25.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 122/33 |
CINNEADH (AE) 2022/675 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Aibreán 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 57ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród i ndáil le leasuithe áirithe ar Aguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1) a d’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (“COTIF”) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999. |
(2) |
De réir Airteagal 6 de COTIF, tá trácht iarnróid idirnáisiúnta agus cead d’ábhar iarnróid sa trácht idirnáisiúnta le rialú le rialacha a liostaítear san Airteagal sin, go háirithe an “Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID)”, is é sin Aguisín C a ghabhann le COTIF. |
(3) |
Le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos riachtanais le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród agus ar uiscebhealaí intíre laistigh de na Ballstáit nó eatarthu, trí thagairt a dhéanamh do RID. |
(4) |
De bhun Airteagal 13, mír 1, litir d), agus Airteagal 33, mír 5, de COTIF, is léidir leis an gCoiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (“Coiste Saineolaithe RID”) de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (“OTIF”) leasuithe a ghlacadh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le RID. |
(5) |
Le linn an 57ú seisiún de Choiste Saineolaithe RID an 24 Bealtaine 2022, tá sé chun leasuithe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a ghabhann le RID a chur in oiriúint d’aon dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. |
(6) |
Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID a leagan síos, ós rud é go mbeidh na leasuithe ar RID ina gceangal ar an Aontas. |
(7) |
Na leasuithe atá beartaithe, is é is aidhm dóibh a áirithiú gur go sábháilte éifeachtúil a iomprófar earraí contúirteacha, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san earnáil, chomh maith le forbairt substaintí agus earraí nua a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol le linn a n-iompartha, á gcur san áireamh. |
(8) |
Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe ó thaobh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach de agus féadfar tacú leo dá bhrí sin. |
(9) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le mionathruithe ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn a chomhaontú ar an leibhéal teicniúil ag an 14ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID an 23 Bealtaine 2022, lena n-áirítear ar bhonn na moltaí ó Chruinniú Comhpháirteach de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip, de Choiste Saineolaithe RID agus den Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 57ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (“Coiste Saineolaithe RID”) de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (“OTIF”) faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999, leagfar amach é mar atá sé san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID comhaontú le mionathruithe ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
A luaithe a ghlacfar na cinntí ó Choiste Saineolaithe RID, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 11 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1).
(2) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Togra |
Doiciméad tagartha |
Saincheist |
Nótaí |
Seasamh an Aontais |
1. |
OTIF/RID/CE/GTP/2021/2 |
Cumhdófar modhanna nua imshrianta le hailíniú idir an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar, a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957 (ADR) agus RID sa tsamhail tuairisce ar thionóisc |
Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
2. |
OTIF/RID/CE/GTP/2021/3 agus OTIF/RID/CE/GTP/2021/INF.3 |
Ailíniú idir ADR agus RID de na ceanglais a bhaineann leis an bhfaisnéis a thaispeántar |
Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
3. |
OTIF/RID/CE/GTP/2021/4 |
Comhlaí sábháilteachta a fheistiú le haghaidh gáis leachtaithe inlasta |
Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
4. |
OTIF/RID/CE/GTP/2021/5 |
Téacsanna comhdhlúite a ghlac an Cruinniú Comhpháirteach in 2020 agus in 2021 agus a ghlac Buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID i mí na Samhna 2020 |
Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal OTIF chun an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
5. |
OTIF/RID/CE/GTP/2021/6 |
Ailíniú idir ADR agus RID, i measc nithe eile maidir le dearadh, tógáil agus cigireacht tosaigh agus tástáil a dhéanamh ar bhrúghabhdáin nach brúghabhdáin de chuid na Náisiún Aontaithe iad a dhéantar a dhearadh, a thógtar agus ar a ndéantar tástáil i gcomhréir leis na caighdeáin dá dtagraítear |
Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
6. |
OTIF/RID/CE/GTP/2021/INF.4 |
Beart idirthréimhseach i ndáil le 6.8.2.4.6 (nósanna imeachta a úsáideann an t-údarás inniúil le haghaidh formheas saineolaithe, cigireachtaí a dhéanamh a bhaineann le vaigíní umair agus le haghaidh aitheantas frithpháirteach na gcigireachtaí sin) |
Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
7. |
OTIF/RID/CE/GTP/2021/INF.11 |
Tograí maidir leis an mbealach Caibidil 6.8 RID a choigeartú chun umar-choimeádáin rímhóra a mheas |
Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
Tá gach doiciméad thuas le fáil ar shuíomh gréasáin OTIF (http://otif.org/en/?page_id=1119) agus tuigfear gurb é a bheidh iontu na leasuithe a pléadh i mbuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID i mí na Samhna 2021 agus léirítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le doiciméad OTIF/RID/CE/GTP/2021-A (Tuarascáil Chríochnaitheach an 13ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID — An Ghinéiv/hibrideach, an 15 Samhain go dtí an 18 Samhain 2021), atá le fáil freisin ar shuíomh gréasáin OTIF (http://otif.org/en/?page_id=254).