21.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 326/1


CINNEADH (AE) 2022/2512 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

maidir le gan glacadh le doiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise arna n-eisiúint san Úcráin agus sa tSeoirsia

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (a) agus (b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol a rinne Cónaidhm na Rúise (an Rúis) in 2014 agus mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí díchobhsaithe leanúnacha in oirthear na hÚcráine, tá smachtbhannaí eacnamaíocha tugtha isteach ag an Aontas cheana, smachtbhannaí atá ceangailte le cur chun feidhme neamhiomlán na gcomhaontuithe a síníodh i Mionsc faoi choimirce an Ghrúpa Teagmhála Thríthaobhaigh de chuid ESCE mar fhreagairt ar an ngéarchéim san Úcráin agus thart uirthi (“Comhaontuithe Mhionsc”), smachtbhannaí maidir le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena ndéantar bagairt orthu, agus smachtbhannaí mar fhreagairt ar ionghabháil mhídhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol a rinne an Rúis.

(2)

Ós rud é gur shínigh sí comhaontuithe Mhionsc, tá freagracht shoiléir dhíreach ar an Rúis oibriú chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gComhaontuithe Mhionsc. Leis an gcinneadh aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thabhairt do na réigiúin nach bhfuil faoi rialú rialtais in oirthear na hÚcráine, is léir gur sháraigh an Rúis Comhaontuithe Mhionsc, lena sonraítear filleadh iomlán na réigiún sin ar rialú rialtas na hÚcráine. Leis an gcinneadh sin agus an cinneadh a rinneadh ina dhiaidh sin trúpaí Rúiseacha a chur isteach sna réigiúin sin, baintear a thuilleadh an bonn de cheannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine agus tá sárú tromchúiseach déanta ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist.

(3)

An 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach, mar aon lena comhpháirtithe idirnáisiúnta, go neamhbhalbh an fogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin a bhí gan chúis, gan údar agus chuir an Chomhairle a dlúthpháirtíocht iomlán in iúl leis an Úcráin agus lena muintir. Thairis sin, d’éiligh an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, go gcuirfeadh an Rúis deireadh lena gníomhaíochtaí míleata láithreach, go ndéanfadh sí a fórsaí agus a trealamh míleata uile a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine agus iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta a urramú go hiomlán. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an seasamh sin sna conclúidí uaithi an 25 Márta 2022, an 31 Bealtaine 2022 agus an 24 Meitheamh 2022.

(4)

Maidir leis an tSeoirsia, an 1 Meán Fómhair 2008, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir, sna conclúidí ón Uachtaránacht ón gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach, cinneadh aontaobhach na Rúise aitheantas a thabhairt do neamhspleáchas na hAbcáise agus na hOiséite Theas agus d’áitigh sí ar thíortha eile gan aitheantas a thabhairt dá neamhspleáchas.

(5)

Fogha míleata a tharlaíonn i dtír a bhfuil teorainn aici leis an Aontas, amhail atá tarlaithe san Úcráin agus as ar eascair na bearta sriantacha, tugann an méid sin údar le bearta atá ceaptha chun leasanna slándála bunúsacha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.

(6)

Ó rinneadh an ionghabháil neamhdhleathach ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol an 18 Márta 2014, tá pasanna idirnáisiúnta Rúiseacha eisithe ag an Rúis chuig cónaitheoirí na gcríoch sin. An 24 Aibreán 2019, shínigh Uachtarán na Rúise foraithne lena simplítear an nós imeachta do chónaitheoirí sna réigiúin nach bhfuil faoi rialú an rialtais in Donetsk agus Luhansk na hÚcráine chun saoránacht na Rúise a fháil, lena n-áirítear an nós imeachta chun pasanna idirnáisiúnta Rúiseacha a eisiúint do na cónaitheoirí sin. Trí bhíthin foraithne a eisíodh an 11 Iúil 2022, leathnaigh an Rúis an cleachtas gnáthphasanna idirnáisiúnta Rúiseacha a eisiúint chuig cónaitheoirí réigiún eile nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin, go háirithe réigiúin Kherson agus Zaporizhzhia. I mí na Bealtaine 2022, thug an Rúis nós imeachta simplithe um eadóirseacht Rúiseach isteach le haghaidh leanaí atá ina ndílleachtaí ó “Daon-Phoblacht Donetsk” mar a ghairtear di agus ó “Daon-Phoblacht Luhansk” mar a ghairtear di, agus ón Úcráin chomh maith. Tá feidhm ag an bhforaithne freisin maidir le leanaí gan cúram tuismitheora agus maidir le daoine atá faoi éagumas dlíthiúil agus atá ina n-áitritheoirí sa dá réigiún sin faoi fhorghabháil. Eisiúint chórasach pasanna Rúiseacha sna réigiúin sin atá faoi fhorghabháil, sin sárú breise ar an dlí idirnáisiúnta agus ar iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine.

(7)

Níor thug an tAontas ná a Bhallstáit ná an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis ná Lichtinstéin aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach agus cháin siad forghabháil neamhdhleathach réigiúin agus chríocha na hÚcráine ag an Rúis. Baineann sé sin go háirithe le hionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol, forghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk agus Luhansk, ach freisin le forghabháil neamhdhleathach bhreise i réigiúin thoir agus theas na hÚcráine, go háirithe réigiúin Kherson agus Zaporizhzhia. Maidir le doiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise (doiciméid taistil Rúiseacha) a eisítear sna réigiúin agus sna críocha sin, ní aithníonn na Ballstáit ná an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis ná Lichtinstéin iad nó tá siad ar tí gan iad a aithint. Is amhlaidh an cás maidir le doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i gcríocha na hAbcáise agus na hOiséite Theas sa tSeoirsia, ar doiciméid iad nach bhfuil faoi rialú rialtas na Seoirsia tráth theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo (críocha scarúnaíocha).

(8)

Chun comhbheartas víosaí agus cur chuige comhchoiteann a áirithiú maidir leis na seiceálacha a bhfuil daoine faoina réir agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha, maidir le doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin nó i gcríocha san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag an Rúis nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia, nó a eisítear chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin nó sna críocha sin, níor cheart glacadh le haon na doiciméid mar sin mar dhoiciméid taistil bhailí chun víosa a eisiúint agus chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú a dhéanamh do dhaoine ar shaoránaigh Rúiseacha iad ar an dáta ar cuireadh tús le heisiúint doiciméad taistil Rúiseach sa réigiún nó sa chríoch faoi fhorghabháil faoi seach nó i gcríoch scarúnaíoch. Ba cheart feidhm a bheith ag an maolú sin freisin maidir le sliocht na ndaoine sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú a dhéanamh freisin más mionaoiseach nó duine faoi éagumas dlíthiúil a bhí i nduine tráth eisiúna an doiciméid taistil sin.

(9)

Ní dhéanann an Cinneadh seo difear d’inniúlacht na mBallstát aitheantas a thabhairt do dhoiciméid taistil.

(10)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus trédhearcachta, ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ó na Ballstáit, liosta a tharraingt suas de dhoiciméid taistil Rúiseacha nach nglactar leo. Ba cheart a áireamh sa liosta sin an dáta ónar cuireadh tús le heisiúint na ndoiciméad taistil sin agus ar dá éis nár cheart glacadh leis na doiciméid taistil sin. Ba cheart don Choimisiún gníomh cur chun feidhme ina mbeidh an liosta sin a ghlacadh. Ba cheart an gníomh cur chun feidhme sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart an liosta a ionchorprú i liosta na ndoiciméad taistil arna bhunú faoi Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i dtábla doiciméad taistil arna n-eisiúint ag tríú tíortha agus ag eintitis chríochacha atá ar fáil go poiblí ar líne.

(11)

Ní dhéanann an Cinneadh seo difear don cheart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh, lena n-áirítear an fhéidearthacht atá ag na baill teaghlaigh sin dul isteach ar chríoch na mBallstát gan doiciméad taistil bailí de réir bhrí Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go háirithe agus na gcomhaontuithe maidir le saorghluaiseacht daoine arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus na Ballstáit, de pháirt, agus tríú tíortha áirithe, den pháirt eile. Le Treoir 2004/38/CE, ceadaítear, faoi na coinníollacha a shonraítear inti, srianta ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí.

(12)

Urramaíonn an Cinneadh seo cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail arna n-aithint go háirithe i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

(13)

Ní dhéanann an Cinneadh seo difear d’acquis tearmainn an Aontais agus go háirithe don cheart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. De réir mar a meabhraíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2022 dar teideal “Treoirlínte oibríochtúla a chur ar fáil maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin a éascú”, tá an fhéidearthacht ag na Ballstáit i gcónaí cead a thabhairt do shealbhóirí doiciméad taistil a ndírítear orthu sa Chinneadh seo nach gcomhlíonann dá bhrí sin ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha iontrála a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus nach bhfuil a gceart feidhmithe acu chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcásanna aonair, dá bhforáiltear in Airteagail 25 agus 29 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus in Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2016/399. Ba cheart na maoluithe sin a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir le linn na géarchéime atá ann faoi láthair, go háirithe chun cead isteach a thabhairt do na daoine uile a thagann faoi raon feidhme Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (6).

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon feidhmiú an chomhbheartais víosaí agus limistéar Schengen a neartú trí oibleagáid a thabhairt isteach gan glacadh le doiciméid taistil áirithe chun críocha víosa a eisiúint agus na teorainneacha seachtracha a thrasnú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(15)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(16)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (7); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (9).

(18)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (10), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11).

(19)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (12), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (13).

(20)

Maidir leis an gCipir, an Bhulgáir agus an Rómáin agus an Chróit, is é atá in Airteagal 1, pointe (a) den Chinneadh seo, gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar bhealach eile aige le acquis Schengen, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011, faoi seach, ach is é atá in Airteagal 1, pointe (b), gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar bhealach eile aige le acquis Schengen, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011, faoi seach.

(21)

I bhfianaise a phráinní atá an staid, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(22)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, agus mar gheall ar an staid éigeandálaí réigiúin agus críocha san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag an Rúis agus i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia freisin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Doiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise (doiciméid taistil Rúiseacha) arna n-eisiúint i réigiúin nó i gcríocha san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag Cónaidhm na Rúise nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia agus nach bhfuil, tráth theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, faoi rialú rialtas na Seoirsia, nó chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin nó sna críocha sin, ní ghlacfar leo mar dhoiciméid taistil bhailí chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

víosa a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(b)

na teorainneacha seachtracha a thrasnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

Airteagal 2

De mhaolú ar Airteagal 1, féadfar glacadh le doiciméad taistil Rúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 1:

(a)

má bhí a shealbhóir ina shaoránach Rúiseach nó ina saoránach Rúiseach roimh an dáta ábhartha arna shonrú sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 3 nó más de shliocht shaoránaigh Rúisigh den sórt sin an sealbhóir;

(b)

más ba mhionaoiseach nó má ba dhuine faoi éagumas dlíthiúil a shealbhóir tráth eisiúna doiciméid taistil den sórt sin.

Sealbhóirí doiciméad taistil a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dóibh dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcásanna aonair, rud dá bhforáiltear in Airteagail 25 agus 29 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus in Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2016/399.

Ní dhéanfaidh an Cinneadh seo difear d’acquis tearmainn an Aontais agus go háirithe don cheart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó na Ballstáit, liosta de na doiciméid taistil dá dtagraítear in Airteagal 1 a tharraingt suas, lena n-áirítear na dátaí ónar cuireadh tús le heisiúint na ndoiciméad taistil sin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina mbeidh an liosta dá dtagraítear sa chéad mhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus déanfar an liosta a ionchorprú i liosta na ndoiciméad taistil arna bhunú faoi Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022.

(2)  Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an liosta de dhoiciméid taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad a fhéadfar a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra a chur ar bun chun an liosta sin a bhunú, (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).

(3)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(4)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

(7)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(8)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(9)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(10)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(11)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(12)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(13)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).