11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/34


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/726 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/953 creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil le haghaidh COVID-19 agus téarnamh ó COVID-19 (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo chun feidhmiú cheart na sealbhóirí chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus baill dá dteaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise do shaoránaigh den Aontas agus baill dá dteaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 24 Samhain 2021, chuir Poblacht na hIndinéise faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú faoin gcóras dar teideal ‘DIVOC’. Chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC”.

(4)

Chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(5)

An 12 Aibreán 2022, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht na hIndinéise, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC”.

(6)

Ina theannta sin, chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Spikevax, CoronaVac, Vaxzevria agus BBIBP-CorV.

(7)

Chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas freisin nach n-eisíonn sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh ná le mearthástálacha antaiginí.

(8)

Thairis sin, chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas nach n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh.

(9)

Ina theannta sin, chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí san Indinéis, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(10)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht na hIndinéise a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó é a aisghairm, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(14)

Chun Poblacht na hIndinéise a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go mbeidh na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar Poblacht na hIndinéise a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).