|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/67 |
CINNEADH (CBES) 2022/1965 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
mar thaca le Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Iúil 2001, ghlac na Stáit a bhí rannpháirteach i gComhdháil na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú (“Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe”). An 8 Nollaig 2005, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an ionstraim idirnáisiúnta lena gcuirtear ar chumas stát mionairm agus armáin éadroma neamhcheadaithe a shainaithint agus a rianú go tráthúil agus go hiontaofa (“an Ionstraim Idirnáisiúnta Rianaithe”). Dearbhaítear leis an dá ionstraim idirnáisiúnta sin go gcomhoibreoidh Stáit, de réir mar is iomchuí, leis na Náisiúin Aontaithe chun tacú lena gcur chun feidhme éifeachtach. |
|
(2) |
An 12 Iúil 2002, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2002/589/CBES (1) maidir le dul i ngleic le carnadh agus scaipeadh díchobhsaitheach mionarm agus armán éadrom (SALW) a chomhrac. |
|
(3) |
An 16 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh chun carnadh aindleathach mionarm agus arm éadrom, mar aon lena n-armlón, agus an gháinneáil a dhéantar orthu a chomhrac. Leis an Straitéis sin, sainaithnítear tacaíocht do Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe mar an chéad tosaíocht do ghníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus iarrtar go nglacfaí ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le SALW, mar aon lena n-armlón, a rianú agus a mharcáil. |
|
(4) |
Tar éis ghlacadh na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe, thacaigh an tAontas lena chur chun feidhme iomlán trí Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/113/CBES ón gComhairle (2) a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Rinne an Chomhairle measúnú dearfach ar chur chun feidhme na Gníomhaíochta Comhpháirtí. |
|
(5) |
An 18 Iúil 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2011/428 (3), a thacaigh le dara Comhdháil na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe in 2012. |
|
(6) |
I gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a seoladh an 25-27 Meán Fómhair 2015, dearbhaítear nach mór cur i gcoinne thrádáil SALW chun go leor de na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre, leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an bhfás eacnamaíoch, leis an tsláinte, le comhionannas inscne agus le cathracha sábháilte. Dá bhrí sin, i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16.4, gheall na Stáit uile go bhféachfaidís leis na sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach. |
|
(7) |
An 3 Aibreán 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2017/633/CBES (4), a thacaigh le tríú Comhdháil na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe in 2018. An 30 Meitheamh 2018, ag an tríú Comhdháil Athbhreithniúcháin, glacadh doiciméad deiridh ina ndearna na Stáit athnuachan ar a ngealltanas atreorú SALW a chosc agus a chomhrac. D’athdhearbhaigh na Stáit go bhfuil siad toilteanach leanúint de chomhar idirnáisiúnta agus comhar réigiúnach a threisiú trí chomhordú, comhairliúchán, malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil feabhsaithe, ina bhfuil eagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus foréigiúnacha páirteach, chomh maith le húdaráis forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann agus ceadúnaithe onnmhairithe agus allmhairithe. |
|
(8) |
Ina Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal, Securing Our Common Future [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú], a cuireadh i láthair an 24 Bealtaine 2018, d’iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go dtabharfaí aghaidh ar charnadh iomarcach agus ar thrádáil aindleathach gnáth-armán, agus d’iarr sé go dtacófaí le cineálacha cur chuige ar leibhéal na tíre maidir le SALW, mar aon lena n-armlón, ar nithe iad a sainaithníodh mar phríomhchumasóirí foréigin agus coinbhleachta armtha. |
|
(9) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Armáin Éadroma Aindleathacha agus a nArmlón, dar teideal Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint (“Straitéis SALW an Aontais”), ina leagtar amach na treoirlínte do ghníomhaíocht an Aontais i réimse SALW. I Straitéis SALW an Aontais, meastar gurb é Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe an creat domhanda chun dul i ngleic leis an mbagairt ó SALW aindleathacha agus tacaíonn sí lena chur chun feidhme iomlán éifeachtúil ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda. |
|
(10) |
An 17 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2018/2011/CBES (5). Luaitear i Straitéis SALW an Aontais go ndéanfaidh an tAontas cinntí inscne, agus malartú dea-chleachtas i ndáil leis an méid sin, a phríomhshruthú go héifeachtach agus tionscadail nua a bhaineann le comhrac an fhoréigin gunna agus le rialú SALW i gcoitinne á gceapadh acu. |
|
(11) |
Tugann tuarascáil chríochnaitheach 2022 ón Ochtú Cruinniú Débhliantúil na Stát le féachaint ar chur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe an méid seo a leanas dá haire:
|
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. D’fhonn Straitéis SALW an Aontais a chur chun feidhme, is é is cuspóir don Chinneadh seo tacú le cur chun feidhme éifeachtach iomlán Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe agus na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe, feabhas a chur ar an tslándáil idirnáisiúnta, réigiúnach agus náisiúnta, rannchuidiú le slándáil an duine a bhaint amach, agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí rialú SALW.
2. De bhun mhír 1, is iad seo a leanas cuspóirí an Chinnidh seo:
|
(a) |
tacú le forbairtí beartais domhanda réamhbhreathnaitheacha i gcomhthéacs cheathrú Comhdháil na Náisiún Aontaithe chun an Dul chun Cinn atá Déanta i gCur chun Feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe in 2024 a Athbhreithniú; |
|
(b) |
cur chun feidhme éifeachtach náisiúnta agus réigiúnach an Chláir Gníomhaíochta agus na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe a neartú; |
|
(c) |
tacú le beartais agus cláir rialaithe SALW atá inscne-fhreagrúil. |
3. Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadail san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is í Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
3. Comhlíonfaidh UNODA a chúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.
Airteagal 3
1. Is é EUR 4 524 465,05 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadal arna mhaoiniú ag an Aontas a chur chun feidhme.
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé an comhaontú maoiniúcháin is gá i gcrích le UNODA. Sonrófar sa chomhaontú maoiniúcháin go bhfuil UNODA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid, a áirithiú.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin i gcrích.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle ar chur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte tráthrialta arna n-ullmhú ag UNODA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheasúnú a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún ar ghnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh aon chomhaontú maoiniúcháin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2002/589/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le rannchuidiú an Aontais Eorpaigh le carnadh agus scaipeadh díchobhsaitheach mionarm agus armán éadrom a chomhrac agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 1999/34/CBES (IO L 191, 19.7.2002, lch. 1).
(2) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/113/CBES ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 chun tacú leis an Ionstraim Idirnáisiúnta lena gcuirtear ar chumas stát mionairm agus armáin éadroma aindleathacha (SALW) a shainaithint agus a rianú go tráthúil agus go hiontaofa faoi chuimsiú Straitéis an Aontais chun carnadh aindleathach SALW, mar aon lena n-armlón, agus an gháinneáil a dhéantar orthu a chomhrac (IO L 40, 14.2.2008, lch. 16).
(3) Cinneadh 2011/428/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2011 chun tacú le gníomhaíochtaí Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála chun Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú (IO L 188, 19.7.2011, lch. 37).
(4) Cinneadh (CBES) 2017/633 ón gComhairle an 3 Aibreán 2017 chun tacú le Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú (IO L 90, 4.4.2017, lch. 12).
(5) Cinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 a thacaíonn le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí ina ndéantar inscne a phríomhshruthú i gcomhrac na gáinneála a dhéantar ar mhionairm agus a mí-úsáide, i gcomhréir leis an gclár oibre um Mná, um an tSíocháin agus um an tSlándáil (IO L 322, 18.12.2018, lch. 38).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL CHUN TACÚ LE CLÁR GNÍOMHAÍOCHTA NA NÁISIÚN AONTAITHE CHUN GACH GNÉ DEN TRÁDÁIL AINDLEATHACH I MIONAIRM AGUS IN ARMÁIN ÉADROMA A CHOSC, A CHOMHRAC AGUS A DHÍOTHÚ
1. Cúlra
Nuair a glacadh Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc (PoA) in 2001, ba chéim chinniúnach é sin sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in armáin éadroma (SALW). Ó shin i leith, tá dul chun cinn tábhachtach déanta maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Phlean Gníomhaíochta agus a ionstraim rianaithe, Ionstraim Idirnáisiúnta 2005 lena gcuirtear ar chumas stát mionairm agus armáin éadroma aindleathacha a shainaithint agus a rianú go tráthúil agus go hiontaofa (ITI). Tá dúshláin agus bacainní fós ann, áfach, maidir le cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach an dá ionstraim.
Ní hamháin go gcuidíonn rialú éifeachtach mionarm le slándáil náisiúnta agus le slándáil an duine a neartú. Ina theannta sin, cuireann sé forbairt inbhuanaithe chun cinn mar a aithníonn na stáit i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a fhónann mar scáth do cheapadh agus do chlársceidealú cuimsitheach beartais dhomhanda. Tá ról lárnach ag na sreafaí aindleathacha arm maidir le coinbhleacht armtha, foréigean forleatach agus gníomhartha coireachta agus sceimhlitheoireachta a thionscnamh, a ghéarú agus a chothú. Bíonn tionchar diúltach ag na sreafaí sin, go háirithe i suíomhanna coinbhleachta, ar obair an phearsanra oibríochtaí daonnúla agus síochána agus bíonn sé níos casta comhaontuithe síochána a thabhairt i gcrích dá bharr.
Le PoA agus ITI, leantar den chreat uilíoch a chur ar fáil, creat ar tháinig Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe ar chomhaontú ina leith, chun dul i ngleic le fadhb na mionarm, lena dtugann gach stát gealltanas feabhas a chur ar dhlíthe agus ar bheartais náisiúnta maidir le mionairm, ar rialuithe allmhairiúcháin/onnmhairiúcháin, ar bhainistiú stoc-charn, ar mharcáil agus rianú, agus ar dhul i mbun comhair agus cúnaimh. Leis na deicheanna de bhlianta anuas, áfach, tá dúshláin nua a bhaineann le rialú SALW, ina measc forbairtí i monarú, teicneolaíocht agus dearadh SALW, tagtha chun cinn, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht roinnt de na forálacha a leagtar amach in PoA agus ITI.
Leis an ochtú Cruinniú Débhliantúil na Stát (BMS8), a tionóladh i mí an Mheithimh 2022, agus leis an gceathrú Comhdháil Athbhreithnithe (RevCon4), atá beartaithe do 2024, cuirtear deiseanna ar fáil do na stáit na bearnaí atá fós ann a mheas, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus beartas leighis agus ceartaithe agus bearta oibríochtúla a chur ar bun, rud a chuirfidh ar chumas na Stát clár oibre an bheartais dhomhanda agus éifeachtacht an PoA agus ITI a neartú.
Ó ghealltanais go gníomhaíocht
D’ainneoin dul chun cinn inmholta ar leibhéal an bheartais dhomhanda, tá gá fós le gníomhaíochtaí daingne náisiúnta agus réigiúnacha chun na gealltanais dhomhanda agus na hionstraimí réigiúnacha, ar tháinig na stáit ar chomhaontú ina leith, a chur chun feidhme. Agus meastachán ann go bhfuil aon bhilliún arm tine i gcúrsaíocht ar fud an domhain (1), is cúram práinneach i gcónaí é rialú SALW.
Tá go leor iarrataí ar chúnamh idirnáisiúnta (2) i gcónaí. Tá gá le sásraí cúnaimh feabhsaithe inbhuanaithe intuartha chun freastal ar na héilimh agus chun rialú agus rialáil SALW a neartú. Chun go gcomhlíonfaidh go leor stát na gealltanais pholaitiúla a bhaineann le rialú mionarm, lena n-áirítear iad siúd faoi Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt, tá gá le cúnamh idirnáisiúnta.
Tá easpa sásraí náisiúnta comhordúcháin ann in go leor stát agus tá na sásraí sin lag in go leor tíortha ina bhfuil siad ann. Tá na sásraí sin bunriachtanach chun beartais agus cláir náisiúnta a chomhchuibhiú, chun beartais, straitéisí agus cláir chuimsitheacha náisiúnta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht agus faireachán a dhéanamh orthu chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna mionarm. Tá líon na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta maidir le SALW fós íseal agus, i gcás inarb ann dóibh, tá leithdháileadh cistí nó comhtháthú i gcreataí forbartha agus slándála náisiúnta níos leithne easnamhach. Is dúshlán mór fós é sonraí a bhailiú in a lán stát, rud a bhaineann an bonn ón rianú agus den fhaireachán cainníochtúil ar iarrachtaí cur chun feidhme. I gcás ina mbíonn sonraí ar fáil, bíonn sé dúshlánach fós sonraí náisiúnta a chomhchuibhiú agus a imdhealú. Cé go bhfuil dul chun cinn coibhneasta déanta maidir le marcáil, faightear ardlíon leanúnach iarrataí ar chúnamh do bhainistiú stoc-charn, do choimeád taifead, do rialuithe aistrithe agus do rianú. (3) Ós rud gur cuid de chreat na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) é an rianú, baineann rátaí ísle ratha sa chreat sin an bonn ó bhaint amach Chlár Oibre 2030 go háirithe. (4)
Ó bhí an Séú Cruinniú Débhliantúil na Stát ann in 2016, rinneadh dul chun cinn suntasach ar fud an domhain maidir leis na naisc idir rialú mionarm agus comhionannas inscne a neartú. De bharr shaintréithe uathúla doimhne na sochaí a bhaineann le saincheist na mionarm, is gá príomhshruthú cuimsitheach a dhéanamh ar pheirspictíochtaí inscne i ngach gné de rialú mionarm. Tá dul chun cinn suntasach maidir le cur chun feidhme forálacha a bhaineann le hinscne le feiceáil sna tuarascálacha náisiúnta a chuir na Ballstáit faoi bhráid UNODA, lena léirítear léim ó 40 % go 63 % idir 2018 agus 2022 maidir le Stáit a chuireann breithnithe inscne i rialú mionarm san áireamh anois. (5)
Bhí ról suntasach sna hiarrachtaí sin ag Cinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 a thacaíonn le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí ina ndéantar inscne a phríomhshruthú sa chomhrac i gcoinne na gáinneála a dhéantar ar mhionairm agus a mí-úsáide, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS) ón Aontas, lenar imscaradh a gníomhaíochtaí san Afraic, san Áise agus san Aigéan Ciúin agus i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib. Tá éagsúlacht mhór ann, áfach, maidir le doimhneacht agus cur chun feidhme geografach na n-iarrachtaí sin agus ní bhailíonn ach 24 % de na Stáit sonraí imdhealaithe gnéis agus aoise a bhaineann le mionairm. (6) Gan na buntáistí a bhaineann le faisnéis chruinn mhionsonraithe fhianaisebhunaithe maidir leis na rioscaí éagsúla a bhaineann le mionairm do mhná, d’fhir, do chailíní agus do bhuachaillí agus na riachtanais shonracha slándála a bhíonn acu, is dócha go bhfanfaidh idirghabhálacha maidir le rialú mionarm dall ar inscne, rud a chuireann bac ar fhorbairtí éifeachtacha beartais agus clársceidealaithe agus SDG 5 a bhaint amach. Rachaidh tuilleadh dul chun cinn i ndáil leis sin chun tairbhe freisin do chur chun feidhme chlár oibre WPS, agus táscaire sa Chreat nua Faireacháin WPS maidir le “líon na dtíortha ina n-áirítear breithnithe inscne i gcur chun feidhme an Chláir Gníomhaíochta (PoA) maidir le mionairm agus armáin éadroma” a rannchuideoidh an tionscadal seo leo.
Agus saincheist na mionarm á léiriú féin ar bhealaí an-éagsúil ar fud an domhain agus na dúshláin atá ann ar an leibhéal náisiúnta maidir le ciorclaíocht SALW aindleathacha, léirítear comhcheangail uathúla imthosca agus comhthéacsanna. Dá bhrí sin, tá teorainn leis an dul chun cinn is féidir a dhéanamh sa chur chun feidhme ar bhonn iarracht chomhbheartaithe chomhordaithe dhomhanda; ní mór dul chun cinn a bhunú, thairis sin, ar úinéireacht agus tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha. Dá bhrí sin, chomhaontaigh na stáit ag an Seachtú Cruinniú Débhliantúil na Stát maidir le PoA (BMS7) “breithniú ar spriocanna deonacha náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú i gcomhréir le forálacha an Chláir Gníomhaíochta, agus comhthéacsanna éagsúla náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, d’fhonn úinéireacht náisiúnta agus réigiúnach agus tomhas an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme a neartú.” (7) Ba cheart baint a bheith ag na spriocanna sin le gníomhaíochtaí a leagtar amach i bpleananna gníomhaíochta náisiúnta nó straitéisí náisiúnta maidir le SALW, lena n-áirítear treochláir réigiúnacha, agus ba cheart iad a bheith intomhaiste agus ailínithe le PoA agus ITI agus leis na Spriocanna a comhaontaíodh i gClár Oibre 2030. Thairis sin, ní mór iarrachtaí náisiúnta maidir le rialú SALW a chomhchuibhiú le creataí náisiúnta eile atá ábhartha don tslándáil, don chomhionannas inscne agus don fhorbairt, nuair is ann dóibh.
Is ó Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe a lorgóidh na Stáit treoir agus cúnamh chun an cur chuige spriocdhírithe nua seo a chur chun feidhme, lena gcuirtear deis uathúil ar fáil i ndeireadh na dála d’iarrataí níos saincheaptha ar chúnamh idirnáisiúnta agus do leithdháileadh acmhainní chomh maith. (8) Is sampla den scoth iad na treochtaí a bhí ann le déanaí maidir le treochláir réigiúnacha/pleananna gníomhaíochta réigiúnacha agus cláir réigiúnacha a bhunú den chaoi ar féidir le socrú spriocanna éascaíocht a dhéanamh do dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme, agus é á áirithiú ag an am céanna go gcuirtear cúnamh comhordaithe ar fáil chun tacú leis na hiarrachtaí sin.
Tógáil ar thionscadail agus ar rath roimhe seo, an bealach chun cinn a réiteach
Tá ranníocaíochtaí luachmhara airgeadais curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit d’Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) agus dá lárionaid réigiúnacha chun tacú le PoA le blianta beaga anuas, lena dtacaítear le hullmhúcháin na gComhdhálacha Athbhreithnithe faoi PoA (9); le gnéithe oibríochtúla, amhail bainistiú feabhsaithe stoc-charn san Afraic, a mhaoiniú (10); agus an tacaíocht is déanaí a tugadh do bheartais, cláir agus gníomhaíochtaí príomhshruthaithe inscne sa chomhrac i gcoinne na gáinneála a dhéantar ar mhionairm agus a mí-úsáide, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil (11).
I measc na dtorthaí nithiúla a bhí ar na tionscadail sin, bhí doiciméad toraidh réamhbhreathnaitheach ag an Tríú Comhdháil Athbhreithnithe (12), arna chumasú le plé saineolaithe, comhairliúcháin réigiúnacha agus clár urraíochta lenar áirithíodh rannpháirtíocht níos leithne agus níos cothroime ó stáit agus ó ionadaithe na sochaí sibhialta ag an gComhdháil. San Afraic, feabhsaíodh acmhainní oibríochtúla agus teicniúla a neartaigh go nithiúil an tSlándáil Fhisiciúil agus Bainistiú Stoc-charn (PSSM) i mBuircíne Fasó, i Sead, i Mailí, sa Mháratáin, sa Nígir agus sa Nigéir. Leis an tionscadal rialaithe inscne agus mionarm atá ar siúl faoi láthair, cuireadh le hacmhainneachtaí náisiúnta i dtíortha ar fud an domhain chun tacú le rialú inscne-fhreagrúil mionarm, le hionadaithe oilte ó eagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha maidir leis an tsaincheist sin, agus cuireadh feabhas suntasach ar shineirgí idir iarrachtaí maidir le rialú mionarm agus cur chun feidhme an chláir oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil.
Tógann an togra seo ar na tionscadail a bhí ann roimhe seo agus ar an rath a bhí orthu, agus ag an am céanna tugtar isteach cur chuige nua trí ghné chun cur chun feidhme éifeachtach PoA agus ITI a chur chun cinn.
Cuirfidh an tionscadal nua ar chumas UNODA agus a lárionad réigiúnach a áirithiú go mbeidh ceapadh beartas domhanda, agus cur chun feidhme náisiúnta agus réigiúnach ailínithe, agus go leanfar den fhoghlaim thrasréigiúnach.
2. Cuspóirí, gníomhaíochtaí agus torthaí an tionscadail
Is é cuspóir sáraitheach an tionscadail feabhas a chur ar an tslándáil idirnáisiúnta, réigiúnach agus náisiúnta, rannchuidiú le slándáil an duine a bhaint amach agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí rialú SALW.
Bainfear é sin amach trí chur chuige trasghearrtha, lena dtacófar leis an obair ar (1) fhorbairtí réamhbhreathnaitheacha beartais dhomhanda i gcomhthéacs an Cheathrú Comhdháil Athbhreithnithe; (2) chur chun feidhme éifeachtach náisiúnta agus réigiúnach PoA agus ITI; agus béim ar leith ar (3) bheartais agus cláir inscne-fhreagrúla maidir le rialú mionarm.
I dteannta a chéile mar chreataí domhanda rialaithe mionarm, neartóidh na trí cholún PoA agus ITI, agus áiritheoidh siad a n-ábharthacht agus a n-éifeachtacht leanúnach.
Torthaí ar fud na dtrí cholún:
|
— |
Méadaítear an rannpháirtíocht le heagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha, rud a chumasaíonn cur chuige níos cuíchóirithe i leith iarrachtaí beartais agus cur chun feidhme ar an leibhéal foréigiúnach, réigiúnach agus domhanda. |
|
— |
Déantar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí ban agus gníomhaithe óige, a neartú ar gach leibhéal. |
3. Cur síos ar Straitéisí Cholún na dTionscadal
3.1. Beartais agus gealltanais dhomhanda a chur chun cinn i gcomhthéacs Cheathrú Comhdháil Athbhreithnithe 2024 na Náisiún Aontaithe (RevCon4) den Chlár Gníomhaíochta maidir le mionairm.
3.1.1. Torthaí
|
— |
Déantar ábharthacht agus éifeachtacht PoA/ITI a áirithiú agus a mhéadú. |
|
— |
Tá tacaíocht mhaith ag RevCon4 maidir le PoA agus tá raon leathan geallsealbhóirí ann. |
|
— |
Treisítear tuairisciú náisiúnta na Stát faoi PoA agus ITI, lena n-áirítear mar chreat le haghaidh bailiú sonraí le haghaidh sprioc SDG 16.4 (13) agus táscaire SGD 16.4.2. (14) |
3.1.2. Gníomhaíochtaí
Plé comhchéime fíorúil saineolaithe chun moltaí gníomhaíocht-dhírithe a fhorbairt a bhaineann le rialú SALW mar tacú le RevCon4.
Trí shraith cruinnithe comhchéime fíorúla saineolaithe, pléitear agus fiosraítear ábhair éagsúla chun ábharthacht agus éifeachtacht PoA agus ITI a áirithiú. Cinnfear ábhair an phlé chomhchéime bunaithe ar thorthaí BMS8 (i.e. arna roghnú ó réimsí tosaíochta dhoiciméad toraidh BMS8 le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta agus le breithniú ag RevCon4). Tabharfar cuireadh d’Uachtarán ainmnithe RevCon4 freastal ar gach cruinniú comhchéime saineolaithe. Cuirfear an ghníomhaíocht sin chun feidhme i gcomhar le UNIDIR. Is go fíorúil a reáchtálfar na cruinnithe comhchéime saineolaithe uile. Déanfar príomhthorthaí agus moltaí gach cruinnithe comhchéime a chur i láthair agus a phlé ag gach cruinniú réigiúnach.
Ullmhúcháin shubstainteacha chuimsitheacha do RevCon4
Cuirfidh cruinnithe réigiúnacha fóram ar fáil do Stáit rannpháirteacha agus d’eagraíochtaí réigiúnacha faoi seach chun dúshláin réigiún-sonracha a bhaineann le SALW a shainaithint agus tosaíochtaí réigiúnacha do RevCon4 a phlé. Tabharfar cuireadh d’Uachtarán ainmnithe RevCon4 freastal ar gach cruinniú réigiúnach.
De ghnáth, eagróidh réigiúin agus eagraíochtaí réigiúnacha eile — amhail an tAontas Eorpach, Léig na Stát Arabach, an tAigéan Ciúin agus ESCE — cruinniú ullmhúcháin do RevCon4. Ní gá don tionscadal na réigiúin sin a chumhdach. Arna iarraidh sin, féadfaidh UNODA a bheith rannpháirteach in aon cheann de na cruinnithe réigiúnacha sin chun torthaí phlé comhchéime na saineolaithe a chur i láthair. Cuirfidh UNODA agus a lárionaid réigiúnacha an ghníomhaíocht sin chun feidhme go déanach in 2023/go luath in 2024, le tacaíocht shubstainteach ó UNIDIR. Beidh na gníomhaíochtaí uile ar siúl i bpearsa.
Moltar go mbeadh na cúig chruinniú réigiúnacha seo a leanas ann:
|
Tíortha ó fhoréigiúin |
Eagraíochtaí réigiúnacha |
Ionad réigiúnach |
Ionad |
|
An Afraic Thiar agus an Afraic Láir |
AA, ECCAS, ECOWAS, RECSA, UEMOA, G5 na Saiheile |
UNREC |
Lomé, Tóga |
|
An Afraic Thoir agus Deisceart na hAfraice |
AA, EAC, SADC, IGAD, RECSA, SARCOM |
UNREC |
Lomé, Tóga |
|
Muir Chairib |
CARICOM |
UNLIREC |
Fíorúil |
|
Meiriceá Laidineach |
MERCOSUR, OAS, SICA |
UNLIREC |
Fíorúil |
|
ASEAN agus Stáit na hÁise Theas |
ASEAN, SAARC |
UNRCPD |
Bangkok, An Téalainn |
Clár urraíochta do rannpháirtithe ó thíortha i mbéal forbartha nó ó thíortha atá buailte go dona chun freastal ar RevCon4
De bharr easpa cistí, bíonn a lán tíortha i mbéal forbartha ag streachailt le hionadaíocht a fháil óna bpríomhoifigigh a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna SALW i gcaipiteal ag comhdhálacha athbhreithnithe PoA. Le clár urraíochta do ghrúpa roghnaithe de na tíortha is mó atá buailte, d’éascófaí a rannpháirtíocht, rud shaibhreodh an plé ag RevCon4. Soláthraíonn sé deis líonraithe iontach freisin agus d’fhéadfaí sineirgí a chruthú ag imeachtaí agus gníomhaíochtaí eile ar imeall RevCon4.
Déanfaidh SEGS na rannpháirtithe a fhormheas ar mholadh ó UNODA, lena n-áirítear a lárionaid réigiúnacha. I bprionsabal, ba cheart oifigigh roghnaithe ó údaráis náisiúnta a ainmniú mar phointí fócasacha náisiúnta PoA. I measc na gcritéar eile le haghaidh roghnúcháin tá breithnithe inscne, tíolacadh tráthúil tuarascála náisiúnta, rannpháirtíocht ghníomhach i gcruinnithe réigiúnacha agus/nó i bpléití comhchéime.
Gníomhaíochtaí chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i rialú mionarm a neartú
I measc na ngníomhaíochtaí beidh taighde agus abhcóideacht, feachtais meán, cláir urraíochta agus ceardlanna. Is é an Líonra Idirnáisiúnta Gníomhaíochta um Mionairm (IANSA) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí, i gcuibhreann/i gcomhar le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha, chun tacú le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta in RevCon4.
3.1.3. Aschuir
— Eagraíodh ceithre (4) chruinniú chomhchéime fhíorúla in 2023
Sna cruinnithe comhchéime, cuireadh moltaí gníomhaíocht-dhírithe ar fáil, moltaí a d’fhéadfadh na Stáit a bhreithniú, lena n-áirítear i ndoiciméad toraidh RevCon4 in 2024. Rinneadh príomhthorthaí agus príomh-mholtaí an phlé chomhchéime a chomhthiomsú in aon ghearrpháipéar amháin agus foilsíodh iad roimh RevCon4. Cuireadh an páipéar ar fáil i mBéarla agus aistríodh go hAraibis, Fraincis agus Spáinnis é.
— Eagraíodh cúig (5) cinn de chruinnithe réigiúnacha 2 lá chun tacú le rialtais agus le heagraíochtaí ó réigiúin shonracha agus iad ag ullmhú do RevCon4
Áiríodh tuairisciú náisiúnta ar chlár oibre na gcruinnithe réigiúnacha agus cuireadh cúnamh ar fáil do thoscaireachtaí ar mian leo a dtuarascálacha náisiúnta a ullmhú agus/nó a chur isteach le linn na gcruinnithe. De bharr rátaí ísle tuairiscithe i réigiúin na hÁise agus an Aigéin Chiúin, tionóladh clinic tuairiscithe náisiúnta aon lae tiomnaithe tar éis an chruinnithe réigiúnaigh, d’fhonn rátaí tuairiscithe sa réigiún a mhéadú do RevCon4. Cuireadh na torthaí agus na moltaí ó chruinnithe comhchéime na saineolaithe (Gníomhaíocht 1.3.1) i láthair agus pléadh iad ag na cruinnithe.
— D’fhreastail cúig rannpháirtí dhéag (15) urraithe ar RevCon4
Rinneadh urraíocht ar an taisteal chuig RevCon4 (ní chuig an gCoiste Ullmhúcháin níos luaithe in 2024) agus ar chóiríocht do suas le 15 rannpháirtí. Ina theannta sin, tugadh urraíocht do rannpháirtí amháin ó gach ionad réigiúnach (UNREC, UNLIREC, UNRCPD) chun freastal ar RevCon4 i Nua-Eabhrac.
3.1.4. Neartaíodh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta tríd an méid seo a leanas:
|
i. |
Rinneadh tuarascáil ar thorthaí BMS8 d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur le chéile agus a scaipeadh, a bhí mar bhonn eolais leis na hullmhúcháin do RevCon4. |
|
ii. |
Rinneadh feachtas a cheapadh agus a chur chun cinn d’fheachtais Sheachtain Gníomhaíochta Dhomhanda i gcoinne Foréigean Gunna, agus RevCon4 mar fhócas téamach. |
|
iii. |
Forbraíodh treoirleabhar sochaí sibhialta maidir le RevCon4 roimh an gComhdháil, inar leagadh amach conas a d’fhéadfadh an tsochaí shibhialta rannchuidiú leis na hullmhúcháin do RevCon4 agus leis an gcomhdháil iarbhír. |
|
iv. |
Trí chlár urraíochta, d’fhreastail suas le deichniúr (10) ionadaí ón tsochaí shibhialta ar RevCon4 agus ghlac siad páirt ghníomhach in imeachtaí a eagraíodh ar imeall RevCon4. |
|
v. |
Reáchtáladh ceardlann ullmhúcháin ar RevCon4 d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhí rannpháirteach. Gníomhaíocht 2 lá a bhí ann lenar tugadh comhaltaí IANSA le chéile i Nua-Eabhrac an deireadh seachtaine roimh an gComhdháil. |
|
vi. |
Rinneadh suas le trí (3) pháipéar faisnéise abhcóideachta do chomhaltaí IANSA maidir le hábhair théamacha a bhaineann le saincheisteanna nár thug PoA/ITI aghaidh orthu go leordhóthanach a tháirgeadh agus a scaipeadh. Cuireadh na páipéir ar fáil ar líne i mBéarla agus aistríodh iad go Fraincis agus Spáinnis. Cuireadh cóipeanna crua ar fáil ag RevCon4. |
3.2. Cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach an PoA/ITI a áirithiú bunaithe ar thosaíochtaí, spriocanna, straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus réigiúnacha
3.2.1. Torthaí
|
— |
Neartaítear cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach na ngealltanas a thug Stáit faoi chuimsiú an PoA agus ITI. |
|
— |
Déantar socrú spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha, arna gcomhaontú ag na Stáit ag BMS7, a thriail ar bhonn píolótach. |
3.2.2. Gníomhaíochtaí
Uasghrádú a dhéanamh ar uirlis mheasúnaithe MOSAIC (leagan ar líne agus leagan páipéir) chun cur ar chumas na Stát féinmheasúnuithe a dhéanamh ar chur chun feidhme PoA/ITI
Cuirfidh an uirlis mheasúnaithe MOSAIC ar chumas na Stát measúnú/féinmheasúnú a dhéanamh ar leibhéal cur chun feidhme PoA/ITI agus creataí rialaithe mionarm eile ar an leibhéal náisiúnta. Cuideoidh sé le Stáit bearnaí ina gcórais náisiúnta rialaithe mionarm a shainaithint agus réimsí tosaíochta a chinneadh ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun cumais náisiúnta a neartú agus chun cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach PoA/ITI a áirithiú.
Féadfaidh torthaí measúnuithe a bheith mar bhonn agus mar thaca ag pleananna gníomhaíochta, straitéisí, treochláir agus/nó spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt agus a áirithiú go bhfuil siad bunaithe ar na forálacha a comhaontaíodh i bpríomhchomhaontuithe domhanda SALW. Féadfar an uirlis mheasúnaithe MOSAIC a úsáid freisin chun tacú le bailiú agus tiomsú faisnéise atá le háireamh i dtuarascálacha náisiúnta maidir le cur chun feidhme PoA/ITI agus chun forbairt tograí tionscadail a éascú chun críocha tiomsaithe airgid.
Leis an uirlis mheasúnaithe MOSAIC, éascófar breithnithe náisiúnta faoina gcórais rialaithe mionarm i gcoinne na réimsí a chumhdaítear le modúil MOSAIC atá i sraitheanna 2, 3, 4, 5 agus 6, agus, dá bhrí sin, cumhdófar saolré iomlán na mionarm, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna trasghearrtha amhail inscne agus an óige. (15) Sa bhreis ar an úsáid a bhaineann údaráis náisiúnta aisti, tá sé beartaithe go mbeidh raon níos leithne geallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí réigiúnacha agus an tsochaí shibhialta, in ann uirlis den sórt sin a úsáid freisin. Rachaidh sí chun tairbhe go díreach d’obair lárionaid réigiúnacha UNODA agus féadfar í a úsáid le linn misin scóipe faoin Eintiteas Tarrthála Beatha (SALIENT) (16). Chun a áirithiú go bhféadfaidh na heintitis sin tacú le hiarrachtaí náisiúnta an uirlis mheasúnaithe MOSAIC a úsáid, déanfar Treoir d’Úsáideoirí a fhorbairt agus a chur ar fáil.
Cuirfear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme i gcomhar le UNIDIR.
Tacú le Stáit chun a n-iarrachtaí cur chun feidhme PoA/ITI a neartú
I Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib, arna chur chun feidhme ag UNLIREC
|
— |
Comhdhlúthú Treochlár SALW do Stáit Mheiriceá Láir (2022-2024), a mbeadh baint ag na Ballstáit Sistema de la Integración Centroamericana (SICA) uile lena mbaineann (Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Nicearagua agus Panama) le cur chun feidhme ionstraimí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha SALW a neartú agus chun leathadh aindleathach arm agus armlóin a laghdú san fhoréigiún. (17) Is éard a bheidh sna gníomhaíochtaí seimineáir, ceardlanna, seisiúin oibre (cruinnithe dréachtaithe agus téamacha) fhoréigiúnacha. Beidh Stáit Mheiriceá Láir in ann an móiminteam polaitiúil sa tréimhse roimh RevCon4 a úsáid chun tionscnamh foréigiúnach nua a chur chun cinn le cuspóirí agus táscairí soiléire. Tabharfar faoi phróiseas comhdhlúthaithe thionscnamh an Treochláir i gcomhar le Roinn Slándála Poiblí Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS) agus comhlánófar na gníomhaíochtaí a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2022/847 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022. Beidh UNLIREC in ann an próiseas a threorú taobh le OAS agus tógáil ar an saineolas atá aige faoi Threochlár Arm Tine Mhuir Chairib. Déanfar na gníomhaíochtaí uile a chomhordú le SICA, an eagraíocht fhoréigiúnach. |
|
— |
Déanfar cúrsaí ar Chomhrac na Gáinneála ar Airm agus Armlón (CTAM) agus an Cúrsa um Mionairm, Armlón agus Páirteanna agus Comhpháirteanna (ISAAPC) a chur i gcrích i Stáit Mheiriceá Theas agus Láir. |
San Áise-Aigéan Ciúin, arna chur chun feidhme ag UNRCPD
|
— |
Tacú le bunú agus oiliúint Phointí Fócasacha Náisiúnta PoA. Go dtí seo, níor ainmnigh agus níor thuairiscigh ach 17 dtír pointe teagmhála náisiúnta maidir le cur chun feidhme PoA/ITI i réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin. Faoin ngníomhaíocht sin, tacóidh UNRCPD le bunú pointí fócasacha náisiúnta, i gcás nach ann dóibh, agus cuirfidh sé feabhas ar acmhainneacht na bpointí fócasacha agus na sásraí comhordúcháin náisiúnta atá ann cheana trí cheardlann réigiúnach thiomnaithe. Déanfar an ghníomhaíocht sin in 2023 chun a áirithiú go n-ainmneofar pointí fócasacha náisiúnta in am do RevCon4. Déanfar an ghníomhaíocht seo go fíorúil. |
|
— |
Measúnuithe MOSAIC i stáit roghnaithe chun bearnaí agus deiseanna a shainaithint maidir le cur chun feidhme neartaithe agus maidir le tosaíochtaí, spriocanna agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú. Déanfar an ghníomhaíocht seo i bpearsa. |
|
— |
Cúnamh do stáit i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise maidir le cur chun feidhme PoA/ITI. Féadfar cúnamh a chur ar fáil maidir le gnéithe éagsúla de rialú SALW, ina measc gnéithe reachtacha agus rialála, ceapadh agus bainistiú rialaithe mionarm agus/nó tacaíocht oibríochtúil. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige foréigiúnacha (e.g. maidir le slándáil teorann) a bheith san áireamh leis sin freisin. Beidh gach gníomhaíocht cuimsitheach agus inscne-fhreagrúil. Féadfar a áireamh leo sin tacaíocht oibríochtúil, oiliúint, ceardlanna, cruinnithe, gníomhaíochtaí bailithe sonraí nó gníomhaíochtaí taighde. Is iad na húdaráis náisiúnta agus/nó na seirbhísí slándála agus na fórsaí cosanta a bheidh na bpríomhthairbhithe. Freagróidh UNRCPD iarratais ar chúnamh ó thíortha le linn chur chun feidhme an tionscadail. Tabharfar tús áite d’iarrataí ar chúnamh a eascraíonn as na gníomhaíochtaí eile a rinneadh faoin tionscadal seo, go háirithe ó mheasúnú MOSAIC, nó a cuireadh in iúl trí thuarascálacha náisiúnta. Féadfar cúnamh a chur ar fáil i bpearsa agus/nó go fíorúil. |
San Afraic, arna chur chun feidhme ag UNREC
|
— |
Measúnuithe MOSAIC i stáit roghnaithe chun bearnaí agus deiseanna a shainaithint maidir le cur chun feidhme neartaithe agus maidir le tosaíochtaí, spriocanna agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú. Déanfar an ghníomhaíocht seo i bpearsa. |
|
— |
Cúnamh do stáit san Afraic maidir le cur chun feidhme PoA/ITI. Féadfar cúnamh a chur ar fáil maidir le gnéithe éagsúla de rialú SALW, ina measc gnéithe reachtacha agus rialála, ceapadh agus bainistiú rialaithe mionarm agus/nó tacaíocht oibríochtúil. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige foréigiúnacha (e.g. maidir le slándáil teorann) a bheith san áireamh leis sin freisin. Beidh gach gníomhaíocht cuimsitheach agus inscne-fhreagrúil. Féadfar a áireamh leo sin tacaíocht oibríochtúil, oiliúint, ceardlanna, cruinnithe, gníomhaíochtaí bailithe sonraí nó gníomhaíochtaí taighde. Is iad na húdaráis náisiúnta agus/nó na seirbhísí slándála agus na fórsaí cosanta a bheidh na bpríomhthairbhithe. Freagróidh UNREC iarrataí ar chúnamh ó thíortha le linn chur chun feidhme an tionscadail. Tabharfar tús áite d’iarrataí ar chúnamh a eascraíonn as na gníomhaíochtaí eile a rinneadh faoin tionscadal seo, go háirithe ó mheasúnú MOSAIC, nó a cuireadh in iúl trí thuarascálacha náisiúnta. Féadfar cúnamh a chur ar fáil i bpearsa agus/nó go fíorúil. |
Gníomhaíochtaí chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i rialú mionarm a neartú, lena n-áirítear:
|
— |
Feachtais Bhliantúla — reáchtálfaidh IANSA agus a bhalleagraíochtaí gníomhaíochtaí feachtais bhliantúil le haghaidh imeachtaí amhail an tSeachtain Dhomhanda Gníomhaíochta i gcoinne Foréigean Gunna, Lá Idirnáisiúnta na nÓg, Mí Mhaithiúnas na Afraice, Lá Idirnáisiúnta na Síochána, Lá Idirnáisiúnta Leanaí na hAfraice, Lá Idirnáisiúnta Scrios Gunna, Caith Flannbhuí, Lá Idirnáisiúnta na mBan, agus na 16 Laethanta Gníomhachtaithe i gcoinne Foréigean Inscne-bhunaithe. |
|
— |
Acmhainneacht na sochaí sibhialta maidir le rialú SALW a fhothú — ábhair bheartas-dhírithe a fhorbairt agus deiseanna foghlama a eagrú do chomhaltaí IANSA, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin agus cuir i láthair, chun measúnú agus feabhsú a dhéanamh ar an eolas ar PoA/ITI agus ar ionstraimí idirnáisiúnta/réigiúnacha/foréigiúnacha eile atá ábhartha maidir le rialú SALW i measc na sochaí sibhialta, chun cur ar a gcumas tacú le rialú mionarm agus an rialú sin a chur chun cinn. |
|
— |
Rannpháirtíocht, abhcóideacht agus clár for-rochtana na sochaí sibhialta maidir le socrú spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha, pleananna gníomhaíochta, agus/nó treochláir — i gcomhairle agus i gcomhar le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha, tacóidh IANSA lena chomhaltaí líonra chun spriocanna agus tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a phlé le hoifigigh agus chun forbairt spriocanna agus tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a chur chun cinn chun PoA/ITI a chur chun feidhme. |
|
— |
Clár Deontais do rannpháirtíocht inbhuanaithe chomhaltaí roghnaithe IANSA — bunóidh IANSA Clár Deontais do Chomhaltaí IANSA chun cur ar chumas eagraíochtaí pobail obair chlársceidealaithe a dhéanamh. Bunóidh IANSA próiseas chun an Clár Deontais a éascú bunaithe ar chritéir roghnúcháin atá sainithe go soiléir agus a dhéanfaidh UNODA a fhormheas. |
|
— |
Abhcóideacht do Thuairisciú Náisiúnta — tacaíonn IANSA agus a chomhaltaí, i gcomhairle le UNODA, go comhsheasmhach le tuairisciú rialta agus cuimsitheach PoA/ITI trí idirphlé cuiditheach le húdaráis náisiúnta agus le parlaiminteoirí. Is é an Líonra Idirnáisiúnta Gníomhaíochta maidir le Mionairm (IANSA) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí sin, i gcuibhreann/i gcomhar le UNODA agus a lárionaid réigiúnacha agus tacóidh sé le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme iomlán agus éifeachtach PoA/ITI. |
3.2.3. Aschuir
Fuair an uirlis measúnaithe MOSAIC na huasghráduithe seo a leanas:
|
— |
Forbairt uirlis mheasúnaithe MOSAIC, lenar neartaíodh rialuithe náisiúnta mionarm, lenar tacaíodh le cur chun feidhme PoA agus le socrú spriocanna, mar aon le pleananna gníomhaíochta, forbairtí treochlár lenar éascaíodh iarrataí ar chúnamh idirnáisiúnta. D'fhorbair an uirlis mheasúnaithe MOSAIC ar an leagan béite den Uirlis Mheasúnaithe ISACS a forbraíodh roimhe seo, a bhí teoranta ó thaobh raon feidhme de do shraith 5 de na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Rialú Mionarm (ISACS). |
|
— |
Cuireadh leagan páipéir den uirlis ar fáil in Araibis, i mBéarla, i bhFraincis, i bPortaingéilis agus i Spáinnis. Cuireadh leagan Béarla ar líne ar fáil freisin. |
|
— |
Treoir Úsáideora don Uirlis Measúnaithe MOSAIC a fhorbairt agus a fhoilsiú i mBéarla, le haistriúcháin go hAraibis, Fraincis, Portaingéilis agus Spáinnis. |
|
— |
Rinneadh cleachtaí bailíochtaithe/seisiúin oiliúna chomhcheangailte d’uirlis mheasúnaithe MOSAIC le heagraíochtaí agus sásraí réigiúnacha agus foréigiúnacha ar imeall na gcruinnithe réigiúnacha mar ullmhúchán do RevCon4. |
I Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib
|
— |
Tionóladh suas le hocht (8) gcinn de sheimineáir/ceardlanna/seisiúin oibre/cruinnithe i bpearsa agus i suíomhanna fíorúla chun tacú le treochlár SALW a chomhdhlúthú do Stáit Mheiriceá Láir (2022-2024). Le linn na chéad bhliana de ghníomhaíochtaí, rinneadh an dréacht-dhoiciméad den Treochlár a chomhdhlúthú, agus díríodh i mbliain a dó ar straitéisí náisiúnta a fhorbairt (Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta (NAPanna) nó tionscnaimh chomhchosúla) agus ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a sainaithníodh sa tionscnamh/sa treochlár foréigiúnach. |
|
— |
Thug UNLIREC dhá (2) chúrsa ISAAPC agus ceithre (4) chúrsa CTAM i Stáit roghnaithe Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas. |
San Áise agus san Aigéan Ciúin
|
— |
Tionóladh ceardlann réigiúnach thiomnaithe. Dhírigh an cheardlann réigiúnach ar ról agus ar chúraimí Phointe Teagmhála Náisiúnta, go háirithe an comhordú le heintitis náisiúnta, tíolacadh tuarascálacha náisiúnta agus soláthar treorach maidir le beartas agus clársceidealú a bhaineann le rialú SALW. Bhí sé bunaithe ar mhodúl MOSAIC 03.40 ar shásraí comhordúcháin náisiúnta maidir le rialú SALW. |
|
— |
Rinneadh measúnuithe MOSAIC i bpearsa i suas le dhá (2) stát roghnaithe. |
|
— |
Fuair suas le ceithre (4) Stát i réigiún an Aigéin Chiúin san Áise cúnamh maidir le cur chun feidhme PoA/ITI. |
San Afraic
|
— |
Rinneadh measúnuithe MOSAIC i bpearsa i suas le dhá (2) stát roghnaithe. |
|
— |
Fuair suas le ceithre (4) Stát san Afraic cúnamh maidir le cur chun feidhme PoA/ITI. |
3.2.4. Neartaíodh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta tríd an méid seo a leanas:
|
i. |
Forbraíodh gníomhaíochtaí feachtais agus ábhair, agus cuireadh stipinní beaga ar fáil do bhalleagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta IANSA le haghaidh gníomhaíochtaí a rinneadh le linn na bhfeachtas sin. |
|
ii. |
Forbraíodh ábhair bheartas-dhírithe agus eagraíodh deiseanna foghlama do chomhaltaí IANSA. |
|
iii. |
Clár rannpháirtíochta agus abhcóideachta na sochaí sibhialta arna bhunú maidir le socrú spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha, pleananna gníomhaíochta, agus/nó treochláir. |
|
iv. |
Bunaíodh clár deontais le haghaidh rannpháirtíocht inbhuanaithe chomhaltaí roghnaithe IANSA. |
|
v. |
Rinneadh abhcóideacht le húdaráis náisiúnta agus le parlaiminteoirí chun Tuairisciú Náisiúnta a fheabhsú. |
3.3. Freastal ar an éileamh leanúnach chun beartais agus cláir rialaithe mionarm ina ndéantar príomhshruthú inscne a neartú agus a dhoimhniú, i gcomhréir leis an gClár Oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil
3.3.1. Torthaí
|
— |
Déantar acmhainneacht inbhuanaithe straitéiseach agus oibríochtúil a mhéadú agus a dhoimhniú a thuilleadh chun an inscne a phríomhshruthú i rialú mionarm i measc raon leathan geallsealbhóirí. |
|
— |
Feabhsaítear a thuilleadh sineirgí agus naisc inghníomhaithe le creataí beartais comhlántacha agus le cláir oibre chomhlántacha, go háirithe Clár Oibre 2030, an Clár Oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil, Ár gComhchlár Oibre agus rúin ón gComhthionól maidir le mná agus dí-armáil. |
3.3.2 Gníomhaíochtaí
Cuirfidh na gníomhaíochtaí uile le torthaí an tionscadail a mhaoinigh an tAontas roimhe seo, eadhon Cinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 a thacaíonn le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí ina ndéantar inscne a phríomhshruthú sa chomhrac i gcoinne na gáinneála a dhéantar ar mhionairm agus a mí-úsáide, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil.
An chomhpháirt maidir le rialú mionarm i gclár oibre WPS a neartú
Áirítear leis sin rannpháirtíocht leanúnach UNODA i Líonra Pointí Fócasacha na mBan, na Síochána agus na Slándála chun rialú mionarm a chur chun cinn i bpleananna gníomhaíochta, straitéisí agus iarrachtaí cur chun feidhme náisiúnta WPS. Rannpháirtíocht leanúnach a bheidh ann le linn chur chun feidhme an tionscadail agus is i bpearsa agus/nó i bhformáid fhíorúil a dhéanfar í.
Tacaíocht do Stáit chun beartais agus cláir inscne-fhreagrúla rialaithe mionarm a neartú
I Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib, arna chur chun feidhme ag UNLIREC
|
— |
Oiliúint maidir le príomhshruthú inscne i rialú mionarm i Stáit Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas — díríonn na cúrsaí ar údaráis náisiúnta atá freagrach as rialú agus rialáil mionarm, slándáil saoránach agus foréigean in aghaidh na mban/foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a laghdú. |
|
— |
Sraith seimineár gréasáin maidir le rialuithe SALW agus inscne sa tréimhse roimh RevCon4 — beidh na topaicí éagsúil agus cinnfear iad i gcomhar le Stáit Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas agus i gcomhréir le hullmhúcháin agus torthaí RevCon4. |
San Áise-Aigéan Ciúin, arna chur chun feidhme ag UNRCPD
|
— |
Cur chun feidhme clár oibre cóineasaithe maidir le rialú mionarm agus comhionannas inscne a chomhchuibhiú — bainfidh seo le tíortha san Áise agus san Aigéan Ciúin a dhéanamh rannpháirteach i pleananna gníomhaíochta náisiúnta um Mná, um an tSíocháin agus um an tSlándáil atá imithe in éag, atá ann cheana nó atá beartaithe, chun feabhas a chur ar chur chun feidhme clár oibre cóineasaithe le tionscnaimh rialaithe mionarm. Leis an tionscnamh, fiosrófar sineirgí le creataí comhionannais inscne eile, go háirithe an Tionscnamh Spotsolais. |
|
— |
Seimineár réigiúnach maidir le huiliú CTA i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus maidir leis an gcóineasú le clár oibre WPS — in 2013, ghlac na Stáit CTA, conradh iltaobhach lena rialaítear go sonrach an trádáil idirnáisiúnta in airm thraidisiúnta. Is é CTA an chéad chonradh a bhaineann le hairm atá ceangailteach ó thaobh dlí freisin lena n-aithnítear an nasc idir an trádáil arm agus an foréigean inscnebhunaithe (GBV). Trí CTA a chur chun feidhme, cuirtear ar chumas na Stát a ngealltanais maidir le honnmhairiú arm a leagtar amach in PoA in 2001 a chomhlíonadh. Tá aontachas na Síne agus na nOileán Filipíneach le CTA fós íseal i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, ach chruthaigh aontachas na Síne agus na nOileán Filipíneach le déanaí móiminteam fabhrach polaitiúil sa réigiún chun uiliú an Chonartha a chur chun cinn. Bhí an cheardlann bunaithe ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na bparlaiminteoirí faoin tionscadal roimhe seo, inar sainaithníodh an CTA mar phríomhréimse tosaíochta. Cuirfear an cheardlann chun feidhme i gcomhar le príomhchomhpháirtithe, lena n-áirítear gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus an tsochaí shibhialta. Eagrófar go fíorúil í. |
San Afraic, arna chur chun feidhme ag UNREC
|
— |
Ceardlanna réigiúnacha maidir le rialú mionarm a phríomhshruthú ó thaobh inscne de chun dúshláin agus tosaíochtaí a bhaineann le hinscne a mhalartú — reáchtálfar ceardlanna réigiúnacha don Afraic Thiar, don Afraic Láir, d’Oirthear na hAfraice agus do Dheisceart na hAfraice. Cuirfear na ceardlanna seo i bhfeidhm i gcomhar le heagraíochtaí réigiúnacha agus le príomhchomhpháirtithe agus is i bpearsa a eagrófar iad. |
|
— |
Rialú mionarm a chomhtháthú i gcomhionannas inscne, i bhforbairt agus in iarrachtaí slándála níos leithne trí shraith seimineár gréasáin le saineolaithe a bhíonn ag obair le GBV, CRSV, rannpháirtíocht na hóige, saincheisteanna daonnúla, agus cúnamh do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus do dhídeanaithe chun feasacht a mhúscailt faoi bhunchúiseanna agus faoi thionchair leathadh mionarm, gáinneála agus mí-úsáide agus faoin ngá atá le rialú arm a nascadh agus/nó a chomhtháthú i gcláir oibre eile. Is é cuspóir na sraithe seimineár gréasáin cur chuige ilghnéitheach a fhorbairt chun foréigean armtha a chosc agus a laghdú agus naisc inláimhsithe a chruthú idir údaráis náisiúnta um rialú mionarm, agus geallsealbhóirí breise chun na críche sin. Cuirfear an tsraith seimineár gréasáin i bhfeidhm i gcomhar le príomhchomhpháirtithe agus is go fíorúil a eagrófar í. |
Gníomhaíochtaí chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i rialú mionarm a neartú, lena n-áirítear:
|
— |
Príomhshruthú Inscne & Tuarascáil SALW maidir leis an méid a baineadh amach agus na ceachtanna a foghlaimíodh faoin tionscadal (CBES) 2018/2011 arna chistiú ag an Aontas, lena n-áirítear forléargas agus measúnú ar na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag IANSA agus a chomhaltaí agus moltaí maidir le tuilleadh rannpháirtíochta. Beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais do ghníomhaíochtaí eile a bhaineann le hinscne faoin tionscadal seo. |
|
— |
Ceardlanna, cúrsaí oiliúna agus imeachtaí fíorúla maidir le rialú mionarm a phríomhshruthú ó thaobh inscne de don tsochaí shibhialta i gcomhpháirtíocht le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha - eagróidh IANSA ceardlanna, cúrsaí oiliúna agus imeachtaí fíorúla maidir le hinscne agus rialú mionarm le linn thréimhse cur chun feidhme an tionscadail do lucht féachana leathan domhanda. |
|
— |
Tograí ón tsochaí shibhialta maidir le sineirgí a fheabhsú le clár oibre WPS. Pacáistí uirlisí a tháirgeadh ina dtiomsófar tograí ó chomhaltaí IANSA chun sineirgí a fheabhsú idir cláir oibre rialaithe mionarm agus WPS, lena ndíreofar ar theicnící abhcóideachta, teachtaireachtaí trasréigiúnacha, agus cur chun feidhme beartais is féidir a chur i bhfeidhm ar fud na réigiún. Scaipfear pacáiste uirlisí go forleathan, lena n-áirítear le linn gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag IANSA agus/nó UNODA agus a lárionaid réigiúnacha. Déanfaidh IANSA na gníomhaíochtaí thuas, i gcuibhreann/i gcomhar le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha, chun tacú le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i mbeartais agus i gcláir rialaithe mionarm atá príomhshruthaithe ó thaobh inscne de, i gcomhréir leis an gClár Oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil. |
3.3.3. Aschuir
Cuireadh rialú agus dí-armáil arm, lena n-áirítear mionairm, chun cinn in obair agus i líonraí na Náisiún Aontaithe maidir le WPS, lena n-áirítear maidir le foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht. (18)
Acmhainneacht na Stát le haghaidh beartais agus cláir inscne-fhreagrúla mionarm neartaithe tríd an méid seo a leanas:
|
|
I Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib
|
|
|
I réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise
|
|
|
San Afraic
|
3.3.4 Neartaítear rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i rialú mionarm tríd an méid seo a leanas:
|
i. |
Tuarascáil a tháirgeadh agus a scaipeadh maidir leis an méid a baineadh amach agus na ceachtanna a foghlaimíodh faoin tionscadal (CBES) 2018/2011 arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. |
|
ii. |
Tionóladh ceardlanna fíorúla, oiliúint agus imeachtaí maidir le rialú mionarm a phríomhshruthú ó thaobh inscne de don tsochaí shibhialta. |
|
iii. |
Rinneadh pacáiste uirlisí a tháirgeadh agus a scaipeadh, lenar tiomsaíodh tograí ó chomhaltaí IANSA chun sineirgí a fheabhsú idir rialú mionarm agus cláir oibre WPS. |
4. Múscailt feasachta, abhcóideacht, for-rochtain agus comhpháirtíochtaí
Beidh tionchar marthanach ag UNODA agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme trí fheasacht a mhúscailt go héifeachtach, agus abhcóideacht, for-rochtain, agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha.
Tacóidh UNODA le faisnéis agus aschuir na ngníomhaíochtaí atá beartaithe a scaipeadh ar an lucht féachana is leithne is féidir. Ina theannta sin, rachfar i mbun for-rochtana faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí ábhartha uile trí rannpháirtíocht sna meáin, imeachtaí ar an imeall agus uirlisí gréasáin. Forbróidh UNODA agus IANSA feachtais meán sóisialta agus glacfaidh siad páirt iontu i rith na bliana.
Bainfidh UNODA agus IANSA úsáid as an raon uirlisí cumarsáide is leithne is féidir, lena n-áirítear leathanach gréasáin, preaseisiúintí i scríbhinn, uirlisí roghnaithe meán sóisialta, imeachtaí ar an imeall agus seisiúin faisnéise neamhfhoirmiúla. Rianófar cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí uile trí uirlisí faireacháin agus meastóireachta, lena n-áirítear suirbhéanna rannpháirtithe agus cruinnithe rialta na meithle faoi seach.
Déanfaidh UNODA gach beart is iomchuí chun infheictheacht chuí rannchuidiú an Aontais leis an ngníomhaíocht a áirithiú. Déanfar bearta den chineál sin i gcomhréir le Lámhleabhar Cumarsáide agus Infheictheachta an Choimisiúin le haghaidh Gníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais Eorpaigh.
Áiritheofar comhordú le raon leathan comhpháirtithe, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann tairbhe as Cinntí eile ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, le linn chur chun feidhme an tionscadail.
Leanfaidh UNODA de pháirt ghníomhach a ghlacadh sa Sásra Comhordúcháin neamhfhoirmiúil maidir le hInscne agus SALW, a bunaíodh faoin tionscadal leanúnach in 2019.
5. Fad ama
36 mhí a bheidh i ré mheasta iomlán an tionscadail, lena n-áirítear gach gníomhaíocht faoina thrí cholún.
6. Tuairisciú
Ullmhóidh UNODA tuarascálacha rialta, i gcomhréir leis an gcomhaontú a caibidlíodh.
7. Costas iomlán
Is é EUR XXX an maoiniú measta iomlán atá á lorg ón Aontas chun Céim II a chur chun feidhme.
(1) https://www.smallarmssurvey.org/database/global-firearms-holdings
(2) https://smallarms.un-arm.org/international-assistance
(3) Cur i láthair a thug UNODA ag BMS7 dar teideal “Programme of Action on SALW. International Tracing Instrument. Trends, Challenges and Opportunities. Data from 2020 National Reports”, [Clár Gníomhaíochta maidir le SALW. An Ionstraim Idirnáisiúnta Rianaithe. Treochtaí, Dúshláin agus Deiseanna. Sonraí ó Thuarascálacha Náisiúnta 2020] https://documents.unoda.org/wp-content/uploads/2021/07/BMS7-UNODA-Trends-challenges-opportunities.pdf
(4) I dtáscaire SDG 16.4.2, léitear: “Cion na n-arm a urghabhadh, a aimsíodh nó a tugadh suas a ndearna údarás inniúil a dtionscnamh nó a n-úsáid aindleathach a rianú nó a shuí i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta” (aistriúchán neamhoifigiúil).
(5) Cur i láthair a thug UNODA ag BMS7 dar teideal “Programme of Action on SALW. International Tracing Instrument. Trends, Challenges and Opportunities. Data from 2020 National Reports” [Clár Gníomhaíochta maidir le SALW. An Ionstraim Idirnáisiúnta Rianaithe. Treochtaí, Dúshláin agus Deiseanna. Sonraí ó Thuarascálacha Náisiúnta 2020].
(6) https://smallarms.un-arm.org/statistics
(7) https://undocs.org/A/CONF.192/BMS/2021/1, mír 50. Féach freisin míreanna 51, 52, 57, agus 58.
(8) https://www.undocs.org/A/74/187
(9) Cinneadh 2011/428/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2011 agus Cinneadh (AE) 2017/633 ón gComhairle an 3 Aibreán 2017.
(10) Cinneadh 2014/912/CBES ón gComhairle an 15 Nollaig 2014.
(11) Cinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018.
(12) https://meetings.unoda.org/section/poa-revcon3-2018_documents
(13) Sprioc SDG 16.4: “Faoi 2030, sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach, aisghabháil agus filleadh sócmhainní goidte a neartú, agus dul i ngleic le gach cineál coireachta eagraithe.” (aistriúchán neamhoifigiúil).
(14) Táscaire SDG 16.4.2: “Cion na n-arm a urghabhadh, a aimsíodh nó a tugadh suas a ndearna údarás inniúil a dtionscnamh nó a n-úsáid aindleathach a rianú nó a shuí i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta” (aistriúchán neamhoifigiúil).
(15) www.un.org/disarmament/mosaic
(16) www.un.org/disarmament/salient
(17) Tabhair ar aird go bhfuil an Bheilís agus an Phoblacht Dhoiminiceach, Stáit SICA, mar chuid de Threochlár Arm Tine Mhuir Chairib, agus gur gá rannpháirtíocht Nicearagua a dhearbhú.
(18) Rannpháirtíocht, Cosc Coinbhleachta, Cosaint agus Faoiseamh agus Aisghabháil.