8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 233/87


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1488 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le K-HDO lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo:

(1)

Cuireadh K-HDO le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh é a bheith formheasta go dtí an 30 Meitheamh 2020 faoin Rialachán sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 14 Nollaig 2018, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le K-HDO a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8.

(3)

An 6 Bealtaine 2019, chuir údarás inniúil meastóireachta na hOstaire in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1950 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2022 dáta éaga an fhormheasa maidir le K-HDO a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 chun go mbeidh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(7)

An 11 Aibreán 2022, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta in iúl don Choimisiún go bhfuil moill ar an meastóireacht mar go bhfuil gá le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar na critéir d’fhonn airíonna suiteora inchrínigh K-HDO a chinneadh. Tá coinne ag an údarás inniúil meastóireachta leis go gcuirfidh sé an tuarascáil ar an measúnú ar athnuachan faoi bhráid na Gníomhaireachta sa chéad ráithe de 2025.

(8)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dóigh gur in éag a rachaidh an formheas sula nglacfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus na teorainneacha ama le haghaidh na meastóireachtaí ag an údarás inniúil meastóireachta le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime uaithi ag an nGníomhaireacht á gcur san áireamh, agus le haghaidh an Coimisiún a chinneadh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le K-HDO lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 á chur an áireamh freisin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2026.

(9)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, leanfaidh K-HDO de bheith formheasta lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le K-HDO lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1950, cuirfear ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2026 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1950 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2019 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le K-HDO a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 304, 26.11.2019, lch. 19).