1.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/33


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1095 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2022

lena leasaítear Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha chun maoluithe áirithe náisiúnta a údarú

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)4302)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá liostaí de mhaoluithe náisiúnta i Roinn I.3 d’Iarscríbhinn I, Roinn II.3 d’Iarscríbhinn II agus Roinn III.3 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/68/CE, lena gceadaítear imthosca náisiúnta sonracha a chur san áireamh. D’iarr Ballstáit áirithe roinnt leasuithe ar mhaoluithe údaraithe.

(2)

Rinne an Coimisiún scrúdú nó athbhreithniú ar na hiarrataí sin ar mhaoluithe agus chinn sé go gcomhlíonann siad na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (4) de Threoir 2008/68/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, na maoluithe a údarú.

(3)

Ós rud é gur cheart Roinn I.3 d’Iarscríbhinn I agus Roinn II.3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/68/CE a oiriúnú dá bhrí sin, is iomchuí, ar mhaithe le soiléireacht, iad a ionadú.

(4)

Dá bhrí sin ba cheart Treoir 2008/68/CE a leasú dá réir.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le hiompar earraí contúirteacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear do na Ballstáit a liostaítear san Iarscríbhinn na maoluithe atá leagtha amach san Iarscríbhinn maidir le hiompar earraí contúirteacha ina gcríoch a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2008/68/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina-Ioana VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 260, 30.9.2008, lch. 13.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2008/68/CE mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn I.3:

I.3.   Maoluithe náisiúnta

Maoluithe le haghaidh na mBallstát maidir le hiompar earraí contúirteacha laistigh dá gcríoch ar bhonn Airteagal 6(2) de Threoir 2008/68/CE.

Uimhriú na maoluithe: RO-a/bi/bii-MS-nn

RO

=

Bóthar

a/bi/bii

=

Airteagal 6(2) a/bi/bii

MS

=

giorrúchán ar Bhallstát

nn

=

sraithuimhir

Arna bhunú ar Airteagal 6(2)(a) de Threoir 2008/68/CE

BE An Bheilg

RO-a-BE-2

Ábhar: Iompar coimeádán folamh nár glanadh a raibh táirgí a bhaineann le haicmí éagsúla iontu.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.1.6

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Léiriú ar an doiciméad iompair “pacáistí folmha nár glanadh a raibh táirgí a bhaineann le haicmí éagsúla iontu”.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: maolú 6-97

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-a-BE-3

Ábhar: Glacadh RO-a-HU-2.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: maolú 4-2004

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-a-BE-4

Ábhar: díolúine ó cheanglais uile ADR maidir le hiompar náisiúnta d’uasmhéid 1 000 brathadóir deataigh ianacha úsáidte ó theaghlaigh phríobháideacha chuig an tsaoráid chóireála sa Bheilg trí na pointí bailiúcháin dá bhforáiltear sa chás maidir le bailiú roghnaitheach brathadóirí deataigh. Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: gach ceanglas

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní chuirtear úsáid brathadóirí deataigh ianacha sa bhaile faoi réir rialú rialála ó thaobh na raideolaíochta de más de chineál formheasta é an brathadóir deataigh. Tá iompar na mbrathadóirí deataigh sin chuig an úsáideoir deiridh díolmhaithe freisin ó cheanglais ADR. (féach 1.7.1.4. e)).

Ceanglaítear le Treoir 2002/96/CE (maidir le trealaimh dramhaíola leictreacha agus leictreonacha) go ndéanfaí brathadóirí deataigh úsáidte a bhailiú go roghnaíoch chun na cláir ciorcad a chóireáil agus, i gcás na mbrathadóirí deataigh ianacha, chun na substaintí radaighníomhacha a thógáil astu. I dtreo go bhféadfaí an bailiúchán roghnaíoch sin a dhéanamh, forbraíodh cás chun teaghlaigh phríobháideacha a spreagadh chun a mbrathadóirí deataigh úsáidte a thabhairt go pointe bailiúcháin ónar féidir na brathadóirí sin a iompar chuig saoráid chóireála, uaireanta tríd an dara pointe bailiúcháin nó trí áit stórála idirmheánaí.

Ag na pointí bailiúcháin cuirfear pacáistíocht mhiotail ar fáil inar féidir 1 000 brathadóir deataigh ar a mhéad a phacáil. Ó na pointí sin is féidir pacáiste amháin den sórt sin leis na brathadóirí deataigh a iompar in éineacht le dramhaíl eile go stóras idirmheánach nó go dtí an tsaoráid chóireála. Cuirfear lipéad leis na focail “brathadóir deataigh” ar an bpacáiste.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: cás maidir le bailiú roghnaitheach brathadóirí deataigh, tá sé ina chuid de na coinníollacha maidir le hionstraimí formheasta a bhaint dá bhforáiltear in Airteagal 3.1.d.2 den fhoraithne ríoga an 20 Iúil 2001: an Rialachán ginearálta maidir le cosaint ar radaíocht

Nótaí: Tá gá leis an maolú seo ionas gur féidir brathadóirí deataigh ianacha úsáidte a bhailiú go roghnaíoch.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2026

DK An Danmhairg

RO-a-DK-2

Ábhar: Pacáistíocht ina bhfuil substaintí pléascacha agus pacáistíocht ina bhfuil maidhmitheoirí a iompar de bhóthar san fheithicil chéanna.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 7.5.2.2

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha maidir leis an bpacáil mheasctha.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní mór na rialacha in ADR a urramú agus earraí contúirteacha á n-iompar de bhóthar.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Bekendtgørelse nr. 729 of 15. August 2001 om vejtransport of farligt gods § 4, stk. l

Nótaí: Is gá, ar chúis phraiticiúil, a bheith in ann substaintí pléascacha a phacáistiú i dteannta maidhmitheoirí san fheithicil chéanna agus na hearraí sin á n-iompar ón áit a stóráiltear iad go dtí an áit oibre agus ar ais arís.

Nuair a leasófar reachtaíocht na Danmhairge i ndáil le hiompar earraí contúirteacha, ceadóidh údaráis na Danmhairge an t-iompar sin faoi na coinníollacha seo a leanas:

1.

Gan breis agus 25 kg de shubstaintí pléascacha faoi ghrúpa D a iompar.

2.

Gan breis agus 200 maidhmitheoir faoi ghrúpa B a iompar.

3.

Ní mór maidhmitheoirí agus substaintí pléascacha a phacáil ar leithligh i bpacáistíocht arna deimhniú ag na Náisiúin Aontaithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2000/61/CE lena leasaítear Treoir 94/55/CE.

4.

Ní mór achar 1 mhéadar ar a laghad a bheith idir pacáistíocht ina bhfuil maidhmitheoirí agus pacáistíocht ina bhfuil substaintí pléascacha. Ní mór cloí leis an achar sin fiú amháin tar éis na coscáin a theannadh gan choinne. Ní mór pacáistíocht ina bhfuil substaintí pléascacha agus pacáistíocht ina bhfuil maidhmitheoirí a shocrú ar bhealach lenar féidir iad a bhaint den fheithicil go tapa.

5.

Ní mór gach riail eile maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar a urramú.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2026

RO-a-DK-3

Ábhar: An phacáistíocht agus na hearraí ina bhfuil dramhaíl nó iarmhair substaintí contúirteacha a bhaineann le haicmí áirithe ó theaghlaigh agus ó fhiontair a iompar de bhóthar chun críche diúscartha.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna agus caibidlí 2, 3, 4.1, 5.1, 5.2, 5.4, 6, 8.1 agus 8.2.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha maidir le haicmiú, forálacha speisialta, forálacha pacála, nósanna imeachta coinsíneachta, ceanglais maidir le déantús agus tástáil pacáistíochta, ceanglais ghinearálta maidir le haonaid iompair agus trealamh ar bord agus ceanglais oiliúna.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Féadfar pacáistíocht inmheánach agus earraí ina bhfuil dramhaíl nó iarmhair earraí contúirteacha a bhaineann le haicmí áirithe arna mbailiú ó theaghlaigh phríobháideacha nó ó fhiontair chun críche diúscartha a phacáil le chéile i bpacáistíocht sheachtrach áirithe agus/nó i bhforphacáistí áirithe agus a iompar faoi nósanna imeachta coinsíneachta speisialta lena n-áirítear srianta speisialta pacála agus marcála. Tá srian ar chainníocht na n-earraí contúirteacha in aghaidh na pacáistíochta inmheánaí, in aghaidh na pacáistíochta seachtraí agus/nó in aghaidh an aonaid iompair.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Bekendtgørelse nr. 818 af 28. Juni 2011 om vejtransport af farligt gods § 4, stk. 3

Nótaí: Ní féidir le bainisteoirí dramhaíola forálacha uile Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE a chur i bhfeidhm i gcás inar bailíodh dramhaíl ina bhfuil méideanna iarmharacha d’earraí contúirteacha ó theaghlaigh phríobháideacha agus ó fhiontar le hiompar lena diúscairt. Is iondúil go gcoinnítear an dramhaíl i bpacáistíocht a díoladh ar an leibhéal miondíola.

Dáta éaga: an 1 Eanáir 2025

DE An Ghearmáin

RO-a-DE-1

Ábhar: Pacáil mheasctha agus luchtú measctha páirteanna gluaisteáin le haicmiú 1.4G mar aon le hearraí contúirteacha áirithe (n4).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 4.1.10 agus 7.5.2.1

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha maidir le pacáil mheasctha agus luchtú measctha.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Féadfar NA 0431 agus NA 0503 a luchtú mar aon le hearraí contúirteacha áirithe (táirgí a bhaineann le monarú gluaisteán) i méideanna áirithe, a liostaítear sa díolúine. Ní shárófar luach 1 000 (inchomparáide le 1.1.3.6.4).

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung — GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. IS. 4350); Ausnahme 28.

Nótaí: Tá gá leis an díolúine chun seachadadh tapa páirteanna le haghaidh sábháilteacht gluaisteán a sholáthar, ag brath ar an éileamh áitiúil. Mar gheall ar an raon leathan táirgí, ní gnách go stóráiltear na táirgí sin i ngaráistí áitiúla.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-DE-2

Ábhar: Díolúine ón gceanglas doiciméad iompair agus dearbhú seoltóra a iompar le haghaidh cainníochtaí áirithe d’earraí contúirteacha mar a shainítear in 1.1.3.6 (n1).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.1.1 agus 5.4.1.1.6

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: ábhar an doiciméid iompair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Le haghaidh gach aicme seachas Aicme 7: níl gá le haon doiciméad iompair mura sáraíonn cainníocht na n-earraí a iompraítear na cainníochtaí a thugtar in 1.1.3.6.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung — GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. IS. 4350); Ausnahme 18.

Nótaí: Meastar go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear trí phacáistí a mharcáil agus a lipéadú leordhóthanach le haghaidh iompar náisiúnta, ós rud é nach mbíonn doiciméad iompair oiriúnach i gcónaí a mhéid a bhaineann leis an dáileadh áitiúil.

Maolú arna chlárú ag an gCoimisiún mar Uimh. 22 (faoi Airteagal 6(10) de Threoir 94/55/CE).

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-DE-3

Ábhar: Iompar caighdeán tomhais agus caidéal breosla (atá folamh agus nár glanadh).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Forálacha maidir le huimhreacha NA 1 202, 1 203 agus 1 223.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Pacáistíocht, marcáil, doiciméid, treoracha iompair agus láimhseála, treoracha le haghaidh foirne tiomána feithiclí.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Sonrú na rialachán is infheidhme agus forálacha coimhdeacha chun an maolú a chur i bhfeidhm; suas le 1 000 l: inchomparáide leis an bpacáistíocht fholamh nár glanadh; os cionn 1 000 l: comhlíonadh rialachán áirithe maidir le humair; iompar earraí folmha nár glanadh amháin.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung — GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. IS. 4350); Ausnahme 24.

Nótaí: Uimh. 7, 38, 38a ar an liosta.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-DE-5

Ábhar: Údarú maidir leis an bpacáistíocht chomhcheangailte.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 4.1.10.4 MP2

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Toirmeasc ar an bpacáistíocht chomhcheangailte.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Aicmí 1.4S, 2, 3 agus 6.1; údarú na pacáistíochta comhcheangailte do réada in Aicme 1.4S (cartúis le haghaidh mionarm), d’aerasóil (Aicme 2) agus d’ábhair ghlantacháin agus chóireála in Aicme 3 agus Aicme 6.1 (uimhreacha NA arna liostú), mar thacair atá le díol sa phacáistíocht chomhcheangailte i ngrúpa pacáistíochta II agus i gcainníochtaí beaga.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung — GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. IS. 4350); Ausnahme 21.

Nótaí: Uimh. 30*, 30a, 30b, 30c, 30d, 30e, 30f, 30g ar an liosta.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

IE Éire

RO-a-IE-1

Ábhar: Díolúine ó cheanglas 5.4.0 de ADR maidir le doiciméad iompair chun lotnaidicídí a bhaineann le hAicme 3 de ADR a iompar, a liostaítear faoi 2.2.3.3 mar lotnaidicídí FT2 (splancphointe < 23 °C) agus Aicme 6.1 de ADR a iompar, a liostaítear faoi 2.2.61.3 mar lotnaidicídí T6, leacht (splancphointe nach lú ná 23 °C), i gcás nach mó na cainníochtaí d’earraí contúirteacha atá á n-iompar ná na cainníochtaí a leagtar amach in 1.1.3.6 de ADR.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglas maidir le doiciméad iompair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Níl gá le doiciméad iompair chun lotnaidicídí a bhaineann le hAicme 3 agus Aicme 6.1 de ADR a iompar i gcás nach sáraíonn cainníocht na n-earraí contúirteacha atá á n-iompar na cainníochtaí a leagtar amach in 1.1.3.6 de ADR.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialachán 82(9) de ‘na Rialacháin maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 2004’

Nótaí: Ceanglas neamhriachtanach dochraideach maidir le hiompar áitiúil agus seachadadh na lotnaidicídí sin.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-IE-4

Ábhar: Díolúine ó cheanglais 5.3, 5.4 agus 7 de ADR agus ó Iarscríbhinn B a ghabhann leis, i ndáil le hiompar sorcóirí gáis de chuid dáileoirí (le haghaidh deochanna) i gcás ina n-iompraítear ar an bhfeithicil chéanna leis na deochanna iad (ar lena n-aghaidh a úsáidfear iad).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.3, 5.4, 7 agus Iarscríbhinn B.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Marcáil feithiclí, an doiciméadacht atá le hiompar agus na forálacha i ndáil le trealamh iompair agus i ndáil le hoibríochtaí iompair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Díolúine ó cheanglais 5.3, 5.4, 7 agus ó Iarscríbhinn B de ADR le haghaidh sorcóirí gás, arna n-úsáid mar dháileoirí le haghaidh deochanna, i gcás ina n-iompraítear na sorcóirí gáis sin ar an bhfeithicil chéanna leis na deochanna (ar lena n-aghaidh a úsáidfear iad).

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Leasú atá beartaithe ar ‘na Rialacháin maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 2004’

Nótaí: Baineann an phríomhghníomhaíocht le pacáistí deochanna a dháileadh, nach substaintí de réir ADR iad, i dteannta le cainníochtaí beaga de shorcóirí beaga ina bhfuil gáis ghaolmhara dáileacháin.

Faoi Airteagal 6(10) de Threoir 94/55/CE roimhe seo.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-IE-5

Ábhar: Díolúine, le haghaidh iompar náisiúnta laistigh d’Éirinn, ó na ceanglais maidir le déantús agus tástáil gabhdán, agus ó na forálacha maidir lena n-úsáid, atá in 6.2 agus in 4.1 de ADR, i leith sorcóirí agus drumaí brú ina bhfuil gáis a bhaineann le hAicme 2 agus a iompraíodh mar chuid de thuras iompair ilmhódaigh, lena n-áirítear an t-iompar muirí, más rud é (i) go ndéantar, go dtástáiltear agus go n-úsáidtear na sorcóirí agus na drumaí brú sin i gcomhréir le Cód IMDG; (ii) nach ndéantar na sorcóirí ná na drumaí brú sin a athlíonadh in Éirinn ach go ndéantar iad a chur ar ais, agus iad in ainm a bheith folamh, chuig tír thionscnaimh an turais iompair ilmhódaigh; agus (iii) go ndéantar na sorcóirí agus na drumaí brú sin a dháileadh ar an leibhéal áitiúil i gcainníochtaí beaga.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 1.1.4.2, 4.1 agus 6.2.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha a bhaineann le turais iompair ilmhódaigh, lena n-áirítear an t-iompar muirí, le húsáid sorcóirí agus drumaí brú le haghaidh gáis a bhaineann le hAicme 2 de ADR, agus le déantús agus tástáil na sorcóirí agus na ndrumaí brú sin le haghaidh gáis a bhaineann le hAicme 2 de ADR.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Níl feidhm ag forálacha 4.1 ná 6.2 maidir le sorcóirí ná le drumaí brú ina bhfuil gáis a bhaineann le hAicme 2, ar choinníoll (i) go ndéantar agus go dtástáiltear na sorcóirí agus na drumaí brú sin i gcomhréir le Cód IMDG; (ii) go n-úsáidtear na sorcóirí agus na drumaí brú sin de réir Chód IMDG; (iii) go n-iompraíodh na sorcóirí agus na drumaí brú sin go dtí an coinsíneoir trí bhíthin iompar ilmhódach, lena n-áirítear iompar muirí; (iv) nach bhfuil i gceist le hiompar na sorcóirí agus na ndrumaí brú sin go dtí an t-úsáideoir deiridh ach aon turas iompair amháin, arna chríochnú laistigh den lá céanna, ó choinsíní na hoibríochta iompair ilmhódaigh (dá dtagraítear in (iii)); (v) nach ndéantar na sorcóirí ná na drumaí brú sin a athlíonadh laistigh den Stát agus go ndéantar iad a chur ar ais, agus iad in ainm a bheith folamh, chuig tír thionscnaimh na hoibríochta iompair ilmhódaigh (dá dtagraítear in (iii)); agus (vi) go ndéantar na sorcóirí agus na drumaí brú sin a dháileadh ar an leibhéal áitiúil i gcainníochtaí beaga laistigh den Stát.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Leasú atá beartaithe ar ‘na Rialacháin maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 2004’

Nótaí: I bhfianaise na sonraíochta arna héileamh ag an úsáideoir deiridh le haghaidh na ngás atá sna sorcóirí agus sna drumaí brú sin, is gá iad a allmhairiú ó lasmuigh de limistéar ADR. Tar éis iad a úsáid, ní mór na sorcóirí agus na drumaí brú sin, atá in ainm a bheith folamh, a chur ar ais chuig an tír thionscnaimh, lena n-athlíonadh leis na gáis arna sonrú go speisialta – níor cheart iad a athlíonadh laistigh d’Éirinn ná, go deimhin, laistigh d’aon chuid de limistéar ADR. Cé nach bhfuil siad i gcomhréir le ADR, tá siad i gcomhréir le CÓD IMDG agus glactar leo chun críocha an chóid sin. Tá sé beartaithe go dtiocfadh deireadh leis an iompar ilmhódach, a thosaíonn lasmuigh de limistéar ADR, ag áitreabh an allmhaireora, áit a bhfuil sé beartaithe na sorcóirí agus na drumaí brú sin a dháileadh ina gcainníochtaí beaga ar an úsáideoir deiridh go háitiúil laistigh d’Éirinn. Thiocfadh an t-iompar sin, laistigh d’Éirinn, faoi réim Airteagal 6(9), agus é leasaithe, de Threoir 94/55/CE.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2023

RO-a-IE-6

Ábhar: Díolúine ó roinnt de na forálacha de chuid Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE maidir le pacáistiú, marcáil agus lipéadú cainníochtaí beaga (faoi bhun na dteorainneacha in 1.1.3.6) d’earraí piriteicniúla atá as dáta agus a bhaineann le cóid aicmiúcháin 1.3G, 1.4G agus 1.4S d’Aicme 1 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE, ar a bhfuil na huimhreacha sainaitheantais substainte NA 0092, NA 0093, NA 0191, NA 0195, NA 0197, NA 0240, NA 0312, NA 0403, NA 0404, NA 0453, NA 0505, NA 0506 nó NA 0507 faoi seach, lena n-iompar chuig beairic mhíleata nó raon míleata lena ndiúscairt.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna 1, 2, 4, 5 agus 6

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha ginearálta. Aicmiú. Forálacha pacáistithe. Forálacha coinsíneachta. Déantús agus tástáil pacáistí.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Maidir le forálacha Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE maidir le pacáistiú, marcáil agus lipéadú earraí piriteicniúla atá as dáta ar a bhfuil na huimhreacha sainaitheantais substainte NA 0092, NA 0093, NA 0191, NA 0195, NA 0197, NA 0240, NA 0312, NA 0403, NA 0404, NA 0453, NA 0505, NA 0506 nó NA 0507 faoi seach lena n-iompar chuig beairic mhíleata nó raon míleata, ní bheidh feidhm acu ar choinníoll go gcomhlíontar na forálacha ginearálta pacáistithe in Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE agus go gcuimsítear faisnéis bhreise sa doiciméad iompair. Níl feidhm ag an díolúine ach amháin maidir le cainníochtaí beaga de na hearraí piriteicniúla sin atá as dáta a iompar go háitiúil chuig beairic mhíleata nó raon míleata lena ndiúscairt go sábháilte.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: S.I. 349 ó Rialachán 57(f) agus (g) 2011

Nótaí: Trí chainníochtaí beaga “as dáta” d’earraí piriteicniúla muirí a iompar, go háirithe ó úinéirí bád pléisiúir agus ó sholáthraithe loinge, chuig beairicí míleata nó raonta míleata lena ndiúscairt go sábháilte, cruthaíodh deacrachtaí, go háirithe i ndáil le ceanglais maidir le pacáistiú. Baineann an maolú le cainníochtaí beaga (faoi bhun na gcainníochtaí a shonraítear in 1.1.3.6) le haghaidh iompar áitiúil, lena gcuimsítear gach uimhir NA atá sannta d’earraí piriteicniúla muirí.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-IE-7

Ábhar: Glacadh RO-a-HU-2.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: -

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

ES An Spáinn

RO-a-ES-1

Ábhar: Póstaeir a chur ar choimeádáin

Bunús dlí: Treoir 2008/68/CE, Airteagal 6(2)(a).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.3.1.2.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Déanfar na póstaeir a ghreamú den dá thaobh agus de gach ceann den choimeádán, den MEGC, den choimeádán umair nó den umar iniompartha.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní gá an póstaer a shocrú de na coimeádáin ina bhfuil pacáistí nuair a úsáidtear iad go heisiach in oibríochtaí iompair de bhóthar. Níl feidhm ag an díolúine seo maidir le haicmí 1 ná 7.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Real Decreto 97/2014. Anejo 1. Apartado 8.

Nótaí: Nuair nach n-úsáidtear coimeádán, seachas umarchoimeádán, ach amháin le haghaidh iompar de bhóthar, agus nach bhfuil baint aige le hoibríocht iompair idirmhódúil, comhlíonann sé feidhmeanna cabhlach soghluaiste. Ní bhíonn aon chineál póstaeir contúirte de dhíth ar chabhlacha soghluaiste le haghaidh iompar earraí pacáistithe, ach amháin i gcás aicmí 1 agus 7.

Dá bhrí sin, meastar go raibh sé áisiúil coimeádáin a úsáidtear mar chabhlacha soghluaiste in oibríochtaí iompair de bhóthar a dhíolmhú go heisiach ón gceanglas póstaeir a chur in airde, cé is moite den choimeádán ina n-iompraítear earraí d’aicmí 1 nó 7.

Leis an díolúine seo déantar coimeádáin a chomhshamhlú le cabhlacha soghluaiste i ndáil le coinníollacha slándála, agus ní bhíonn aon chúis go n-éileofaí níos mó ceanglas le haghaidh coimeádán ná cabhlacha soghluaiste ós rud é go gcomhlíonann siad ceanglais bhreise slándála i ngeall ar a ndearadh shonrach agus a ndéantús sonrach. Comhlíonfaidh an chuid eile de na póstaeir a chuirtear in airde agus den mharcáil is gá le haghaidh feithiclí a bhfuil earraí contúirteacha á n-iompar acu forálacha Chaibidil 5.3 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE.

Dáta éaga: an 1 Eanáir 2025

FR An Fhrainc

RO-a-FR-2

Ábhar: Iompar dramhaíola a eascraíonn as gníomhaíochtaí cúraim lena mbaineann riosca ionfhabhtaithe a chumhdaítear le NA 3291 ag a bhfuil mais atá níos lú ná 15 kg nó cothrom leis sin.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Díolúine ó cheanglais ADR maidir le hiompar dramhaíola a eascraíonn as gníomhaíochtaí cúraim lena mbaineann riosca ionfhabhtaithe a chumhdaítear le NA 3291 ag a bhfuil mais atá níos lú ná 15 kg nó cothrom leis sin.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 1er juin 2001 relatif au transport des marchandises dangereuses par route — Article 12.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-FR-5

Ábhar: Iompar earraí contúirteacha i bhfeithiclí iompair phoiblí do phaisinéirí (18).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 8.3.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Iompar paisinéirí agus earraí contúirteacha.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar earraí contúirteacha seachas earraí d’aicme 7, atá údaraithe i bhfeithiclí iompair phoiblí mar bhagáiste láimhe: is ag na forálacha a bhaineann le beartáin a phacáistiú, a mharcáil agus a lipéadú agus a leagtar amach in 4.1, 5.2 agus 3.4 atá feidhm agus ag na forálacha sin amháin.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 29 mai 2009 relatif au transport des marchandises dangereuses par voies terrestres, annexe I paragraphe 3.1

Nótaí: Ní ceadmhach do thaistealaithe earraí contúirteacha a bheith sa bhagáiste láimhe acu ach amháin le haghaidh a n-úsáide pearsanta nó a n-úsáide gairmiúla féin. Is ceadmhach d’othair a bhfuil fadhbanna riospráide acu gabhdáin gáis iniompartha a bheith acu, a mhéid is gá do thuras amháin.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-FR-6

Ábhar: Cainníochtaí beaga d’earraí contúirteacha a iompar ar bhonn féinchuntais (18).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Oibleagáid maidir le bheith i seilbh doiciméad iompair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar cainníochtaí beaga d’earraí contúirteacha ar bhonn féinchuntais ar earraí iad nach sáraíonn na teorainneacha a leagtar síos in 1.1.3.6, níl sé faoi réir na hoibleagáide maidir le bheith i seilbh doiciméad iompair dá bhforáiltear in 5.4.1.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 29 mai 2009 relatif au transport des marchandises dangereuses par voies terrestres annexe I, paragraphe 3.2.1

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-FR-7

Ábhar: Samplaí de shubstaintí ceimiceacha, meascáin agus earraí ina bhfuil nithe contúirteacha a iompar de bhóthar chun críche faireachais margaidh.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna 1 go 9

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha ginearálta, aicmiú, forálacha speisialta agus díolúintí a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha a phacáiltear i gcainníochtaí teoranta, forálacha maidir le húsáid pacáistíochta agus umar, nósanna imeachta coinsíneachta, ceanglais maidir le tógáil pacáistíochta, forálacha maidir le dálaí iompair, láimhseála, luchtaithe agus díluchtaithe, ceanglais maidir le trealamh iompair agus oibríochtaí iompair, ceanglais maidir le déantús agus ceadú feithiclí.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Déanfar samplaí de shubstaintí ceimiceacha, meascáin agus earraí ina bhfuil nithe contúirteacha agus a iompraítear le hanailís a dhéanamh orthu mar chuid de ghníomhaíocht an fhaireachais margaidh a phacáil i gcomhphacáistíocht. Comhlíonfaidh siad na rialacha maidir le huasmhéideanna le haghaidh pacáistíocht inmheánach de réir chineál an earra chontúirtigh atá i gceist. Comhlíonfaidh an phacáistíocht sheachtrach na ceanglais le haghaidh boscaí plaisteacha soladacha (4H2, Caibidil 6.1 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE). Ní mór marcáil Roinn 3.4.7, Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE a bheith ar an bpacáistíocht sheachtrach agus an téacs “Samplaí le haghaidh anailíse” (as Fraincis: “Echantillons destinés à l”analyse”). Ar choinníoll go gcomhlíontar na forálacha sin, níl an t-iompar faoi réir fhorálacha Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 12 décembre 2012 modifiant l”arrêté du 29 mai 2009 relatif aux transports de marchandises dangereuses par voies terrestres

Nótaí: Ní dhéantar foráil sa díolúine i Roinn 1.1.3, Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE maidir le samplaí d’earraí contúirteacha a iompar lena n-anailísiú a ghlac na húdaráis inniúla nó a glacadh thar a gceann. Chun faireachas éifeachtach margaidh a áirithiú, thug an Fhrainc nós imeachta isteach bunaithe ar an gcóras is infheidhme maidir le cainníochtaí teoranta chun sábháilteacht iompair samplaí ina bhfuil earraí contúirteacha a áirithiú. Ós rud é nach mbíonn sé indéanta i gcónaí forálacha Thábla A a chur i bhfeidhm, rinneadh an teorainn chainníochtúil le haghaidh na pacáistíochta inmheánaí a shainiú ar bhealach níos oibríochtúla.

Dáta éaga: an 1 Eanáir 2025

RO-a-FR-8

Ábhar: Glacadh RO-a-HU-2. Iompar táirgí cógaisíochta nach táirgí íocshláinte iad atá beartaithe do chógaslanna agus d’ospidéil

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní cheanglaítear go ndéanfar marcanna a ghreamú de phacáistíocht i gcomhréir le pointe 6.1.3 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ná go ndéanfar an phacáistíocht a shainaithint má tá earraí contúirteacha i gcainníochtaí beaga inti.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 29 mai 2009 modifié relatif au transport des marchandises dangereuses par voies terrestres, annexe I, paragraphe 3.10

Nótaí: Tá an maolú seo teoranta go docht do chuideachtaí a sholáthraíonn táirgí cógaisíochta do chógaslanna agus d’ospidéil. Mar chuid dá ngníomhaíochtaí, díphacálann na cuideachtaí earraí a pacáistíodh i gcainníochtaí teoranta den chuid is mó. Ansin cuirtear na táirgí sin i bpacáistíocht sheachtrach shéalaithe (boscaí plaisteacha nó cairtchláir).

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

HU An Ungáir

RO-a-HU-1

Ábhar: Glacadh RO-a-DE-2

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: A nemzeti fejlesztési miniszter rendelete az ADR Megállapodás A és B Mellékletének belföldi alkalmazásáról

Dáta éaga: an 30 Eanáir 2025

RO-a-HU-2

Ábhar: Earraí i bpacáistíocht inmheánach a dháileadh ar mhiondíoltóirí nó iad a dháileadh ó iostaí dáilte ar mhiondíoltóirí nó ar úsáideoirí agus iad a dháileadh ó mhiondíoltóirí ar úsáideoirí deiridh.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 6.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le déantús agus tástáil pacáistíochta.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní cheanglaítear go leithdháilfear marc ar an bpacáistíocht inmheánach i gcomhréir le Roinn 6.1.3 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ná go marcálfar í ar bhealach eile má tá earraí contúirteacha inti a pacáladh i dtosach de réir Chaibidil 3.4 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE agus iad á n-iompar i gcainníocht mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an reachtaíocht náisiúnta.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: A nemzeti fejlesztési miniszter rendelete az ADR Megállapodás A és B Mellékletének belföldi alkalmazásáról

Nótaí: Tá ceanglais Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE míchuí le haghaidh chéimeanna deiridh a n-iompair ó iosta dáilte chuig miondíoltóir nó úsáideoir nó ó mhiondíoltóir chuig úsáideoir deiridh. Gabhdáin inmheánacha na n-earraí chun críche dáileacháin miondíola, is é is cuspóir don mhaolú seo a cheadú iad a iompar ar an gcuid deiridh de thuras dáileacháin áitiúil gan pacáistíocht sheachtrach.

Dáta éaga: an 30 Eanáir 2025

AT An Ostair

RO-a-AT-1

Ábhar: Cainníochtaí beaga de gach aicme seachas 1, 6.2 agus 7

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 3.4

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Iompar earraí contúirteacha a pacáladh ina gcainníochtaí teoranta.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Féadfar suas le 30 kg nó 30 l d’earraí contúirteacha nach mbaineann le hiompar de chatagóir 0 ná 1 i bpacáistíocht inmheánach LQ nó i bpacáistí atá i gcomhréir le ADR nó atá ina n-earraí stóinsithe a phacáil le chéile i mboscaí X tástáilte.

Ceadaítear d’úsáideoirí deiridh iad a fháil ón siopa agus a thabhairt ar ais agus ceadaítear do mhiondíoltóirí a iompar chuig úsáideoirí deiridh nó idir a siopaí féin.

Is é 333 kg nó 333 l an teorainn in aghaidh an aonaid iompair, agus is é 100 km an imlíne cheadaithe.

Ní mór na boscaí a mharcáil go haonfhoirmeach agus ní mór doiciméad iompair simplithe a bheith ag gabháil leo.

Níl feidhm ach ag roinnt forálacha lódála agus láimhseála.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: „Gefahrgutbeförderungsverordnung Geringe Mengen - GGBV-GMfrom 5.7.2019, BGBl. II Nr. 203/2019“

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2028

PT An Phortaingéil

RO-a-PT-3

Ábhar: Glacadh RO-a-HU-2

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Deliberação n.° 2053/2015, de 9 de novembro 2015

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

FI An Fhionlainn

RO-a-FI-1

Ábhar: Iompar méideanna áirithe earraí contúirteacha ar bhusanna

Bunús dlí: Treoir 2008/68/CE, Airteagal 6(2)(a)

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna 1, 4 agus 5

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Díolúintí, Forálacha pacáistithe, Marcáil agus Doiciméadacht.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ar bhusanna le paisinéirí, féadfar méideanna beaga d’earraí contúirteacha sonraithe a iompar mar lastas ionas nach mbeidh an chainníocht iomlán níos mó ná 200 cileagram. Ar bhus, féadfaidh duine príobháideach earraí contúirteacha dá dtagraítear i roinn 1.1.3 a iompar i gcás inar pacáistíodh na hearraí atá i gceist lena miondíol agus go bhfuil siad beartaithe le haghaidh úsáid phearsanta. Ní fhéadfaidh cainníocht iomlán na leachtanna inadhainte a líontar i ngabhdáin in-athlíonta dul thar 5 lítear.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialachán Ghníomhaireacht Iompair agus Cumarsáide na Fionlainne maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar agus an Fhoraithne Rialtais maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar (194/2002)

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-FI-2

Ábhar: Tuairisc ar umair fholmha sa doiciméad iompair

Bunús dlí: Treoir 2008/68/CE, Airteagal 6(2)(a)

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Cuid 5, 5.4.1

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha speisialta maidir le hiompar i bhfeithiclí umair nó aonaid iompair a bhfuil níos mó ná umar amháin iontu

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Agus feithiclí umair folmha nár glanadh nó aonaid iompair folmha nár glanadh ina bhfuil umar amháin nó níos mó á n-iompar agus a marcáladh i gcomhréir le 5.3.2.1.3, féadfaidh an tsubstaint leis an splancphointe is ísle a bheith ar an tsubstaint dheireanach a iompraíodh agus a marcáladh sa doiciméad iompair.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialachán Ghníomhaireacht Iompair agus Cumarsáide na Fionlainne maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-a-FI-3

Ábhar: Póstaeir a chur ar an aonad iompair le haghaidh pléascán agus é a mharcáil.

Bunús dlí: Treoir 2008/68/CE, Airteagal 6(2)(a)

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.3.2.1.1

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha ginearálta maidir le plátaí a bhfuil dath oráiste orthu

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Aonaid iompair lena n-iompraítear (veaineanna go hiondúil) méideanna beaga pléascán (uasmhéid glan 1 000 kg) chuig cairéil agus láithreáin oibre, féadfar iad a lipéadú ar a n-aghaidh agus ar a gcúl agus úsáid á baint as an bpláta i samhail Uimh. 1.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialachán Ghníomhaireacht Iompair agus Cumarsáide na Fionlainne maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

SE An tSualainn

RO-a-SE-1

Ábhar: Glacadh RO-a-FR-7

Bunús dlí: Treoir 2008/68/CE, Airteagal 6(2)(a) (Cainníochtaí beaga)

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna 1 go 9.

Comhthéacs na Treorach:

Tagairt don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om visa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng.

Nótaí:

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

Arna bhunú ar Airteagal 6(2)(b)(i) de Threoir 2008/68/CE

BE An Bheilg

RO-bi-BE-5

Ábhar: Iompar dramhaíola chuig saoráidí cóireála dramhaíola.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.2, 5.4, 6.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Aicmiú, marcáil agus ceanglais i ndáil leis an bpacáistíocht.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Seachas dramhaíl a aicmiú de réir ADR, sanntar an dramhaíl ar ghrúpaí éagsúla (tuaslagóirí inadhainte, péinteanna, aigéid, ceallraí, etc.) chun imoibrithe contúirteacha a sheachaint laistigh d’aon ghrúpa amháin. Níl na ceanglais maidir le monarú pacáistíochta chomh sriantach céanna.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté royal relatif au transport des marchandises dangereuses par route

Nótaí: Féadfar an rialachán seo a úsáid chun cainníochtaí beaga dramhaíola a iompar chuig saoráidí dramhaíola.

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-bi-BE-6

Ábhar: Glacadh RO-bi-SE-5

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: maolú 01-2004

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-bi-BE-7

Ábhar: Glacadh RO-bi-SE-6

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: maolú 02-2003

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-bi-BE-8

Ábhar: Díolúine ón toirmeasc ar thiománaí nó ar chúntóir tiománaí pacáistí d’earraí contúirteacha a oscailt i slabhra dáileacháin áitiúil ó iosta dáileacháin áitiúil chuig miondíoltóir nó úsáideoir deiridh agus ón miondíoltóir chuig an úsáideoir deiridh (cé is moite d’Aicme 7).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 8.3.3.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Toirmeasc ar thiománaí nó ar chúntóir tiománaí pacáistí d’earraí contúirteacha a oscailt.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Cáilítear an toirmeasc ar phacáistí a oscailt leis an gcoinníoll “Ach amháin má údaraíonn oibreoir na feithicle é a dhéanamh”.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté royal relatif au transport des marchandises dangereuses par route

Nótaí: Má thuigtear é go litriúil, d’fhéadfadh foclaíocht an toirmisc san Iarscríbhinn fadhbanna tromchúiseacha a chruthú don dáileachán miondíola.

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-bi-BE-10

Ábhar: Iompar i ngaireacht do láithreacha tionscail lena n-áirítear iompar de bhóthar poiblí.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Baineann an maolú le doiciméadú, le deimhniú an tiománaí, le lipéadú agus/nó le marcáil pacáistí.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: maoluithe 10-2012, 12-2012, 24-2013, 31-2013, 07-2014, 08-2014, 09-2014 agus 38-2014.

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-bi-BE-11

Ábhar: bailiú sorcóirí ina bhfuil bútán agus própán gan lipéadú comhréireachta

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.2.2.1.1

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: ní mór lipéid ghuaise a bheith greamaithe de shorcóirí gáis.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: le linn bhailiú na sorcóirí ina raibh NA 1965, ní gá na lipéid ghuaise atá in easnamh a athsholáthar má dhéantar an fheithicil a lipéadú i gceart (samhail 2.1)

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: maolú 14-2016.

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-bi-BE-12

Ábhar: iompar NA 3509 i mbulc-choimeádáin bhrataithe

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 7.3.2.1

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ní mór NA 3509 a iompar i mbulc-choimeádáin dhúnta

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: maolú 15-2016

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

RO-bi-BE-13

Ábhar: sorcóirí DOT a iompar

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 6.2.3.4 go 6.2.3.9

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: ní mór sorcóirí gáis a mhonarú agus a thástáil de réir Chaibidil 6.2 de ADR

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: is féidir sorcóirí gáis a dhéantar agus a thástáiltear de réir shaintreoracha Roinn Iompair na Stát Aontaithe (DOT) a úsáid chun liosta teoranta gás atá i gceangal leis an maolú a iompar

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: maolú BWV01-2017

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2028

DK An Danmhairg

RO-bi-DK-1

Ábhar: NA 1202, 1203, 1223 agus Aicme 2 — gan doiciméad iompair.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: An doiciméad iompair atá ag teastáil.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Agus táirgí ola mianraí in Aicme 3, NA 1202, 1203 agus 1223 agus gáis in Aicme 2 á n-iompar lena ndáileadh (earraí le seachadadh do dhá fhaighteoir nó níos mó agus bailiú earraí arna dtabhairt ar ais i gcásanna comhchosúla), níl gá le doiciméad iompair ar choinníoll go mbeidh faisnéis i ndáil leis an Uimh. NA, leis an ainm agus leis an aicme ar áireamh sna treoracha i scríbhinn, le cois na faisnéise arna hiarraidh in ADR.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Bekendtgørelse nr. 729 af 15.8.2001 om vejtransport af farligt gods.

Nótaí: Is é an chúis atá leis an maolú náisiúnta sin a bheith ann gur féidir, mar thoradh ar fhorbairt trealaimh leictreonaigh, leis na cuideachtaí ola a úsáideann trealamh den sórt sin mar shampla, faisnéis faoi na custaiméirí a tharchur chuig na feithiclí go leanúnach. Ós rud é nach mbíonn an fhaisnéis sin ar fáil i dtús na hoibríochta iompair agus go gcuirfear ar aghaidh chuig an bhfeithicil í le linn an turais iompair, ní féidir — sula gcuirtear tús leis an iompar — doiciméid iompair a tharraingt suas. Tá na cineálacha iompair sin srianta do limistéir theoranta.

Maolú ag an Danmhairg le haghaidh foráil chomhchosúil faoi Airteagal 6(10) de Threoir 94/55/CE.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2026

RO-bi-DK-2

Ábhar: Glacadh RO-bi-SE-6

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Bekendtgørelse nr. 437 af 6. Juni 2005 om vejtransport af farligt gods, arna leasú.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2026

RO-bi-DK-3

Ábhar: Earraí contúirteacha atá an-ghar dá chéile a iompar laistigh d’áitreabh príobháideach.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le hiompar earraí contúirteacha ar bhóithre príobháideacha.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar idir dhá áitreabh phríobháideacha ar leithligh nó níos mó atá an-ghar dá chéile, d’fhéadfadh sé go dtarlódh an t-iompar le cead i scríbhinn ón údarás inniúil – baineann coinníollacha áirithe leis sin.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Bekendtgørelse nr. 828 af 10. Juni 2017 om vejtransport af farligt gods.

Nótaí: D’fhéadfadh cás tarlú go héasca ina n-aistrítear earraí idir áitribh phríobháideacha atá gar dá chéile ach ina bhfuil sé riachtanach fós bóthar poiblí a úsáid ar feadh achar an-teoranta (e.g. bóthar a thrasnú). Ní hionann sin agus earraí contúirteacha a iompar ar bhóthar poiblí i ngnáthchiall an téarma, agus níl feidhm ach ag téarmaí níos boige.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2026

RO-bi-DK-4

Ábhar: Iompar earraí contúirteacha de bhóthar, ar earraí iad a bhaineann le haicmí áirithe, ó theaghlaigh phríobháideacha agus ó fhiontair go pointí bailithe dramhaíola in aice láimhe nó go saoráidí próiseála idirmheánaí chun críche diúscartha.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna 1 go 9

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha ginearálta, forálacha maidir le haicmiú, forálacha speisialta, forálacha pacála, nósanna imeachta coinsíneachta, ceanglais maidir le déantús agus tástáil pacáistíochta, forálacha maidir le dálaí iompair, luchtaithe, díluchtaithe agus láimhseála, ceanglais maidir le foirne feithiclí, trealamh, oibriú agus doiciméadacht agus ceanglais maidir le déantús agus ceadú feithiclí.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Féadfar, faoi choinníollacha áirithe, earraí contúirteacha ó theaghlaigh phríobháideacha agus ó ghnóthais a iompar chuig pointí bailithe dramhaíola in aice láimhe nó chuig saoráidí próiseála idirmheánaí lena ndiúscairt. Comhlíonfar forálacha éagsúla ag brath ar an gcineál iompair agus ar na rioscaí a bhaineann leis an iompar; amhail cainníocht na n-earraí contúirteacha in aghaidh na pacáistíochta inmheánaí, in aghaidh na pacáistíochta seachtraí agus/nó in aghaidh an aonaid iompair, agus cibé acu an bhfuil iompar earraí contúirteacha coimhdeach le príomhghníomhaíocht na ngnóthas nó nach bhfuil.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Bekendtgørelse nr. 818 af 28. Juni 2011 om vejtransport af farligt gods § 4, stk. 3.

Nótaí: Ní féidir le bainisteoirí dramhaíola ná le fiontair forálacha uile Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE a chur i bhfeidhm i gcás ina n-iompraítear dramhaíl ina bhfuil méideanna iarmharacha d’earraí contúirteacha ó theaghlaigh phríobháideacha agus/nó ó fhiontair chuig pointí bailithe dramhaíola in aice láimhe lena diúscairt. An dramhaíl, is iondúil gur pacáistíocht a iompraíodh ar dtús í de réir dhíolúine fhoroinn 1.1.3.1 (c) d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, I.1 a ghabhann le Treoir 2008/68/CE agus/nó a dhíoltar ar mhiondíol. Níl feidhm, áfach, ag díolúine 1.1.3.1 (c) maidir le hiompar chuig pointí bailithe dramhaíola, ná níl forálacha chaibidil 3.4 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, I.1 a ghabhann le Treoir 2008/68/CE iomchuí maidir le pacáistíocht inmheánach dramhaíola a iompar.

Dáta éaga: an 1 Eanáir 2025

RO-bi-DK-5

Ábhar: Díolúine chun luchtú agus díluchtú earraí contúirteacha a cheadú, dá sanntar an fhoráil speisialta CV1 in 7.5.11 nó S1 in 8.5, in áit phoiblí gan cead speisialta a fháil ó na húdaráis inniúla.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann leis an Treoir seo: 7.5.11, 8.5

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha breise a bhaineann le luchtú, díluchtú agus láimhseáil.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ceadaítear earraí contúirteacha a luchtú agus a dhíluchtú in áit phoiblí gan cead speisialta ón údarás inniúil, de mhaolú ar cheanglais 7.5.11 nó 8.5.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Bekendtgørelse nr. 828 af 10/06/2017 om vejtransport af farligt gods.

Nótaí: Maidir le hiompar náisiúnta laistigh den stát, cuirtear ualach an-dochraideach ar na húdaráis inniúla leis an bhforáil seo, agus ar an bpobal gnó a bhíonn ag déileáil leis na hearraí contúirteacha atá i gceist chomh maith.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2026

DE An Ghearmáin

RO-bi-DE-1

Ábhar: Tarscaoileadh tásc áirithe sa doiciméad iompair (n2).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.1.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ábhar an doiciméid iompair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Le haghaidh gach aicme seachas Aicmí 1 (seachas 1.4S), 5.2 agus 7:

Níl aon tásc ag teastáil sa doiciméad iompair:

(a)

le haghaidh an choinsíní i gcás dáileadh áitiúil (seachas le haghaidh lánlód agus iompar ar bhealaigh áirithe);

(b)

le haghaidh mhéid agus chineálacha na pacáistíochta, mura bhfuil feidhm ag 1.1.3.6 agus má tá an fheithicil i gcomhréir le forálacha uile Iarscríbhinní A agus B;

(c)

le haghaidh umair fholmha nár glanadh, is leor doiciméad iompair an lóid deiridh.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung — GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. IS. 4350); Ausnahme 18.

Nótaí: Ní bheadh sé praiticiúil na forálacha uile a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis an gcineál tráchta lena mbaineann.

Chláraigh an Coimisiún an maolú mar Uimh. 22 (faoi Airteagal 6(10) de Threoir 94/55/CE).

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-bi-DE-3

Ábhar: Iompar dramhaíola guaisí pacáistithe.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 1 go 5.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Aicmiú, pacáistiú agus marcáil.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Aicmí 2 go 6.1, 8 agus 9: Pacáistíocht chomhcheangailte agus iompar dramhaíola guaisí i bpacáistí agus in IBCanna; ní mór an dramhaíl a phacáistiú i bpacáistíocht inmheánach (arna bailiú) agus a aicmiú i ngrúpaí dramhaíola sonracha (imoibrithe contúirteacha laistigh de ghrúpa dramhaíola a sheachaint); treoracha speisialta i scríbhinn a úsáid i ndáil leis na grúpaí dramhaíola agus mar bhille iompair; dramhaíl tí agus saotharlainne etc. a bhailiú.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung — GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. IS. 4350); Ausnahme 20.

Nótaí: Uimh. 6* ar an liosta.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-bi-DE-5

Ábhar: Iompar áitiúil NA 3343 (meascán nítriglicrín atá dí-íograithe, leachtach, inadhainte, nach sonraítear ar bhealach eile, ina bhfuil mais nach mó ná 30 % nítriglicrín) i gcoimeádáin umair, de mhaolú ar fho-roinn 4.3.2.1.1 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 3.2, 4.3.2.1.1,

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha maidir le húsáid coimeádán umair.

Ábhar na bhforálacha náisiúnta dlí: iompar áitiúil nítriglicrín (NA 3343) in umarchoimeádáin, thar achair ghearra, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

Ceanglais le haghaidh na gcoimeádán umair

1.1.

Ní fhéadfar ach coimeádáin umair a údaraíodh go sonrach chun na críche sin a úsáid, a chomhlíonann, ar dhóigh eile, na forálacha maidir le déantús, trealamh, údarú na samhla déantúis, tástálacha, lipéadú agus oibriú i gCaibidil 6.8 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE.

1.2.

Ní mór do mheicníocht dúnta an choimeádáin umair córas scaoilte brú a bheith inti a ghéilleann do bhrú inmheánach 300 kPa (3 bhar) os cionn an ghnáthbhrú agus sa chaoi sin saortar oscailt in airde ina bhfuil achar scaoilte brú 135 cm2 ar a laghad (trastomhas 132 mm). Ní mór don oscailt fanacht ar oscailt tar éis í a ghníomhachtú. Mar shuiteáil sábháilteachta, is féidir ceann amháin nó níos mó de na heilimintí sábháilteachta leis an iompraíocht ghníomhachtaithe chéanna agus le hachar scaoilte brú comhfhreagrach a úsáid. Ní mór don údarás atá freagrach tástáil cineáil agus formheas cineáil a bheith déanta go rathúil ar chineál déantúis na suiteála sábháilteachta.

2.

Lipéadú

Tá lipéad contúirte le bheith ar gach coimeádán umair ar an dá thaobh i gcomhréir le samhail 3 i bhfo-alt 5.2.2.2.2 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Threoir 2008/68/CE.

3.

Forálacha oibríochta

3.1.

Le linn iompair ní mór a áirithiú go ndáilfear an nítriglicrín go cothrom sa mheán cobhsaíochta agus nach féidir aon dí-mheascadh tarlú.

3.2.

Agus luchtú agus díluchtú ar siúl, ní cheadaítear dó fanacht i bhfeithicil ná ar fheithicil, ach amháin chun an trealamh luchtaithe agus díluchtaithe a oibriú.

3.3.

Ag an áit díluchtaithe, ní mór na coimeádáin umair a fholmhú go hiomlán. Mura féidir iad a fholmhú go hiomlán, ní mór iad a dhúnadh go teann i ndiaidh a ndíluchtaithe go dtí go líonfar arís iad.

Tagairt bhunaidh d’fhorálacha náisiúnta dlí: maolú Nordrhein-Westfalen

Barúlacha: Baineann sé sin le hiompar áitiúil de bhóthar in gcoimeádáin umair thar achair ghearra mar chuid de phróiseas tionsclaíoch idir dhá shuíomh táirgeachta sheasta. D’fhonn táirge cógaisíochta a mhonarú, mar chuid d’iompar a chomhlíonann na rialacha seachadtar ó shuíomh táirgeachta A, i gcoimeádáin umair 600 l, tuaslagán roisín atá inadhainte (NA 1866), de chuid ghrúpa pacáistithe II, chuig suíomh táirgeachta B. Cuirtear isteach tuaslagán nítriglicrín ansin agus déantar é a mheascadh, rud a tháirgeann meascán gliú ina bhfuil nítriglicrín atá dí-íograithe, leachtach, inadhainte, nach sonraítear ar bhealach eile, ina bhfuil mais nach mó ná 30 % nítriglicrín (NA 3343), le haghaidh tuilleadh úsáide. Maidir leis an tsubstaint sin a iompar ar ais chuig suíomh táirgeachta A, tarlaíonn sé sna coimeádáin umair sin freisin, a ndearna an t-údarás ábhartha seiceáil agus formheas orthu go speisialta don oibríocht iompair shonrach seo agus a bhfuil cód an umair L10DN orthu.

Deireadh na tréimhse bailíochta: an 30 Meitheamh 2028

RO-bi-DE-6

Ábhar: Glacadh RO-bi-SE-6.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: ƒ 1 Absatz 3 Nummer 1 der Gefahrgutverordnung Straße, Eisenbahn und Binnenschifffahrt (GGVSEB)

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-bi-DE-7

Ábhar: Glacadh RO-bi-BE-10

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta:

Dáta éaga: an 31 Nollaig 2027

IE Éire

RO-bi-IE-3

Ábhar: Díolúine chun luchtú agus díluchtú earraí contúirteacha a cheadú, dá sanntar an fhoráil speisialta CV1 in 7.5.11 nó S1 in 8.5, in áit phoiblí gan cead speisialta a fháil ó na húdaráis inniúla.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 7.5 agus 8.5.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha breise i ndáil le luchtú, díluchtú agus láimhseáil.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ceadaítear earraí contúirteacha a luchtú agus a dhíluchtú in áit phoiblí gan cead speisialta a fháil ón údarás inniúil, de mhaolú ar cheanglais 7.5.11 nó 8.5.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialachán 82(5) de “na Rialacháin maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 2004”.

Nótaí: Maidir le hiompar náisiúnta laistigh den stát, cuirtear ualach an-dochraideach ar na húdaráis inniúla leis an bhforáil sin.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-bi-IE-6

Ábhar: Díolúine ón gceanglas in 4.3.4.2.2, lena n-éilítear píobáin sholúbtha líonta agus sceite, nach bhfuil nasctha go buan le blaosc feithicle umair, a bheith folamh le linn an iompair.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 4.3.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Úsáid feithiclí umair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Maidir le spóil píobán solúbtha (lena n-áirítear píblínte seasta a ghabhann leo) atá greamaithe d’fheithiclí umair atá ag gabháil do dháileachán miondíola táirgí peitriliam ag a bhfuil na huimhreacha sainaitheantais substainte NA 1011, NA 1202, NA 1223, NA 1863 agus NA 1978, ní gá dóibh a bheith folamh le linn an iompair de bhóthar, ar choinníoll go ndéantar bearta leordhóthanacha chun caillteanas aon inneachair a sheachaint.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialachán 82(8) de “na Rialacháin maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 2004”.

Nótaí: Ní mór píobáin sholúbtha atá feistithe ar fheithiclí umair seachadta baile fanacht lán gach tráth fiú amháin le linn an iompair. Tugtar córas “fliuchlíne” ar an gcóras sceite lena gceanglaítear méadar agus píobán na feithicle umair a phrímeáil ionas go n-áiritheofar go bhfaighidh an custaiméir an chainníocht cheart den táirge.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-bi-IE-7

Ábhar: Díolúine ó cheanglais áirithe de chuid 5.4.0, 5.4.1.1.1 agus 7.5.11 de ADR maidir le Leasachán Níotráite Amóiniam NA 2067 a iompar i mbulc ó chalafoirt go coinsínithe.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.0, 5.4.1.1.1 agus 7.5.11.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglas maidir le doiciméad iompair ar leithligh a bheith ann lena n-áirítear an chainníocht iomlán cheart le haghaidh an luchta ar leith, le haghaidh gach turais iompair; agus ceanglas maidir leis an bhfeithicil a ghlanadh roimh an turas agus ina dhiaidh.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Maolú atá beartaithe chun modhnuithe a cheadú ar cheanglais ADR maidir leis an doiciméad iompair agus le glanadh na feithicle; an taobh praiticiúil den iompar builc ón gcalafort go dtí an coinsíní a chur san áireamh.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Leasú atá beartaithe ar “na Rialacháin maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 2004”.

Nótaí: Éilíonn forálacha ADR (a) doiciméad iompair ar leithligh ina bhfuil mais iomlán na n-earraí contúirteacha a iompraítear le haghaidh an ualaigh ar leith; agus (b) an Fhoráil Speisialta “CV24” maidir leis an nglantachán le haghaidh gach uile ualaigh atá á iompar idir an calafort agus an coinsíní agus bulc-long á díluchtú. Ós rud e gur iompar áitiúil atá ann agus ó tharla go mbaineann sé le díluchtú bulc-loinge, lena mbaineann ualaigh iompair iolracha (ar an lá céanna nó ar laethanta i ndiaidh a chéile) den tsubstaint chéanna idir an bhulc-long agus an coinsíní, ba cheart doiciméad iompair aonair lena n-áirítear neasmhais iomlán gach ualaigh a bheith leordhóthanach, agus níor cheart é a bheith riachtanach an Fhoráil Speisialta “CV24” a éileamh.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

RO-bi-IE-8

Ábhar: Iompar earraí contúirteacha idir áitreabh príobháideach agus feithicil eile i ngarchomharsanacht an áitribh, nó idir dhá chuid d’áitreabh príobháideach atá suite i ngarchomharsanacht a chéile ach atá scartha lena chéile ag bóthar poiblí.

Tagairt don Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir: Iarscríbhinn I, Roinn 1.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Dífheidhmiú na rialachán i gcás ina mbeidh feithicil á húsáid chun earraí contúirteacha a aistriú

(a)

idir áitreabh príobháideach agus feithicil eile i ngarchomharsanacht an áitribh sin; nó

(b)

idir dhá chuid d’áitreabh príobháideach i ngarchomharsanacht a chéile ach atá scartha lena chéile ag bóthar poiblí,

ar choinníoll go ndéantar an t-iompar ar an mbealach is dírí.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialacháin 2011 agus 2013 de chuid na gComhphobal Eorpach (Iompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar agus Úsáid Trealaimh Brú Iniompartha), Rialachán 56.

Nótaí: D’fhéadfadh cásanna éagsúla tarlú ina n-aistrítear earraí idir dhá chuid d’áitreabh príobháideach nó idir áitreabh príobháideach agus feithicil a bhaineann leis atá scartha lena chéile ag bóthar poiblí. Ní iompar earraí contúirteacha sa ghnáthchiall atá sa chineál seo iompair, agus dá bhrí sin ní gá na rialacháin a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha a chur i bhfeidhm. Féach freisin RO-bi-SE-3 agus RO-bi-DK-3.

Dáta éaga: an 30 Meitheamh 2027

EL An Ghréig

RO-bi–EL-1

Ábhar: Maolú ar na ceanglais sábháilteachta maidir le humair fhosaithe (feithiclí umair) ina bhfuil ollmhais is lú ná 4 t a úsáidtear chun gás-ola a iompar (NA 1202), a céadchláraíodh sa Ghréig idir 1 Eanáir 1991 agus 31 Nollaig 2002.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 1.6.3.6, 6.8.2.4.2, 6.8.2.4.3, 6.8.2.4.4, 6.8.2.4.5, 6.8.2.1.17-6.8.2.1.22, 6.8.2.1.28, 6.8.2.2, 6.8.2.2.1, 6.8.2.2.2.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le déantús, trealamh, cineálcheadú, iniúchtaí agus tástálacha, agus marcáil umar fosaithe (feithiclí umair), umar in-asbhainte agus coimeádán umair agus cabhlacha soghluaiste umair, a bhfuil a mblaosc déanta d’ábhair mhiotalacha, agus feithiclí cadhnra agus MEGCanna.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Foráil idirthréimhseach: Umair fhosaithe (feithiclí umair) ina bhfuil ollmhais is lú ná 4 t a úsáidtear chun gás-ola a iompar (NA 1202), a céadchláraíodh sa Ghréig idir 1 Eanáir 1991 agus 31 Nollaig 2002, ar lú ná 3 mm tiús an bhlaoisc acu, féadfar na humair sin a úsáid fós. Is éard atá beartaithe leis an bhforáil an t-iompar áitiúil a chumhdach i gcás feithiclí a cláraíodh le linn na tréimhse sin. Ní bheidh feidhm ag an bhforáíl idirthréimhseach sin maidir le feithiclí umair ach amháin má chlaochlaítear iad de réir 6.8.2.1.20 agus go n-oiriúnaítear iad de réir:

1.

Na míreanna de ADR a bhaineann le hiniúchadh agus le tástálacha: 6.8.2.4.2, 6.8.2.4.3, 6.8.2.4.4, 6.8.2.4.5

2.

Beidh na humair i gcomhlíontacht le ceanglais 6.8.2.1.28, 6.8.2.2.1 agus 6.8.2.2.2.

Sa réimse “Nótaí” de dheimhniú cláraithe feithicle na feithicle, scríobhfar an méid seo a leanas: “BAILÍ GO DTÍ 30.6.2021”.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Τεχνικές Προδιαγραφές κατασκευής, εξοπλισμού και ελέγχων των δεξαμενών μεταφοράς συγκεκριμένων κατηγοριών επικινδύνων εμπορευμάτων για σταθερές δεξαμενές (οχήματα-δεξαμενές), αποσυναρμολογούμενες δεξαμενές που βρίσκονται σε κυκλοφορία (Ceanglais maidir le déantús, trealamh, iniúchtaí agus tástálacha umar fosaithe (feithiclí umair) agus umar in-asbhainte i gcúrsaíocht, i gcás catagóirí áirithe earraí contúirteacha).

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2023

ES An Spáinn

RO-bi–ES-2

Ábhar: Trealamh speisialta chun amóinia ainhidriúil a dháileadh.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 6.8.2.2.2.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ionas nach gcaillfí aon inneachar i gcás ina ndéanfaí damáiste do na feistis sheachtracha (píobáin, gairis stoptha píopa chliathánaigh), ní mór an chomhla stoptha inmheánach agus a suíochán a chosaint ar an gcontúirt go sracfaí as a háit í le struis sheachtracha nó ní mór í a dhearadh ar shlí go seasfaidh sí na struis sin. Ní mór na gairis líonta agus sceite (lena n-áirítear feirí nó dalláin shnáithithe) agus na caidhpeanna cosanta (má bhíonn a leithéid feistithe) a bheith sa dóigh ar féidir iad a dhaingniú ina aghaidh a n-oscailte gan beartú.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Umair a úsáidtear chun críoch talmhaíochta le haghaidh dáileadh agus leathadh amóinia ainhidriúla, agus a cuireadh i seirbhís roimh an 1 Eanáir 1997, féadfar feistí sábháilteachta seachtracha, in ionad feistí sábháilteachta inmheánacha, a fheistiú iontu, ar choinníoll go dtugann siad cosaint atá coibhéiseach, ar a laghad, leis an gcosaint a thugann balla an umair.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Real Decreto 97/2014. Anejo 1. Apartado 3.

Nótaí: Roimh an 1 Eanáir 1997, is cineál umair a raibh na feistis sábháilteachta feistithe go seachtrach air a úsáideadh go heisiach sa talmhaíocht chun amóinia ainhidriúil a leathadh díreach ar an talamh. Tá umair éagsúla den chineál sin fós in úsáid inniu. Is annamh a thiomáintear ar an mbóthar iad agus iad luchtaithe, arae ní úsáidtear iad ach le haghaidh leasachán ar fheirmeacha móra.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

FR An Fhrainc

RO-bi–FR-1

Ábhar: Doiciméad muirí a úsáid mar dhoiciméad iompair le haghaidh turais achair ghearr tar éis soitheach a dhíluchtú.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Faisnéis atá le bheith sa doiciméad a úsáidtear mar dhoiciméad iompair le haghaidh earraí guaiseacha.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Úsáidtear an doiciméad muirí mar dhoiciméad iompair laistigh de raon 15 km.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 1er juin 2001 relatif au transport des marchandises dangereuses par route — Article 23-4.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–FR-3

Ábhar: Umair stórála fhosaithe GPL a iompar (18).

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Tá iompar umar stórála fosaithe GPL faoi réir rialacha sonracha. Níl sé infheidhme ach amháin maidir le hiompar thar achar gearr.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 1er juin 2001 relatif au transport des marchandises dangereuses par route — Article 30.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–FR-4

Ábhar: Glacadh RO-bi-BE-8

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 29 mai 2009 modifié relatif aux transports de marchandises dangereuses par voies terrestres.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–FR-5

Ábhar: Glacadh RO-bi-BE-5

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: -

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2024

RO-bi–FR-6

Ábhar: Dramhaíl ina bhfuil aispeist nocht a iompar

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 4.1.4

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Treoir phacáistíochta P002

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Dramhaíl ina bhfuil aispeist nocht (Uimh. NA 2212 AISPEIST, AMFABÓL (amaisít, treimilít, achtainilít, antaifillít, croicidilít) nó Uimh. NA 2590 AISPEIST, CRISITÍL) a iompar ó láithreáin tógála:

iompraítear an dramhaíl i leoraithe dumpaire,

déantar an dramhaíl a phacáistiú i “málaí coimeádáin” móra — malaí infhillte ar aon toise le hurlár an dumpaire — a bhíonn dúnta go teann ionas nach n-éalódh aon aispeist le linn an iompair,

bíonn na málaí coimeádáin deartha ar chaoi go seasfaidh siad na struis a bheidh orthu faoi ghnáthdhálaí iompair agus le linn an díluchtaithe ag an láithreán líonta talún,

comhlíontar na coinníollacha eile atá infheidhme faoi ADR.

Na coinníollacha sin maidir le hiompar, is dealraitheach go n-oireann siad go háirithe d’iompar cainníochtaí móra dramhaíola ó oibreacha bóthair nó ó bhaint aispeiste as foirgnimh. Oireann na coinníollacha freisin do stóráil deiridh na dramhaíola ag láithreáin líonta talún fhormheasta agus tugann siad éascaíocht maidir le luchtú agus dá réir sin cosaint níos fearr do na hoibrithe i gcomparáid leis na coinníollacha is infheidhme faoi threoir phacáistíochta P002 i gcaibidil 4.1.4 de ADR.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: -

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2024

HU An Ungáir

RO-bi–HU-1

Ábhar: Glacadh RO-bi-SE-3

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: A nemzeti fejlesztési miniszter rendelete az ADR Megállapodás A és B Mellékletének belföldi alkalmazásáról

Dáta éaga: 30 Eanáir 2025

NL An Ísiltír

RO-bi–NL-13

Ábhar: An scéim maidir le dramhaíl ghuaiseach tí a iompar, 2015.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 1.1.3.6, 3.3, 4.1.4, 4.1.6, 4.1.8, 4.1.10, 5.1.2, 5.4.0, 5.4.1, 5.4.3, 6.1, 7.5.4, 7.5.7, 7.5.9, 8 agus 9.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Díolúintí i gcás cainníochtaí áirithe; forálacha speisialta; úsáid pacáistíochta; úsáid forphacáistíochta; doiciméadacht; déantús agus tástáil pacáistíochta; luchtú, díluchtú agus láimhseáil; foirniú; trealamh; oibríocht; feithiclí agus doiciméadacht; déantús agus formheas feithiclí.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Forálacha maidir le hiompar dramhaíola guaisí tí, de chineál beag a bhailítear, agus freisin maidir le dramhaíl ghuaiseach tí ó ghnólachtaí, a sholáthraítear i bpacáistíocht iomchuí ina bhfuil uastoilleadh 60 líotar. Ós cainníochtaí beaga a bhíonn i gceist i ngach cás agus ó tá éagsúlacht chineáil ag baint leis na substaintí éagsúla, ní féidir na hoibríochtaí iompair a dhéanamh i lán-chomhréir le rialacha ADR. Dá réir sin, sa scéim réamhluaite, sonraítear athraitheach simplithe atá ar claonadh ó roinnt forálacha in ADR.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: An scéim maidir le dramhaíl ghuaiseach tí a iompar, 2015.

Nótaí: Bunaíodh an scéim le cur ar chumas daoine aonair agus gnólachtaí dramhaíl bheag cheimiceach a dhiúscairt in aon áit amháin. Is éard atá sna substaintí i gceist dá bhrí sin iarmhair amhail dramhaíl phéinte. Déantar an leibhéal contúirte a íoslaghdú le rogha na córa iompair, agus bíonn i gceist leis sin, inter alia, gnéithe iompair speisialta a úsáid agus fógraí “Cosc ar chaitheamh tobac” chomh maith le solas buí gealánach a bhíonn le feiceáil go soiléir ag an bpobal. I dtaca leis an iompar de, is é an rud atá fíorthábhachtach ná an tsábháilteacht a ráthú. Is féidir é seo a dhéanamh trí, mar shampla, na substaintí a iompar i bpacáistíocht shéalaithe ionas nach scaipfear iad, nó ionas go seachnaítear an riosca go sceithfeadh gal thocsaineach san fheithicil nó go gcruinneodh gal thocsaineach san fheithicil. Ionchorpraithe san fheithicil, bíonn aonaid atá oiriúnach do stóráil na gcatagóirí éagsúla dramhaíola agus a thugann cosaint ar shiúntú agus ar dhíláithriú tionóisceach agus freisin ar oscailt de dheasca neamhaire. Ag an am céanna, d’ainneoin laghad na cainníochta dramhaíola a bhíonn ar iompar, ní mór don oibreoir iompair deimhniú inniúlachta gairmiúla a bheith aige, i bhfianaise éagsúlacht chineáil na substaintí i gceist. Mar gheall ar an easpa eolais atá ag daoine aonair príobháideacha maidir leis na leibhéil chontúirte a bhaineann leis na substaintí sin, cuirfear treoracha i scríbhinn ar fáil, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an scéim.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

PT An Phortaingéil

RO-bi–PT-1

Ábhar: Doiciméadacht iompair i gcás NA 1965

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le doiciméadacht iompair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Féadfar ainmneacha trádála eile, mar a leanas, a chur in ionad an ainm chirt iompair sa doiciméad iompair, mar a fhoráiltear i Roinn 5.4.1 de RPE (Regulamento Nacional de Transporte de Mercadorias Perigosas por Estrada), i gcás gás tráchtála bútáin agus própáin leis an gceannteideal coiteann “Uimh. NA 1965: meascán gáis hidreacarbóin, leachtaithe, nach bhfuil sonraithe ar shlí eile”, a iompraítear i sorcóirí:

“NA 1965: Bútan” i gcás mheascáin A, A01, A02 agus A0, mar a thuairiscítear i bhfo-alt 2 de RPE, a iompraítear i sorcóirí;

“NA 1965: Própán” i gcás mheascán C, mar a thuairiscítear i bhfo-alt 2.2.2.3 de RPE, a iompraítear i sorcóirí;

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Despacho DGTT 7560/2004, 16 April 2004, under Article 5, No 1, of Decreto-Lei No 267-A/2003 of 27 October

Nótaí: Aithnítear a thábhachtaí atá sé breis éascaíochta a dhéanamh d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le comhlánú na ndoiciméad iompair le haghaidh earraí contúirteacha, ar choinníoll nach ndéantar difear do shábháilteacht na n-oibríochtaí sin.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–PT-2

Ábhar: Doiciméadacht iompair le haghaidh umair agus coimeádáin fholmha neamhghlanta.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le doiciméadacht iompair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Maidir le turais fillte umar agus coimeádán folamh inar iompraíodh earraí contúirteacha, féadfar an doiciméad iompair a eisíodh i leith an turais díreach roimhe agus lenar seachadadh na hearraí, féadtar é sin a chur in ionad an doiciméid iompair dá dtagraítear i Roinn 5.4.1 de RPE.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Despacho DGTT15162/2004, 28 Iúil 2004, faoi Airteagal 5, Uimh. 1, de Decreto-Lei No 267-A/2003, an 27 Deireadh Fómhair

Nótaí: An oibleagáid sin doiciméad iompair i gcomhréir le RPE a bheith ag gabháil le hiompar umar agus coimeádán folamh ina raibh earraí contúirteacha, féadfaidh sí a bheith ina cúis le deacrachtaí praiticiúla, i gcásanna airithe, deacrachtaí ar féidir iad a íoslaghdú gan dochar don tsábháilteacht.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–PT-3

Ábhar: Glacadh RO-bi-BE-8

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Deliberação n.° 12/2021, de 5 de novembro 2021

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

FI An Fhionlainn

RO-bi–FI-1

Ábhar: Modhnú ar an bhfaisnéis sa doiciméad iompair le haghaidh substaintí pléascacha.

Bunús dlí: Treoir 2008/68/CE, Airteagal 6(2)(a)

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.2.1(a)

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha speisialta maidir le hAicme 1.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Sa doiciméad iompair, is ceadmhach an líon maidhmitheoirí (comhfhreagraíonn 1 000 maidhmitheoir do 1 kg pléascán) a úsáid in ionad na glanmhaise iarbhír de shubstaintí pléascacha.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialachán Ghníomhaireacht Iompair agus Cumarsáide na Fionlainne maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar

Nótaí: Meastar go bhfuil an fhaisnéis leordhóthanach le haghaidh iompar náisiúnta. Úsáidtear an maolú sin go príomha le haghaidh thionscal an bhlosctha i leith méideanna beaga a iompraítear go háitiúil.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–FI-3

Ábhar: Glacadh RO-bi-DE-1

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Rialachán Ghníomhaireacht Iompair agus Cumarsáide na Fionlainne maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–FI-4

Ábhar: Glacadh RO-bi-SE-6

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Foraithne Rialtais maidir le Deimhniú Tiomána do Thiománaithe Feithiclí ina bhfuil Earraí Contúirteacha ar Iompar (401/2011)

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

SE An tSualainn

RO-bi–SE-1

Ábhar: Iompar dramhaíola guaisí go dtí saoráidí diúscartha dramhaíola guaisí.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1 a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna 5 agus 6.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le déantús agus tástáil pacáistí.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar pacáistíochtaí ina bhfuil earraí contúirteacha mar dhramhaíl, déanfar an t-iompar sin i gcomhréir le forálacha ADR, forálacha nach gceadaítear ach roinnt bheag díolúintí uathu. Ní cheadaítear díolúintí ach i gcás cineálacha áirithe substaintí agus earraí.

Is iad seo a leanas na príomhdhíolúintí:

Pacáistíochtaí beaga (is lú ná 30 kg) ina bhfuil earraí contúirteacha mar dhramhaíl, féadfar iad a phacáistiú i bpacáistíochtaí, lena n-áirítear bulc-choimeádáin idirmheánacha agus pacáistíochtaí móra, gan forálacha fho-ailt 6.1.5.2.1, 6.1.5.8.2, 6.5.6.1.2, 6.5.6.14.2, 6.6.5.2.1 agus 6.6.5.4.3 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1.3, a ghabhann leis an Treoir seo a chomhlíonadh. Pacáistíochtaí, lena n-áirítear bulc-choimeádáin idirmheánacha agus pacáistíochtaí móra, arna n-ullmhú le haghaidh iompair, ní gá iad a thástáil trí bhíthin sampla ionadaíoch de phacáistí beaga laistigh.

Ní cheadaítear na díolúintí sin ach amháin de réir na gcoinníollacha seo a leanas:

tá na pacáistíochtaí, na bulc-choimeádáin idirmheánacha agus na pacáistíochtaí móra i gcomhréir le cineál a rinneadh a thástáil agus a fhormheas de réir grúpa pacáistithe I nó II de na forálacha is infheidhme de Ranna 6.1, 6.5 nó 6.6 d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann leis an Treoir seo,

na pacáistíochtaí beaga, tá siad pacáistithe le hábhar ionsúiteach a choinníonn aon leacht saor arbh fhéidir dó éalú isteach sna pacáistíochtaí amuigh, sna bulc-choimeádáin idirmheánacha amuigh nó sna pacáistíochtaí móra amuigh le linn an iompair, agus

maidir le hollmhais na bpacáistíochtaí, na mbulc-choimeádán idirmheánach agus na bpacáistíochtaí móra arna n-ullmhú le haghaidh iompair, níl an ollmhais sin níos mó ná an ollmhais cheadaithe a luaitear ar mharcáil an chineáil deartha NA le haghaidh grúpaí pacáistithe I nó II le haghaidh na bpacáistíochtaí, na mbulc-choimeádán idirmheánach nó na bpacáistíochtaí mór; agus

tá an abairt “Arna phacáistiú de réir chuid 16 de ADR-S” sa doiciméad iompair.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Foscríbhinn S — Rialacháin shonracha maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha de bhóthar arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Acht um Iompar Earraí Contúirteacha.

Nótaí: Is deacair fo-ailt 6.1.5.2.1, 6.1.5.8.2, 6.5.6.1.2, 6.5.6.14.2, 6.6.5.2.1 agus 6.6.5.4.3 d’Iarscríbhinn 1, Roinn I.1, a ghabhann leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm mar go ndéanfar tástáil ar na pacáistíochtaí, na bulc-choimeádáin idirmheánacha agus na pacáistíochtaí móra trí bhíthin sampla ionadaíoch den dramhaíl, rud is deacair a thuar roimh ré.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-2

Ábhar: Ainm agus seoladh an choinsíneora sa doiciméad iompair.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Faisnéis ghinearálta is gá a bheith sa doiciméad iompair.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Dearbhaítear sa reachtaíocht náisiúnta nach gá ainm agus seoladh an choinsíneora a thabhairt, má chuirtear an phacáistíocht fholamh gan ghlanadh ar ais mar chuid de chóras dáileacháin.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om vissa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Nótaí: I bhformhór na gcásanna beidh cainníochtaí beaga d’earraí contúirteacha fós sa phacáistíocht fholamh gan ghlanadh a chuirfear ar ais.

Is lucht tionscail go príomha a úsáideann an maolú sin nuair atá coimeádáin gháis atá folamh agus gan ghlanadh á gcur ar ais mar mhalairt ar choimeádáin lána.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-3

Ábhar: Iompar earraí contúirteacha i ndlúthghaireacht do láithreán/láithreáin tionscail, lena n-áirítear iompar ar bhóithre poiblí idir áiteanna éagsúla ar an láithreán/na láithreáin.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le hiompar earraí contúirteacha ar bhóithre poiblí.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar i ndlúthghaireacht do láithreán/láithreáin tionscail, lena n-áirítear iompar ar bhóithre poiblí idir áiteanna éagsúla ar an láithreán/na láithreáin. Baineann na maoluithe le lipéadú agus marcáil pacáistí, doiciméid iompair, deimhniú tiománaí agus deimhniú ar fhormheas i gcomhréir le 9.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om vissa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Nótaí: Tá roinnt cásanna ann ina n-aistrítear earraí contúirteacha idir áitribh atá suite ar an dá thaobh de bhóthar poiblí. Ní iompar earraí contúirteacha ar bhóthar príobháideach atá san fhoirm sin iompair agus ba cheart dá bhrí sin é a bheith de réir na gceanglas ábhartha. Le cur i gcomparáid le hAirteagal 6(14) de Threoir 96/49/CE.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-4

Ábhar: Iompar earraí contúirteacha a d’urghabh na húdaráis.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinní A agus B.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ceadófar claonadh ó na rialacháin más é is bonn leis sin cúiseanna a bhaineann le cosaint ceart oibrithe, le rioscaí díluchtaithe, le tíolactha fianaise etc.

Ní cheadaítear claonadh ó na rialacháin ach amháin má chomhlíontar leibhéil shásúla sábháilteachta agus sin faoi ghnáthdhálaí iompair.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om vissa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Nótaí: Is iad na húdaráis agus iad ag urghabháil earraí contúirteacha, agus iad sin amháin, a fhéadfaidh na maoluithe sin a chur i bhfeidhm.

Is le haghaidh iompar áitiúil a bheartaítear an maolú sin, e.g. iompar earraí arna n-urghabháil ag na póilíní, amhail pléascáin nó maoin ghoidte. Is é an fhadhb leis na cineálacha sin earraí nach féidir le haon duine riamh a bheith cinnte faoina n-aicmiúchán. Ina theannta sin, is minic nach mbíonn na hearraí pacáistithe, marcáilte ná lipéadaithe i gcomhréir le ADR. Déanann na póilíní na céadta turas den chineál sin iompair gach bliain. I gcás licéar a smuigleáladh, ní mór é a iompar ón áit inar urghabhadh é go dtí saoráid ina stóráiltear an fhianaise agus ón áit sin go dtí an tsaoráid ina scriosfar é; d’fhéadfadh sé go mbeadh an dá shaoráid sin sách fada óna chéile. Ceadaítear claontaí ó na rialacháin, mar a leanas: (a) ní gá gach pacáiste a lipéadú; agus (b) ní gá pacáistí formheasta a úsáid. Mar sin féin, ní mór gach pailléad ar a bhfuil na pacáistí sin a bheith lipéadaithe i gceart. Ní mór gach ceanglas eile a chomhlíonadh. Déantar thart ar 20 coinsíneacht den sórt sin a iompar gach bliain.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-5

Ábhar: Iompar earraí contúirteacha i gcalafoirt agus i ndlúthghaireacht dóibh.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 8.1.2, 8.1.5, 9.1.2

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Doiciméid nach mór a bheith ar bord an aonaid iompair; ní mór an trealamh a shonraítear a bheith feistithe i ngach aonad iompair a iompraíonn earraí contúirteacha; an ceadú feithicle.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní gá doiciméid (cé is moite de dheimhniú an tiománaí) a bheith ar bord an aonad iompair.

Ní gá an trealamh a shonraítear in 8.1.5 a bheith feisithe san aonad iompair.

Ní gá deimhniú ar fhormheas a bheith ag tarracóir.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om vissa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Nótaí: Le cur i gcomparáid le Treoir 96/49/CE, Airteagal 6(14).

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-6

Ábhar: Deimhniú oiliúna ADR do chigirí.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 8.2.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ní mór do thiománaithe feithiclí freastal ar chúrsaí oiliúna.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní gá do chigirí a dhéanann an tástáil ródacmhainneachta bhliantúil ar an bhfeithicil freastal ar na cúrsaí oiliúna a luaitear in 8.2 ná deimhniú oiliúna ADR a bheith acu.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om vissa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Nótaí: I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh earraí contúirteacha á n-iompar mar lód ag feithiclí le linn iad a bheith á dtástáil san ionad tástála, e.g. umair fholmha, gan ghlanadh.

Tá na ceanglais in 1.3 agus 8.2.3 infheidhme fós.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-7

Ábhar: Dáileadh áitiúil substaintí NA 1202, 1203 agus 1223 i dtancaeir.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.1.6, 5.4.1.4.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: I gcás umair agus umar-choimeádáin fholmha gan ghlanadh beidh an tuairisc i gcomhréir le 5.4.1.1.6. Féadtar ainm agus seoladh an iliomad coinsínithe a iontráil i ndoiciméid eile.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: I gcás umair nó umar-choimeádáin fholmha gan ghlanadh, níl gá leis an tuairisc sa doiciméad iompair i gcomhréir le 5.4.1.1.6, má tá cainníocht na substainte sa phlean luchtaithe marcáilte le 0. Ní gá ainm agus seoladh na gcoinsínithe a bheith in aon doiciméad ar bord na feithicle.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om vissa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-9

Ábhar: Iompar áitiúil i ndáil le láithreáin talmhaíochta nó láithreáin tógála.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4, 6.8 agus 9.1.2.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Doiciméad iompair; Déantús umar; Deimhniú ar fhormheas.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: I gcás iompar áitiúil i ndáil le láithreáin talmhaíochta nó láithreáin tógála, ní gá rialacháin áirithe a chomhlíonadh:

(a)

ní éilítear an dearbhú maidir le hearraí contúirteacha;

(b)

umair/coimeádáin is sine, nach bhfuil a ndéantús de réir 6.8 ach go bhfuil sé de réir reachtaíocht náisiúnta is sine, agus atá feistithe i vaigíní criú, féadtar iad a úsáid fós;

(c)

umair is sine, nach gcomhlíonann na ceanglais in 6.7 nó 6.8, atá ceaptha le haghaidh iompar substaintí NA 1268, 1999, 3256 agus 3257, bíodh trealamh brataithe dromchla bóthair ina gcuid díobh nó ná bíodh, féadtar iad a úsáid fós le haghaidh iompar áitiúil agus i ndlúthghaireacht d’ionaid oibre bóthair;

(d)

ní éilítear deimhnithe ar fhormheas i gcás vaigíní criú agus tancaeir, bíodh trealamh brataithe dromchla bóthair ina gcuid díobh nó ná bíodh.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om vissa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Nótaí: Is éard is vaigín criú ann cineál carbháin le haghaidh criú oibre, ina bhfuil seomra criú agus ina bhfuil umar/coimeádán neamh-fhormheasta feistithe le haghaidh breosla díosail i gcomhair oibriú tarracóirí foraoiseachta.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-10

Ábhar: Ábhar pléascáin a iompar in umair.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 4.1.4.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ní fhéadtar ábhar pléascáin a phacáistiú ach amháin i gcomhréir le 4.1.4.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Is é an t-údarás inniúil náisiúnta a thabharfaidh an ceadú le haghaidh feithiclí atá ceaptha chun ábhar pléascáin a iompar in umair. Ní cheadaítear a iompar in umair ach an t-ábhar pléascáin sin a liostaítear sa rialachán nó ábhar pléascáin a cheadaítear trí údarú speisialta ón údarás inniúil.

Feithicil a luchtaíodh le hábhar pléascáin in umair, ní mór í a mharcáil agus a lipéadú i gcomhréir le 5.3.2.1.1, 5.3.1.1.2 agus 5.3.1.4, Ní fhéadfadh earraí contúirteacha a bheith ach in aon fheithicil amháin san aonad iompair.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Foscríbhinn S – Rialacháin shonracha maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha de bhóthar arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Acht um Iompar Earraí Contúirteacha agus Rialachán SÄIFS 1993:4 na Sualainne.

Nótaí: Níl feidhm ag an méid sin ach maidir le hiompar intíre agus nuair is de chineál áitiúil den chuid is mó an oibríocht iompair. Bhí na rialacháin i dtrácht i bhfeidhm sular tháinig an tSualainn isteach san Aontas Eorpach.

Níl ach dhá chuideachta ann a dhéanann oibríochtaí iompair le hábhar pléascáin i bhfeithiclí umair. Meastar gur eibleachtaí a bheifear a úsáid go luath amach anseo.

Seanmhaolú Uimh. 84

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-11

Ábhar: Ceadúnas tiomána

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 8.2.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le hoiliúint chriú na feithicle.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní cheadaítear oiliúint tiománaithe in aon fheithicil dá dtagraítear in 8.2.1.1.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Foscríbhinn S – Rialacháin shonracha maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha de bhóthar arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Acht um Iompar Earraí Contúirteacha.

Nótaí: Iompar áitiúil.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-12

Ábhar: Iompar tinte ealaíne faoi NA 0335.

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Iarscríbhinn B, 7.2.4, V2 (1)

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha maidir le húsáid feithiclí EX/II agus EX/III.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Agus tinte ealaíne i gcatagóir NA 0335 á n-iompar, níl feidhm ag Foráil Speisialta V2(1) in 7.2.4 ach amháin maidir le glanmhéid pléascach is mó ná 3 000 kg (4 000 kg le leantóir), ar choinníoll gur do NA 0335 a sannadh na tinte ealaíne de réir an tábla aicmithe réamhshocraithe in 2.1.3.5.5 den 14ú heagrán athbhreithnithe de Mholtaí NA maidir le hIompar Earraí Contúirteacha.

Déanfar an sannadh sin le comhaontú ón údarás inniúil. Coinneofar fíorú ar an sannadh sin ar bord an aonaid iompair.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Aguisín S – Rialacháin shonracha maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha de bhóthar arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Acht um Iompar Earraí Contúirteacha.

Nótaí: Maidir le tinte ealaíne a iompar, tá an t-iompar sin teoranta do dhá thréimhse ghearra sa bhliain, i dtrátha an chinn bliana agus i dtrátha chasadh na míosa ó Aibreán go Bealtaine. Is féidir an t-iompar ó choinsíneoirí go dtí na críochfoirt a chur i gcrích leis an bhflít feithiclí EX-chineálcheadaithe atá ann faoi láthair gan mórán fadhbanna. Mar sin féin, maidir le dáileadh tinte ealaíne ó chríochfoirt go criosanna siopadóireachta agus maidir le hiompar an bharrachais ar ais go dtí an críochfort, tá siad sin araon teoranta i ngeall ar easpa feithiclí EX-chineálcheadaithe. Níl suim ag na hiompróirí infheistiú sna ceaduithe sin toisc nach féidir leo na costais a aisghabháil. Fágann sin go bhfuil slí bheatha iomlán na gcoinsíneoirí i mbaol toisc nach féidir leo a gcuid táirgí a chur go dtí an margadh.

Agus an maolú seo á úsáid, ní mór aicmiú na dtinte ealaíne a dhéanamh ar bhonn an liosta réamhshocraithe i Moltaí NA, ionas gur féidir an t-aicmiú is cothroime le dáta a fháil.

Tá eisceacht atá cosúil leis sin ann i gcás tinte ealaíne NA 0336 atá de réir Fhoráil Speisialta 651, 3.3.1 de ADR 2005.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RO-bi–SE-13

Ábhar: Glacadh RO-bi-DK-4

Bunús dlí: Treoir 2008/68/CE, Airteagal 6(2)(b)(i) (Iompar áitiúil thar achar gearr)

Tagairt d’Iarscríbhinn I, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna 1 go 9

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir:

Tagairt don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om visa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Nótaí:

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027.”;

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn II.3:

II.3.   Maoluithe náisiúnta

Maoluithe le haghaidh na mBallstát maidir le hiompar earraí contúirteacha laistigh dá gcríoch ar bhonn Airteagal 6(2) de Threoir 2008/68/CE.

Uimhriú na maoluithe: RA-a/bi/bii-MS-nn

RA

=

Iarnród

A/bi/bii

=

Airteagal 6(2) a/bi/bii

MS

=

Giorrúchán ainm Ballstáit

nn

=

sraithuimhir

Arna bhunú ar Airteagal 6(2)(a) de Threoir 2008/68/CE

DE An Ghearmáin

RA-a-DE-2

Ábhar: Údarú maidir le pacáistíocht chomhcheangailte.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 4.1.10.4 MP2.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Comhphacáistíocht a thoirmeasc.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Aicmí 1.4S, 2, 3 agus 6.1; údarú an chomhphacáistithe i gcás réada in Aicme 1.4S (cartúis le haghaidh mionarm), aerasóil (Aicme 2) agus ábhair ghlantacháin agus chóireála in Aicme 3 agus in Aicme 6.1 (uimhreacha NA arna liostú), i bhfoirm tacar atá le díol i gcomhphacáistíocht i ngrúpa pacáistíochta II agus i gcainníochtaí beaga.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung — GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. IS. 4350); Ausnahme 21.

Nótaí: Uimh. liosta 30*, 30a, 30b, 30c, 30d, 30e, 30f, 30g.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

FR An Fhrainc

RA–a–FR-3

Ábhar: Iompar le haghaidh riachtanais an iompróra d’iarnród.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.4.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Faisnéis i ndáil le hábhair ghuaiseacha ata le tabhairt sa nóta coinsíneachta.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar le haghaidh riachtanais an iompróra d’iarnród nach sáraíonn na teorainneacha a shocraítear in 1.1.3.6, níl an t-iompar sin faoi réir na hoibleagáide maidir le dearbhú luchta.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 5 juin 2001 relatif au transport des marchandises dangereuses par chemin de fer — Article 20.2

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RA–a–FR-4

Ábhar: Díolúine ó lipéadú vaigíní poist áirithe.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.3.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: An oibleagáid lipéid a chur ar bhallaí na vaigíní.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní gá a lipéadú ach vaigíní poist a iompraíonn níos mó ná 3 thona d’ábhar den aicme amháin (cé is moite de 1, 6.2 nó 7).

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Arrêté du 5 juin 2001 relatif au transport des marchandises dangereuses par chemin de fer — Article 21.1

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

SE An tSualainn

RA–a–SE-1

Ábhar: Ní gá carráiste traenach a iompraíonn earraí contúirteacha, mar earraí mearsheirbhíse, a mharcáil le lipéid.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 5.3.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Carráistí iarnróid ina bhfuil earraí contúirteacha ar iompar, ní mór lipéid a bheith ar taispeáint orthu.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Ní gá carráiste traenach a iompraíonn earraí contúirteacha, mar earraí mearsheirbhíse, a mharcáil le lipéid.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Särskilda bestämmelser om vissa inrikes transporter av farligt gods på väg och i terräng

Nótaí: Tá teorainneacha cainníochta tugtha in RID maidir le hearraí a ainmnítear mar earraí mearsheirbhíse. Dá bhrí sin, is rud é a bhaineann le cainníochtaí beaga.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

Arna bhunú ar Airteagal 6(2)(b)(i) de Threoir 2008/68/CE

DK An Danmhairg

RA–bi–DK-1

Ábhar: Iompar earraí contúirteacha i dtolláin

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 7.5

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Luchtú, díluchtú agus achair chosanta

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Déantar foráil sa reachtaíocht maidir le forálacha malartacha seachas na forálacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE maidir le hiompar trí thollán iarnróid an naisc sheasta ar feadh an Chreasa Mhóir agus Øresund. Ní bhaineann na forálacha malartacha sin ach le méid an lóid agus leis an bhfad idir ualaí d’earraí contúirteacha.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Bestemmelser om transport af Eksplosiver i jernbanetunnellerne på Storebælt og Øresund, 11. maj 2017

Nótaí:

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

DE An Ghearmáin

RA–bi–DE-2

Ábhar: Iompar dramhaíola guaisí pacáistithe.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 1 go 5.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Aicmiú, pacáistiú agus marcáil.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Aicmí 2 go 6.1, 8 agus 9: Comhphacáistiú agus iompar dramhaíola guaisí i bpacaí agus i mbulc-choimeádáin idirmheánacha; ní mór an dramhaíl a phacáistiú i bpacáistíochtaí inmheánacha (mar a bhailítear) agus í a aicmiú de réir grúpaí dramhaíola sonracha (imoibrithe contúirteacha a sheachaint laistigh de ghrúpa dramhaíola); úsáid treoracha scríofa speisialta maidir leis na grúpaí dramhaíola agus mar bhille slí; dramhaíl tí agus saotharlainne, etc., a bhailiú.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung — GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. IS. 4350); Ausnahme 20.

Nótaí: Uimh. liosta 6*.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

RA–bi–DE-3

Ábhar: Iompar áitiúil NA 1381 (fosfar, buí, faoi uisce), Aicme 4.2, grúpa pacáistithe I, i vaigíní umair iarnróid.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 6.8, 6.8.2.3.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha maidir le déantús umar agus vaigíní. Leagtar ceanglas le Caibidil 6.8, fo-alt 6.8.2.3, maidir le cineálcheadú i gcás umair a n-iompraítear NA 1381 (fosfar, buí, faoi uisce) iontu.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar áitiúil NA 1381 (fosfar, buí, faoi uisce), Aicme 4.2, grúpa pacáistithe I, thar achar gearr (ó Sassnitz-Mukran go Lutherstadt Wittenberg-Piesteritz agus Bitterfeld) i vaigíní umar iarnróid a bhfuil a ndéantús de réir chaighdeáin na Rúise. Tá iompar na n-earraí faoi réir forálacha oibríochtúla breise arna leagan síos ag na húdaráis sábháilteachta inniúla.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Ausnahme Eisenbahn-Bundesamt Nr. E 1/92

Dáta éaga: Déardaoin 30 Eanáir 2025

SE An tSualainn

RA–bi–SE-1

Ábhar: Iompar dramhaíola guaisí go dtí saoráidí diúscartha dramhaíola guaisí.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: Codanna 5 agus 6.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Ceanglais maidir le déantús agus tástáil pacáistí.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar pacáistíochtaí ina bhfuil earraí contúirteacha mar dhramhaíl, déanfar an t-iompar sin i gcomhréir le forálacha na Treorach seo, forálacha nach gceadaítear ach roinnt bheag díolúintí uathu. Ní cheadaítear díolúintí ach i gcás cineálacha áirithe substaintí agus earraí.

Is iad seo a leanas na príomhdhíolúintí:

Pacáistíochtaí beaga (is lú ná 30 kg) ina bhfuil earraí contúirteacha mar dhramhaíl, féadfar iad a phacáistiú i bpacáistíochtaí, lena n-áirítear bulc-choimeádáin idirmheánacha agus pacáistíochtaí móra, gan forálacha fho-ailt 6.1.5.2.1, 6.1.5.8.2, 6.5.6.1.2, 6.5.6.14.2, 6.6.5.2.1 agus 6.6.5.4.3 d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann leis an Treoir seo a chomhlíonadh. Pacáistíochtaí, lena n-áirítear bulc-choimeádáin idirmheánacha agus pacáistíochtaí móra, arna n-ullmhú le haghaidh iompair, ní gá iad a thástáil trí bhíthin sampla ionadaíoch de phacáistí beaga laistigh.

Ní cheadaítear na díolúintí sin ach amháin de réir na gcoinníollacha seo a leanas:

tá na pacáistíochtaí, na bulc-choimeádáin idirmheánacha agus na pacáistíochtaí móra i gcomhréir le cineál a rinneadh a thástáil agus a fhormheas de réir grúpa pacáistithe I nó II de na forálacha is infheidhme de Ranna 6.1, 6.5 nó 6.6 d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann leis an Treoir seo,

na pacáistíochtaí beaga, tá siad pacáistithe le hábhar ionsúiteach a choinníonn aon leacht saor arbh fhéidir dó éalú isteach sna pacáistíochtaí amuigh, sna bulc-choimeádáin idirmheánacha amuigh nó sna pacáistíochtaí móra amuigh le linn an iompair, agus

maidir le hollmhais na bpacáistíochtaí, na mbulc-choimeádán idirmheánach agus na bpacáistíochtaí móra arna n-ullmhú le haghaidh iompair, níl an ollmhais sin níos mó ná an ollmhais cheadaithe a luaitear ar mharcáil an chineáil deartha NA le haghaidh grúpaí pacáistithe I nó II le haghaidh na bpacáistíochtaí, na mbulc-choimeádán idirmheánach nó na bpacáistíochtaí mór, agus

tá an abairt “Arna phacáistiú de réir chuid 16 de RID-S” sa doiciméad iompair

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Aguisín S – Rialacháin shonracha maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha de bhóthar arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Acht um Iompar Earraí Contúirteacha.

Nótaí: Is deacair fo-ailt 6.1.5.2.1, 6.1.5.8.2, 6.5.6.1.2, 6.5.6.14.2, 6.6.5.2.1 agus 6.6.5.4.3 d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm mar go ndéanfar tástáil ar na pacáistíochtaí, na bulc-choimeádáin idirmheánacha agus na pacáistíochtaí móra trí bhíthin sampla ionadaíoch den dramhaíl, rud is deacair a thuar roimh ré.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027

Arna bhunú ar Airteagal 6(2)(b)(ii) de Threoir 2008/68/CE

DE An Ghearmáin

RA-bii-DE-1

Ábhar: Iompar áitiúil NA 1051 (ciainíd hidrigine, cobhsaithe, leachtach, ina bhfuil cion uisce 1 % nó níos lú de réir maise), i vaigíní umair iarnróid, de mhaolú ar fho-alt 1 d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn I.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 3.2, 4.3.2.1.1,

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Toirmeasc ar iompar NA 1051 (ciainíd hidrigine, cobhsaithe, leachtach, ina bhfuil cion uisce 1 % nó níos lú de réir maise, i vaigíní umair iarnróid, in umair RID).

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar áitiúil d’iarnród ar bhealaí ainmnithe ar leith, ar cuid de phróiseas tionsclaíoch sainithe é, agus dlúthrialú á dhéanamh air sin faoi choinníollacha atá sonraithe go soiléir. Déantar an t-iompar i vaigíní umair atá ceadúnaithe go sonrach chun na críche sin agus a ndéantar a ndéantús agus a bhfeisteas a oiriúnú o leanúnach i gcomhréir leis na ceanglais sábháilteachta is déanaí. Déantar an próiseas iompair a rialáil go mionsonrach le forálacha breise maidir le sábháilteacht oibríochtúil i gcomhaontú leis na húdaráis ábhartha sábháilteachta agus éigeandála agus déanann na húdaráis mhaoirseachta ábhartha faireachán air.

Tagairt bhunaidh d’fhorálacha náisiúnta dlí: Ausnahmezulassung Eisenbahn-Bundesamt, No E 1/97

Dáta éaga: Dé Domhnaigh 1 Eanáir 2023

RA-bii-DE-2

Ábhar: iompar áitiúil NA 1402 (cairbíd chailciam), grúpa pacáistithe I, i gcoimeádáin ar vaigíní, ar bhealaí ainmnithe.

Tagairt d’Iarscríbhinn II, Roinn II.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 3.2, 7.3.1.1.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Forálacha ginearálta maidir le hiompar i mbulc. Ní cheadaítear le Caibidil 3.2, Tábla A, cairbíd chailciam a iompar ina bulc.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Iompar áitiúil d’iarnród NA 1402 (cairbíd chailciam), grúpa pacáistithe I, ar bhealaí a ainmnítear go sonrach, mar chuid de phróiseas tionsclaíoch sainithe, agus dlúthrialú á dhéanamh air sin faoi choinníollacha atá sonraithe go soiléir. Iompraítear na hualaí i gcoimeádáin saindéantúis i vaigíní. Tá iompar na n-earraí faoi réir forálacha oibríochtúla breise arna leagan síos ag na húdaráis sábháilteachta inniúla.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Ausnahme Eisenbahn-Bundesamt Nr. E 3/10

Dáta éaga: Dé Luain 15 Eanáir 2024”

(3)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn III.3:

III.3.   Maoluithe náisiúnta

Maoluithe le haghaidh na mBallstát maidir le hiompar earraí contúirteacha laistigh dá gcríoch ar bhonn Airteagal 6(2) de Threoir 2008/68/CE.

Uimhriú na maoluithe: IW-a/bi/bii-MS-nn

IW

=

Uiscebhealaí Intíre

a/bi/bii

=

Airteagal 6(2) a/bi/bii

MS

=

Giorrúchán ainm Ballstáit

nn

=

sraithuimhir

Arna bhunú ar Airteagal 6(2)(bi) de Threoir 2008/68/CE

DE An Ghearmáin

IW-bi-DE-1

Ábhar: Iompar dramhaíola guaisí pacáistithe.

Tagairt d’Iarscríbhinn III, Roinn III.1, a ghabhann le Treoir 2008/68/CE: 1 go 5.

Ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Treoir: Aicmiú, pacáistiú agus marcáil.

Ábhar na reachtaíochta náisiúnta: Aicmí 2 go 6.1, 8 agus 9: Comhphacáistiú agus iompar dramhaíola guaisí i bpacaí agus i mbulc-choimeádáin idirmheánacha; ní mór an dramhaíl a phacáistiú i bpacáistiú inmheánach (arna bailiú) agus a aicmiú i ngrúpaí dramhaíola sonracha (imoibrithe contúirteacha laistigh de ghrúpa dramhaíola a sheachaint); úsáid treoracha scríofa speisialta maidir leis na grúpaí dramhaíola agus mar bhille slí; dramhaíl tí agus saotharlainne, etc., a bhailiú.

Tagairt tosaigh don reachtaíocht náisiúnta: Gefahrgut-Ausnahmeverordnung - GGAV 2002 vom 6.11.2002 (BGBl. I S. 4350); Ausnahme 20.

Nótaí: Uimh. liosta 6*.

Dáta éaga: 30 Meitheamh 2027.”