24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/32


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/276 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(a), 1(b), 1(c), 1(d) agus 1(e) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críocha soilsithe ghinearálta chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear i solas infheicthe ina dhiaidh sin leis an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas chun an díolúine a athnuachan (“na hiarratais ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, ar tugadh ceann díobh cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar na hiarratais ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadaigh atá iontaofa go leor agus atá saor ó mhearcair ar fáil go forleathan cheana féin do na cineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil sé indéanta go heolaíoch agus go teicniúil mearcair a ionadú sna lampaí sin. Thairis sin, cinneadh sa mheastóireacht sin gur léir gur mhó na tairbhí a bhaineann le hionadú ná aon tionchar diúltach.

(8)

Áiríodh leis an meastóireacht ar na hiarratais ar athnuachan comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(9)

Toisc nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE á gcomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart an t-iarratas ar athnuachan a dhiúltú.

(10)

Ba cheart dáta éaga a shocrú maidir leis an díolúine i gcomhréir le hAirteagal 5(6) den Treoir sin. Ba cheart an dáta is luaithe is féidir de 12 mhí ón gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis an díolúine a chúlghairm a shocrú ós rud é nach bhfuil imthosca praiticiúla ann a thabharfadh údar le tréimhse éaga níos faide, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go gcumhdaítear go leor de na lampaí atá i gceist freisin le Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún ina leagtar síos íoscheanglais éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh le hurramú chun na táirgí a chur ar an margadh, rud a thabharfaidh le tuiscint nach gcuirfear na lampaí sin de facto ar an margadh ón 1 Meán Fómhair 2021.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna a bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 1(a), 1(b), 1(c), 1(d) agus 1(e):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“1.

Mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha nach mó ná na luachanna seo a leanas(de réir an dóire):

 

1(a)

Chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W: 2,5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

1(b)

Chun críoch soilsithe ghinearálta ≥ 30 W agus < 50 W: 3,5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

1(c)

Chun críoch soilsithe ghinearálta ≥ 50 W agus < 150 W: 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

1(d)

Chun críoch soilsithe ghinearálta ≥ 150 W: 15 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

1(e)

Chun críoch soilsithe ghinearálta, a bhfuil cruth struchtúrach ciorclach nó cearnógach agus feadán ≤ 17 mm ar trastomhas acu: 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023”