27.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 249/56 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1658 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Meán Fómhair 2022
lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1189 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6931)
(Is é an téacs sa Ghearmáinis amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
I gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile muc-ainmhithe atá ar coimeád. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2), forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
(4) |
Tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa tSacsain Íochtarach sa Ghearmáin, ar ráig í a deimhníodh an 2 Iúil 2022, agus an fhaisnéis a fuarthas ón mBallstát sin maidir le staid an ghalair ar a chríoch, glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1189 ón gCoimisiún (4). Foráiltear leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin go n-áiritheoidh an Ghearmáin go mbeidh ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin sa chrios srianta, i gcás ina mbeidh feidhm ag na bearta le haghaidh criosanna cosanta agus faireachais dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
(5) |
Tá feidhm ag Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1189 go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2022. Leagadh síos tréimhse infheidhmeachta Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1189 agus aird á tabhairt ar dháta na ráige, eipidéimeolaíocht an ghalair agus an t-am is gá chun imscrúdú eipidéimeolaíoch a dhéanamh lena n-áirithítear nach ann don ghalar, agus rinneadh sin i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH, arna bhunú mar OIE) (5) maidir leis an stádas saor ó ghalair a ghnóthú arís i limistéar a bhí saor ó ghalair roimhe sin agus i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le réigiúnú ASF (6). |
(6) |
Ag deireadh mhí Lúnasa 2022, chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas faoi staid fhabhrach reatha fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa chrios srianta sa tSacsain Íochtarach agus gur cuireadh na bearta le haghaidh criosanna cosanta agus faireachais chun feidhme go cuí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 chun leathadh an ghalair sin a chosc. |
(7) |
Bunaithe ar an bhfaisnéis sin agus ar na cúiseanna a fuarthas, agus aird á tabhairt go háirithe ar chur i gcrích na réamhbheart glantacháin agus díghalraithe sa bhunaíocht lena mbaineann an 5 Iúil 2022, agus aird á tabhairt freisin ar staid fhabhrach reatha fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád i stát na Sacsaine Íochtaraí agus ar na bearta arna gcur chun feidhme go cuí ag an nGearmáin, agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil a chosc, is iomchuí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1189 a aisghairm le héifeacht ón 5 Deireadh Fómhair 2022. |
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1189 le héifeacht ón 5 Deireadh Fómhair 2022.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1189 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2022 maidir le bearta áirithe éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin (IO L 184, 11.7.2022, lch. 66).
(5) Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE, an 29ú hEagrán, 2021. Imleabhair I agus II ISBN 978-92-95115-40-8; https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/
(6) Doiciméad Oibre SANTE/7112/2015/Rev. 3 “Principles and criteria for geographically defining ASF regionalisation”. [Prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach] https://ec.europa.eu/food/animals/animal-diseases/control-measures/asf_ga