21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/46


CINNEADH (CBES) 2022/962 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Meitheamh 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/386/CBES (1).

(2)

Ní thugann an tAontas aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol, ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta í, agus cáineann sé an ionghabháil sin i gcónaí. Tá an tAontas fós daingean ina thiomantas do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus tá sé tiomanta a bheartas neamhaitheantais a chur chun feidhme go hiomlán.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/386/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 23 Meitheamh 2023.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/386/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh 2014/386/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 23 Meitheamh 2023.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 20 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70).