12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/179


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/601 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2022

maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach “Better Biomass” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 30(4) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2018/2001, bunaítear ceanglais le haghaidh breoslaí áirithe, eadhon bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, chun a áirithiú nach féidir iad a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar amach sa Treoir ach amháin más rud é gur táirgeadh go hinbhuanaithe iad agus go sábháiltear leo líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le breoslaí iontaise. Ar an gcéad dul síos, le hAirteagal 29 den Treoir leagtar síos critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise, agus le hAirteagal 26 den Treoir agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 ón gCoimisiún (2), bunaítear na critéir chun a chinneadh cé na bunábhair le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid, ar thaobh, agus cé na bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise a chomhlíonann critéir áirithe ar féidir a dheimhniú ina leith go ngabhann riosca íseal leo maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid, ar an taobh eile. Ar an dara dul síos, le hAirteagal 25(2) den Treoir leagtar síos critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair. Ar an tríú dul síos, le hAirteagal 28(2) den Treoir, ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a iontráil i mbunachar sonraí de chuid an Aontais maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir le hairíonna inbhuanaitheachta breoslaí in-athnuaite (bithbhreoslaí, bithghás agus breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch) agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair.

(2)

Déantar foráil sa Treoir freisin maidir le rialacha i ndáil leis an gcaoi a ríomhtar rannchuidiú an leictreachais in-athnuaite leis na spriocanna iompair. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 27(3) den Treoir rialacha chun sin a ríomh, nuair a úsáidtear an leictreachas go díreach chun feithiclí leictreacha a chumhachtú agus nuair a úsáidtear é chun breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíocha a tháirgeadh, ar breoslaí iad a úsáidtear in earnáil an iompair.

(3)

Chun a sheiceáil go gcomhlíontar na rialacha maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna deonacha a úsáid. Bhí ról tábhachtach ag scéimeanna deonacha i dtaca le fianaise a sholáthar i leith chomhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí agus bithleachtanna faoi Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Faoi Threoir (AE) 2018/2001, leathnaíodh ról na scéimeanna deonacha. Ar an gcéad dul síos, is féidir iad a úsáid anois chun a dheimhniú go gcomhlíonann na breoslaí uile a tháirgtear ó bhithmhais, lena n-áirítear breoslaí gásacha agus soladacha, na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001, agus is féidir sonraí cruinne a sholáthar leo maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis na breoslaí sin. Ar an dara dul síos, is féidir iad a úsáid chun a dheimhniú go gcomhlíonann breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a gcritéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ar an tríú dul síos, is féidir iad a úsáid chun comhlíonadh na rialacha a chruthú, ar rialacha iad a bhunaítear le hAirteagal 27(3) de Threoir (AE) 2018/2001 chun leictreachas in-athnuaite in earnáil an iompair a ríomh. Ar an gceathrú dul síos, is féidir iad a úsáid chun a chruthú go n-iontrálann oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chruinn sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais nó sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001. Ar an gcúigiú dul síos, is féidir iad a úsáid chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dheimhniú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir na scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta a úsáid chun na gcríoch sin ar fad nó cuid díobh.

(4)

I gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch cruthúnas nó sonraí i dtaca le comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar cruthúnas nó sonraí iad a fhaightear i gcomhréir le scéim dheonach atá aitheanta ag an gCoimisiún, a mhéid a chumhdaítear leis an gcinneadh aitheantais, níor cheart do Bhallstát a cheangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar.

(5)

An 19 Nollaig 2020 a cuireadh an iarraidh ar aitheantas faoi Airteagal 30(4) den Treoir i leith na scéime deonaí “Better Biomass” [Bithmhais atá níos fearr] faoi bhráid an Choimisiúin ar dtús. De thoradh na hiarrata sin, rinne an Coimisiún measúnú ar an scéim, measúnú inar sainaithníodh roinnt saincheisteanna a raibh modhnú ag teastáil ina leith. San athiarraidh an 2 Iúil 2021, tugadh aghaidh mar ba cheart ar na saincheisteanna sin leis an scéim. Cumhdaítear leis an scéim na bunábhair uile, lena n-áirítear dramhaíl, iarmhair agus an líne chúraim ar fad.

(6)

Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an scéim dheonach “Better Biomass”, chinn sé go gcumhdaítear léi go leormhaith na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (5) agus san am céanna go soláthraítear léi sonraí cruinne faoi laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críoch Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 agus go gcuirtear modheolaíocht maidir le cothromaíocht mhaise i bhfeidhm léi i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001. Ní chuirtear san áireamh leis an measúnú sin an gníomh cur chun feidhme atá le teacht agus atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 30(8) de Threoir (AE) 2018/2001, ar gníomh é a bhaineann le rialacha lena bhfíoraítear critéir maidir le hinbhuanaitheacht, maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir i ndáil le riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid agus ní chuirtear san áireamh leis ach oiread na gníomhartha tarmligthe atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001. Dá bhrí sin, déanfar athmheasúnú ar an scéim dheonach “Better Biomass”, nuair a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe sin.

(7)

Sa mheasúnú ar an scéim dheonach “Better Biomass”, fuarthas amach go gcomhlíonann sí caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta agus iniúchóireachta neamhspleáiche agus chomh maith leis sin na ceanglais mhodheolaíocha a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

(8)

Ba cheart an scéim aitheanta a chur ar fáil sa roinn atá dírithe ar scéimeanna deonacha ar shuíomh gréasáin Europa an Choimisiúin.

(9)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis an scéim dheonach “Better Biomass” (“an scéim”), ar cuireadh iarraidh ar aitheantas ina leith faoi bhráid an Choimisiúin an 2 Iúil 2021, léirítear, i gcás na mbreoslaí a ndéantar iniúchadh orthu faoin scéim, na heilimintí seo a leanas:

(a)

comhlíontacht na gcoinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (5) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)

comhlíontacht na n-oibreoirí eacnamaíocha leis an oibleagáid faisnéis chruinn a iontráil sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais nó sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001.

Soláthraítear leis an scéim chomh maith sonraí cruinne faoi laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críoch Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 sa mhéid go n-áirithítear léi go n-aistrítear an fhaisnéis ábhartha ar fad ó oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal réamhtheachtach den líne chúraim chuig oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal iartheachtach den líne chúraim.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh bailí go ceann tréimhse 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. I gcás ina ndéanfar athrú ar ábhar na scéime, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í san iarraidh ar aitheantas an 2 Iúil 2021, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhunús an Chinnidh seo, cuirfear na hathruithe sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra d’fhonn a shuí cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leormhaith fós leis an scéim na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a bhfuil sí aitheanta ina leith.

Airteagal 3

Féadfaidh an Coimisiún an Cinneadh seo a aisghairm, inter alia, sna cúinsí seo a leanas:

(a)

má léirítear go soiléir nach bhfuil eilimintí curtha chun feidhme leis an scéim, arb eilimintí iad a mheastar a bheith tábhachtach don Chinneadh seo nó má dhéantar sárú tromchúiseach agus struchtúrach ar na heilimintí sin;

(b)

mura gcuireann an scéim tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c)

mura gcuirtear chun feidhme leis an scéim na caighdeáin iniúchóireachta neamhspleáiche agus ceanglais eile a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 30(8) de Threoir (AE) 2018/2001 nó mura gcuirtear chun feidhme léi feabhsuithe ar eilimintí eile den scéim a mheastar a bheith tábhachtach maidir le haitheantas leanúnach.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(2)  IO L 133, 21.5.2019, lch. 1.

(3)  IO L 140, 5.6.2009, lch. 16.