10.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 157/9


CINNEADH (CBES) 2022/906 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun acmhainneachtaí Thascfhórsa Leighis na mBalcán a neartú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, leis an tSaoráid Eorpach Síochána féadfar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Bunaíodh Tascfhórsa Leighis na mBalcán mar thionscnamh réigiúnach ina dtugtar le chéile sé thír de chuid na mBalcán Thiar, eadhon an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an tSlóivéin, agus é d’aidhm aige freagairt thapa agus éifeachtach a chur ar fáil do thíortha nó réigiúin atá buailte ag tubaiste trí úsáid a bhaint as acmhainneachtaí míleata leighis atá ag na náisiúin rannpháirteacha cheana féin. Glacann gach ceann de na sé thír rannpháirteacha ceannas ar ról an “Chreatnáisiúin” ar bhonn uainíochta 2 bhliain. Clúdaíonn an Mhacadóin Thuaidh an ról sin don tréimhse ó Mheitheamh 2020 go dtí Meitheamh 2022. Sa dara leath de 2021, thug an eagraíocht rialacha inmheánacha nua isteach lena gceadaítear imscaradh níos fadtéarmaí mar thaca le misin agus oibríochtaí, lena n-áirítear mar chuid de mhisin agus oibríochtaí an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) lasmuigh de na Balcáin Thiar.

(3)

Tríd an trealamh agus an t-ábhar is gá a thabhairt d’aonaid leighis na bhFórsaí Armtha neamh-AE atá rannpháirteach i dTascfhórsa Leighis na mBalcán, neartódh an tAontas acmhainneachtaí míleata leighis thíortha na mBalcán Thiar lena mbaineann agus threiseodh sé aonad míleata leighis ilnáisiúnta a d’fhéadfadh tacú le gnéithe míleata d’oibríochtaí síochána lasmuigh den réigiún, agus rannchuidiú le spriocanna cumais agus spriocanna comhpháirtíochta ECAT a bhaint amach faoi Chomhpháirtíocht na Síochána.

(4)

Leis an mbeart cúnaimh sin, ba cheart freisin cumas na mBalcán Thiar freagairt ar ghéarchéimeanna a neartú agus athléimneacht an réigiúin a mhéadú, agus ar an gcaoi sin cur, ar deireadh, leis an gcobhsaíocht réigiúnach, agus cur ar chumas na dtíortha sa réigiún cosaint níos fearr a thabhairt dá bpobail. Leis an mbeart cúnaimh sin, ba cheart go gcuirfí le comhar agus le comhtháthú réigiúnach, agus dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn sna Balcáin Thiar.

(5)

Sa litir uaidh an 18 Aibreán 2022, a seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), d’iarr Aire Cosanta Phoblacht na Macadóine Thuaidh, thar ceann Thascfhórsa Leighis na mBalcán, ar an Aontas tacú le Tascfhórsa Leighis na mBalcán i dtaca le trealamh bunriachtanach a sholáthar chun acmhainneacht a aonad leighis a neartú.

(6)

I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an tSaoráid Eorpach Síochána, leis an mbeart cúnaimh seo, thabharfaí de chumhacht do náisiúin rannpháirteacha Thascfhórsa Leighis na mBalcán nach bhfuil san Aontas freagairt go neamhspleách ar ghéarchéimeanna. Trí chúig thír de chuid na mBalcán Thiar a thabhairt le chéile, chuirfeadh an beart cúnaimh sin le spriocanna níos leithne CBES/CBSC sa réigiún, amhail comhar agus idirphlé réigiúnach a chur chun cinn.

(7)

Nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht ar a thionchar, agus ar bhainistiú agus ar úsáid an trealaimh a cuireadh ar fáil. Mar thoradh ar an gcleachtadh sin, beidh próiseas i ndáil le ceachtanna a foghlaimíodh a bhfuil sé d’aidhm aige measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an bhirt cúnaimh, agus ar a chomhsheasmhacht le straitéis agus beartais fhoriomlána an Aontais sa tír thairbhíoch.

(8)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe Comhsheasamh 2008/944/CBES (2) ón gComhairle a chomhlíonadh, agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe do Thascfhórsa Leighis na mBalcán (“an tairbhí”) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an beart cúnaimh”).

2.   Is é cuspóir an bhirt chúnaimh tacú le fothú acmhainneachta Thascfhórsa Leighis na mBalcán tríd an trealamh agus an t-ábhar is gá a chur ar fáil d’aonaid leighis Fhórsaí Armtha na dtíortha rannpháirteacha, eadhon an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia, chun cumais leighis mhíleata an réigiúin agus, ar deireadh, iarrachtaí fóirithinte sibhialtacha a neartú.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar an méid seo a leanas leis an mbeart cúnaimh:

(a)

sócmhainní soghluaisteachta (feithiclí leighis agus tír-raoin);

(b)

ospidéil Ról 2;

(c)

trealamh agus soláthairtí saotharlainne;

(d)

trealamh TF agus cumarsáide.

4.   Ar feadh tréimhse 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha idir an Riarthóir um bearta cúnaimh ag gníomhú dó mar oifigeach údarúcháin agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a mhairfidh an beart cúnaimh.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 6 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Thascfhórsa Leighis na mBalcán an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

úsáid chuí agus éifeachtúil a bhaint as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

cothabháil leordhóthanach a dhéanamh ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil le linn a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 (“an Coiste um an tSaoráid”) chuig daoine nó eintitis eile seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é ITF Enhancing Human Security a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar urramú na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 3 ag an tairbhí. Úsáidfear an faireachán chun feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus rannchuideoidh sé le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid Thascfhórsa Leighis na mBalcán.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú seachadta, nuair atá deimhnithe seachadta le síniú ag na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh, tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar na gníomhaíochtaí, ar tríothu a bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh leis an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin mbeart cúnaimh go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

rialuithe ar an láthair, nuair atá an tairbhí le rochtain a dheonú don Ardionadaí chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm na chéad meastóireachta struchtúrtha ar an mbeart cúnaimh, 12 mhí tar éis sheachadadh an trealaimh. D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist cuairteanna ar an láthair chun an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin mbeart cúnaimh a rialú, nó aon fhoirmeacha eile faisnéise arna soláthar go neamhspleách. Ar thabhairt chun críche an bhirt cúnaimh, déanfar meastóireacht deiridh chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfaidh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 9 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Éric DUPOND-MORETTI


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).