisiúnta dearbhaithe a chur i bhfeidhm fad nach mbeidh caighdeán dearbhaithe glactha ag an gCoimisiún lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna.

Cuirfidh na Ballstáit na caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais náisiúnta dearbhaithe in iúl don Choimisiún ar a laghad 3 mhí roimh a dteacht i bhfeidhm.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair 2026, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin dearbhaithe theoranta lena leagtar amach na nósanna imeachta a dhéanfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí agus an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta chun teacht ar chonclúidí maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena n-áirítear pleanáil dearbhaithe iontaofachta, breithniú riosca agus freagairt ar rioscaí agus cineál na gconclúidí atá le háireamh sa tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, nó, i gcás inarb ábhartha, sa tuarascáil iniúchóireachta.

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair 2028, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin dearbhaithe réasúnaigh, tar éis measúnú a dhéanamh chun a chinneadh an bhfuil dearbhú réasúnach indéanta d”iniúchóirí agus do ghnóthais. Agus torthaí an mheasúnaithe sin á gcur san áireamh agus, dá bhrí sin, más iomchuí, sonrófar sna gníomhartha tarmligthe sin an dáta óna mbeidh an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) le bheith bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach atá bunaithe ar na caighdeáin dearbhaithe réasúnaigh sin.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún na caighdeáin dearbhaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh ach amháin más fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(a)

forbraíodh iad le próis chuí, formhaoirseacht phoiblí agus trédhearcacht;

(b)

cuireann siad ardleibhéal inchreidteachta agus cáilíochta leis an tuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite; agus

(c)

tá siad fabhrach do leas poiblí an Aontais.”;

(16)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 27a

Dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás dearbhuithe iontaofachta a bhaineann leis an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite de chuid grúpa gnóthas:

(a)

i ndáil leis an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite, gurb ar an ngrúpiniúchóir a bheidh an fhreagracht iomlán as an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 28a;

(b)

go ndéanfaidh an grúpiniúchóir meastóireacht ar an obair dearbhaithe a rinne aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách, aon iniúchóir tríú tír, aon iniúchóir reachtúil, aon eintiteas iniúchóireachta tríú tír nó aon ghnólacht iniúchóireachta chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite agus go ndéanfaidh sé doiciméadú ar chineál, uainiú agus méid na hoibre a rinne na hiniúchóirí sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, athbhreithniú an ghrúpiniúchóra ar chodanna ábhartha de dhoiciméadacht dearbhaithe na n-iniúchóirí sin; agus

(c)

go ndéanfaidh an grúpiniúchóir athbhreithniú ar an obair dearbhaithe a rinne aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách, aon iniúchóir tríú tír, aon iniúchóir reachtúil, aon eintiteas iniúchóireachta tríú tír nó aon ghnólacht iniúchóireachta chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite agus go ndéanfaidh an grúpiniúchóir doiciméadú uirthi.

Beidh an doiciméadacht a choinníonn an grúpiniúchóir de chineál gur féidir leis an údaráis inniúil ábhartha athbhreithniú a dhéanamh ar obair an ghrúpiniúchóra.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír den mhír sin, iarrfaidh an grúpiniúchóir toiliú ó aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách lena mbaineann, aon iniúchóir tríú tír lena mbaineann, aon iniúchóir reachtúil lena mbaineann, aon eintiteas iniúchóireachta tríú tír lena mbaineann nó aon ghnólacht iniúchóireachta lena mbaineann d”aistriú doiciméadachta ábhartha le linn dóibh dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite a dhéanamh, mar choinníoll d”iontaoibh an ghrúpiniúchóra as obair gach soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách lena mbaineann, gach iniúchóra tríú tír lena mbaineann, gach iniúchóra reachtúil lena mbaineann, gach eintitis iniúchóireachta tríú tír lena mbaineann nó gach gnólachta iniúchóireachta lena mbaineann.

2.   I gcás nach bhfuil an grúpiniúchóir in ann pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh an grúpiniúchóir na bearta iomchuí a ghlacadh agus an t-údarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas.

Áireofar ar bhearta den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, obair dearbhaithe bhreise a dhéanamh, bíodh sin go díreach nó trí na cúraimí sin a sheachfhoinsiú, san fhoghnóthas ábhartha.

3.   I gcás ina bhfuil an grúpiniúchóir faoi réir athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta nó imscrúdú a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite de chuid grúpa gnóthas, cuirfidh an grúpiniúchóir ar fáil don údarás inniúil, arna iarraidh sin dó nó di, an doiciméadacht ábhartha a choimeádann sé nó sí maidir leis an obair dearbhaithe a rinne aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách ábhartha, aon iniúchóir tríú tír ábhartha, aon iniúchóir reachtúil ábhartha, aon eintiteas iniúchóireachta tríú tír ábhartha nó aon ghnólacht iniúchóireachta ábhartha chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite, lena n-áirítear aon pháipéir oibre atá ábhartha do dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite.

Féadfaidh an t-údarás inniúil doiciméadacht bhreise a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an obair dearbhaithe a rinne aon iniúchóir reachtúil nó aon ghnólacht iniúchóireachta chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite de bhun Airteagal 36.

I gcás ina ndéanann aon iniúchóir nó aon eintiteas iniúchóireachta ó thríú tír dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid máthairghnóthais nó de chuid foghnóthais de ghrúpa gnóthas, féadfaidh an t-údarás inniúil doiciméadacht bhreise a iarraidh, trí shocruithe oibre, ar na húdaráis inniúla ábhartha ó thríú tíortha maidir leis an obair dearbhaithe a rinne aon iniúchóir tríú tír nó aon eintiteas iniúchóireachta tríú tír.

De mhaolú ar an tríú fomhír, i gcás ina ndearna aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách, aon iniúchóir tríú tír nó aon eintiteas iniúchóireachta nach bhfuil socruithe oibre acu dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid máthairghnóthais nó de chuid foghnóthais de ghrúpa gnóthas, beidh an grúpiniúchóir, arna iarraidh sin dó nó di, freagrach freisin as a áirithiú go seachadfar go cuí na doiciméid bhreise faoin obair dearbhaithe a rinne aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách den sórt sin, aon iniúchóir tríú tír den sórt sin nó aon eintiteas iniúchóireachta den sórt sin, lena n-áirítear na páipéir oibre is ábhartha do dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite. Chun an seachadadh sin a áirithiú, coinneoidh an grúpiniúchóir cóip den doiciméadacht sin, nó ina mhalairt de chás, tiocfaidh an grúpiniúchóir ar shocrú le haon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách, aon iniúchóir tríú tír nó aon eintiteas iniúchóireachta go dtabharfar rochtain neamhshrianta ar dhoiciméadacht den sórt sin dó nó di, arna iarraidh sin dó nó di, nó déanfaidh an grúpiniúchóir aon bheart iomchuí eile. I gcás nach féidir páipéir oibre dearbhaithe a aistriú ó thríú tír go dtí an grúpiniúchóir, ar chúiseanna dlíthiúla nó ar chúiseanna eile, áireofar sa doiciméadacht a choinníonn an grúpiniúchóir fianaise gur thug sé nó sí faoi na nósanna imeachta cuí chun rochtain a fháil ar an doiciméadacht dearbhaithe, agus i gcás baic nach baic dhlíthiúla iad arna a eascraíonn as reachtaíocht an tríú tír lena mbaineann, fianaise lena léirítear gurb ann do bhaic den sórt sin.”;

(17)

in Airteagal 28(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

áireofar inti an tuairim agus ráiteas, agus beidh siad araon bunaithe ar an obair a dhéantar le linn an iniúchta, de bhun phointí (a) agus (b) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) de Threoir 2013/34/AE;”;

(18)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta

1.   Cuirfidh an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta torthaí dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta i láthair i dtuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta. Déanfar an tuarascáil sin a ullmhú i gcomhréir le ceanglais na gcaighdeán dearbhaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 26a(3), nó, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin dearbhaithe sin, i gcomhréir leis na caighdeáin náisiúnta dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a(2).

2.   Beidh an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta i scríbhinn agus déanfar an méid seo a leanas inti:

(a)

sainaithneofar an t-eintiteas a bhfuil a thuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite faoi réir an dearbhaithe iontaofachta; sonrófar an tuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite agus an dáta agus an tréimhse a chumhdaítear leis; agus sainaithneofar creat an tuairiscithe inbhuanaitheachta a cuireadh i bhfeidhm agus é á ullmhú;

(b)

áireofar inti tuairisc ar raon feidhme dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta lena sainaithneofar, ar a laghad, na caighdeáin dearbhaithe a ndearnadh dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta i gcomhréir leo;

(c)

áireofar inti an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) de Threoir 2013/34/AE.

3.   I gcás ina ndearna níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, tiocfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta ar chomhaontú maidir le torthaí dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus tíolacfaidh siad tuarascáil chomhpháirteach agus tuairim chomhpháirteach. I gcás easaontais, tíolacfaidh gach iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a thuairim nó a tuairim i mír ar leith den tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus luafaidh sé nó sí an chúis atá leis an easaontas.

4.   Beidh an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta sínithe agus dátaithe ag an iniúchóir reachtúil a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. I gcás ina ndearna gnólacht iniúchóireachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ar an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, beidh ar a laghad síniú an iniúchóra reachtúil nó na n-iniúchóirí reachtúla a rinne dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta. I gcás ina bhfuil níos mó ná iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta amháin fostaithe go comhuaineach, beidh an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta sínithe ag na hiniúchóirí reachtúla uile nó ar a laghad ag na hiniúchóirí reachtúla a rinne dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta thar ceann gach gnólachta iniúchóireachta. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach gá síniú den sórt sin ná sínithe den sórt sin a nochtadh don phobal dá bhféadfadh garbhagairt shuntasach teacht as nochtadh den sórt sin do shlándáil phearsanta aon duine.

Ar aon chuma, beidh ainm an duine lena mbaineann nó ainmneacha na ndaoine lena mbaineann ar an eolas ag na húdaráis inniúla ábhartha.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcás inarb é nó í an t-iniúchóir reachtúil céanna a rinne an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, go bhféadfar an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a áireamh mar chuid ar leith den tuarascáil iniúchóireachta.

6.   Le tuarascáil an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta reachtúil maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 5.”;

(19)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

maidir leis na daoine a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, beidh oideachas gairmiúil iomchuí orthu agus taithí ábhartha acu in iniúchadh reachtúil agus tuairisciú airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta nó i seirbhísí eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, comhcheangailte le hoiliúint shonrach maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta;”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

áireofar ar raon feidhme an athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, arna thacú le tástáil leordhóthanach ar chomhaid iniúchóireachta roghnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, comhaid dearbhaithe, measúnú ar chomhlíonadh na gcaighdeán iniúchóireachta is infheidhme agus na gceanglas neamhspleáchais is infheidhme agus, i gcás inarb infheidhme, na gcaighdeán dearbhaithe, agus measúnú ar chainníocht agus cáilíocht na n-acmhainní a caitheadh, ar na táillí iniúchóireachta agus táillí a gearradh as dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, agus ar chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an ghnólachta iniúchóireachta;”;

(c)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

déanfar athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta ar bhonn anailís ar an riosca agus, i gcás iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe 1 d”Airteagal 2 agus, i gcás inarb infheidhme, a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ar a laghad gach 6 bliana;”;

(d)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

beidh oideachas gairmiúil iomchuí ar athbhreithneoirí agus taithí ábhartha acu in iniúchadh reachtúil agus tuairisciú airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta nó i seirbhísí eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, comhcheangailte le hoiliúint shonrach maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta;”;

(e)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Go dtí an 31 Nollaig 2025, féadfaidh na Ballstáit daoine a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhíolmhú ón gceanglas taithí ábhartha a bheith acu i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta nó i seirbhísí eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.”;

(20)

in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córais éifeachtacha imscrúduithe agus smachtbhannaí ann chun forghníomhú neamhleor an iniúchta reachtúil agus dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a bhrath, a cheartú agus a chosc.

2.   Gan dochar do chórais dliteanais shibhialta na mBallstát, déanfaidh siad foráil maidir le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i leith iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta, i gcás nach ndéantar iniúchtaí reachtúla nó dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta i gcomhréir leis na forálacha arna nglacadh le linn chur chun feidhme na Treorach seo agus, i gcás inarb infheidhme, le Rialachán (AE) Uimh. 537/2014.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a leagan síos i leith sáruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta cheana féin. Sa chás sin, cuirfidh siad forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.”;

(21)

in Airteagal 30a(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ca)

toirmeasc sealadach, a mhairfidh suas le 3 bliana, lena gcuirtear cosc ar an iniúchóir reachtúil, ar an ngnólacht iniúchóireachta nó ar an bpríomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh nó tuarascálacha dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a shíniú, nó an dá rud a dhéanamh;”;

(22)

in Airteagal 30a(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(da)

dearbhú nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal 28a den Treoir seo leis an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta;”;

(23)

leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Beidh an t-údarás inniúil faoi rialú ag neamhchleachtóirí atá eolach sna réimsí a bhaineann le hiniúchadh reachtúil agus, i gcás inarb infheidhme, le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Roghnófar iad i gcomhréir le nós imeachta ainmniúcháin neamhspleách agus trédhearcach.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

glacadh na gcaighdeán maidir le heitic ghairmiúil, rialú cáilíochta inmheánach gnólachtaí iniúchóireachta, iniúchóireacht agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ach amháin i gcás ina ndéanann údaráis eile de chuid na mBallstát na caighdeáin sin a ghlacadh nó a fhormheas;”;

(24)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 36a

Socruithe rialála idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta

Na ceanglais in Airteagail 34 agus 36 a mhéid a bhaineann leis an iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”;

(25)

leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le ceapadh an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le ceapadh an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Toirmeascfar aon chlásal conarthach lena ndéantar an rogha a dhéantar ag cruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis a ndéantar iniúchadh air de bhun mhír 1 a shrianadh do chatagóirí áirithe nó liostaí áirithe d”iniúchóirí reachtúla nó de ghnólachtaí iniúchóireachta a mhéid a bhaineann le hiniúchóir reachtúil sonrach nó gnólacht iniúchóireachta sonrach a cheapadh chun iniúchadh reachtúil an eintitis sin a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid an eintitis sin a dhéanamh. Beidh aon chlásail den sórt sin atá ann cheana ar neamhní go hiomlán.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag scairshealbhóirí nó comhaltaí gnóthas mór atá faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE, cé is moite de ghnóthais dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir sin, agus ar mó iad ná 5 % de na cearta vótála nó 5 % de chaipiteal an ghnóthais, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó i dteannta a chéile, dréachtrún atá le glacadh ag cruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a chur síos, lena gceanglaítear ar thríú páirtí creidiúnaithe nach mbaineann leis an ngnólacht iniúchóireachta céanna nó leis an líonra iniúchóireachta céanna mar an iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil tuarascáil a ullmhú maidir le gnéithe áirithe den tuairisciú inbhuanaitheachta agus go gcuirfear tuarascáil den sórt sin ar fáil do chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí.”;

(26)

leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a dhífhostú ach amháin i gcás ina bhfuil forais chuí leis sin. Ní forais chuí le dífhostú iad éagsúlacht tuairimí maidir le cóireálacha cuntasaíochta, nósanna imeachta iniúchóireachta ná, i gcás inarb infheidhme, tuairisciú inbhuanaitheachta nó nósanna imeachta dearbhaithe.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Beidh feidhm ag an oibleagáid eolas a chur ar fáil dá bhforáiltear sa chéad fhomhír freisin maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”;

(c)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”;

(27)

leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfaidh an comhlacht riaracháin nó maoirseachta ina iomláine nó comhlacht tiomnaithe arna bhunú ag an gcomhlacht riaracháin nó maoirseachta na feidhmeanna a shanntar don choiste iniúchóireachta a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta agus a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”;

(b)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (e):

“(a)

comhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchadh air a chur ar an eolas faoi thoradh an iniúchta reachtúil agus, i gcás inarb infheidhme, faoi thoradh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus a mhíniú conas a chuir an t-iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta le sláine an tuairiscithe airgeadais agus an tuairiscithe inbhuanaitheachta faoi seach, agus cén ról a bhí ag an gcoiste iniúchóireachta sa phróiseas sin;

(b)

faireachán ar phróiseas an tuairiscithe airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, ar phróiseas an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena n-áirítear próiseas an tuairiscithe leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagal 29d de Threoir 2013/34/AE agus an próiseas a dhéanann an gnóthas chun an fhaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b den Treoir sin a shainaithint, agus moltaí nó tograí a thíolacadh chun sláine an mhéid sin a áirithiú;

(c)

faireachán ar éifeachtacht chórais inmheánacha rialaithe cáilíochta agus bainistithe riosca an ghnóthais agus, i gcás inarb infheidhme, a iniúchta inmheánaigh, maidir le tuairisciú airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisciú inbhuanaitheachta an ghnóthais, lena n-áirítear próiseas a thuairiscithe leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagal 29d de Threoir 2013/34/AE, gan a neamhspleáchas a shárú;

(d)

faireachán ar iniúchadh reachtúil na ráiteas bliantúil agus comhdhlúite agus, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite, go háirithe a fheidhmíocht, agus aon toradh agus conclúid ón údarás inniúil de bhun Airteagal 26(6) de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 á gcur san áireamh;

(e)

athbhreithniú agus faireachán ar neamhspleáchas na n-iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagail 22, 22a, 22b, 24a, 24b, 25b, 25c agus 25d den Treoir seo agus le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, agus go háirithe a iomchuí atá soláthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta don eintiteas a ndéantar iniúchadh air i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin;”;

(28)

leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cláróidh údaráis inniúla Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagail 15, 16 agus 17 den Treoir seo, gach iniúchóir tríú tír agus eintiteas iniúchóireachta tríú tír, i gcás ina soláthraíonn an t-iniúchóir tríú tír nó an t-eintiteas iniúchóireachta tríú tír sin tuarascáil iniúchóireachta maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla nó chomhdhlúite nó, i gcás inarb infheidhme, tuarascáil dearbhaithe maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite de chuid gnóthais atá corpraithe lasmuigh den Aontas agus a ligtear isteach a gcuid urrús inaistrithe chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte de chuid an Bhallstáit sin, a shainmhínítear i bpointe (21) d”Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*27), seachas i gcás inarb eisitheoir an gnóthas i gceist a eisíonn urrúis fiachais gan íoc go heisiach a bhfuil feidhm ag ceann díobh seo a leanas maidir leo:

(a)

ligeadh urrúis den sórt sin isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát, a shainmhínítear i bpointe (21) d”Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, roimh an 31 Nollaig 2010 agus is ionann an ainmníocht in aghaidh an aonaid, ar dháta an eisiúna, agus ar a laghad EUR 50 000 nó, i gcás urrúis fiachais atá ainmnithe in airgeadra eile, agus méid atá ar a laghad coibhéiseach le EUR 50 000, ar dháta an eisiúna;

(b)

ligtear urrúis den sórt sin isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát, a shainmhínítear i bpointe (21) d”Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ón 31 Nollaig 2010 agus is ionann an ainmníocht in aghaidh an aonaid, ar dháta an eisiúna, agus ar a laghad EUR 100 000 nó, i gcás urrúis fiachais atá ainmnithe in airgeadra eile, agus méid atá ar a laghad coibhéiseach le EUR 100 000, ar dháta an eisiúna.

(*27)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4, 5 agus 6:

“4.   Gan dochar d”Airteagal 46, maidir le tuarascálacha iniúchóireachta a bhaineann le cuntais bhliantúla nó le cuntais chomhdhlúite nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le tuarascálacha dearbhaithe a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna n-eisiúint ag iniúchóirí tríú tír nó ag eintitis iniúchóireachta nach bhfuil cláraithe sa Bhallstát, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil acu sa Bhallstát sin.

5.   Ní fhéadfaidh Ballstát eintiteas iniúchóireachta tríú tír a chlárú chun ráitis airgeadais a iniúchadh ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

comhlíonann formhór chomhaltaí chomhlacht riaracháin nó bainistíochta an eintitis iniúchóireachta tríú tír ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 10, cé is moite d”Airteagal 7(2), Airteagal 8(3) agus an dara fomhír d”Airteagal 10(1);

(b)

comhlíonann an t-iniúchóir tríú tír a dhéanann an t-iniúchadh thar ceann an eintitis iniúchóireachta tríú tír ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 10, cé is moite d”Airteagal 7(2), Airteagal 8(3) agus an dara fomhír d”Airteagal 10(1);

(c)

déantar na hiniúchtaí ar na cuntais bhliantúla nó chomhdhlúite dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 26, chomh maith leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 22, 22b agus 25, nó le caighdeáin agus ceanglais choibhéiseacha;

(d)

foilsíonn an t-eintiteas iniúchóireachta tríú tír ar a shuíomh gréasáin tuarascáil bhliantúil trédhearcachta ina n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh 537/2014 nó comhlíonann sé na ceanglais choibhéiseacha maidir le nochtadh.

Ní fhéadfaidh Ballstát eintiteas iniúchóireachta tríú tír a chlárú chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

comhlíonann formhór chomhaltaí chomhlacht riaracháin nó bainistíochta an eintitis iniúchóireachta tríú tír ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 10;

(b)

comhlíonann an t-iniúchóir tríú tír a dhéanann an dearbhú thar ceann an eintitis iniúchóireachta tríú tír ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 10;

(c)

déantar dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na caighdeáin dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a, chomh maith leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 22, 22b, 25 agus 25b nó le caighdeáin agus ceanglais choibhéiseacha;

(d)

foilsíonn an t-eintiteas iniúchóireachta tríú tír ar a shuíomh gréasáin tuarascáil bhliantúil trédhearcachta ina n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 nó comhlíonann sé na ceanglais choibhéiseacha maidir le nochtadh.

5a.   Ní fhéadfaidh Ballstát iniúchóir tríú tír a chlárú chun ráitis airgeadais a iniúchadh ach amháin má chomhlíonann an t-iniúchóir sin na ceanglais a leagtar amach i bpointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír de mhír 5 den Airteagal seo.

Ní fhéadfaidh Ballstát iniúchóir tríú tír a chlárú chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ach amháin má chomhlíonann an t-iniúchóir sin na ceanglais a leagtar amach i bpointí (b), (c) agus (d) den dara fhomhír de mhír 5 den Airteagal seo.

6.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 5 agus phointe (c) den dara fomhír de mhír 5 den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcoibhéis dá dtagraítear iontu trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Féadfaidh na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an gcoibhéis dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 5 agus i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 5 den Airteagal seo, fad nach bhfuil cinneadh den sórt sin déanta ag an gCoimisiún.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a lena bhforlíontar an Treoir seo chun na critéir ghinearálta coibhéise a bhunú atá le húsáid agus measúnú á dhéanamh an bhfuil na hiniúchtaí ar na ráitis airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ndéanamh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 26 agus le caighdeáin dearbhaithe le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 26a, faoi seach, agus leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 22, 24 agus 25. Úsáidfidh na Ballstáit na critéir sin, critéir is infheidhme maidir le gach tríú tír, agus measúnú á dhéanamh acu ar choibhéis ar an leibhéal náisiúnta.”;

(29)

leasaítear Airteagal 48a mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 26a(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 26(3), Airteagal 26a(3), Airteagal 45(6), Airteagal 46(2) agus Airteagal 47(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 26(3), Airteagal 26a(3), Airteagal 45(6), Airteagal 46(2) nó Airteagal 47(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 4 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 537/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Chun críocha na dteorainneacha a shonraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, eisiafar dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus seirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta.”;

(2)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

leabharchoimeád agus taifid chuntasaíochta agus ráitis airgeadais a ullmhú agus tuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú;”;

(b)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

“Ní bheidh gá le formheas an choiste iniúchóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a sholáthar.”.

Airteagal 5

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 1 go 3 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 6 Iúil 2024. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagal 1, cé is moite de phointe (14), a chomhlíonadh:

(a)

le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis:

(i)

maidir le gnóthais mhóra de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir sin a sháraíonn, ar dhátaí a gclár comhardaithe, meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais;

(ii)

maidir le heintitis leasa phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (1) d”Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ar máthairghnóthais de ghrúpa mór iad de réir bhrí Airteagal 3(7) den Treoir sin a sháraíonn, ar dháta a chlár comhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais;

(b)

le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis:

(i)

maidir le gnóthais mhóra de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE, seachas na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointe (a)(i) den fhomhír seo;

(ii)

maidir le máthairghnóthais de ghrúpa mór iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den fhomhír seo;

(c)

le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis:

(i)

maidir le ghnóthais bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Airteagal 3(2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir sin agus nach micreaghnóthais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin;

(ii)

maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta a shainmhínítear i bpointe (145) d”Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll gur gnóthais mhóra iad de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE nó gur gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad de réir bhrí Airteagal 3(2) agus (3) den Treoir sin ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir sin agus nach micreaghnóthais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin;

(iii)

maidir le gnóthais árachais faoi chuing a shainmhínítear i bpointe (2) d”Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), agus gnóthais athárachais faoi chuing a shainmhínítear i bpointe (5) d”Airteagal 13 den Treoir sin, ar choinníoll gur gnóthais mhóra iad de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE nó gur gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad de réir bhrí Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(3) den Treoir sin ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir sin agus nach micreaghnóthais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin.

Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun pointe (14) d”Airteagal 1 a chomhlíonadh le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2028 nó dá éis.

Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagal 2 a chomhlíonadh:

(a)

le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis:

(i)

maidir le heisitheoirí mar a shainmhínítear i bpointe (d) d”Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE ar máthairghnóthais de ghrúpa mór iad de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE a sháraíonn, ar dhátaí a gclár comhardaithe, meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais;

(ii)

maidir le heisitheoirí mar a shainmhínítear i bpointe (d) d”Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE ar máthairghnóthais de ghrúpa mór iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE a sháraíonn, ar dhátaí a chláir chomhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais;

(b)

le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis:

(i)

maidir le heisitheoirí mar a shainmhínítear i bpointe (d) d”Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE ar gnóthais mhóra iad de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a)(i) den fhomhír seo;

(ii)

maidir le heisitheoirí mar a shainmhínítear i bpointe (d) d”Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE ar máthairghnóthais de ghrúpa mór iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den fhomhír seo;

(c)

le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis:

(i)

maidir le heisitheoirí mar a shainmhínítear i bpointe (d) d”Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE ar gnóthais bheaga agus meánmhéide iad de réir bhrí Airteagal 3(2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE agus nach micreaghnóthais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2013/34/AE;

(ii)

maidir le heisitheoirí a shainmhínítear mar institiúidí beaga neamhchasta i bpointe (145) d”Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll gur gnóthais mhóra iad de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE nó gur gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad de réir bhrí Airteagal 3(2) agus (3) den Treoir sin ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir sin agus nach micreaghnóthais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin;

(iii)

maidir le heisitheoirí a shainmhínítear mar ghnóthais árachais faoi chuing i bpointe (2) d”Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE, nó mar ghnóthais athárachais faoi chuing i bpointe (5) d”Airteagal 13 den Treoir sin, ar choinníoll gur gnóthais mhóra iad de réir bhrí Airteagal 3 (4) de Threoir 2013/34/AE nó gur gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad de réir bhrí Airteagal 3(2) agus (3) den Treoir sin ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir sin agus nach micreaghnóthais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin.

Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagal 3 a chomhlíonadh le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis.

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach leasaithí seo, lena n-áirítear, inter alia:

(a)

measúnú ar bhaint amach spriocanna na Treorach leasaithí seo, lena n-áirítear cóineasú na gcleachtas tuairiscithe idir na Ballstáit;

(b)

measúnú ar líon na ngnóthas beag agus meánmhéide a úsáideann go deonach na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 29c de Threoir 2013/34/AE;

(c)

measúnú ar cibé ar cheart raon feidhme na bhforálacha arna leasú leis an Treoir leasaitheach seo a leathnú tuilleadh agus conas é sin a dhéanamh, go háirithe i ndáil le gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus i ndáil le gnóthais tríú tír a oibríonn go díreach ar mhargadh inmheánach an Aontais gan foghnóthas nó brainse ar chríoch an Aontais;

(d)

measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe ar fhoghnóthais agus brainsí na ngnóthas tríú tír a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo, lena n-áirítear measúnú ar líon na ngnóthas tríú tír a bhfuil foghnóthas nó brainse acu a thuairiscíonn i gcomhréir le hAirteagal 40a de Threoir 2013/34/AE; measúnú ar an sásra forfheidhmiúcháin agus ar na tairseacha a leagtar amach san Airteagal sin;

(e)

measúnú ar cibé ar cheart inrochtaineacht ar thuarascálacha inbhuanaitheachta arna bhfoilsiú ag gnóthais a thagann faoi raon feidhme na Treorach leasaithí seo a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas agus conas inrochtaineacht na dtuarascálacha sin a áirithiú.

Foilseofar an tuarascáil faoin 30 Aibreán 2029 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, agus beidh tograí reachtacha ag gabháil léi, más iomchuí.

2.   Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú ar leibhéal comhchruinnithe an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta. Cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin na córais náisiúnta is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha agus déanfar measúnú ann i dtaobh an rannchuidíonn na córais náisiúnta sin leis an margadh dearbhaithe a oscailt agus a mhéid a rannchuidíonn siad leis an margadh sin a oscailt.

Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhearta dlíthiúla féideartha chun éagsúlú leordhóthanach an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta agus cáilíocht tuairiscithe inbhuanaitheachta iomchuí a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá lena leathnú chuig gnóthais mhóra eile.

Tarchuirfear an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Nollaig 2028 agus beidh tograí reachtacha ag gabháil léi, más iomchuí.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 den Treoir seo ón 1 Eanáir 2024 maidir le blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.

Airteagal 8

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Beidh Airteagal 4 ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna déanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 51.

(2)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Samhain 2022.

(3)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2019/2089 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus nochtaí inbhuanaitheachta le haghaidh tagarmharcanna (IO L 317, 9.12.2019, lch. 17).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear (IO L 406, 3.12.2020, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1817 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íosmhéid inneachair a bheidh sa mhíniú ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais sa mhodheolaíocht tagarmhairc (IO L 406, 3.12.2020, lch. 12).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).

(13)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2013/36/AE, Treoir 2014/59/AE agus Treoir 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).

(14)  IO C 76, 9.3.2020, lch. 23.

(15)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 94.

(16)  Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh na faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).

(17)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2007 lena mbunaítear sásra chun comhionannas na gcaighdeán cuntasaíochta a chuireann eisiúnaithe urrús i dtríú tíortha i bhfeidhm a chinneadh de bhun Threoracha 2003/71/CE agus 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 340, 22.12.2007, lch. 66).

(19)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

(20)  Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite ghnóthais árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).

(21)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(22)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó gan nochtadh (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(25)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).

(27)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(28)  Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

(29)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(30)  Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).

(31)  Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(33)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaigh aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(35)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

(36)  Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17)

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).

(38)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(39)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).