24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/47


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/281 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian le substaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL) a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint shrianta é mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine maidir le húsáid mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe ag an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine (“na hiarratais ar athnuachan”) laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, agus rinneadh iarratas amháin acu sin a thabhairt cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, fanann díolúine bailí go dtí go ndéanfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Cinneadh sa mheastóireacht ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil sé dodhéanta faoi láthair ar bhonn teicniúil mearcair a dhíothú i dtaca leis na feidhmeanna lena mbaineann nó substaint inchomparáide ó thaobh feidhmíochta de a chur ina ionad. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Ba cheart do raon feidhme agus fad na ndíolúintí ón srian le hábhair nó comhábhair shonracha áirithe a bheith teoranta, chun substaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chéimniú amach de réir a chéile. Cinneadh sa mheasúnú freisin gur cheart, ar thaobh amháin, cúngú a dhéanamh ar raon feidhme na díolúine maidir le feidhmeanna sonraithe breise agus, ar an taobh eile, gur féidir fad na díolúine leithne reatha a ghiorrú

(9)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an ábhar sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(10)

Is iomchuí, dá bhrí sin, athnuachan na díolúine a dheonú go ceann uastréimhse 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, i gcomhair dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha atá ceaptha chun solas den speictream ultraivialait a astú, toisc gan aon rogha mhalartach iontaofa a bheith ar fáil faoi láthair. Maidir le gach cineál eile dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha a thagann faoi chatagóir dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha, ba cheart an díolúine a athnuachan go ceann 3 bliana, chun ligean don tionscal faisnéis mhionsonraithe a ullmhú chun údar a thabhairt le leanúint leis an díolúine sin i gcomhair catagóirí sonraithe lampaí speisialta, i gcomhréir le haidhm na Treorach gur cheart do raon feidhme agus fad díolúintí a bheith teoranta. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag fad na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinilí polabróimínithe nó éitir défheinilí polabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE:

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“1

Mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha nach mó (de réir an dóire):

 

1(f) - I

I gcomhair lampaí a cheaptar chun solas den speictream ultraivialait a astú ná: 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2027

1(f) - II

Sainchuspóireach: 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2025”