6.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 259/122 |
CINNEADH (CBES) 2022/1909 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
(3) |
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. |
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Trína gníomhaíochtaí míleata neamhdhleathacha, tá sárú á dhéanamh ag Cónaidhm na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus tá an bonn á bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach. |
(5) |
Sna conclúidí uaithi an 23 agus an 24 Meitheamh 2022, dúirt an Chomhairle Eorpach go leanfaí den obair ar smachtbhannaí, lena n-áirítear chun a gcur chun feidhme a neartú agus cosc a chur ar aon dul timpeall orthu. |
(6) |
An 21 Meán Fómhair 2022, in ainneoin na n-iarrataí iomadúla a rinne an comhphobal idirnáisiúnta ar an Rúis stop a chur láithreach leis an bhfogha míleata arna thabhairt aici faoin Úcráin, chinn Cónaidhm na Rúise a fogha faoin Úcráin a ghéarú a thuilleadh trí thacú le heagrú “reifreann” neamhdhleathach sna codanna de réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia atá forghafa ag an Rúis faoi láthair. Ghéaraigh Cónaidhm na Rúise an fogha arna thabhairt aici faoin Úcráin a thuilleadh freisin trí shlógadh a fhógairt i gCónaidhm na Rúise agus trí bhagairt na n-arm ollscriosta a dhéanamh arís. |
(7) |
An 28 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go fíorghéar na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha a rinneadh i gcodanna de réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia na hÚcráine agus atá faoi fhorghabháil pháirteach ag an Rúis faoi láthair. Dhearbhaigh an tArdionadaí freisin nach n-aithníonn agus nach n-aithneoidh an tAontas choíche na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin ná a dtoradh falsaithe, ná aon chinneadh a dhéanfar ar bhonn an toraidh sin, agus thathantaigh sé ar gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe an rud céanna a dhéanamh. Trí na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin a eagrú, bhí sé mar aidhm ag an Rúis teorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta a athrú leis an lámh láidir, rud a sháraíonn Cairt na Náisiún Aontaithe go soiléir agus go tromchúiseach. Chuir an tArdionadaí in iúl freisin go dtabharfar chun cuntais iad siúd uile a bhfuil baint acu leis na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin a eagrú mar aon leo siúd atá freagrach as sáruithe eile ar an dlí idirnáisiúnta san Úcráin agus go dtabharfar bearta sriantacha breise ar aghaidh i ndáil leis sin. Meabhraíodh don Ardionadaí go bhfuil an tAontas diongbháilte i gcónaí agus tacaíocht á tabhairt aige do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus éilíonn sé ar an Rúis a trúpaí agus a trealamh míleata ar fad a tharraingt siar ina n-iomláine láithreach agus gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine. Dhearbhaigh an tArdionadaí freisin go leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na hÚcráine chun na críche sin, a fhad is gá. |
(8) |
An 30 Meán Fómhair 2022, ghlac comhaltaí na Comhairle Eorpaí ráiteas inar dhiúltaigh siad go daingean don ionghabháil neamhdhleathach a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson san Úcráin agus inar cháin siad go láidir an ionghabháil sin. Agus í ag féachaint d'aon ghnó leis an mbonn a bhaint den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus trí shárú follasach a dhéanamh ar chearta bunúsacha na hÚcráine chun neamhspleáchais, ceannasachta agus iomláine críochaí, croíphrionsabail a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe agus sa dlí idirnáisiúnta, tá an tslándáil dhomhanda á cur i mbaol ag an Rúis. Dúirt comhaltaí na Comhairle Eorpaí nach n-aithníonn siad agus nach n-aithneoidh siad na “reifrinn” neamhdhleathacha a chuir an Rúis i dtoll a chéile mar chúinse don sárú breise seo ar neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, na reifrinn ná a dtorthaí falsaithe neamhdhleathacha. Dhearbhaigh siad nach n-aithneoidh siad riamh an ionghabháil neamhdhleathach sin, go bhfuil na cinntí sin ar neamhní go hiomlán agus nach féidir leo aon éifeacht dhlíthiúil ar bith a bheith acu agus gur leis an Úcráin an Chrimé, Kherson, Zaporizhzhia, Donetsk agus Luhansk. D’iarr siad ar gach stát agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta diúltú go hiomlán don ionghabháil neamhdhleathach sin agus meabhraíodh dóibh go bhfuil an Úcráin ag feidhmiú an chirt dhlisteanaigh atá aici í féin a chosaint i gcoinne fhogha na Rúise chun smacht iomlán a fháil an athuair ar a críoch agus tá sé de cheart aici críocha atá faoi fhorghabháil laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta a shaoradh. Dúirt siad go neartóidh siad bearta sriantacha an Aontais chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Rúise a chomhrac agus go gcuirfidh siad leis an mbrú atá ar an Rúis deireadh a chur lena cogadh foghach. |
(9) |
I bhfianaise thromchúis na staide is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach. |
(10) |
Is iomchuí go háirithe leathnú a dhéanamh ar an toirmeasc ar aon idirbheart a dhéanamh le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Stát na Rúise trí thoirmeasc a áireamh ar náisiúnaigh de chuid an Aontais aon phoist a bheith acu i gcomhlachtaí rialaithe na n-eintiteas sin. Is iomchuí freisin Clár Loingseoireachta Muirí na Rúise, eintiteas atá 100 % faoi úinéireacht stáit, trína bhfeidhmítear gníomhaíochtaí a bhaineann le haicmiú agus cigireacht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí i réimse na slándála, maidir le longa agus soithí ón Rúis agus nach ón Rúis iad, a chur leis an liosta eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Stát na Rúise agus atá faoi réir an toirmisc sin ar idirbhearta. Tríd an gClár sin a chur leis an liosta, beidh toirmeasc ar aon chineál sochair a bheadh luach eacnamaíoch aige a thabhairt do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise. I ndáil leis an méid sin, is iomchuí freisin a cheangal go dtarraingeofaí siar údaruithe arna ndeonú ag na Ballstáit do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise faoi Treoir 2005/65/CE (2), 2009/15/CE (3), nó (AE) 2016/1629 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit an tarraingt siar a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Treoir (AE) 2016/1629, is iomchuí freisin aitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise a tharraingt siar. De bhreis air sin, is iomchuí go leathnófaí an rochtain ar chalafoirt agus an cosc ar loic ar chríoch an Aontais chuig soithí atá deimhnithe ag Clár Loingseoireachta Muirí na Rúise. |
(11) |
Thairis sin, is iomchuí a bhaint an tairseach don toirmeasc atá ann cheana ar sholáthar seirbhísí tiachóige, cuntais nó cumhdaigh maidir le cripteashócmhainní do dhaoine agus cónaitheoirí Rúiseacha, agus cosc a chur ar an gcaoi sin ar sholáthar seirbhísí den sórt sin gan beann ar luach iomlán na gcripteashócmhainní den sórt sin. |
(12) |
Is iomchuí freisin an toirmeasc atá ann cheana ar sholáthar seirbhísí áirithe chuig Cónaidhm na Rúise a leathnú trí thoirmeasc a chur ar sholáthar seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta chomh maith le seirbhísí comhairliúcháin TF agus seirbhísí comhairleacha dlí. Ag féachaint don Aicmiú Lárnach Táirgí mar a leagtar amach i bPáipéir Staidrimh ó Oifig Staidrimh na Náisiún Aontaithe, Sraith M, Uimh. 77, Aicmiú Lárnach sealadach Táirgí, 1991, le ”seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta”, cumhdaítear seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta araon chomh maith le seirbhísí innealtóireachta comhtháite, pleanáil uirbeach, seirbhísí ailtireachta tírdhreacha agus seirbhísí comhairliúcháin eolaíochta agus teicniúla a bhaineann le hinnealtóireacht. Ní chumhdaítear le “seirbhísí innealtóireachta” cúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a onnmhairítear chun na Rúise, i gcás nach bhfuil aon toirmeasc ar dhíol, ar sholáthar, ar aistriú nó ar onnmhairiú na n-earraí tráth a gcuirtear an cúnamh teicniúil sin ar fáil. Cumhdaítear le “seirbhísí comhairliúcháin TF” seirbhísí comhairliúcháin a bhaineann le crua-earraí ríomhaireachta a shuiteáil, lena n-áirítear seirbhísí cúnaimh do na cliaint chun crua-earraí ríomhaireachta (i.e. trealamh fisiciúil) agus líonraí ríomhaireachta a shuiteáil, agus seirbhísí cur chun feidhme bogearraí, lena n-áirítear gach seirbhís lena mbaineann seirbhísí comhairliúcháin maidir le bogearraí agus seirbhísí maidir lena bhforbairt agus lena gcur chun feidhme. |
(13) |
Cumhdaítear le “seirbhísí comhairleacha dlí”: soláthar comhairle dlí do chustaiméirí maidir le hábhair neamhchonspóideacha, lena n-áirítear idirbhearta tráchtála, a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an dlí; rannpháirtíocht le cliaint nó thar a gceann in idirbhearta tráchtála, i gcaibidlíochtaí agus i ndéileálacha eile le tríú páirtithe; agus doiciméid dlí a ullmhú, a fhorghníomhú agus a fhíorú. Ní áirítear le seirbhísí comhairleacha dlí aon ionadaíocht, comhairle, ullmhú doiciméad ná fíorú doiciméad i gcomhthéacs seirbhísí ionadaíochta dlíthiúla, is é sin maidir le hábhair nó imeachtaí os comhair gníomhaireachtaí riaracháin, cúirteanna nó binsí oifigiúla eile atá comhdhéanta go cuí, ná in imeachtaí eadrána nó idirghabhála. |
(14) |
Anuas air sin, is iomchuí a shonrú go bhfuil feidhm ag an toirmeasc ar airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál ó Chónaidhm na Rúise a allmhairiú, a cheannach nó a iompar, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata, agus páirteanna spártha lena n-aghaidh, maidir le hallmhairiú díreach agus indíreach araon. |
(15) |
Is iomchuí freisin liosta na n-earraí srianta a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch Chónaidhm na Rúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála a leathnú, trí shubstaintí ceimiceacha áirithe, earraí oibreán néaróige a áireamh ar an liosta sin, substaintí ceimiceacha, oibreáin néaróige agus earraí nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil leo seachas le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta agus le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, nó ar féidir úsáid a bhaint astu chun na gcríoch sin. Cumhdaítear freisin le Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) earraí atá faoi réir an toirmisc sin. Sa chomhthéacs sin, caithfear le Cinneadh 2014/512/CBES mar lex specialis agus, leis sin, i gcás coinbhleachta, beidh tosaíocht aige ar Rialachán (AE) 2019/125. |
(16) |
Is iomchuí freisin toirmeasc ar airm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i gCónaidhm na Rúise, nó lena n-úsáid i gCónaidhm na Rúise. Cumhdaítear freisin le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle earraí atá faoi réir an toirmisc sin (8). Sa chomhthéacs sin, caithfear le Cinneadh 2014/512/CBES mar lex specialis agus, dá bhrí sin, i gcás coinbhleachta, tá tosaíocht aige ar Rialachán (AE) Uimh. 258/2012. |
(17) |
Is iomchuí freisin síneadh a chur leis an toirmeasc ar allmhairiú táirgí cruach de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairíodh uaithi, chomh maith le srianta ar allmhairí a fhorchur ar ítimí breise, a ghineann ioncam suntasach do Chónaidhm na Rúise. Tá feidhm ag an toirmeasc seo maidir le hearraí de thionscnamh na Rúise nó earraí a onnmhairítear ó Chónaidhm na Rúise agus lena n-áirítear ítimí amhail laíon adhmaid agus páipéar, eilimintí áirithe a úsáidtear i dtionscal na seodóireachta amhail clocha agus miotal lómhar, innealra agus ítimí ceimiceacha áirithe, toitíní, plaistigh agus táirgí ceimiceacha críochnaithe amhail cosmaidí. Is iomchuí freisin an toirmeasc ar onnmhairiú a leathnú trí ítimí nua a chur le liosta na n-earraí a d’fhéadfadh cur le hacmhainneachtaí tionsclaíocha na Rúise a fheabhsú, chomh maith le srianta a chur ar dhíol, ar sholáthar nó ar onnmhairiú earraí breise a úsáidtear in earnáil na heitlíochta. |
(18) |
Tá an tAontas tiomanta bagairtí ar an tsábháilteacht núicléach agus ar an tslándáil núicléach a sheachaint. Dá bharr, ní fhéachtar le haon cheann de na bearta sa Chinneadh an bonn a bhaint de shábháilteacht na gcumas núicléach sibhialta ná den chomhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha, ná de phleanáil, tógáil agus innealtóireacht, coimisiúnú, cothabháil agus soláthar breosla sna tionscadail nuathógtha núicléacha. |
(19) |
Sa bhreis ar na toirmisc atá ann cheana a bhaineann le seirbhísí a sholáthar do mhuiriompar amhola agus táirgí peitriliam áirithe chuig tríú tíortha, is iomchuí toirmeasc breise a chur ar mhuiriompar na n-earraí sin chuig tríú tíortha. Ba cheart an toirmeasc sin a bheith coinníollach ar chaidhp phraghais réamhshocraithe a bheith tugtha isteach ag an gComhairle, arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais. |
(20) |
Is iomchuí díolúine a thabhairt isteach ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis a iompar chuig tríú tíortha, is é sin amhola nó táirgí peitriliam arna gceannach de réir caidhp phraghais réamhshocraithe, nó faoi bhun na caidhpe praghais sin. Ba cheart, leis an díolúine sin, na drochiarmhairtí ar sholáthar fuinnimh chuig tríú tíortha a mhaolú agus géarmhéadú na bpraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh a theorannú, agus ioncam ola na Rúise a theorannú ag an am céanna. Ba cheart an díolúine a bheith faoi theorainn ama, chun a áirithiú go leanfaidh sí de bheith iomchuí, agus féadfar í a athnuachan, má thugann riachtanais slándála fuinnimh an tríú tír údar leis sin. Chun sásra na caidhpe praghais a chur i bhfeidhm ar an díolúine sin bheifí ag brath ar phróiseas fianaithe a ligfeadh d’oibreoirí i slabhra soláthair ola mhuiriompartha na Rúise a léiriú gur ceannaíodh í ag leibhéal na caidhpe praghais sin nó faoina bhun. D'eiseodh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an gComhairle, treoir chun na gnéithe praiticiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm na caidhpe praghais a shonrú, chun an cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a éascú agus chun go mbeadh cothrom iomaíochta san Aontas agus ar fud an domhain. |
(21) |
Agus é á chinneadh an dtabharfar isteach an chaidhp phraghais sin, cuirfidh an Chomhairle san áireamh éifeachtacht an bhirt i dtéarmaí na dtorthaí a mheastar a bheidh aige, comhlíonadh idirnáisiúnta an sásra caidhpe praghais agus an t-ailíniú neamhfhoirmiúil leis, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an Aontas agus ar a Bhallstáit. Ba cheart don Choimisiún tacú go hiomlán leis an gComhairle agus an measúnú i dtaobh an dtabharfar isteach an chaidhp ar an bpraghas á dhéanamh, lena n-áirítear trí chruinnithe comhordúcháin a thionól leis na Ballstáit agus le hionadaithe na dtionscal lena mbaineann. Tar éis theacht i bhfeidhm an chéad Chinnidh ón gComhairle lena ndéanfar go mbeidh an chaidhp phraghais infheidhme, leanfaidh an Coimisiún de chruinnithe den sórt sin a thionól chun measúnú a dhéanamh, inter alia, ar aon chleachtais chun teacht timpeall ar an an gcaidhp phraghais a d'fhéadfadh a bheith ann, amhail díchlárú brataí ar shoithí, agus ar a dtionchar ar éifeachtacht shásra na caidhpe praghais, agus molfaidh sé réitigh iomchuí. |
(22) |
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na caidhpe praghais a áirithiú, ba cheart don Chomhairle an praghas a comhaontaíodh i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta sa Chomhghuaillíocht na Caidhpe Praghais a nuashonrú go pras. Ní dhéanfar an chaidhp phraghais difear ar bhealach ar bith do na heisceachtaí lena gceadaítear do Bhallstáit áirithe leanúint d’amhola agus táirgí peitriliam a allmhairiú ón Rúis i ngeall ar a gcás shonrach nó i gcás ina gcuirtear isteach ar sholáthar amhola trí phíblíne ón Rúis ar chúiseanna nach bhfuil aon smacht acu orthu. Tionscadail shonracha atá ríthábhachtach do shlándáil fuinnimh tríú tíortha áirithe, féadfar iad a dhíolmhú ón gcaidhp phraghais. |
(23) |
I gcás ina ndearna soitheach atá faoi bhratach tríú tír amhola Rúiseach nó táirgí peitriliam a ceannaíodh ar phraghas atá os cionn na caidhpe praghais a iompar, ba cheart toirmeasc a bheith ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, lena n-áirítear árachas, a bhaineann le haon iompar amhola nó iompar táirgí peitriliam a dhéanfadh an soitheach sin sa todhchaí. |
(24) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
(25) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 1aa mar seo a leanas:
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 1ab 1. Na Ballstáit a thug údarú do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise cigireachtaí agus suirbhéanna a bhaineann le deimhnithe reachtúla a dhéanamh go hiomlán nó i bpáirt agus, i gcás inarb iomchuí, na deimhnithe gaolmhara a eisiúint nó a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus le hAirtegal 5 de Threoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), déanfaidh siad na húdaruithe sin a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir sin roimh an 5 Eanáir 2023. Le linn na tréimhse go dtí go dtarraingeofar siar na húdaruithe sin, ní cheadóidh na Ballstáit do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise ná ní tharmligfidh siad dó, aon cheann de na cúraimí a dhéanamh, ar cúraimí iad atá forchoimeádta, i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht mhuirí, d’eagraíochtaí atá aitheanta ag an Aontas, lena n-áirítear cigireachtaí agus suirbhéanna a dhéanamh a bhaineann le deimhnithe reachtúla, ná na deimhnithe gaolmhara a eisiúint, a fhormhuiniú nó a athnuachan. 2. Aon deimhnithe reachtúla arna n-eisiúint thar ceann Ballstáit ag Clár Loingseoireachta Muirí na Rúise roimh an 7 Deireadh Fómhair 2022 déanfaidh an Ballstát ábhartha, ag gníomhú dó mar Stát brataí, iad a tharraingt siar agus a fhoirceannadh roimh an 8 Aibreán 2023. 3. De mhaolú ar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) agus in Airteagal 21(3) de Threoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***), tarraingítear siar aitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise faoi Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 agus Treoir (AE) 2016/1629. 4. Na Ballstáit a bhfuil aon dualgais a bhaineann le cigireacht tarmligthe acu do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise, mar a shainmhínítear in Airteagal 20(3) de Threoir (AE) 2016/1629, go háirithe cigireachtaí teicniúla a dhéanamh chun a sheiceáil an gcomhlíonann an t-árthach na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/1629, go háirithe in Iarscríbhinní II agus V a ghabhann léi, tarraingeoidh siad siar na húdaruithe sin roimh an 6 Samhain 2022. 5. Na Ballstáit a bhfuil aon dualgais a bhaineann le slándáil tarmligthe acu do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise i gcomhréir le pointe 4.3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (****) nó le hAirteagal 11 de Threoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*****), go háirithe maidir le Deimhnithe Idirnáisiúnta um Shlándáil Long a eisiúint nó a athnuachan agus i gcomhréir le haon fhíoruithe gaolmhara i gcomhréir le pointí 19.1.2 agus 19.2.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, tarraingeoidh siad siar na húdaruithe sin roimh an 5 Eanáir 2023. 6. Aon Deimhniú Idirnáisiúnta um Shlándáil Long arna eisiúint thar ceann Ballstáit ag Clár Loingseoireachta Muirí na Rúise roimh an 7 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh an Ballstát ábhartha, ag gníomhú dó mar Rialtas Conarthach, é a tharraingt siar agus a fhoirceannadh roimh an 8 Aibreán 2023.”; (*) Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Déardaoin 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha córas riaracháin muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47)." (**) Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11)." (***) Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118)." (****) Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6)." (*****) Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28).’;" |
(3) |
in Airteagal 5b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Beidh toirmeasc ar sheirbhísí tiachóige, seirbhísí cuntais nó seirbhísí cumhdaigh i ndáil le cripteashócmhainní a sholáthar do náisiúnaigh Rúiseacha nó do dhaoine nádúrtha atá ina gcónaí sa Rúis, nó do dhaoine dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá bunaithe sa Rúis.”; |
(4) |
In Airteagal 1j, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 i gcás inar náisiúnach Ballstáit, náisiúnach tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó náisiúnach na hEilvéise é an socraitheoir nó an tairbhí, ná i gcás inar duine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan aige i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis é an socraitheoir nó an tairbhí.”; |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1k: “Airteagal 1k 1. Beidh toirmeasc ar sheirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, lena n-áirítear seirbhísí iniúchóireachta reachtúla, seirbhísí leabharchoimeádta nó seirbhísí comhairliúcháin cánach, nó seirbhísí comhairliúcháin gnó agus bainistíochta nó seirbhísí caidrimh phoiblí a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh seo a leanas:
2. Beidh toirmeasc ar sheirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta, go díreach nó go hindíreach, seirbhísí comhairleacha dlí agus seirbhísí sainchomhairleoireachta TF a sholáthar dóibh seo a leanas:
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar seirbhísí a bhfuil fíorghá leo maidir le foirceannadh faoin 5 Iúil 2022 conarthaí nach bhfuil i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a tugadh i gcrích roimh an 4 Meitheamh 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. 4. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le soláthar seirbhísí a bhfuil fíorghá leo maidir le foirceannadh faoin 8 Eanáir 2023 conarthaí nach bhfuil i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a tugadh i gcrích roimh an 7 Deireadh Fómhair 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. 5. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le soláthar seirbhísí a bhfuil fíorghá leo chun ceart na cosanta in imeachtaí breithiúnacha agus an ceart chun leigheas éifeachtach dlí a fheidhmiú. 6. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le soláthar seirbhísí a bhfuil fíorghá leo chun rochtain a áirithiú ar imeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána i mBallstát, nó le haghaidh aitheantas nó forfheidhmiú breithiúnais nó dámhachtana eadrána arna soláthar i mBallstát, ar choinníoll go bhfuil soláthar seirbhísí den sórt sin comhsheasmhach le cuspóirí an Chinnidh seo agus Chinneadh 2014/145/CBES. 7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le soláthar seirbhísí atá beartaithe lena n-úsáid go heisiach ag daoine dlítheanacha, ag eintitis nó ag comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis agus atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt, ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, dlí tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, dlí na hEilvéise nó dlí tíre comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn VII. 8. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le soláthar seirbhísí is gá le haghaidh éigeandálaí sláinte poiblí, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach mór aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha. 9. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le soláthar seirbhísí is gá le haghaidh nuashonruithe bogearraí le haghaidh úsáid neamh-mhíleata agus le haghaidh úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, a cheadaítear le hAirteagail 3(3)(d) agus 3a(3)(d). 10. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla na seirbhísí dá dtagraítear iontu a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leo le haghaidh na nithe seo a leanas:
11. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla na seirbhísí dá dtagraítear iontu a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis sin le haghaidh an mhéid seo a leanas:
12. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhíreanna 10 agus 11 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”; |
(6) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Toirmiscfear airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a allmhairiú, a cheannach nó a iompar go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata, agus páirteanna spártha lena n-aghaidh, ón Rúis arna dhéanamh ag náisiúnaigh na mBallstát nó trína soithí brataí nó a n-aerárthaí a úsáid.”; |
(7) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 3aa 1. Airm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, de mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar na hearraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis. 2. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
(*) Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).”;" |
(8) |
leasaítear Airteagal 4d mar a leanas:
|
(9) |
easaítear Airteagal 4ha mar a leanas:
|
(10) |
leasaítear Airteagal 4i mar a leanas:
|
(11) |
leasaítear Airteagal 4k mar a leanas:
|
(12) |
in Airteagal 4l, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Maidir le gual agus táirgí eile, beidh toirmeasc ar iad a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú isteach san Aontas, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise iad nó más ón Rúis a onnmhairítear iad.”; |
(13) |
leasaítear Airteagal 4m mar seo a leanas:
|
(14) |
leasaítear Airteagal 4p mar a leanas:
|
(15) |
Leasaítear na hIarscríbhinní mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(2) Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28).
(3) Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha córas riaracháin muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47)
(4) Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).
(7) Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
I gCinneadh 2014/512/CBES, leasaítear na hIarscríbhinní mar seo a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Liosta na dtíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagail 1k(7), 3(9), 4j(3) agus 4m(4)”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn X: “IARSCRÍBHINN X LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1aa CUID A OPK OBORONPROM UNITED AIRCRAFT CORPORATION URALVAGONZAVOD ROSNEFT TRANSNEFT GAZPROM NEFT ALMAZ-ANTEY KAMAZ ROSTEC (RUSSIAN TECHNOLOGIES STATE CORPORATION) JSC PO SEVMASH SOVCOMFLOT UNITED SHIPBUILDING CORPORATION CUID B CLÁR LOINGSEOIREACHTA MUIRÍ NA RÚISE (RMRS) |
(3) |
cuirtear isteach na hIarscríbhinní seo a leanas: “IARSCRÍBHINN XI Praghsanna dá dtagraítear in Airteagal 4p(9)(a) [tábla ina bhfuil cóid AC na dtáirgí agus praghsanna comhfhreagracha arna gcomhaontú ag an gComhghuaillíocht Caidhpeanna Praghais] IARSCRÍBHINN XII Liosta na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 4p(9)(b)
|