17.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/69


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2254 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2022

lena n-údaraítear don Bhulgáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 287, pointe (17), de Threoir 2006/112/CE, ceadaítear don Bhulgáir daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 25 600 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (CBL).

(2)

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 17 Bealtaine 2022, d’iarr an Bhulgáir údarú beart a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287, pointe (17), de Threoir 2006/112/CE agus, dá bhrí sin, daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 51 130 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais a dhíolmhú ó CBL (“an beart speisialta”). Bheadh feidhm ag an mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2024, an dáta faoina gcaithfidh na Ballstáit Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle a thrasuí (2). Maidir leis an soláthar earraí agus seirbhísí a dhéanann daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 85 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, de thoradh na Treorach sin, ón 1 Eanáir 2025, ceadófar do na Ballstáit an soláthar sin a dhíolmhú ó CBL.

(3)

De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne Bhulgáir chuig na Ballstáit eile, le litir dar dáta an 26 Iúil 2022. Le litir dar dáta an 27 Iúil 2022, thug an Coimisiún fógra don Bhulgáir go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(4)

Tá an beart speisialta i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/285, lena bhféachtar leis an ualach comhlíontachta ar fhiontair bheaga a laghdú agus saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

(5)

Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánach toisc go bhféadfaidh siad na gnáthshocruithe CBL a roghnú de bhun Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.

(6)

De réir na faisnéise a chuir an Bhulgáir ar fáil, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar an méid iomlán ioncaim cánach a bhailíonn an Bhulgáir ag céim an tomhaltais deiridh.

(7)

Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle (3), ní dhéanfaidh an Bhulgáir aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoin acmhainn dhílis CBL-bhunaithe le haghaidh bhliain airgeadais 2022 agus ina dhiaidh sin.

(8)

Ós rud é go measann an Bhulgáir go mbeidh laghdú ar oibleagáidí CBL mar thoradh ar an mbeart speisialta agus, dá bhrí sin, go mbeidh laghdú ar an ualach riaracháin agus ar chostais chomhlíontachta d’fhiontair bheaga agus do na húdaráis chánach araon, agus ós rud é nach mbeidh aon tionchar mór ar an ioncam CBL iomlán a ghinfear, ba cheart údarú a thabhairt don Bhulgáir an beart speisialta a thabhairt isteach.

(9)

Ba cheart teorainn ama a bheith le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta. Ba cheart an teorainn ama a bheith leordhóthanach chun gur féidir leis an gCoimisiúin meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Airteagal 1 den Treoir sin a chomhlíonadh, lena leasaítear Treoir 2006/112/CE, agus lena leagtar síos rialacha CBT níos simplí le haghaidh fiontair bheaga, agus tá siad leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, údarú a thabhairt don Bhulgáir an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 287, pointe (17), de Threoir 2006/112/CE, údaraítear don Bhulgáir daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 51 130 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais a dhíolmhú ó CBL.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBulgáir.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 165, 11.5.2021, lch. 9).