9.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/60


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/901 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meitheamh 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2269 a mhéid a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha faoi mhaoirseacht an Údaráis um Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 25(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2269 ón gCoimisiún (2), cinntear go measfar go bhfuil socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na hIndia i ndáil le contrapháirtithe lárnacha (“CPLanna”) a ndéanann an Securities and Exchange Board of India [Bord Urrús agus Malairte na hIndia] (“SEBI”) agus Reserve Bank of India [Banc Cúlchiste na hIndia] maoirseacht orthu, faoi seach, coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(2)

An 1 Deireadh Fómhair 2020, tháinig the International Financial Services Centres Authority [an tÚdarás um Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta] (“IFSCA”) i gcomharbacht ar SEBI maidir le maoirseacht CPLanna atá bunaithe sna International Financial Services Centres [Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta] (“IFSCanna”) san India. Thairis sin, scor an tAcht agus na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2269 d’fheidhm a bheith acu go páirteach in IFSCanna an 16 Aibreán 2021. Ó bhí an dáta sin ann, tá feidhm ag na Market Infrastructure Institutions Regulations [Rialacháin um Institiúidí Bonneagair Mhargaidh], 2021 (3) (“Rialacháin MII”), a d’eisigh IFSCA ar bhonn International Financial Services Centres Authority Act [Acht an Údaráis um Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta], 2019, Acht 50 de 2019 (4) (“Acht IFSCA”), maidir le CPLanna atá bunaithe in IFSCanna. Mar sin féin, d’fhan an tAcht um Chonarthaí Urrús (Rialáil) 1956, Acht 42 de 1956 (5) d’fheidhm a bheith aige.

(3)

An measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na hIndia is infheidhme maidir le CPLanna atá bunaithe sna IFSCanna coibhéiseach le socruithe an Aontais, ba cheart é a bhunú ní amháin ar anailís chomparáideach ar na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus a bhfuil feidhm acu maidir le CPLanna atá bunaithe sna IFSCanna ar bhealach teibí, ach ar mheasúnú ar éifeachtaí na gceanglas sin freisin. Leis an measúnú sin, ba cheart leordhóthanacht na gceanglas sin a sheiceáil chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhféadfadh comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a bheith neamhchosanta orthu, agus méid na margaí airgeadais ina bhfeidhmíonn CPLanna sna IFSCanna á gcur san áireamh. Chun maolú riosca leordhóthanach a áirithiú, tá gá le ceanglais um maolú riosca atá níos déine le haghaidh CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais atá níos mó ar airde an leibhéal riosca a bhaineann leo ná mar atá sé i gcás CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais atá níos lú ar ísle an leibhéal riosca a bhaineann leo.

(4)

Le hAirteagal 25(6), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i gcás socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír maidir le CPLanna atá údaraithe inti, liostaítear trí choinníoll atá le comhlíonadh chun a chinneadh go bhfuil siad coibhéiseach leis na socruithe a leagtar síos sa Rialachán sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 25(6), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní mór do CPLanna atá údaraithe i dtríú tír ceanglais a chomhlíonadh atá ceangailteach ó thaobh an dlí de atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán sin.

(6)

Leagtar síos na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de is infheidhme le CPLanna atá údaraithe sna IFSCanna i Rialacháin MII. Leis na Rialacháin sin, cuirtear chun feidhme ina n-iomláine na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach faoi na Prionsabail le haghaidh bhonneagair an mhargaidh airgeadais (“PMFI”) a d’eisigh an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (“CPMI”) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (“IOSCO”) i mí Aibreáin 2012 (6).

(7)

Ní mór CPLanna atá bunaithe sna IFSCanna a bheith údaraithe ag IFSCA. Chun bheith údaraithe chun seirbhísí imréitigh a sholáthar, ní mór do CPLanna ceanglais shonracha a chomhlíonadh a leagtar amach i Rialacháin MII agus is gá dóibh fodhlíthe agus rialacha a bheith i bhfeidhm chun comhlíontacht le gach caighdeán ábhartha de chuid PFMI a áirithiú. Go háirithe, ní mór do CPLanna na coinníollacha a shonraítear i Rialacháin 8(1) agus 8(3) de Rialacháin MII a chomhlíonadh, rud lenar cheart ligean do na CPLanna sin oibriú go sábháilte agus go héifeachtach agus na rioscaí a bhaineann lena ngnó agus lena n-oibríochtaí a bhainistiú go stuama. Mar a fhoráiltear i Rialacháin 14 go 39 de Rialacháin MII, ní mór do CPLanna ceanglais a chomhlíonadh, inter alia, a mhéid a bhaineann le glanluach, scairsheilbh, bainistiú, rialachas agus iompar, bainistiú riosca, lena n-áirítear ciste ráthaíochta socraíochta a bhunú, leanúnachas gnó, rochtain ar an CPL ag comhaltaí imréitigh agus ag ionaid trádála, agus coinneáil taifead. Go háirithe, ceanglaítear le Rialachán 24(1) de Rialacháin MII ar CPLanna prionsabail rialachais a leagtar amach sa PFMI a ghlacadh. Chun a gcomhlíontacht le Rialacháin MII, le Rialacháin MII 6 agus 40 a chruthú, ceanglaítear ar na CPLanna a rialacha inmheánacha agus nósanna imeachta inmheánacha a chur faoi bhráid IFSCA sula gcuirfear chun feidhme iad.

(8)

Tá margadh airgeadais IFSC i bhfad níos lú ná an margadh airgeadais ina bhfuil CPLanna atá bunaithe san Aontas gníomhach. Ó bhí 2020 ann, is beag an trádáil nó an t-imréiteach a rinneadh i ndíorthaigh. Dá bhrí sin, an rannpháirtíocht i gCPLanna atá údaraithe sna IFSCanna, is rud é sin lena bhfágtar comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas neamhchosanta ar rioscaí atá i bhfad níos ísle ná an a rannpháirtíocht i gCPLanna atá údaraithe san Aontas. Le Rialacháin MII is infheidhme maidir le CPLanna arna údarú ag IFSCA, a chomhlánaítear lena bhfodhlíthe agus rialacha, lena gceanglaítear comhlíonadh PFMI, maolaítear go leordhóthanach an leibhéal níos ísle riosca a bhféadfadh comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a bheith neamhchosanta air agus, dá bhrí sin, is féidir a mheas go mbaintear toradh maolaithe riosca amach atá coibhéiseach leis an toradh a shaothraítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ngeall orthu sin.

(9)

Is é conclúid an Choimisiúin go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na hIndia go gcomhlíonfaidh CPLanna arna n-údarú ag IFSCA ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(10)

Le hAirteagal 25(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta i leith CPLanna atá údaraithe i dtríú tír, ní mór foráil a dhéanamh iontu maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach i ndáil le CPLanna ar bhonn leanúnach.

(11)

Aithníonn IFSCA CPLanna sna IFSCanna agus déanann sé maoirsiú ar CPLanna chun an chomhlíontacht le Rialacháin MII agus le rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha CPLanna a áirithiú ar bhonn leanúnach. Déanann IFSCA maoirseacht ó lá go lá ar bhonn rialta i gcomhréir le Ranna 12, 13 agus 28 d’Acht IFSCA agus Rialacháin 65 go 70 de Rialacháin MII. Tá sé de chumhacht ag IFSCA faisnéis a iarraidh, iniúchtaí a dhéanamh, treoir, nótaí treorach agus ciorcláin a eisiúint agus fíneálacha agus pionóis a ghearradh. I gcomhréir le Rialachán 8(3)(k) de Rialacháin MII, tá sé de chumhacht ag IFSCA freisin coinníollacha breise a leagan síos maidir le CPLanna a aithint. I gcomhréir le Roinn 12 d’Acht IFSCA, tá sé de chumhacht ag IFSCA fíneálacha agus pionóis a ghearradh ar CPLanna. Ar deireadh, i gcomhréir le Rialachán 13 de Rialacháin MII, tá sé de chumhacht ag IFSCA aitheantas CPL a tharraingt siar.

(12)

Is é conclúid an Choimisiúin go ndéantar foráil leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta i leith CPLanna arna n-údarú ag IFSCA maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 25(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní mór foráil a dhéanamh le creat dlíthiúil tríú tír maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír (“CPLanna tríú tír”).

(14)

Féadfaidh CPLanna neamh-IFSC ar mian leo ionstraimí airgeadais a imréiteach in IFSCanna iarratas a dhéanamh chuig IFSCA lena aithint. Le Rialachán 8(1) agus 8(3) de Rialacháin MII, leagtar amach na critéir maidir le haitheantas. Le Rialachán 71 de Rialacháin MII, ligtear do IFSCA an ceanglas maidir le haitheantas a mhaolú ar mhaithe le forbairt agus rialáil seirbhísí airgeadais sna IFSCanna i bhfianaise an chaighdeáin maoirseachta a éilítear leis an dlínse baile. Leis an bhforáil chéanna sin, ceadaítear do IFSCA CPLanna nach bhfuil bunaithe sna IFSCanna a aithint.

(15)

Is é conclúid an Choimisiún go ndéantar foráil le creat dlíthiúil IFSCanna maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír.

(16)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na hIndia is infheidhme maidir le CPLanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart a mheas go bhfuil na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta sin coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 dá réir sin.

(17)

Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de maidir le CPLanna sna IFSCanna tráth a ghlactha. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar bhonn rialta ar éabhlóid an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna in IFSCanna agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a ndearnadh an Cinneadh seo ar a mbonn, lena n-áirítear an mbaineann IFSCA úsáid as a chumhacht faoi Rialachán 71 de Rialacháin MII chun aon cheanglas a leagtar amach sna Rialacháin sin a mhaolú.

(18)

Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna sna IFSCanna, lena n-áirítear aon mhaolú a d’fhéadfadh IFSCA a dhéanamh ar aon cheanglas a leagtar amach i Rialacháin MII. Ba cheart an t-athbhreithniú tráthrialta sin a bheith gan dochar do chumhacht an Choimisiúin athbhreithniú sonrach a dhéanamh tráth ar bith, i gcás ina bhfágfaidh forbairtí ábhartha gur gá don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an gcoibhéis a dheonaítear leis an gCinneadh seo. Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise na dtorthaí a thiocfaidh as athbhreithniú tráthrialta nó sonrach, cinneadh a dhéanamh an Cinneadh seo a leasú nó a aisghairm tráth ar bith, go háirithe i gcás ina ndéanfaidh forbairtí difear do na coinníollacha arb iad is bonn do ghlacadh an Chinnidh seo.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2269 a leasú dá réir sin.

(20)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí srathú agus aitheantas CPLanna atá bunaithe sna IFSCanna gan mhoill, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(21)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim ón gCoiste Eorpach um Urrúis,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2269, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Chun críocha Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na hIndia, arb é atá iontu an tAcht um Rialacháin um Chonarthaí Urrús, 1956, an tAcht fán Údarás um Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta, 2019, agus na Rialacháin um Institiúidí Bonneagair Mhargaidh, 2021, agus is infheidhme maidir le CPLanna a bhunaítear sna Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta, measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2269 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 maidir le coibhéis an chreata rialála i ndáil le contrapháirtithe lárnacha san India i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 342, 16.12.2016, lch. 38).

(3)  Gazette of India, Uimh. 179], 16.4.2021, lch. 1, 2310 GI/2021.

(4)  Gazette of India, Uimh. 74], 20.12.2019, lch. 1.

(5)  Gazette of India, Extraordinary, 1957, Cuid II, Roinn 3, lch. 549.

(6)  An Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta/Coiste Teicniúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús, Prionsabail le haghaidh bhonneagair an mhargaidh airgeadais, mí Aibreáin 2012, Páipéir CPMI Uimh. 101 Prionsabail le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais (bis.org).